EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0856

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/856 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2021 lena gcinntear an dáta a ghlacfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ar láimh a cúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh

C/2021/3763

IO L 188, 28.5.2021, p. 100–102 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 28/05/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/856/oj

28.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 188/100


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/856 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Bealtaine 2021

lena gcinntear an dáta a ghlacfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ar láimh a cúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (1), agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 120(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá OIPE chun na cúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh a tugadh dó leis an Rialachán sin a ghlacadh ar láimh ar dháta atá le cinneadh trí chinneadh ón gCoimisiún ar thogra ón bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach a luaithe a chuirfear OIPE ar bun.

(2)

An 7 Aibreán 2021, mhol an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach don Choimisiún gur cheart do OIPE a chúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh a ghlacadh ar láimh an 1 Meitheamh 2021.

(3)

Is comhlacht doroinnte de chuid an Aontais é OIPE a fheidhmíonn mar aon Oifig amháin le struchtúr díláraithe. Ar an leibhéal lárnach, tá an Coláiste, na Dlísheomraí Buana, an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach, na Leas-Phríomhionchúisitheoirí Eorpacha, na hIonchúisitheoirí Eorpacha agus an Stiúrthóir Riaracháin. Ceapadh an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach, na hIonchúisitheoirí Eorpacha, na Leas-Phríomhionchúisitheoirí Eorpacha agus Stiúrthóir Riaracháin OIPE le cinntí a glacadh, faoi seach, an 23 Deireadh Fómhair 2019 (2), an 27 Iúil 2020 (3), an 11 Samhain 2020 (4), agus an 20 Eanáir 2021 (5). Bunaíodh an Coláiste an 28 Meán Fómhair 2020. I gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, ghlac an Coláiste rialacha nós imeachta inmheánacha OIPE an 12 Deireadh Fómhair 2020. De bhun na chéad fomhíre d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, ghlac an Coláiste na rialacha maidir leis na Dlísheomraí Buana an 25 Samhain 2020. Mar a shainmhínítear in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá foireann OIPE i bhfeidhm.

(4)

Ar leibhéal díláraithe OIPE, tá na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha ann, atá suite sna Ballstáit a ghlacann páirt sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE (“Ballstáit”). De bhun Airteagal 114(c) de Rialachán (AE) 2017/1939, ghlac an Coláiste na rialacha maidir le coinníollacha fostaíochta na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha an 29 Meán Fómhair 2020. Ba cheart beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha ar a laghad a cheapadh le haghaidh gach Ballstáit roimh an 1 Meitheamh 2021. An dáta a glacadh an Cinneadh seo, bhí beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit ceaptha ag OIPE, seachas an Fhionlainn agus an tSlóivéin (6). Tá an tréimhse réasúnach ama atá ag na Ballstáit chun a n-iarrthóirí a ainmniú don phost mar Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach dulta in éag cheana. Níor cheart don staid seo cosc a chur ar thús éifeachtach oibríochtaí OIPE, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh Ionchúisitheoir Eorpach na mBallstát lena mbaineann an t-imscrúdú a dhéanamh go pearsanta sna Ballstáit sin, agus cumhachtaí, freagrachtaí agus oibleagáidí uile an Ionchúisitheora Tharmligthe Eorpaigh aige, i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Rialachán (AE) 2017/1939.

(5)

Deonaíodh buiséad uathrialach do OIPE i gcomhréir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (7) lena ráthaítear a huathriail agus a neamhspleáchas iomlán.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, bunaítear córas bainistithe cásanna OIPE agus feidhmíonn sé ar leibhéal lárnach agus ar leibhéal díláraithe. San Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, a tugadh isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2153 ón gCoimisiún (8), liostaítear catagóirí na sonraí pearsanta oibríochtúla agus na catagóirí de dhaoine is ábhar do na sonraí a bhféadfar a sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil in innéacs na gcáschomhad ag OIPE.

(7)

An 21 Deireadh Fómhair 2020, i gcomhréir le hAirteagal 78(5) de Rialachán (AE) 2017/1939, ghlac an Coláiste na rialacha maidir le hOifigeach Cosanta Sonraí OIPE. An 28 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Coláiste na rialacha maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag OIPE. An 21 Deireadh Fómhair 2020, i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ghlac an Coláiste na rialacha inmheánacha a bhaineann le srianta ar chearta ábhar sonraí áirithe i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta riaracháin faoi chuimsiú gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag OIPE.

(8)

An 13 Eanáir 2021, i gcomhréir le hAirteagal 95 de Rialachán (AE) 2017/1939, ghlac an Coláiste na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le OIPE.

(9)

An 27 Samhain 2020, i gcomhréir le hAirteagal 106(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, thug OIPE agus Ard-Diúcacht Lucsamburg Comhaontú Ceanncheathrún i gcrích. Cuireadh áitreabh na hOifige Larnaí i Lucsamburg ar fáil do OIPE.

(10)

An 30 Meán Fómhair 2020, i gcomhréir le hAirteagal 107(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, ghlac an Coláiste socruithe inmheánacha teanga OIPE.

(11)

An 21 Deireadh Fómhair 2020, i gcomhréir le hAirteagal 109(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, ghlac an Coláiste na rialacha maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid OIPE.

(12)

Thug na Ballstáit uile fógra don Choimisiún faoi ghlacadh na mbeart chun Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a thrasuí sa dlí náisiúnta agus chuir siad bearta iomchuí eile i bhfeidhm go ginearálta chun a áirithiú gur féidir le OIPE tús a chur lena chuid oibre oibríochtúla.

(13)

Le comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, bunaítear OIPE agus tá sé réidh lena chúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh a ghlacadh ar láimh. Dá bhrí sin, ní mór an dáta a ghlacfaidh OIPE na cúraimí sin ar láimh a chinneadh.

(14)

I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, níor cheart an dáta sin a bheith níos luaithe ná 3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin. Ós rud é gur tháinig Rialachán (AE) 2017/1939 i bhfeidhm an 20 Samhain 2017, níor cheart an dáta sin a bheith níos luaithe ná 20 Samhain 2020.

(15)

I gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, feidhmeoidh OIPE a inniúlacht maidir le haon chion a thagann faoina inniúlacht a rinneadh tar éis 20 Samhain 2017, nó, i gcás na mBallstát a tháinig isteach sa chomhar feabhsaithe de bhua cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 331(1) CFAE, an dáta atá léirithe sa chinneadh lena mbaineann.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an 1 Meitheamh 2021 a ghlacfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ar láimh na cúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh a tugadh di le Rialachán (AE) 2017/1939.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.

(2)  IO L 274, 28.10.2019, lch. 1.

(3)  IO L 244, 29.7.2020, lch. 18.

(4)  Cinntí 010/2020 agus 011/2020 ó Choláiste Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an 11 Samhain 2020.

(5)  Cinneadh 003/2021 ó Choláiste Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an 20 Eanáir 2021.

(6)  Cinntí ó Choláiste Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh: 19/2020 an 25 Samhain 2020 (ceapachán deichniúr Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine); 020/2020 an 25 Samhain 2020 (ceapachán ceathrar Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Slóvaice); 021/2020 an 2 Nollaig 2020 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na hEastóine); 22/2020 an 2 Nollaig 2020 (ceapachán aon Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach amháin i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine); 024/2020 an 9 Nollaig 2020 (ceapachán Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach i bPoblacht na Slóvaice); 007/2021 an 3 Feabhra 2021 (ceapachán triúr Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Liotuáine); 008/2021 an 5 Feabhra 2021 (ceapachán triúr Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Seice); 009/2021 an 10 Feabhra 2021 (ceapachán seisear Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha sa Rómáin); 010/2021 an 10 Feabhra 2021 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i Ríocht na hÍsiltíre); 016/2021 an 17 Márta 2021 (ceapachán aon Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach amháin i Ríocht na Beilge); 022/2021 an 7 Aibreán 2021 (ceapachán triúr Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Bulgáire); 024/2021 an 7 Aibreán 2021 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Cróite); 025/2021 an 7 Aibreán 2021 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Seice); 026/2021 an 21 Aibreán 2021 (ceapachán ceathrar Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Fraince); 027/2021 an 21 Aibreán 2021 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Laitvia); 031/2021 an 28 Aibreán 2021 (ceapachán seachtar Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i Ríocht na Spáinne); 032/2021 an 28 Aibreán 2021 (ceapachán aon Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach amháin i bPoblacht Mhálta); 034/2021 an 3 Bealtaine 2021 (ceapachán cúig cinn déag d’Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na hIodáile); 035/2021 an 3 Bealtaine 2021 (ceapachán ceathrar Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Portaingéile); 037/2021 an 6 Bealtaine 2021 (ceapachán aon Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach amháin i bPoblacht na Bulgáire); 041/2021 an 12 Bealtaine 2021 (ceapachán aon Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach amháin i bPoblacht Mhálta); 045/2021 an 17 Bealtaine 2021 (ceapachán aon Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach amháin i Ríocht na Beilge); 046/2021 an 17 Bealtaine 2021 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na hOstaire); 047/2021 an 17 Bealtaine 2021 (ceapachán cúigear Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha sa Phoblacht Heilléanach); 048/2021 an 19 Bealtaine 2021 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Cipire); 059/2021 an 19 Bealtaine 2021 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha in Ard-Diúcacht Lucsamburg).

(7)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2153 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle maidir le catagóirí na sonraí pearsanta oibríochtúla agus na catagóirí daoine is ábhar do na sonraí a bhféadfar a sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil in innéacs na gcáschomhad ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO L 431, 21.12.2020, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(10)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).


Top