This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32013R0174
Regulation (EU) No 174/2013 of the European Parliament and of the Council of 5 February 2013 amending Regulation (EC) No 106/2008 on a Community energy-efficiency labelling programme for office equipment Text with EEA relevance
Rialachán (AE) Uimh. 174/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 maidir le clár Comhphobail um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (AE) Uimh. 174/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 maidir le clár Comhphobail um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
IO L 63, , pp. 1–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV) Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta
(HR)
In force
|
6.3.2013 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 174/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Feabhra 2013
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 maidir le clár Comhphobail um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cuirtear an clár Energy Star chun feidhme san Aontas ar bhonn an Chomhaontaithe idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach maidir leis an gcomhordú ar chláir um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige (4). Chuaigh an Comhaontú sin in éag an 28 Nollaig 2011 agus ghlac an Chomhairle cinneadh lenar údaraíodh an Coimisiún comhaontú nua cúig bliana a chaibidliú leis na Stáit Aontaithe. Tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gcomhaontú nua idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir leis an gcomhordú ar chláir um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige (5) (“an Comhaontú”) chun críche an 29 Samhain 2011. Ba cheart, dá bhrí sin, tagairt don Chomhaontú a chur isteach. |
|
(2) |
Is gá freisin tagairtí do lipéadú an Aontais nó do scéimeanna deimhnithe caighdeáin a bunaíodh le Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do leagan amach na gceanglas éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh (6), le Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le tomhaltas fuinnimh agus acmhainní eile i dtáirgí a bhaineann le fuinneamh a chur in iúl trí lipéadú agus trí fhaisnéis chaighdeánach ar tháirgí a bhaineann le fuinneamh (7) agus le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (8) a nuashonrú. |
|
(3) |
Is iomchuí freisin an t-ainm atá ar an mBord Energy Star a leasú. |
|
(4) |
Ba cheart Airteagal VI den Chomhaontú ina ndéantar foráil maidir le dhá scéim deimhniúcháin ar leith (féindeimhniúchán le haghaidh táirgí a chuirfear ar mhargadh an Aontais agus deimhniúchán tríú páirtí le haghaidh táirgí a chuirfear ar mhargadh na Stát Aontaithe) a chur san áireamh. |
|
(5) |
Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar an nasc leis na forálacha ábhartha i dTreoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair maidir le tíosacht ar fhuinneamh (9). |
|
(6) |
Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún faoi seach maidir leis an gclár Energy Star. |
|
(7) |
Ba cheart breithniú ar roghanna eile beartais a bheith sa mheasúnú ar an gclár Energy Star agus ba cheart dóthain ama a chur ar fáil ann le go ndéanfar cinneadh go feasach maidir leis an gComhaontú a athnuachan. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 leis seo mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: “Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le clár an Aontais um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige.”; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal 1 Cuspóir Bunaítear leis an Rialachán seo na rialacha do chlár an Aontais um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige (dá ngairtear an clár Energy Star anseo feasta) mar a shainmhínítear sa Chomhaontú idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir leis an gcomhordú ar chláir um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige (*1) sínithe an 10 Nollaig 2012 sa Bhruiséil agus an 18 Eanáir 2013 in Washington (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta). |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: “Airteagal 6 Critéir tíosachta ar fhuinneamh a chur chun cinn 1. Fad is a mhairfidh an Comhaontú, gan dochar do dhlí an Aontais Eorpaigh ná don dlí náisiúnta ná do chritéir eacnamaíocha, déanfaidh na húdaráis rialtais láir de réir bhrí Threoir 2004/18/CE an 31 Márta 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí (*6) a chomhordú, ceanglais maidir leis an tíosacht ar fhuinneamh a shonrú a bheidh ar a laghad chomh dian leis na Sonraíochtaí Coiteanna do chonarthaí soláthair phoiblí ar ionann a luach nó ar mó a luach ná na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 7 den Treoir sin. Spreagfaidh na Ballstáit na húdaráis chonarthacha ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil leas a bhaint as na ceanglais sin. Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do na forálacha a leagtar síos in Airteagal 6 de Threoir 2012/27/AE agus i bpointe (c) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin. 2. Fad is a mhairfidh an Comhaontú, socróidh an Coimisiún agus na hinstitiúidí eile de chuid an Aontais, gan dochar do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta ná do chritéir eacnamaíocha, ceanglais tíosachta ar fhuinneamh nach lú déine ná na Sonraíochtaí Coiteanna le haghaidh conarthaí soláthair phoiblí ar ionann a luach nó ar mó a luach ná na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 7 de Threoir 2004/18/CE. |
|
(5) |
scriostar Airteagal 7; |
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: “Airteagal 8 Bord Energy Star an Aontais Eorpaigh 1. Bunóidh an Coimisiún Bord Energy Star an Aontais Eorpaigh (BESAE) arb éard a bheidh ann na hionadaithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9 agus ionadaithe ó na páirtithe leasmhara. Déanfaidh BESAE athbhreithniú ar chur chun feidhme an chláir Energy Star laistigh den Aontas agus cuirfidh sé comhairle ar fáil don Choimisiún agus tabharfaidh sé cúnamh dó, de réir mar is iomchuí, le go mbeidh ar a chumas a ról mar Eintiteas Bainistíochta, dá dtagraítear in Airteagal IV den Chomhaontú, a chomhlíonadh. 2. Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh BESAE, a mhéid is féidir agus a ghníomhaíochtaí á seoladh aige, i ndáil le gach grúpa de tháirgí trealaimh oifige, rannpháirtíocht chothrom na bpáirtithe leasmhara iomchuí uile a bhfuil baint acu leis an ngrúpa táirgí sin, amhail monaróirí, miondíoltóirí, allmhaireoirí, grúpaí caomhnaithe comhshaoil agus eagraíochtaí tomhaltóirí. 3. Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh BESAE, faireachán ar an gcaoi a rachaidh táirgí a bhfuil an Lógó Coiteann orthu i bhfód ar an margadh agus déanfaidh sé faireachán ar fhorbairtí ar thíosacht trealaimh oifige ar fhuinneamh d’fhonn athbhreithniú tráthúil a dhéanamh ar na Sonraíochtaí Coiteanna. 4. Bunóidh an Coimisiún rialacha nós imeachta BESAE agus tuairimí ionadaithe náisiúnta i BESAE á gcur san áireamh aige.”; |
|
(7) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11: “Airteagal 11 Nósanna imeachta ullmhúcháin don athbhreithniú ar na critéir theicniúla 1. D’fhonn ullmhú don athbhreithniú ar na Sonraíochtaí Coiteanna agus ar na grúpaí de tháirgí trealaimh oifige a chumhdaítear le hIarscríbhinn C a ghabhann leis an gComhaontú, agus sula gcuirfear dréacht-togra faoi bhráid USEPA nó sula gcuirfear freagra chuig USEPA i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Chomhaontú agus i gCinneadh 2013/107/AE ón gComhairle an 13 Samhain 2012 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir leis an gcomhordú ar chláir um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige (*7), glacfar na céimeanna a leagtar amach i mír 2 go mír 5. 2. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar BESAE togra a chur isteach le haghaidh athbhreithniú ar an gComhaontú nó ar na Sonraíochtaí Coiteanna do tháirge. Féadfaidh an Coimisiún togra a chur faoi bhráid BESAE le haghaidh athbhreithniú ar na Sonraíochtaí Coiteanna do tháirge nó ar an gComhaontú. Féadfaidh BESAE togra a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar a thionscnamh féin. 3. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le BESAE aon uair a bhfaighidh sé togra ó USEPA le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú. 4. Nuair a bheidh a dtuairimí á gcur in iúl don Choimisiún acu, cuirfidh comhaltaí BESAE torthaí staidéar féidearthachta agus torthaí staidéar ar an margadh agus an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil chun an tomhaltas fuinnimh a laghdú san áireamh. 5. Tabharfaidh an Coimisiún aird faoi leith ar an gcuspóir maidir le Sonraíochtaí Coiteanna a leagan amach ar leibhéal ardaidhmeannach, dá bhforáiltear in Airteagal I, mír 3, den Chomhaontú, agus é de chuspóir an tomhaltas fuinnimh a laghdú agus beidh aird chuí aige ar an teicneolaíocht a bheidh ar fáil agus ar na costais saolré ghaolmhara. Sula dtabharfaidh sé uaidh a thuairimí faoi aon Sonraíochtaí Coiteanna nua, cuirfidh BESAE san áireamh, go háirithe, na torthaí is déanaí ar staidéir éicidhearthóireachta. |
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3): “3. Áiritheoidh an Coimisiún go mbainfear úsáid chuí as an Lógó Coiteann trí ghníomhaíocht a dhéanamh nó a chomhordú a ndéantar cur síos uirthi in Airteagal IX, mír 2, mír 3 agus mír 4 den Chomhaontú. Gníomhóidh na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, go háirithe mar a chuirtear síos air in Airteagal IX, mír 5, den Chomhaontú chun a áirithiú go mbeidh comhréireacht ann le forálacha an Rialacháin seo ina gcríoch féin agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas. Féadfaidh na Ballstáit fianaise ar neamhchomhlíonadh rannpháirtithe an chláir a tharchur chuig an gCoimisiún le go bhféadfaidh sé gníomhaíocht tosaigh a dhéanamh.”; |
|
(10) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13: “Airteagal 13 Athbhreithniú agus leasú Sula bpléifidh na Páirtithe atá sa Chomhaontú a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal XIV, mír 2 de, déanfaidh an Coimisiún luacháil ar éifeachtúlacht an chláir Energy Star maidir leis an tíosacht ar fhuinneamh a bhaineann le trealamh oifige a fheabhsú, le poist nua a chruthú agus deiseanna margaidh a chur ar fáil do mhonaróirí, agus déanfaidh sé measúnú ar roghanna malartacha beartas ar nós na roghanna sin atá foráilte i reachtaíocht an Aontais, go háirithe Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE. Tuairisceofar torthaí luachála agus torthaí measúnaithe den chineál seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar a laghad dhá bhliain roimh dhul in éag don Chomhaontú.”; |
|
(11) |
scriostar Airteagal 14. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 5 Feabhra 2013.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. CREIGHTON
(1) IO C 191, 29.6.2012, lch. 142.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012.
(3) IO L 39, 13.2.2008, lch. 1.
(4) IO L 381, 28.12.2006, lch. 26.
(5) Féach lch. 7 den Iris Oifigiúil seo.
(6) IO L 285, 31.10.2009, lch. 10.
(7) IO L 153, 18.6.2010, lch. 1.