Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ciste Forbraíochta na hEorpa

Is é Ciste Forbraíochta na hEorpa (CFE), a cruthaíodh le Conradh na Róimhe in 1957, príomhionstraim an Aontais Eorpaigh (AE) chun comhar um fhorbairt le tíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin agus le tíortha agus críocha thar lear a mhaoiniú.

Maoinítear ó CFE aon togra nó clár, a chuireann le forbairt eacnamaíoch, shóisialta nó chultúrtha na dtíortha atá i gceist. Maoinítear uaidh freisin comhar réigiúnach agus cláir lánpháirtíochta.

Úsáideann CFE cineálacha éagsúla maoinithe, lena n–áirítear deontais, conarthaí soláthair, ionstraimí airgeadais (amhail asachtaí, ráthaíochtaí, cothromas nó cuasachothromas, infheistíochtaí nó rannpháirtíochtaí) agus ionstraimí um chomhroinnt riosca.

Ó 2021 i leith, rinneadh comhar le tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin a chorprú sa chreat airgeadais ilbhliantúil (2021–2027), agus go háirithe san Ionstraim AE um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda.

FÉACH FREISIN

Top