This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Déantar foráil in Airteagal 150 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith bhunú an Choiste Fostaíochta ag an gComhairle chun comhairle a thabhairt d’Airí um fhostaíocht agus um ghnóthaí sóisialta AE sa Chomhairle um fhostaíochta agus um ghnóthaí sóisialta (EPSCO).
Cuidíonn an Coiste le comhordú bheartais fostaíochta agus margadh saothair thíortha an Aontais Eorpaigh. Tá príomhról aige maidir le comhairle a thabhairt ar ghnéithe fostaíochta an tSeimeastair Eorpaigh
Áirítear iad seo a leanas ar a phríomhthascanna:
Ceapann an Coiste tuairimí chomh maith ar iarratas ón gComhairle nó ón gCoimisiún nó ar a thionscnamh féin.
Tá beirt ionadaí ó gach tír AE agus beirt ionadaí de chuid an Choimisiúin air. Téann sé i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal Eorpach chun a obair a dhéanamh go maith.