Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar breithiúnach — Ardán comhoibrithe na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2023/969 lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tá sé mar aidhm leis á dhéanamh níos éasca d’ionchúisitheoirí agus do bhreithiúna, a oibríonn le chéile i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú, faisnéis a mhalartú agus coirpigh a thabhairt chun an dlí. Déantar é sin leis tríd an méid seo a leanas:

  • ardán digiteach a bhunú (ardán comhoibrithe na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú) lena úsáid ar bhonn deonach;
  • freagrachtaí a leithdháileadh idir úsáideoirí an ardáin agus an ghníomhaireacht a reáchtálann é;
  • na coinníollacha faoina ndeonaítear rochtain d’úsáideoirí a leagan amach;
  • rialacha sonracha um chosaint sonraí a leagan síos.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann an méid seo a leanas leis an ardán:

  • córas láraithe faisnéise le haghaidh stóráil shealadach sonraí lárnacha;
  • bogearraí le haghaidh cumarsáid shlán;
  • naisc agus uirlisí TF ábhartha chun tacú leis an méid seo a leanas:

Éascaítear an méid seo a leanas leis an ardán:

  • comhordú agus bainistíocht na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú — foirne arna gcruthú ag dhá Bhallstát nó níos mó de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) le haghaidh imscrúduithe coiriúla sonracha laistigh de theorainn ama;
  • malartú mear agus slán agus stóráil shealadach sonraí oibriúcháin;
  • cumarsáid shlán le haghaidh teachtaireachtaí ar an toirt, comhráite agus closchomhdhálacha agus físchomhdhálacha;
  • inrianaitheacht malartuithe fianaise;
  • meastóireachtaí ar na foirne comhpháirteacha um imscrúdú.

Freagrachtaí

  • Maidir leis an nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA):
    • déanann sí an t–ardán a dhearadh, a fhorbairt agus a fheidhmiú;
    • déanann sí faireachán ar fhorbairt an ardáin agus soláthraíonn sí staidreamh teicniúil rialta;
    • tuairiscíonn sí do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a luaithe a bheidh an t–ardán tugtha chun críche.
    • cuireann sí tuarascáil bhliantúil isteach chuig an gCoimisiún Eorpach, tráth nach déanaí ná 2 bhliain i ndiaidh thosach an ardáin, maidir lena fheidhmíocht theicniúil.
  • Maidir leis na Ballstáit:
    • áiritheoidh siad go mbeidh rochtain ag a n–údaráis inniúla ar an ardán ón taobh teicniúil de;
    • cuireann siad ar chumas a gcuid úsáideoirí ardáin rochtain a bheith acu ar chúrsaí oiliúna.
  • Áirithíonn Eurojust, Europol, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, OLAF agus comhlachtaí inniúla, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais go mbeidh rochtain acu ar an ardán.
  • Maidir le Rúnaíocht Ghréasán na bhfoirne comhpháirtíochta um scrúdú:
    • soláthraíonn sí tacaíocht riaracháin, dhlíthiúil agus theicniúil agus treoir agus cúnamh ó lá go lá;
    • déanann sí cúrsaí oiliúna a dhearadh agus a thairiscint;
    • treisíonn sí cultúr an chomhair trasteorann;
    • cuireann sí tuarascáil bhliantúil isteach maidir le bealaí chun feabhas a chur ar an ardán;
    • áirithíonn Bord Bainistíochta an Chláir, a bhunaigh Bord Bainistíochta eu-LISA, go ndéanfar bainistíocht leordhóthanach ar chéim deartha agus forbartha an ardáin;
    • soláthraíonn Grúpa Comhairleach, a bhunaigh eu-LISA, an saineolas riachtanach;
    • Tugann riarthóirí spáis na bhfoirne comhpháirtíochta um scrúdú rochtain ar an ardán d’údaráis AE agus d’údaráis neamh-AE, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí AE agus d’údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta faoi choinníollacha áirithe.

Slándáil

Cosaint sonraí

  • Maidir le sonraí oibriúcháin:
    • stóráiltear iad sa chóras láraithe faisnéise go dtí go ndéanfaidh gach úsáideoir de chuid na bhfoirne comhpháirtíochta um scrúdú uile iad a íoslódáil;
    • scriostar iad go huathoibríoch agus go buan a luaithe a bheidh siad íoslódáilte.
  • Maidir le sonraí neamh–oibriúcháin:
    • stóráiltear iad ar feadh 5 bliana ar a mhéad má tá sé beartaithe meastóireacht a dhéanamh ar fhoireann chomhpháirtíocht um scrúdú críochnaithe;
    • scriosfar iad go huathoibríoch mura mbeidh aon mheastóireacht le déanamh.
  • Meastar gur rialaitheoirí sonraí iad údaráis náisiúnta agus Eorpacha a bhaineann úsáid as an ardán de réir rialacha AE; comhlíonann riarthóir foirne comhpháirtíochta um scrúdú an ról sin le haghaidh údaráis bhreithiúnacha neamh–AE agus idirnáisiúnta.
  • Ní féidir na sonraí san ardán a úsáid ach don fhoireann chomhpháirtíocht um scrúdú ábhartha amháin.
  • Tá rochtain ar an ardán teoranta d’oifigigh údaraithe.

Maidir leis an gCoimisiún:

  • glacann sé na gníomhartha cur chun feidhme is gá;
  • soláthraíonn sé meastóireacht fhoriomlán ar an ardán do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach 4 bliana ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla a fhaigheann sé ó eu-LISA;
  • cinneann sé nuair a thosóidh an t–ardán ag feidhmiú (ba cheart nach mbeadh sé sin níos déanaí ná an 7 Nollaig 2025).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 06 Meitheamh 2023.

CÚLRA

Tá foirne comhpháirteacha um imscrúdú ann ó 2002 i leith, ach bhí deacrachtaí teicniúla le sárú acu, amhail faisnéis leictreonach a mhalartú go slán. Le hardán tiomnaithe TF, sárófar na fadhbanna sin.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2023/969 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 132, 17.5.2023, lgh. 1–20).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 99–137).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2018/1726 a ionchorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo a luach doiciméadach amháin.

Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú (IO L 162, 20.6.2002, lgh. 1–3).

Féach an leagan comhdhlúite.

Gníomh ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 lena mbunaítear, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lgh. 1–23).

Nuashonraithe 17.10.2023

Top