Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022L0890

    Treoir (AE) 2022/890 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí roghnaigh i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí áirithe atá soghabhálach do chalaois agus le tréimhse chur i bhfeidhm an tSásra Frithghnímh Mhear in aghaidh na calaoise CBL

    ST/7137/2022/INIT

    IO L 155, 08/06/2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/890/oj

    8.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 155/1


    TREOIR (AE) 2022/890 ÓN gCOMHAIRLE

    an 3 Meitheamh 2022

    lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí roghnaigh i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí áirithe atá soghabhálach do chalaois agus le tréimhse chur i bhfeidhm an tSásra Frithghnímh Mhear in aghaidh na calaoise CBL

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

    Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Maidir leis an gcalaois chánach i réimse na cánach breisluacha (CBL), is rud é sin as a n-eascraíonn caillteanais bhuiséadacha shuntasacha agus ag a mbíonn tionchar ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh.

    (2)

    Le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle (3), déantar foráil ionas gur féidir leis na Ballstáit, ar bhonn roghnach, an sásra aistrithe táillí (RCM) a úsáid le haghaidh CBL a íoc ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí réamhshainithe atá soghabhálach don chalaois, go háirithe calaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh. Forálítear do bheart speisialta an tSásra Frithghnímh Mhear (SFM) leis an Treoir sin chomh maith, lena sholáthraítear do na Ballstáit, faoi choinníollacha dochta áirithe, nós imeachta níos tapa lenar féidir RCM a thabhairt isteach, as a dtagann freagairt níos fearr agus níos éifeachtaí ar chalaois thobann ollmhór. Rachaidh tréimhse chur chun feidhme an dá shásra in éag an 30 Meitheamh 2022.

    (3)

    Ghlac an Coimisiún dhá thogra reachtacha chun an córas cinntitheach CBL a thabhairt isteach, agus é d’aidhm acu freagairt chuimsitheach a thabhairt ar chalaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh. Na tograí sin, tograí a bhí beartaithe ar dtús teacht i bhfeidhm an 1 Iúil 2022, tá siad fós á gcaibidil ag an gComhairle agus is féidir a thuar nach nglacfar iad roimh an dáta sin, agus nach dtiocfaidh siad i bhfeidhm an dáta sin.

    (4)

    Ina thuarascáil an 8 Márta 2018, ar éifeachtaí Airteagal 199a agus Airteagal 199b de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcalaois a chomhrac, léiríonn an Coimisiún gur mheas na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara i gcoitinne go raibh RCM ina uirlis shealadach éifeachtach chun calaois CBL a chomhrac. Thairis sin, mheas na Ballstáit go raibh SFM ina uirlis úsáideach agus ina bheart réamhchúraim úsáideach in aghaidh cásanna eisceachtúla chalaois CBL. Ó shin i leith, níor athraíodh na coinníollacha dlíthiúla ná na praiticiúlachtaí maidir le cur i bhfeidhm RCM i gcóras CBL an Aontais. Ina theannta sin, níor leasaíodh go suntasach Treoir 2006/112/CE chun dul i ngleic ar bhealach níos struchtúrtha le saincheist na calaoise laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh. Tá sé réasúnach, dá bhrí sin, glacadh leis go bhfuil na torthaí agus na breithnithe atá sa tuarascáil sin fós bailí den chuid is mó.

    (5)

    Is cosúil, dá bhrí sin, go raibh RCM agus SFM úsáideach mar bhearta sealadacha agus spriocdhírithe. Dá n-imeoidís in éag, d’fhágfaí na Ballstáit gan uirlisí éifeachtúla chun an chalaois a chomhrac. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur le tréimshe feidhme RCM agus SFM ar feadh tréimhse theoranta ama eile chun gur féidir an chaibidlíocht a dhéanamh sa Chomhairle maidir leis an gcóras cinntitheach CBL, agus chun gur féidir leanúint, idir an dá linn, d’fhorbairt na n-uirlisí chun an chalaois a chomhrac agus de nuachóiriú rialacha tuairiscithe atá le glacadh.

    (6)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon uirlisí chun an chalaois a chomhrac a chaomhnú, a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    (7)

    Ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:

    (1)

    leasaítear Airteagal 199a mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

    “Go dtí an 31 Nollaig 2026, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gurb é an duine inchánach a soláthraítear aon cheann de na soláthairtí seo a leanas dó, gurb é sin an duine inchánach maidir le CBL:”;

    (b)

    scriostar mír 3, mír 4 agus mír 5;

    (2)

    in Airteagal 199b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   An beart speisialta SFM dá bhforáiltear i mír 1, beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2026.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 3 Meitheamh 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    F. RIESTER


    (1)  Tuairim an 3 Bealtaine 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Tuairim an 23 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (3)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).


    Top