AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.2.2025
COM(2025) 85 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú
1.Réamhrá
Tá bonn tionsclaíoch na hEorpa lárnach dár bhféiniúlacht agus riachtanach dár n‑iomaíochas. Tá oidhreacht thionsclaíoch shaibhir ag an Eoraip. Le blianta fada anuas, tá ár dtionscail ar thús cadhnaíochta sa dul chun cinn teicneolaíoch. Spreag na tionscail sin fás eacnamaíoch agus chothaigh siad ár múnla sóisialta. Tá todhchaí a bhfuil gealladh fúithi de dhíth orthu anois, agus is í an Eoraip — áit a bhfuil láidreachtaí iomadúla — an áit cheart. Tá na buanna, na fiontraithe, na húinéirí gnó, na hoibrithe agus na tomhaltóirí atá de dhíth ar fáil san Eoraip. Tá sé de chumas ag an Eoraip nuálaíocht a spreagadh agus dul chun cinn domhanda a mhúnlú. Agus tá geilleagar sóisialta margaidh láidir aici a bhfuil timpeallacht dhlíthiúil intuartha mar bhonn taca leis. Ní bhíonn aon gheilleagar athléimneach ann gan chomhpháirt thionsclaíoch láidir.
Mar sin féin, tá an Eoraip ag dul i ngleic le teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid, le fás eacnamaíoch mall agus leis an iomaíocht theicneolaíoch. Sa ré nua seo, is léir gur riachtanas slándála í straitéis iomaíochais agus dícharbónaithe freisin. Ní mór don Aontas aghaidh a thabhairt go práinneach ar 3 dhúshlán ag an am céanna: géarchéim aeráide agus na hiarmhairtí a bhaineann léi, ábhair imní maidir le hiomaíochas agus athléimneacht eacnamaíoch. Thairis sin, mar a léirítear i dTuarascáil Draghi agus sa Chompás Iomaíochais, bíonn beartais dícharbónaithe ina spreagadh mór don fhás nuair a bhíonn siad comhtháite go maith le beartais thionsclaíocha, iomaíochta, eacnamaíocha agus trádála. Tá dúshláin eiseacha roimh ár dtionscail, go háirithe iad siúd a bhfuil praghsanna arda fuinnimh agus iomaíocht ghéar dhomhanda rompu. Tá an baol ann go bhfaigheadh cumhachtaí móra eile an lámh in uachtar orainn i dtéarmaí fáis táirgiúlachta. Tá gá le gníomhaíocht phráinneach i ndáil leis an méid sin.
Sin an fáth a bhfuil plean gnó claochlaitheach de dhíth ar an Eoraip. Leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, tugtar le chéile an gníomhú ar son na haeráide agus an t‑iomaíochas faoi aon straitéis uileghabhálach fáis amháin. Is gealltanas é dlús a chur leis an dícharbónú, leis an ationsclú agus leis an nuálaíocht, iad uile ag an am céanna agus ar fud na mór-roinne ar fad, agus athléimneacht na hEorpa á treisiú freisin. Ní mór don Chomhaontú cás gnó níos láidre a chur ar fáil do thionscal na hEorpa le haghaidh infheistíochtaí móra aeráidneodracha i dtionscail dianfhuinnimh agus sa teicneolaíocht ghlan.
Tá sé mar aidhm againn táirgeadh inbhuanaithe agus athléimneach a mhéadú san Eoraip. Tá creat uaillmhianach leagtha amach ag an Eoraip le bheith ina gheilleagar dícharbónaithe faoi 2050. Leanfar leis an bplean sin, lena n‑áirítear leis an sprioc idirmheánach glanlaghdú 90 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2040. Is féidir borradh a chur faoin iomaíochas leis an gcreat sin, toisc go dtugann sé cinnteacht agus intuarthacht do chuideachtaí agus d’infheisteoirí araon. Bainfear an méid sin amach trí mhonaróirí iomaíocha a chothú a spreagann dícharbónú tríd an nuálaíocht, a chruthaíonn poist ar ardchaighdeán agus a rannchuidíonn lenár neamhspleáchas straitéiseach oscailte, agus prionsabal na neodrachta teicneolaíche á urramú agus á chur i bhfeidhm go hiomlán do na Ballstáit de réir mar is iomchuí.
Díreofar go príomha ar 2 earnáil a bhfuil dlúthnasc eatarthu. Ar an gcéad dul síos, díreofar ar thionscail dianfhuinnimh a dteastaíonn tacaíocht phráinneach uathu chun dícharbónú agus leictriú a dhéanamh, agus chun aghaidh a thabhairt ar chostais arda fuinnimh, ar iomaíocht dhomhanda éagórach agus ar rialacháin chasta, rud a dhéanann dochar dá n‑iomaíochas. Ar an dara dul síos, díreofar ar earnáil na teicneolaíochta glaine, atá i gcroílár an iomaíochais amach anseo agus atá riachtanach don chlaochlú tionsclaíoch, don chiorclaíocht agus don dícharbónú. Tá sé fíor-riachtanach gníomhú chun ár spriocanna aeráidneodrachta a bhaint amach, astaíochtaí a ionsú agus athléimneacht uisce a choinneáil agus a áirithiú go mbeimid in ann teicneolaíochtaí na todhchaí a dhéanfar san Aontas a tháirgeadh, agus ár gcumas réitithe a sholáthar a choinneáil.
Beidh an chiorclaíocht ina tosaíocht. Tá an chiorclaíocht ríthábhachtach chun acmhainní teoranta an Aontais a uasmhéadú, spleáchais a laghdú agus athléimneacht a fheabhsú. Leis sin, laghdófar dramhaíl, costais táirgthe agus astaíochtaí CO2 agus cruthófar samhail thionsclaíoch níos inbhuanaithe a rachaidh chun tairbhe don chomhshaol agus a chuirfidh feabhas ar iomaíochas eacnamaíoch an tráth céanna. Is é uaillmhian an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan go mbeidh an tAontas ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir leis an ngeilleagar ciorclach faoi 2030.
Chun go mbeimid in ann éiceachóras tionsclaíoch Eorpach nua rathúil don bhfás agus don rathúnas a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach dul níos faide ná réitigh neamh-chomhtháite thraidisiúnta agus féachaint ar an slabhra luacha ina iomláine. Tá 6 spreagadh gnó ann: (1) fuinneamh inacmhainne, (2) margaí tosaigh, (3) maoiniú, (4) ciorclaíocht agus rochtain ar ábhair, (5) margaí domhanda agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta agus (6) scileanna. Ba cheart iad sin a chomhlánú le gníomhaíochtaí maidir le cumasóirí cothrománacha atá riachtanach do gheilleagar iomaíoch: rómhaorlathas a laghdú, leas iomlán a bhaint as scála an Mhargaidh Aonair lena n‑áirítear trí thíortha is iarrthóirí a chomhtháthú de réir a chéile, borradh a chur faoin digitiú, dlús a chur le cur in úsáid na nuálaíochta, poist ar ardchaighdeán a chur chun cinn agus beartais a chomhordú ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.
Leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, deimhnítear tiomantas an Aontais dá spriocanna aeráide trí dhreasachtaí soiléire gnó a chur ar fáil ionas gur féidir leis an earnáil tionsclaíochta dícharbónú a dhéanamh laistigh den Eoraip. Tá bonn tionsclaíoch na hEorpa lárnach dár rathúnas agus tá sé riachtanach dár n‑iomaíochas. Is toradh iad na bearta a mholtar sa Chomhaontú ar rannpháirtíocht ghníomhach ceannairí tionscail, comhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta trí Dhearbhú Antuairp maidir le Comhaontú Tionsclaíochta don Eoraip agus tríd an Idirphlé maidir le hAistriú Glan. Tá ár gcuid tograí curtha in oiriúint go díreach do na riachtanais atá acu. Ag an tráth cinniúnach seo do thionscal na hEorpa, tá sé beartaithe tús a chur le ré nua de stair thionsclaíoch na hEorpa leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, a bheidh fite fuaite leis an bhfás, leis an athléimneacht agus leis an gceannaireacht ar an leibhéal domhanda.
2.Rochtain ar fhuinneamh inacmhainne
Ós rud é go bhfuil meánphraghsanna fuinnimh san Eoraip níos airde ná meánphraghsanna fuinnimh ár gcomhpháirtithe trádála, tá sé ríthábhachtach a chinntiú go mbeidh fuinneamh inacmhainne ar fáil, go háirithe in earnálacha dianfhuinnimh, agus is príomhchoinníoll é chun a chinntiú go mbeidh ár dtionscal iomaíoch go fóill. Dá bhrí sin, is bunchloch den Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan í rochtain ar fhuinneamh inacmhainne.
Is é spleáchas na hEorpa ar bhreoslaí iontaise allmhairithe an phríomhchúis leis na praghsanna fuinnimh níos airde agus níos luainí sin. Tá an staid sin níos measa fós mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh a bhí ann le déanaí agus an úsáid atá á baint ag an Rúis as an soláthar gáis mar uirlis troda. Tá an éiginnteacht gheopholaitiúil agus an éiginnteacht sa mhargadh atá ann faoi láthair ag cur le costais infheistíochta, agus cuirtear na costais sin ar aghaidh chuig tomhaltóirí.
Ina theannta sin, tá neamhéifeachtúlachtaí níos struchtúrtha sa chóras leictreachais ag cur le costais fuinnimh agus bíonn tionchar acu ar bhillí fuinnimh thionscail na hEorpa. Tá bac á chur ar chomhtháthú breise foinsí fuinnimh dícharbónaithe níos saoire agus tá teorainn á cur le hathléimneacht an Aontais i gcoinne bagairtí mar gheall ar idirnaisc agus bonneagar eangaí neamhleor, chomh maith le comhtháthú agus solúbthacht teoranta an chórais fuinnimh. An digitiú, lena n‑áirítear eangacha cliste bunaithe ar an intleacht shaorga agus faireachán ar fhuinneamh bunaithe ar Idirlíon na Rudaí Nithiúla, beidh siad ríthábhachtach chun comhtháthú na gcóras fuinnimh a áirithiú, chun tacú le bainistiú fíor-ama eangaí, chun solúbthacht ar thaobh an éilimh a fheabhsú, agus chun cothabháil thuarthach a chumasú le haghaidh bonneagar criticiúil. Ní mór don Aontas dul chun cinn a dhéanamh i dtreo an leictrithe agus i dtreo margadh aonair lán-chomhtháite don fhuinneamh.
Chun costais fuinnimh a laghdú san Aontas, ní mór dúinn dlús a chur leis an leictriú agus leis an aistriú chuig fuinneamh glan a ghintear laistigh den Aontas, ár margadh inmheánach fuinnimh a iomlánú le hidirnaisc fhisiceacha, agus fuinneamh a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla. Ní mór dúinn fíor-Aontas Fuinnimh a bhaint amach a rachaidh chun tairbhe do chách. Chun an méid sin a dhéanamh, glacadh Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne inniu. Tá bearta ann chun billí fuinnimh a laghdú do thionscail, do ghnólachtaí agus do theaghlaigh sa ghearrthéarma, agus dlús á chur leis na hathchóirithe struchtúracha is gá ag an am céanna.
Le comhar ó na Ballstáit agus ón earnáil phríobháideach, beidh éifeacht chlaochlaitheach ag an bPlean Gníomhaíochta, agus prionsabal neodracht na teicneolaíochta á urramú. Cuirfear an chuid is mó den Phlean Gníomhaíochta i gcrích cheana féin in 2025. Tacófar le cás gnó an tionscail infheistíocht a dhéanamh i leictriú agus i ndícharbónú trí na buntáistí a bhaineann le fuinneamh níos saoire a chur ar aghaidh chuig na húsáideoirí deiridh. Teastaíonn cinnteacht ó infheisteoirí freisin. Is uirlisí riachtanacha iad na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide chun a áirithiú go mbainfidh an tAontas amach a chuid spriocanna agus chun tacú le hinfheistíocht straitéiseach. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit gníomhaíocht nithiúil bunaithe ar a gcuid straitéisí náisiúnta a dhéanamh gan mhoill chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach.
Sa Phlean Gníomhaíochta, tá 3 thionscnamh suaitheanta ann a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo don tionscal: (1) billí fuinnimh a ísliú, (2) dlús a chur le leathadh amach céimneach an fhuinnimh ghlain agus an leictrithe, lena n‑áirítear idirnaisc agus eangacha lánchríochnaithe, chomh maith le monaraíocht ghlan, agus (3) margaí gáis dea-fheidhmiúla a áirithiú.
2.1.Billí fuinnimh a ísliú
Is é an chéad chéim maidir le costas an tsoláthair leictreachais a laghdú ná na hathchóirithe a tugadh isteach le déanaí i nDearadh an Mhargaidh Leictreachais a chur chun feidhme go hiomlán agus trí éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn. Tá méadú tapa ar Chomhaontuithe Ceannaigh Cumhachta (CCCanna), lena n‑áirítear CCCanna trasteorann, agus Conarthaí Difríochta (CDanna) ríthábhachtach chun táirgeadh fuinnimh ghlain a dhéanamh níos tarraingtí d’úsáideoirí tionsclaíocha agus chun nach mbeidh billí fuinnimh deiridh ag brath chomh mór sin ar bhreoslaí iontaise luaineacha i margaí gearrthéarmacha.
Is féidir tuilleadh a dhéanamh chun tacú le glacadh CCCanna. Tá clár píolótach á sheoladh ag an gCoimisiún inniu, i gcomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), le haghaidh Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta (CCCanna) corparáideacha do mhéid táscach EUR 500 milliún. Faoin gclár píolótach seo, déanfaidh BEI frithráthaíocht ar chuid de na CCCanna a dhéanann cuideachtaí, go háirithe FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe , chomh maith le tionscail dianfhuinnimh, más féidir, ar mhaithe le ceannach fadtéarmach giniúna leictreachais. I gcomhréir leis an gcur chuige i nDearadh an Mhargaidh Leictreachais, oibreoidh an Coimisiún le BEI chun CCCanna a chur chun cinn ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Chomh maith leis sin, tabharfaidh BEI isteach ‘Pacáiste um monaraíocht eangach’ do shlabhra soláthair na hEorpa chun frithráthaíochtaí a sholáthar do mhonaróirí comhpháirteanna na n‑eangach, do mhéid táscach EUR 1,5 billiún ar a laghad. Tabharfaidh an pacáiste seo an chinnteacht is gá do na gnólachtaí sin chun borradh a chur faoin táirgeadh. Leanfaidh Grúpa BEI de dhlús a chur le luas na n‑infheistíochtaí fuinnimh, mar a rinne sé le déanaí faoi REPowerEU.
Déanfaidh an Coimisiún na rialacha maidir le Státchabhair a shimpliú faoi Mheitheamh 2025 chun dlús a chur le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite, chun dícharbónú tionsclaíoch a chur i bhfeidhm agus chun acmhainneacht leordhóthanach monaraíochta teicneolaíochta glaine a áirithiú san Eoraip. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an Státchabhair do shlabhraí soláthair agus do theicneolaíochtaí núicléacha i gcomhréir leis an gConradh agus an neodracht theicneolaíoch á urramú aige, agus ceart na mBallstát cinneadh a dhéanamh maidir leis an meascán fuinnimh á aithint go hiomlán aige. Tabharfaidh an Coimisiún treoir do na Ballstáit maidir le conas conarthaí difríochta a dhearadh, lena n‑áirítear an féidearthacht iad a chumasc le CCCanna, i gcomhréir le rialacha maidir leis an státchabhair. In éineacht leis sin, glacfaidh an Coimisiún rialacha nua maidir le leithdháileadh acmhainneachta fadtréimhseach trasteorann faoi 2026. Leis na rialacha sin, déanfar tomhaltóirí móra tionsclaíocha a chumhachtú a thuilleadh chun an táirgeadh leictreachais atá de dhíth orthu chun oibriú a dhaingniú. Cuideoidh sé sin freisin le réamh-mhargaí a fhorbairt agus le soláthar leictreachais fadtéarmach níos sláine a bhaint amach. Ina theannta sin, lorgóidh an Coimisiún tuairimí na mBallstát maidir le hionstraim solúbthachta glaine bunaithe ar CCCanna agus ar ghealltanas ón tionscal úsáid a bhaint as leictreachas glan, agus é á dhearadh ar bhealach a chuireann teorainn leordhóthanach leis na rioscaí a bhaineann le saobhadh iomaíochta agus rásaí fóirdheontais sa Mhargadh Aonair, mar a cheanglaítear leis na rialacha maidir le Státchabhair.
Tá an-acmhainneacht ag tomhaltóirí tionsclaíocha an t‑éileamh a chur in oiriúint do sholáthar fuinnimh ghlain shaor, agus iad ag úsáid níos mó leictreachtais nuair a bhíonn praghsanna íseal agus níos lú nuair a bhíonn siad ard. D’fhéadfaí a chur ar chumas na dtionscal, ar bhonn deonach, coigilteas láithreach a dhéanamh ar a gcuid billí fuinnimh trí tháirgí atá curtha in oiriúint do riachtanais tomhaltóirí tionsclaíocha éagsúla agus tomhaltóirí eile a chur ar fáil. Faoi R4 2025, forbróidh an Coimisiún treoir do na Ballstáit agus do mhiondíoltóirí maidir le luach saothair solúbthachta a chur chun cinn i gconarthaí miondíola.
Mar chéad chéim, ba cheart do na Ballstáit an chaibidlíocht maidir leis an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimha thabhairt i gcrích go práinneach chun an creat cánach a dhéanamh níos fabhraí don leictriú agus gan úsáid breoslaí iontaise a dhreasú. Chun faoiseamh gearrthéarmach a thabhairt don tionscal, go háirithe tionscail dianfhuinnimh atá ag infheistiú i ndícharbónú, ba cheart do na Ballstáit leibhéil chánachais ar leictreachas a ísliú agus deireadh a chur le tobhaigh lena maoinítear beartais airgeadais nach mbaineann le fuinneamh. Leis an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, is féidir cánachas leictreachais a laghdú go nialas i gcás tionscail dianfhuinnimh. I ndáil leis sin, eiseoidh an Coimisiún moladh maidir le conas leibhéil chánachais a ísliú go héifeachtach ar bhealach costéifeachtach. Maidir le muirir ghréasáin, cuirfidh an Coimisiún moladh agus treoir chun cinn maidir le dearadh comhchuibhithe modheolaíochtaí taraife le haghaidh muirir ghréasáin, agus i bhfianaise a éifeachtaí is a bheidh an moladh agus an treoir sin, molfaidh sé reachtaíocht nua.
Le córas gréasáin éifeachtúil, cinntítear go sreabhann fuinneamh ón áit a dtáirgtear é go dtí an áit a bhfuil gá leis, rud a chinntíonn go mbaineann gach duine tairbhe as fuinneamh ar an gcostas is fearr. Cuirfidh an Coimisiún Pacáiste Eorpach maidir le hEangacha ar aghaidh chun, i measc nithe eile, na Gréasáin Thras-Eorpacha Fuinnimh a shimpliú, pleanáil agus seachadadh comhtháite trasteorann tionscadal a áirithiú, go háirithe maidir le hidirnascairí, ceadú a chuíchóiriú, pleanáil eangaí dáileacháin a fheabhsú, borradh a chur faoin digitiú agus faoin nuálaíocht chomh maith le hinfheictheacht agus tosaíocht a thabhairt do riachtanais soláthair monaraíochta a mhéadú, ag tógáil freisin ar ghníomhaíochtaí ón bPlean Gníomhaíochta um Eangacha.
Ós rud é go meastar go mbeidh praghsanna leictreachais san Aontais bunaithe ar an ngás nádúrtha den chuid is mó sna blianta amach romhainn, tá an Coimisiún réidh chun tacú leis na Ballstáit agus bearta Státchabhrach á gceapadh acu. Leis sin, chuirfí ar chumas na mBallstát aghaidh a thabhairt ar arduithe móra ar phraghsanna agus ar thimpeallachtaí eisceachtúla praghsanna agus an nasc idir praghsanna arda gáis agus praghsanna leictreachais a bhriseadh, bunaithe ar shamhlacha cruthaithe i gcásanna éigeandála.
2.2.Dlús a chur le leathadh amach an fhuinnimh ghlain agus na monaraíochta
Tá soláthar seasta slán fuinnimh atá glan agus inacmhainne de dhíth ar thionscail dianfhuinnimh. Tá sé ríthábhachtach amanna ceadaithe a laghdú chun tionscadail eangaí, tionscadail stórála fuinnimh agus tionscadail fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid. Go dtí seo, áfach, níor thug ach 7 mBallstát fógra faoi thrasuí iomlán na rialacha ceadaithe níos cuíchóirithe sa Treoir nua maidir le Fuinneamh In-athnuaite. Bhí an tionchar ar an leathadh amach sna tíortha sin soiléir agus dearfach. Ba cheart do na Ballstáit uile an leas is fearr is féidir a bhaint as an deis seo, ós rud é go bhfágfaidh sé go mbeidh níos mó leictreachais saor sa chóras. Tacóidh an Coimisiún, mar bheart insoláthartha láithreach, leis na Ballstáit an reachtaíocht atá ann cheana maidir le ceadú fuinnimh a thrasuí agus a chur chun feidhme. Roinnfidh sé dea-chleachtais agus moltaí agus seolfaidh sé idirphlé cur chun feidhme maidir le ceadú fuinnimh.
Is cúis mhór imní freisin iad nósanna imeachta fada um dheonú ceadanna do thionscail dianfhuinnimh ar mian leo leictriú a dhéanamh. Sin an fáth a molfaidh an Coimisiún, sa Ghníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch atá ar na bacáin, bearta nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar scrogaill cheadaithe a bhaineann le rochtain thionsclaíoch ar fhuinneamh agus dícharbónú tionsclaíoch, agus coimircí comhshaoil á gcoinneáil agus sláinte an duine á gcosaint ag an am céanna. Cuirfidh na bearta sin leis an taithí a fuarthas tríd an rialachán éigeandála maidir le ceadú, an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, Rialachán GTE-F, an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla agus an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta. I gcás limistéir luathaithe áirithe réamhshainithe, agus i gcásanna leasa phoiblí sháraithigh, is féidir an ceadú sin a éascú le bearta amhail formheasanna intuigthe le haghaidh cinntí riaracháin áirithe sa phróiseas ceadaithe i gcás inarb ann don phrionsabal sin sa chóras dlí náisiúnta, agus le hionaid ilfhreastail d’fhorbróirí.
Tá ról tábhachtach ag an digitiú sa phróiseas ceadaithe. Leis sin, is féidir dlús a chur le nósanna imeachta agus intuarthacht uainiúcháin níos fearr a bhaint amach. Cuirfidh an Coimisiún tuilleadh dreasachtaí ar fáil le haghaidh úsáid spásanna sonraí, sonraí agus seirbhísí spásbhunaithe an Aontais agus na hintleachta saorga chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag na húdaráis náisiúnta a éascaíonn an chinnteoireacht ar thacair sonraí éagsúla, lena n‑áirítear mapáil gheolaíoch, mapáil spásúil, mapáil nádúrtha éiceachórais nó sonraí astaíochtaí.
2.3.Margaí gáis a fheidhmíonn go maith agus a chuireann torthaí ar fáil a áirithiú
Tá tionchar díreach ag praghas an gháis nádúrtha allmhairithe ar phraghsanna gáis agus leictreachais an Aontais araon. Chun luaineacht praghsanna agus amhantraíocht a laghdú, ní mór go bhfeidhmeoidh na margaí i gceart. Tá gá le maoirseacht iomlán rialála agus dlúthchomhar idir rialtóirí fuinnimh agus airgeadais chun cúbláil margaidh a chosc agus chun aon lúb ar lár a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le heaspa trédhearcachta, neamhshiméadracht faisnéise agus riosca i ndáil le comhchruinniú margaidh a dhúnadh.
Níos luaithe an mhí seo, bhunaigh an Coimisiún Tascfhórsa don Mhargadh Gáis chun grinnscrúdú cuimsitheach a dhéanamh ar mhargaí gáis nádúrtha an Aontais agus, nuair is gá, chun bearta a dhéanamh chun a bhfeidhmiú is fearr is féidir sa mhargadh a áirithiú agus chun cosc a chur ar chleachtais tráchtála a shaobhann praghsáil mhargadhbhunaithe, ag foghlaim ó cheachtanna na géarchéime fuinnimh. Seolfaidh an Coimisiún comhairliúchán leathan le páirtithe leasmhara chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le tuilleadh athruithe reachtacha chun maoirseacht rialála iomlán rianúil a áirithiú, chun rialacha an mhargaidh fuinnimh agus airgeadais a ailíniú agus a neartú (MiFID/REMIT) agus chun an t‑ualach riaracháin a laghdú do chuideachtaí a bhíonn ag trádáil ar mhargaí airgeadais le haghaidh fuinnimh (tuairisciú aonair). Cumhdófar leis sin gnéithe éagsúla den leagan amach rialála, an cur chuige maoirseachta comhpháirteach ag rialtóirí fuinnimh agus airgeadais agus cruthú bunachair sonraí chomhchuibhithe chomhpháirtigh de na sonraí margaidh ábhartha uile a mbeidh rochtain iomlán ag na rialtóirí uile air. Cuirfidh an Coimisiúné tuarascáil ar fáil faoi R4 2025.
Ina theannta sin, is féidir cuidiú le strus an chórais a laghdú agus saobhadh sa mhargadh a bhaineann le hathlíonadh stórála gáis a sheachaint le comhordú níos fearr i measc na mBallstát agus conairí líonta níos solúbtha, le tacaíocht ón gCoimisiún, rud a thacóidh le hathlíonadh ar dhálaí ceannaigh níos fearr agus le slándáil an tsoláthair.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta — Rochtain ar fhuinneamh agus ar bhonneagar inacmhainne
|
Amlíne
|
|
Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne
|
R1 2025
|
|
Tionscadal píolóta BEI lena gcuirfear ráthaíochtaí airgeadais ar fáil do cheannaitheoirí CCCanna, agus béim á leagan ar FBManna agus ar thionscal dianfhuinnimh
|
R2 2025
|
|
Togra reachtach maidir le síneadh a chur leis an Rialachán maidir le Stóráil Gáis
|
R1 2025
|
|
Creat nua Státchabhrach i ndáil leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan
|
R2 2025
|
|
Moladh maidir le muirir ghréasáin
|
R2 2025
|
|
An Gníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch:
·Dlús a chur le ceadú le haghaidh rochtain thionsclaíoch ar fhuinneamh agus dícharbónú tionsclaíoch
|
Q4 2025
|
|
Moladh maidir le cánachas fuinnimh
|
Q4 2025
|
|
Treoracha maidir le dearadh Conarthaí Difríochta, lena n‑áirítear maidir le CDanna agus CCCanna a chomhcheangal
|
Q4 2025
|
|
Treoracha maidir le luach saothair solúbthachta i gconarthaí miondíola a chur chun cinn
|
Q4 2025
|
|
An Pacáiste maidir le hEangacha Eorpacha
|
R1 2026
|
|
Eochairtháscaire feidhmíochta – An ráta leictrithe ar fud an gheilleagair a mhéadú ó 21,3 % go 32 % in 2030
Eochairtháscaire feidhmíochta – 100 GW d’acmhainneacht leictreachais in-athnuaite a shuiteáil gach bliain suas go dtí 2030.
|
3.Margaí tosaigh: soláthar glan agus éileamh air a threisiú
Chun cás gnó a thógáil le haghaidh táirgí dícharbónaithe, tá gá freisin le bearta nithiúla ar thaobh an éilimh. Ní dhéanfaidh gnólachtaí na hinfheistíochtaí is gá ach amháin má tá siad cinnte go bhfuil margadh ann dá gcuid táirgí.
Leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan cuirfear na coinníollacha ar bun le go dtiocfaidh an t‑éileamh sin chun cinn. Le cruthú margaí tosaigh le haghaidh teicneolaíochtaí agus táirgí glana, cuirfear an tAontas chun cinn mar cheannaire domhanda san aistriú glan. Méadófar iomaíochas an Aontais sna príomhearnálacha glana ansin freisin, agus geallfar monaraíocht inbhuanaitheach táirgí glana agus fostaíocht. Is leis na margaí tosaigh a spreagtar barainneachtaí scála agus a laghdaítear costais, agus is leo a dtugtar rochtain níos fearr ar roghanna malartacha inbhuanaithe do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí araon. Leis an éileamh méadaithe sin dreasaítear lucht tionscail dlús a chur lena n‑aistriú chuig modhanna táirgthe níos glaine agus níos ciorclaí, rud lena dtreiseofar na tairbhí don chomhshaol agus don gheilleagar araon.
Leis na bearta nua comhlánaítear leathadh amach céimneach an chuspóra sheanbhunaithe atá ag an Aontas margadh a chruthú le haghaidh carbón gafa. Le cur chun feidhme na Straitéise Bainistithe Carbóin Tionsclaíoch, cuirfear leis an gcás gnó le haghaidh na n‑aistrithe buana carbóin sin chun cúiteamh a dhéanamh as na hastaíochtaí ó na hearnálacha a bhfuil sé deacair na hastaíochtaí uathu a laghdú, lena n‑áirítear i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí a dhéanfar in 2026. Forbrófar bearta chun aitheantas a thabhairt d’úsáid carbóin ghafa i réimse táirgí níos leithne, agus chun áireamh dúbailte na n‑astaíochtaí carbóin chorpraithe a chosc, i gcás ina gcuimseofar loscadh dramhaíola i gCóras Trádála Astaíochta (CTA) an Aontais. Ina theannta sin, tacóidh an Coimisiún le dlús a chur le forbairt agus cur in úsáid imoibreoirí beaga modúlacha.
3.1.Critéir neamhphraghais sa soláthar poiblí agus dreasachtaí le haghaidh ceannach príobháideach
Is ionstraim thábhachtach iad beartais soláthair poiblí chun bacainní ar an iontráil sa mhargadh a shárú agus chun tacú le héiceachórais thionsclaíocha inbhuanaithe athléimneacha, poist agus cruthú luacha san Aontas. Le sainorduithe spriocdhírithe agus critéir neamhphraghais maidir le ceanglais inbhuanaitheachta agus athléimneachta, chomh maith le ceanglais maidir le cion an ábhair ón Aontas i gcomhréir le gealltanais dhlíthiúla an Aontais is féidir an caiteachas náisiúnta a ailíniú le clár oibre níos leithne an Aontais maidir le dícharbónú agus iomaíochas, agus a áirithiú go ndéanfaidh an caiteachas poiblí tairbhe don nuálaíocht, don rathúnas agus do chruthú post ar ardchaighdeán. Leis sin dhreasófaí na monaróirí chun dlús a chur leis an táirgeadh inbhuanaitheach athléimneach.
Leis an nGníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch tabharfar isteach critéir athléimneachta agus inbhuanaitheachta chun soláthar glan Eorpach a chothú le haghaidh na n‑earnálacha dianfhuinnimh. Leis na critéir sin (e.g. glan, athléimneach, ciorclach, slán ó thaobh na cibearshlándála de) neartófar an t‑éileamh ar tháirgí glana de dhéantús an Aontais, le tacaíocht ón taithí a fuarthas ón nGníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta maidir leis an teicneolaíocht ghlan, cuirfear an nuálaíocht mar aon le caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta chun cinn, agus áiritheofar cothrom na Féinne. Leis sin d’fhéadfadh sé go leathnófaí cur i bhfeidhm critéar neamhphraghais chun buiséad an Aontais agus cláir thacaíochta náisiúnta agus a chumhdach, mar aon le soláthar poiblí agus príobháideach, nithe a thairbhíonn do thionscail dianfhuinnimh.
Anuas ar an ngníomhaíocht ghearrthéarmach sin, déanfaidh an Coimisiún togra maidir le hathbhreithniú ar an gCreat um Sholáthar Poiblí in 2026. Leis sin, beifear in ann critéir inbhuanaitheachta, athléimneachta agus tosaíochta Eorpaí a úsáid maidir le soláthar poiblí an Aontais le haghaidh earnálacha straitéiseacha. Leis an athbhreithniú déanfar comhdhlúthú agus soiléiriú ar an idirghníomhaíocht idir na forálacha maidir le soláthar poiblí ar fud na bpíosaí reachtaíochta éagsúla, ionas go mbeidh sé níos éasca ag na húdaráis chonarthacha iad a chur i bhfeidhm. Ba cheart gach leibhéal riaracháin, idir náisiúnta agus áitiúil, a bheith in ann na critéir sin a úsáid. Leathnófar na critéir sin freisin chun soláthar príobháideach a dhreasú, trí bhearta ar nós caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 saolré-bhunaithe.
D’fhéadfadh tionchar nach beag a bheith ag an soláthar príobháideach ar an éileamh. Mar is amhlaidh cheana féin i réigiúin eile ar domhain, agus mar a mholtar i dtuarascáil Draghi, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar conas ceanglais agus critéir neamhphraghais a chuimsiú sa reachtaíocht ábhartha maidir le táirgí, amhail cruach ísealcharbóin, foinsí in-athnuaite fuinnimh nó ceallraí inbhuanaithe le haghaidh gluaisteán agus flíteanna corparáideacha, chomh maith le cóid tógála. Ní mór nasc soiléir a bheith ann idir dreasachtaí le haghaidh dícharbónú agus iarrachtaí a dhéanann an tionscal i dtreo na ciorclaíochta. Nuair a bhíonn na dreasachtaí cearta ag gabháil leis an lipéadú le haghaidh táirgí tionsclaíocha, is cumhachtach an uirlis é chun dlús a chur leis an aistriú go dtí monaraíocht dhícharbónaithe agus chun a áirithiú go bhfaighidh na monaróirí an ‘biseach glas’ agus go nginfidh siad toradh ar a n‑infheistíochtaí sa dícharbónú. Má nasctar an lipéad sin leis an soláthar poiblí, spreagfar na monaróirí chun úsáid a bhaint as.
Leis an nGníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch forbrófar lipéad deonach maidir le déine carbóin táirgí tionsclaíocha, ach seachnófar an dúbailt, ar bhonn modheolaíocht shimplí le sonraí ón gcóras trádála astaíochtaí agus leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) mar bhonn agus taca faoi. Ba cheart é sin a bheith ina bhunús le haghaidh tuilleadh rannpháirtíochta san obair idirnáisiúnta ar thomhas an déine carbóin. Ar mhaithe le luas, beidh an chruach mar phointe tosaigh ag an gCoimisiún in 2025. Beidh sé sin bunaithe ar thuairisciú atá ann cheana ón tionscal. Cruthófar lipéad le haghaidh stroighne faoin Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta, agus cuirfear isteach iarraidh ar chaighdeánú go luath. Le lipéadaí den sórt sin beidh táirgeoirí tionsclaíocha in ann déine carbóin óna dtáirgeadh tionsclaíoch a aithint agus tairbhiú de dhreasachtaí spriocdhírithe, e.g. le haghaidh cruach ghlan. D’fhéadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint astu freisin chun dreasachtaí cánach agus scéimeanna tacaíochta eile a dhearadh i gcomhréir le rialacha maidir le Státchabhair.
I gcomhthreo, leanfaidh an Coimisiún lena obair maidir le measúnuithe saolréa fhorbairt, agus lipéad deonach an Ghnímh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch mar bhonn agus taca fúthu i gcás inarb ábhartha. Leis na lipéadaí déanfar tairbhe do thomhaltóirí freisin toisc go mbeidh siad in ann lorg carbóin táirgí ábhartha a fheiceáil a bhuí leis an reachtaíocht atá ann cheana (e.g. An Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta agus reachtaíocht earnálach amhail reachtaíocht maidir le ceallraí nó foirgnimh).
Chun na dreasachtaí dícharbónúcháin sin a neartú ní mór aghaidh a thabhairt freisin ar an iomadú modheolaíochta atá ar bun maidir leis an gcuntasaíocht carbóin san Aontas agus go hidirnáisiúnta, rud is cúis le mearbhall i measc na gcuideachtaí Eorpacha atá i dtús cadhnaíochta i bhforbairt táirgí níos glaine. Déanfaidh an Coimisiún obair chun modheolaíochtaí cuntasaíochta a shimpliú agus a chomhchuibhiú agus faoi R4 2025 sainaithneoidh sé réimsí tosaíochta agus bealaí lena bhféadfaí simpliú, comhchuibhiú agus fíorú láidir a dhéanamh.
3.2.An glacadh le hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin a chur chun cinn
Tá ról lárnach ag hidrigin i ndícharbónú chóras fuinnimh an Aontais, go háirithe sna hearnálacha a bhfuil sé deacair na hastaíochtaí uathu a laghdú agus nach bhfuil an leictriú mar rogha iontu go fóill. Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh creat rialála soiléir ann. Dá bhrí sin glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe maidir le hidrigin ísealcharbóin in R1 2025, chun na rialacha maidir le táirgeadh hidrigine ísealcharbóin a shoiléiriú ar bhealach pragmatach, rud lena dtabharfar deimhneacht d’infheisteoirí.
Chun an glacadh le táirgeadh hidrigine san Aontas a dhí-rioscú agus chun dlús a chur leis, seolfaidh an Coimisiún an tríú glao faoin mBanc Hidrigine in R3 2025 le buiséad suas le EUR 1 bhilliún agus molfaidh sé do na Ballstáit úsáid a bhaint as an ardán ceantanna mar sheirbhís arna sholáthar ag an gCoimisiún, mar shampla chun úsáid cistí neamhchaite ón Aontas a éascú.
Thairis sin, le seoladh an tSásra Hidrigine faoin mBanc Hidrigine Eorpach in R2 2025, déanfar ceannaitheoirí agus soláthróirí a shlógadh agus a chur i dteagmháil le chéile, agus beidh rochtain ag rannpháirtithe ar ionstraimí maoiniúcháin agus dí-rioscúcháin chun comhiomlánú éileamh na gceannaitheoirí ar hidrigin agus ar bhreoslaí hidrigine a éascú in earnálacha tionsclaíochta agus iompair atá deacair a dhícharbónú, e.g. sna hearnálacha muirí agus eitlíochta.
Chun an t‑athbhreithniú ar an ngníomh tarmligthe maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a ullmhú, tá an Coimisiún ag seoladh staidéir chun éifeachtacht an chreat hidrigine a mheasúnú agus chun bacainní a aithint a d’fhéadfadh a bheith ann ar uas-scálú na hidrigine in-athnuaite. Tacaíonn an Coimisiún go leanúnach freisin le páirtithe leasmhara sa phróiseas deimhniúcháin, go háirithe le Ceisteanna & Freagraí ar líne a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta - Margaí tosaigh: soláthar glan agus éileamh air a threisiú
|
Amlíne
|
|
Gníomh tarmligthe maidir le hidrigin ísealcharbóin, lena dtabharfar deimhneacht rialála do tháirgeoirí hidrigine ísealcharbóin
|
R1 2025
|
|
An Gníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch:
·Lipéad táirgí ísealcharbóin a bhunú
·Ceanglais inbhuanaitheachta agus athléimneachta, agus ceanglas maidir le cion an ábhair ón Aontas a chur i bhfeidhm maidir le soláthar poiblí agus príobháideach in earnálacha straitéiseacha chun margaí tosaigh le haghaidh táirgí ísealcharbóin a áirithiú
|
Q4 2025
|
|
Teachtaireacht agus togra reachtach maidir le flíteanna corparáideacha a ghlasú
|
2025/2026
|
|
Athbhreithniú ar na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí chun úsáid critéar neamhphraghais a phríomhshruthú
|
R4 2026
|
|
Eochairtháscaire feidhmíochta – 40 % de phríomh-chomhpháirteanna táirgí teicneolaíochta glaine a tháirgtear go hinmheánach ar mhargadh an Aontais a bhaint amach
Eochairtháscaire feidhmíochta - Leochaileachtaí seachtracha le haghaidh tháirgí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan mar a thomhaistear iad leis an Innéacs Leochaileachta seachtraí a laghdú ó 0,19 faoi láthair. (EXVI).
|
4.Infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha
Beidh infheistíochtaí móra riachtanach le haghaidh aistriú glan ár ngeilleagair. Ní mór don Aontas a infheistíochtaí bliantúla san fhuinneamh, sa nuálaíocht agus san uas-scálú tionsclaíoch agus sa chóras iompair a mhéadú faoi thart ar EUR 480 billiún i gcomparáid leis na deich mbliana roimhe seo. Tá slógadh agus giaráil caipitil phríobháidigh ríthábhachtach. Chun an méid sin a dhéanamh, tá gá le cobhsaíocht rialála fhadtéarmach, dreasachtaí poiblí le haghaidh dícharbónú agus comhordú beartas éifeachtach.
Beidh an chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile ina chumasóir straitéiseach le haghaidh an aistrithe ghlas freisin, agus an taithí ó bhuiséad an Aontais, trína rannchuidítear le bearta a bhaineann leis an aeráid lena dtacaítear leis an gComhaontú Glas don Eoraip sa tréimhse maoiniúcháin seo, mar bhonn agus taca faoi. Leis an gCiste Iomaíochais atá beartaithe, beidh tacaíocht láidir le fáil ag an tionscal nuálach le haghaidh infheistíocht inbhuanaitheach sa chéad CAI eile, mar aon le rochtain simplithe ar chistiú ón Aontas trí ionad ilfhreastail. Díreofar é ar thionscadail a bhfuil breisluach AE acu, amhail an teicneolaíocht ghlan, agus tacófar leis an dícharbónú tionsclaíoch an tráth céanna. Le cistiú ón Aontas soláthrófar infheistíochtaí breise nach beag sa bhonneagar agus sa nascacht is gá chun an tAontas Fuinnimh a iomlánú. Glacfaidh an Coimisiún straitéis maidir le hAontas Coigiltis agus Infheistíochta chun gur féidir caipiteal a shlógadh le haghaidh infheistíocht phríobháideach. Fágfaidh sin go mbeidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta mar cheann scríbe le haghaidh infheistíochtaí sa dícharbónú tionsclaíoch agus sa teicneolaíocht ghlan.
Faoi láthair, tá gá ag tionscal an Aontais le rochtain láithreach ar chaipiteal. Chun faoiseamh gearrthéarmach a sholáthar, leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan slógfar breis agus EUR 100 billiún chun an cás gnó a fheabhsú maidir le monaraíocht ghlan de dhéantús an Aontais, lena n‑áirítear EUR 1 bhilliún breise i ráthaíochtaí faoin CAI atá i bhfeidhm faoi láthair.
Déanfaidh an Coimisiún bearta chun (1) cistiú ar leibhéal an Aontais a neartú, (2) infheistíocht phríobháideach a ghiaráil agus (3) éifeachtacht na Státchabhrach lena dtacaítear le cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan, mar aon le scéimeanna tacaíochta náisiúnta eile, a fheabhsú.
4.1.Cistiú ar leibhéal an Aontais a neartú
Is eol gur uirlis iontaofa é an Ciste don Nuálaíocht le haghaidh tionscail an Aontais chun dícharbónú tionsclaíoch agus tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glaine a mhaoiniú. Chun tionchar an Chiste a mhéadú, ba cheart roghanna maoinithe breise a chur ar fáil chun an tacaíocht do thionscadail a roghnaítear le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht, ar tionscadail iad a bhfuil Séala Ceannasachta faighte acu faoin Rialachán maidir leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), a uas-scálú. Féachfaidh an Coimisiún ar bhealaigh chun an méid sin a éascú, lena n‑áirítear trí shineirgí feabhsaithe idir ionstraimí cistiúcháin atá ann cheana, chun maoiniú tionscadal séala STEP ón gCiste don Nuálaíocht a uasmhéadú ar fud na réigiún san Aontas. I gcomhthreo, féachfaidh an Coimisiún le tuilleadh ailíniú a dhéanamh idir na critéir cistiúcháin le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht agus maoiniú náisiúnta lena gcuirfear dlús le formheas Státchabhrach le haghaidh na Ballstáit ar mian leo tacú le tionscadail a bhfuil séala STEP acu. Soiléireofar an próiseas leis sin, agus tabharfar dreasacht do na Ballstáit chun tuilleadh acmhainní náisiúnta a leithdháileadh.
Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún togra maidir le Banc um Dhícharbónú Tionsclaíoch a mbeidh EUR 100 billiún i gcistiú d’aidhm aige, ar bhonn cistí atá sa Chiste don Nuálaíocht, ioncam breise a thiocfaidh as codanna den chóras trádála astaíochtaí agus as an athbhreithniú ar InvestEU. Chun a áirithiú go n‑infheisteoidh an tAontas sa nuálaíocht agus sna teicneolaíochtaí lena múnlófar ár ngeilleagar agus lena spreagfar ár n‑aistrithe cuirfear an Banc laistigh de rialachas an Chiste Iomaíochais a bheidh ann amach anseo. Sula ndéanfar an t‑athbhreithniú ar an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí in 2026 seolfaidh an Coimisiún tionscadal píolótach in 2025 le ceant EUR 1 bhilliún maidir le dícharbónú príomhphróiseas tionsclaíoch ar fud earnálacha éagsúla lena dtacófar le dícharbónú agus leictriú tionsclaíoch, agus úsáid á baint acu as meascán de na hacmhainní atá ann cheana faoin gCiste don Nuálaíocht agus ceantanna mar sheirbhís.
Leis an mBanc um Dhícharbónú Tionsclaíoch déanfar uasmhéadú ar an laghdú ar astaíochtaí. Bainfidh sé úsáid as lamháltais an Chórais Trádála Astaíochtaí a chuirtear ar leataobh mar chuid de chreat Chóras Trádála Astaíochtaí (CTA) an Aontais chun tacú le tionscadail ina mbeidh an laghdú astaíochtaí carbóin chun tacaíocht teicneolaíocht-neodrach a chumasú ar fud na n‑earnálacha tionsclaíocha, lena n‑áirítear trí chonarthaí carbóin le haghaidh difríochtaí, mar mhéadrach. Dearfar é ionas go n‑áiritheofar roghnú iomaíoch agus dáileadh cothrom na tacaíochta ó Bhallstát go chéile. Comhlánóidh sé comhartha praghais an Chórais Trádála Astaíochtaí agus cuideoidh sé an bhearna leachtachta a dhúnadh sa chaiteachas caipitiúil agus sa chaiteachas oibríochtúil araon.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún EUR 6 bhilliún ón gCiste don Nuálaíocht a ghealladh in 2025, lena n‑áirítear le haghaidh teicneolaíocht ghlan, monaraíocht ceallraí, an Banc Hidrigine agus dícharbónú tionsclaíoch. Molann an Coimisiún do na Ballstáit tuilleadh úsáide a bhaint as deontais mar sheirbhís agus as ceantanna mar sheirbhís mar shamhail chruthaithe chun acmhainní Aontais agus náisiúnta a chomhthiomsú i roghnú iomaíoch a bheidh comhchuibhithe agus comhoiriúnach don Státchabhair. Tá an Ghearmáin, an Ostair, an Liotuáin agus an Spáinn i dtús cadhnaíochta i ndáil leis na hiarrachtaí sin trí chistiú breise a shaoradh le haghaidh tionscadal hidrigine um bhreosla in-athnuaite iompair leachtach agus gásach de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch.
Ar leibhéal níos ginearálta, cosnóidh an Coimisiún leasanna straitéiseacha an Aontais trí ghlaonna ábhartha a dhíriú ar na riachtanais maidir le dícharbónú tionsclaíoch, trí níos mó úsáide a bhaint as critéir athléimneachta i nglaonna ar iomaíocht #nó trí shrian a chur ar rannpháirtíocht tríú tíortha i dtionscadail taighde íogaire.
Is cumasóir straitéiseach é an Taighde agus an Nuálaíocht (T&N) chun an chéad ghlúin eile den teicneolaíocht ghlan, den fhuinneamh glan agus den mhonaraíocht dhícarbónaithe a chur chun cinn san Aontas. Seolfaidh an Coimisiún Glao Fís Eorpach suaitheanta ar fiú ca. EUR 600 milliún é faoin gclár oibre 2026-2027 chun tacú le tionscadail atá oiriúnach lena gcur in úsáid. Beidh sé d’aidhm aige sin sineirgí a chothú idir an Creatchlár le haghaidh T&N agus an Ciste don Nuálaíocht, agus cruthófar píblíne tionscadal leis ó T&N go cur in úsáid. Ina theannta sin, chun tacú leis an gcomhleá núicléach mar fhoinse fuinnimh dhícharbónaithe nuálach don todhchaí, déanfar togra maidir le straitéis comhleá, lena n‑áirítear cruthú Comhpháirtíocht Phoiblí-Phríobháideach chun dlús a chur le tráchtálú.
4.2.Infheistíocht phríobháideach a ghiaráil
Is é InvestEU an phríomhuirlis ar leibhéal an Aontais chun infheistíocht phríobháideach a ghiaráil. Oibrítear é i gcomhar le Grúpa BEI, le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus le bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh, agus tá breis agus EUR 280 billiún de chistiú breise slógtha aige isteach i ngeilleagar an Aontais.
Tá togra á dhéanamh ag an gCoimisiún le haghaidh leasú ar Rialachán InvestEU chun acmhainn rioscúil InvestEU a mhéadú. Leis an togra sin simpleofar athúsáid barrachas ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus athsreabha ó ionstraimí airgeadais seanbhunaithe agus déanfar foráil maidir leis an athúsáid sin, agus éascófar tacaíocht cothromais. Leis an togra sin slógfar thart ar EUR 50 billiún de mhaoiniú breise agus d’infheistíocht bhreise i bpríomhthosaíochtaí beartais an Aontais, amhail próisis thionsclaíocha a nuachóiriú, teicneolaíocht ghlan a mhonarú agus a chur in úsáid, maoiniú le haghaidh tionscadail maidir le bonneagar fuinnimh, réitigh maidir le soghluaisteacht ghlan nó laghdú agus athchúrsáil dramhaíola, go dtí deireadh an CAI atá i bhfeidhm faoi láthair. Úsáidfidh Grúpa BEI na hionstraimí ráthaíochta atá ann cheana faoi InvestEU, go páirteach i ndáil le Saoráid Ráthaíochta le haghaidh Teicneolaíocht Ghlan. Chun an cistiú i réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a mhéadú a thuilleadh, moltar do na Ballstáit leasmhara a n‑acmhainní a aistriú go mear, chuig an urrann an Bhallstáit de InvestEU.
Oibreoidh an Coimisiún freisin le Grúpa BEI ar thionscnaimh nua i bhfabhar na n‑earnálacha a ndírítear orthu go sonrach leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, agus tacóidh InvestEU leo de réir mar is iomchuí. Tá Grúpa BEI ar cheann de na soláthraithe cistithe aeráide is mó agus is féidir ról suntasach a bheith aige maidir le cistiú príobháideach breise a fháil. Mar a fógraíodh sa Chompás Iomaíochais, oibreoidh an Coimisiún le Grúpa BEI agus le hinfheisteoirí príobháideacha chun clár infheistíochta TechEU a chur in úsáid chun cabhrú leis an mbearna mhaoiniúcháin a dhúnadh chun tacú leis an nuálaíocht shuaiteach, chun acmhainneacht thionsclaíoch na hEorpa a neartú agus chun cuideachtaí na hEorpa atá ag méadú a neartú, ar cuideachtaí iad a infheistíonn i dteicneolaíochtaí nuálacha amhail an intleacht shaorga, an teicneolaíocht ghlan, amhábhair chriticiúla, stóráil fuinnimh, an ríomhaireacht chandamach, leathsheoltóirí, na heolaíochtaí saoil, agus an néartheicneolaíocht. Leanfaidh BEI de chuir chuige nua a fhorbairt chun tacú le cuideachtaí Eorpacha atá ag infheistiú san aistriú glan. I measc na samplaí a d’fhéadfadh a bheith ann tá sásraí dreasachta chun dícharbónú a bhaint amach
4.3.Creat Státchabhrach i ndáil leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus tacaíocht agus éascú eile
Tá ról ríthábhachtach ag tacaíocht ar an leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear tacaíocht Státchabhrach agus dreasachtaí cánach, in iarrachtaí dícharbónaithe agus ciorclaíochta trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil agus bacainní ar infheistíocht a laghdú. Ní hamháin go neartaíonn na bearta sin inmharthanacht eacnamaíoch tionscadal inbhuanaithe ach déanann siad rannpháirtíocht na hearnála príobháidí a ghiaráil freisin.
Leis an gCreat nua Státchabhrach i ndáil leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, beifear in ann Státchabhair riachtanach chomhréireach a thabhairt isteach lena ndéantar infheistíocht phríobháideach a phlódú isteach. Déanfaidh sé amhlaidh trí thréimhse pleanála níos faide 5 bliana a thabhairt do na Ballstáit agus trí níos mó intuarthachta infheistíochta a thabhairt do ghnólachtaí le haghaidh tionscadail a chuireann le cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan. Cuirfidh an Creat nua go mór le simpliú na rialacha maidir le Státchabhair chun cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan a chur chun cinn a thuilleadh agus cothrom na Féinne agus comhtháthú na hEorpa á gcaomhnú ag an am céanna.
Le rialacha simplithe solúbtha, beifear in ann bearta Státchabhrach le haghaidh dícharbónú a fhormheas go tapa, go háirithe i gcás ina ndearnadh próiseas roghnúcháin Eorpach orthu, agus le haghaidh tionscadail teicneolaíochta glaine a fhormheas freisin, agus saobhadh míchuí iomaíochta sa Mhargadh Aonair á sheachaint ag an am céanna. Tabharfar isteach leis an gCreat roghanna ‘réamhdhéanta’ do na Ballstáit chun comhoiriúnacht a léiriú go héasca chomh maith le húsáid níos leithne a bhaint as modhanna simplithe chun méideanna cabhrach a shocrú in ionad measúnuithe casta aonair, ag tógáil ar thaithí an Chreata Shealadaigh Géarchéime agus Aistrithe. Ceadóidh sé freisin scéimeanna tacaíochta ar leithligh le haghaidh teicneolaíochtaí sonracha amhail amhail cumhacht gaoithe is gréinse, agus éascóidh sé a thuilleadh tacaíocht do bhearta solúbthachta neamhiontaise agus do shásraí acmhainneachta lena gcuirtear dlús le dícharbónú an chórais fuinnimh. Ceadófar tacaíocht freisin do mhonarú breise táirgí teicneolaíochta glaine, amhail ceallraí agus teicneolaíochtaí in-athnuaite, trí na rialacha maidir le hinfheistíochtaí in acmhainneacht straitéiseach monaraíochta trealaimh glan-nialasachta áirithe a thabhairt cothrom le dáta.
Tá sé ríthábhachtach na rialacha atá ann cheana maidir le Státchabhair a shimpliú. Leis an athbhreithniú ar an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine a dhéanfar go luath, laghdófar go mór an t‑ualach maorlathach ar ghnóthais agus ar na Ballstáit araon agus éascófar an tacaíocht is gá don tionscal, agus sláine an Mhargaidh Aonair á caomhnú ag an am céanna. Ag an am céanna, tá meastóireacht á déanamh ag an gCoimisiún ar an bhFógra Ráthaíochta, chun a mheas an creat é atá fós soiléir agus intuartha go leor chun ráthaíochtaí stáit a dheonú. Is féidir le ráthaíochtaí stáit a bheith ina n‑ionstraim tacaíochta éifeachtach lena ndéantar maoiniú príobháideach a ghiaráil agus, ag an am céanna, a bheith ina n‑ualach níos lú ar acmhainní poiblí ná tacaíocht trí dheontais dhíreacha. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit freisin chun dlús a chur le dearadh IPCEInna nua ar mhaithe le héifeachtúlacht na huirlise a neartú chun tacú le dícharbónú tionsclaíoch agus le monarú teicneolaíochta glaine san Aontas. Cuirfidh sé mol tacaíochta nua ar fáil chun dlús a chur le tionscadail IPCEI a chur ar bun. Oibreoidh an Coimisiún freisin le BEI chun ionad ilfhreastail a fhorbairt ar mhaithe le comhairle maidir le hiarratas ar dheontas agus struchtúrú airgeadais a chur ar fáil.
Sa bhreis ar na rialacha maidir le Státchabhair, tá an Coimisiún réidh freisin chun treoir neamhfhoirmiúil a chur ar fáil do chuideachtaí maidir le comhoiriúnacht tionscadal comhair a chuidíonn le tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach le rialacha in aghaidh trustaí, go háirithe na rialacha sin a bhaineann le nuálaíocht, dícharbónú agus slándáil eacnamaíoch san Aontas. Ina theannta sin, déanfar athbhreithniú ar na treoirlínte maidir le measúnú a dhéanamh ar chumaisc chun a áirithiú go ndéanfar tionchar cumasc ar inacmhainneacht táirgí inbhuanaithe agus ar nuálaíocht ghlan, nó ar éifeachtúlachtaí a chruthú a mbeidh tairbhí inbhuanaithe ag baint leo, ach freisin ar nuálaíocht, athléimneacht agus déine infheistíochta na hiomaíochta in earnálacha straitéiseacha áirithe a chomhtháthú ar bhealach níos fearr san anailís iomaíochta.
Ar deireadh, is príomhdhreasacht iad beartais chánach chun cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan a bhaint amach. Níor cheart dóibh buntáiste a thabhairt do bhreoslaí iontaise thar fhuinneamh glan. Molfaidh an Coimisiún do na Ballstáit go dtacóidh a gcórais cánach corparáide le cás gnó glan. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta tréimhsí dímheasa níos giorra le haghaidh sócmhainní teicneolaíochta glaine, rud a chuirfeadh ar a gcumas do ghnólachtaí costais a dhíscríobh go tapa agus tairbhe a bhaint as dreasachtaí cánach lena bhfritháirítear infheistíochtaí arda tosaigh, agus creidmheasanna cánach a úsáid do ghnólachtaí in earnálacha atá straitéiseach don aistriú glan, chun é a dhéanamh níos tarraingtí ó thaobh airgeadais de infheistíocht a dhéanamh i gcleachtais dhícharbónaithe. A mhéid a bhaineann bearta den sórt sin le Státchabhair, déanfaidh an creat nua Státchabhrach na hionstraimí sin a chomhtháthú ina rialacha comhoiriúnachta. Déanfar na bearta sin a bhaineann le cáin a phéireáil le gníomhaíochtaí breise chun fóirdheontais do bhreoslaí iontaise a laghdú agus deireadh a chur leo de réir a chéile, e.g. i gcomhthéacs Sheimeastar Eorpach 2025. Chun fás agus infheistíocht i gcuideachtaí nuálacha nua a éascú, molfaidh an Coimisiún an 28ú córas dlí, lena simpleofar na rialacha is infheidhme.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta — Infheistíocht phoiblí agus phríobháideach
|
Amlíne
|
|
Acmhainn rioscúil InvestEU a mhéadú
|
R1 2025
|
|
Mol Tacaíochta Dearaidh IPCEI
|
2025
|
|
Creat nua Státchabhrach i ndáil leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan
|
R2 2025
|
|
Moladh do na Ballstáit dreasachtaí cánach a ghlacadh chun tacú leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan
|
R2 2025
|
|
Glao suaitheanta faoin gclár Fís Eorpach
|
Q4 2025
|
|
Ceant píolótach faoin gCiste don Nuálaíocht
|
2025
|
|
Banc um Dhícharbónú Tionsclaíoch
|
R2 2026
|
|
Clár infheistíochta TechEU maidir le gnólachtaí atá ag méadú le Grúpa BEI agus leis an earnáil phríobháideach
|
2026
|
|
Eochairtháscaire Feidhmíochta: Méid iomlán na hinfheistíochta lena dtacaítear leis an aistriú tionsclaíoch a mhéadú ó EUR 52,7 billiún
|
5.An geilleagar ciorclach a chumhachtú: rochtain shlán ar ábhair agus ar acmhainní
Ba cheart don Eoraip a bheith níos straitéisí maidir le hamhábhair agus ábhair thánaisteacha a sholáthar chun an méid a nochtar sinn ar sholáthróirí neamhiontaofa a laghdú go mór agus chun suaitheadh soláthair a chosc. Níos mó ná riamh, ba cheart an chiorclaíocht a bheith ina spreagadh don nuálaíocht.
Tríd an gciorclaíocht a chur i gcroílár ár straitéise dícharbónaithe, ní hamháin go bhfeabhsaíonn an tAontas inacmhainneacht agus inrochtaineacht ábhar fíor-riachtanach ach laghdaíonn sé ár spleáchas freisin de réir mar a dhéantar ábhair a athúsáid, a athmhonarú, a athchúrsáil agus a choinneáil laistigh den gheilleagar ar feadh tréimhse níos faide. De réir an réamh-mheasa, méadóidh poitéinseal ciorclach an mhargaidh athmhonaraíochta ón luach EUR 31 bhilliún atá air faoi láthair go EUR 100 billiún faoi 2030 sa chaoi go gcruthófar 500 000 post nua. Fágfaidh sé sin go mbeidh táirgeadh tionsclaíoch na hEorpa níos inbhuanaithe, go gcuirfear dlús leis an dícharbónú agus go bhfeabhsófar slándáil acmhainní.
5.1.Cur chun feidhme tapa an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla
Chun rochtain a áirithiú ar amhábhair chriticiúla atá riachtanach don dá aistriú agus a bhfuil an tAontas ag brath go mór ar líon teoranta soláthraithe tríú tír ina leith, tabharfaidh an Coimisiún tús áite do chur chun feidhme an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla. Áireofar leis sin aitheantas don chéad liosta de Thionscadail Straitéiseacha i mí an Mhárta 2025 chun éagsúlú soláthairtí ar fud an tslabhra luacha ina iomláine a áirithiú chomh maith le rochtain ar thacaíocht airgeadais phoiblí agus phríobháideach a éascú do na tionscadail sin.
Ag tógáil ar an taithí atá ag an gCoimisiún le AggregateEU, cruthóidh sé ardán le haghaidh comhiomlánú éilimh agus sásra meaitseála le haghaidh amhábhair straitéiseacha. Mar dhara céim, bunóidh an Coimisiún Ionad tiomnaithe an Aontais um Amhábhair Chriticiúla chun amhábhair a cheannach go comhpháirteach thar ceann cuideachtaí leasmhara agus i gcomhar leis na Ballstáit, rud a bheidh comhlántach leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla agus i gcomhréir le moltaí thuarascáil Draghi. D’fhéadfadh baint a bheith ag cúraimí eile le stoc-chairn straitéiseacha a chomhordú, faireachán a dhéanamh ar an slabhra soláthair, táirgí airgeadais a dhearadh chun infheistíocht a dhéanamh sa soláthar réamhtheachtach san Aontas agus i dtríú tíortha.
5.2. Geilleagar ciorclach
Tá tionscal an Aontais ar thús cadhnaíochta maidir leis an gciorclaíocht. Ach tá bac á chur ar na hiarrachtaí sin faoi láthair mar gheall ar easpa scála agus margadh aonair le haghaidh dramhaíola, amhábhair thánaisteacha, ábhair in-athúsáidte agus margaí tosaigh. Chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin, leanfaidh an Coimisiún de phlé a dhéanamh le páirtithe leasmhara chun gníomhaíochtaí agus bearta a shainaithint lena bhféadfaí céimeanna claochlaitheacha i dtreo na ciorclaíochta a dhéanamh. Ní mór don Aontas a áirithiú freisin go n‑úsáidtear nó go n‑athúsáidtear go héifeachtúil táirgí ina bhfuil ábhair luachmhara ghanna agus é sin a dhéanamh a fhad is féidir sula ndéantar dramhaíl díobh, lena n‑áirítear trí cheanglais Éicidhearthóireachta maidir le grúpaí táirgí tábhachtacha a leathadh amach go hiomlán.
Glacfaidh an Coimisiún Gníomh um an nGeilleagar Ciorclach in 2026 lena gcuirfear dlús leis an aistriú ciorclach, agus é ag tógáil ar ár margadh aonair. Cumasóidh an Gníomh saorghluaiseacht táirgí ciorclacha, amhábhar tánaisteach agus dramhaíola, cothóidh sé soláthar níos airde d’ábhair athchúrsáilte ar ardchaighdeán agus spreagfaidh sé éileamh ar ábhair thánaisteacha agus ar tháirgí ciorclacha agus costais bhunábhair á laghdú ag an am céanna. Ceann de na bearta atá sa Ghníomh is ea athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach, chun a áirithiú go bhfuil siad níos simplí, oiriúnach don fheidhm agus chun na hamhábhair chriticiúla atá sa dhramhthrealamh a aisghabháil. Déanfaidh sé ‘critéir dheiridh dramhaíola’ a chomhchuibhiú chun an t‑aistriú ó dhramhaíl go hamhábhair thánaisteacha luachmhara a éascú, chun freagracht leathnaithe táirgeora a shimpliú, a dhigitiú agus a leathnú ar bhealach spriocdhírithe, agus chun borradh a chur faoin éileamh trí chritéir le haghaidh soláthar poiblí. Cuirfidh sé dreasachtaí ar fáil chun úsáid dramh-mhiotail agus digitiú éigeantach ceadanna scartála agus iniúchtaí réamh-scartála a mhéadú. Chun imeacht ó ábhair iontaise, tá sé ríthábhachtach sainordú a thabhairt maidir le húsáid foinsí nua amhábhar amhail ábhair athchúrsáilte agus ábhair bhithbhunaithe chun go n‑úsáidfí iad in áit ábhar iontaise íon i bplaistigh, cuir i gcás. Beidh bearta an Ghnímh comhlántach leis an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe agus éascóidh siad a chur i bhfeidhm. Glacfar an plean oibre faoin Rialachán seo i mí Aibreáin 2025.
Chun an chiorclaíocht agus an acmhainneacht athchúrsála san Aontas a mhéadú, lena n‑áirítear an sprioc athchúrsála 25 % a bhaint amach mar a leagtar amach sa Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla, breithneoidh an Coimisiún bearta breise chun athchúrsáil dramhaíola amhábhar criticiúil laistigh den Aontas a dhéanamh níos tarraingtí ná a n‑onnmhairiú. Oibreoidh an Coimisiún freisin ar bhearta chun atreorú ó líonadh talún i dtreo athúsáid agus athchúrsáil a dhreasú trí bhailiú ar leithligh níos éifeachtaí. Ar an gcaoi sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin ar chuir tríú tíortha bearta srianta ar onnmhairiú i bhfeidhm maidir le hamhábhar criticiúil. Ag an am céanna, comhoibreoidh an tAontas le tríú tíortha ar mian leo comhpháirtíochtaí a fhorbairt maidir leis an ngeilleagar ciorclach sa réimse sin. D’fhéadfaí táillí onnmhairiúcháin a mheasúnú agus a mheas freisin, rud a d’fhéadfaí a úsáid ansin chun infheistíocht in acmhainneacht athchúrsála a mhaoiniú.
Ós rud é go bhfuil ganntanas maise duibhe roimh thionscal athchúrsála ceallraí na hEorpa, ábhar a onnmhairítear chuig tríú tíortha in ainneoin a thábhachtaí atá sé ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil de le haghaidh éiceachóras ceallraí na hEorpa. Agus a hairíonna guaiseacha á gcur san áireamh, glacfaidh an Coimisiún bearta sonracha maidir le mais dhubh.
Ní hamháin nach mór dúinn bacainní rialála a dhíchur ach ní mór dúinn freisin méadú suntasach ar infheistíochtaí a éascú chun na hamhábhair thánaisteacha atá de dhíth ar an déantúsaíocht thionsclaíoch a sholáthar. Cothófar comhar idir na Ballstáit agus gníomhaithe eacnamaíocha leasmhara trí Mhoil Thrasréigiúnacha don Chiorclaíocht chun an speisialtóireacht chliste agus barainneachtaí scála le haghaidh athchúrsála a chur chun cinn. Sainaithneoidh na Moil tionscadail straitéiseacha bunaithe ar thograí ó ghrúpaí Ballstát agus/nó ó ghníomhaithe tionsclaíocha, rud lena gcumasófar sruthanna dramhaíola réigiúnacha éagsúla a chomhthiomsú. Áiritheofar leis an gcur chuige sin scála leordhóthanach, rud a chuirfidh ar a gcumas do na suiteálacha an méid is gá a bhaint amach chun oibriú go leanúnach. Cuirfidh na Moil leis an taithí a fuarthas ó Thionscadail Straitéiseacha faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla agus cuirfidh siad cineálacha cur chuige den chineál céanna i bhfeidhm maidir leis na hábhair theicniúla agus bhitheolaíocha ar a bhfuil ár dtionscail ag brath. Ina theannta sin, cuideoidh an Coimisiún leis na Ballstáit ar bhealach gníomhach chun IPCEI nua a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hardábhair a tháirgtear ar bhealach ciorclach le haghaidh teicneolaíochtaí glana a dhearadh.
Ina theannta sin, seolfaidh an Coimisiún cleachtadh aimsithe fíoras chun ionchur a bhailiú ó rannpháirtithe sa mhargadh maidir leis an gcaoi a ndéanann cuideachtaí Eorpacha na hamhábhair is tábhachtaí a sholáthar agus a athchúrsáil faoi láthair agus chun a mheas an bhfuil gá le tuilleadh comhair idir gníomhaithe tionscail. D’fhéadfaí tacú leis sin trí threoir neamhfhoirmiúil a chur ar fáil maidir leis an gcaoi ar féidir leis an gcomhar in athchúrsáil amhábhar a bheith is éifeachtaí i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais.
Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na rialacha maidir leis an scéim athláimhe atá sa Treoir maidir le CBL, mar chuid de thionscnamh ‘CBL ghlas’ chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist CBL leabaithe i dtáirgí athláimhe. Ar deireadh, chun aistriú ciorclach éifeachtach a áirithiú, ní mór obair a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara uile. Chuige sin, seolfaidh an Coimisiún Idirphlé maidir le Tionsclaíoch Glan i ndáil leis an gCiorclaíocht chun tacú le hullmhú an Ghnímh um an nGeilleagar Ciorclach agus chun réimsí a shainaithint ina bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí.
Léiríonn sampla na leasachán acmhainneacht an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan ar fud na n‑earnálacha. Cuirtear clár oibre na ciorclaíochta i láthair ann mar chlár oibre slándála. Le táirgeadh intíre leasachán, lena n‑áirítear leasacháin ísealcharbóin agus leasacháin ó chothaithigh athchúrsáilte, laghdaítear an spleáchas ar allmhairí leasacháin agus astaíochtaí ó leasacháin, cuirtear samhlacha gnó ciorclacha chun cinn, agus ba cheart go laghdófaí praghsanna ionchuir d’fheirmeoirí leis.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta — An geilleagar ciorclach a chumhachtú: rochtain shlán ar ábhair agus ar acmhainní
|
Amlíne
|
|
An chéad liosta de Thionscadail Straitéiseacha faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla
|
R1 2025
|
|
Glacadh an Phlean Oibre Éicidhearthóireachta
|
R2 2025
|
|
Lárionad Amhábhar Criticiúil an Aontais chun stoc-chairn straitéiseacha a cheannach agus a bhainistiú go comhpháirteach
|
R4 2026
|
|
An Gníomh um an nGeilleagar Ciorclach
|
R4 2026
|
|
Tionscnamh ‘CBL glas’
|
R4 2026
|
|
Moil Thrasréigiúnacha don Chiorclaíocht
|
R4 2026
|
|
Eochairtháscaire Feidhmíochta: An ráta úsáide ábhair chiorclaigh a mhéadú ó 11,8 % sa lá atá inniu ann go 24 % faoi 2030
|
6.Margaí domhanda agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta
Tá dlúthbhaint ag baint amach chuspóirí an Chomhaontaithe nua maidir le Tionsclaíocht Ghlan lenár gcumas gníomhú go hidirnáisiúnta. Ní féidir leis an Aontas a chuspóirí maidir le tionsclaíocht ghlan a bhaint amach gan comhpháirtíochtaí ar an leibhéal domhanda. Ní mór go leor de na hamhábhair chriticiúla atá riachtanach don aistriú glas agus d’athléimneacht agus slándáil an Aontais a fháil ó lasmuigh den Aontas. Ag an am céanna, bogadh i dtreo slabhraí luacha tionsclaíocha atá inbhuanaithe, éagsúlaithe agus athléimneach, is de leas ár gcomhpháirtithe é sin freisin. Braitheann ár rath eacnamaíoch freisin ar thrádáil oscailte riailbhunaithe agus ar rochtain ar thríú margaí le haghaidh earraí agus caipitil.
Sa lá atá inniu ann, tá geilleagair mhóra an domhain in iomaíocht lena chéile agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar mhargaí, ar amhábhair chriticiúla, ar theicneolaíochtaí nua agus ar bhealaí trádála domhanda sa rás i dtreo na haeráidneodrachta agus chun teicneolaíochtaí straitéiseacha a fhorbairt nó a fháil ar dtús. Ina theannta sin, tá iomaíocht dhomhanda éagórach roimh an tionscal go háirithe mar gheall ar onnmhairiú ró-acmhainneachtaí intíre ó thíortha eile ar phraghsanna atá laghdaithe go mór. Tá tús curtha againn le ré na hiomaíochta geo-eacnamaíochta domhanda agus is gá dúinn cothrom iomaíochta domhanda a chosaint agus a áirithiú nach mbeidh margadh an Aontais ina cheann scríbe onnmhairiúcháin aislíonta le haghaidh ró-acmhainneacht dhomhanda.
6.1.Comhpháirtíochtaí um Thrádáil agus Infheistíocht Ghlan
De réir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, beidh luach USD 2 thrilliún ar an margadh domhanda le haghaidh teicneolaíocht fuinnimh ghlain in 2035. Chun aeráidneodracht a bhaint amach ar bhealach iomaíoch, tá sé ríthábhachtach go bhfaighidh cuideachtaí, infheisteoirí agus oibrithe Eorpacha an sciar is mó is féidir den deis sin.
Áirithíonn an líonra ollmhór comhaontuithe trádála atá ag an Aontas go bhfuil rochtain níos fearr ag cuideachtaí Eorpacha ar thríú margaí agus ar ábhair ionchuir fhíor-riachtanacha. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go leanfaidh an tAontas de Chomhaontuithe Saorthrádála atá ar feitheamh a shíniú, a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme go hiomlán agus go ndéanfaidh sé dul chun cinn ar an gcaibidlíocht atá ar siúl maidir le Comhaontuithe Saorthrádála nua. Comhlánóidh Comhpháirtíochtaí um Thrádáil agus Infheistíocht Ghlan (CTIGanna) na comhaontuithe sin trí chur chuige níos tapa, níos solúbtha agus níos spriocdhírithe a bheidh in oiriúint do leasanna gnó coincréiteacha an Aontais agus a chomhpháirtithe. Dá bhrí sin, beidh na CTIGanna deartha chun gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a ailíniú níos fearr le cuspóirí beartais thionsclaíoch an Aontais agus deiseanna agus riachtanais ghnólachtaí á gcur san áireamh. Díreoidh siad ar spleáchais straitéiseacha a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus suíomh an Aontais i slabhraí luacha domhanda ríthábhachtacha a dhaingniú, trínár slabhraí soláthair a éagsúlú agus rochtain níos fearr ar amhábhair, fuinneamh glan agus teicneolaíocht ghlan a áirithiú. Cothóidh siad comhar maidir le teicneolaíoch fuinnimh agus beartais maidir leis an aistriú glan freisin, mar aon le tacú le hiarrachtaí dícharbónaithe i dtíortha comhpháirtíochta. Ar an gcaoi sin, beidh sé ríthábhachtach freastal ar riachtanais agus leasanna ghnólachtaí an Aontais agus gnólachtaí comhpháirtithe chun CTIGanna éifeachtacha a dhearadh agus a áirithiú go dtapaítear i gceart na deiseanna trádála agus infheistíochta a chruthaítear leo.
Tabharfaidh na CTIGanna rialacha, comhar rialála agus infheistíocht le chéile chun slabhraí luacha glana straitéiseacha a fhorbairt le comhpháirtithe. Ar an gcéad dul síos, slógfar infheistíochtaí trí thionscadail choincréiteacha a fhaigheann maoiniú príobháideach agus maoiniú poiblí araon a shainaithint, trí infheistíocht Global Gateway a thugtar i gcrích le cur chuige Fhoireann na hEorpa. Ar an dara dul síos, rannchuideoidh rialacha le timpeallacht atá fabhrach do dheiseanna glana infheistíochta agus gnó ionas gur féidir le cuideachtaí an Aontais oibriú ar bhonn cothrom ar mhargaí eachtracha. Ar an tríú dul síos, tacóidh comhar rialála le comhpháirtithe agus caighdeáin áirithe teicneolaíochta glaine, leictrithe, ciorclaíochta agus dícharbónaithe, mar aon le praghsáil carbóin, á gcur chun feidhme acu. Is iad na torthaí a bheidh ann comhpháirtíochtaí inchreidte mealltacha a chuirfidh infheistíochtaí teicneolaíocha glaine chun cinn a chuirfidh dlús leis an aistriú domhanda ar deireadh freisin. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún an chéad CTIG a sheoladh i mí an Mhárta.
Faoin gComhshocrú nua don Mheánmhuir, spreagfaidh tionscnamh uaillmhianach Comhair Tras-Mheánmhuirí Fuinnimh agus Teicneolaíochta Glaine infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha ar mórscála san fhuinneamh in-athnuaite. Thairis sin, tacóidh ár dtaidhleoireacht i gcónaí le tíortha comhpháirtíochta chun bheith rannpháirteach san aistriú glas i gcomhthéacs beartais uaillmhianacha aeráide agus comhshaoil agus Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras. Ba cheart don Aontas cur chuige straitéiseach maidir le comhar fuinnimh a ghlacadh agus díriú ar na trí phríomhréimse seo: taidhleoireacht, cúnamh teicniúil agus eacnamaíocht, iarrachtaí leis na Ballstáit a thabhairt le chéile ar leibhéal na tíre.
6.2.Feabhas a chur ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha
Áirithíonn an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) nach mbaineann allmhairí diancharbóin earraí a tháirgtear lasmuigh den Aontas an bonn d’iarrachtaí an Aontais maidir le laghdú astaíochtaí tionscail agus dreasaíonn sé dícharbónú agus praghsáil carbóin ar fud an domhain. Mar sin féin, tugann sonraí atá bailithe go dtí seo gurb iad líon teoranta allmhaireoirí atá freagrach as breis agus 99 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe in earraí allmhairithe. Molann an Coimisiún SCCT a shimpliú go mór, chun an t‑ualach riaracháin ar thionscail agus a slabhraí soláthair a laghdú agus leanúint den phraghsáil carbóin a dhreasú ar fud an domhain ag an am céanna. Is é seo an chéad chéim chun SCCT a dhéanamh níos éifeachtaí, ach is céim riachtanach é.
Sa dara leath de 2025, cuirfidh an Coimisiún i láthair tuarascáil athbhreithniúcháin chuimsitheach ar SCCT freisin. Déanfaidh sí measúnú ar raon feidhme an leathnaithe ar SCCT chun earnálacha CTA eile an Aontais agus táirgí iartheachtacha eile a chumhdach. Déanfaidh an tuarascáil measúnú freisin ar áireamh astaíochtaí indíreacha ar fud gach earnáil SCCT, i bhfianaise chostais indíreacha an leictreachais do tháirgeoirí an Aontais. Leagfar amach sa tuarascáil straitéis chun dul i ngleic le rioscaí imchéimniúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann. An uair seo, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú freisin ar conas aghaidh a thabhairt ar fhadhb sceite carbóin earraí a onnmhairítear chuig tríú tíortha. Beidh togra reachtach ann i ndiaidh an athbhreithnithe sin sa chéad leath de 2026.
I gcomhthreo, trí chúnamh teicniúil agus comhar rialála, leanfaidh an tAontas de thuilleadh tacaíochta a thabhairt d’iarrachtaí dícharbónaithe tíortha comhpháirtíochta. Tríd an Tascfhórsa um Thaidhleoireacht Idirnáisiúnta maidir le Margaí Carbóin agus Praghsáil Carbóin a seoladh le déanaí, cuirfidh sé chun cinn freisin forbairt na praghsála carbóin agus na margaí carbóin ar fud an domhain, trí thacú le tíortha comhpháirtíochta beartais éifeachtacha um praghsáil carbóin agus cur chuige láidir maidir le margaí idirnáisiúnta carbóin a fhorbairt.
6.3.Cur chun cinn agus cosaint: Cothroime iomaíochta a áirithiú do thionscal an Aontais
Ní mór don Aontas a bheith ina áit mhealltach le gnó a dhéanamh, agus a áirithiú ag an am céanna go rannchuidíonn infheistíochtaí coigríche, in earnálacha straitéiseacha go háirithe, le fás eacnamaíoch gan cur as do shlándáil eacnamaíoch na hEorpa. I ndlúthchomhairliúchán le páirtithe leasmhara tionscail agus leis na Ballstáit, molfaidh an Coimisiún bearta chun a áirithiú gur fearr a rannchuideoidh infheistíochtaí coigríche san Aontas le hiomaíochas fadtéarmach thionscal an Aontais, lena bhuntáiste teicneolaíoch agus lena hathléimneacht eacnamaíoch, agus le cruthú post ar ardchaighdeán san Aontas. Mar shampla, i gcás tionscadail lena mbaineann infheistíocht choigríche, go háirithe nuair atá maoiniú poiblí i gceist, d’fhéadfadh na Ballstáit breithniú comhchoiteann a dhéanamh ar choinníollacha ar nós úinéireacht an trealaimh, ionchuir arb é an tAontas is foinse dóibh, earcú foirne atá lonnaithe san Aontas, an ghá le comhfhiontair nó le haistrithe maoine intleachtúla, ag tosú le roinnt earnálacha straitéiseach, an earnáil mótarfheithiclí nó an earnáil monaraíochta do threalamh le haghaidh tairgeadh in‑athnuaite, mar shampla.
An tráth céanna, tá sé ríthábhachtach a áirithiú nach ndéanann infheistíochtaí coigríche dochar do shlándáil agus ord poiblí na hEorpa. Leis an athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ar Rialachán an Aontais maidir le hInfheistíochtaí Díreacha Coigríche a scagadh, tá an deis ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa creat an Aontais um infheistíocht dhíreach choigríche a neartú a thuilleadh trí laghdú a dhéanamh ar na difríochtaí idir sásraí náisiúnta um scagadh, ceanglais athléimneachta a thabhairt isteach, agus an cur chuige agus na beartais a bhaineann leis na sásraí sin a ailíniú, rud lena n‑íoslaghdófar an riosca de ‘shiopadóireacht dlínse’.
Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte faoi mhí Eanáir 2026 maidir le príomhchoincheapa atá mar bhonn leis an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha, cuir i gcás an chaoi a ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar iarmhairtí saobhacha fóirdheontas eachtrach. Tabharfar soiléiriú sna treoirlínte freisin ar na himthosca ina bhféadfaidh an Coimisiún a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar chumaisc faoi rialacha um fhóirdheontas eachtrach nach gcomhlíonann na tairsí ach a bhfuil riosca a gabháil leo don chothroime iomaíochta sa mhargadh inmheánach. Bainfidh an Coimisiún leas as imscrúduithe ex officio faoin Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha in earnálacha straitéiseacha.
I gcomhréir le cuspóir an Choimisiúin i ndáil le hiomaíochas, athléimneacht agus inbhuanaitheacht, breithneoidh sé taraifí a choigeartú laistigh de leibhéil cheangailte, lena n‑áirítear iad a ardú chuig na huasleibhéil de réir mar is gá, ag brath ar eisceachtaí e.g. le haghaidh chosaint an chomhshaoil.
Leanfaidh an Coimisiún d’úsáid tapa éifeachtúil a bhaint as Ionstraimí Cosanta Trádála (TDInna), amhail dleachtanna frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais i gcás inar gá. Chun ár dtionscail a chosaint ar iomaíocht éagórach agus a áirithiú nach mbeidh ár margadh ina cheann scríbe onnmhairiúcháin le haghaidh ró-acmhainneacht dhomhanda arna spreagadh ag stát, déanfaimid géarú ar Ionstraimí Cosanta Trádála atá ann cheana, lena n‑áirítear trí amlínte imscrúdaithe a ghiorrú nó úsáid níos mó a bhaint as nósanna imeachta ex officio. Déanfaidh an Coimisiún machnamh, in éineacht leis na Ballstáit agus páirtithe leasmhara, an bhfuil gá le tuilleadh ionstraimí chun bosca uirlisí TDI a iomlánú agus a athchóiriú.
Toisc go bhfuil bearta caomhnaitheacha ag méadú ar fud an domhain, tá baol ann gur ar mhargadh an Aontais a athdhíreofar ró-acmhainneachtaí domhanda. Tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar ró-acmhainneachtaí trínár gcomhar idirnáisiúnta iltaobhach a neartú agus trí dhíriú ar na bunchúiseanna atá le bearta nach bhfuil dírithe ar an margadh a bhraith agus dul i ngleic leo, lena n‑áirítear fóirdheontais is cúis le saobhadh ar phríomhthionscail agus gréasáin trádála le haghaidh earraí agus teicneolaíochtaí criticiúla. Lorgóidh an tAontas teagmháil níos dlúithe le G7 ar an ábhar sin agus malartóidh sé faisnéis chun a áirithiú go mbeidh freagairtí uathrialaitheacha agus gníomhaíocht chomhchoiteann comhordaithe go maith agus éifeachtach.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta – Margaí domhanda agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta
|
Amlíne
|
|
Caibidlíocht ar an gcéad Chomhpháirtíocht um Thrádáil agus Infheistíocht Ghlan a sheoladh
|
R1 2025
|
|
Simpliú ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT)
|
R1 2025
|
|
Athbhreithniú cuimsitheach SCCT a dhéanfaidh measúnú ar indéantacht raon feidhme SCCT a leathnú chun earnálacha CTA eile an Aontais atá i mbaol sceite carbóin, earnálacha iartheachtacha agus astaíochtaí indíreacha a chumhdach agus chun tacú le honnmhaireoirí, ar mhaithe le bealaí éalaithe a dhúnadh
|
R3 2025
|
|
An Tionscnamh Comhair Tras-Mheánmhuirí Fuinnimh agus Teicneolaíochta Glaine
|
Q4 2025
|
|
Togra reachtach maidir le SCCT a leathnú
|
R1 2026
|
|
Treoirlínte i ndáil leis an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha
|
R1 2026
|
7.Scileanna agus poist ar ardchaighdeán le haghaidh cothroime shóisialta agus aistriú cóir
Ba ceart gach duine, pobal agus gnólacht tairbhiú den aistriú glan. Dá bhrí sin, tugtar gealltanas sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan d’aistriú cóir a sholáthraíonn poist ar ardchaighdeán agus a chumhachtaíonn daoine, agus a chuireann lena scileanna, agus comhtháthú sóisialta agus cothroime á gcur chun cinn ar fud na réigiún uile ag an am céanna. Tá lucht saothair oilte ag teastáil ónár dtionscal agus ní mór dó poist ar ardchaighdeán a chur ar fáil chun an tallann is fearr a mhealladh. Chun go mbeidh rath ar an aistriú glan, tá sé fíor-riachtanach oibrithe agus pobail áitiúla a choinneáil i gcroílár an aistrithe thionsclaíoch, tallanna a chur chun tairbhe agus na scileanna is gá a fhorbairt a thuilleadh. An tráth céanna, ciallaíonn an t‑aistriú glan agus an t‑aistriú digiteach athruithe ar an lucht saothair agus riachtanais nua le haghaidh scileanna.
7.1.Tacaíocht do Scileanna
Tá rochtain níos fearr ar scileanna de dhíth ar an tionscal. Leagfaidh an Coimisiún amach Aontas na Scileanna mar straitéis foriomlán scileanna chun na scileanna a thabhairt do dhaoine a bhfuil gá acu leo chun barr a gcumais a bhaint amach, agus chun a áirithiú gur féidir le fostóirí rochtain a fháil ar an saineolas atá ag teastáil uathu le haghaidh geilleagar bríomhar iomaíoch. Déanfaidh sé athbhreithniú freisin ar shamhlacha tacaíochta an Aontais le haghaidh tionscnaimh scileanna earnála (lena n‑áirítear na hAcadaimh, an Comhshocrú um Scileanna, an Comhaontas do Phrintíseachtaí, Ionaid Barr Feabhais Gairme) chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an gcreat um atreisiú scileanna earnála i dtionscail straitéiseacha a bhaineann leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, le tacaíocht atreisithe suas le EUR 90 milliún ó Erasmus+.
Cuirfidh Aontas na Scileanna feabhas ar ár bhfaisnéis scileanna agus díreoidh sé ar infheistíocht, foghlaim aosach agus foghlaim ar feadh an tsaoil, gairmoideachas agus gairmoiliúint, agus coinneáil agus aithint scileanna, i measc rudaí eile, agus ar dhaoine cáilithe ó thríú tíortha a mhealladh agus a imeascadh, lena n‑áirítear trí Linn Tallainne an Aontais a bheidh ann amach anseo. Chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le haithint scileanna, smaoineoidh an Coimisiún faoi thuilleadh gníomhaíochta le haghaidh nósanna imeachta cuíchóirithe agus simplithe, chomh maith le huirlisí digiteála. Freastalóidh Tionscnamh um Inaistritheacht Scileanna ar scil a shealbhaítear i dtír amháin a aithint i dtír eile.
7.2.Tacú le hoibrithe le linn an aistrithe
Ní mór go mbeidh ár dtionscal ina áit oibre mealltach i gcónaí. Tacóidh an Treochlár um Poist ar Ardchaighdeán, atá le hullmhú i gcomhar le comhpháirtithe sóisialta, leis na Ballstáit agus leis an tionscal trí dhálaí oibre maithe, ardchaighdeáin sláinte agus sábháilteachta, agus rochtain ar oiliúint a sholáthar, mar aon le haistrithe córa post d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, agus cómhargáil a áirithiú, d’fhonn tallann a mhealladh agus rannchuidiú le hiomaíochas thionscail na hEorpa.
Tabharfaidh an Treochlár um Poist ar Ardchaighdeán tacaíocht d’oibrithe i mbun aistrithe. Sa chomhthéacs sin, pléifidh an Coimisiún creat le comhpháirtithe sóisialta chun tacú le próisis athstruchtúrúcháin ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát. Beidh an creat dírithe ar aistriú cóir, ar réamhthuar an athraithe, ar idirghabháil níos tapúla nuair atá baol a bhaineann le hathstruchtúrú ann, agus ar chreat feabhsaithe faisnéise agus comhairliúcháin.
Ba cheart cosaint ioncaim agus beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a thabhairt le chéile in infheistíochtaí, chun tacú le hoibrithe le linn an aistrithe, lena n‑áirítear seirbhísí socrúcháin fostaíochta, deiseanna oiliúna agus athscilithe, agus tacaíocht fiontraíochta, agus tacaíocht do ghrúpaí leochaileacha san áireamh.
Pléifear conas feidhmiú an Chiste Eorpaí don Domhandú a leathnú freisin, le féachaint conas is féidir leis rannchuidiú a thuilleadh. Chun bonn eolais a chur faoin obair sa réimse sin, cruthóidh an Coimisiún Faireachlann Eorpach um Aistriú Cóir. Neartóidh sí an bonn fianaise maidir le gnéithe cothroime den aistriú glas, forbróidh sí táscairí caighdeánaithe, baileoidh sí dea-chleachtais agus éascóidh sí comhroinnt sonraí chun tionchair agus torthaí a thomhas maidir le fostaíocht, cruthú post ar ardchaighdeán agus aistrithe ó phost go post, athsciliú an lucht saothair, riachtanais infheistíochta, cosaint shóisialta agus rochtain ar sheirbhísí riachtanacha, agus áiritheoidh sí idirphlé trédhearcach le comhpháirtithe sóisialta, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, an tsochaí shibhialta agus páirtithe leasmhara eile ar ghnéithe den aistriú cóir.
Fiosróidh an Coimisiún bealaí chun feabhas a chur ar sheachadadh an Chiste um Aistriú Cóir, trí tharraingt ar cheachtanna a foghlaimíodh agus dea-chleachtais a shainaithint chun bonn eolais a chur faoi dhearadh ionstraimí a bheidh ann amach anseo faoin gcéad CAI eile. Thairis sin, glacfaidh an Coimisiún an Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne chun aghaidh a thabhairt ar shoghluaisteacht an luchta oibre chuig áiteanna oibre i limistéir cathrach, i measc rudaí eile.
Áirithíonn úsáid coinníollachtaí sóisialta i gcistiú poiblí go dtairbhíonn oibrithe den tacaíocht a thugtar don tionscal, lena n‑áirítear chun an cómhargáil a chur chun cinn. Tagann an cur chuig sin le cuspóirí níos leithne an Aontais maidir le cothroime shóisialta a chothú in éineacht le fás eacnamaíoch. Ní mór go gcuirfidh iomaíochas feabhsaithe le dul chun cinn sóisialta atá déanta cheana féin agus le múnla sóisialta an Aontais chun aistriú glas cuimsitheach cothrom a bhaint amach.
Tacóidh an tAontas a thuilleadh le caighdeáin saothair agus shóisialta chun a áirithiú go mbeidh an t‑aistriú cothrom comhionann do chách, lena n‑áirítear i gcomhthéacs mheastóireacht an Choimisiúin atá ar na bacainn ar an gcreat reachtach le haghaidh soláthar poiblí.
Chomh maith leis sin, mar chuid den athbhreithniú ar an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine, déanfaidh an Coimisiún measúnú an féidir rialacha maidir le státchabhair a thabhairt cothrom le dáta chun dreasachtaí níos fearr a thabhairt don tionscal infheistíocht a dhéanamh in uas-sciliú, athsciliú, poist ar ardchaighdeán agus earcú oibrithe le haghaidh aistriú cóir, agus conas is féidir iad a thabhairt cothrom le dáta. Déanfaidh an Coimisiún measúnú an féidir méadú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as coinníollachtaí oiliúna agus scileanna le haghaidh cistiú poiblí a thacaíonn le réamhthuar agus bainistiú an athraithe agus leis an aistriú tionscail. Thairis sin, tá ról ríthábhachtach ag an mbeartas iomaíochta i gcearta tomhaltóirí in aghaidh cumhacht iomarcach a chosaint, lena n‑áirítear sa réimse digiteach, chun a áirithiú go n‑oibríonn gníomhaithe nua ar bhealach cothrom agus nach gcomhchruinníonn siad cumhacht eacnamaíoch agus straitéiseach go míchuí.
Le leasú sóisialta le haghaidh táirgí glana, is féidir a áirithiú go dtairbhíonn gach Eorpach den aistriú glan, gan drochthionchair dháileacháin, agus is féidir cuidiú le héileamh ar tháirgí glana a spreagadh. Forbróidh an Coimisiún Treoraíocht do na Ballstáit maidir le léasú sóisialta d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha, teaschaidéil, agus táirgí glana eile, agus soláthróidh sé cúnaimh airgeadais do shaoránaigh chun rochtain a fháil ar na táirgí glana sin, rud a bheidhincháilithe freisin i gcomhthéacs an Chiste Aeráide Sóisialta.
|
Gníomhaíochtaí suaitheanta – Scileanna agus poist ar ardchaighdeán le haghaidh cothroime shóisialta
|
Amlíne
|
|
Aontas na Scileanna
|
R1 2025
|
|
An Treochlár um Poist ar Ardchaighdeán
|
Q4 2025
|
|
Treoraíocht maidir le léasú sóisialta le haghaidh táirgí glana
|
2025
|
|
An Faireachlann Eorpach um Aistriú Cóir
|
R1 2026
|
|
An Tionscnamh um Inaistritheacht Scileanna
|
2026
|
|
Athbhreithniú ar na rialacha maidir le státchabhair atá sa Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine le haghaidh fiontair shóisialta agus earcú oibrithe faoi mhíbhuntáiste
|
R4 2027
|
|
Eochairtháscaire Feidhmíochta: Líon na ngairmeacha ina bhfuil scileanna nó eolas sonrach ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlaise a laghdú i gcás inar thuairiscigh cúig Bhallstát ar a laghad go raibh ganntanas ann. In 2024, bhí 27 ngairm den chineál sin ann.
|
8.An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a chur chun feidhme ar fud na n‑earnálacha
Beidh an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan ina chreat chun idirphlé a dhéanamh le tionscail, agus aird á tabhairt ar na FBManna, chun conairí aistrithe earnála a fhorbairt. Fágfaidh siad go mbeifear in ann cinntí infheistíochta eolasacha a dhéanamh agus éascóidh siad slógadh tuilleadh caipitil i dtreo an aistrithe, rud a chuirfidh dlús ar deireadh leis an dul chun cinn i dtreo todhchaí níos glaine agus níos iomaíche d’earnáil na tionsclaíochta.
Chun gníomhaíocht a chur in oiriúint do riachtanais shonracha earnálacha ar leith, tá obair ar bun ar roinnt pleananna earnáilsonracha in 2025, agus díreofar ar earnálacha eile ina dhiaidh sin de réir mar is iomchuí:
Glacfar an Plean Gníomhaíochta Tionscail maidir le hEarnáil Mótarfheithiclí an 5 Márta, agus cuirfidh sé leis an idirphlé straitéiseach atá ar siúl. Tabharfaidh an plean gníomhaíochta aghaidh ar riachtanais shlabhra luacha thionscal na mótarfheithiclí, agus beidh an-bhéim ann ar an nuálaíocht maidir le teicneolaíochtaí agus cumais a bheidh ann amach anseo.
I bplean gníomhaíochta maidir le cruach agus miotail a bheidh bunaithe ar an Idirphlé Straitéiseach a sheolfar an 4 Márta, molfar gníomhaíochtaí coincréiteacha le haghaidh tionscail miotal feiriúil agus neamhfheiriúil agus le haghaidh cruaiche agus miotal – arb iad cnámh droma thionscal an Aontais leis na cianta iad, agus tá siad fíor-riachtanach don aistriú glan agus don aistriú digiteach.
Tabharfaidh Pacáiste maidir le Tionscal na gCeimiceán a ghlacfar go déanach in 2025 aitheantas do ról straitéiseach earnáil na gceimiceán mar ‘thionscal ceannródaíoch’ agus do ról straitéiseach na móilíní criticiúla. Molfar ann tionscnaimh spriocdhírithe chun feabhas a chur ar iomaíochas na hearnála, nuachóiriú a dhéanamh agus tacú le táirgeadh agus nuálaíocht san Eoraip.
I bPlean Infheistíochta Iompair Inbhuanaithe leagfar amach bearta gearrthéarmacha agus meántéarmacha chun tosaíocht a thabhairt do thacaíocht do bhreoslaí áirithe in-athnuaite agus ísealcharbóin don eitlíocht agus don iompar d’uisce, a mbraitheann an-chuid tionscail dianfhuinnimh orthu. Cuirfidh sé dlús freisin le leathadh amach bonneagair athluchtaithe. Cuirfidh rialacha nua lena n‑éascófar cabhair le haghaidh aistriú i dtreo iompar inbhuanaithe de thalamh de chumas ar an earnáil iarnróid glacadh leis an aistriú glan agus digiteach.
Molfaidh an Coimisiún Straitéis Bhithgheilleagair freisin, chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht acmhainne agus chun leas a bhaint as an acmhainneacht fáis nach beag a bhaineann le hábhair bithbhunaithe a chur in ionad ábhair iontaise, agus tionscail ghaolmhara. Féadfaidh sé sin spleáchais ar amhábhair allmhairithe a laghdú a thuilleadh freisin. Leagfar amach sa phlean earnála nua um an bithgheilleagar tosaíochtaí maidir le bithábhair a mhonarú agus a úsáid, agus maidir lena gcoinneáil sa gheilleagar chomh fada agus is féidir. Cuirfidh an Comhshocrú Eorpach um na hAigéin an nuálaíocht sa teicneolaíocht ghlan ghorm, foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus dea-chleachtais sa gheilleagar ciorclach chun cinn.
9.Conclúid
Is é an t‑aon chaoi inar féidir leis an Aontas coinneáil bord ar bord le hiomaitheoirí a bhfuil flúirse acmhainní acu an dícharbónú agus an chiorclaíocht a chur i gcroílár ár mbeartas eacnamaíoch. Is é an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan an straitéis lena ndéanfar amhlaidh. Tá glanastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais 37 % níos ísle anois ná mar a bhí in 1990, agus tháinig méadú 68 % ar an OTI le linn na tréimhse céanna. Cuireann an dul chun cinn sin béim ar an dícharbónú mar spreagadh don fhás eacnamaíoch agus don rathúnas, rud lena n‑osclaítear bealaí nua do mhuintir na hEorpa.
Tá na huirlisí riachtanacha ar fad ag an Aontas, ach bíonn/tá a bpríomháidreacht le sonrú nuair a dhéantar iad a ailíniú go straitéiseach agus a úsáid go comhtháite chun cuspóirí comhroinnte a bhaint amach. Príomhghné dár straitéis is ea tallann óg a choinneáil, agus deiseanna a chruthú a thugann spreagadh don chéad ghlúin eile agus a mheallann iad. Tá gné chomhleanúnach sheachtrach agus inmheánach ag baint lenár gcur chuige, agus ár láidreachtaí á gcur in oiriúint do staid gheopholaitiúil an ama i láthair ina bhfuil athrú tagtha ar mhargaí domhanda agus ar an rochtain ar acmhainní. Chuige sin, ní mór cothroime iomaíochta a áirithiú gan na hardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta a éilíonn ár tsochaí á gcur i mbaol.
Ní straitéis go cur chun feidhme éifeachtach. Éilíonn sin tomhas, faireachán agus idirphlé láidir agus gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais maidir le hinfheistíochtaí agus uas-scálú. I dTuarascáil Bhliantúil an Choimisiúin maidir le hIomaíochas an Mhargaidh Aonair, déanfaidh sé dlúthfhaireachán ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí dícharbónaithe agus iomaíochais, agus cuirfidh sé eochairtháscairí feidhmíochta nua leis de réir a chéile, mar a leagtar amach sa doiciméad seo. Daingneoidh sé an comhordú ar fud a eagraíochta freisin, chun stiúradh straitéise a sholáthar, faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn, agus tabhairt faoi idirphlé le húdaráis áitiúla agus páirtithe leasmhara.
Tá comhar agus ailíniú leis an Ballstáit fíor-riachtanach freisin. Oibreoidh an Coimisiún leis na comhreachtóirí freisin chun na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa teachtaireacht seo a chur chun feidhme. Ar dtús, díreoidh an plé ar thosaíochtaí dícharbónaithe práinneacha agus braislí tionsclaíocha a shainaithint.
Iarraimid ar an tionscal ceannaireacht ó mbonn aníos agus ailíniú spriocdhírithe a úsáid chun torthaí nithiúla a bhaint amach a d’fhéadfadh a bheith inscálaithe ar leibhéal na hEorpa.
Ar an iomlán, áiritheoidh gníomhaíochtaí an treochláir chomhpháirtigh seo don dícharbónú agus don iomaíochas le haghaidh thionscal na hEorpa go mbeidh todhchaí inbhuanaithe ann don mhonaraíocht san Eoraip – ó thaobh an gheilleagair, an chomhshaoil agus na sochaí de.