This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32012R1216
Regulation (EU) No 1216/2012 of the European Parliament and of the Council of 12 December 2012 introducing, on the occasion of the accession of Croatia to the European Union, special temporary measures for the recruitment of Union officials and temporary staff
Rialachán (AE) Uimh. 1216/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 lena dtugtar isteach, toisc aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach, bearta speisialta sealadacha maidir le hoifigigh agus le foireann shealadach de chuid an Aontais a earcú
Rialachán (AE) Uimh. 1216/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 lena dtugtar isteach, toisc aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach, bearta speisialta sealadacha maidir le hoifigigh agus le foireann shealadach de chuid an Aontais a earcú
IO L 351, 20.12.2012, p. 33–33
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV) Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta
(HR)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Derogation | 31968R0259 | Maolú | airteagal 7.1 | 21/12/2012 | |
Derogation | 31968R0259 | Maolú | airteagal 27 | 21/12/2012 | |
Derogation | 31968R0259 | Maolú | airteagal 4 L3 | 21/12/2012 | |
Derogation | 31968R0259 | Maolú | airteagal 29 .1 pointe A) | 21/12/2012 | |
Derogation | 31968R0259 | Maolú | airteagal 29 .1 pointe B) | 21/12/2012 | |
Derogation | 31968R0259 | Maolú | airteagal 4 L2 | 21/12/2012 |
20.12.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/33 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1216/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Nollaig 2012
lena dtugtar isteach, toisc aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach, bearta speisialta sealadacha maidir le hoifigigh agus le foireann shealadach de chuid an Aontais a earcú
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 336 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, a tíolacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais (1),
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Toisc aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach an 1 Iúil 2013, ba cheart bearta speisialta sealadacha a ghlacadh de mhaolú ar Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) agus ar Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, atá leagtha síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (4). |
(2) |
I ngeall ar mhéid na Cróite agus ar an líon daoine a d’fhéadfadh a bheith i gceist, ba cheart go bhfanfadh na bearta speisialta sealadacha sin i bhfeidhm go ceann tréimhse fada a dóthain. Dealraíonn sé gurb é an 30 Meitheamh 2018 an dáta is oiriúnaí ina leith sin. |
(3) |
De bhrí gur gá tús a chur leis an earcaíocht atá beartaithe a luaithe agus is féidir tar éis an aontachais, ba cheart an Rialachán seo a ghlacadh roimh dháta iarbhír an aontachais sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Oifigigh a earcú
1. D’ainneoin an dara mír agus an tríú mír d’Airteagal 4, Airteagal 7(1), Airteagal 27 agus pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 29(1) de na Rialacháin Foirne, féadfar a fhoráil, amhail ó dháta iarbhír aontachas na Cróite agus go dtí an 30 Meitheamh 2018, go líonfar poist fholmha trí náisiúnaigh Chrótacha a ainmniú ina n-oifigigh, laistigh den teorainn ar an líon post atá beartaithe, agus caibidlíochtaí buiséadacha á gcur san áireamh.
2. Déanfar oifigigh den sórt sin a cheapadh amhail ó dháta iarbhír an aontachais agus, amach ó phoist bhainistíochta shinsearacha (Ard-Stiúrthóirí nó a gcothrom, de ghrád AD 16 nó de ghrád AD 15, agus Stiúrthóirí nó a gcothrom, de ghrád AD 15 nó de ghrád AD 14), tar éis comórtas ar bhonn cáilíochtaí nó ar bhonn trialacha, nó ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha, arna n-eagrú i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.
Airteagal 2
Foireann shealadach a earcú
1. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 1(1) den Rialachán seo maidir le náisiúnaigh Chrótacha a earcú mar fhoireann shealadach.
2. Déanfar foireann shealadach den sórt sin a fhostú amhail ó dháta iarbhír an aontachais.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2012.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. D. MAVROYIANNIS
(1) Tuairim a tugadh an 12 Samhain 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) IO C 364, 23.11.2012, lch. 1.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 12 Nollaig 2012.
(4) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.