EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1796

Cinneadh (AE) 2021/1796 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choimisiún arna bhunú leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh, a mhéid a bhaineann le cinnidh maidir leis an Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Thulán Grinnil Evlanov (NACES MPA) a bhunú agus le molta maidir le NACES MPA a bhainistiú

ST/11270/2021/REV/1

IO L 361, 12.10.2021, p. 46–47 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1796/oj

12.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 361/46


CINNEADH (AE) 2021/1796 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meán Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choimisiún arna bhunú leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh, a mhéid a bhaineann le cinnidh maidir leis an Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Thulán Grinnil Evlanov (NACES MPA) a bhunú agus le molta maidir le NACES MPA a bhainistiú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (1) (“an Coinbhinsiún”), a bhfuil an tAontas ina Pháirtí Conarthach ann, i bhfeidhm an 25 Márta 1998.

(2)

De bhun Airteagal 10(3) den Choinbhinsiún, is féidir leis an gCoimisiún, a bunaíodh le hAirteagal 10(1) den Choinbhinsiún (“Coimisiún OSPAR”), cinntí agus moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Choinbhinsiún.

(3)

Le linn an 24ú cruinniú a bheidh aige an 1 Deireadh Fómhair 2021, glacfaidh Coimisiún OSPAR cinneadh maidir leis an Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Thulán Grinnil Evlanov (“NACES MPA”) a bhunú agus moladh maidir le NACES MPA a bhainistiú.

(4)

Leis an gcinneadh atá beartaithe ag Coimisiún OSPAR, bunaítear NACES MPA agus léirítear a theorainneacha.

(5)

Is é is aidhm don mholadh atá beartaithe ag Coimisiún OSPAR, páirtithe conarthacha a threorú ina gcuid gníomhaíochtaí agus i nglacadh beart, d’fhonn na cuspóirí caomhnaithe a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an moladh sin a bhaint amach.

(6)

Tá dlúthnasc ann idir an dá ghníomh atá beartaithe ag Coimisiún OSPAR agus, dá bhrí sin, is iomchuí dóibh beirt a chumhdach leis an seasamh céanna ag an Aontas.

(7)

Baineann na gníomhartha atá beartaithe le cosaint an chomhshaoil, ar inniúlacht chomhroinnte í idir an tAontas agus na Ballstáit faoi Airteagal 4(2), pointe (e), CFAE. Ní thagann na gníomhartha atá beartaithe faoi réimse a chumhdaítear den chuid is mó le rialacha an Aontais maidir leis an gcosaint sin. Níl sé de rún ag an Aontas úsáid a bhaint as an bhféidearthacht a inniúlacht sheachtrach a fheidhmiú maidir le réimsí a chumhdaítear leis na gníomhartha sin nár feidhmíodh a inniúlacht go hinmheánach ina leith go fóill.

(8)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choimisiún OSPAR a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh atá le glacadh ag Coimisiún OSPAR ina cheangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 24ú cruinniú de Choimisiún OSPAR, tacú le cinneadh a ghlacadh maidir le bunú an Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Thulán Grinnil Evlanov, agus le moladh a ghlacadh maidir le bainistiú NACES MPA.

Airteagal 2

I bhfianaise forbairtí ag an 24ú cruinniú de Choimisiún OSPAR, féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair, comhaontú le mionchoigeartú ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, gan aon chinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. KUSTEC


(1)  IO L 104, 3.4.1998, lch. 2.


Top