EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar idir údaráis náisiúnta maidir le dlíthe cosanta tomhaltóirí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2017/2394 — comhar idir údaráis náisiúnta maidir le dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú

CAD É AIDHM AN RIALACHÁIN?

Tá sé mar aidhm leis tomhaltóirí a chosaint ó sháruithe trasteorann ar dhlí AE um thomhaltóirí trí chomhar na n–údarás náisiúnta ábhartha i dtíortha in AE, sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), eatarthu féin agus leis an gCoimisiún Eorpach a nuachóiriú.

Tá na rialacha nua ina gcabhair chun feabhas a chur ar mhuinín tomhaltóirí agus gnóthaí sa ríomhthráchtáil laistigh de AE.

Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 leis agus cuirfear sé in ionad an Rialacháin sin é ón 17 Eanáir 2020 i leith.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Cumhdaítear leis an rialachán 26 dlí AE lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, atá liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis (féadfar cinn nua a chur leis amach anseo d’fhonn an raon feidhme a leathnú go réimsí reachtacha nua) agus tá feidhm aige maidir le sárú ar bith ar na dlíthe sin.

Féadfaidh na sáruithe seo a leanas a bheith i gceist:

  • sáruithe laistigh de AE: sa chás go bhfuil tomhaltóirí ina gcónaí i dtír AE eile seachas an tír
    • inar tharla an sárú;
    • ina bhfuil an trádálaí atá freagrach as lonnaithe; nó
    • inar féidir an fhianaise nó na sócmhainní lena mbaineann a fháil;
  • sáruithe forleathana: gníomh nó neamhghníomh atá contrártha do dhlí cotomhaltóirí a bhfuil comhghnéithe ag baint leo, lena santa tomhaltóirí AE, lena ndéantar nó lena ndéanfar dochar do chomhleasanna tomhaltóirí in 2 thír AE ar a laghad seachas an tír
    • inar thosaigh an sárú nó inar tharla sé
    • ina bhfuil an trádálaí atá freagrach as lonnaithe;
    • inar féidir an fhianaise nó sócmhainní an trádálaí lena mbaineann a fháil; nó
  • gníomhartha nó neamhghníomhartha ar bith atá contrártha do dhlíthe cosanta tomhaltóirí AE lena ndéantar dochar nó ar dóigh go ndéanfaí dochar leo do chomhleasanna tomhaltóirí a bhfuil comhghnéithe ag baint leo, lena n–áirítear
    • an cleachtas neamhdhleathach céanna
    • sárú ar an leas céanna agus
    • a tharlaíonn i gcomhthráth
    • arna ndéanamh ag an trádálaí céanna, i 3 dtír AE ar a laghad;
  • sáruithe forleathana lena mbaineann gné AE: tá na tomhaltóirí a ndearnadh dochar dóibh ina gcónaí in dhá thrian ar a laghad de thíortha AE, agus is ionann iad agus dhá thrian de dhaonra AE.

Féadfaidh gníomh nó neamhghníomh a bheith i gceist leis an sárú, agus féadfaidh deireadh a bheith curtha leis sula dtosaítear ar fhorfheidhmiú nó sula gcuirtear i gcrích é.

Údaráis inniúla

Ní mór do gach tír AE acmhainní a ainmniú agus a sholáthar maidir leis an méid seo a leanas:

  • oifig idirchaidrimh aonair a bheidh freagrach as gníomhaíochtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe a chomhordú agus as comhar éifeachtach a áirithiú;
  • údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as cur chun feidhme an rialacháin.

Féadfaidh tíortha AE cabhair a iarraidh ó chomhlachtaí ainmnithe chomh maith, nuair is gá, chun faisnéis a bhailiú maidir le sárú nó chun bearta forfheidhmithe a ghlacadh, de réir coinníollacha áirithe den rialachán.

íoschumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe na n–údarás inniúil liostaithe sa rialachán, lena n–áirítear an chumhacht chun gealltanais a fháil ó thrádálaí go gcuirfidh sé/sí stop le sárú nó go gcuirfidh sé/sí réitigh ar fáil do na tomhaltóirí sin dá ndearnadh dochar.

Sa bhreis air sin, beidh údaráis in ann an méid seo a leanas a dhéanamh fosta:

  • faisnéis a iarraidh ó chláraitheoirí fearann agus ó bhainc chun an trádálaí atá freagrach a aithint;
  • ceannacháin thrialacha (“rúnsiopadóireacht”) a dhéanamh chun seiceáil a dhéanamh le haghaidh idirdhealú geografach nó coinníollacha iardhíola (e.g. cearta chun tarraingt siar); agus
  • a ordú go mbainfí ábhar ar líne más gá.

Cúnamh frithpháirteach

I gcás sáruithe laistigh de AE, leagtar amach sa rialachán an nós imeachta maidir le hiarratais ar fhaisnéis agus maidir le bearta forfheidhmithe ó thír AE amháin go ceann eile.

Ní mór do na húdaráis iarratais ar fhaisnéis a fhreagairt laistigh de 30 lá mura gcomhaontaítear a mhalairt, agus ní mór dóibh bearta forfheidhmithe iomchuí a chur i bhfeidhm gan mhoill agus laistigh de 6 mhí de ghnáth. Cumhdaítear sa rialachán chomh maith na cúinsí ina bhféadfaí iarratas dá leithéid a dhiúltú.

Gníomh comhordaithe

Sa chás go bhfuil amhras réasúnach ann go ndearnadh sárú forleathan, ní mór do na húdaráis lena mbaineann foláireamh a chur chuig an gCoimisiún, chuig údaráis inniúla eile agus chuig oifigí idirchaidrimh gan mhoill, agus tús a chur le gníomh comhordaithe nuair a chomhaontaítear a leithéid, le comhordaitheoir ainmnithe.

Ní mór don Choimisiún aon sáruithe amhrasta a dtagann sé ar an eolas fúthu a chur in iúl do na húdaráis náisiúnta. Má tá amhras faoi shárú forleathan ar fud AE, ní mór d’údaráis náisiúnta imscrúduithe iomchuí a dhéanamh agus tús a chur le gníomh comhordaithe má dheimhnítear leis na himscrúduithe sin go bhféadfadh sárú a bheith i gceist. Ní mór gníomhartha comhordaithe chun plé le sáruithe forleathana lena mbaineann gné AE a bheith comhordaithe ag an gCoimisiún i gcónaí.

Féadfaidh tíortha AE diúltú do pháirt a ghlacadh i ngníomh comhordaithe, mar shampla, má tá imeachtaí breithiúnacha ar siúl cheana féin nó má léiríodh le himscrúdú go bhfuil éifeachtaí iarbhír nó féideartha an tsáraithe líomhnaithe diombaiseach sa tír sin.

Gníomhaíochtaí ar fud AE

Tugtar isteach córas foláirimh nua leis an rialachán chomh maith, ionas go bhféadfaí bagairtí a thiocfadh chun cinn a bhrath níos tapúla. Leis an gcóras foláirimh nua seo, cuirtear an córas a bhí ann cheana faoin Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí (Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004) in éineacht le malartú níos leithne faisnéise ábhartha agus riachtanaí.

Chomh maith leis sin, beidh comhlachtaí seachtracha áirithe (amhail comhlachais tomhaltóirí agus trádála, na Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí agus comhlachtaí ainmnithe ar a mbronnann tíortha AE nó an Coimisiún an chumhacht sin) in ann foláirimh a sheoladh (“foláirimh sheachtracha”). Ar an gcaoi sin, méadaítear ról na bpáirtithe leasmhara i bhforfheidhmiú an dlí cosanta tomhaltóirí.

Féadfaidh na húdaráis a chinneadh go ndéanfaí scuab-imscrúduithe* chomh maith chun sáruithe a bhrath, ach ní mór don Choimisiún iad sin a chomhordú de ghnáth.

Cosaint sonraí

Féadfaidh údaráis sonraí ábhartha a iarraidh go díreach ó thríú páirtithe i gcomhréir le Treoir 2000/31/CE (maidir le ríomhthráchtáil) agus urraim á tabhairt don reachtaíocht maidir le cosaint sonraí (Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, Rialachán (AE) 2016/679 — an rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí (GDPR) agus Treoir (AE) 2016/680 — Sonraí pearsanta a chosaint agus iad á n–úsáid ag póilíní agus ag údaráis an cheartais choiriúil).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 17 Eanáir 2020.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Scuab-imscrúduithe: imscrúduithe comhordaithe ar mhargadh tomhaltóirí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lgh. 1-26)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1-88)

Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 89-131)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2016/680 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (IO L 364, 9.12.2004, lgh. 1-11)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin (IO L 8, 12.1.2001, lgh. 1-22)

Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí sochaí faisnéise, go háirithe an ríomhthráchtáil, sa Mhargadh Inmheánach (“Treoir maidir le ríomhthráchtáil”) (IO L 178, 17.7.2000, lgh. 1-16)

Nuashonraithe 14.05.2018

Top