Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Freagairt chomhtháite pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR)

Is iad na príomhchuspóirí leis na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR) tacú le feasacht chuimsitheach staide agus le cinnteoireacht chomhtháite ar leibhéal polaitiúil an Aontais mar fhreagairt ar mhór-ghéarchéimeanna trasearnála — cé acu an dtionscnaíonn siad laistigh den Aontas nó lasmuigh den Aontas, agus cé acu an bhfuil siad nádúrtha nó de dhéantús an duine. Tríd an IPCR, comhordaíonn Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh an fhreagairt pholaitiúil ar an ngéarchéim trí na Ballstáit lena mbaineann, institiúidí AE agus príomh–rannpháirtithe eile a thabhairt le chéile.

In 2013, cuireadh socruithe IPCR in ionad na socruithe comhordaithe géarchéime a ghlac an Chomhairle in 2006, a bhí ag feidhmiú an tráth sin mar ardán chun faisnéis a mhalartú agus chun gníomh idir Ballstáit AE a chomhordú. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle códaítear na socruithe IPCR i ngníomh dlíthiúil agus leagtar amach leis conas a chuirfear na socruithe IPCR chun feidhme. Tá an IPCR deartha ionas go mbeidh sé solúbtha agus inscálaithe, ag tógáil ar acmhainní, struchtúir agus cumais atá ann cheana féin.

Tá obair IPRC tacaithe ag roinnt uirlisí IPCR:

  • cruinnithe comhchéime neamhfhoirmiúla a dhíríonn ar bhonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht pholaitiúil, le rannpháirtithe ábhartha arna gcinneadh ag an Uachtaránacht,
  • tuarascálacha um fheasacht agus anailís chomhtháite staide (ISAA) chun bonn eolais a chur faoin bplé i gcruinnithe comhchéime IPCR agus léargas coiteann soiléir a sholáthar do lucht ceaptha beartas faoin staid, arna ullmhú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;
  • ardán gréasáin tiomnaithe IPCR chun gníomhú mar mhol leictreonach idir na páirtithe leasmhara ábhartha chun faisnéis a mhalartú agus a bhailiú, agus atá teoranta do na páirtithe leasmhara sin;
  • pointe teagmhála lárnach 24/7 laistigh de Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Choimisiúin, chun idirchaidreamh a dhéanamh leis na príomh–rannpháirtithe.

Tá an IPCR inscálaithe. Tá dhá mhód gníomhachtúcháin leis — mód comhroinnte faisnéise agus mód lánghníomhachtúcháin — agus mód faireacháin atá ceaptha chun tacú le faireachán a dhéanamh ar ghéarchéim atá ag teacht chun cinn nó ar ghéarchéim atá ag maolú:

  • tacaíonn an mód lánghníomhachtúcháin le comhordú straitéiseach foriomlán trí phríomhbhearnaí nó trí phríomhbhacainní a shainaithint agus trí roghanna féideartha le haghaidh freagartha a ullmhú;
  • leis an mód comhroinnte faisnéise, bunaítear léargas soiléir ar an staid trí fhoilsiú an ISAA agus an bealach a réiteach le haghaidh trasuí iomlán féideartha;
  • leis an mód faireacháin éascaítear comhroinnt na faisnéise agus na dtuarascálacha atá ann.

Is í an Uachtaránacht a chinneann cé acu ceann a úsáidfear ag tráth ar bith, ag brath ar thromchúis na géarchéime agus ar an ngá le freagairt a thabhairt ar an leibhéal polaitiúil, agus is féidir léi an modh gníomhachtaithe a ghéarú nó a dhíghéarú dá réir sin.

Is é saincheart na hUachtaránachta é a chinneadh cé acu an IPCR a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú, ach amháin i gcás agairt an chlásail dlúthpháirtíochta (Airteagal 222 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) i gcás ina ndéanfar an IPCR a ghníomhachtú go huathoibríoch sa lánmhód. Féadfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle, an Coimisiún agus SEGS, i gcomhairle leis an Uachtaránacht, an cinneadh a dhéanamh an IPCR a ghníomhachtú sa mhód comhroinnte faisnéise freisin. Leis an mód comhroinnte faisnéise agus na móid lánghníomhachtúcháin araon spreagtar soláthar na dtuarascálacha ISAA. Tionóltar cruinnithe comhchéime nuair a dhéantar an IPCR a ghníomhachtú sa lánmhód, ach is féidir iad a thionól faoi mhodh comhroinnte faisnéise má mheastar gur gá é sin, ar bhonn ad hoc.

Tá an IPCR gníomhachtaithe faoi láthair i mód iomlán le haghaidh na staide sa Mheán oirthear, le haghaidh chogadh ionsaithe na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus le haghaidh cúrsaí imirce. Ón i leith, rinneadh na IPCRanna do COVID-19 agus do na creathanna talún sa Tuirc agus sa tSiria a dhíghníomhachtú agus a aistriú chuig an mód faireacháin.

FÉACH FREISIN

Top