Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12005SA037

Act concerning the conditions of accession of the Republic of Bulgaria and Romania and the adjustments to the Treaties on which the European Union is founded - PART FOUR:TEMPORARY PROVISIONS - TITLE IV:OTHER PROVISIONS - Article 37

IO L 157, 21.6.2005, p. 216–216 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/acc_2005/act_1/art_37/sign

12005SA037



Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0216 - 0216


Airteagal 37

Má tá an Bhulgáir nó an Rómáin tar éis mainneachtain gealltanais arna nglacadh ar láimh i gcomhthéacs na gcaibidlí aontachais a chur chun feidhme, agus gur cúis é sin le sárú tromchúiseach ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear aon ghealltanais i dtaca leis na beartais earnálacha uile a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil éifeacht trasteorann acu, nó gur cúis é le garbhaol go mbeidh sárú den sórt sin ann, féadfaidh an Coimisiún, go dtí deireadh tréimhse suas go trí bliana tar éis dháta an aontachais, bearta iomchuí a ghlacadh, arna iarraidh sin go réasúnaithe do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin.

Beidh na bearta comhréireach agus tabharfar tosaíocht do bhearta is lú a shuaithfidh oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus, nuair is iomchuí, do chur i bhfeidhm na sásraí coimirce earnálacha atá ann. Ní agrófar na bearta coimirce sin le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar an trádáil idir Ballstáit. Féadfar an clásal coimirce a agairt fiú roimh an aontachas ar bhonn chonclúidí an fhaireacháin agus tiocfaidh na bearta arna nglacadh i bhfeidhm amhail ó chéad lá an aontachais mura bhforálfar iontu do dháta níos déanaí. Ní choimeádfar na bearta ar bun níos faide ná mar is fíorghá agus, ar aon chuma, foirceannfar iad nuair a chuirfear an gealltanas ábhartha chun feidhme. Féadfar iad a chur i bhfeidhm, áfach, thar an tréimhse atá sonraithe sa chéad mhír fad nach bhfuil na gealltanais ábhartha comhallta. Mar fhreagra ar dhul chun cinn arna dhéanamh ag an mBallstát nua i dtrácht i gcomhall a ghealltanas, féadfaidh an Coimisiún na bearta a oiriúnú mar is iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas in am trátha sula ndéanfaidh sé na bearta coimirce a chúlghairm agus tabharfaidh sé aird chuí ar aon bharúlacha ón gComhairle i dtaca leis sin.

--------------------------------------------------

Top