This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Is éard atá i gceist le AEA comhordú beartas eacnamaíoch agus fioscach, comhbheartas airgeadaíochta, agus airgeadra comhchoiteann — an euro. Cé go nglacann 27 dtír uile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) páirt san aontas eacnamaíoch, chuaigh roinnt tíortha níos faide maidir leis an lánpháirtiú agus ghlac siad an euro. Le chéile, is ionann na tíortha sin agus limistéar an euro.
Le lánpháirtiú eacnamaíoch, soláthraítear tairbhí níos mó, éifeachtúlacht agus stóinseacht inmheánach do gheilleagar an Aontais Eorpaigh ina iomláine agus do gheilleagair gach tíre aonair de chuid an Aontais Eorpaigh. Dá réir sin, cuirtear deiseanna ar fáil le haghaidh cobhsaíocht eacnamaíoch, fás méadaithe agus níos mó fostaíochta — torthaí a théann chun tairbhe shaoránaigh an Aontais Eorpaigh go díreach.
I dtéarmaí praiticiúla, ciallaíonn AEA:
Ón ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch in 2008, threisigh an tAontas Eorpach a chórais rialachais eacnamaíoch go mór chun fadhbanna eacnamaíocha a d’fhéadfadh teacht chun cinn, amhail easnaimh iomarcacha rialtais, leibhéil an fhiachais phoiblí nó míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, a bhrath, a chosc, agus a cheartú ar bhealach níos fearr lena áirithiú go mbeidh an Eoraip níos ullmhaithe do shuaitheadh eacnamaíoch amach anseo.