Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0972

Cinneadh (AE) 2021/972 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an iarraidh ón Aontas Eorpach go gcuirfear síneadh ama le tarscaoileadh EDT lena gceadaítear fabhair uathrialacha trádála do na Balcáin Thiar

ST/8781/2021/INIT

IO L 214, 17.6.2021, p. 66–67 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/972/oj

17.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 214/66


CINNEADH (AE) 2021/972 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meitheamh 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an iarraidh ón Aontas Eorpach go gcuirfear síneadh ama le tarscaoileadh EDT lena gceadaítear fabhair uathrialacha trádála do na Balcáin Thiar

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun mhír 2 d’Airteagal II den Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (“Comhaontú EDT”), is codanna lárnacha de Chomhaontú EDT iad na comhaontuithe agus na hionstraimí dlíthiúla gaolmhara atá ar áireamh in Iarscríbhinní 1, 2 agus 3 (“Comhaontuithe Trádála Iltaobhacha”) a ghabhann leis, lena n-áirítear an Comhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 (CGTT 1994), atá ina gceangal ar gach Comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), lena n-áirítear an tAontas.

(2)

De bhun mhír 1 d’Airteagal IV de Chomhaontú EDT, féadfaidh EDT cinntí a ghlacadh maidir le gach ábhar a chumhdaítear faoi aon cheann de na Comhaontuithe Trádála Iltaobhacha.

(3)

I gcomhréir le mír 3 d’Airteagal IX de Chomhaontú EDT, féadfaidh EDT a chinneadh, faoi chúinsí eisceachtúla, oibleagáid arna forchur ar Chomhalta ag Comhaontú EDT nó ag aon cheann de na Comhaontuithe Iltaobhacha Trádála a tharscaoileadh.

(4)

Deonaíodh tarscaoileadh óna chuid oibleagáidí don Aontas faoi mhír 1 d’Airteagal I de CGTT 1994 den chéad uair an 8 Nollaig 2000 go dtí an 31 Nollaig 2006, ar cuireadh síneadh ama leis go deireanach an 7 Nollaig 2016 go dtí an 31 Nollaig 2021, a mhéid is gá chun go dtabharfaí cead don Aontas cóir fhabhrach a thabhairt do tháirgí incháilithe de thionscnamh na mBalcán Thiar (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (*), Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia).

(5)

An 16 Nollaig 2020, le Rialachán (AE) 2020/2172 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), cuireadh síneadh ama eile leis an tréimhse ina gcuirfear fabhair uathrialacha trádála i bhfeidhm do na Balcáin Thiar go dtí an 31 Nollaig 2025.

(6)

In éagmais tarscaoileadh oibleagáidí EDT, níor mhór cur i bhfeidhm fabhar uathrialach trádála an Aontais do na Balcáin Thiar go dtí an 31 Nollaig 2025 a leathnú chun gach Comhalta eile de EDT a chumhdach.

(7)

Maidir leis an iarraidh chun tarscaoileadh oibleagáidí EDT faoi mhír 1 d’Airteagal I agus Airteagal XIII de CGTT 1994 lena gceadaítear fabhair uathrialacha trádála do na Balcáin Thiara a leathnú, tá údar cuí léi i bhfianaise an achrainn leanúnaigh a bhaineann le staid eacnamaíoch an réigiún agus tá sé beartaithe leis an gcóir fhabhrach i ndáil le táirgí incháilithe a thugann an tAontas do na tíortha sin forbairt eacnamaíoch a chur chun cinn ar bhealach atá comhsheasmhach le cuspóirí CGTT 1994 agus gan bacainní a chruthú ar thrádáil Chomhaltaí eile EDT.

(8)

Is iomchuí an seasamh a atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Ghinearálta EDT a bhunú ós rud é go mbeidh síneadh ama an tarscaoilte EDT maidir le fabhair uathrialacha trádála arna ndeonú ag an Aontas do na Balcáin Thiar ina cheangal ar Chomhaltaí EDT,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála iarraidh a dhéanamh síneadh ama a chur le tarscaoileadh reatha EDT maidir leis na fabhair uathrialacha trádála arna ndeonú ag an Aontas do na Balcáin Thiar go dtí an 31 Nollaig 2026 agus tacú le glacadh na hiarrata sin.

Cuirfidh an Coimisiún an seasamh sin in iúl.

Airteagal 2

Tiocfiadh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 14 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. MENDES GODINHO


(*)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus leis an Tuairim ó CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(1)  Rialachán (AE) 2020/2172 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis (IO L 432, 21.12.2020, lch. 7).


Top