Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Faisnéis do thomhaltóirí, an ceart chun tarraingt siar agus cearta eile tomhaltóirí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2011/83/AE maidir le cearta tomhaltóirí

Treoir (AE) 2019/2161 lena leasaítear Treoir 2011/83/AE i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí

Treoir (AE) 2023/2673 lena leasaítear Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda agus lena n–aisghairtear Treoir 2002/65/CE

Treoir (AE) 2024/825 lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr

CAD IS AIDHM LEIS NA TREORACHA?

  • Tá sé d’aidhm ag Treoir 2011/83/AE an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • cosaint tomhaltóirí a mhéadú trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar roinnt gnéithe éagsúla den reachtaíocht náisiúnta maidir le conarthaí idir tomhaltóirí agus trádálaithe;
    • trádáil a spreagadh idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE), go háirithe do thomhaltóirí a cheannaíonn ar líne.
  • Gabhann an treoir in ionad na treorach maidir le ciandíol (Treoir 97/7/CE) agus na treorach maidir le díol ó dhoras go doras (Treoir 85/577/CEE).
  • Le Treoir (AE) 2019/2161 i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí leasaítear Treoir 2011/83/AE agus treoracha eile. Leis na leasuithe, méadaítear an chosaint atá ag tomhaltóirí an Aontais Eorpaigh i roinnt réimsí amhail ceannach trí mhargaí ar líne*, trédhearcacht an phearsanaithe praghais* agus aicmiú tairiscintí ar líne agus cearta tomhaltóirí agus seirbhísí ar líne “saor in aisce” á n–úsáid.
  • Ag teacht le fás tapa na seirbhísí airgeadais a chuirtear i gcrích go cianda (ar líne nó ar an nguthán), le Treoir leasaitheach (AE) 2023/2673, cuirtear isteach caibidil lena dtugtar isteach rialacha lena rialaítear conarthaí dá leithéid. Aisghairtear léi Treoir 2002/65/CE (féach an achoimre), an reachtaíocht atá ann cheana ina ndéileáiltear le gnéithe cosanta tomhaltóirí maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais ón 18 Meitheamh 2026.
  • In 2024, tugadh tuilleadh rialacha isteach le Treoir leasaitheach (AE) 2024/825 chun Treoir 2011/83/AE a oiriúnú don aistriú glas agus don gheilleagar ciorclach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Le roinnt eisceachtaí, amhail seirbhísí cúraim sláinte agus sóisialta (agus seirbhísí airgeadais go dtí mhí an Mheithimh 2026), cumhdaítear le Treoir 2011/83/AE réimse leathan conarthaí a dhéantar idir trádálaithe agus tomhaltóirí, amhail conarthaí díolacháin *, conarthaí seirbhíse *, conarthaí le haghaidh inneachar digiteach ar líneseirbhísí digiteacha agus conarthaí le haghaidh soláthar uisce, gáis, leictreachais agus téimh ceantair.
  • Tá feidhm aige maidir le conarthaí a thugtar i gcrích i siopaí agus maidir le conarthaí a thugtar i gcrích ag seoladh seacháitribh (e.g. ag teach an tomhaltóra) nó go cianda (e.g. ar líne), mar aon le conarthaí faoina soláthraíonn an trádálaí seirbhís dhigiteach nó faoina ngeallann sé nó sí go soláthróidh sé nó sí seirbhís dhigiteach *inneachar digiteach * don tomhaltóir, nó má sholáthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta, nó má gheallann sé nó sí go soláthróidh sé nó sí sonraí pearsanta*.
  • Leagtar síos leis freisin oibleagáidí breise faisnéise do na soláthraithe margaí ar líne maidir leis na conarthaí a thugann tomhaltóirí i gcrích le soláthróirí éagsúla sa mhargadh ar líne. Ina theannta sin, bunaítear leis rialacha lena rialaítear trédhearcacht an phearsanaithe praghais agus aicmiú tairiscintí ar líne agus cearta tomhaltóirí agus seirbhísí ar “líne saor in aisce” á n–úsáid.

Oibleagáidí maidir le faisnéis

  • Sula ndeimhnítear conradh, caithfidh trádálaithe faisnéis, i dteanga shoiléir intuigthe, a chur ar fáil do thomhaltóirí amhail:
    • a n-aitheantas agus sonraí teagmhála;
    • príomhthréithe an táirge; agus
    • na coinníollacha atá i bhfeidhm, lena n-áirítear téarmaí íocaíochta, am seachadta, agus comhlíonadh agus fad an chonartha agus coinníollacha foirceanta.
  • I siopaí, ní mór faisnéis nach bhfuil soiléir cheana a chur ar fáil.
  • Tá ceanglais maidir le faisnéis, go háirithe maidir leis an gceart tarraingt siar, níos mionsonraithe i gcás conarthaí a thugtar i gcrích go cianda (amhail ar líne, ar an teileafón nó trí ordú poist) agus i gcás conarthaí seacháitribh a thugtar i gcrích (e.g. i gcás ina dtugann trádálaí cuairt ar theach an tomhaltóra).
  • ceanglais shonracha faisnéise ann maidir le conarthaí a chuirtear i gcrích ar mhargaí ar líne. Ní mór do mhargaí ar líne:
    • tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi sholáthraithe tríú páirtí atá ina dtrádálaithe nó ina neamhtrádálaithe (i.e. tomhaltóir eile);
    • rabhadh a thabhairt don tomhaltóir nach bhfuil feidhm ag rialacha cosanta tomhaltóirí an Aontais maidir le conarthaí a thugtar i gcrích le daoine nach trádálaithe iad; agus
    • a mhíniú cé atá freagrach as comhlíonadh an chonartha: An trádálaí tríú páirtí nó an margadh féin ar líne.
  • Ní mór do thrádálaithe tomhaltóirí a chur ar an eolas freisin nuair a dhéantar an praghas atá á thairiscint a phearsantú bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe.
  • Le Treoir (AE) 2024/825, leasaítear Treoir 2011/83/AE, lena dtugtar isteach rialacha nua lena áirithiú, ag an bpointe díola, go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas maidir le marthanacht agus iontaofacht na dtáirgí a bhfuil sé beartaithe acu iad a cheannach. Deartar an fhaisnéis sin chun cuidiú leo roghanna ceannaigh níos inbhuanaithe a dhéanamh. Ceanglófar ar thrádálaithe an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar do thomhaltóirí sula ndéanfaidh siad ceannachán:
    • meabhrúchán maidir leis an ráthaíocht dhlíthiúil comhréireachta le haghaidh earraí agus na príomhghnéithe a bhaineann léi, lena n–áirítear gurb é dhá bhliain a ré íosta, agus é sin taispeánta go soiléir ag úsáid fógra comhchuibhithe,
    • i gcás ina soláthraíonn táirgeoir ráthaíocht tráchtála maidir le marthanacht gan costas breise ar bith, lena gcumhdaítear an t–earra iomlán agus a bhfuil ré dhá bhliain ar a laghad leis, agus go gcuireann sé nó sí an trádálaí ar an eolas faoi sin, ní mór don trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ag úsáid lipéad comhchuibhithe;
    • i gcás inneachar digiteach agus seirbhísí digiteacha, meabhrúchán gur ann don ráthaíocht dhlíthiúil comhréireachta;
    • meabhrúchán go bhfuil ann do sheirbhísí agus ráthaíochtaí tráchtála iardhíola agus na coinníollacha a ghabhann leo;
    • i gcás earraí lena bhfuil gnéithe digiteacha, nó inneachar digiteach agus seirbhísí digiteacha, an tréimhse íosta ina soláthróidh an táirgeoir nó an soláthraí nuashonruithe bogearraí lena linn.
  • I gcás cianchonarthaí, ceanglaítear le Treoir leasaitheach (AE) 2024/825 ar thrádálaithe téarmaí íocaíochta agus seachadta a chur in iúl do thomhaltóirí, lena n–áirítear roghanna seachadta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus, más infheidhme, conas a láimhseáiltear gearáin a chur in iúl dóibh.
  • Glacfaidh an Coimisiún Eorpach gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar leagan amach agus ábhar an fhógra chomhchuibhithe agus an lipéid chomhchuibhithe a úsáidtear chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina gcearta.

Seirbhísí airgeadais tomhaltóirí

Le Treoir leasaitheach (AE) 2023/2673 tugtar isteach rialacha maidir le seirbhísí airgeadais tomhaltóirí, amhail iad seo a leanas

  • Faisnéis réamhchonarthach nach mór do thrádálaithe a sholáthar do thomhaltóirí sula síneoidh siad conradh. Ní mór do thomhaltóirí dóthain ama a bheith acu chun an fhaisnéis sin a phróiseáil agus a thuiscint, agus ní mór dóibh comparáidí a dhéanamh le táirgí eile chun cinneadh eolasach a dhéanamh. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú rialacha náisiúnta níos déine a fhorchur maidir leis sin.
  • Ceart tomhaltóirí chun idirghabháil dhaonna a iarraidh chun tuiscint níos fearr a fháil ar impleachtaí conartha ar leith ar a staid airgeadais, i gcás ina mbaineann trádálaí úsáid as uirlisí ar líne amhail botaí comhrá.
  • An ceanglas atá ar na Ballstáit bearta a thabhairt isteach lena gcuirtear teorainn le húsáid teicnící margaíochta patrún dorcha (comhéadain lena mbuailtear bob ar úsáideoirí chun rudaí a dhéanamh nach raibh sé beartaithe acu a dhéanamh) chun tionchar a imirt ar roghanna tomhaltóirí.
  • Córas slándála” le haghaidh seirbhísí airgeadais atá eisiata ó reachtaíocht earnála eile nó nach bhfuil clúdaithe ach go páirteach inti, a chur le Treoir 2011/83/AE.

Ceart chun tarraingt siar

  • Féadfaidh tomhaltóirí tarraingt siar as cianchonarthaí agus as conarthaí seacháitribh laistigh de 14 lá ó sheachadadh na n-earraí * nó ó chur i gcrích an chonartha seirbhíse, faoi réir eisceachtaí áirithe, gan aon mhíniú nó aon chostas. Is leor gnáthfhoirm aistarraingthe arna soláthar ag an díoltóir. Mura gcuirtear a gcuid ceart in iúl do thomhaltóirí, sínfear an tréimhse tarraingthe siar ar feadh 12 mhí.
  • díolúintí i bhfeidhm i roinnt cúinsí, mar shampla, le haghaidh earraí meatacha, earraí séalaithe a osclaíonn an tomhaltóir agus nach féidir iad a thabhairt ar ais ar chúiseanna sláinte nó sláinteachais, agus le haghaidh áirithintí óstáin nó le gluaisteáin a fhaightear ar cíos do dhátaí ar leith. Tá díolúintí i bhfeidhm chomh maith, faoi chúinsí áirithe, maidir le conarthaí maidir le hinneachar digiteach a sholáthar, nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe má tá tús curtha leis an bhfeidhmíocht. I gcás ina dtarraingíonn tomhaltóirí siar as conradh, ní mór dóibh staonadh ó úsáid a bhaint as an inneachar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach agus ón inneachar nó ón tseirbhís sin a chur ar fáil do thríú páirtithe.
  • Le Treoir leasaitheach (AE) 2023/2673, féadfaidh tomhaltóirí a gceart chun tarraingt siar ó gach cianchonradh a fheidhmiú trína cheangal ar a soláthraithe a áirithiú go gcuirfear ar fáil lena gcomhéadain feidhm tarraingt siar atá éasca a fháil.

Costais íocaíochta nó costais bhreise ar bith gan údar

  • Níor cheart do thrádálaithe táillí a ghearradh ar thomhaltóirí as modh íocaíochta a úsáid atá níos airde ná an costas a íocann an trádálaí as na modhanna sin a úsáid. I mórán cásanna, tá toirmeasc iomlán ar tháillí den sórt sin a ghearradh i gcomhréir leis an treoir maidir le seirbhísí íocaíochta (Treoir (AE) 2015/2366 – féach an achoimre).
  • I gcás go nglaofaí tomhaltóir ar thrádálaí chun fiosrúchán nó gearán a dhéanamh, ní mór nach n-íocfaidh sé nó sí níos mó ná an bunráta teileafóin.
  • Ní mór toiliú sainráite na dtomhaltóirí a bheith ag an trádálaí nuair a thairgtear seirbhisí íochta breise. Ní féidir boscaí réamh–thicithe ar fhoirm ordaithe a úsáid le haghaidh íocaíochtaí mar seo.

Pionóis

  • Le Treoir 2011/83/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a thabhairt isteach a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar rialacha náisiúnta lenar trasuítear an treoir. Áirítear leis chomh maith liosta critéar atá le cur i bhfeidhm agus na pionóis sin á bhforchur.
  • Ní mór do na Ballstáit a áirithiú, nuair atá pionóis le forchur i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2394 (féach an achoimre) i gcomhthéacs gníomhaíochtaí comhordaithe i ndáil le sáruithe móra trasteorann, go gcuimseoidh siad an fhéidearthacht go bhféadfaí fíneálacha a fhorchur trí bhíthin nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlí a thionscnamh chun fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, agus gurb é 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann uasmhéid na bhfíneálacha sin. I gcásanna go bhfuil fíneáil le forchur i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2394, ach nach bhfuil aon fhaisnéis maidir le láimhdeachas bliantúil an trádálaí ar fáil, ní mór do na Ballstáit an fhéidearthacht go bhféadfaí fíneálacha a fhorchur, agus gurb é €2 mhilliún ar a laghad méid uasta na bhfíneálacha sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA SIN?

  • B’éigean Treoir 2011/83/AE a thrasuí sa dlí náisiúnta sna mBallstát faoin 13 Nollaig 2013. Baineann sí le conarthaí a rinneadh tar éis an 13 Meitheamh 2014.
  • B’éigean Treoir leasaitheach (AE) 2019/2161 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 28 Samhain 2021 agus tá feidhm aici ón 28 Bealtaine 2022.
  • Ní mór Treoir Leasaitheach (AE) 2023/2673 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 19 Nollaig 2025 agus beidh feidhm aici ón 19 Meitheamh 2026.
  • Ní mór Treoir Leasaitheach (AE) 2024/825 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 27 Márta 2026 agus beidh feidhm aici ón 27 Meán Fómhair 2026.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Margadh ar líne. Seirbhís a úsáideann bogearraí, lena n–áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, a oibríonn trádálaí nó a oibrítear thar ceann trádálaí trínar féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a dhéanamh le trádálaithe eile nó le tomhaltóirí.
Pearsanú praghais. I gcás ina socraíonn trádálaí praghsanna éagsúla do thomhaltóirí aonair nó do ghrúpaí tomhaltóirí ar bhonn anailís uathoibrithe ar roghanna na dtomhaltóirí sin agus ar thoilteanas na dtomhaltóirí sin iad a íoc.
Conradh díolacháin. Conradh ar bith faoina ndéanann an trádálaí úinéireacht na n–earraí a aistriú nó trína ngeallann siad úinéireacht na n–earraí a aistriú chuig an tomhaltóir, lena n–áirítear conradh ar bith a bhfuil earraí agus seirbhísí araon mar chuspóir leis.
Conradh seirbhíse. Aon chonradh seachas conradh díolacháin faoina soláthraíonn an trádálaí seirbhís nó a bhfuil sé i gceist aige seirbhís a sholáthar faoi lena n–áirítear seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir.
Seirbhís dhigiteach. Is í sin:

  • seirbhís trínar féidir le tomhaltóirí sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó a rochtain i bhfoirm dhigiteach; nó
  • seirbhís trínar féidir sonraí a chomhroinnt agus trínar féidir idirghníomhú ar bith eile leo ar bhealach eile i bhfoirm dhigiteach a uaslódálann nó a chruthaíonn an tomhaltóir nó úsáideoirí eile na seirbhíse sin.

Inneachar digiteach. Sonraí a chruthaítear agus sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach.
Sonraí pearsanta. Faisnéis ar bith a bhaineann le duine aonair aitheanta nó inaitheanta.
Earraí. Is iad sin:

  • earraí sochorraithe fisiceacha ar bith, lena n–áirítear uisce, gás agus leictreachas nuair a dhíoltar iad i méid teoranta nó i gcainníocht shocraithe;
  • aon earraí sochorraithe fisiceacha lena n–ionchorpraítear inneachar digiteach nó seirbhís dhigiteach nó atá idirnasctha leo ar bhealach a chuirfeadh easpa an inneachair dhigitigh nó na seirbhíse digití sin cosc ar na hearraí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh (earraí lena bhfuil eilimintí digiteacha).

PRÍOMHDHOICIMÉID

Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lgh. 64-88).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2011/83/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 98/6/CE, Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí (IO L 328, 18.12.2019, lgh. 7-28).

Treoir (AE) 2023/2673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda agus lena n–aisghairtear Treoir 2002/65/CE (IO L, 2023/2673, 28.11.2023).

Treoir (AE) 2024/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr (IO L, 2024/825, 6.3.2024).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Fógra ón gCoimisiún — Treoir maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta tomhaltóirí (IO C 525, 29.12.2021, lgh. 1-85).

Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n–aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lgh. 28-50).

Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lgh. 1-27).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Margadh Nua do Thomhaltóirí (COM(2018) 183 críochnaitheach, 11.4.2018).

Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lgh. 1-26).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil bainteacha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lgh. 1-33).

Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh 1093/2010, agus lena n–aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lgh. 35-127).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n–aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008,, lgh. 66–92).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE agus Treoir 97/7/CE agus Treoir 98/27/CE ón gComhairle (IO L 271, 9.10.2002, lgh. 16-24).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 07.08.2024

Top