This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12005SPN09
Protocol concerning the conditions and arrangements for admission of the Republic of Bulgaria and Romania to the European Union - Annex IX:Specific commitments undertaken, and requirements accepted, by Romania at the conclusion of the accession negotiations on 14 December 2004 (referred to in Article 39 of the Protocol)
Protocol concerning the conditions and arrangements for admission of the Republic of Bulgaria and Romania to the European Union - Annex IX:Specific commitments undertaken, and requirements accepted, by Romania at the conclusion of the accession negotiations on 14 December 2004 (referred to in Article 39 of the Protocol)
Protocol concerning the conditions and arrangements for admission of the Republic of Bulgaria and Romania to the European Union - Annex IX:Specific commitments undertaken, and requirements accepted, by Romania at the conclusion of the accession negotiations on 14 December 2004 (referred to in Article 39 of the Protocol)
IO L 157, 21.6.2005, p. 201
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/acc_2005/pro_1/anx_9/sign
Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0201
IARSCRÍBHINN IX Gealltanais shonracha arna nglacadh ar láimh agus ceanglais arna nglacadh ag an Rómáin ag clabhsúr na caibidlíochta aontachais an 14 Nollaig 2004 (dá dtagraítear in Airteagal 39 den Phrótacal) I. I ndáil le hAirteagal 39(2) (1) Plean gníomhaíochta Schengen, mar atá foilsithe in M.Of., p. I, nr. 129 bis/10.II.2005, mar atá arna leasú ar cothrom leis an acquis agus i gcomhréir leis na teorainneacha ama arna gcomhaontú, a chur chun feidhme gan a thuilleadh moille. (2) D'fhonn ardleibhéal faireacháin agus rialaithe a áirithiú ag teorainneacha seachtracha todhchaí an Aontais, iarrachtaí a bhrostú go suntasach i ndáil le trealamh agus bonneagar a nuachóiriú ag an teorainn ghlas, ag an teorainn ghorm agus ag pointí trasnaithe teorann, agus an cumas anailíse oibríochtúla priacail a fheabhsú tuilleadh. Ní foláir é sin a bheith léirithe i bplean infheistíochta ilbhliantúil aonair a thíolacfar tráth nach déanaí ná mí an Mhárta 2005 agus a chuirfidh ar chumas an Aontais dul chun cinn a thomhas ar bhonn bliantúil agus go dtí go ndéanfar an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Phrótacal a ghlacadh i ndáil leis an Rómáin. Ina theannta sin, ní foláir don Rómáin dlús suntasach a chur lena pleananna chun 4438 gníomhaire agus oifigeach póilíneachta teorann a earcú agus go háirithe a áirithiú go sroichfear cheana tráth an aontachais leibhéal foirne chomh gar agus is féidir do 100 % ar na teorainneacha leis an Úcráin agus leis an Moldáiv agus ar chósta na Mara Duibhe. Ní foláir don Rómáin freisin gach beart is gá a chur chun feidhme chun inimirce neamhdhlíthiúil a chomhrac go héifeachtúil, lena n‐áirítear comhar a neartú le tríú tíortha. (3) Plean Gníomhaíochta agus Straitéis le haghaidh Athchóiriú na Breithiúnachta arna dtabhairt suas chun dáta agus arna n‐iomlánú a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n‐áirítear na príomhbhearta chun an Dlí maidir le hEagrúchán na Breithiúnachta, an Dlí maidir le Stádas na Máistreoirí agus an Dlí maidir le hUaschomhairle na Máistreoireachta a tháinig i bhfeidhm an 30 Meán Fómhair 2004 a chur chun feidhme. Ní foláir an dá dhoiciméad arna dtabhairt suas chun dáta a thíolacadh don Aontas tráth nach déanaí ná mí an Mhárta 2005; ní foláir acmhainní airgeadais agus acmhainní daonna leordhóthanacha le haghaidh chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta a áirithiú agus ní foláir an Plean a chur chun feidhme gan a thuilleadh moille agus i gcomhréir leis an sceideal ama atá socraithe. Ní foláir don Rómáin freisin lánoibríochtúlacht an chórais nua le haghaidh dáileadh fánach cásanna a léiriú faoi mhí an Mhárta 2005. (4) Dlús suntasach a chur leis an gcomhrac i gcoinne éilliú agus go háirithe i gcoinne éilliú ardleibhéil trí dhianfhorghníomhú na reachtaíochta i gcoinne éilliú agus neamhspleáchas éifeachtúil Oifig Náisiúnta na nIonchúisitheoirí i gcoinne Éilliú (NAPO) a áirithiú agus trí chuntas teiste áititheach maidir le gníomhaíochtaí NAPO sa chomhrac i gcoinne éilliú ardleibhéil a thíolacadh go bliantúil amhail ó mhí na Samhna 2005. Caithfear an fhoireann agus na hacmhainní airgeadais agus oiliúna a thabhairt do NAPO, i dteannta leis an trealamh is gá chun go bhféadfaidh sí a feidhm bhunriachtanach a chomhlíonadh. (5) Iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ar na torthaí agus ar an tionchar a bhí ag an Straitéis Náisiúnta láithreach i gcoinne Éilliú; conclúidí agus moltaí na hiniúchóireachta sin a léiriú sa straitéis ilbhliantúil nua i gcoinne éilliú nach foláir di bheith ina doiciméad cuimsitheach aonair a bheidh ann tráth nach déanaí ná mí an Mhárta 2005 agus lena ngabhfaidh plean gníomhaíochta a chuimseoidh tagarmharcanna arna sainiú go soiléir a bheidh le sroicheadh agus torthaí a bheidh le gnóthú, chomh maith le forálacha buiséadacha leordhóthanacha; caithfear cur chun feidhme na Straitéise agus an Phlean Gníomhaíochta a bheith faoi mhaoirsiú comhlachta neamhspleách aonair atá ann agus atá sainithe go soiléir; ní foláir don straitéis gealltanas a chuimsiú an nós imeachta coiriúil fadálach a athbhreithniú faoi dheireadh 2005 chun a áirithiú go ndéileálfar le cásanna coiriúla ar dhóigh thapa thrédhearcach d'fhonn smachtbhannaí leordhóthanacha a áirithiú a mbeidh éifeacht bhactha acu; mar chríoch, caithfidh bearta a bheith sa Straitéis chun laghdú suntasach a dhéanamh faoi dheireadh 2005 ar an líon comhlachtaí a bhfuil cumhachtaí ag gach uile cheann acu chun éilliú a chosc nó a imscrúdú, d'fhonn freagrachtaí forluiteacha a sheachaint. (6) Creat dlíthiúil soiléir a áirithiú faoi mhí an Mhárta 2005 do chúraimí an gendarmerie agus na póilíneachta faoi seach, agus don chomhar eatarthu, lena n‐áirítear reachtaíocht a chur chun feidhme, agus plean soiléir earcaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme faoi lár na bliana 2005 don dá institiúid agus é de chuspóir dul chun cinn suntasach a bheith déanta maidir leis na 7000 folúntas sa phóilíneacht agus na 18000 folúntas sa gendarmerie a líonadh faoi dháta an aontachais. (7) Straitéis ilbhliantúil chomhghreamaitheach i gcoinne na coireachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n‐áirítear gníomhaíochtaí sonracha chun srian a chur le stádas na Rómáine mar thír thionscnaimh, idirthurais nó chinn scríbe d'íospartaigh na gáinneála, agus staidreamh iontaofa a thíolacadh go bliantúil amhail ó mhí an Mhárta 2005 maidir leis an dóigh ina bhfuiltear ag dul i ngleic leis an bhfeiniméan coiriúil seo. II. I ndáil le hAirteagal 39(3) (8) Rialú éifeachtúil ag an gComhairle Iomaíochta a áirithiú i leith aon státchabhair a fhéadfadh a bheith ann, lena n‐áirítear Státchabhair dá bhforáiltear trí íocaíochtaí dliteanas fioscach nó sóisialta do bhuiséad an Stáit a chur siar nó dliteanais a bhaineann le soláthar fuinnimh a chur siar. (9) Teist fhorghníomhú na státchabhrach a neartú gan mhoill agus teist fhorghníomhaithe shásúil a áirithiú as sin amach i gcoinne trustaí agus i réimse na státchabhrach freisin. (10) Plean coigeartaithe um athstruchtúrú cruach (lena n‐áirítear an Clár Náisiúnta um Athstruchtúrú agus na Pleananna Leithleacha Gnó) a thíolacadh don Choimisiún faoi lár mhí na Nollag 2004 i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach i bPrótacal 2 maidir le táirgí CEGC atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach ag bunú comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Rómáin, den pháirt eile [1], agus leis na coinníollacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII, Caibidil 4, Roinn B, a ghabhann leis an bPrótacal. Lánurraim a thabhairt don ghealltanas gan aon státchabhair a dheonú ná a íoc do na muilte cruach atá faoi réir na Straitéise Náisiúnta um Athstruchtúrú ón 1 Eanáir 2005 go dtí an 31 Nollaig 2008 agus lánurraim a thabhairt do na méideanna státchabhrach agus na coinníollacha maidir le laghduithe cumais a bheidh le cinneadh i gcomhthéacs Phrótacal 2 maidir le táirgí CEGC atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach ag bunú comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Rómáin, den pháirt eile. (11) Leanúint d'acmhainní dóthanacha airgeadais agus acmhainní dóthanacha daonna a bhfuil cáilíochtaí leormhaithe acu a chur ar fáil don Chomhairle Iomaíochta. [1] IO L 357, 31.12.1994, lch. 2. Comhaontú arna leasú go deireanach le Cinneadh Uimh. 2/2003 ó Chomhairle Chomhlachais AE/na Rómáine an 25.9.2003 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil). --------------------------------------------------