Dan id-dokument hu mislut mis-sit web tal-EUR-Lex
Is iad seo a leanas na príomhaidhmeanna le treoir na seirbhísí poist:
Rinneadh an treoir bhunaidh a leasú roinnt uaireanta, agus tá cuid de na leasuithe is tábhachtaí i dTreoir 2008/6/CE.
Leagtar amach comhrialacha leis an treoir a bhaineann leis an méid seo a leanas:
Tá sé d’oibleagáid ar thíortha AE seirbhís poist uilechoiteann a bheidh buan, inacmhainne a áirithiú gach áit laistigh dá gcríoch, i.e ní mór dóibh an méid seo a leanas ar a laghad a áirithiú:
Féadfaidh tíortha AE cuideachta amháin nó níos mó a ainmniú mar sholáthraithe seirbhíse uilechoitinne chun go gcumhdófar an chríoch go léir. Ní mór athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an ainmniúchán.
Níl cead ag tíortha AE cearta eisiacha nó cearta speisialta a dheonú chun seirbhísí poist a sholáthar. Féadfaidh siad, áfach, an soláthraí seirbhíse uilechoitinne a chúiteamh má tá glanchostas bunaithe agus go bhfuil sé sin ina ualach airgeadais éagórach i gcomhréir le conarthaí AE (e.g. Státchabhair, soláthar poiblí, sásra le haghaidh comhroinnt costas1.
Ní foláir nó go gcloífidh taraifí na seirbhísí uilechoitinne leis na prionsabail seo a leanas go sonrach.
Féadfaidh tíortha AE seirbhís poist saor in aisce a chur ar fáil do dhaoine dalla agus do dhaoine leathdhalla.
Maidir le post trasteorann laistigh den Aontas Eorpach, ceanglaítear an méid seo a leanas le hIarscríbhinn II den treoir:
Ní mór nós imeachta trédhearcach, simplí agus neamhchostasach a bheith ar fáil chun déileáil le gearáin úsáideoirí, agus díospóidí a réiteach go cóir agus go pras.
Déantar comhchuibhiú teicniúil ar bhonn iarratas ar chaighdeánú ón gCoimisiún a dhéanann Coiste Teicniúil 331 de chuid CEN.
Ní mór do thíortha AE údaráis náisiúnta rialála neamhspleácha a bhunú ar cheart na hacmhainní riachtanacha ar fad a chur ar fáil dóibh i gcomhthéacs soláthar foirne, saineolais agus acmhainní airgeadais, agus na sainchúraimí atá tugtha dóibh leis an treoir a chur i gcrích, maidir leis an méid seo a leanas go sonrach:
Ní mór do thíortha AE a áirithiú go soláthróidh na soláthraithe seirbhíse faisnéis do na húdaráis rialála, lena n–áirítear faisnéis airgeadais agus faisnéis a bhaineann leis an tseirbhís uilechoiteann, le haghaidh 2 chuspóir go sonrach:
In 2018, glacadh Rialachán (AE) 2018/644 maidir le seachadadh beartán trasteorann. Forlíontar leis an rialachán seo na rialacha atá leagtha amach i dTreoir 97/67/CE, a dhíríonn go príomha, ach ní go heisiach, ar sheirbhísí uilechoiteanna chun aghaidh a thabhairt ar:
Tá feidhm le Treoir 97/67/CE ón . B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin
Tá feidhm le Treoir leasaitheach 2008/6/CE ón . B’éigean dlí a dhéanamh di i 16 thír AE faoin agus sna 11 thír eile faoin .
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le comhrialacha chun margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15, , lgh. 14-25)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir Uimh. 97/67/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí