Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Creat le haghaidh seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2021/2167 maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Déanann sé comhchuibhiú ar na rialacha maidir le seirbhíseoirí creidmheasa1 agus ceannaitheoirí creidmheasa2 de chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach.
  • Is é is aidhm dó tacú le margaí tánaisteacha a fhorbairt le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha3 san Aontas Eorpach (AE), ní bhaineann díol na n-iasachtaí sin an bonn de chearta iasachtaithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cé is moite de roinnt díolúintí a shainítear go soiléir, tá feidhm ag an treoir maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa araon a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach.

Seirbhíseoirí creidmheasa a údarú

Ní mór do sheirbhíseoirí creidmheasa:

  • údarú a éileamh ón údarás náisiúnta ábhartha;
  • coinníollacha áirithe a chomhlíonadh (is forais chun iarratas a dhiúltú iad an mhainneachtain sin a dhéanamh), go háirithe:
    • a bheith ina dhuine dlítheanach agus a bheith cláraithe nó a gceannoifig sa Bhallstát AE sin,
    • a thaispeáint go bhfuil dea-cháil ar chomhaltaí a gcomhlachtaí bainistíochta nó riaracháin le taifead póilíneachta glaine, nár dearbhaíodh ina bhféimheach iad agus go bhfuil an t-eolas agus an taithí acu chun gníomhú go hinniúil agus go freagrach,
    • rialachas láidir agus rialuithe inmheánacha leordhóthanacha a úsáid,
    • rialacha a leanúint maidir le hiasachtaithe a chosaint agus maidir le caitheamh go cothrom agus go dícheallach leo agus maidir lena ngearán a thaifeadadh agus a láimhseáil saor in aisce,
    • nósanna imeachta leordhóthanacha maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chur i bhfeidhm,
    • beidh siad faoi réir na gceanglas náisiúnta maidir le tuairisciú agus nochtadh poiblí.

Ní mór do na húdaráis inniúla náisiúnta:

  • nós imeachta údarúcháin a chur i bhfeidhm le haghaidh seirbhíseoirí creidmheasa lena gceanglaítear orthu a chruthú go gcomhlíonann siad na coinníollacha go léir;
  • cinneadh a dhéanamh laistigh de 90 lá maidir le húdarú a dheonú nó a dhiúltú;
  • cumhachtaí maoirseachta, imscrúdaitheacha agus smachtbhannaí a bheith acu agus féadfaidh siad, in imthosca áirithe, údarú a tharraingt siar;
  • clár ar líne de gach seirbhíseoir creidmheasa atá inrochtana don phobal a choinneáil;
  • ceadú, faoi réir coinníollacha áirithe, do sheirbhíseoirí creidmheasa atá údaraithe i mBallstát amháin chun cleachtadh in áit eile san AE.

Ní mór do cheannaitheoirí creidmheasa agus do sheirbhíseoirí creidmheasa, agus iad ag déileáil le hiasachtaithe:

  • gníomhú de mheon macánta, go cothrom agus go gairmiúil;
  • faisnéis a sholáthar d’iasachtaithe nach bhfuil míthreorach, doiléir ná bréagach;
  • faisnéis phearsanta agus príobháideachas iasachtaithe a urramú agus a chosaint;
  • gan iasachtaithe a chiapadh, a chomhéigniú ná tionchar míchuí a imirt orthu;
  • an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil don iasachtaí tar éis cearta creidiúnaí a aistriú agus roimh an gcéad bhailiú fiach, nó aon uair a iarrfaidh iasachtaí amhlaidh:
    • dáta aistrithe agus céannacht agus sonraí teagmhála an cheannaitheora creidmheasa,
    • na méideanna atá le híoc ag an iasachtaí, arna miondealú i gcaipiteal, ús, táillí agus muirir eile,
    • ráiteas lena ndeimhnítear go bhfuil feidhm i gcónaí ag gach dlí ábhartha AE agus náisiúnta,
    • ainm, seoladh agus sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta ábhartha.

An ceart chun faisnéise

Ní mór d’institiúidí creidmheasa:

  • faisnéis a sholáthar do cheannaitheoirí creidmheasa ionchasacha maidir le cearta creidiúnaí ionas gur féidir leo féin measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go ndéanfar an iasacht gan íoc a aisghabháil;
  • faisnéis a thabhairt, amhail sonraí na gceannaitheoirí creidmheasa agus iarmhéid comhiomlán gan íoc na bpunann creidmheasa aistrithe, lena n-áirítear a líon agus a méid, dá n-údaráis náisiúnta dhá uair sa bhliain.

Ní mór do cheannaitheoirí creidmheasa a aistríonn cearta creidiúnaí, dhá uair sa bhliain agus b’fhéidir gach ráithe, sonraí an cheannaitheora nua agus faisnéis amhail an t-iarmhéid comhiomlán gan íoc a thabhairt do na húdaráis ábhartha.

Tá na Ballstáit freagrach as pionóis riaracháin iomchuí agus bearta feabhais a bhunú i leith sáruithe ar an treoir.

Eisíonn an tÚdarás Baincéireachta Eorpach treoirlínte agus caighdeáin theicniúla maidir le gnéithe mionsonraithe den treoir.

Leasaítear leis an treoir Treoir 2008/48/CE (féach achoimre) agus Treoir 2014/17/AE (féach achoimre).

Tuairiscíonn an Coimisiún Eorpach ar na nithe seo a leanas:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

  • B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin . Tá feidhm ag na rialacha sin ón .
  • I gcomhréir leis an dlí náisiúnta ar , beidh cead ag eintitis atá i mbun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa cheana féin leanúint de sin a dhéanamh ina mBallstát baile go dtí an nó go dtí an dáta a bhfaighidh siad údarú i gcomhréir leis an treoir seo, cibé acu is túisce.

CÚLRA

  • Meastar go ginearálta go bhfuil iasacht bainc neamhthuillmheach nuair a théann níos mó ná 90 lá thart agus nuair nach n-íocann an t-iasachtaí na tráthchodanna nó an t-ús a comhaontaíodh, nó nuair nach dócha go n-aisíocfar í.
  • Le bainistiú éifeachtúil iasachtaí neamhthuillmheacha, laghdaítear rioscaí i gcláir chomhardaithe na mbanc, rud a chuireann ar a gcumas díriú ar iasachtaí a thabhairt do ghnólachtaí agus do dhaoine aonair.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Seirbhíseoir creidmheasa. Duine dlítheanach a bhainistíonn agus a fhorfheidhmíonn cearta agus oibleagáidí creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach.
  2. Ceannaitheoir creidmheasa. Duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas institiúid chreidmheasa, a cheannaíonn cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach nó faoin gcomhaontú féin.
  3. Iasacht neamhthuillmheach. Iasacht bhainc faoi réir aisíoc déanach nó nach dócha go n-aisíocfaidh an t-iasachtaí í.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2021/2167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE (IO L 438, , lgh. 1–37).

nuashonrú is deireanaí

Top