EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Ciste Comhtháthaithe (2014-20)

Leis an rialachán seo, leagtar amach cuspóirí Chiste Comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh (AE) don tréimhse cistiúcháin 2014-20. Tá an ciste ar cheann d’ionstraimí airgeadais an AE, a bhfuil mar aidhm acu éagothromaíocht fhorbartha idir na réigiúin a laghdú.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Chiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle.

ACHOIMRE

Leis an Chiste Comhtháthaithe, tacaítear leis na réigiúin is boichte san AE chun fás, fostaíocht agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn. Na Ballstáit ina bhfuil an t-ollioncam náisiúnta (OIN) in aghaidh an áitritheora faoi bhun 90 % den mheán Eorpach, tá siad incháilithe chun cistiúchán a fháil ón Chiste Comhtháthaithe. Tá uasteorainn don mhéid a chuirtear le caiteachas poiblí sna Ballstáit, leis an Chiste Comhtháthaithe, socraithe ag 85 %.

Réimsí gníomhaíochta

Cómhaoinítear leis an Chiste Comhtháthaithe na gníomhaíochtaí seo a leanas:

forbairt ghréasáin iompair thras-Eorpacha;

cur chun cinn chuspóirí comhshaoil an AE, .i. éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt do thionscadail inbhuanaithe iompair nach cuid de ghréasáin thras-Eorpacha iompair iad;

soláthar cúnaimh theicniúil.

Áirítear letosaíochtaí infheistíochtationscadail lena gcuirtear na nithe seo a leanas chun cinn :

geilleagar ísealcharbóin;

oiriúnú d’athrú aeráide, seachaint riosca agus bainistíocht riosca;

cosaint/caomhnú an chomhshaoil;

iompar inbhuanaithe agus baic a bhaint.

Cuirfear EUR 10 mbilliún ar fáil ar an iomlán don tréimhse cistiúcháin 2014-20 chun tionscadail bhonneagar iompair de bhreisluach Eorpach a chómhaoiniú, a ndéantar foráil dóibh sa Rialachán lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (Uimh. 1316/2013).

Caiteachas incháilithe

Déantar cinntí maidir le hincháilitheacht ar leibhéal náisiúnta. Níl na cineálacha caiteachais seo a leanas incháilithe chun cistiúchán a fháil ón Chiste Comhtháthaithe, áfach:

díchoimisiúnú nó tógáil cumhachtstáisiún núicléach;

infheistíocht chun laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhaint amach maidir le gníomhaíochtaí arna gcumhdach ag an Scéim maidir le Trádáil Astaíochtaí (ETS);

tithíocht (ach amháin ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh nó úsáid fuinnimh in-athnuaite);

monarú, próiseáil agus margú tobac;

cabhair do chuideachtaí i gcruachás;

infheistíocht i mbonneagar aerfoirt (ach amháin má bhaineann an infheistíocht le cosaint an chomhshaoil nó má tá bearta ag gabháil léi lena maolaítear tionchar diúltach ar an chomhshaol).

Caithfear athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán faoin 31 Nollaig 2020.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 1300/2013

21.12.2013

-

IO L 347, 20.12.2013, lch. 281

ACHTANNA GAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/99/AE ón gCoimisiún lena leagtar amach liosta de na réigiúin atá incháilithe chun cistiúchán a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa mar aon le liosta de na Ballstáit atá incháilithe chun cistiúchán a fháil ón gCiste Comhtháthaithe don tréimhse 2014-20. [IO L 50, 20.2.2014, lch. 22].

Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an Chiste Comhtháthaithe, leis an Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an Chiste Comhtháthaithe agus leis an Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle.

Nuashonrú is déanaí: 17.04.2014

Top