Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0401

    Cás T-401/22: Caingean arna tabhairt an 29 Meitheamh 2022 – DVB Bank v BRA

    IO C 380, 3.10.2022, p. 13–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    3.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 380/13


    Caingean arna tabhairt an 29 Meitheamh 2022 – DVB Bank v BRA

    (Cás T-401/22)

    (2022/C 380/15)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: DVB Bank SE (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: H. Berger agus M. Weber, Dlíodóirí)

    Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (BRA)

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 11 Aibreán 2022 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2022 (SRB/ES/2022/18), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann an cinneadh atá faoi chonspóid, lena n-áirítear Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III leis an gcinneadh sin, le ranníocaíocht an iarratasóra;

    a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

    Mar mhalairt air sin, sa chás ina measann an Chúirt Ghinearálta nach ann don chinneadh ó thaobh dlí de, de bharr gur úsáid an cosantóir an teanga oifigiúil mhícheart, agus go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú do-ghlactha dá bhrí sin ar an bhforas go bhfuil an chaingean gan chuspóir, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    a dhearbhú nach ann don chinneadh atá faoi chonspóid ó thaobh dlí de;

    a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Ardaíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí atá comhionann nó comhchosúil, go bunúsach, leo siúd a ardaíodh i gCás T-396/22 Landesbank Baden-Württemberg v BRA.


    Top