EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Maoin chónaithe dho–aistrithe a cheannach — rialacha maidir le hiasachtaí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/17/AE – rialacha maidir le hiasachtaí tithíochta

Treoir (AE) 2021/2167 maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm le Treoir 2014/17/AE, dá ngairtear an treoir maidir le creidmheas morgáiste, a áirithiú go dtabharfar dóthain faisnéise do gach tomhaltóir a ghlacann morgáiste chun maoin dho–aistrithe a cheannach agus go mbeidh siad cosanta i gcoinne na rioscaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá feidhm ag an treoir maidir le gach iasacht a thugtar do thomhaltóirí chun teach a cheannach, lena n–áirítear iasachtaí atá ráthaithe le morgáiste nó le hurrús inchomparáide eile.
  • Déantar foráil inti i leith faisnéis níos fearr do thomhaltóirí maidir leis na táirgí morgáiste atá ar fáil lena n–áirítear:
    • an oibleagáid atá ar iasachtóirí bileog eolais chaighdeánaithe (Bileog Eolais Chaighdeánaithe Eorpach), a chur ar fáil do thomhaltóirí lena dtugtar deis dóibh an margadh is fearr a chuardach chun an táirge ceart dóibh a aithint;
    • na cásanna is measa a bhaineann le hús athraitheach agus iasachtaí airgeadra eachtraigh a áireamh sa bhileog eolais chaighdeánaithe Eorpach, chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi éagsúlachtaí sa ráta úis a d’fhéadfadh a bheith ann;
    • tréimhse mhachnaimh ráthaithe (sula gcuirfear an comhaontú creidmheasa i gcrích) nó ceart chun tarraingt siar (tar éis an comhaontú creidmheasa a thabhairt chun críche) d’iasachtaithe;
    • oibleagáid ar iasachtóirí measúnú críochnúil, doiciméadaithe a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa na n–iasachtaithe, lena áirithiú gur féidir leo a n–oibleagáidí aisíocaíochta a chomhlíonadh.
  • Bunaítear prionsabail um iompar gnó leis an treoir:
    • áirithítear leo sin go ngníomhóidh iasachtóirí agus idirghabhálaithe creidmheasa (i.e. daoine nó cuideachtaí a chuireann faisnéis agus cuidiú ar fáil do thomhaltóirí a bhfuil iasacht mhorgáiste á lorg acu) go hionraic agus go trédhearcach chun leas an tomhaltóra;
    • ní mór d’iasachtóirí agus idirghabhálaithe creidmheasa a áirithiú go mbeidh an t–eolas is déanaí ag a bhfoireann maidir le comhaontuithe iasachtaí agus go gcuirtear an t–eolas riachtanach ar fad ar fáil do chustaiméirí sula síneoidh siad comhaontú ar bith.
  • Tá an ceart ginearálta chun a n–iasachtaí a íoc go luath ag tomhaltóirí, agus mar sin leas a bhaint as laghdú ar an gcostas iomlán atá fágtha den mhorgáiste. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh Ballstáit AE ceart ar chúiteamh cóir a thabhairt d’iasachtóirí maidir le costais ar bith a bhaineann go díreach agus go heisiach le haisíocaíocht luath.
  • Bunaítear córas pas AE d’idirghabhálaithe creidmheasa leis an treoir. Ciallaíonn sé sin, i bprionsabal, nuair a bheidh idirghabhálaí údaraithe i mBallstát AE amháin, go bhfuil cead acu seirbhísí a chur ar fáil ar fud AE.

Treoir (AE) 2021/2167 lena leasaítear Treoir 2014/17/AE

  • Chun a áirithiú nach ndéanfar difear do leibhéal na cosanta do thomhaltóirí má dhéantar cearta an chreidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa morgáiste nó faoin gcomhaontú féin a aistriú chuig tríú páirtí (ceannaitheoir creidmheasa) le Treoir leasaitheach (AE) 2021/2167 (lena gcomhchuibhítear na rialacha maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha – féach an achoimre), cuirtear airteagal nua le Treoir 2014/17/AE lena dtugtar do thomhaltóirí na cearta, i gcásanna aistrithe creidmheasa, pléadáil i gcoinne an cheannaitheora creidmheasa, aon chosaint a bhí ar fáil dóibh i gcoinne an chreidiúnaí bunaidh agus go gcuirfear ar an eolas faoin aistriú iad.
  • Le Treoir leasaitheach (AE) 2021/2167, cuirtear isteach leis freisin airteagal ina leagtar amach rialacha maidir leis an bhfaisnéis nach mór don chreidiúnaí a chur in iúl don tomhaltóir sula ndéanfar téarmaí agus coinníollacha a mhodhnú i gcomhaontú creidmheasa.
  • Leis an treoir leasaitheach, tugtar isteach freisin ceanglas go mbeidh beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha ag creidiúnaithe lena gcuirfear ar a gcumas staonadh réasúnach a fheidhmiú sula dtionscnófar imeachtaí foriaimh nuair is iomchuí agus imthosca na dtomhaltóirí á gcur san áireamh. Leagtar amach sa treoir leasaitheach liosta neamhchuimsitheach de bhearta staonta a d’fhéadfadh a bheith ann.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá an treoir maidir le creidmheas morgáiste i bhfeidhm ón 20 Márta 2014 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 21 Márta 2016. Tá feidhm aici maidir le comhaontuithe creidmheasa morgáiste a tugadh i gcrích ón 21 Márta 2016.

Is éigean dlí a dhéanamh de Threoir leasaitheach (AE) 2021/2167 sna Ballstáit faoin 29 Nollaig 2023. Ní mór do na Ballstáit rialacha na treorach a chur i bhfeidhm ón 30 Nollaig 2023.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dho–aistrithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lgh. 34–85).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/17/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir (AE) 2021/2167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2021 maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE (IO L 438, 8.12.2021, lgh. 1–37).

Nuashonraithe 22.02.2022

Top