Ce document est extrait du site web EUR-Lex
Is é aidhm don nós imeachta um easnamh iomarcach (EDP) go gceartóidh tíortha AE easnamh agus/nó fiachas iomarcach. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach nós imeachta um easnamh iomarcach a sheoladh i gcoinne thír AE nach gcloíonn leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), corpas rialacha lena rialaítear comhordú bheartais fioscacha thíortha an Aontais Eorpaigh.
Go sonrach, féadfaidh nós imeachta um easnamh iomarcach a sheoladh má dhéanann tír AE:
Féachtar leis an CCF airgeadas poiblí fónta a chosaint agus tá dhá bhrainse ann:
Rialaítear EDP le hAirteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus tá sé mar bhonn agus mar thaca faoi bhrainse ceartaitheach CCF an Aontais Eorpaigh.
I mí Aibreáin gach bliain, cuireann tíortha de chuid limistéar an euro cláir chobhsaíochta faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle. Cuireann tíortha nach tíortha de limistéar an euro iad cláir um chóineasú faoi bhráid na n–institiúidí céanna. Ní mór go gcuirfí san áireamh i gclár cobhsaíochta nó i gclár um chóineasú cuspóir buiséadach meántéarmach na tíre, mar aon le faisnéis faoin gcaoi a mbainfear amach an cuspóir sin. Cuimsítear anailís ann freisin ar an tionchar a bhíonn ag athruithe ar phríomhthoimhdí bunúsacha eacnamaíocha ar staid fhioscach na tíre.
Déanann an Coimisiún scrúdú ar na cláir. Mura gcomhlíontar na critéir, seolann an Chomhairle EDP bunaithe ar mholtaí an Choimisiúin.
Faoi EDP, ceanglaítear ar an tír i dtrácht plean a sholáthar ina leagfar amach an beart ceartaitheach agus na beartais a leanfar, mar aon le spriocdhátaí chun iad sin a bhaint amach. Féadfar fíneáil a ghearradh ar thíortha de chuid limistéar an euro nach leanann na moltaí.