Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D2549

    Cinneadh Uimh. 2/2022 ón gComhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile an 21 Nollaig 2022 a mhéid a bhaineann leis an dara síneadh, arb é an síneadh deireanach é, a chur leis an tréimhse eatramhach inar féidir leis an Ríocht Aontaithe maolú ar an oibleagáid sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an Ríocht Aontaithe [2022/2549]

    PUB/2022/1635

    IO L 328, 22.12.2022, p. 153–153 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2549/oj

    22.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 328/153


    CINNEADH Uimh. 2/2022 ÓN GCOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA ARNA BHUNÚ LEIS AN GCOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN TAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE

    an 21 Nollaig 2022

    a mhéid a bhaineann leis an dara síneadh, arb é an síneadh deireanach é, a chur leis an tréimhse eatramhach inar féidir leis an Ríocht Aontaithe maolú ar an oibleagáid sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an Ríocht Aontaithe [2022/2549]

    TÁ AN CHOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA,

    Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”), agus go háirithe Airteagal 552 de,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Tá síneadh curtha de dara huair, agus den uair dheireanach, leis an idirthréimhse ar lena linn a fhéadfaidh an Ríocht Aontaithe maolú ar an oibleagáid faoi Airteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an Ríocht Aontaithe, de bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú sin agus mairfidh an síneadh sin go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain, 21 Nollaig 2022.

    Thar ceann na Comhairle Comhpháirtíochta

    Na Comhchathaoirligh

    Maroš ŠEFČOVIČ

    James CLEVERLY


    Top