This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12005SPN07/06
Protocol concerning the conditions and arrangements for admission of the Republic of Bulgaria and Romania to the European Union - Annex VII:List referred to in Article 20 of the Protocol: transitional measures, Romania - 6.Transport policy
Protocol concerning the conditions and arrangements for admission of the Republic of Bulgaria and Romania to the European Union - Annex VII:List referred to in Article 20 of the Protocol: transitional measures, Romania - 6.Transport policy
Protocol concerning the conditions and arrangements for admission of the Republic of Bulgaria and Romania to the European Union - Annex VII:List referred to in Article 20 of the Protocol: transitional measures, Romania - 6.Transport policy
IO L 157, 21.6.2005, pp. 151–155
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Derogation | 31993R3118 | Maolú | airteagal 1 | 01/01/2007 | |
| Derogation | 31996L0053 | Maolú | airteagal 3.1 | 01/01/2007 | |
| Derogation | 31999L0062 | Maolú | airteagal 6.1 |
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Corrected by | 12005SPN07/06R(01) | (BG) |
Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0151 - 0155
6. BEARTAS IOMPAIR 1. 31993 R 3118: Rialachán (CEE) Uimh. 3118/93 ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 ag leagan síos na gcoinníollacha faoina bhféadfaidh carraeirí neamhchónaitheacha seirbhísí náisiúnta iompair tharlaithe de bhóthar a oibriú laistigh de Bhallstát (IO L 279, 12.11.1993, lch. 1), mar atá arna leasú go deireanach le: - 32002 R 0484: Rialachán (CE) Uimh. 484/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 1.3.2002 (IO L 76, 19.3.2002, lch. 1). (a) De mhaolú ar Airteagal 1 de Rialachán (CEE) Uimh. 3118/93 agus go dtí deireadh an tríú bliain tar éis dháta an aontachais, eisiafar carraeirí arna mbunú sa Rómáin ó sheirbhísí náisiúnta tarlaithe de bhóthar a oibriú sna Ballstáit eile agus eisiafar carraeirí arna mbunú sna Ballstáit eile ó sheirbhísí náisiúnta tarlaithe de bhóthar a oibriú sa Rómáin. (b) Roimh dheireadh an tríú bliain tar éis dháta an aontachais, tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún á rá cé acu an bhfadóidh siad an tréimhse sin ar feadh dhá bhliain ar a mhéid nó an gcuirfidh siad Airteagal 1 den Rialachán i bhfeidhm go hiomlán feasta. Cheal fógra den sórt sin, beidh feidhm ag Airteagal 1 den Rialachán. Carraeirí arna mbunú sna Ballstáit sin ina bhfuil feidhm ag Airteagal 1 den Rialachán, is iad amháin a fhéadfaidh seirbhísí tarlaithe náisiúnta de bhóthar a oibriú sna Ballstáit eile sin ina bhfuil feidhm freisin ag Airteagal 1 den Rialachán. (c) Na Ballstáit ina bhfuil feidhm, de bhua mhír (b) thuas, ag Airteagal 1 den Rialachán, féadfaidh siad dul ar iontaoibh an nós imeachta atá leagtha amach thíos go dtí deireadh an chúigiú bliain tar éis dháta an aontachais. Nuair a tharlaíonn suaitheadh tromchúiseach ar mhargadh náisiúnta de chuid Ballstáit dá dtagraítear san fhomhír sin roimhe seo nó ar chodanna de de bharr cabatáiste nó arna ghéarú aige, ar nós farasbairr thromchúisigh soláthair thar éileamh nó baol do chobhsaíocht airgeadais nó do mharthanas líon suntasach gnóthas tarlaithe de bhóthar, cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi agus déanfaidh sé na sonraí uile ábhartha a sholáthar dóibh. Ar bhonn na faisnéise sin, féadfaidh an Ballstát a iarraidh ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm Airteagal 1 den Rialachán a fhionraí go hiomlán nó go páirteach, d'fhonn an staid a athbhunú ina gnáthriocht. Scrúdóidh an Coimisiún an staid ar bhonn na sonraí arna soláthar ag an mBallstát i dtrácht agus cinnfidh sé laistigh de mhí ón iarraidh a fháil an gá bearta coimirce a ghlacadh. Beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha síos sa dara fomhír, sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír de mhír 3 agus i míreanna 4, 5 agus 6 d'Airteagal 7 den Rialachán. I gcásanna práinneacha agus eisceachtúla, féadfaidh Ballstát dá dtagraítear sa chéad fhomhír thuas cur i bhfeidhm Airteagal 1 den Rialachán a fhionraí agus fógra réasúnaithe ex-post a thabhairt don Choimisiún ina dhiaidh sin. (d) Fad nach gcuirfear Airteagal 1 den Rialachán i bhfeidhm de bhua mhíreanna (a) agus (b) thuas, féadfaidh Ballstáit rochtain ar a seirbhísí náisiúnta tarlaithe de bhóthar a rialú trí údaruithe cabatáiste a mhalartú go comhleanúnach ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha. Féadfaidh caoi an léirscaoilte iomláin a bheith san áireamh. (e) Ní fhéadfaidh rochtain níos sriantaí ar sheirbhísí náisiúnta tarlaithe de bhóthar ná mar atá ann ar dháta sínithe an Chonartha Aontachais leanúint ó éifeacht míreanna (a) go (c) a chur i bhfeidhm. 2. 31996 L 0053: Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 ag leagan síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59), mar atá arna leasú go deireanach le: - 32002 L 0007: Treoir 2002/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18.2.2002 (IO L 67, 9.3.2002, lch. 47). De mhaolú ar Airteagal 3(1) de Threoir 96/53/CE, ní fhéadfaidh feithiclí a chomhlíonann na luachanna teorantacha d'aicmí 3.2.1, 3.4.1, 3.4.2 agus 3.5.1 atá sonraithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin na codanna neamh-uasghrádaithe de ghréasán bóithre na Rómáine a úsáid go dtí an 31 Nollaig 2013 ach amháin má chomhlíonann siad teorainneacha Rómánacha ar ualach acastóirí. Amhail ó dháta an aontachais, ní fhéadfar aon srianta a fhorchur ar fheithiclí a chomhlíonann ceanglais Threoir 96/53/CE na príomhbhealaí idirthurais a úsáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Comhaontú AE/na Rómáine maidir le hIompar [11] agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1692/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le treoirlínte Comhphobail le haghaidh an gréasán traseorpach iompair a fhorbairt [12], agus atá liostaithe thíos: 1. Alba Iulia — Turda — Zalău — Satu Mare — Halmeu (bóthar E 81) 2. Zalău — Oradea — Borş (bóithre 1 H agus E 60) 3. Mărăşeşti — Bacău — Suceava — Siret (bóthar E 85) 4. Tişiţa — Tecuci — Huşi — Albiţa (bóthar E 581) 5. Simeria — Haţeg — Rovinari — Craiova — Calafat (bóthar E 79) 6. Lugoj — Caransebeş — Drobeta-Turnu Severin — Filiaşi — Craiova (bóthar E 70) 7. Craiova — Alexandria — Bucureşti (bóthar 6) 8. Drobeta-Turnu Severin — Calafat (bóthar 56 A) 9. Bucureşti — Buzău (bóithre E 60/E 85) 10. Bucureşti — Giurgiu (bóithre E 70/E 85) 11. Braşov — Sibiu (bóthar E 68) 12. Timişoara — Stamora Moraviţa Cloífidh an Rómáin leis an amchlár atá leagtha amach sa tábla thíos le haghaidh a gréasán bóithre tánaisteacha a uasghrádú mar a thaispeántar sa léarscáil thíos. Áiritheoidh aon infheistíochtaí sa bhonneagar lena ngabhann úsáid cistí ó bhuiséad an Chomhphobail go ndéanfar na hartairí a thógáil nó a uasghrádú go dtí cumas ualachiompartha de 11,5 tona in aghaidh an acastóra. De réir mar a chríochnófar an t-uasghrádú, déanfar gréasán bóithre tánaisteacha na Rómáine a oscailt go comhleanúnach d'fheithiclí sa trácht idirnáisiúnta a chomhlíonann luachanna teorantacha na Treorach. Chun críocha luchtú agus díluchtú, nuair is féidir sin go teicniúil, ceadófar codanna neamh-uasghrádaithe den ghréasán bóithre tánaisteacha a úsáid i rith na hidirthréimhse ar fad. Amhail ó dháta an aontachais, beidh na feithiclí uile sa trácht idirnáisiúnta a chomhlíonann luachanna teorantacha Threoir 96/53/CE faoi réir muirear sealadach breise ar ghréasán bóithre tánaisteacha na Rómáine má théann siad thar theorainneacha náisiúnta ualach acastóra. Ní bheidh na feithiclí sin faoi réir muirear sealadach breise ar ghréasán bóithre tánaisteacha na Rómáine má théann siad thar theorainneacha náisiúnta i dtaca le toise nó meáchan foriomlán na feithicle. Fairis sin, beidh na feithiclí sin sa trácht idirnáisiúnta a chomhlíonann luachanna teorantacha Threoir 96/53/CE agus atá feistithe le córas aerchrochta faoi réir muirear de 25 % níos lú ar a laghad. Déanfar muirir shealadacha breise a thobhach ar dhóigh neamh-idirdhealaitheach ar úsáid na gcodanna neamh-uasghrádaithe den ghréasán tánaisteach ag feithiclí sa trácht idirnáisiúnta a chomhlíonann luachanna teorantacha na Treorach. Beidh an córas gearrtha muirear trédhearcach agus ní chuirfidh íocaíocht na muirear sin ualach míchuí riaracháin nó moill mhíchuí ar an úsáidire ná ní leanfaidh ó íocaíocht na muirear sin seiceáil chórasach ar theorainneacha ualach acastóra ag an teorainn. Áiritheofar forghníomhú teorainneacha ualach acastóra ar dhóigh neamhidirdhealaitheach ar fud na críche agus beidh sé éifeachtúil freisin i ndáil le feithiclí arna gclárú sa Rómáin. Ní rachaidh na muirir ar fheithiclí gan chóras aerchrochta a chomhlíonann na luachanna teorantacha atá leagtha amach i dTreoir 96/53/CE thar an leibhéal muirear atá leagtha amach sa tábla thíos (arna sonrú i bhfigiúirí 2002). Beidh feithiclí atá feistithe le córas aerchrochta agus a chomhlíonann na luachanna teorantacha atá leagtha amach i dTreoir 96/53/CE faoi réir muirear de 25 % níos lú ar a laghad. Uasleibhéal muirear (figiúirí 2002) le haghaidh feithiclí gan chóras aerchrochta a chomhlíonann na luachanna teorantacha atá leagtha amach i dTreoir 96/53/CE Ualach aon-acastóra i bhfeithicil ó — go | Méid an mhuirir bhreise in euro (figiúirí 2002) chun aon chiliméadar de bhóthar neamh‐uasghrádaithe (a bhfuil cumas uasta iompair 10 tona in aghaidh an acastóra aige) a úsáid | ó 10 tona in aghaidh an acastóra go 10,5 tona in aghaidh an acastóra | 0,11 | ó 10,5 tona in aghaidh an acastóra go 11 tona in aghaidh an acastóra | 0,30 | ó 11 tona in aghaidh an acastóra go 11,5 tona in aghaidh an acastóra | 0,44 | Amchlár le haghaidh uasghrádú an ghréasáin bhóithre tánaisteacha ar a mbeidh oscailt chomhleanúnach d'fheithiclí a chomhlíonann luachanna teorantacha Threoir 96/53/CE Tréimhse | 2007 | 2008 | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | IOMLÁN | Km idir lámha [13] | 3031 | 2825 | 1656 | 1671 | 1518 | 1529 | 1554 | | Km arna gcur i seirbhís [14] | 960 | 1674 | 528 | 624 | 504 | 543 | 471 | | Oibreacha carnacha (i km) | 3916 | 5590 | 6118 | 6742 | 7246 | 7789 | 8260 | 8260 | +++++ TIFF +++++ ATHSHLÁNÚCHÁN BÓITHRE NÁISIÚNTA -TIONSCADAILLE CRÍOCHNÚ FAOI 2013Céimeanna I-XIIIFaid = 8 260 kmLuach = 6 489,3 Milliún Euro 3. 31999 L 0062: Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirir ar úsáid bonneagar áirithe a ghearradh ar thromfheithiclí earraí (IO L 187, 20.7.1999, lch. 42), mar atá arna leasú go deireanach le: - 12003 T: Ionstraim i dtaobh coinníollacha aontachais agus oiriúnuithe na gConarthaí — Aontachas Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice (IO L 236, 23.9.2003, lch. 33). De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Threoir 1999/62/CE, ní bheidh feidhm sa Rómáin go dtí an 31 Nollaig 2010 ag na rátaí íosta cánach, atá leagtha síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir, maidir le feithiclí a ghabhann go heisiach d'oibríochtaí iompair intíre. I rith na tréimhse sin, sroichfidh na rátaí a bheidh le cur i bhfeidhm ag an Rómáin maidir leis na feithiclí sin na rátaí íosta cánach atá leagtha síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir i gcomhréir leis an amchlár seo a leanas: - faoin 1 Eanáir 2007, ní bheidh na rátaí a bheidh le cur i bhfeidhm ag an Rómáin níos lú ná 60 % de na rátaí íosta atá leagtha síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir, - faoin 1 Eanáir 2009, ní bheidh na rátaí a bheidh le cur i bhfeidhm ag an Rómáin níos lú ná 80 % de na rátaí íosta atá leagtha síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir. [11] Comhaontú um Idirthuras de Bhóthar an 28 Meitheamh 2001 idir an Comhphobal Eorpach agus an Rómáin maidir le hiompar earraí (IO L 142, 31.5.2002, lch. 75). [12] IO L 228, 9.9.1996, lch. 1. Cinneadh mar atá arna leasú go deireanach le Cinneadh Uimh. 884/2004/CE (IO L 167, 30.4.2004, lch. 1). [13] Km idir lámha = codanna den bhóthar a ndéantar obair ina leith sa bhliain tagartha. Féadfaidh na hoibreacha sin tosú sa bhliain tagartha nó féadfaidh siad a bheith tosaithe sna blianta roimhe sin. [14] Km arna gcur i seirbhís = codanna den bhóthar ar críochnaíodh an obair ina leith nó a cuireadh i seirbhís i rith na bliana tagartha. --------------------------------------------------