EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0366R(01)

Prijedlog UREDBE EUROPSKOG PARLAMENTA I VIJEĆA o uspostavi programa Kreativna Europa (2021.–2027.) i stavljanju izvan snage Uredbe (EU) br. 1295/2013

COM/2018/366 final/2

An Bhruiséil,5.7.2019

COM(2018) 366 final/2

2018/0190(COD)

CORRIGENDUM
This document corrects document COM(2018) 366 final of 30.5.2018.
Concerns the Irish language version.
Errors throughout the document were corrected.
The text shall read as follows:

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n
x001e
aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2018) 274 final}
{SWD(2018) 290 final}
{SWD(2018) 291 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí

Is cuid den fhéiniúlacht Eorpach iad oidhreacht shaibhir chultúrtha agus earnálacha dinimiciúla cultúrtha agus cruthaitheacha na hEorpa. Bíonn an cultúr agus léirithe cultúir le sonrú go follasach i saol laethúil shaoránaigh an Aontais agus is féidir leo cur le folláine, le saoránacht ghníomhach, le luachanna coiteanna, leis an gcuimsiú sóisialta agus le forbairt idirphléití idirchultúrtha agus, chomh maith leis sin, le forbairt timpeallachta ina mbeadh na meáin saor, iolraíoch agus éagsúil. Rannchuidíonn na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha go hiomlán le forbairt eacnamaíoch an Aontais, le poist agus fás a ghiniúint, agus dá réir sin tá siad ríthábhachtach do thodhchaí na hEorpa.

Tá sé de chumhacht ag na hearnálacha sin freisin ár nardmhianta agus ár gcaidreamh le daoine eile agus leis an domhan, leis na háiteanna agus leis an tírdhreach ina bhfuil cónaí orainn nó an stíl mhaireachtála atá againn a mhúnlú. Déanann siad barr feabhais Eorpach a chur chun cinn os comhair an domhain, ag treisiú staid an Aontais ar leibhéal domhanda.

Cuireadh tacaíocht Eorpach ar fáil don chultúr agus don earnáil chlosamhairc trí bhíthin clár maoiniúcháin éagsúil le blianta fada anuas. Is ardán ar leith é Clár Eoraip na Cruthaitheachta 2014-2020 chun tacaíocht chomhordaithe agus chuiditheach a sholáthar dóibh ar fud na mór-roinne. Tógann an togra seo ar an taithí sin agus é mar chuspóir aige leanúint ar aghaidh le gnéithe rathúla agus iad sin a neartú trí bhuiséad treisithe lena léirítear tiomantas an Aontais Eorpaigh do na hearnálacha sin agus lena dtugtar aitheantas dá ról ríthábhachtach san Aontas Eorpach. Féadfaidh sé, trí bhíthin an tiliomad gníomhaíochtaí agus tionscadal a bheidh á maoiniú aige, an togra a chur i gcrích, rud a chuideoidh le hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha Eorpacha a threisiú, agus chun a bpoitéinseal iomlán a réadú i gcomhthéacs eacnamaíoch, sóisialta agus idirnáisiúnta.

Sonraítear in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach gurb é “is aidhm don Aontas an tsíocháin, a luachanna agus dea-bhail a phobal a chur chun cinn, ” agus, i measc nithe eile, “go nurramóidh an tAontas an saibhreas atá san éagsúlacht chultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú”. Chuige sin, i bpáipéar machnaimh an Choimisiúin maidir le todhchaí airgeadais an Aontais deirtear go "dtacaíonn buiséad an Aontais leis an aidhm sin, ag obair i dteannta na mbuiséid náisiúnta agus ag comhlánú iarrachtaí eile ar leibhéal Eorpach agus náisiúnta".

Chun iomaíochas agus éagsúlacht chultúrtha agus teanga an tionscail chlosamhairc a chur chun cinn, bhain an tAontas leas as roinnt ionstraimí lena gcuirtear reachtaíocht, tacaíocht beartais agus maoiniú le chéile. Éilíonn an straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip nuachóiriú an chreata dhlíthiúil ar gá, dá réir sin, an tacaíocht airgeadais ón Aontas a chur in oiriúint don tionscal closamhairc, chun treochtaí nua sa mhargadh a léiriú, patrúin tomhaltóirí a athrú agus an cóineasú atá idir seirbhísí líneacha agus seirbhísí neamhlíneacha a athrú.

Tá roinnt dúshlán, áfach, roimh na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta.

Ar an gcéad dul síos, tá ar na hearnálacha cultúir agus cruthaitheacha san Eoraip dul i ngleic le hiomaíocht mhéadaithe ó ghníomhaithe domhanda nua atá láidir amhail innill chuardaigh agus ardáin shóisialta atá bunaithe ar an ngréasán. Dá bharr sin, is gá samhlacha nua gnó a fhorbairt is an poitéinseal fáis a bhaint amach trí leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha le bheith iomaíoch i margadh domhanda.

Ar an dara dul síos, tá an taistriú digiteach ag déanamh athraithe sa pharaidím, agus tionchar ollmhór aige ar an gcaoi a ndéantar earraí cultúrtha a chruthú, a bhainistiú, a scaipeadh, a rochtain, a thomhailt, agus luach airgid a chur orthu, ag athrú na luachanna a bhí ann sa ré analógach. D’éascaigh digitiú inneachar agus seirbhísí cultúrtha agus cruthaitheacha a dháileadh, ach cuireadh leis an iomaíocht agus inneachar á scaipeadh trasna teorainneacha ar scála domhanda.

Ar an tríú dul síos, margadh anilroinnte atá ann maidir le saothair chultúrtha agus chruthaitheacha, a eascraíonn den chuid is mó as éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa, arb é an toradh atá air go bhfuil earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ilroinnte go bunúsach feadh línte náisiúnta agus teanga agus mais chriticiúil in easnamh. Tá an éagsúlacht sin mar chuid de shaibhreas cultúrtha na hEorpa.

Ag an am céanna, tá teorainn fós ar chúrsaíocht thrasnáisiúnta saothar. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin cúrsaíocht thrasnáisiúnta agus comhléiriúcháin saothar trasna teorainneacha a spreagadh agus réitigh níos éifeachtaí a fhorbairt chun freastal ar lucht féachana trasna teorainneacha.

Ar an gceathrú dul síos, is ábhar imní é dlús an mhargaidh. I réimsí áirithe cultúir agus cruthaitheachta, tá treocht ag teacht chun cinn ina mbíonn líon teoranta gníomhaithe móra freagrach as cuid mhór na ndíolachán go domhanda.

Ar an gcúigiú dul síos, tá tábhacht idirnáisiúnta le tionscal closamhairc na hEorpa ach níl sé iomaíoch go leor laistigh den Mhargadh Aonair Digiteach. Is léiriúcháin náisiúnta iad 80% de scannáin na hEorpa ach éiríonn le comhléiriúcháin dul chun cinn níos fearr a dhéanamh thar lear ná scannáin náisiúnta. I dtíortha áirithe, ní mór do lucht gairme closamhairc a gcumas oibriúcháin a neartú.

Ar deireadh, tá feiniméan na bréagaisnéise ag teacht chun cinn. Tá tionscail ábhar, go háirithe earnáil na meán nuachta, ag croílár an chomhraic chun cultúr plé daonlathach sláintiúil a chothú. Tá saoirse ealaíne agus timpeallacht atá éagsúil agus saor do na meáin lárnach chun tuairimí agus dearcthaí éagsúla a chur in iúl. Cuireann siad le sochaithe iolraíocha inar féidir le saoránaigh roghanna eolasacha a dhéanamh, i gcomhthéacs toghchán polaitiúil freisin.

Tá cur chuige Eorpach spriocdhírithe ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thrasnáisiúnta seo chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na hearnálacha chun cur le poist, le fás agus leis an gcuimsiú sóisialta, lena náirítear na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus na grúpaí is deacra dul i ngleic leo. Tá siad seo coitianta do Bhallstáit uile an Aontais agus tá gnéithe trasteorann ag baint leo. Cé go bhfuil gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta tábhachtach, níl sé ar chumas na mBallstát aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin ina naonar.

Is é is aidhm don tionscnamh seo cur le héachtaí Chlár Eoraip na Cruthaitheachta agus lena iarrachtaí chun méadú ó scála d’fhonn na cuspóirí atá leagtha síos maidir leis na forbairtí beartais is déanaí a bhaint amach. Tá sé beartaithe ag an gclár nua Eoraip na Cruthaitheachta deiseanna a chur ar fáil d’oibreoirí chun tionscnaimh Eorpacha trasteorann atá nuálaíoch ó thaobh na teicneolaíochta agus na healaíne de a fhorbairt, chun saothair Eorpacha a mhalartú, a chomhchruthú, a chomhsholáthar agus a dháileadh agus chun iad a chur ar fáil do lucht féachana/éisteachta leathan agus éagsúil. Treiseoidh sé tástáil ar shamhlacha nua gnó a chuireann ar chumas cruthaitheoirí úsáid níos fearr a bhaint as an teicneolaíocht dhigiteach chun cur le cruthú agus le forbairt lucht féachana/éisteachta.

D’fhonn dul i ngleic le margaí idirnáisiúnta atá ag éirí níos iomaíche, tacóidh an Clár nua le comhpháirtíochtaí agus le líonraí trasteorann mar aon le samhlacha nua comhair, chun earnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa a spreagadh chun méadú ó scála. Neartóidh sé sin staid gníomhaithe Eorpacha sna margaí Eorpacha agus domhanda, mar shampla trí thacaíocht a thabhairt dá láithreacht idirnáisiúnta, dá margú agus dá mbrandáil go hidirnáisiúnta. Déanfaidh an clár infheistíocht chun acmhainní cruthaitheacha ealaíontóirí agus gairmithe an tionscail a fhorbairt trí chur lena gcumas comhoibriú thar theorainneacha. Tacóidh sé le tionscnaimh lena ligtear do thuilleadh daoine páirt a ghlacadh sa chultúr agus, dá bharr, cur le cuimsiú sóisialta shochaí na hEorpa.

De bhun na Treorach athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc beidh tuilleadh deiseanna ann chun saothair Eorpacha a chur chun cinn, ach beidh gá le bearta tacaíochta chun cabhrú le saothair Eorpacha nach saothair náisiúnta iad a chur ar fáil ar fud na hEorpa agus lasmuigh di. Leis an gClár nua tabharfar aghaidh ar na dúshláin atá os comhair na hearnála closamhairc – an taistriú digiteach san áireamh — trí chomhar a chothú i measc an tslabhra luacha – ó chéimeanna luatha an táirgthe go dtí an dáileadh agus an taispeántas. Tacófar go sonrach le tionscadail ag a bhfuil poitéinseal ardchúrsaíochta, cur chuige an mhargaidh domhanda agus rochtain ar ábhar na nardán go léir.

Lena chois sin, tacóidh an Clár nua le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh earnáil mheáin nuachta na hEorpa, an tsaoirseacht iriseoireachta, agus éagsúlacht agus iolrachas ábhar iriseoireachta a threisiú, chomh maith le cur chuige ríthábhachtach acu i leith inneachar meán trí litearthacht sna meáin.

Foráiltear leis an togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana

Cuireann an tionscnamh seo leis an uaillmhian a léiríodh sa Róimh i mí Márta 2017 ag na 27 mBallstát agus ag institiúidí an Aontais Eorpaigh le haghaidh Aontas ina mbeadh "deiseanna nua ag saoránaigh le haghaidh forbairt chultúrtha agus shóisialta agus fás eacnamaíoch[...]; Aontas a chaomhnóidh ár noidhreacht chultúrtha agus a chuirfidh an éagsúlacht chultúrtha chun cinn” 1 . Deimhníodh an uaillmhian sin ag Cruinniú Mullaigh na gCeannairí in Göteborg i mí na Samhna 2017 agus ag an gComhairle Eorpach i mí na Nollag 2017, inar leagadh béim ar Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018 2 mar dheis ríthábhachtach chun feasacht a mhéadú ar thábhacht shóisialta agus eacnamaíoch an chultúir agus na hoidhreachta.

Tá sé ag teacht leis an Teachtaireacht maidir le Féiniúlacht Eorpach a neartú trí Oideachas agus Cultúr 3 , ina ndúirt an Coimisiún go bhfuil sé “chun leasa na mBallstát go léir leas iomlán a bhaint as acmhainneacht iomlán an oideachais agus an chultúir mar thiománaithe le haghaidh post, fás eacnamaíoch, cothroime shóisialta, saoránacht ghníomhach, chomh maith le bealach chun blas a fháil d’éagsúlacht fhéiniúlacht na hEorpa”.

Tá an tionscnamh i gcomhréir le Teachtaireacht 2018 ón gCoimisiún maidir le Clár Oibre Eorpach nua don Chultúr 4 , le Teachtaireacht Chomhpháirteach 2016 ó SEGS/ón gCoimisiún “I dtreo straitéis de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta” 5 agus le Teachtaireacht 2014 ón gCoimisiún “I dtreo cur chuige comhtháite maidir le hoidhreacht chultúrtha don Eoraip” 6 , a niarrtar iontu go léir go mbeidh ról níos láidre ann don chultúr i bhforbairt bhreise shóisialta, eacnamaíoch agus idirnáisiúnta an Aontais seo againne.

Tá an tionscnamh ag teacht leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2018 dar teideal “Dul i ngleic leis an mbréagaisnéis ar líne: Cur chuige Eorpach” 7 , go háirithe agus é mar chuspóir uileghabhálach aige “éagsúlacht na faisnéise a chur chun cinn, d’fhonn a chur ar chumas na saoránach cinntí eolasacha a dhéanamh bunaithe ar smaointeoireacht chriticiúil, trí bhíthin tacaíocht a thabhairt d’iriseoireacht ar ardcháilíocht, litearthacht sna meáin, agus athchothromú a dhéanamh ar an ngaol idir cruthaitheoirí agus dáileoirí faisnéise”.

Ar deireadh, cuirtear san áireamh sa tionscnamh straitéis athnuaite Beartais Tionscail an Aontais, arna ghlacadh i mí Mheán Fómhair 2017 8 , inar léiríodh an gá atá ann le feabhas a chur ar thionscal na hEorpa don ré dhigiteach trí thacú le nuálaíocht agus le cruthaitheacht, le forbairt scileanna agus ag cur timpeallacht fhabhrach ar fáil don fhiontraíocht agus chun fiontair bheaga agus mheánmhéide a mhéadú ó scála.

I dtaca leis an earnáil chlosamhairc go háirithe, beidh an tsraith MEDIA in éineacht le beartais Mhargadh Aonair Digiteach an Aontais. Áirítear orthu sin, go háirithe, tograí chun an creat cóipchirt a nuachóiriú chomh maith leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc. Tá sé mar aidhm ag an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc acmhainneacht gníomhaithe Eorpacha closamhairc a neartú chun saothair atá infheicthe a ndóthain ar na meáin éagsúla atá ar fáil (e.g. an teilifís, an phictiúrlann nó físeán ar éileamh) a mhaoiniú, a léiriú agus a scaipeadh, ar saothair iad atá tarraingteach do phobail i margadh níos oscailte agus níos iomaíche ná mar a bhí laistigh den Eoraip agus lasmuigh di. Ba cheart tacaíocht a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí a rinneadh le déanaí sa mhargadh, lena náirítear seasamh neartaithe ardán dáilte domhanda le hais craoltóirí náisiúnta a infheistíonn go traidisiúnta i léiriú saothar Eorpach.

Sa togra ón gCoimisiún maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, leagadh síos sprioc níos uaillmhianaí maidir le bearta ar son na haeráide a phríomhshruthú i gcláir uile an Aontais, is é sin 25% san iomlán de chaiteachas an Aontais a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide a bhaint amach. Déanfar rannchuidiú an chláir seo le gnóthú na sprice foriomláine sin a rianú le córas marcóirí aeráide de chuid an Aontais ar leibhéal iomchuí imdhealaithe, lena náirítear modheolaíochtaí níos cruinne a úsáid má bhíonn fáil ar a leithéid. Leanfaidh an Coimisiún den fhaisnéis a chur i láthair go bliantúil i dtéarmaí leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i gcomhthéacs an dréachtbhuiséid bhliantúil.

Chun gur fusa lánleas a bhaint as poitéinseal an chláir rannchuidiú le cuspóirí aeráide, féachfaidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint i rith próiseas ullmhúcháin, cur chun feidhme, athbhreithnithe agus meastóireachta an chláir.

Déanfaidh an Clár comhionannas inscne a chur chun cinn agus cur le rannpháirtíocht inscne níos cothroime a bhaint amach i dtionscail an chultúir agus na cruthaitheachta.

Comhsheasmhacht le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais

Beidh an Clár comhsheasmhach agus comhlántach le hionstraimí eile an Aontais, go háirithe Erasmus+, na Cistí a chumhdaítear le Rialachán (...) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna], lena náirítear Ciste Sóisialta na hEorpa agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Clár 'Fís Eorpach' agus na hionstraimí maoinithe sheachtraigh freisin. Bunaithe ar fhoráil phríomhshruthaithe an Chonartha agus ar an gcur chuige polaitiúil nua atá bunaithe ar thrasnaisc chultúrtha, mar atá leagtha amach sa Chlár Oibre Eorpach Nua don Chultúr, tá sé d’aidhm ag an gclár sineirgí a fhorbairt leis na réimsí beartais seo a leanas.

(1)Sineirgí le beartais oideachais agus óige

Beidh clár Erasmus amach anseo ina chomhlánú tábhachtach ag clár Eoraip na Cruthaitheachta. Trí chomhar idir institiúidí agus eagraíochtaí atá gníomhach san oideachas, san oiliúint agus san óige, arna dtacú ag Erasmus +, cabhrófar le daoine aonair a bhfuil an teolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá acu le dul i ngleic le dúshláin shóisialta agus eacnamaíocha agus barr a gcumais sa nuálaíocht, sa chruthaitheacht agus san fhiontraíocht a bhaint amach, go háirithe laistigh den gheilleagar digiteach. Nasc mór idir an dá chlár a bheidh sna gníomhaíochtaí sin a bhfuil baint acu le gach gné den chruthaitheacht san oideachas a threisiú agus le feabhsú príomhinniúlachtaí aonair. Ina theannta sin, faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, beidh tuilleadh deiseanna ann chun daoine óga a mhealladh, atá tiomanta do shuímh oidhreachta cultúrtha a athbhunú nó a chaomhnú.

(2)Sineirgí leis an gclár um Chearta agus Luachanna

Tá naisc láidre ann — go háirithe i réimsí a bhaineann le hiolrachas sna meáin, an fhéiniúlacht Eorpach, luachanna agus oidhreacht chultúrtha — idir clár Eoraip na Cruthaitheachta agus an clár um Chearta agus Luachanna a thabharfaidh cumhacht do shaoránaigh trí chearta, luachanna agus comhionannas a chur chun cinn agus a chosaint agus trí dheiseanna fostaíochta, rannpháirtíochta agus cuimhnimh a chruthú.

(3)Sineirgí le beartais fostaíochta agus shóisialta

Beidh Ciste Sóisialta na hEorpa + ina chuid lárnach den chnuasach “Infheistiú i nDaoine, i gComhtháthú Sóisialta agus i Luachanna”. Tabharfaidh sé tacaíocht do shaoránaigh trí infheistíocht a dhéanamh i gcaipiteal daonna, ag tacú le fostaíocht (don óige), nuálaíocht shóisialta, sealbhú scileanna digiteacha bunúsacha agus le lánpháirtiú imirceach, agus trí thacú leis na daoine is díothaí (cuimsiú sóisialta). Dá bhrí sin, tá naisc láidre ann le cuspóirí chlár Eoraip na Cruthaitheachta. Is gnéithe tábhachtacha de shochaithe cuimsitheacha iad an éagsúlacht chultúrtha agus teanga mar go gcuireann siad leis an idirphlé idirchultúrtha — agus tá sé mar chuspóir ag Eoraip na Cruthaitheachta iadsan a neartú, mar shampla, trí feabhas a chur ar chúrsaíocht shaothair chultúrtha agus chlosamhairc na hEorpa trasna teorainneacha. Ina theannta sin, trí iomaíochas na nearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a atreisiú, cuireann an clár le cruthú post sna hearnálacha sin.

(4)Sineirgí le beartais réigiúnacha, uirbeacha agus tuaithe

Tá beartais forbartha réigiúnacha, uirbeacha agus tuaithe an Aontais Eorpaigh thar a bheith tábhachtach le haghaidh athshlánú na hoidhreachta cultúrtha agus tacaíocht do thionscail chultúrtha agus chruthaitheacha a chur chun cinn. Áiritheofar go bainfear úsáid as sineirgí féideartha chun an chomhlántacht a neartú idir na hionstraimí seo agus Eoraip na Cruthaitheachta, trínar féidir tacú le piarfhoghlaim ar phleananna infheistíochta cultúrtha fadtéarmacha lánbhrí le haghaidh tionscail chruthaitheacha, turasóireachta, cuimsiú sóisialta, an oidhreacht chultúrtha a athshlánú bunaithe ar chaighdeáin cháilíochta athchóiriú na hoidhreachta cultúrtha agus le haghaidh a rannchuidiú le cuspóirí maidir le forbairt réigiúnach agus uirbeach agus féininbhuanaitheacht airgeadais tionscadail chultúrtha a mhéadú.

(5)Sineirgí leis an Margadh Aonair

Comhlánóidh Eoraip na Cruthaitheachta na gníomhaíochtaí sin arna maoiniú faoi Chlár an Mhargaidh Aonair a bheidh ann amach anseo lena mbainfidh gnéithe chun daoine a chumhachtú agus tallann chruthaitheach a chothú sna hearnálacha faoi seach lena mbaineann. Is féidir sineirgí a aimsiú freisin le turasóireacht a bhfuil gné chultúrtha ag baint léi agus is féidir breathnú orthu mar bhealach chun comhthuiscint idir daoine a fheabhsú. Díreoidh clár Eoraip na Cruthaitheachta a chuid idirghabhálacha, i gcásanna iomchuí, ar chruthaitheacht agus ar ghnéithe cultúrtha de thionscail chruthaitheacha áirithe (amhail dearadh agus faisean) trí dhíriú ar chur chun cinn nó ar fhorbairt scileanna, ar chomhar trasteorann agus ar shoghluaisteacht. Áiritheofar comhlántacht le gníomhaíochtaí a thacaíonn le tionscal na turasóireachta.

(6)Sineirgíochtaí leis an gclár Digiteach

Faoi chuimsiú an chláir don Eoraip Dhigiteach, áiritheofar le dhá thionscadal ceannaireachta go leanfar leis na gníomhaíochtaí imlonnaithe atá nasctha leis an straitéis #Digital4Culture. Leanfaidh an tionscadal ceannaireachta maidir le claochlú digiteach earnáil na hoidhreachta cultúrtha le tacaíocht a thabhairt don tionscnamh Eorpach arna sheoladh le linn Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018. Tá sineirgí idir an chuid sin den chlár a dhíríonn ar scileanna digiteacha le saincheisteanna mar shampla litearthacht sna meáin agus oideachas scannán.

(7)Sineirgí le clár taighde agus nuálaíochta an Aontais

Trí acmhainní a chomhthiomsú chun an teicneolaíocht is déanaí a chur i bhfeidhm agus chun cineálacha cur chuige eolaíochta nua a spreagadh is féidir feabhas mór a chur ar thuiscint, ar chaomhnú agus ar scaipeadh na hoidhreachta cultúrtha agus ar an earnáil chultúrtha agus chruthaitheach i gcoitinne. Is gá sineirgí féideartha a neartú chun comhlántacht idir na hionstraimí sin agus Eoraip na Cruthaitheachta a threisiú, ionas go mbainfidh na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha tairbhe iomlán as dul chun cinn an taighde Eorpaigh.

Sa chlár ‘Fís Eorpach’, cuimsítear faoin chnuasach “Sochaithe Slána, Seasmhacha agus Cuimsitheacha” taighde tacaíochta agus gníomhaíochtaí nuálaíochta chun teicneolaíochtaí TFC a fhorbairt chun an oidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe a dhigitiú agus a chaomhnú.

Beartaítear sa chnuasach “Tionscal Digiteach”, de bhun réimse idirghabhálacha “Idirlíon den Chéad Ghlúin Eile", gníomhaíochtaí taighde a bhaineann go dlúth leis na tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha — e.g. Réaltacht bhreisithe/réaltacht fhíorúil, timpeallachtaí tumthacha, comhéadain idir daoine agus ríomhairí, meáin (shóisialta) nua. Tá sé beartaithe freisin leanúint ar aghaidh le hiarrachtaí chun trasnaisc a chothú idir na hearnálacha cruthaitheacha, go háirithe na healaíona, agus an nuálaíocht san earnáil tionsclaíochta agus sa tsochaí trí bhíthin an chláir S+T+ARTS.

(8)Sineirgí leis na beartais gníomhaíochta seachtraí

Beidh Eoraip na Cruthaitheachta agus na gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta arna maoiniú trí chláir sheachtracha an Aontais ag comhlánú a chéile.

Tá sé beartaithe leis an tsraith CULTÚR scáthscéimeanna agus tionscnaimh mhalartaithe eile a thástáil le tríú tíortha don tionscnamh “Príomhchathracha Chultúir na hEorpa” nó chun scéimeanna Gréasáin agus Ardáin nó Duaiseanna cultúrtha de chuid an Aontais a oscailt go teoranta do thíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad, chun dreasachtaí a fhorbairt chun comhpháirtithe tríú tíortha a chur san áireamh i dtionscadail ina bhfuil eagraíochtaí san Aontas Eorpach ar thús cadhnaíochta agus chun tacú le hiarrachtaí cur chun cinn i margaí agus i bhféilte a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo agus atá lasmuigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus nach bhfuil buiséad sonrach ar fáil ina leith faoi láthair.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Bunaithe ar Airteagal 167 agus 173 CFAE a bheidh an tionscnamh. Sonraítear in Airteagal 167 CFAE inniúlachtaí an Aontais i réimse an chultúir agus iarrtar ann go ngníomhóidh an tAontas Eorpach chun cuidiú le borradh chultúir na mBallstát, ag tabhairt urraim i gcónaí dá néagsúlacht náisiúnta agus réigiúnach agus ag an am céanna ag cur na hoidhreachta cultúrtha chun cinn agus, más gá, go ngníomhóidh sé chun tacú agus cur le gníomhaíocht na mBallstát sa réimse a luaitear san fhoráil sin. Sonraítear in Airteagal 173 CFAE go bhféachfaidh an tAontas agus na Ballstáit chuige go mbeidh na dálaí is gá ann le go mbeidh earnáil tionsclaíochta an Aontais iomaíoch, lena náirítear gníomhaíocht a chur i gcrích chun timpeallacht a spreagadh a bheidh fabhrach do thionscnamh agus d’fhorbairt gnóthas.

Coimhdeacht (le haghaidh inniúlacht neamheisiach)

Is as gné láidir trasnáisiúnta an Chláir, mar a léiríodh cheana féin sa chlár Eoraip na Cruthaitheachta 2014-2020, a thagann breisluach AE. Ba é toradh na meastóireachta meántéarma go bhfuil cuspóirí agus tosaíochtaí an Chláir comhleanúnach ar an iomlán agus comhlántach leis na beartais agus na cláir náisiúnta, agus go nurramaíonn siad, dá réir sin, prionsabal na coimhdeachta.

Go háirithe, i ngeall ar chineál trasnáisiúnta iltaobhach an chláir Eoraip na Cruthaitheachta bíonn deis ar leith ann is annamh is féidir a fháil ón gcistiú náisiúnta, mar bíonn claonadh ann an cistiú náisiúnta a dhíriú ar ghníomhaíochtaí intíre agus – go pointe áirithe – ar chomhar trasnáisiúnta déthaobhach. Is mór an stór a chuireann páirtithe leasmhara agus tairbhithe san fhócas iltaobhach trasnáisiúnta sin mar ghné uathúil den chlár Eoraip na Cruthaitheachta. Ní thacaíonn ach líon beag cistí idirnáisiúnta eile le comhar trasnáisiúnta in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ar aon nós agus is ar scála i bhfad níos lú a dhéanann siad sin.

Is gnéithe de bhreisluach AE an Chláir an méid seo a leanas:

·Saothair chultúrtha agus chruthaitheacha a chur i gcúrsaíocht thar theorainneacha, go háirithe saothair chlosamhairc a mbíonn teacht ag lucht éisteachta níos mó agus níos éagsúla orthu laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin, chun an éagsúlacht Eorpach a léiriú;

·Barainneachtaí scála agus mais chriticiúil ar féidir iad a chothú le tacaíocht ón Aontas, agus lena gcruthaítear éifeacht giarála ar chistí breise; cuireann an éifeacht ar chlú thairbhithe na gclár le spéis fhéideartha comhpháirtithe agus idirghabhálaithe airgeadais agus lena niontaoibh i dtionscadail a bhfuil tacaíocht á bhfáil acu, rud a éascaíonn teacht ar chistiú breise; cruthú líonraí Eorpacha agus comhpháirtíochtaí trasteorann, arb iad na gnéithe struchtúraithe is tábhachtaí agus is buanfasaí de chuid an chláir Eoraip na Cruthaitheachta agus lena dtugtar tacaíocht do chumas foriomlán na noibreoirí;

·Cuireann líonraí trasnáisiúnta go mór freisin le cumas oibreoirí i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta agus go háirithe i gcás na noibreoirí siúd a oibríonn i réimsí nideoige agus sna Ballstáit nach mbíonn na cumais sin chomh forbartha céanna iontu;

·Mar gheall ar an tsoghluaisteacht trasteorann atá dírithe ar thorthaí atá ann d'oibreoirí i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta, forbraítear scileanna agus méadaítear acmhainneacht na hearnála;

·Maolú rioscaí d’eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta, rud a ligeann dóibh tabhairt faoi thionscadail lena mbaineann gné Eorpach agus a chuireann, dá réir sin, lena neart eacnamaíoch ar an iomlán;

·Tá fócas sochaíoch láidir ag an gClár; trí thacú leis an éagsúlacht chultúrtha agus teanga, le saoirse ealaíne agus chruthaitheach agus le forbairt timpeallachta saor, iolraíche agus éagsúil do na meáin, cuidíonn sé dá réir sin le leas sóisialta na hEorpa agus le féiniúlacht choiteann Eorpach;

·Cé go ndíríonn scéimeanna tacaíochta scannán ar an leibhéal náisiúnta go príomha ar shaothair a tháirgeadh, baineann tacaíocht ón Aontas go príomha le gníomhaíochtaí réamhtheachtacha (oiliúint, forbairt) agus iartheachtacha (dáileadh, cur chun cinn, taispeáint) chun a áirithiú go gcuirtear saothair Eorpacha i gcúrsaíocht níos forleithne thar theorainneacha. Dá bhrí sin, cuirtear chun cinn saorchúrsaíocht sheirbhísí na meán closamhairc arna feabhsú cheana leis an Treoir maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta sa mhéid nach dtéann sé thar an íosmhéid is gá chun an cuspóir sonraithe a bhaint amach ar an leibhéal Eorpach ná thar an méid atá riachtanach chun na críche sin.

An rogha ionstraime

Cuireann an clár nua Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027 leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta (2014-2020) atá ann faoi láthair, inar tugadh dhá fho-chlár neamhspleácha (MEDIA agus Cultúr) le chéile taobh istigh d'aon chreat amháin. Cuirtear san áireamh leis sin gnéithe sonracha na nearnálacha éagsúla, a spriocghrúpaí éagsúla, agus na riachtanais ar leith a bhíonn acu. Baineann sé sin go háirithe le deiseanna a ghabhann le sraith choiteann thrasearnála ina ndíreofar ar nuálaíocht agus ar thurgnamhaíocht.

Beidh cothabháil bhranda seanbhunaithe an chláir Eoraip na Cruthaitheachta, lena náirítear branda MEDIA, ina cúnamh chun rannpháirtíocht leanúnach agus infheictheacht na tacaíochta ón Aontas a áirithiú.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ SIARGHABHÁLACHA, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí siarghabhálacha/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Choimisiúnaigh an Coimisiún Eorpach meastóireacht eatramhach in 2016 ar an gclár Eoraip na Cruthaitheachta mar aon le meastóireacht ex-post ar na trí chlár réamhtheachtacha – Cultúr, MEDIA 2007 agus MEDIA Mundus – agus rinneadh na meastóireachtaí sin sa tréimhse idir Bealtaine 2016 agus Lúnasa 2017. Ba iad cuspóirí na meastóireachtaí ar an gclár Eoraip na Cruthaitheachta agus ar na cláir réamhtheachtacha:

·measúnú a dhéanamh ar ábharthacht, comhleanúnachas, éifeachtacht, éifeachtúlacht, inbhuanaitheacht agus breisluach AE (dá ngairtear na critéir mheastóireachta anseo feasta) an chláir Eoraip na Cruthaitheachta agus na gclár réamhtheachtacha eile;

·measúnú a dhéanamh ar an méid a rinne an clár Eoraip na Cruthaitheachta i dtaca le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, tosaíochtaí nua agus straitéisí earnála nua an Choimisiúin;

·measúnú a dhéanamh ar thorthaí agus ar thionchar fadtéarmach na gclár réamhtheachtach.

De réir na meastóireachta, déanann an clár Eoraip na Cruthaitheachta aghaidh a thabhairt ar riachtanais earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn. Ach tacaíocht leordhóthanach a fháil ón gClár, is féidir leis na tairbhithe ó earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ar fud na hEorpa gníomhaíocht a dhéanamh mar fhreagairt ar an aistriú digiteach chun a gcuid oibre a thaispeáint go hidirnáisiúnta de mheon na héagsúlachta cultúrtha, go háirithe tríd an nuálaíocht agus trí shamhlacha nua gnó a fhorbairt a chuireann lena gcumas iomaíochta.

Tá an clár Eoraip na Cruthaitheachta comhsheasmhach, a bheag nó a mhór, le tosaíochtaí agus sásraí cistiúcháin agus tacaíochta eile an Aontais a bhaineann le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, lena náirítear deiseanna atá sonrach don earnáil mar aon le cistiú cineálach, tacaíocht ghnó agus eacnamaíoch d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

Fuarthas freisin go ndearna an clár Eoraip na Cruthaitheachta tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a a bhaint amach: tá an Clár ag cur go mór le sprioc fostaíochta 2020 an Aontais agus le tosaíochtaí an Choimisiúin reatha – spreagtar leis infheistíocht ar mhaithe le poist a chruthú, agus margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime a bhfuil bonn tionsclaíoch níos láidre aige, agus freisin straitéisí earnálacha ar leibhéal an Aontais, amhail cuspóirí an Mhargaidh Aonair Dhigitigh.

Ba é conclúid na meastóireachta nach raibh méid ná raon earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ar an leibhéal Eorpach ná na limistéir gheografacha a chumhdaítear leis na Cláir a ndearnadh meastóireacht orthu, méid bhuiséad an chláir Eoraip na Cruthaitheachta ná méid bhuiséad na gclár réamhtheachtach leordhóthanach chun mórthionchar a imirt ar scála Eorpach agus/nó ar leibhéal earnála.

Anuas air sin léiríodh sa mheastóireacht gur chuir an fo-chlár MEDIA go héifeachtach le doimhniú an mhargaidh inmheánaigh. Ag an am céanna, tá fás tagtha ar raon feidhme MEDIA thar na blianta gan méadú coibhéiseach ar an mbuiséad. Mar sin, ní leor an cistiú don líon tosaíochtaí, rud a lagaíonn an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Comhairliúchán oscailte poiblí maidir le cistí an Aontais i réimse na luachanna agus na soghluaisteachta

Ba é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí maidir le cistí an Aontais i réimse na luachanna agus na soghluaisteachta tuairimí na bpáirtithe leasmhara go léir a bhailiú maidir le conas lántairbhe a bhaint as gach aon euro de bhuiséad an Aontais. Rinneadh comhairliúcháin i gcomhthéacs meastóireachtaí ar chláir airgeadais reatha an Aontais a chumhdaíonn roinnt réimsí beartais, lena náirítear feidhmíocht reatha agus dúshláin sa todhchaí.

Ag seo cuid de na príomhthorthaí:

(9)De réir na bhfreagróirí, is dúshláin bheartais choiteanna thábhachtacha iad “Féiniúlacht Eorpach agus luachanna coiteanna a chur chun cinn” agus “cearta agus comhionannas a chur chun cinn” ar gá aghaidh a thabhairt orthu sna cláir sin. I dtaca leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta, tá dúshláin eacnamaíocha agus éagsúlacht chultúrtha níos tábhachtaí ná “Cuimsiú sóisialta agus cothroime a chur chun cinn”.

(10)Measann leathchuid nó níos mó de na freagróirí gur beartais a thugann aghaidh go hiomlán nó go réasúnta maith ar na dúshláin iad “Tacaíocht a thabhairt don nuálaíocht”, “Éagsúlacht chultúrtha agus oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chothú”, “Féiniúlacht Eorpach agus luachanna coiteanna a chur chun cinn” . Ina theannta sin, measann 52 % de na freagróirí 9 a bhfuil taithí acu ar an gclár Eoraip na Cruthaitheachta go dtugann an beartas chun tacú le hiomaíochas earnálacha an chultúir agus na cruthaitheacha san Eoraip aghaidh ar na dúshláin go hiomlán nó go measartha maith.

(11)Aontaíonn thart ar 80 % de na freagróirí a raibh taithí de chineál éigin acu ar na cláir thuasluaite de chuid an Aontais go gcuireann na cláir sin go mór nó go measartha mór leis an méid a d’fhéadfadh na Ballstáit a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus/nó áitiúil.

(12)Tá na príomhchonstaicí a d’aithin na freagróirí a d’fhéadfadh bac a chur ar na cláir/cistí reatha a gcuspóirí a bhaint amach anchosúil lena chéile is cuma cén clár atá i gceist. Is iad seo a leanas na trí chonstaic is mó a aithnítear: “Easpa buiséid na gclár chun éileamh a shásamh”; “Easpa tacaíochta ar fáil do pháirtithe leasmhara ar mhionscála”; “Easpa tacaíochta d’iarratasóirí céaduaire”.

(13)Aontaíonn freagróirí a bhfuil taithí de chineál éigin acu ar cheann amháin nó níos mó de chláir an Aontais gur fíor gurb iad na príomhbhearta atá le déanamh chun an tualach riaracháin do thairbhithe a shimpliú agus a laghdú “úsáid a bhaint as foirmeacha iarratais atá níos simplithe”, “líonra struchtúraithe agus comhpháirtíochtaí a éascú”, “cistiú a éascú le haghaidh gníomhaíochtaí a thrasnaíonn na hearnálacha gníomhaíochta” agus “comhordú níos fearr idir cláir/cistí éagsúla”.

Comhairliúcháin phoiblí oscailte eile

Mar chuid den mheastóireacht eatramhach ar an gclár Eoraip na Cruthaitheachta, bhí comhairliúchán poiblí oscailte ar siúl ón 23 Eanáir go dtí an 24 Aibreán 2017. Bhí ceisteanna réamhbhreathnaitheacha san áireamh leis maidir le clár a d’fhéadfadh teacht i gcomharba ar an gclár Eoraip na Cruthaitheachta tar éis 2020. Maidir le fo-chláir Eoraip na Cruthaitheachta – Cultúr agus MEDIA – thug 90 % agus 80 % faoi seach de na freagróirí le fios go raibh an chuid is mó dá dtosaíochtaí ábhartha go fóill nó thar a bheith ábhartha agus d’aontaigh níos mó ná leath de na freagróirí go raibh an tacaíocht a thug an fo-chlár "Cultúr" comhlántach go hiomlán nó i bpáirt le cistiú náisiúnta, cistiú ón Aontas nó cistiú idirnáisiúnta. Áirítear ar na deiseanna is tábhachtaí a luaigh freagróirí an tsuirbhé comhluachanna cultúir, tacaíocht a thabhairt don oideachas cultúrtha, an éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn, tacú leis an idirnáisiúnú agus tábhacht an chultúir a chur chun cinn sa tsochaí.

Saineolas seachtrach

I dteannta thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí, tá an méid a leanas curtha san áireamh ag an gCoimisiún: torthaí na meastóireachta eatramhaí ar an gclár Eoraip na Cruthaitheachta atá ann faoi láthair agus a cuireadh i gcrích in 2017-2018, aiseolas ó pháirtithe leasmhara éagsúla, go háirithe i gcomhthéacs Fhóram Scannán na hEorpa 10 agus sraith cruinnithe téamacha do pháirtithe leasmhara, torthaí staidéar neamhspleách, chomh maith le moltaí arna ndéanamh ag saineolaithe ó na Ballstáit i gcomhthéacs Mhodh Oscailte an Chomhordaithe ar an gcultúr agus ar scannáin Eorpacha a chur i gcúrsaíocht, agus an tidirphlé struchtúrtha leis an earnáil sa tréimhse 2014-2018.

Tharraing na foinsí éagsúla sin aird ar iliomad tairbhí dearfacha an chláir Eoraip na Cruthaitheachta, ach freisin ar na réimsí ina bhféadfaí feabhas a chur ar an gClár agus simpliú a dhéanamh air. Cé go bhfuil cuspóirí uileghabhálacha an chláir reatha (éagsúlacht chultúrtha agus teanga a chur chun cinn, athneartú ar iomaíochas earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta) bailí go ginearálta, tá gá le comhtháthú agus méadú breise chun freagairt níos fearr a thabhairt ar na riachtanais agus ar na heasnaimh a sainaithníodh, rudaí atá imithe in olcas le blianta beaga anuas, mar atá:

(14)Méadú ar an mbrú ar éagsúlacht agus ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa, anuas ar fhás ar fhorlámhas agus ar saothair ó thríú tíortha, go háirithe ó na Stáit Aontaithe, a chur i gcúrsaíocht,

(15)Easpa saothar Eorpach i gcúrsaíocht agus ar fáil do lucht spéise,

(16)Iomaíochas neamhleor agus leochaileach in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta,

(17)Easpa oiliúna agus deiseanna soghluaisteachta d’ealaíontóirí agus do ghairmithe cruthaitheacha,

(18)Easpa idirnáisiúnaithe i gcultúr na hEorpa,

(19)Deacrachtaí saothair a chur ar fáil do lucht spéise agus cuimsiú sóisialta a áirithiú,

(20)Oiriúnú agus ullmhacht theoranta i dtaca leis an aistriú digiteach,

(21)Easpa forbartha ar fhothú acmhainneachta gairmithe agus ar phroifisiúnú daoine aonair,

(22)Dúshláin shonracha do thionscal an chlosamhairc i gcomhthéacs Margadh Aonair Digiteach atá ag éirí níos comhtháite,

(23)Dúshláin shonracha earnála, go háirithe i gcás na hearnála ceoil, earnáil na leabhar agus na foilsitheoireachta agus earnáil na hailtireachta agus na hoidhreachta.

Measúnú tionchair

Ullmhaíodh measúnú tionchair chun tacú leis na cláir “Eoraip na Cruthaitheachta”, “Cearta agus Luachanna” agus “Ceartas”. Cé go bhfuil cinneadh déanta ag an gCoimisiún gur fearr an obair sin a dhéanamh trí dhá chlár ar leith, tá torthaí an mheasúnaithe tionchair sin ábhartha agus infheidhme fós maidir leis na fo-chláir "Cultúr" agus MEDIA.

Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ar an measúnú tionchair sin an 20 Aibreán 2018. Ag an am céanna, luaigh sé gur cheart míniú níos fearr a thabhairt ar thorthaí na meastóireachtaí, ar ionchur na bpáirtithe leasmhara, ar na cuspóirí éagsúla, agus ar an réasúnaíocht maidir le struchtúr an Chláir. Luaigh sé freisin an gá atá le ráthaíochtaí breise go mbeidh an creat faireacháin agus meastóireachta inchurtha le measúnú stóinseach oibiachtúil a dhéanamh ar an rath a bhíonn ar an gClár.

Cuirtear barúlacha an Bhoird san áireamh sa tionscnamh seo. Cuireann sé le struchtúr an chláir Eoraip na Cruthaitheachta atá ann cheana agus cuirtear san áireamh níos fearr ann an taiseolas ó pháirtithe leasmhara. Mar shampla, mar fhreagairt ar an éileamh le haghaidh tuilleadh inscálaitheachta, áiritheofar leis an tsraith MEDIA nua an deis gníomhaíochtaí comhordaithe a fhorbairt ina dtugtar le chéile codanna éagsúla den slabhra luacha closamhairc.

Lena chois sin, déanfar an córas faireacháin agus meastóireachta don chlár iomlán a threisiú le táscairí tionchair agus aschuir iomchuí.

Simpliú

Chun an clár a bheidh ann amach anseo a shimpliú i gcomparáid leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta atá ann faoi láthair:

·Beidh níos mó solúbthachta i bhfeidhm laistigh den Chlár chun cláir oibre a oiriúnú d’imthosca gan choinne nó d’fhorbairtí nua teicneolaíocha nó sochaíocha, agus chun feidhmíocht a chúiteamh;

·Déanfar iarracht breis éifeachtachta agus éifeachtúlachta a bhaint amach trí úsáid níos fearr a bhaint as creatchomhaontuithe comhpháirtíochta agus as deontais chascáideacha chun cobhsaíocht airgeadais a áirithiú agus chun rochtain do ghníomhairí beaga a éascú. Feabhsófar a thuilleadh an malartú foghlama a bhfuil rath air cheana féin le linn chur chun feidhme tionscadal mar aon le scaipeadh thorthaí na foghlama sin;

·Tabharfaidh an tsraith MEDIA dreasachtaí isteach chun torthaí a chúiteamh, go háirithe i dtaca leis an acmhainneacht lucht spéise mór a mhealladh (e.g. tionscadail chlosamhairc ar tionscadail mhór-ratha iad);

·Áireofar sna gníomhaíochtaí earnálacha ceoil sa todhchaí, agus sa scéim aistriúcháin, critéir dhámhachtana lena ndéanfar rath ar an margadh agus iarrachtaí chun lucht spéise a mhealladh a chúiteamh;

·Déanfar socruithe aistrithe éifeachtacha a cheapadh chun comhlachas leis an gclár nua a éascú do thríú tíortha a bhí i gcomhlachas roimhe seo leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta 2014-2020;

·Cuirfear tuilleadh soiléire ar fáil sna treoirlínte, agus beidh úsáid chórasach foirmeacha leictreonacha agus tuairiscí leictreonacha agus ceanglais níos éadroime i dtaobh tuairisciú mar chuid de na próisis agus na nósanna imeachta. Tabharfar sraith chomhleanúnach rialacha (leabhar rialacha aonair) isteach, agus beidh scóip ann le haghaidh cineálacha cur chuige éagsúlaithe de réir mar is gá.

Tugadh bearta simplithe suntasacha, mar shampla cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe, isteach go rathúil cheana i gcláir eile agus d’fhéadfaí iad a thabhairt isteach sa chlár nua Eoraip na Cruthaitheachta. Is dúshlán é na rátaí cnapshuime agus na rátaí comhréidh a ríomh agus a chur i bhfeidhm mar gheall ar shainiúlacht na hearnála cultúir agus cineál ar leithligh na ngníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh (cé is moite de scéim an aistriúcháin liteartha) ach i gcás inar féidir an bonn ríomha a éadromú chuirfí fáilte roimh an laghdú ar an ualach riaracháin ar tairbhithe. Leanfar d’úsáid a bhaint as cnapshuimeanna in MEDIA chun bainistíocht airgeadais a shimpliú, nuair is iomchuí. Leis an modheolaíocht chun na cnapshuimeanna a ríomh, déanfar foráil maidir le faireachán rialta chun ailíniú leis na costais iarbhír a áirithiú.

Is bac ar iarratasóirí a chasta agus a ilchineálach atá rialacha cistiúcháin na gclár reatha. Tá ról tábhachtach ag baint le pointe iontrála aonair a bheith ann d’úsáideoirí seachtracha chun páirt a ghlacadh i saolré na ndeontas (i.e. tairseach na rannpháirtithe), lena náirítear córas bainistíochta deontas foriomlán chun rochtain ar an gClár a shimpliú. Cuirfear le héifeachtacht thacaíocht na sraithe MEDIA trí ghníomhaíochtaí agus a nidirbhearta airgeadais comhfhreagracha a chuíchóiriú; fad agus a leanfaidh "Cultúr" de bheith ag díriú ar na gníomhaíochtaí rathúla agus de bheith ag dul i ngleic le clistí margaí nua atá ag teacht chun cinn trí ghníomhaíocht earnálach sprioc-dhírithe. Ar an iomlán, beidh páirtithe leasmhara ó earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta in ann tairbhe a bhaint as cur chuige “ionaid ilfhreastail”.

Cearta bunúsacha

Tá an togra seo comhsheasmhach ina iomláine leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, tugtar san áireamh sa togra seo ina niomláine Airteagal 11 (saoirse chun tuairimí a nochtadh), 13 (saoirse na nealaíon agus na neolaíochtaí), 15 (saoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh), 21 (neamhidirdhealú), 22 (éagsúlacht chultúrtha), 23 (comhionannas idir mná agus fir), 31 (dálaí oibre cothroma agus córa) den Chairt.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

EUR 1 850 000 000 (i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an chláir Eoraip na Cruthaitheachta don tréimhse idir an 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Tá tuilleadh sonraí maidir leis na himpleachtaí buiséadacha agus na hacmhainní daonna agus riaracháin a theastaíonn ar fáil sa Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leis an togra seo.

5.GNÉITHE EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Maidir leis na cláir chistiúcháin atá ann cheana, cé is moite de ghníomhaíochtaí i réimse na meán nuachta, cuirtear iad chun feidhme go príomha trí bhainistíocht dhíreach tríd an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA) de bhrí go bhfuil sé sin costéifeachtach, faoi mar a dhearbhaítear sa mheastóireacht mheántéarma. De réir na meastóireachtaí atá ann faoi láthair, ní gá an modh bainistíochta a athrú.

·Déanfar cur chun feidhme MEDIA a shimpliú agus a chuíchóiriú trí, mar shampla, na tairbhithe a ghrúpáil le chéile agus trí líon na gconarthaí deontais agus na nidirbheart íocaíochta a laghdú. Agus athchóiriú leanúnach a dhéanamh ar na scéimeanna dáileacháin, arb ionann iad agus 30 % de bhuiséad MEDIA, is é an cuspóir a bheidh ann idirbhearta MEDIA a laghdú 30 % ar an iomlán, agus dá réir sin forchostais an riaracháin a laghdú agus éifeachtúlacht an chláir a mhéadú.

·Déanfar ionstraimí airgeadais lena soláthraítear ráthaíocht agus, nuair is gá, tacaíocht de chineál cothromais do FBManna in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chur chun feidhme trí bhíthin an chiste InvestEU faoi mhodh bainistithe indírigh le comhaontuithe tarmligin le comhpháirtithe cur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Déanfar meastóireachtaí i gcomhréir le mír 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 11 , ina ndearbhaíonn na trí institiúid gur cheart measúnuithe tionchair ar roghanna i leith gníomhaíocht bhreise a dhéanamh a bhunú ar mheastóireachtaí ar an reachtaíocht agus ar na beartais atá ann cheana. Sna meastóireachtaí sin measfar éifeachtaí an Chláir ar an talamh ar bhonn tháscairí/spriocanna an chláir agus anailís mhionsonraithe ar a mhéid agus is féidir a mheas go bhfuil an clár ábhartha, éifeachtach, éifeachtúil, go gcuireann sé go leor breisluach AE ar fáil agus go bhfuil sé comhleanúnach le beartais eile de chuid an Aontais. Áireofar iontu ceachtanna a foghlaimíodh chun aon easnamh nó aon fhadhb atá ann, nó aon phoitéinseal atá ann breis feabhais a chur ar na gníomhaíochtaí nó ar a dtorthaí, a shainaithint, agus chun cuidiú lena saothrú/a dtionchar a uasmhéadú. Beidh obair ar fhaireachán agus ar mheastóireacht ag tógáil ar an gcreat athbhreithnithe um fhaireachán feidhmíochta a forbraíodh le haghaidh an chláir Eoraip na Cruthaitheachta 2014-2020. Tabharfaidh sé sonraí na dtionscadal agus sonraí na dtairbhithe le chéile (a bhailítear trí fhoirmeacha agus tuairiscí leictreonacha) le faisnéis chomhthéacsúil bhreise ón bhFaireachlann Eorpach Closamhairc nó ó staidéir spriocdhírithe. Léireoidh na táscairí go réalaíoch an fhaisnéis atá le fáil maidir le gach ceann de na sraitheanna. Déanfar faireachán ar an gClár ar bhonn leanúnach (le go mbeidh freagairt thráthúil ar aon imeachtaí gan choinne nó ar riachtanais eisceachtúla) agus ar bhonn rialta pleanáilte (chun tuairisc a thabhairt ar imeachtaí tábhachtacha amhail glaonna ar thograí, athbhreithnithe ar thionscadail, imeachtaí comhordúcháin nó scaipthe). Ina dhiaidh sin cuirfear torthaí an faireacháin leis an méid a leanas:

·Tuarascáil bhliantúil faireacháin ina dtugtar forléargas ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cuspóirí an Chláir a bhaint amach;

·Meastóireacht mheántéarmach (le comhlíonadh tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis tús a chur le cur chun feidhme an Chláir);

·Meastóireacht deiridh le déanamh tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na clárthréimhse.

Déanfar na meastóireachtaí siarghabhálacha sin i gcomhréir leis an leagan is infheidhme is déanaí de na treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr (agus tarraingeofar freisin ar a threoir uirlisí agus ar an dea-chleachtas), déanfaidh siad measúnú ar fheidhmíocht an Chláir bunaithe ar na táscairí agus na spriocanna is tábhachtaí agus mionanailís ar a mhéid is féidir a mheas go bhfuil an clár ábhartha, éifeachtach, éifeachtúil, go gcuireann sé go leor breisluach AE ar fáil agus go bhfuil sé comhleanúnach le beartais eile an Aontais. Beidh le háireamh orthu moltaí chun aghaidh a thabhairt ar aon easnamh nó aon fhadhb a shainaithneofar, nó aon deis eile le tuilleadh feabhais a chur ar na gníomhaíochtaí nó ar a dtorthaí agus beidh siad ina gcúnamh chun a saothrú/a dtionchar a mhéadú a oiread is féidir.

Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do gach institiúid ábhartha eile an Aontais trí thuarascálacha faireacháin agus meastóireachta agus scórchlár poiblí de na príomhtháscairí cláir.

Faoi réir thoradh na hAnailíse Costas agus Sochar a fheidhmeofar go lárnach don chéad chlárthréimhse eile, is é is dóichí gurb í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir a dhéanfaidh cuid shuntasach den chlár a chur chun feidhme faoi mhaoirseacht na nArdStiúrthóireachtaí atá freagrach as an gclár.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Cuirfidh an togra seo leis an struchtúr atá cheana féin ag an gClár Eoraip na Cruthaitheachta, ag Cultúr, ag MEDIA agus ag sraith thrasearnála threisithe, agus dá bharr sin d’fhéadfaí beart nuálach a dhéanamh i gcás ina mbaintear breisluach as trasghníomhaíocht. Deimhníodh struchtúr agus cuspóirí an chláir Eoraip na Cruthaitheachta tríd an meastóireacht mheántéarma 12 agus trí aiseolas ábhartha eile. Mar sin féin, bíonn gá le hoiriúnuithe chun freagairt d’fhorbairtí eacnamaíocha, teicneolaíocha, sochaíocha agus polaitiúla mar atá mínithe thuas.

Mar shampla, tá cur chuige níos dírithe sa chlár nua ní hamháin do na gníomhaíochtaí atá ann cheana, ach do ghnéithe nua-fhorbartha freisin.

Leanfaidh an tsraith CULTÚR de bheith ag tacú le comhpháirtíochtaí, líonraí agus ardáin thrasnáisiúnta agus forbrófar tionscnaimh a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith, tacóidh sé le hiarrachtaí oibreoirí cultúrtha agus cruthaitheacha lucht spéise san Eoraip agus níos faide i gcéin a mhealladh agus forbróidh sé gnéithe trína gcuirfear tairbhí sonracha sóisialta an chultúir do dhaoine aonair agus don tsochaí chun tosaigh. Cuirfidh sé leis na gníomhaíochtaí speisialta atá ann cheana, e.g. Príomhchathair Chultúir na hEorpa agus an Lipéad Oidhreachta Eorpach.

Is é aidhm na sraithe MEDIA comhoibriú agus nuálaíocht a spreagadh i gcruthú agus táirgeadh saothar closamhairc Eorpach, lena náirítear trí bhuanna na hEorpa a chothú. Féachfaidh sé le feabhas a chur ar dháileadh amharclannaíochta agus dáileadh ar líne agus rochtain níos leithne a thabhairt thar na teorainneacha ar shaothair chlosamhairc Eorpacha, lena náirítear trí bhíthin samhlacha gnó nuálacha. Cuirfidh sé oibreacha closamhairc Eorpacha chun cinn agus tacóidh sé le líon an lucht spéise a mhéadú ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Tabharfar aghaidh ar na tosaíochtaí sin trí thacú le cruthú, cur chun cinn, rochtain agus scaipeadh na saothar Eorpach sin lena bhféadfaí dul i bhfeidhm ar phobal mór laistigh den Eoraip agus níos faide i gcéin, agus ar an gcaoi sin tacófar le cur chun feidhme na Treorach maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc. Ina theannta sin, leis an tsraith MEDIA bheadh an cur chuige níos solúbtha, rud a d'fhágfadh go mbeadh tuilleadh comhair ann feadh na gcodanna éagsúla den slabhra breisluacha. Ina theannta sin, déanfar bunú comhpháirtíochtaí agus líonraí struchtúrtha a chur chun cinn freisin chun iomaíochas foriomlán earnáil closamhairc na hEorpa a neartú agus chun na costais riaracháin a bhaineann le bainistiú an Chláir a laghdú.

Cuirfidh an tsraith thrasearnála gníomhaíochtaí trasearnála chun cinn lena gcuimsítear an earnáil closamhairc agus earnálacha eile an chultúir agus na cruthaitheachta. Cuirfidh sé eolas ar an gClár chun cinn agus tacóidh sé le hinaistritheacht torthaí. Spreagfaidh sé freisin cineálacha cur chuige nuálacha maidir le cruthú, rochtain, dáileadh agus cur chun cinn in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Cuirfidh sé gníomhaíochtaí trasearnála chun cinn lena gcumhdaítear roinnt earnálacha a dhíreoidh ar an oiriúnú do na hathruithe struchtúracha a bhfuil ar earnáil na meán dul i ngleic leo, go háirithe maidir le gnéithe saora agus iolraíocha thimpeallacht na meán, an iriseoireacht ar ardchaighdeán agus litearthacht sna meáin. Ar deireadh, bunóidh sé agus tacóidh sé le deasca cláir chun faisnéis a sholáthar faoin gClár, agus chun an Clár a chur chun cinn sna tíortha ábhartha agus chun comhar trasteorann a spreagadh laistigh d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.



2018/0190 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 167(5) agus Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 13 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 14 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá ardluach le cultúr, le hoidhreacht chultúrtha agus le héagsúlacht chultúrtha do shochaí na hEorpa ó thaobh cúrsaí cultúrtha, comhshaoil agus eacnamaíocha de agus ba cheart iad a chur chun cinn agus tacú leo. Sonraítear i nDearbhú na Róimhe an 25 Márta 2017 agus shonraigh an Chomhairle Eorpach i Nollaig 2017 go bhfuil an toideachas agus an cultúr bunriachtanach chun sochaithe cuimsitheacha agus comhtháite a thógáil do chách agus chun iomaíochas na hEorpa a chothú.

(2)De réir Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), is ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena náirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, atá an tAontas fothaithe. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an tiolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir. Déantar na luachanna sin a athdhearbhú agus a chur in iúl a thuilleadh sna cearta, sna saoirsí agus sna prionsabail a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a bhfuil an stádas dlí céanna leis na Conarthaí aici, mar a thagraítear dó in Airteagal 6 CAE.

(3)In Airteagal 3 CAE sonraítear gurb é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn agus, i measc nithe eile, go nurramóidh sé saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga, agus go-áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú.

(4)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Clár Oibre Eorpach Nua don Chultúr 15 , leagtar cuspóirí an Aontais amach freisin le haghaidh earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Tá sé d'aidhm ag an gComhairle tairbhe a bhaint as cumhacht an chultúir agus na héagsúlachta cultúrtha ar mhaithe leis an gcomhtháthú sóisialta agus dhea-bhail na sochaí, an ghné thrasteorann a bhaineann le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chothú, tacaíocht á tabhairt dá nacmhainneacht fás, an chruthaitheacht chultúrbhunaithe san oideachas agus sa nuálaíocht, agus i dtaca le poist agus fás, a spreagadh agus an caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta a neartú. Ba cheart tacaíocht a fháil do chur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh nua don Chultúr ón gclár Eoraip na Cruthaitheachta, i dteannta cláir eile de chuid an Aontais. Tá an méid sin i gcomhréir freisin le Coinbhinsiún UNESCO 2005 ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn a tháinig i bhfeidhm an 18 Márta 2007 agus a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann.

(5)Tá cur chun cinn éagsúlacht chultúrtha na hEorpa ag brath ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta rafar athléimneach a bheith ann atá in ann a saothair féin a chruthú, a léiriú agus a dháileadh ar phobal Eorpach mór éagsúil. Cuireann sé sin lena nacmhainneacht ghnó, le fás inbhuanaithe agus le cruthú post. Ina theannta sin, rannchuidíonn cruthaitheacht le treisiú iomaíochais agus le nuálaíocht a spreagadh sna luacha slabhra tionsclaíocha. Cé go ndearnadh dul chun cinn le déanaí, tá margadh cultúrtha agus cruthaitheach na hEorpa ilroinnte go fóill ó thaobh cúrsaí náisiúnta agus teangeolaíocha de, rud a fhágann nach féidir le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta leas iomlán a bhaint as an margadh aonair Eorpach ná as an margadh aonair digiteach go háirithe.

(6)Ba cheart aird a thabhairt ar chineál déach earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta sa Chlár, agus aitheantas á thabhairt, ar thaobh amháin, do luach intreach agus ealaíonta an chultúir agus, ar an taobh eile, do luach eacnamaíoch na nearnálacha sin, lena náirítear an méid a chuireann siad tríd is tríd le fás agus le hiomaíochas, le cruthaitheacht agus le nuálaíocht. Chuige sin, tá gá le hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta Eorpacha atá láidir, go háirithe tionscal closamhairc Eorpach atá bríomhar, agus aird á tabhairt ar a acmhainneacht dul i bhfeidhm ar phobail mhóra agus ar a thábhacht eacnamaíoch, lena náirítear le haghaidh earnálacha cruthaitheachta eile agus le haghaidh na turasóireachta cultúrtha. Mar sin féin, tá dlús curtha le hiomaíochas sna margaí closamhairc domhanda de bharr an mhéadaithe atá tagtha ar an mbriseadh digiteach, e.g. athruithe ar léiriú agus úsáid meán agus ról méadaitheach na nardán domhanda i dtaca le dáileadh inneachair. Dá bhrí sin, is gá cur leis an tacaíocht atá á tabhairt do thionscal na hEorpa.

(7)Má tá an Clár le bheith éifeachtach, ba cheart a chur san áireamh ann cineál sonrach na nearnálacha éagsúla, na spriocghrúpaí éagsúla agus na riachtanais ar leith atá acu trí chineálacha cur chuige saincheaptha laistigh de shraith atá dírithe ar an earnáil closamhairc, sraith atá dírithe ar earnálacha cultúir agus cruthaitheachta eile agus sraith thrasearnála.

(8)Is é is aidhm don tsraith thrasearnála saothrú a dhéanamh ar an rud is acmhainn do chomhoibriú i measc earnálacha cultúir agus cruthaitheachta éagsúla. Is féidir tairbhe a bhaint as cur chuige comhpháirteach trasnaí ó thaobh aistriú eolais agus éifeachtúlachtaí riaracháin de.

(9)Tá gá le hidirghabháil ón Aontas san earnáil closamhairc chun bheith ag gabháil le beartais Mhargadh Aonair Digiteach an Aontais. Tá baint aige sin go háirithe le nuachóiriú an chreata cóipchirt agus leis an Rialachán atá beartaithe maidir le tarchur ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta 16 , mar aon leis an togra chun Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 a leasú. Is é is aidhm dóibh acmhainneacht gníomhaithe Eorpacha closamhairc a neartú chun saothair atá infheicthe a ndóthain ar na meáin chumarsáide éagsúla atá ar fáil (e.g. teilifís, pictiúrlann nó físeán ar éileamh) a mhaoiniú, a léiriú agus a scaipeadh ar saothair iad atá tarraingteach do phobail i margadh níos oscailte agus níos iomaíche san Eoraip agus níos faide i gcéin. Ba cheart an tacaíocht a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí a rinneadh le déanaí sa mhargadh agus go háirithe seasamh neartaithe ardán dáilte domhanda le hais craoltóirí náisiúnta a infheistíonn go traidisiúnta i léiriú saothar Eorpach.

(10)Maidir leis na gníomhaíochtaí speisialta faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta amhail an Lipéad Oidhreachta Eorpach, Laethanta Eorpacha na hOidhreachta, na duaiseanna Eorpacha i réimse an cheoil chomhaimseartha, rac agus pop, i réimse na litríochta, i réimse na hoidhreachta agus i réimse na hailtireachta, agus Príomhchathracha Cultúir na hEorpa, chuathas i bhfeidhm ar na milliúin saoránach Eorpach, léiríodh go bhfuil tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha ag baint le beartais chultúrtha Eorpacha agus ba cheart, dá bhrí sin, leanúint leo agus iad a leathnú nuair is féidir.

(11)Tá an cultúr ríthábhachtach chun pobail chuimsitheacha agus chomhtháite a neartú. I gcomhthéacs an bhrú ón imirce, tá ról tábhachtach ag an gcultúr i lánpháirtiú imirceach chun go mothóidh siad gur cuid de na sochaithe óstacha iad agus chun dea-chaidreamh a chothú idir imircigh agus pobail nua.

(12)Tá an tsaoirse ealaíne i gcroílár tionscadal cultúrtha agus cruthaitheach bríomhar, lena náirítear earnáil na meán nuachta. Ba cheart crosmhalartuithe a chur chun cinn leis an gClár chomh maith le comhoibriú idir an earnáil closamhairc agus an earnáil foilsitheoireachta chun timpeallacht meán iolraíoch a chur chun cinn.

(13)De bhun Airteagal 8 agus 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i ngníomhaíochtaí uile an Chláir, ba cheart tacú le príomhshruthú inscne agus le príomhshruthú cuspóirí neamhidirdhealaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ba cheart critéir iomchuí maidir le cothromaíocht inscne a shainiú.

(14)I gcomhréir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach Towards an EU strategy for international cultural relations [I dtreo straitéis AE le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta], a fhormhuinítear le rún Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2017 18 , ba cheart aitheantas a thabhairt in ionstraimí cistiúcháin Eorpacha agus go háirithe sa chlár seo d'ábharthacht an chultúir sa chaidreamh idirnáisiúnta agus don ról atá aige chun luachanna Eorpacha a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí tiomnaithe dírithe, arb é is aidhm dóibh tionchar soiléir an Aontais a bheith acu ar chúrsaí domhanda.

(15)I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Towards an integrated approach to cultural heritage for Europe [Cur chuige comhtháite a bhaint amach maidir le hoidhreacht chultúrtha don Eoraip] an 22 Iúil 2014 19 , ba cheart tairbhe a bhaint as luach fadtéarmach agus inbhuanaitheach oidhreacht chultúrtha na hEorpa sna beartais agus sna hionstraimí ábhartha agus cur chuige atá níos comhtháite a fhorbairt i ndáil le caomhnú agus luacháil na hoidhreachta sin agus le tacaíocht a thabhairt di.

(16)I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Investing in a smart, innovative and sustainable Industry – A renewed Industrial Policy Strategy [Infheistíocht a dhéanamh ar mhaithe le tionscal cliste, nuálach, inbhuanaithe: straitéis athnuaite beartais tionsclaíochta] an 13 Meán Fómhair 2017 20 , rannchuideoidh gníomhaíochtaí amach anseo le comhtháthú cruthaitheachta, dearaidh agus teicneolaíochtaí úrscothacha chun slabhraí luacha tionsclaíocha nua a ghiniúint agus chun iomaíochas tionscal traidisiúnta a athbheochan.

(17)Ba cheart an Clár a bheith oscailte, faoi réir coinníollacha áirithe, do rannpháirtíocht chomhaltaí Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha a mbaineann leas as straitéis réamhaontachais mar aon le tíortha a chumhdaítear le Beartas Comharsanachta na hEorpa agus páirtithe straitéiseach an Aontais.

(18)Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith páirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoi Chomhaontú LEE, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár a dhéanfar le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith páirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart foráil shonrach a thabhairt isteach sa Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a chuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(19)Ba cheart don Chlár comhar a chothú idir an tAontas agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO), Comhairle na hEorpa, lena náirítear Eurimages agus an Fhaireachlann Eorpach Closamhairc ("an Fhaireachlann"), an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil. Ina theannta sin, ba cheart don chlár seo tacú le gealltanais an Aontais i ndáil leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, an ghné chultúrtha díobh go háirithe 21 . Maidir leis an earnáil closamhairc, áiritheofar leis an gclár go rannchuideoidh an tAontas le hobair na Faireachlainne Eorpaí Closamhairc.

(20)Mar léiriú ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir le Comhaontú Pháras agus Spriocanna na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an Clár seo le gníomhaíochtaí aeráide príomhshrutha agus leis an sprioc foriomlán a ghnóthú, is é sin 25 % den chaiteachas ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Déanfar gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint nuair a bheidh an Clár á ullmhú agus á chur chun feidhme, agus déanfar iad a athmheas i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha agus na bpróiseas athbhreithniúcháin.

(21)Tá feidhm ag na rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach é urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach ón Aontas.

(22)Ó cruthaíodh an tAcadamh Eorpach Scannán, tá saineolas uathúil forbartha aige agus tá ról ar leith aige chun pobal uile-Eorpach cruthaitheoirí agus gairmithe scannán a chur le chéile, agus scannáin Eorpacha a chur chun cinn agus a scaipeadh thar na teorainneacha náisiúnta agus lucht féachana atá Eorpach go smior a chothú. Dá bhrí sin, ba cheart dó a bheith incháilithe le haghaidh tacaíocht dhíreach ón Aontas.

(23)Ó cruthaíodh Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh, tá saineolas uathúil faighte aici ar idirphlé idirchultúrtha agus ar mheas agus tuiscint fhrithpháirteach a chur chun cinn tríd an gcultúr. Is é is bunús le sainiúlacht Cheolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh gur ceolfhoireann Eorpach í a sháraíonn teorainneacha cultúrtha agus gur ceoltóirí óga atá inti a roghnaítear i gcomhréir le critéir chrua ealaíonta le linn dianphróiseas bliantúil éisteachta sna Ballstáit uile. Dá bhrí sin, ba cheart í a bheith incháilithe le haghaidh tacaíocht dhíreach ón Aontas.

(24)Maidir le heagraíochtaí ó earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a bhfuil cumhdach geografach Eorpach mór acu agus arb é atá i gceist lena ngníomhaíochtaí seirbhísí cultúrtha a chur ar fáil go díreach do shaoránaigh an Aontais agus a d'fhéadfadh, dá bhrí sin, tionchar díreach a bheith acu ar fhéiniúlacht Eorpach, ba cheart iad a bheith incháilithe le haghaidh tacaíocht ón Aontas.

(25)Chun leithdháileadh éifeachtach cistí ó bhuiséad ginearálta an Aontais a áirithiú, is gá breisluach Eorpach na mbeart agus na ngníomhaíochtaí uile a dhéantar faoin gClár, agus a gcomhlántacht le gníomhaíochtaí na mBallstát, a áirithiú, agus ba cheart féachaint le comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí a bhaint amach le cláir chistiúcháin lena dtacaítear le réimsí beartais a bhfuil dlúthcheangal acu le chéile agus le beartais chothrománacha amhail beartas iomaíochta an Aontais.

(26)Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid, ar bhealach comhréireach, chun aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha agus níor cheart, de thoradh na ngníomhaíochtaí, maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a dhíbirt ná níor cheart an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh inmheánach. Ba cheart breisluach soiléir Eorpach a bheith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar.

(27)Ar cheann de na dúshláin is mó atá roimh earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta tá an rochtain atá acu ar mhaoiniú ionas go bhféadfaí a ngníomhaíochtaí a mhéadú, a niomaíochas a choinneáil nó a ardú nó a ngníomhaíochtaí a idirnáisiúnú. Ina theannta sin, tabharfar aghaidh ar chuspóirí beartais an Chláir seo le hionstraimí airgeadais agus le ráthaíocht bhuiséadach faoi ghnéithe beartais an Chiste InvestEU.

(28)Agus aird á tabhairt ar an saineolas teicniúil is gá chun measúnú a dhéanamh ar thograí faoi ghníomhaíochtaí sonracha den Chlár ba cheart foráil a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, maidir le coistí meastóireachta a bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.

(29)Ba cheart córas réadúil soláimhsithe táscairí feidhmíochta a chur san áireamh sa Chlár chun bheith ag gabháil lena ghníomhaíochtaí agus chun faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht ar bhonn leanúnach. Beidh an faireachán sin mar aon leis na bearta faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár agus lena ghníomhaíochtaí bunaithe ar na trí shraith den Chlár.

(30)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don chlár Eoraip na Cruthaitheachta arb éard a bheidh ann an príomhmhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais 22 .

(31)Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. […] (an "Rialachán Airgeadais") maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis an Rialachán sin rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, na rialacha maidir le deontais san áireamh, lena náirítear deontais do thríú páirtithe, duaiseanna, soláthar, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

(32)Ba cheart na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú ar bhonn an chumais atá iontu cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a ghnóthú agus torthaí a sholáthar agus na costais a bhaineann le rialuithe, an tualach riaracháin, agus an baol a bhaineann le neamhchomhlíonadh a bhfuiltear ag súil leis á gcur san áireamh go háirithe. Ba cheart breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais, a chur san áireamh.

(33)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 24 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 25 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 26 , déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint le bearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, chun a dhéanamh amach an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus ciontaí coiriúla eile a fhiosrú agus a ionchúiseamh a mbíonn éifeacht acu ar leas airgeadais an Aontais mar a fhoráiltear dó i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(34)De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle 28 , tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(35)Chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le táscairí a leagtar síos in Airteagal 15 agus in Iarscríbhinn II. Ba cheart don Choimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil san am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(36)Chun cur chun feidhme rianúil an Chláir a áirithiú, maidir leis na costais arna dtabhú ag an tairbhí sula gcuirtear an tiarratas ar dheontas isteach, go háirithe na costais a bhaineann le cearta maoine intleachtúla, féadfar a mheas gur costais incháilithe iad, ar choinníoll go bhfuil siad nasctha go díreach le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht.

(37)De bhun mhír 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus rórialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an láthair.

(38)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na cláir oibre a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 . Is iomchuí a áirithiú go gcuirfear clabhsúr ceart ar an gclár réamhtheachtach, go háirithe maidir lena bheith ag leanúint de shocruithe ilbhliantúla le haghaidh bhainistiú an chláir, amhail cúnamh teicniúil agus riaracháin a mhaoiniú. Amhail ón [1 Eanáir 2021], ba cheart, más gá, a áirithiú leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin go mbainisteofar na gníomhaíochtaí nach mbeidh tugtha chun críche go fóill faoin gclár réamhtheachtach faoin [31 Nollaig 2020].

(39)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, is é an aidhm atá leis an Rialachán seo lánurraim a thabhairt don cheart chun comhionannais idir fir agus mná agus don cheart chun neamhidirdhealaithe bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach, agus cur i bhfeidhm Airteagal 21 agus Airteagal 23 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn. Tá sé i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas freisin.

(40)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a gcineál trasnáisiúnta, líon mór agus raon geografach leathan na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta agus comhair arna gcistiú, a néifeachtaí ar rochtain ar shoghluaisteacht foghlama agus ar lánpháirtiú an Aontais go ginearálta, mar aon lena ngné idirnáisiúnta treisithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an chuspóir sin a ghnóthú.

(41)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 a aisghairm le héifeacht ón [1 Eanáir 2021].

(42)Chun an leanúnachas a áirithiú maidir leis an tacaíocht chistiúcháin arna soláthar faoin gClár, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón [1 Eanáir 2021].



TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I
Forálacha Ginearálta

Airteagal 1
Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear an clár Eoraip na Cruthaitheachta ("an Clár").

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2 
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn "oibríocht mheasctha" gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena náirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, lena ndéantar foirmeacha neamhiníoctha tacaíochta agus ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais a chumasc le foirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(2)ciallaíonn "earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta" gach earnáil a bhfuil a gníomhaíochtaí bunaithe ar luachanna cultúrtha nó ealaíonta agus léirithe cruthaitheacha aonair nó comhchoiteanna eile. Áirítear sna gníomhaíochtaí sin forbairt, cruthú, táirgeadh, scaipeadh agus caomhnú earraí agus seirbhísí a chorpraíonn léirithe cultúrtha, ealaíonta nó léirithe cruthaitheacha eile, chomh maith le feidhmeanna gaolmhara amhail an toideachas nó an bhainistíocht. D'fhéadfaí nuálaíocht agus poist a chruthú tríothu sin, go háirithe ó mhaoin intleachtúil. Áirítear ar na hearnálacha ailtireacht, cartlanna, leabharlanna agus músaeim, ceardaíocht ealaíonta, an earnáil closamhairc (lena náirítear scannáin, teilifís, físchluichí agus ilmheáin), oidhreacht chultúrtha, idir inláimhsithe agus dholáimhsithe, dearadh (lena náirítear dearadh faisin), féilte, ceol, litríocht, na taibhealaíona, leabhair agus foilsitheoireacht, raidió agus na hamharcealaíona;

(3)ciallaíonn "FBManna" micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún 30 ;

(4)ciallaíonn "eintiteas dlítheanach" aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlítheanach agus a aithnítear mar eintiteas dlítheanach faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige i gcomhréir le hAirteagal 197(2)(c) den Rialachán Airgeadais;

(5)is lipéad ardcháilíochta é “an Séala Barr Feabhais” a bhronntar ar thionscadail a chuirtear faoi bhráid an chláir Eoraip na Cruthaitheachta agus a meastar cistiú a bheith tuillte acu ach nach bhfaigheann é de dheasca teorainneacha buiséid. Aithnítear leis luach an togra agus is cuidiú é agus cistiú malartach á lorg.

Airteagal 3
Cuspóirí an Chláir

(1)Is iad seo a leanas cuspóirí ginearálta an Chláir:

(a)comhar Eorpach a chur chun cinn i dtaca le héagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch agus le hoidhreacht;

(b)iomaíochas earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a mhéadú, go háirithe an earnáil closamhairc.

(2)Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an Chláir:

(a)feabhas a chur ar an ngné eacnamaíoch, shóisialta agus sheachtrach den chomhar ar an leibhéal Eorpach chun éagsúlacht chultúrtha Eorpach agus oidhreacht chultúrtha na hEorpa a fhorbairt agus a chur chun cinn agus iomaíochas na nearnálacha cultúir agus cruthaitheachta Eorpacha a neartú agus caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta a atreisiú;

(b)iomaíochas agus inscálaitheacht an tionscail closamhairc Eorpaigh a chur chun cinn;

(c)comhar beartais agus gníomhaíochtaí nuálacha lena dtacaítear le gach sraith den chlár a chur chun cinn, lena náirítear timpeallacht meán atá éagsúil agus iolraíoch a chur chun cinn, mar aon le litearthacht sna meáin agus cuimsiú sóisialta.

(3)Cumhdófar na sraitheanna seo a leanas sa Chlár:

(a)Leis an tsraith "Cultúr" cumhdaítear earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta cé is moite den earnáil closamhairc;

(b)Leis an tsraith "MEDIA" cumhdaítear an earnáil closamhairc;

(c)Leis an tsraith thrasearnála cumhdaítear gníomhaíochtaí sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta go léir.

Airteagal 4
An tsraith "Cultúr"

I gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, beidh na tosaíochtaí seo a leanas ag an tsraith "Cultúr":

(d)an ghné thrasteorann d'oibreoirí agus de shaothair chultúrtha agus chruthaitheacha Eorpacha a neartú agus iad a chur i gcúrsaíocht thar theorainneacha;

(e)rannpháirtíocht chultúrtha a mhéadú ar fud na hEorpa;

(f)athléimneacht na sochaí agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn tríd an gcultúr agus tríd an oidhreacht chultúrtha;

(g)feabhas a chur ar acmhainneacht na nearnálacha cultúir agus cruthaitheachta Eorpacha rath a bheith orthu agus poist agus fás a chruthú;

(h)féiniúlacht agus luachanna Eorpacha a neartú trí fheasacht chultúrtha, oideachas sna healaíona agus cruthaitheacht chultúrbhunaithe san oideachas;

(i)fothú acmhainneachta na nearnálacha cultúir agus cruthaitheachta Eorpacha a chur chun cinn go hidirnáisiúnta ionas go mbeidh siad gníomhach ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(j)rannchuidiú le straitéis dhomhanda an Aontais i leith caidreamh idirnáisiúnta trí thaidhleoireacht i gcúrsaí cultúrtha.

Tugtar mionsonraithe breise ar na tosaíochtaí in Iarscríbhinn I.

Airteagal 5
An tsraith "MEDIA"

I gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, beidh na tosaíochtaí seo a leanas ag an tsraith "MEDIA":

(k)buanna agus scileanna a chothú chun comhoibriú agus nuálaíocht a spreagadh i gcruthú agus i dtáirgeadh saothar closamhairc Eorpach;

(l)feabhas a chur ar dháileadh amharclannaíochta agus dáileadh ar líne agus rochtain níos leithne a thabhairt thar na teorainneacha do shaothair chlosamhairc Eorpacha, lena náirítear trí shamhlacha gnó nuálacha agus teicneolaíochtaí nua a úsáid;

(m)saothair chlosamhairc Eorpacha a chur chun cinn agus tacú le líon an lucht spéise a mhéadú ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.

Tabharfar aghaidh ar na tosaíochtaí sin trí thacú le cruthú, cur chun cinn, rochtain agus scaipeadh na saothar Eorpach sin lena bhféadfaí dul i bhfeidhm ar phobal mór laistigh den Eoraip agus níos faide i gcéin, agus ar an gcaoi sin rachfar in oiriúint d'fhorbairtí nua sa mhargadh agus comhlánófar an Treoir maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc.

Tugtar mionsonraithe breise ar na tosaíochtaí in Iarscríbhinn I.

Airteagal 6
An tsraith thrasearnála

I gcomhréir le cuspóirí an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3, beidh na tosaíochtaí seo a leanas ag an tsraith thrasearnála:

(n)tacú le comhar beartais trasnáisiúnta trasearnála lena náirítear maidir leis an ról atá ag an gcultúr i dtaca le cuimsiú sóisialta agus eolas ar an gclár a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt d'inaistritheacht torthaí;

(o)cineálacha cur chuige nuálacha a chur chun cinn maidir le hinneachar a chruthú, le rochtain a bheith air, lena dháileadh agus lena chur chun cinn ar fud earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta;

(p)gníomhaíochtaí cothrománacha a chur chun cinn lena gcumhdaítear roinnt earnálacha arb é is aidhm dóibh oiriúnú do na hathruithe struchtúrtha nach mór d'earnáil na meán dul i ngleic leo, lena náirítear timpeallacht meán atá saor, éagsúil agus iolraíoch a chur chun cinn, mar aon le hiriseoireacht ar ardcháilíocht agus litearthacht sna meáin;

(q)deasca cláir a chur ar bun agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun faisnéis a sholáthar faoin gClár ina dtíortha agus lena chur chun cinn, agus chun comhar trasteorann a spreagadh laistigh d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta;

Tugtar mionsonraithe breise ar na tosaíochtaí in Iarscríbhinn I.

Airteagal 7
Buiséad

1.Is é EUR 1 850 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 – 2027.

Cuirfear an clár chun feidhme de réir an dáilte airgeadais tháscaigh seo a leanas:

suas le EUR 609 000 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) (an tsraith "Cultúr");

suas le EUR 1 081 000 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b) (an tsraith "MEDIA");

suas le EUR 160 000 000 do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c) (an tsraith thrasearnála).

2.Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena náirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

3.I dteannta an imchlúdaigh airgeadais mar a léirítear i mír 1, agus chun gné idirnáisiúnta an Chláir a chur chun cinn, féadfar ranníocaíochtaí airgeadais breise a chur ar fáil ó na hionstraimí maoinithe sheachtraigh [An Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR III)], chun tacú le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme agus arna mbainistiú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Maoineofar an ranníocaíocht sin i gcomhréir leis na Rialacháin lena mbunaítear na hionstraimí sin.

4.Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit sin. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le [hAirteagal 62(1)(a)] den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le [hAirteagal 62(1)(c)] den Rialachán sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann más féidir.

Airteagal 8
Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.    Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

(a)Comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

(b)tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó chomhairlí comhlachais ábhartha, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó chomhairlí comhlachais ábhartha, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin.

(d)tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach aonair lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

(a)go náirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht i dtaca le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach i gcláir an Aontais;

(b)go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena náirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Is éard a bheidh sna ranníocaíochtaí sin ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den [Rialachán Airgeadais nua];

(c)nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht chinnteoireachta don tríú tír maidir leis an gclár;

(d)go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

2. Beidh rannpháirtíocht na dtíortha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 1 sna sraithe "MEDIA" agus trasearnála faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE.

3. Maidir leis na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis na tíortha a shonraítear i bpointe (c) de mhír 1, d'fhéadfaidís maolú ar na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 i gcásanna cuíréasúnaithe.

Airteagal 8b

Tríú tíortha eile

Féadfaidh an Clár tacú le comhar le tríú tíortha, seachas na tíortha sin dá dtagraítear in Airteagal 8, maidir le gníomhaíochtaí arna maoiniú le ranníocaíochtaí breise ó na hionstraimí maoinithe sheachtraigh, de réir Airteagal 7(3), má tá sé chun leas an Aontais.

Airteagal 9
Comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis an bhFaireachlann Eorpach Chlosamhairc

1.Beidh rochtain ar an gClár oscailte d’eagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach sna réimsí atá faoin gClár i gcomhréir leis na Rialachán Airgeadais.

2.Beidh an tAontas ina chomhalta den Fhaireachlann Eorpach Chlosamhairc ar feadh ré an Chláir. Rannchuideoidh rannpháirtíocht an Aontais san Fhaireachlann le tosaíochtaí na sraithe "MEDIA" a shaothrú. Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht ar an Aontas agus é ag plé leis an bhFaireachlann. Leis an tsraith "MEDIA", tacófar leis an táille ranníocaíochta a íoc le haghaidh bhallraíocht an Aontais san Fhaireachlann chun bailiú sonraí agus anailís a chothú san earnáil closamhairc.

Airteagal 10
Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.Cuirfear an Clár chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 61(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

2.Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfar maoiniú a sholáthar ón gClár freisin i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha.

3.Cuirfear oibríochtaí measctha faoin gClár seo chun feidhme i gcomhréir le [Rialachán InvestEU] agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

4.Féadfaidh ranníocaíochtaí le sásra frithpháirteach árachais an riosca a bhaineann le cistí a ghnóthú atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos in [Airteagal X de] Rialachán XXX [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta].

Airteagal 11
Cosaint Leas Airgeadais an Aontais

I gcás ina mbeidh tríú páirtí rannpháirteach sa Chlár le cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta is gá agus an rochtain a theastaíonn don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a ninniúlachtaí ábhartha a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar leis na cearta sin an ceart iniúchtaí a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, mar a bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

Airteagal 12
Cláir oibre

1.Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

2.Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.

Caibidil II
Deontais agus eintitis incháilithe

Airteagal 13
Deontais

1.Tabharfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

2.Féadfaidh an coiste meastóireachta a bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.

3.De mhaolú ar Airteagal 130(2) den Rialachán Airgeadais, agus i gcásanna cuíréasúnaithe, maidir leis na costais arna dtabhú ag an tairbhí roimh an iarratas ar dheontas a chur isteach, féadfar a mheas gur costais incháilithe iad, ar choinníoll go bhfuil siad nasctha go díreach le cur chun feidhme na mbeart agus na ngníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht.

4.I gcás inarb infheidhme, déanfar critéir neamhidirdhealaithe iomchuí a shainiú le gníomhaíochtaí an Chláir, lena náirítear maidir le cothromaíocht inscne.

Airteagal 14
Eintitis incháilithe

1.Beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4, i dteannta na gcritéar a leagtar amach in [Airteagal 197] den Rialachán Airgeadais.

2.Tá na heintitis seo a leanas incháilithe:

(e) eintitis dhlítheanacha atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

(1)Ballstát nó tír nó críoch thar lear a bhfuil nasc aici leis an mBallstát sin;

(2)tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár;

(3)tríú tír a liostaítear sa chlár oibre faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 3 agus 4;

(f)aon eintiteas dlítheanach a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta.

3.Go heisceachtúil, tá eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach.

4.I bprionsabal, ba cheart d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár costais a rannpháirtíochta a sheasamh. D’fhéadfadh tuilleadh ranníocaíochtaí ó na hionstraimí maoinithe sheachtraigh, de réir Airteagal 7(3), costais a rannpháirtíochta a chumhdach más chun leas an Aontais atá sé.

5.Féadfar deontais a dhámhachtain ar na heintitis seo a leanas gan glao ar thograí:

(g)An tAcadamh Eorpach Scannán;

(h)Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh;

Caibidil III
Sineirgí agus comhlántacht

Airteagal 15
Comhlántacht

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht agus comhlántacht fhoriomlán an Chláir leis na beartais agus leis na cláir ábhartha a áirithiú, go háirithe na cinn a bhaineann le cothromaíocht inscne, le hoideachas, le hóige agus le dlúthpháirtíocht, le fostaíocht agus le cuimsiú sóisialta, le taighde agus le nuálaíocht, le tionscal agus le fiontar, le talmhaíocht agus le forbairt tuaithe, leis an gcomhshaol agus le gníomhú ar son na haeráide, le comhtháthú, le beartas réigiúnach agus uirbeach, le Státchabhair agus le comhar idirnáisiúnta agus forbairt.

Airteagal 16
Cistiú carnach agus comhcheangailte

1.Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena náirítear Cistí faoi Rialachán (AE) Uimh. XX/XXX [CPR], ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata.

2.D’fhéadfaí Séala Barr Feabhais a bhronnadh ar thogra atá incháilithe faoin gClár ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sé na dálaí carnacha seo a leanas:

(i)rinneadh measúnú air i nglao ar thograí faoin gClár;

(j)comhlíonann sé íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;

(k)ní fhéadfar é a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí de dheasca srianta buiséadacha.

Caibidil IV
Faireachán, Meastóireacht agus Rialú

Airteagal 17
Faireachán agus tuairisciú

1.Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

2.Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir i leith a chuspóirí a bhaint amach, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 19, chun na forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt, lena náirítear trí leasuithe ar Iarscríbhinn II a athbhreithniú agus comhlánú a dhéanamh ar na táscairí i gcás inar gá.

3.Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit.

Airteagal 18
Meastóireacht

1.Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir.

3.I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

4.Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

5.Áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe meastóireachta go mbaileofar sonraí chun meastóireacht a dhéanamh ar an gclár ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil, agus ar an leibhéal gráinneachta iomchuí. Déanfar na sonraí agus an fhaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún ar dhóigh atá i gcomhréir le forálacha dlí eile; mar shampla, i gcás inar gá, coinneofar sonraí pearsanta anaithnid. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas.

Airteagal 19
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Caibidil V
Forálacha Idirthréimhseacha agus Críochnaitheacha

Airteagal 20
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

2.Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme bearta faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár agus le bearta agus torthaí an Chláir dá dtugtar tacaíocht trína shraitheanna. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 21
Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 22
Forálacha idirthréimhseacha

1.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an taistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 a áirithiú.

3.Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 7(4) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 23
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán



RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an clár “Eoraip na Cruthaitheachta” agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013

1.2.Réimse/reimsí beartais lena mbaineann (Cnuasach clár)

Infheistiú i nDaoine, i gComhtháthú Sóisialta agus i Luachanna, Eoraip na Cruthaitheachta (Cultúr agus closamharc (MEDIA))

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 31  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

Ligfidh an clár nua “Eoraip na Cruthaitheachta” 2021-2027 tuilleadh saothraithe agus foráilfear féidearthacht chun dul i ngleic le dúshláin chomhchoiteanna agus deiseanna comhchoiteanna a chruthú de réir mar atá forbartha sa chéad ghlúin (2014-2020) de chomhchlár le haghaidh earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha. Baineann sé sin go háirithe leis na deiseanna maidir le sraith thrasearnálach chomhchoiteann ina ndíreofar ar nuálaíocht. Is ionann branda seanbhunaithe an chláir “Eoraip na Cruthaitheachta” a choimeád agus cúnamh a thabhairt le háirithiú go leanfar ar aghaidh le rannpháirtíocht agus go mbeidh an tacaíocht ón Aontas Eorpach feiceálach.

1.4.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Léiríodh sa mheastóireacht mheántéarma ar an gclár roimhe seo go raibh cuspóirí agus tosaíochtaí an chláir comhleanúnach agus comhlántach ar an iomlán le cuspóirí agus tosaíochtaí na mbeartas agus na gclár náisiúnta, ag teacht dá réir sin le prionsabal na coimhdeachta. Go háirithe, foráileann nádúr trasnáisiúnta iltaobhach Eoraip na Cruthaitheachta deis ar leith óir is annamh go mbíonn cistiú náisiúnta chomh fial céanna. Léiríodh freisin go dtéann an clár i ngleic leis na príomhdhúshláin sna hearnálacha sin, eadhon rochtain ar airgeadas, ilroinnt margaidh maidir le saothair chultúrtha, digitiú agus domhandú. Cinneadh freisin go gcuireann Clár Eoraip na Cruthaitheachta tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais i gcrích amhail spriocanna fostaíochta AE2020, cruthú post a spreagadh agus margadh inmheánach níos cothroime ag a bhfuil bonn tionsclaíoch níos láidre mar aon le straitéisí earnála ar leibhéal an Aontais amhail an Margadh Aonair Digiteach. Dearbhaíodh i gcomhairliúchán poiblí oscailte a ghabhann leis an athbhreithniú meántéarma agus i gceann níos cuimsithí arna chur chun feidhme idir mí Eanáir agus mí an Mhárta 2018 gur aontaigh tromlach suntasach freagróirí go ndearna Eoraip na Cruthaitheachta freastal measartha maith ar na dúshláin faoi seach. Dearbhaíodh na torthaí sin trí shaineolas seachtrach agus in aiseolas eile a bailíodh, inter alia, trí Mhodh Oscailte an Chomhordaithe, an tidirphlé struchtúrtha leis an earnáil agus le fóraim eile amhail Fóram Scannánaíochta na hEorpa.

An breisluach ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post)

Cúrsaíocht trasteorann oibreacha, lena náirítear oibreacha closamhairc;

Líonraí idirnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí trasteorann a chruthú, ina gcuimsítear na príomhghnéithe struchtúrtha, atá ar na cinn is marthanaí, d’Eoraip na Cruthaitheachta;

Méadóidh líonraí trasnáisiúnta cumas oibreoirí cultúrtha agus cruthaitheacha ar an iomlán agus go háirithe dóibh siúd a oibríonn i réimsí nideoige agus sna Ballstáit sin nach bhfuil na cumais sin chomh forbartha iontu;

Soghluaisteacht trasteorann le haghaidh oibreoirí cultúrtha agus cruthaitheacha i dtionscadal agus i gcur chuige atá dírithe ar thorthaí ionas go ndéanfar scileanna a fhorbairt agus cumas na nearnálacha a atreisiú;

Tacú le heagraíochtaí tabhairt faoi rioscaí (inghlactha), rud a ligfeadh dóibh díriú isteach ar oibriúchán le gné Eorpach;

An éifeacht ar chlú thairbhithe na gclár, rud a chuireann le spéis fhéideartha comhpháirtithe agus idirghabhálaithe airgeadais agus lena niontaoibh i dtionscadail a thacaítear. Tuairiscíodh an ghné um chlú freisin chun rochtain ar thuilleadh cistiúcháin a éascú;

Tá fócas sochaíoch láidir ag an gclár seo óir trí thacaíocht d’éagsúlacht chultúrtha agus teanga, do shaoirse ealaíonta agus chruthaitheach, bíonn cumarsáid bhríoch ábhartha idir an tAontas Eorpach agus saoránaigh Eorpacha, ag rannchuidiú dá réir sin le leas sóisialta Eorpach;

San am céanna, bíonn tionchar dearfach ag Eoraip na Cruthaitheachta ar gheilleagar an Aontais ina iomlán trí thacaíocht a thabhairt earraí cultúrtha a chruthú, a chur chun cinn agus a chur i gcúrsaíocht, trí thacú le rochtain ar sheirbhísí cultúrtha agus trí thacaíocht d’iomaíochas earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha na hEorpa. Ce go ndíríonn scéimeanna tacaíochta scannáin ar leibhéal náisiúnta go príomha ar tháirgeadh oibreacha, déanann tacaíocht ón Aontas idirghabháil ar bhearta réamhtheachtacha (oiliúint, forbairt) agus iartheachtacha (dáileadh, cur chun cinn, taispeántas) seachas trí chomhléirithe teilifíse d’fhonn a áirithiú go bhfuil cúrsaíocht níos fearr ag saothair Eorpacha thar theorainneacha, go bhfuil siad feiceálach agus mbíonn rath orthu i ngach bealach dáileacháin lena náirítear ar líne;

Gabhann tacaíocht ón Aontas le cúrsaíocht saor in aisce seirbhísí meán closamhairc atá feabhsaithe ag Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc agus go háirithe, suntasacht oibreacha Eorpacha i gcatalóga seirbhísí Físeán ar Éileamh.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

De réir na meastóireachta meántéarma agus na gcomhairliúchán poiblí oscailte, is iad seo a leanas na trí phríomhbhac arna sainaithint ag na freagróirí a d’fhéadfadh bac a chur ar na cláir/cistí reatha a gcuid cuspóirí a bhaint amach “Buiséad neamhleor ag na cláir chun freastal ar éileamh”; “Easpa tacaíochta ar fáil do pháirtithe leasmhara ar mhionscála"; “Easpa tacaíochta d'iarratasóirí céaduaire”.

Aontaíonn freagróirí a bhfuil taithí acu ar cheann amháin nó níos mó de Chláir an Aontais gur fíor gurb iad a leanas na príomhchéimeanna atá le déanamh chun an tualach riaracháin do thairbhithe a shimpliú agus a laghdú, is iad sin “úsáid a bhaint as foirmeacha iarratais atá níos simplithe”, “líonra struchtúraithe agus comhpháirtíochtaí a éascú”, “cistiú a éascú le haghaidh gníomhaíochtaí a thrasnaíonn na hearnálacha gníomhaíochta” agus “comhordú níos fearr idir cláir/cistí éagsúla”.

I dtéarmaí simplithe, tabharfar na gnéithe a leanas isteach:

Leabófar tuilleadh solúbthachta laistigh den chlár d’fhonn cláir oibre a oiriúnú d’imthosca gan choinne nó d’fhorbairtí teicneolaíocha nó sochaíocha nua, agus luaíocht a thabhairt i gcomaoin feidhmíochta.

Tá tuilleadh éifeachtachta agus éifeachtúlachta ag teastáil, lena náirítear tuilleadh úsáid a bhaint as comhaontuithe comhpháirtíochta creatlaí agus as deontais chascáidithe chun cobhsaíocht airgeadais a chur ar fáil agus rochtain a éascú d’imreoirí beaga. Feabhsófar a thuilleadh an malartú foghlama a bhfuil rath air cheana le linn chur chun feidhme tionscadal agus an dóigh a scaiptear torthaí na foghlama sin.

Áireofar sna bearta earnála ceoil sa todhchaí, agus sa scéim aistriúcháin critéir dámhachtana lena dtabharfar luaíocht as rath ar an margadh agus feidhmíocht roimhe sin.

Dearfar socruithe éifeachtacha trasdulta chun an bhaint sa chlár nua le tríú tíortha a bhí bainteach roimhe seo le hEoraip na Cruthaitheachta 2014/2020 a éascú.

Cuirfear tuilleadh soiléire ar fáil sna treoirlínte lena mbaineann, agus beidh úsáid chórasach foirmeacha leictreonacha agus tuairiscí leictreonacha agus ceanglais níos éadroime i dtaobh tuairiscithe bainteach leis na próisis agus leis na nósanna imeachta. Tabharfar sraith chomhleanúnach rialacha (leabhar rialacha aonair) isteach, agus fágfar scóip le haghaidh cineálacha cur chuige éagsúlaithe de réir mar is gá.

Tugadh bearta simplithe suntasacha mar shampla cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe isteach go rathúil cheana i gcláir eile agus d’fhéadfaí iad a thabhairt isteach i gclár nua Eoraip na Cruthaitheachta.

Is bac d’iarratasóirí castacht agus ilchineálacht rialacha cistiúcháin na gclár reatha. Tá ról tábhachtach ag baint le pointe iontrála aonair d'úsáideoirí seachtracha chun páirt a ghlacadh i saolré na ndeontas (.i. tairseach na rannpháirtithe), lena náirítear córas bainistíochta deontas foriomlán chun an rochtain ar an gclár a shimpliú.

1.4.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Beidh an Clár comhsheasmhach agus comhlántach i dtaobh ionstraimí eile an Aontais, go háirithe Erasmus+, Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE), lena náirítear Ciste Sóisialta na hEorpa agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an chéad Chreatchlár Taighde agus Nuálaíochta eile mar aon le hionstraimí comhair seachtracha (NDICI, IPA III agus tíortha agus críocha thar lear). Is é aidhm an chláir, bunaithe ar fhoráil príomhshruthaithe an Chonartha agus ar an gcur chuige polaitiúil nua bunaithe ar thrasnaisc chultúrtha, de réir mar atá leagtha amach sa Chlár Oibre Eorpach nua don Chultúr, sineirgí a fhorbairt leis na réimsí beartais a leanas: Beartais Oideachais agus Óige, Beartais Fostaíochta agus Sóisialta, Beartais Chomhtháthaithe agus Thuaithe, Clár an Mhargaidh Aonair, Bonneagar Straitéiseach amhail an Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach, na Cláir Thaighde agus na Beartais um Chomhar Forbartha agus Seachtrach.

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

   tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [01/01/2021] go dtí an [31/12/2027]

   Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus d’íocaíochtaí sa tréimhse iar-2027.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 32  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

[…]

[…]

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Sraith táscairí lena dtuairiscítear ar dhul chun cinn an Chláir i dtreo bhaint amach na gcuspóirí ginearálta atá leagtha amach sa Bhonn Dlíthiúil. Tabharfar tuairisc ina leith go rialta.

Reáchtálfar meastóireacht mhéantéarma faoi 31 Nollaig 2024. Cuirfear meastóireacht deiridh chun feidhme faoi 31 Nollaig 2029.

Reáchtálfar faireachán i gcomhréir leis na ceanglais arna gcomhaontú sa Mheabhrán Tuisceana leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA).

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Is cosúil gurb í EACEA is mó a chuirfidh bearta an chláir chun feidhme ar chúiseanna costéifeachtúlachta. Cruthaíodh cheana go bhfuil an modh cur chun feidhme reatha éifeachtach, agus tá na rátaí earráide faoi láthair níos lú ná 2%, bunaithe ar réamhthorthaí an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil reatha. Cuirfear tromlach an chistiúcháin chun feidhme go háirithe trí dheontais. Beidh na deontais sin i bhfoirm de chostais iarbhír de ghnáth ach d’fhéadfaidís a bheith i bhfoirm cnapshuimeanna freisin, i bhfoirm rátaí comhréidhe, costais aonaid nó i gcomhcheangal díobh.

Laghdóidh úsáid scálaí maidir le costais aonaid agus bearta simplithe eile an baol earráide i néilimh chostais. Feidhmeofar roinnt beart éagsúil ionas go mbeidh rochtain níos fearr ag eagraíochtaí níos bige mar shampla i dteannta le simpliú treoirlínte agus nósanna imeachta ar bhonn an Rialacháin Airgeadais (féach thuas). Déanfaidh MEDIA an líon measartha ard de bhearta éagsúla dá chuid ar mhaithe le fócas níos fearr.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Tá na rioscaí céanna ann d’Eoraip na Cruthaitheachta agus atá ann do chláir eile an Choimisiúin trína ndírítear ar thairbhithe níos bige a bhíonn éagsúil óna chéile. Go háirithe, ní athfhillteach iad cuid mhaith de na tairbhithe agus ní bhíonn struchtúir riaracháin fhairsinge acu.

Is cosúil go leanfaidh EACEA ar aghaidh tromlach Eoraip na Cruthaitheachta a chur chun feidhme. In 2018 léirigh iniúchadh Sheirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí EACEA maidir le bainistiú deontas – céim I (ón iarraidh go dtí síneadh na gconarthaí), go raibh laigí sa chóras rialaithe inmheánach, go háirithe i gcomhpháirt III “Gníomhaíochtaí Rialaithe” agus IV “Faisnéis agus Cumarsáid”. Go háirithe, ní mór ról na gcoistí meastóireachta mar aon le bainistiú saineolaithe seachtracha i ndámhachtain deontas a neartú.

Mar fhreagairt, rinne an Ghníomhaireacht plean gníomhaíochta a chur ar bun ag díriú ar athbhreithniú nósanna imeachta, treoirlínte agus teimpléad. Cuimsítear ann bearta láithreacha (m.sh. doiciméadú cuí ar nósanna imeachta agus ar athruithe láithreacha nósanna imeachta arna bhfeidhmiú ar bhonn láithreach le haghaidh iarrataí tosaigh 2018) agus athruithe eile i modh oibre EACEA ar gá iad a chur chun feidhme faoi 2018. Go háirithe, cuireadh nósanna imeachta oiriúnaithe maidir le meastóireacht ar iarrataí ar thograí i bhfeidhm agus measúnú fós le déanamh ar na tionchair maidir le costas rialaithe.

Is dualgas de chuid EACEA an plean gníomhaíochta, le tacaíocht ó na máthair-ArdStiúrthóireachtaí. Mar sin féin, rinneadh faireachán ar EACEA ag na máthair-ArdStiúrthóireachtaí a atreisiú.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

Tar éis iniúchadh na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) ar EACEA in 2017/18, cuireadh nósanna imeachta oiriúnaithe maidir le meastóireacht ar iarrataí ar thograí i bhfeidhm agus measúnú fós le déanamh ar na tionchair maidir le costas rialaithe. Méadaíodh an faireachán idir na máthair-ArdStiúrthóireachtaí agus EACEA ionas go bhféadfaí faireachán atreisithe a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Beifear ábalta mar gheall ar straitéisí frithchalaoise EACEA (nuashonraithe 2018) agus an Choimisiúin dul i ngleic le riosca calaoise, go príomha trí bhearta chun bac a chur ar mhírialtacht a ndéantar iad a ghéarú sa chás go mbraitear calaois.

Leanfar ar aghaidh le cur chun feidhme na mbeart a leanas, ag an máthair-ArdStiúrthóireacht agus ag an EACEA araon: Faireachán deisce, misin faireacháin i gcomhréir le straitéis faireacháin shainmhínithe, ceanglais tuairiscithe shoiléire sna comhaontuithe deontais le tairbhithe, cruinnithe tosaigh le tairbhithe nua, an fhéidearthacht deontais a ghearradh mura gcuirtear torthaí ar fáil nó sa chás nach gcomhlíontar coinníollacha cistiúcháin áirithe cosúil leis na cinn a bhaineann le cumarsáid.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Ceannteideal 2 “Comhtháthú agus Luachanna”

Teideal 07 “Infheistíocht i nDaoine, i gComhtháthú Sóisialta agus i Luachanna”

Caibidil 05 ‘Eoraip na Cruthaitheachta’

LD/LN 33 .

ó thíortha de chuid CSTE 34

ó thíortha is iarrthóirí 35

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

2

07 01 04 XX Caiteachas riaracháin – Eoraip na Cruthaitheachta

Neamhdhifreáilte.

NÍL

2

07 05 01 – CULTÚR

Difreáilte

NÍL

2

07 05 02 – MEDIA

Difreáilte

NÍL

2

07 05 03 – AN tSRAITH THRASEARNÁLACH

Difreáilte

NÍL

3.2.Leithdháileadh Táscach Laistigh den tSraith Thrasearnálach don tréimhse airgeadais 2021-2027

A) Comhar beartais trasnáisiúnta trasearnálach, eolas ar an gclár a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt d'inaistritheacht torthaí: EUR 5 mhilliún

B) Cineálacha cur chuige nuálacha a chur chun cinn maidir le hinneachar a chruthú, le rochtain a fháil air, lena dháileadh agus lena chur chun cinn ar fud earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha: EUR 52 milliún

C) Gníomhaíochtaí cothrománacha a chur chun cinn lena gcumhdaítear roinnt earnálacha agus é mar aidhm acu oiriúnú do na hathruithe struchtúrtha nach mór d'earnáil na meán dul i ngleic leo, go háirithe maidir le timpeallacht shaor, éagsúil, iolraíoch na meán, iriseoireacht ardchaighdeáin agus litearthacht sna meáin a fheabhsú: EUR 61 milliún

D) Deasca cláir a chur ar bun agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun faisnéis a sholáthar faoin gClár ina dtíortha agus lena chur chun cinn, agus chun comhar trasteorann a spreagadh laistigh de na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha: EUR 42 milliún

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

3.3.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

2

Comhtháthú agus luachanna

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 36

Gealltanais

(1)

Íocaíochtaí

(2)

07 05 01 – CULTÚR

Gealltanais

(1)

75,862

77,382

78,929

80,505

82,120

83,756

84,947

563,500

Íocaíochtaí

(2)

40,558

54,101

68,138

72,858

75,386

77,563

79,217

95,678

563,500

07 05 02 – MEDIA

Gealltanais

(1)

134,221

136,912

139,640

142,439

145,287

148,188

150,313

997,000

Íocaíochtaí

(2)

70,740

94,534

119,185

127,480

131,902

135,723

138,639

178,798

997,000

07 05 03 – AN tSRAITH THRASEARNÁLACH

Gealltanais

(1)

21,539

21,970

22,409

22,857

23,314

23,781

24,131

160,000

Íocaíochtaí

(2)

12,730

16,457

20,319

21,642

22,365

22,997

23,487

20,003

160,000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir 

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

07 01 04 XX - Tacaíocht riaracháin d’Eoraip na Cruthaitheachta

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

17,420

17,760

18,125

18,485

18,850

19,239

19,621

129,500

IOMLÁN leithreasuithe d'imchlúdach an chláir 37

Gealltanais

=1+3

249,042

254,023

259,103

264,286

269,571

274,963

279,012

1.850,000

Íocaíochtaí

=2+3

141,448

182,852

225,767

240,465

248,504

255,522

260,963

294,479

1.850,000



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

7

"Caiteachas riaracháin"

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” a úsáid arna niontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo , a uaslódáiltear chuig DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna 38  

14,301

15,601

16,745

16,745

16,745

16,745

16,745

113,627

Caiteachas riaracháin eile

0,888

0,888

0,888

0,888

0,888

0,888

0,888

6,213

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

15,189

16,489

17,633

17,633

17,633

17,633

17,633

119,840

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

264,231

270,512

276,736

281,919

287,204

292,596

296,645

1,969,840

Íocaíochtaí

156,637

199,341

243,4

258,098

266,137

273,155

278,596

294,479

1,969,840

3.3.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

14,301

15,601

16,745

16,745

16,745

16,745

16,745

113,627

Caiteachas riaracháin eile

0,888

0,888

0,888

0,888

0,888

0,888

0,888

6,213

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

15,189

16,489

17,633

17,633

17,633

17,633

17,633

119,840

lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 39
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

17,420

17,760

18,125

18,485

18,850

19,239

19,621

129,500

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

17,420

17,760

18,125

18,485

18,850

19,239

19,621

129,500

IOMLÁN

32,609

34,249

35,758

36,118

36,483

36,872

37,254

249,340

 

3.3.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

93

101

109

109

109

109

109

Toscaireachtaí

Taighde

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: (FTE) - CA, LA, SNE, INT agus JPD  40

Ceannteideal 7

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa cheanncheathrú

13

15

15

15

15

15

15

- i dtoscaireachtaí

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  41

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

Taighde

Eile (sonraigh)

IOMLÁN

106

116

124

124

124

124

124

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.3.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

iontráil mheabhráin

3.4.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

    ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 42

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

[…]

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

[…]

(1)     Dearbhú na Róimhe, Márta 2017
(2)    EYCH 2018: https://europa.eu/cultural-heritage/  
(3)     COM(2017) 673 final
(4)    COM(2018) 267 final.
(5)     JOIN/2016/029
(6)     COM/2014/0477 final
(7)     COM(2018) 236 final  
(8)     COM(2017) 479 final
(9)    Fuarthas 1 839 bhfreagra ó gach cearn den Eoraip.
(10)    https://ec.europa.eu/digital-single-market/en/european-film-forum
(11)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(12)    COM (2018) 248 final.
(13)    IO C […], […], lch. […].
(14)    IO C […], […], lch. […].
(15)    COM(2018) 267 final.
(16)     COM(2016) 594 final
(17)     COM/2016/0287 final
(18)     JOIN/2016/029
(19)     COM/2014/0477 final
(20)     COM(2017) 479 final
(21)    Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, arna ghlacadh ag na Náisiúin Aontaithe i Meán Fómhair 2015, A/RES/70/1
(22)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(23)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(24)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch.1).
(25)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(26)    Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ("OIPE") (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(27)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(28)    Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(29)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(30)    IO L 124, 20.5.2003, lch.1.
(31)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(32)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(33)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(34)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(35)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí.
(36)    Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile
(37)    D’fhéadfaí an clár (cuid den chlár) a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin, faoi réir thoradh na hanailíse costais/sochair agus na gcinntí lena mbaineann atá le déanamh.
(38)    Meastacháin foirne bunaithe ar leibhéal foirne 2018 de chuid an Choimisiúin (Gníomhaireacht Feidhmiúcháin as an áireamh) le céimniú isteach ar bhonn forchéimnitheach. Méideanna bunaithe ar mheánchostais bhliantúla arna méadú ó 2019 faoi 2 % le haghaidh innéacsaithe agus faoi 1.5 % don tionchar ar éabhlóid gairmréime (FP+TA). Ní áirítear leis líon measta na mball foirne riachtanach a bheidh ag teastáil le haghaidh comhlachtaí díláraithe, gan baill foirne bhreise arna n-íoc trí ranníocaíochtaí ó thíortha a bheidh bainteach sa todhchaí san áireamh.
(39)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(40)    AC = Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(41)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(42)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top