This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Rannchuidíonn Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe le gníomhaíochtaí AE a fhorbairt agus a shaothrú a neartaíonn a chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, trí dhá phríomhsprioc a leanúint.
Rialachán Leasaitheach (AE) 2021/435, cuireadh é in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 288/2014 agus tugadh isteach athruithe ar na samhlacha do chláir oibríochtúla faoi sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post chun cúnamh a chur ar fáil faoin gcuspóir téamach “Leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar”.
Cuireadh san áireamh sa leasú sin an fhéidearthacht ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm go sealadach ar chaiteachas arna dhearbhú in iarratais ar íocaíocht le linn na bliana cuntasaíochta dar tús 1 Iúil 2020 agus dar críoch 30 Meitheamh 2021 le haghaidh ais tosaíochta amháin nó níos mó i gclár a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ó Chiste Sóisialta na hEorpa nó ón gCiste Comhtháthaithe.
Sa tsamhail atá leagtha amach sa rialachán maidir le faisnéis ar chláir dá leithéid leagtar amach na treoirlínte seo a leanas:
Le Rialachán (AE) 2021/435, leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 288/2014 freisin, lena dtugtar isteach athruithe ar na samhlacha le haghaidh cláir oibríochtúla faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh chun cúnamh a sholáthar faoin gcuspóir téamach “Leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar”.
Cuirtear san áireamh sa leasú sin an fhéidearthacht ráta cómhaoinithe 100% a chur i bhfeidhm go sealadach maidir le caiteachas arna dhearbhú in iarratais ar íocaíocht le linn na bliana cuntasaíochta dar tús 1 Iúil 2020 agus dar críoch 30 Meitheamh 2021 le haghaidh ais tosaíochta amháin nó níos mó i gclár a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ó Chiste Sóisialta na hEorpa nó ón gCiste Comhtháthaithe.
Sa tsamhail atá leagtha amach sa rialachán maidir le faisnéis ar chláir dá leithéid leagtar amach na treoirlínte seo a leanas:
Gníomhaíochtaí comhtháthaithe do dhídeanaithe san Eoraip (CARE) — tacaíocht éigeandála do dhaoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/872 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 288/2014, lena ndéantar athruithe ar an tsamhail do chláir oibríochtúla faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post (Iarscríbhinn I) agus ar an tsamhail do chláir chomhair faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Iarscríbhinn II) maidir le gníomhaíochtaí comhtháthaithe do dhídeanaithe san Eoraip (CARE), a glacadh faoi Rialachán (AE) 2022/562 — tionscnamh lenar féidir leis na Ballstáit agus na réigiúin tacaíocht éigeandála a chur ar fáil do dhaoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin (féach achoimre).
Tá sé i bhfeidhm ón 23 Márta 2014.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 288/2014 an 25 Feabhra 2014 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh maidir leis an tsamhail do chláir oibríochtúla faoi sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha sonracha i dtaca leis an tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh maidir leis an tsamhail do chláir chomhair faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (OJ L 87, 22.3.2014, lgh. 1-48).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 288/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip (CARE) (IO L 109, 8.4.2022, lgh. 1-5).
Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (OJ L 347, 20.12.2013, lgh. 320-469).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 470-486).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 (Iris Oifigiúil L 347, 20.12.2013, lgh. 281-288).
Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríche Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 259-280).
Nuashonraithe 18.07.2022