Vyberte pokusně zaváděné prvky, které byste chtěli vyzkoušet

Tento dokument je výňatkem z internetových stránek EUR-Lex

Rialachas eacnamaíoch

Thug an tAontas Eorpach (AE) sraith rialacha isteach a bhfuil sé mar aidhm leo treochtaí eacnamaíocha a bhfuil fadhb leo a aimsiú, a chosc agus a cheartú, amhail easnaimh iomarcacha ag rialtais nó leibhéil fiachais phoiblí iomarcacha, ar féidir leo moill a chur ar fhás agus geilleagair a chur i mbaol.

Feidhmíonn creat rialachais eacnamaíoch AE timpeall ar an Seimeastar Eorpach agus ar chóras comhordaithe a bheartais eacnamaíoch. Leis an Seimeastar Eorpach is féidir le tíortha AE plé a dhéanamh ar a bpleananna eacnamaíocha agus buiséid agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn ag pointí ama sonracha i rith na bliana. Féachtar leis:

  • a áirithiú go bhfuil rialacha soiléire ann;
  • a áirithiú go ndéanfar comhordú níos fearr ar bheartais náisiúnta ó cheann ceann na bliana;
  • a áirithiú go ndéanfar monatóireacht rialta;
  • a áirithiú gur féidir teacht chun cinn míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha díobhálacha féideartha a shainaithint go luath; agus
  • a áirithiú go ndéanfar smachtbhannaí a fhorfheidhmiú i gcás nach gcloíonn tíortha leis na rialacha.

Tar éis na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais thiar sna blianta 2008-2010, threisigh an tAontas a rialacha maidir le rialachas eacnamaíoch d’fhonn a Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a neartú leo seo a leanas:

  • na dlíthe sé-phaca (córas ina ndéantar monatóireacht ar bheartais eacnamaíocha níos leithne d’fhonn fadhbanna cosúil le margaí boilscithe réadmhaoine nó iomaíochas atá ag teip a bhrath go luath - nós imeachta um míchothromaíocht mhaicreacnamaíoch);
  • na dlíthe dhá-phaca (ní mór do thíortha i limistéar an euro — seachas iad sin a bhfuil cláir choigeartaithe mhaicreacnamaíoch acu — a ndréacht-phleananna buiséid a chur isteach faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain agus eisíonn an Coimisiún tuairim faoi dheireadh mhí na Samhna);
  • an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas (comhshocrú buiséadach).

Chuir an Coimisiún tús freisin le comhtháthú spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna) sa Seimeastar Eorpach mar chuid dá straitéis an fhorbairt inbhuanaithe a chur i gcroílár an bheartais eacnamaíoch.

Chuir an Coimisiún athbhreithniú i láthair go luath in 2020 maidir le héifeachtacht rialachas eacnamaíoch AE, agus sheol sé díospóireacht faoina thodhchaí i bhfianaise tosaíochtaí éabhlóideacha an Aontais Eorpaigh. Déantar iniúchadh san athbhreithniú ar a éifeachtaí agus a bhí an creat faireachais eacnamaíoch maidir le trí phríomhchuspóir a bhaint amach:

  • airgeadas rialtais agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe a áirithiú, chomh maith le seachaint na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha;
  • comhordú níos dlúithe idir beartais eacnamaíocha a chumasú; agus
  • cóineasú d’fheidhmíocht eacnamaíoch thíortha AE a chur chun cinn.

FÉACH FREISIN

Nahoru