This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0286
Council Decision (EU) 2020/286 of 27 February 2020 on the position to be taken on behalf of the European Union in the sixty-third session of the Commission on Narcotic Drugs on the addition of one substance to the list of substances in Table I of the United Nations Convention against Illicit Traffic in Narcotic Drugs and Psychotropic Substances
Cinneadh (AE) 2020/286 ón Gcomhairle an 27 Feabhra 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 63ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha maidir le substaint amháin a chur le liosta na substaintí i dTábla I de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha
Cinneadh (AE) 2020/286 ón Gcomhairle an 27 Feabhra 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 63ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha maidir le substaint amháin a chur le liosta na substaintí i dTábla I de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha
ST/5661/2020/INIT
IO L 62, 2.3.2020, p. 24–25
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
2.3.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 62/24 |
CINNEADH (AE) 2020/286 ÓN GCOMHAIRLE
an 27 Feabhra 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 63ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha maidir le substaint amháin a chur le liosta na substaintí i dTábla I de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tháinig Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha in 1988 (“an Coinbhinsiún”), i bhfeidhm an 11 Samhain 1990 agus thugadh an tAontas i gcrích é le Cinneadh 90/611/CEE ón gComhairle (1). |
(2) |
De bhun Airteagal 12(2) go (7) den Choinbhinsiún, féadfar substaintí a chur le Táblaí an Choinbhinsiúin ina liostaítear réamhtheachtaithe drugaí. |
(3) |
Le linn an 63ú seisiún a bheidh ar siúl ón 2 go dtí an 6 Márta 2020 i Vín, tá an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha chun cinneadh a dhéanamh maidir le substaint nua amháin a chur le Tábla I an Choinbhinsiúin. |
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a bhunú mar go mbeidh éifeacht dlí ag an gcinneadh ina san Aontas agus go mbeidh sé in ann tionchar cinntitheach a imirt in inneachar dhlí an Aontais, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle (2) agus Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(5) |
De réir mheasúnú an Bhoird Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach, úsáidtear an tsubstaint alfa-feiniolaicéataicéatáit meitile (MAPA) go minic i monarú aindleathach amfataimín agus meitiolamfataimín. Tá fianaise ann go mbaineann fadhbanna tromchúiseacha sláinte poiblí nó fadhbanna sóisialta le méid agus fairsinge mhonarú aindleathach na ndrugaí támhshuanacha agus na substaintí síceatrópacha sin agus, dá bhrí sin, tá údar maith le alfa-phenylacetoacetate meitile (MAPA) a chur faoi rialú idirnáisiúnta. Tá monarú neamhdhleathach amfataimín agus meitiolamfataimín ina chúis le fadhbanna suntasacha sláinte poiblí agus sóisialta san Aontas. Tá teagmhais a bhaineann le gáinneáil ar alfa-feiniolaicéataicéatáit meitile (MAPA) ag tarlú níos minice agus ar scála níos mó, agus tá amfataimín agus meitiolamfataimín á n-onnmhairiú go neamhdhleathach chuig tríú tíortha ag grúpaí coireachta eagraithe san Aontas. |
(6) |
Ba cheart do Bhallstáit an Aontas atá ina gcomhaltaí den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha seasamh an Aontais a chur in iúl, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 63ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha, cuirfear alfa-feiniolaicéataicéatáit meitile (MAPA) le Tábla I den Choinbhinsiún.
Airteagal 2
Na Ballstáit sin den Aontas atá ina gcomhaltaí den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha, cuirfidh siad in iúl an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Feabhra 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. HORVAT
(1) Cinneadh 90/611/CEE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1990 maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha a thabhairt i gcrích thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 326, 24.11.1990, lch. 56).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an tAontas agus tríú tíortha (IO L 22, 26.1.2005 lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO L 47, 18.2.2004 lch. 1).