This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0073
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/73 of 26 January 2021 amending Implementing Regulation (EU) No 808/2014 laying down rules for the application of Regulation (EU) No 1305/2013 of the European Parliament and of the Council on support for rural development by the European Agricultural Fund for Rural Development (EAFRD)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/73 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/73 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)
C/2021/290
IO L 27, 27.1.2021, p. 9–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2022; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32022R2531
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32014R0808 | Aisghairm | airteagal 4 mír 1 pointe (e) | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Cur le | iarscríbhinn I cuid 1 pointe 10 pointe (e) | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Cur le | iarscríbhinn I cuid 1 pointe 11 pointe (d) | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Athchur | iarscríbhinn I cuid 1 pointe 10 pointe (c) pointe (v) | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Athchur | iarscríbhinn I cuid 1 pointe 10 teideal | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Athchur | iarscríbhinn I cuid 1 pointe 11 pointe (a) | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Athchur | iarscríbhinn I cuid 1 pointe 7 pointe (b) pointe (i) | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Athchur | iarscríbhinn I cuid 1 pointe 8 mír 2 pointe (c) | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Athchur | iarscríbhinn I cuid 2 pointe 4 | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Athchur | iarscríbhinn I cuid 2 pointe 5 mír 2 pointe (c) | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Athchur | iarscríbhinn I cuid 3 pointe 5 | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Athchur | iarscríbhinn VII pointe 1 pointe (b) mír neamhuimhrithe 1 | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Athchur | iarscríbhinn VII pointe 1 pointe (b) mír neamhuimhrithe 2 fleasc 1 | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Athchur | airteagal 4 mír 2 mír neamhuimhrithe 1 | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Athchur | airteagal 4 mír 2 mír neamhuimhrithe 2 | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Athchur | airteagal 4 mír 2 mír neamhuimhrithe 3 pointe (b) | 28/01/2021 | |
Modifies | 32014R0808 | Athchur | airteagal 4 mír 3 | 28/01/2021 |
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Implicitly repealed by | 32022R2531 | 01/01/2023 |
27.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 27/9 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/73 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Eanáir 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 8(3), Airteagal 12, agus Airteagal 75(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Le Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus cuireadh síneadh leis an tréimhse a mhaireann na cláir forbartha tuaithe a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (“CETFT”) go dtí an 31 Nollaig 2022, agus tugadh deis do na Ballstáit a gcláir shínte a mhaoiniú ón leithdháileadh comhfhreagrach buiséid le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022. Thairis sin, le Rialachán (AE) 2020/2220 rinneadh na hacmhainní breise ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (4) (“EURI”) a chur ar fáil sna cláir shínte sna blianta 2021 agus 2022 chun bearta a mhaoiniú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus é mar chuspóir dóibh aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 agus na hiarmhairtí atá aici sin ar earnáil talmhaíochta agus limistéir thuaithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha faoi seach maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a leasú. |
(2) |
Leagtar síos le hAirteagal 4(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 an líon uasta leasuithe ar chláir forbartha tuaithe a fhéadfaidh na Ballstáit a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Chun cur leis an tsolúbthacht atá ag na Ballstáit a leithdháileadh buiséid le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022 a úsáid sna cláir shínte agus chun na hacmhainní breise ó EURI a chomhtháthú, ba cheart an líon uasta leasuithe dá dtagraítear san Airteagal sin a mhéadú agus na sprioc-amanna le haghaidh chur isteach na n-iarrataí ar leasuithe cláir deiridh a chur siar. Thairis sin, is gá a shoiléiriú nár cheart feidhm a bheith ag an líon uasta leasuithe maidir le hiarrataí ar chláir forbartha tuaithe a leasú i gcás ina bhfuil gá le leasuithe tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/2220 chun síneadh a chur le fad na gclár forbartha tuaithe agus chun na hacmhainní breise ó EURI a chomhtháthú. |
(3) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2020/2220 go ndéanfar spriocanna arna mbunú i gcomhthéacs an chreata feidhmíochta a shocrú don bhliain 2025, i gcás na gclár forbartha tuaithe arna síneadh. Dá bhrí sin, is gá a shonrú go dtagraíonn spriocanna táscairí an chreata feidhmíochta don mhéid atá sé beartaithe a bhaint amach faoin 31 Nollaig 2025. Thairis sin, le Rialachán (AE) 2020/2220 eisiatar an creat feidhmíochta a chur i bhfeidhm maidir leis na hacmhainní breise ó EURI. Dá bhrí sin, ba cheart na haschuir a mhaoinítear leis na hacmhainní breise ó EURI a eisiamh ó spriocanna an chreata feidhmíochta. |
(4) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2020/2220 go ndéanfar na hacmhainní breise ó EURI a chlárú agus go ndéanfar faireachán orthu ar leithligh ó thacaíocht an Aontais d’fhorbairt tuaithe, agus na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 á gcur i bhfeidhm i bprionsabal an tráth céanna. Dá bhrí sin, beidh gá le sonraíochtaí ar leithligh sna tuairiscí ar bhearta ábhartha sna cláir forbartha tuaithe agus sna cláir creata náisiúnta i gcás ina dtacaítear le hoibríochtaí leis na hacmhainní breise ó EURI. Ba cheart na hacmhainní breise ó EURI a léiriú ar leithligh i bpleananna maoinithe na gclár forbartha tuaithe, na gcreataí náisiúnta agus na ngréasán náisiúnta tuaithe. |
(5) |
Thairis sin, sa phlean táscaire le haghaidh na mbeart roghnaithe, ba cheart fo-iomlán na n-aschur beartaithe agus an caiteachas poiblí iomlán beartaithe a mhaoinítear leis na hacmhainní breise ó EURI a léiriú ar leithligh. Sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, ba cheart an chuid de na gealltanais a mhaoinítear leis na hacmhainní breise ó EURI a léiriú sa tuairisciú ar chaiteachas geallta de réir birt agus de réir fócais. |
(6) |
Ceanglaítear le hAirteagal 8(h)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, le haghaidh gach birt, gach cineáil oibríochta ag a bhfuil ráta sonrach ranníocaíochta ó CETFT, le haghaidh an chineáil oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 37(1), Airteagal 38(3), Airteagal 39(1) agus Airteagal 39a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, i gcás ina gcuireann Ballstát tairseach chaillteanais íosta atá faoi bhun 30 % i bhfeidhm; agus le haghaidh cúnamh teicniúil, go mbeidh tábla sa phlean maoinithe ina léireofar ranníocaíocht bheartaithe iomlán an Aontais agus an ráta ranníocaíochta is infheidhme ó CETFT. Ós rud é go bhfuil feidhm ag na rialacha céanna maidir leis an ranníocaíocht ó na hacmhainní breise ó EURI, ba cheart an ranníocaíocht bheartaithe ó EURI agus an ráta ranníocaíochta ó EURI a léiriú sa phlean maoinithe, más infheidhme, i gcás gach birt den sórt sin le haghaidh gach cineáil oibríochta. |
(7) |
Le Rialachán (AE) 2020/2220 leasaíodh Airteagail 38 agus 39 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 maidir leis an tairseach chaillteanais íosta is féidir leis na Ballstáit a shainiú ina gcláir forbartha tuaithe ar féidir feirmeoirí a chúiteamh ar a mbonn as caillteanais faoi na cistí frithpháirteacha le haghaidh teagmhais dhíobhálacha aeráide, galair ainmhithe agus plandaí, inmhíoluithe le lotnaidí agus teagmhais chomhshaoil agus an uirlis cobhsaithe ioncaim le haghaidh feirmeoirí i ngach earnáil. Dá thoradh sin agus chun críocha thuairisciú EDT, an caiteachas le haghaidh na n-uirlisí bainistithe riosca go léir a rialaítear le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, agus i gcás ina bhfuil an tairseach chaillteanais íosta faoi bhun 30 %, is gá an caiteachas sin a phleanáil agus a thuairisciú ar leithligh. Is gá na ceanglais nua seo maidir le clárú agus pleanáil a shonrú go hiomchuí sa phlean táscaire. |
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme(AE) Uimh. 808/2014 a leasú dá réir sin. |
(9) |
I bhfianaise na práinne a bhaineann le géarchéim COVID-19, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Forbartha Tuaithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Eanáir 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 227, 31.7.2014, lch. 18).
(3) Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 808/2014 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Cuid 1 mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Cuid 2 mar a leanas:
|
(3) |
I gCuid 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear pointe (b) de phointe (1) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 808/2014 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: “Faisnéis maidir le cur chun feidhme an chláir forbartha tuaithe, arna thomhas de réir táscairí coiteanna agus sonracha, lena n-áirítear an dul chun cinn a rinneadh i dtaca leis na spriocanna a leagtar amach do gach sainréimse agus maidir leis an aschur iarbhír i gcomparáid leis an aschur a bhí beartaithe agus leagtha síos sa phlean táscaire. Ag tosú leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme atá le tíolacadh in 2017, an méid a baineadh amach maidir leis na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sa chreat feidhmíochta (Tábla F). Déanfar faisnéis bhreise maidir le céim chur chun feidhme an chláir forbartha tuaithe a thabhairt trí bhíthin sonraí ar ghealltanais airgeadais de réir an bhirt agus an tsainréimse, agus an dul chun cinn gaolmhar a shíltear a bheidh ann maidir leis na spriocanna a bhaint amach”; |
(2) |
sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:
|