This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Seoladh an EES in 1997 ag Comhairle Eorpach Lucsamburg, agus is í an straitéis príomh-ionstraim an Aontais Eorpaigh (AE) chun iarrachtaí athchóirithe thíortha AE i réimse an mhargaidh saothair agus na mbeartas sóisialta a chomhordú. Tá an sásra sin bunaithe ar thagarmharcáil, ar mhonatóireacht agus ar fhoghlaim seachas ar reachtaíocht.
Ó 1997 i leith, tá athruithe éagsúla déanta ar EES i dtaca lena treo rialachais agus beartais araon. In 2005, athsheoladh an straitéis mar chuid de Straitéis Liospóin. Mar gheall air sin rinneadh comhtháthú ar Threoirlínte Fostaíochta na hEorpa agus ar na Treoirlínte Ginearálta maidir le Beartais Eacnamaíocha (BEPG) agus rinneadh sraith aonair Treoirlínte Comhtháite um Fhorás agus um Fhostaíocht díobh. Rinneadh athbhreithniú ar Straitéis Liospóin in 2010 agus seoladh Straitéis Eoraip 2020 ansin. Tháinig tíortha AE ar chomhaontú maidir le tosaíochtaí nua, a cuireadh in iúl i spriocanna agus i dtreoirlínte comhtháite nua. Ó 2011 i leith, tá EES comhtháite go hiomlán sa Seimeastar Eorpach, an tsraith bhliantúil de chomhordú beartais eacnamaíoch.
Tá an EES bunaithe orthu seo a leanas: