Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0731

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla

COM/2021/731 final

An Bhruiséil,25.11.2021

COM(2021) 731 final

2021/0381(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2021) 575 final} - {SWD(2021) 355 final} - {SWD(2021) 356 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is aidhm don togra seo, thar aon ní eile, cur le feidhmiú dea-fheidhmiú mhargadh inmheánach na fógraíochta polaitiúla trí rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le hardleibhéal trédhearcachta i dtaca le fógraíocht pholaitiúil agus seirbhísí gaolmhara. Beidh feidhm ag na rialacha sin maidir le soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla.

Tá sé d'aidhm aige freisin daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta trí rialacha a leagan síos maidir le teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla. Beidh feidhm ag na rialacha sin maidir le gach rialaitheoir -i.e., ní hamháin leis na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, a bhaineann úsáid as na teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin sin.

Ós rud é gur ar luach saothair a sholáthraítear an fhógraíocht de ghnáth, is ionann agus gníomhaíocht seirbhíse í an fhógraíocht, lena n‑áirítear an fhógraíocht pholaitiúil, faoi Airteagal 57 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’). Is amhlaidh atá freisin i gcás gníomhaíochtaí éagsúla a bhaineann le fógraíocht pholaitiúil, lena n‑áirítear an t‑inneachar a réiteach agus feachtais a ullmhú, an fhógraíocht a shuíomh le meán dáileacháin agus í a fhoilsiú agus a scaipeadh. Dá thoradh air sin, daoine nádúrtha agus dlítheanacha an Aontais a sholáthraíonn na seirbhísí sin thar theorainneacha, tairbhíonn siad de na saoirsí bunúsacha, go háirithe an tsaoirse chun seirbhísí a bhunú agus saorghluaiseacht seirbhísí, ar saoirsí iad atá i measc phrionsabail bhunúsacha dhlíchóras an Aontais. Is éard atá i gceist leis an soláthair seirbhísí trasteorann, an tsaoirse chun na seirbhísí a thairiscint agus a sholáthar i mBallstát eile seachas an Ballstát bunaíochta. Baineann sé freisin leis an tsaoirse chun seirbhísí a fháil thar theorainneacha. Cuimsíonn saorghluaiseacht seirbhíse ní hamháin cásanna ina dtrasnaíonn an soláthraí nó an faighteoir teorainneacha, ach freisin cásanna ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil thar theorainneacha. Rialaítear soláthar seirbhísí fógraíochta ar bhealaí éagsúla sna Ballstáit éagsúla de réir na meán a úsáidtear chun fógra a fhoilsiú nó a scaipeadh (e.g. na meáin chlóite, na meáin chlosamhairc, ardáin ar líne, etc.) agus na críocha a shaothraítear leis na rialacha is infheidhme (e.g. cosaint tomhaltóirí). Tá seirbhísí fógraíochta polaitiúla faoi réir rialacha sonracha breise lena bhforchuirtear oibleagáidí ar na hurraitheoirí – go háirithe ar na gníomhaithe polaitiúla – agus ar sholáthraithe seirbhíse.

Tá forbairt ag teacht ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla san Aontas. Toisc an fás foriomlán ar na seirbhísí ábhartha ar líne agus an méadú an‑suntasach atá tagtha ar na seirbhísí sin, i gcomhthéacs rialála atá á forfheidhmiú go míchothrom agus atá ilroinnte, tá imní ann nach acmhainn don mhargadh inmheánach faoi láthair fógraíocht pholaitiúil a chur ar fáil d’ardchaighdeán trédhearcachta chun próiseas daonlathach cothrom oscailte a áirithiú i ngach Ballstát. Is de bharr an imní sin maidir le bearnaí rialála agus easpa trédhearcachta go bhfuil roinnt Ballstát tar éis idirghabháil a dhéanamh le bearta cheana féin, agus tá cuid eile acu ag beartú idirghabháil a dhéanamh, ach ní féidir le gníomhaíocht a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta bearnaí i bhforfheidhmiú trasteorann a líonadh.

Le rialáil náisiúnta ar fhógraíocht pholaitiúil, forchuirtear oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, oibleagáidí a chuireann coinníollacha i bhfeidhm maidir leis an bhfáil atá ar fhógraíocht pholaitiúil agus a chinneann gnéithe d’inneachar na fógraíochta sin chun trédhearcacht shonrach a chur ar fáil. Is é is aidhm do na rialacha náisiúnta sin, inter alia, cuntasacht agus eagrú foriomlán próisis pholaitiúil atá cothrom oscailte a áirithiú, lena n‑áirítear trí thacú le faireachán ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí ábhartha ag gníomhaithe polaitiúla. Tá na rialacha náisiúnta sin ilroinnte go mór, lena n‑áirítear maidir le sainmhínithe ábhartha agus cineál na n‑oibleagáidí.

Tá dúshlán i gceist lena gcinneadh an meastar fógraíocht a bheith ina fógraíocht pholaitiúil i bhfianaise na sainmhínithe ilroinnte ar fhógraíocht pholaitiúil ar fud na mBallstát. Tá difríochtaí suntasacha idir raon feidhme agus substaint na n‑oibleagáidí trédhearcachta is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse a sholáthraíonn seirbhísí a bhaineann le fógraíocht pholaitiúil laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstáit, ag brath ar na modhanna agus ar na traidisiúin pholaitiúla náisiúnta, rud a fhágann go mbíonn ilroinnt ann. Tá roinnt Ballstát ann nach gcuireann cosc ach ar fhógraíocht pholaitiúil anaithnid, agus i mBallstáit eile ní mór faisnéis shonrach maidir le maoiniú nó maidir le céannacht an urraitheora a chur ar taispeáint ar an bhfógra agus i roinnt Ballstát tá ceanglais ann maidir le fógraí polaitiúla a lipéadú nó maidir le deighilt shoiléir a bheith ann idir ábhar fógraíochta agus ábhar eagarthóireachta.

Is iad na hathruithe teicneolaíocha – go háirithe sa timpeallacht ar líne, a d'fhág go bhféadfadh méadú mór teacht ar mheáin nua éagsúla agus ar mhodhanna éagsúla chun fógraíocht pholaitiúla a mhaoiniú, a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a foilsiú agus a scaipeadh — agus is iad na athruithe teicneolaíochta sin is cúis leis an staid ilroinnte atá ann, agus leis na saincheisteanna a bhaineann le faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh níos casta. Maidir le ceanglais a d’fhéadfadh a bheith bunaithe le rialacha ginearálta atá sna dlíthe i ndáil le toghcháin, ní léir é uaireanta an bhfuil feidhm acu maidir leis na meáin uile lena n‑áirítear sa timpeallacht ar líne, rud atá ina údar le tuilleadh éiginnteachta dlíthiúla do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla.

Tiocfaidh méadú ar an ilroinnt sin de réir mar a fhorbraíonn na Ballstáit rialacha nua chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le trédhearcacht na bhfógraí polaitiúla a áirithiú, go háirithe i gcomhthéacs forbairtí teicneolaíochta. Tá sé dóchúil go gcuirfidh rialacha nua náisiúnta ad hoc le hilroinnt na ngnéithe trédhearcachta riachtanacha, amhail an fhaisnéis is gá a fhoilsiú agus formáid na faisnéise sin, agus maidir le raon feidhme chur i bhfeidhm na gceanglas sin. Is dócha freisin go laghdóidh sé sin an deimhneacht dhlíthiúil tuilleadh, do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla agus d’urraitheoirí na bhfógraí araon.

Cruthaíonn an ilroinnt seo na gceanglas trédhearcachta bacainní ar sholáthar seirbhísí. Tá costais chomhlíontachta shonracha i gceist leis do sholáthraithe seirbhíse ar gá dóibh infheistiú a dhéanamh chun na caighdeáin is infheidhme a chinneadh agus chun an fhógraíocht a chur in oiriúint do na dlínsí éagsúla, agus is é is cúis le héiginnteacht dhlíthiúil maidir leis na ceanglais trédhearcachta a bhfuil feidhm acu maidir le fógraíocht pholaitiúil. Maidir leis soláthraithe seirbhíse a d’fhéadfadh a seirbhísí a bhaineann le fógra polaitiúil a thairiscint i mBallstáit éagsúla, cuireann an ilroinnt seo srian freisin ar an bhféidearthacht go bhféadfadh siad dul isteach sa mhargadh i mBallstáit eile nó seirbhísí nua a fhorbairt. Dá bhrí sin, cuireann sé srian ar na féidearthachtaí atá ann d’fhaighteoirí seirbhísí chomh maith sa mhargadh inmheánach agus cuireann sé srian ar na féidearthachtaí agus ar an rogha atá ann feachtasaíocht trasteorann a dhéanamh. D’fhéadfadh sé nach mbeadh sé d’acmhainn ag Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (‘FBManna’) go háirithe déileáil leis na ceanglais agus na nósanna imeachta náisiúnta éagsúla a chinneadh agus iad féin a oiriúnú dóibh. Chuir soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla ábhair imní in iúl maidir leis na bacainní sin le linn an chomhairliúcháin a rinneadh mar ullmhúchán don togra seo.

Bíonn tionchar aige sin freisin ar shaoránaigh agus ar údaráis inniúla, ós rud é go bhféadfadh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla agus soláthraithe seirbhísí gaolmhara a bheith lonnaithe i mBallstáit eile ó na Ballstáit sin ina bhfuil saoránaigh a bhíonn i dteagmháil leis an bhfógraíocht pholaitiúil, agus d'fhéadfadh saincheisteanna sonracha a bheith ann maidir le formhaoirseacht.

An t‑athrú tapa sa teicneolaíocht, an comhthéacs rialála atá ag éirí níos ilroinnte agus níos achrannaí, agus na suimeanna méadaitheacha atá á gcaitheamh ar fhógraíocht pholaitiúil, léiríonn na nithe sin gur gá gníomhú ar leibhéal an Aontais chun saorghluaiseacht seirbhísí fógraíochta polaitiúla ar fud an Aontais a áirithiú agus ag an am céanna an t‑ardchaighdeán trédhearcachta a áirithiú a fhágann próisis toghcháin san Aontas níos oscailte agus níos cothroime.

Is bunaithe ar anailís ar reachtaíocht na mBallstát atá ann cheana nó atá beartaithe i réimse na fógraíochta polaitiúla atá na bearta a mholtar.

I bhfianaise an chomhthéacs a thuairiscítear anseo, ba cheart don togra seo foráil a dhéanamh maidir le ceanglas comhchuibhithe trédhearcachta is infheidhme i ndáil le gníomhaithe eacnamaíocha a sholáthraíonn fógraíocht pholaitiúil agus seirbhísí gaolmhara (is é sin le rá gníomhaíochtaí a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair), seirbhísí a bhaineann le fógraíochta polaitiúla a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh , nó le fógraíocht atá dírithe ar shaoránaigh i mBallstát.

Is é is aidhm don togra seo freisin daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta trí rialacha a leagan síos maidir le húsáid spriocdhírithe agus aimpliúcháin i gcomhthéacs fógraíochta polaitiúla a scaipeadh.

Sonraí pearsanta a bhailítear go díreach ó shaoránaigh nó a fhaightear trína ngníomhaíocht ar líne agus trína bpróifíliú iompraíochta agus trína n‑anailísiú eile, úsáidtear na sonraí sin chun teachtaireachtaí polaitiúla a spriocdhíriú ar shaoránaigh trí fhógraí a dhíriú ar ghrúpaí agus chun a dtionchar agus a gcúrsaíocht a mhéadú tríd an inneachar agus scaipeadh an inneachair sin a oiriúnú ar bhonn na saintréithe a chinntear trí phróiseáil na sonraí pearsanta sin agus trí anailís a dhéanamh orthu. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun na gcríoch sin, go háirithe sonraí a mheastar a bheith íogair faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725, tugadh faoi deara go bhfuil éifeachtaí diúltacha sonracha aige ar chearta na saoránach, lena n‑áirítear a saoirse tuairimíochta agus a saoirse faisnéise, chun cinntí polaitiúla a dhéanamh agus chun a gcearta vótála a fheidhmiú. Tá iarracht déanta ag roinnt Ballstát idirghabháil a dhéanamh nó tá siad ag smaoineamh ar idirghabháil a dhéanamh i ndáil le spriocdhíriú. I gcomhthéacs ina bhfuil comhchuibhiú déanta ar rialacha maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil lena sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais agus is iomchuí cosaint bhreise shonrach sonraí pearsanta a áirithiú i gcás ina n‑úsáidtear iad i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla.

Dá bhrí sin, ba cheart don togra seo aghaidh a thabhairt freisin ar úsáid teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin i gcomhthéacs fógraíochta polaitiúla a fhoilsiú, a scaipeadh nó a cur chun cinn, teicnící a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ag gach rialaitheoir -i.e., ní amháin ag na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla.

Fógraíodh an gá atá le déileáil leis na saincheisteanna sin i dtreoirlínte polaitiúla Uachtarán an Choimisiúin agus tá sé i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach 1 (‘EDAP’) a thíolaic an Coimisiún i mí na Nollag 2020. Aithníodh sa Phlean Gníomhaíochta go bhfuil gá le níos mó trédhearcachta san fhógraíocht pholaitiúil agus sa chumarsáid pholaitiúil, agus sna gníomhaíochtaí tráchtála a bhaineann leo, chun go mbeidh saoránaigh, an tsochaí shibhialta agus na húdaráis fhreagracha in ann foinse agus cuspóir na fógraíochta sin a fheiceáil go soiléir.

Is gá na bearta sin a chur i bhfeidhm in 2023 chun go mbeidh siad éifeachtach roimh thoghcháin 2024 do Pharlaimint na hEorpa.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Comhlánaíonn an togra seo an togra maidir leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (‘DSA’) 2 , lena náirítear oibleagáidí ginearálta trédhearcachta áirithe d’idirghabhálaithe ar líne maidir le trédhearcacht na fógraíochta ar líne, agus creat níos leithne an Aontais maidir le margadh na seirbhísí digiteacha 3 . Cuimseofar leis sé gníomhaíochtaí ar líne agus as líne araon. I gcomparáid leis an DSA, leathnaítear leis na catagóirí faisnéise atá le nochtadh i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla, chomh maith le raon feidhme na soláthraithe seirbhíse ábhartha lena mbaineann. Cé go bhforchuireann an DSA ceanglais trédhearcachta ar ardáin ar líne, cuimsítear leis an tionscnamh seo raon iomlán foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla, chomh maith le soláthraithe seirbhíse ábhartha eile atá bainteach le fógraíocht polaitiúla a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh. Tá comhlántacht agus sineirgí ann leis an gceanglas faoi DSA measúnuithe a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha ag ardáin anmhór ar líne a eascraíonn as feidhmiú agus as úsáid na gcóras chun fógraíocht a roghnú agus a thaispeáint, ag a bhfuil éifeachtaí iarbhír nó intuartha a bhaineann le próisis toghcháin.

Tá an togra i gcomhréir leis an bpacáiste toghcháin a tíolacadh i mí Mheán Fómhair 2018, lena náirítear an Moladh maidir le líonraí comhair toghchán, leis an trédhearcacht ar líne, le cosaint in aghaidh teagmhais chibearshlándála agus le feachtais bhréagaisnéise a chomhrac 4 lena gcuirtear comhar chun cinn i measc na núdarás inniúil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun toghcháin a chosaint agus ina bhfuil moltaí sonracha a bhfuil sé d’aidhm dóibh trédhearcacht na cumarsáide polaitiúla a chothú chomh maith leis an treoir maidir le dlí an Aontais um chosaint sonraí a chur i bhfeidhm a thacaíonn le comhlíonadh Rialachán (AE) 2016/679.

Tá feidhm cheana féin ag Rialachán (AE) 2016/679 agus ag rialacha eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachas cumarsáide (lena náirítear Rialachán (AE) 2018/1725 agus Treoir 2002/58/CE) maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla. Leis an Rialachán seo atá beartaithe, cuirtear leis na forálacha is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla atá i Rialachán (AE) 2016/679 agus i Rialachán (AE) 2018/1725 agus comhlánaíonn sé na forálacha sin. Códaítear leis gnéithe den treoir a chuireann an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí ar fáil trína dhéanamh éigeantach i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis atá le cur ar fáil don ábhar sonraí (foinse na sonraí agus na loighce lena mbaineann) 5 .

Cuireann sé freisin le Cód Cleachtais an Aontais maidir le Bréagaisnéis, ina leagtar amach gealltanais ó ardáin ar líne maidir le trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla agus na fógraíochta atá bunaithe ar shaincheist agus atá á athbhreithniú faoi láthair ag sínitheoirí an Chóid agus ag sínitheoirí ionchasacha an Chóid, i gcomhréir le Treoir an Choimisiúin maidir leis an gCód Cleachtais a Neartú 6 . Na gealltanais agus na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gCód Cleachtais ba cheart dóibh droichead a thógáil i dtreo na reachtaíochta reatha le réitigh phraiticiúla faoi stiúir an tionscail. A luaithe a ghlacfar an reachtaíocht atá ann faoi láthair, ba cheart do shínitheoirí an Chóid a rialacha a chur chun feidhme agus a chomhlánú freisin faoi chuimsiú an Chóid Chleachtais.

Sa mhéid go dtagann na hoibleagáidí sin faoi shainchúram na rialtóirí atá ainmnithe laistigh de na creataí reatha sin, ba cheart do na comhlachtaí céanna faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh orthu, agus ba cheart iad a chomhordú i measc na struchtúr comhair Eorpach ábhartha atá ann cheana agus atá beartaithe, lena n‑áirítear an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí. An Líonra Eorpach um Chomhar maidir le Toghcháin a bunaíodh in 2018 lena dtugtar le chéile na pointí teagmhála le haghaidh líonraí náisiúnta toghchán atá comhdhéanta d’údaráis éagsúla a bhfuil inniúlacht acu sa réimse ábhair, ba cheart dó creat a sholáthar chun tacú le comhordú agus malartú feabhsaithe dea-chleachtais idir na húdaráis inniúla i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá dlúthbhaint ag an togra seo freisin leis an obair atá á déanamh ar thionscnaimh eile sa phacáiste trédhearcachta agus daonlathais atá i gClár Oibre an Choimisiúin 7 .

Áirítear sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach roinnt tionscnamh chun sláine toghchán a chosaint agus rannpháirtíocht dhaonlathach a chur chun cinn. I measc nithe eile, tógann sé ar an taithí a fuarthas i gcomhthéacs chur chun feidhme Phacáiste Toghcháin an Choimisiúin 2018 8 agus obair an Líonra Eorpaigh um Chomhar maidir le Toghcháin.

Tá an togra seo comhlántach freisin leis an togra chun Rialachán (AE) 1141/2014 maidir le reacht agus cistiú Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha a leasú. Sa leasú ar an Rialachán seo arna thíolacadh ag an gCoimisiún tá rialacha sonracha arb é is aidhm dóibh a ráthú go gcomhlíonfaidh Páirtithe Polaitiúla Eorpacha ardchaighdeáin trédhearcachta agus fógraí polaitiúla á scaipeadh acu.

Ar deireadh, tá an togra seo i sineirge leis na hiarrachtaí atá á stiúradh ag an Aontas go seachtrach, i réimse na breathnóireachta toghcháin (Misin Bhreathnóireachta Toghcháin an Aontais agus an obair leantach a dhéanann siad). Déanann misin bhreathnóireachta toghchán (EOManna) measúnú ar fhógraíocht pholaitiúil ar líne le linn feachtais toghcháin agus féadfaidh siad bearta a mholadh chun feabhas a chur ar a gcreat rialála le linn próiseas toghchán. Ansin, cuireann an tAontas Eorpach comhairle ar fáil agus tugann tacaíocht do thíortha comhpháirtíochta maidir leis na moltaí sin a chur chun feidhme, i gcomhar leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta. Forbraíodh treoirlínte comhchoiteanna maidir le breathnóireacht a dhéanamh ar fheachtais ar líne i gcomhthéacs an Dearbhú Prionsabal (DoP) maidir le Breathnóireacht Idirnáisiúnta Toghchán a d’fhormhuinigh na Náisiúin Aontaithe.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Ar an gcéad dul síos, is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) bunús dlí an togra seo, lena ndéantar foráil maidir le bearta a ghlacadh chun bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Leis an bhforáil sin féadfar bearta a dhéanamh le haghaidh chomhfhogasú na bhforálacha arna leagan síos trí bhíthin dlí, rialacháin, nó gnímh riaracháin sna Ballstáit, bearta arb é is cuspóir dóibh bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Is é an bunús dlí iomchuí é le hidirghabháil lena gcumhdaítear soláthraithe seirbhísí sa mhargadh inmheánach agus lena dtugtar aghaidh ar na difríochtaí idir forálacha na mBallstát a chuireann bac ar shaoirsí bunúsacha agus a mbíonn éifeacht dhíreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Tá difríochtaí i ndlíthe náisiúnta ann agus tá siad ag teacht chun cinn, i bhfianaise go bhfuil reachtaíocht á rith ag roinnt Ballstát nó go bhfuil beartaithe acu reachtaíocht a rith maidir le ceanglais trédhearcachta is infheidhme maidir le seirbhísí fógraíochta polaitiúla. Cruthaítear leis an gcás sin ilroinnt rialála a mhéid a bhíonn na rialacha a thugann aghaidh ar thrédhearcacht na fógraíochta polaitiúla éagsúil ó thaobh na ngnéithe sonracha trédhearcachta a éilíonn siad (an fhaisnéis atá le nochtadh le fógra agus formáid na faisnéise sin) agus a raon feidhme (na cineálacha fógraíochta a mheastar a bheith polaitiúil agus na meáin ar a ndírítear) agus costais chomhlíontachta a mhéadú do sholáthraithe seirbhíse atá ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach. Gan gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, is measa fós a bheidh sé i gcás ina nglacfar tionscnaimh nua i roinnt Ballstát, ach i mBallstáit eile, nach dtabharfar aghaidh ar thrédhearcacht na fógraíochta polaitiúla. Dá bhrí sin, tá gá le comhchuibhiú ar leibhéal an Aontais agus is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí ábhartha maidir leis an tionscnamh seo. Cuirfidh an tionscnamh seo deireadh le bacainní áirithe atá ann cheana a bhaineann leis an trédhearcacht agus cuirfidh sé fíorfheabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, i bhfianaise inniúlachtaí an Aontais, níl aon ghá ná níl sé iomchuí idirghabháil a dhéanamh trí bhíthin rialacha náisiúnta lena dteorannaítear infhaighteacht seirbhísí fógraíochta polaitiúla do chatagóirí áirithe urraitheoirí nó do thréimhse áirithe, nó lena gcuirtear uasteorainn leis an gcistiú nó leis an meán a fhéadfar a úsáid. Is cuid dhílis den dlí náisiúnta toghcháin iad na rialacha sin agus ní cuid d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh iad.

Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil rialacha sonracha áirithe sa togra seo maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, go háirithe srianta ar theicnící spriocdhírithe a mheastar tionchar diúltach a bheith acu ar chearta nuair a úsáidtear iad i gcomhthéacs fógraíochta polaitiúla, is iomchuí an rialachán seo a bhunú, a mhéid a bhaineann leis na rialacha sonracha sin, ar Airteagal 16 CFAE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagadh síos in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ní féidir gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ach sa chás nach féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach go leormhaith as a stuaim féin agus, i ngeall ar scála nó ar éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

Rith roinnt Ballstát reachtaíocht, nó tá sé beartaithe acu reachtaíocht a rith i réimse na trédhearcachta maidir leis an bhfógraíochta polaitiúil. Ós rud é go bhfuil na rialacha sin éagsúil ó thaobh raon feidhme, ábhair agus éifeachta de, tá creat bearnach rialacha náisiúnta le feiceáil agus tá an baol ann go n‑éireoidh sé níos ilroinnte. Baineann sé sin an bonn d’fheidhmiú éifeachtach na saoirse bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar san Aontas.

Ina theannta sin, de bharr gné trasteorann cuid de na gníomhaíochtaí, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí sa timpeallacht ar líne, cruthaítear dúshláin shuntasacha maidir le rialáil atá go hiomlán náisiúnta sa réimse sin. Is beag seans go mbeadh na Ballstáit in ann dul i ngleic go héifeachtach leis na fadhbanna sainaitheanta agus iad ag gníomhú go neamhspleách. Ina theannta sin, is deacair i ndáiríre idirdhealú a dhéanamh idir cásanna intíre amháin agus cásanna a d’fhéadfadh a bheith ina gcásanna trasteorann.

Léiríodh freisin an gá atá le gníomhaíocht ón Aontas trí ghníomhaíocht soláthraithe áirithe fógraíochta polaitiúla agus gníomhaíochtaí na ngníomhaithe polaitiúla a bhaineann úsáid astu. Le linn na dtoghchán Eorpach deiridh, rinne roinnt ardán mór ar líne bearta chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhain le héiginnteacht dhlíthiúil agus le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh, rudaí a raibh idirdheighilt mar thoradh air. Ba shaincheist shuntasach é sin d’urraitheoirí na fógraíochta polaitiúla, i.e. páirtithe polaitiúla ar mian leo fógraíocht pholaitiúil a fhoilsiú agus a scaipeadh ar fud an Aontais.

Bheadh deimhneacht dhlíthiúil níos fearr, go háirithe do sholáthraithe seirbhíse, mar thoradh ar chomhchaighdeáin trédhearcachta an Aontais don fhógraíocht pholaitiúil agus do sheirbhísí gaolmhara. Chuirfí deireadh leis na costais chomhlíontachta incriminteacha a bhaineann le seirbhís a sholáthar thar theorainneacha, agus laghdófaí an riosca neamhchomhlíontachta. Dá réir sin, chuirfí deireadh leis an dreasacht atá ann do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla an margadh inmheánach a dheighilt, agus sholáthrófaí dreasacht nua chun seirbhísí trasteorann a chur ar fáil agus cinn nua a fhorbairt.

Os a choinne sin, na héifeachtaí a bheadh ag aon ghníomhaíocht a dhéanfaí faoin dlí náisiúnta, bheadh siad teoranta do Bhallstát amháin agus bheadh an baol ann go rachfaí timpeall orthu nó go mbeadh sé deacair maoirseacht a dhéanamh orthu i ndáil le soláthraithe seirbhíse ó Bhallstáit eile, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh siad neamhréireach le saorghluaiseacht laistigh den mhargadh inmheánach. Ní thabharfadh sé sin aghaidh ach oiread ar na fadhbanna a sainaithníodh ar fud an Aontais, agus d'fhéadfadh sé éifeachtaí na hilroinnte a ghéarú freisin. Chuideodh córas de chuid an Aontais freisin le húdaráis inniúla ina bhfeidhmeanna maoirseachta, le páirtithe leasmhara eile a ról sa phróiseas daonlathach a fheidhmiú agus le hathléimneacht fhoriomlán an Aontais a mhéadú i leith ionramháil faisnéise agus i leith cur isteach ar phróisis toghcháin, lena n‑áirítear bréagaisnéis.

Ní théann an Rialachán atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach agus go háirithe ní thugann sé aghaidh ar shaincheisteanna eile a bhaineann le fógraíocht pholaitiúil, díreach saincheisteanna maidir leis an trédhearcacht agus úsáid teicnící spriocdhírithe. Ní chuireann sé isteach ar ghnéithe eile a rialáiltear ar an leibhéal náisiúnta amhail dlíthiúlacht inneachar an fhógra pholaitiúil agus na tréimhsí ina gceadaítear fógraí, nó cineál na rannpháirtithe sa phróiseas daonlathach.

Ní gá go ndéanfaí foráil sa Rialachán seo atá beartaithe maidir le haon údarás nó comhlacht breise a chruthú ar leibhéal na mBallstát. Cuireann sé maoirseacht agus forfheidhmiú a fhorálacha faoi chúram na n‑údarás inniúil náisiúnta ábhartha, lena n‑áirítear na húdaráis sin a bhfuil cúraimí ainmnithe orthu faoi reachtaíocht ghaolmhar an Aontais atá ann cheana. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit údaráis earnála atá ann cheana a cheapadh agus tarraingt ar a gcuid saineolais, agus cumhachtaí a thabhairt dóibh freisin chun faireachán a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo agus iad a fhorfheidhmiú. Beidh na Ballstáit freagrach as a áirithiú go mbeidh an cumas is gá ag na húdaráis sin chun cosaint chearta na saoránach a áirithiú i gcomhthéacs na fógraíochta pholaitiúla thrédhearcaigh.

Beidh na Ballstáit ag brath ar struchtúr comhair atá ainmnithe ar leibhéal an Aontais. Beidh orthu na húdaráis a ainmniú faoi Rialachán (AE) 2016/679 chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bhforálacha maidir le spriocdhíriú, forálacha a bhunaítear leis an rialachán seo. Beidh feidhm dá réir sin ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí agus ag an sásra comhsheasmhachta arna bhunú faoin Rialachán sin.

Tacóidh an rialachán seo le húdaráis inniúla náisiúnta a gcúraimí a chomhlíonadh ar bhealach níos éifeachtúla, go háirithe maidir le fógraíocht ar líne agus le fógraíocht trasteorann, trí cheanglas go soláthrófar faisnéis faoi sheirbhísí fógraíochta polaitiúla.

Beidh comhar idir na húdaráis inniúla riachtanach chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh. Le líonraí náisiúnta toghchán a bunaíodh ar bhonn Mholadh C(2018) 5949 final, foráiltear maidir le struchtúr don chomhar sin idir údaráis ar an leibhéal náisiúnta agus urraim á tabhairt d’inniúlacht gach cuid den líonra seo a bhaineann le húdarás.

Tacóidh an Coimisiún le comhar idir údaráis ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear faoi chreat an Líonra Eorpaigh Comhair maidir le Toghcháin.

Tacóidh sé sin le teacht chun cinn margadh Eorpach nuálach rialáilte le haghaidh seirbhísí fógraíochta polaitiúla, margadh a mbeidh muinín ag saoránaigh as agus a thacóidh le sláine an phróisis dhaonlathaigh.

Comhréireacht

Maidir le comhréireacht, ní théann ábhar agus foirm na gníomhaíochta atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun an sprioc a bhaint amach feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

Cuireann an togra leis na creataí dlíthiúla de chuid an Aontais atá ann cheana agus atá ar na bacáin, lena n‑áirítear Rialachán (AE) 2016/679 agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, agus tá sé comhréireach agus riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach. Tá gá leis na bearta atá beartaithe chun dul i ngleic le hilroinnt an chreata rialála ábhartha.

Rinneadh comhréireacht na n‑oibleagáidí trédhearcachta a mheas go cúramach agus léirítear é, mar shampla, i mbunú oibleagáidí neamhshiméadracha i leith cineálacha éagsúla soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla. Fuarthas réidh le roghanna eile, amhail cosc a chur i ngach cás ar sholáthar seirbhísí fógraíochta polaitiúla trasteorann nó ar spriocdhíriú chun críocha fógraíochta polaitiúla, toisc gur measadh na roghanna sin a bheith díréireach chun na cuspóirí atá á saothrú leis an Rialachán seo a bhaint amach.

Leis an togra bunaítear oibleagáidí trédhearcachta teoranta do gach soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla a bhfuil baint acu le fógraíocht pholaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh, lena n‑áirítear taifid a choinneáil ar a rannpháirtíocht i bhfógraíocht pholaitiúil ar leith. Foilsitheoirí fógraíochta, atá i dteagmháil dhíreach leis na saoránaigh, ní mór dóibh oibleagáidí trédhearcachta sonracha a chomhlíonadh, lena n‑áirítear fógra trédhearcachta a ullmhú agus a fhoilsiú do gach fógra a fhoilsítear. Díolmhaítear FBManna ó thuairisciú tréimhsiúil a dhéanamh ar fhógraíocht pholaitiúil agus tá cead acu duine seachtrach a cheapadh ina phointe teagmhála le haghaidh idirghníomhaíocht le húdaráis náisiúnta inniúla. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún iarrachtaí ar chomhlíonadh a eascraíonn as an Rialachán seo a chothú trí thacú le hoiliúint, trí ardú feasachta agus trí bhearta eile.

Na costais arna dtabhú ag oibreoirí, tá siad comhréireach leis na cuspóirí arna mbaint amach agus leis na tairbhí eacnamaíocha agus cáile ar féidir oibreoirí a bheith ag súil leo ón togra seo. Ach deireadh a chur leis na bacainní a eascraíonn as éiginnteacht dhlíthiúil agus ilroinnt, cothófar forbairt tionscail Eorpaigh seirbhísí fógraíochta polaitiúla a bheidh bunaithe ar ardchaighdeáin trédhearcachta, agus fágfaidh sé go bhféadfaidh fiontar náisiúnta atá ann cheana méadú.

Is comhréireach iad na srianta ar fhógraíocht pholaitiúil a spriocdhíriú toisc go bhfuil siad teoranta go docht ó thaobh raon feidhme de do na gníomhaíochtaí spriocdhírithe sonracha sa chomhthéacs polaitiúil a sainaithníodh mar riosca suntasach do chearta bunúsacha an duine aonair.

An rogha ionstraime

Le hAirteagal 114 agus Airteagal 16 CFAE tugtar don reachtóir an chumhacht chun rialacháin agus treoracha a ghlacadh.

Meastar gurb é Rialachán an ionstraim dlí is iomchuí chun an creat maidir le trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla san Aontas a shainiú. Tá bonn cirt leis an rogha rialachán a bheith ina ionstraim dlí de bharr an gá atá leis na rialacha nua a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, amhail an sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil agus na hoibleagáidí trédhearcachta nach mór do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a chomhlíonadh agus fógraí polaitiúla á n‑ullmhú nó á scaipeadh acu.

Le hinfheidhmeacht dhíreach Rialacháin i gcomhréir le hAirteagal 288 CFAE, laghdófar ilroinnt dhlíthiúil agus soláthrófar deimhneacht dhlíthiúil níos fearr trí ardchaighdeáin trédhearcachta a thabhairt isteach maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil, rud a chuirfidh deimhneacht dhlíthiúil ar fáil do sholáthraithe seirbhíse ábhartha agus a chuirfidh cosc ar éagsúlachtaí a chuirfeadh bac ar shaorsholáthar na seirbhísí ábhartha laistigh den mhargadh inmheánach.

Mar sin féin, forálacha an rialacháin atá beartaithe, ní chuireann siad isteach ar inniúlachtaí náisiúnta maidir leis an bpróiseas toghcháin a eagrú agus fágann siad gur féidir leis an tionscal caighdeáin a bhunú chun go bhféadfar faisnéis a fhoilsiú agus a tharchur go héifeachtúil faoin rialachán, chun comhlíonadh a chuíchóiriú agus chun nuálaíocht a chothú.

Maidir le teicnící spriocdhírithe sonracha a chumadh, is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 atá úsáid Rialachán, rud ar Rialachán é féin é.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Is toradh é an togra seo ar chomhairliúchán fairsing leis na páirtithe leasmhara, inar chuir an Coimisiún i bhfeidhm na prionsabail ghinearálta agus na híoschaighdeáin maidir le comhairliúcháin le páirtithe leasmhara.

Le comhairliúchán ar an Measúnú Tionchair Tionscanta a foilsíodh an 26 Eanáir 2021 tugadh eolas chun sainiú na faidhbe agus na roghanna beartais a fhorbairt. Reáchtáladh comhairliúchán poiblí (OPC) ón 22 Eanáir 2021 go dtí an 2 Aibreán 2021. Cuireadh an comhairliúchán poiblí chun cinn trí shuíomh gréasáin an Choimisiúin, agus trí líonraí sonracha chomh maith.

D’eagraigh an Coimisiún cruinnithe le príomhpháirtithe leasmhara chun fianaise bhreise agus sonraí breise a bhailiú maidir leis na fadhbanna sonracha a dtugtar aghaidh orthu sa tionscnamh, agus freisin maidir leis an gcur chuige beartais agus an tionchar a ghabhann leis. Rinne sé comhairliúcháin dhéthaobhacha spriocdhírithe freisin agus rinne sé anailís ar go leor páipéar seasaimh agus páipéar anailíse a fuarthas, go háirithe i gcomhthéacs an tionscnamh a ullmhú. Rinneadh staidéar seachtrach chun tacú le hullmhú an Mheasúnaithe Tionchair atá mar bhuntaca leis an tionscnamh. Rinne an conraitheoir sraith comhairliúchán aonair le príomhpháirtithe leasmhara.

Ar an iomlán, tá comhaontú ginearálta i measc páirtithe leasmhara maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Tá formhór mór páirtithe leasmhara d’aon tuairim go bhfuil bearnaí reachtacha ann nó go bhfuil gá le reachtaíocht nua. Léirigh méid teoranta acu ábhar imní agus thagair siad do shaincheisteanna toghcháin a bheith ina saincheart náisiúnta.

Léiríonn an comhairliúchán poiblí go gcreideann formhór na saoránach gur cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla faisnéis bhunúsach áirithe a choinneáil maidir leo sin a chuireann na fógraí sin isteach.

D’iarr soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla go háirithe sainmhíniú comhchoiteann an Aontais a ligfeadh dóibh a chinneadh cé na fógraí ata ina bhfógraíocht pholaitiúil agus d’iarr cur chuige coiteann chun foráil a dhéanamh maidir le ceanglais chomhréireacha i ndáil le fógra polaitiúil atá urraithe a lipéadú, lena n‑áirítear eolas faoi chéannacht urraitheoir an fhógra. Luaigh soláthraithe an neamhchinnteacht agus na costais a bhaineann le hoibleagáidí ábhartha trédhearcachta a shainaithint agus a chomhlíonadh agus seirbhísí fógraíochta polaitiúla á dtairiscint thar theorainneacha nó i roinnt Ballstát.

Thacaigh eagraíochtaí na sochaí sibhialta go mór leis an trédhearcacht maidir le fógraíocht pholaitiúil, lena n‑áirítear cé na fógraí a thaispeántar, cé dóibh a thaispeántar iad, cén fáth, agus cé a d’íoc astu. Mheas siad nár leor bearta laga sa chomhthéacs sin. D’iarr siad freisin go dtabharfaí aghaidh ar an tsaincheist maidir le spriocdhíriú, chomh maith leis an trédhearcacht.

Ba dhíol sásaimh do na Ballstáit an tionscnamh agus bhí siad ar aon tuairim gur gá fógraíocht pholaitiúil a rialáil ar leibhéal an Aontais. Thacaigh na Ballstáit freisin le bearta a chuirfidh feabhas ar an rochtain atá ag taighdeoirí ar níos mó faisnéise maidir le fógraíocht pholaitiúil. Leag na Ballstáit béim ar bhearnaí sa rialáil agus san fhorfheidhmiú a bheith ann nuair a sholáthraítear seirbhísí fógraíochta polaitiúla thar theorainneacha.

Chuir Páirtithe Polaitiúla Eorpacha in iúl maidir leis na bearta lipéadaithe a chuidíonn le saoránaigh fios a bheith acu más fógra polaitiúil atá os a gcomhair, go gcuideoidh na bearta sin le daonlathas na hEorpa a neartú. Ba chúis imní ar leith dóibh an tionchar diúltach a bhí ag an mbeartas a chuir roinnt ardán an‑mhór chun feidhme ar líne le linn na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa roimhe seo ar a ngníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais/trasteorann.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bhraith an Coimisiún ar réimse leathan saineolais chun an togra seo a ullmhú.

Obair ábhartha sa Chomhairle (lena n‑áirítear sna meithleacha inniúla) agus i bParlaimint na hEorpa (lena n‑áirítear sna Coistí um Ghnóthaí Bunreachtúla, Gnóthaí Dlíthiúla; Saoirsí Sibhialta, an Margadh Inmheánach agus Cosaint an Tomhaltóra, Ceartas agus Gnóthaí Baile agus an Coiste Speisialta um Chur Isteach Eachtrach) tá ionchur suntasach sa phróiseas seo tugtha ag an obair sin.

Chomh maith leis an gcomhairliúchán poiblí, a bhfuil tuairisc air thuas, ghlac an Coimisiún páirt i roinnt cruinnithe de pháirtithe leasmhara, agus cuireadh ceisteanna a bhí oiriúnach do gach catagóir.

An 18 Márta 2021, phléigh an Coimisiún an tionscnamh le saineolaithe na mBallstát ag cruinniú tiomnaithe den Chóras Mear-Rabhaidh. Bhí ionadaithe ó na Ballstáit agus ó Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí na Meán Closamhairc i láthair. Chuathas i gcomhairle freisin le saineolaithe na mBallstát an 25 Márta 2021, faoi chuimsiú an Líonra Eorpaigh um Chomhar maidir le Toghcháin. Fuarthas faisnéis freisin ó ionchur na mBallstát i gcruinnithe a bhí ag an líonra sin roimhe seo ó 2019 i leith, lena n‑áirítear nuair a bhí mapáil chuimsitheach á déanamh ar na dlíthe agus na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha.

Ar deireadh, sa staidéar a thacaíonn leis an Measúnú Tionchair, comhtháthaítear athbhreithniú litríochta ina léirítear go bhfuil comhdhearcadh acadúil ag teacht chun cinn maidir leis an ngá atá le trédhearcacht shonrach le haghaidh fógraíochta polaitiúla agus rialuithe ar úsáid sonraí pearsanta i dtaca le fógraíocht pholaitiúil (go háirithe ar líne).

I dtreoir ó chomhlachtaí idirnáisiúnta a leagann síos caighdeáin, amhail Comhairle na hEorpa, iarrtar freisin go mbeidh trédhearcacht shonrach san fhógraíocht pholaitiúil, lena n‑áirítear go háirithe maidir leis an urraitheoir agus le maoiniú, agus i gcás ar líne, maidir leis an sásra seachadta (e.g. algartaim, sonraí).

Measúnú tionchair

I gcomhréir lena bheartas ‘Rialáil Níos Fearr’, rinne an Coimisiún Measúnú Tionchair le haghaidh an togra seo arna scrúdú ag Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin. Tionóladh cruinniú leis an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 29 Meán Fómhair 2021, agus tugadh tuairim dhearfach ina dhiaidh sin, a raibh agúis áirithe ag gabháil léi. Rinneadh athbhreithniú breise ar an Measúnú Tionchair chun freastal ar fhorchoimeádais an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála.

Scrúdaigh an Coimisiún roghanna beartais éagsúla chun cuspóir ginearálta an togra a bhaint amach, is é sin, feidhmiú cuí an mhargaidh aonair a áirithiú trí rialacha a leagan amach maidir le hardleibhéal trédhearcachta don fhógraíocht pholaitiúil agus do sheirbhísí gaolmhara agus rialacha maidir le spriocdhíriú a úsáid i gcomhthéacs fógraíochta polaitiúla a scaipeadh.

Rinneadh measúnú ar dhá rogha beartais a bhfuil leibhéil éagsúla idirghabhála rialála ag baint leo:

·Rogha 1: Bearta teoranta chun an trédhearcacht a chur chun cinn agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le spriocdhíriú;

·Rogha 2: Bearta chun an trédhearcacht a chomhchuibhiú agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le spriocdhíriú. Bhí dhá fhorogha maidir le spriocdhíriú san áireamh sa Rogha seo.

De réir mhodheolaíocht bhunaithe an Choimisiúin, rinneadh meastóireacht ar gach rogha beartais de réir tionchair eacnamaíocha, chearta bunúsacha agus shochaíocha. Ba iad rogha 2 agus fo‑rogha 2 maidir le húsáid spriocdhírithe na roghanna tosaíochta, de bhrí go gcomhlíonann na roghanna sin cuspóirí ginearálta na hidirghabhála agus go mbunódh siad creat comhleanúnach agus comhréireach i gcomhair fógraíocht pholaitiúil san Aontas.

Trí shoiléiriú agus comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann le faisnéis a choinneáil agus a chur ar fáil san fhógraíocht pholaitiúil, chun críocha maoirseachta agus cuntasachta, chuirfeadh sé deireadh le príomhthionscnóir na gcostas comhlíontachta i soláthar seirbhísí do roinnt Ballstáit agus trasteorann. Ina theannta sin, chuirfeadh sé leis an intuarthacht dhlíthiúil do sheirbhísí idirghabhálacha atá gníomhach i roinnt Ballstát, rud a rannchuideodh le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chuirfeadh sé sin feabhas freisin ar thorthaí rialála, rud a chuirfeadh deireadh leis an údar atá leis an deighilt sa mhargadh náisiúnta, agus a mhéadódh na deiseanna atá ann d’fhorbairt sheirbhísí trasteorann. Laghdófaí an buntáiste a eascraíonn as ilroinnt rialála na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla maidir le fógraí ar líne i gcomparáid le meáin as líne. Laghdófar an tionchar ar FBManna trí oibleagáid atá curtha in oiriúint maidir le tuairisciú tréimhsiúil a dhéanamh ar fhógraíocht pholaitiúil agus trí cead a thabhairt dóibh duine seachtrach a cheapadh ina phointe teagmhála le haghaidh idirghníomhaíocht le húdaráis náisiúnta inniúla.

Leis na bearta maidir le spriocdhíriú, thabharfaí aghaidh ar na teicnící spriocdhírithe a bhfuil fadhb leo agus, ag an am céanna, dhéanfaí foráil maidir lena n‑úsáid ar bhealach a dhreasódh an dea-chleachtas.

Bhí sé i gceist le fo-rogha 2 toirmeasc coinníollach a chur ar spriocdhíriú, ach measadh go bhféadfaí na fo-roghanna a chomhcheangal. Meastar gur éifeachtaí toirmeasc neamhchoinníollach ar spriocdhíriú ar bhonn catagóirí speisialta sonraí pearsanta agus, dá bhrí sin, áirítear toirmeasc neamhchoinníollach sa togra seo. An toirmeasc ar spriocdhíriú ar bhonn catagóirí speisialta sonraí pearsanta, braitheann sé ar an tacaíocht ó pháirtithe leasmhara, freisin, páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo agus an measúnú Tionchair á ullmhú.

Le srianta saincheaptha, chuirfí teorainn leis na seirbhísí spriocdhírithe a mbeadh teacht orthu i gcomhthéacs scaipeadh fógraíochta polaitiúla. Is mó ná sin na deiseanna a bheadh ann do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, ar deiseanna iad a eascraíonn as muinín mhéadaithe i measc saoránach agus rialtóirí sa teicníc agus as deimhneacht dhlíthiúil níos fearr maidir le comhlíonadh i ndáil leis an úsáid a bhainfear as sa chomhthéacs polaitiúil.

Le trédhearcacht chomhchuibhithe agus teorainneacha sonracha, laghdófar an raon feidhme a bhaineann le straitéisí spriocdhírithe atá achrannach, amhail aimpliú bréagach d’fhógraí áirithe nó na straitéisí a aimsíodh i scannal Cambridge Analytica. Ba cheart do na bearta sin muinín a neartú as úsáid fógraí polaitiúla, agus ar bhonn níos ginearálta, as an dioscúrsa pholaitiúil agus as ionracas an phróisis toghcháin. Chuirfeadh sé le hathléimneacht níos fearr i gcóras toghcháin an Aontais i leith ionramháil faisnéise agus cur isteach ar fhaisnéis.

Oiriúnacht agus simpliúrialála

Is é an buntáiste suntasach a bhaineann le comhchuibhiú na rialacha maidir leis an trédhearcacht i dtaca le fógraíocht pholaitiúil, go mbeidh deimhneacht dhlíthiúil ann ar fud an Aontais, go gcuirfear deireadh leis na costais chomhlíontachta incriminteacha a bhaineann le seirbhís a chur ar fáil thar theorainneacha, agus go laghdófar an riosca neamhchomhlíontachta. Táthar ag súil go ndéanfaidh gach soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla éifeachtúlacht costais a dhíorthú agus seirbhísí á dtairiscint acu trí fhógraíocht pholaitiúil a chumadh ar bhonn comhchoiteann.

Bhainfeadh FBManna tairbhe as na bearta atá beartaithe toisc go mbeidh siad in ann a gcuid seirbhísí a thairiscint ar bhealach níos éasca sa mhargadh inmheánach. Sa togra, áirítear maoluithe sonracha do FBManna chun a gcostais chomhlíontachta a laghdú.

Sa togra, áirítear sraith choiteann rialacha nach ndéanfaidh idirdhealú idir ar líne agus as líne, rialacha a thabharfaidh aghaidh ar shaincheisteanna a eascraíonn as an staid reatha lena gcuirtear na rialacha atá ann faoi láthair in oiriúint do ghníomhaíochtaí as líne, rud a fhágann go bhfuil bearnaí agus bealaí éalaithe ann. Áiritheofar leis an Rialachán go mbeidh feidhm ag na ceanglais chun ardleibhéal trédhearcachta a sholáthar maidir le modhanna as líne agus ar líne chun treochta polaitiúla a scaipeadh ar an mbealach céanna.

Cearta bunúsacha

Bíonn tionchar dearfach ag gach beart a bheartaítear faoin togra seo ar chearta bunúsacha, agus ní mheastar go mbeidh tionchar diúltach suntasach acu ar chearta bunúsacha.

Ní féidir srian a chur le saoirsí bunúsacha ná le cearta bunúsacha ach amháin i gcás ina bhfuil bonn cirt leis chun leas poiblí dlisteanach a shaothrú agus ar an gcoinníoll go bhfuil an srian i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú agus ar an gcoinníoll sin amháin. An ráthaíocht ar thrédhearcacht, ar chothroime agus ar chomhdheiseanna polaitiúla sa phróiseas toghchánach agus an ceart bunúsach chun bheith ar an eolas ar bhealach oibiachtúil, trédhearcach agus iolraíoch, is cúiseanna sáraitheacha a bhaineann leis an leas poiblí iad na nithe sin.

Leis an togra seo forchuirtear srianta teoranta ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil (Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh), ar an gceart chun saoil phríobháidigh (Airteagal 7) agus ar an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8). Tá na srianta sin comhréireach agus teoranta don íosmhéid is gá.

Maidir le saoirse cainte agus an cinneadh maidir le fógraí polaitiúla a fhoilsiú agus a scaipeadh, agus a bhfuil iontu, tá an foilsiú agus scaipeadh sin fós á rialú ar bhonn an dlí náisiúnta agus dhlí an Aontais is ábhartha. Thairis na ceanglais maidir leis an trédhearcacht, ní chuireann an tionscnamh isteach ar inneachar substainteach na dteachtaireachtaí polaitiúla. Cé go bhféadfadh teorannú ar theicnící spriocdhírithe tionchar a imirt ar shaoirse cainte, bheadh an tionchar sin comhréireach dá mbeadh raon feidhme teoranta aige agus bheadh sé á chothromú ag an tionchar dearfach ar chearta bunúsacha eile, lena n‑áirítear tionchar a bheadh nasctha le laghdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go ndéanfaí an dioscúrsa daonlathach a chúbláil agus an ceart chun a bheith ar an eolas ar bhealach oibiachtúil, trédhearcach agus iolraíoch. An trédhearcacht fheabhsaithe, na coinníollacha agus na srianta ar spriocdhíriú, ba cheart na nithe sin a dhul chun tairbhe an chirt chun sonraí a chosaint agus chun príobháideachta na ndaoine a bhfuil an fhógraíocht pholaitiúil sin dírithe orthu. Bearta lena sainaithneofaí duine nádúrtha mar urraitheoir fógra pholaitiúil agus an méid airgid a chaitear fhógra polaitiúil agus luach na sochar eile a fhaightear mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar fhógra polaitiúil, bíonn tionchar ag na bearta sin ar chosaint sonraí pearsanta agus ní mór dóibh a bheith i gcomhréir leis an aidhm atá beartaithe leis an mbeartas: chun a áirithiú go mbeidh trédhearcacht i gceist leis an bhfógraíocht pholaitiúil a dhéanann na daoine aonair atá páirteach sa dioscúrsa polaitiúil. Tá údar maith leis an tionchar ar na cearta sin de bharr na héifeachta dearfaí foriomlána ar an daonlathas agus ar chearta toghchánacha.

I gcás ina n‑éilíonn an tionscnamh seo ardáin an‑mhóra ar líne chun rochtain ar shonraí a éascú do ghníomhaithe leasmhara, ní dhéanfadh na bearta sin foráil maidir le haon mhaolú ar acquis cosanta sonraí an Aontais. Níor cheart ach sonraí ábhartha a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara, lena n‑áirítear sonraí chun taighde a dhéanamh ar chleachtais a dhéanann difear don dioscúrsa daonlathach agus do thoghcháin nó do reifrinn.

Tacóidh an tionscnamh seo le feidhmiú cearta toghchánacha agus tacóidh sé le toghcháin shaora chóra agus le díospóireacht dhaonlathach chothrom, trí fhógraíocht pholaitiúil trasteorann thrédhearcach a éascú, rud a áiritheoidh ardleibhéal cosanta do chearta, lena n‑áirítear i dáil le sonraí pearsanta a chosaint agus lena n‑áiritheofar go mbeidh saoránaigh in ann roghanna polaitiúla feasacha a dhéanamh gan chúbláil nó comhéigean. Ina theannta sin, tá na srianta ar chleachtais an spriocdhírithe comhleanúnach le cearta toghchánacha, agus bíonn tionchar dearfach acu ar na cearta sin agus iad cosanta ag caighdeáin idirnáisiúnta.

Ar deireadh, tacóidh an togra seo le soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla le feidhmiú a saoirse chun gnó a dhéanamh faoi Airteagal 16 den Chairt.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níltear ag súil le haon impleacht buiséadach de bharr an tionscnaimh seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme an tionscnaimh tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa bunaithe ar bhailiúchán sonrach sonraí arna dhéanamh ag conraitheoir speisialaithe. Laistigh de thréimhse dhá bhliain tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú ina ndéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n‑áirítear gnéithe a théann níos faide ná toghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra (crostagairtí a sheiceáil)

Leagtar amach i gCaibidil I na forálacha ginearálta, lena n‑áirítear an t‑ábhar agus an raon feidhme (Airteagal 1), sainmhínithe na bpríomhthéarmaí a úsáidtear sa Rialachán (Airteagal 2) agus leibhéal comhchuibhithe na mbeart sin (Airteagal 3).

I gCaibidil II tá forálacha maidir leis na hoibleagáidí trédhearcachta is infheidhme maidir le fógraíocht pholaitiúil ar íocaíocht. Bunaítear leis bearta is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla a bhfuil baint aige le fógraíocht polaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh. Foráiltear leis, go háirithe, maidir leis an trédhearcacht san fhógraíocht pholaitiúil (Airteagal 4), leis an oibleagáid fógraí polaitiúla a shainaithint (Airteagal 5), agus leis an oibleagáid taifid a choimeád agus faisnéis a tharchur chuig foilsitheoirí fógraíochta (Airteagal 6).

Ina theannta sin, bunaítear leis an gCaibidil seo oibleagáidí nach bhfuil infheidhme ach maidir le foilsitheoirí fógraíochta, sa bhreis orthu sin in Airteagail 4, 5 agus 6. I ngach fógra, áireoidh foilsitheoirí fógraíochta ráiteas soiléir ina gcuirfear in iúl gur fógra de chineál polaitiúil é, luafar ainm an urraitheora ann, agus cuirfear faisnéis ar fáil chun gur bhféadfar comhthéacs níos leithne an fhógraíochta pholaitiúil a thuiscint agus na haidhmeanna atá leis a thuiscint (Airteagal 7). Foilseoidh foilsitheoirí fógraíochta faisnéis go bliantúil maidir le méideanna nó luach na sochar eile a fhaightear mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar na seirbhísí a chuir siad ar fáil a bhaineann le fógraí polaitiúla (Airteagal 8). Cuirfidh siad bealaí soláimhsithe i bhfeidhm chun go bhféadfaidh saoránach chur in iúl dóibh i gcás nach gcomhlíonann fógraí ar leith na hoibleagáidí a bhunaítear leis an Rialachán seo (Airteagal 9).

Tarchuirfidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis ábhartha chuig na húdaráis inniúla (Airteagal 10) agus chuig eintitis leasmhara eile (Airteagal 11).

I gCaibidil III rialaítear úsáid teicnící spriocdhírithe nó teicnící aimpliúcháin a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha fógraíochta polaitiúla. Nuair is sonraí íogaire atá i gceist, bíonn toirmeasc i bhfeidhm agus díolúintí ar leith ag gabháil leis. Thairis sin, rialaitheoirí a bhaineann úsáid as na teicnící sin chun críoch fógraíochta polaitiúla, déanfaidh na rialaitheoirí sin beartas inmheánach a ghlacadh agus a chur chun feidhme, taifid a choinneáil, agus faisnéis a chur ar fáil ionas go dtuigfidh daoine aonair an loighic a bhaineann leis an spriocdhíriú a úsáidtear agus na príomhpharaiméadair a bhaineann leis, agus rannpháirtíocht sonraí tríú páirtí agus teicnící anailíseacha breise (Airteagal 12). Déantar foráil in Airteagal 12 maidir le ceanglais bhreise ar fhoilsitheoirí fógraíochta. Rialaitheoirí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 13 déanfaidh siad na bearta iomchuí chun go mbeidh siad in ann an fhaisnéis a tharchur chuig eintitis leasmhara (Airteagal 13).

Leagtar síos i gCaibidil IV na forálacha maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú an Rialacháin seo. Leagtar síos leis oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla nach bhfuil bunaithe san Aontas ionadaí dlíthiúil a cheapadh i gceann de na Ballstáit ina soláthraíonn siad a gcuid seirbhísí (Airteagal 14); leagtar síos ann na húdaráis a gcuirfear de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar na bearta sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo agus iad a fhorfheidhmiú; iarrtar ar na Ballstáit comhar a áirithiú i measc na n‑údarás inniúil ábhartha; iarrtar pointí teagmhála a ainmniú chun críoch an Rialacháin seo agus tugann sé sainordú do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun malartú faisnéise eatarthu a áirithiú (Airteagal 15). Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na smachtbhannaí is infheidhme i leith sáruithe ar na hoibleagáidí a bhunaítear leis an Rialachán seo (Airteagal 16). Bunaítear leis an gCaibidil seo freisin oibleagáid ar na Ballstáit dátaí na dtréimhsí náisiúnta toghcháin a fhoilsiú in áit a bhfuil rochtain éasca uirthi (Airteagal 17).

I gCaibidil V tugtar tuilleadh forálacha críochnaitheacha, amhail an clásal meastóireachta agus athbhreithnithe (Airteagal 18) agus an fhéidearthacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh (Airteagal 19). Ar deireadh, is í an fhoráil dheiridh sa Chaibidil seo sonraíocht maidir le teacht i bhfeidhm an Rialacháin agus dáta a chur i bhfeidhm (Airteagal 20).

2021/0381 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 16 agus 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 9 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 10 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá soláthar na fógraíochta polaitiúla agus an téileamh uirthi ag dul i méid agus tá gné thrasteorann na fógraíochta sin ag méadú de réir a chéile. Tá baint ag líon mór seirbhísí éagsúlaithe leis an ngníomhaíocht sin agus an líon sin ag méadú de réir a chéile, seirbhísí amhail comhairleachtaí polaitiúla, gníomhaireachtaí fógraíochta, ardáin teicneolaíochta fógraíochta, gnólachtaí caidrimh phoiblí, lucht tionchair agus oibreoirí éagsúla anailísíochta sonraí agus bróicéireachta. Is iomaí cineál fógraíochta polaitiúla a d’fhéadfadh a bheith ann, lena náirítear inneachar ar íocaíocht, torthaí cuardaigh urraithe, teachtaireachtaí spriocdhírithe ar íocaíocht, ardú i ranguithe, rud éigin nó duine éigin a chur chun cinn mar chuid den inneachar, amhail suíomh táirgí, lucht tionchair agus formhuinithe eile. Ar na gníomhaíochtaí a bhaineann leis sin, d’fhéadfaí scaipeadh fógraíochta polaitiúla arna iarraidh sin d’urraitheoir nó foilsiú inneachair ar íocaíocht a bheith i gceist mar shampla.

(2)Is féidir fógraíocht pholaitiúil a scaipeadh nó a fhoilsiú thar theorainneacha ar bhealaí éagsúla agus ar na meáin éagsúla. Is féidir í a scaipeadh nó a fhoilsiú trí na meáin thraidisiúnta as líne, cur i gcás nuachtáin, teilifís agus raidió, agus ina theannta sin, níos mó ná riamh, trí ardáin ar líne, trí shuíomhanna gréasáin, trí fheidhmchláir mhóibíleacha, trí chluichí ríomhaireachta agus trí chomhéadain dhigiteacha eile. Ní hamháin go bhfuil na meáin ar líne níos oiriúnaithe do bheith á dtairiscint ar bhonn trasteorann, ach cruthaíonn siad dúshláin nua chasta ó thaobh rialála agus forfheidhmithe de freisin. Tá méadú mór ag teacht ar úsáid na fógraíochta polaitiúla ar líne agus tairgtear cineálacha áirithe fógraíochta polaitiúla líneacha as líne, amhail an raidió agus an teilifís, agus ar líne freisin mar sheirbhísí ar éileamh. Is iondúil go neagraítear feachtais fógraíochta polaitiúla ar bhealach a bhainfidh leas as réimse meán agus foirmeacha.

(3)Ós rud é gur ar luach saothair a sholáthraítear an fhógraíocht de ghnáth, is ionann an fhógraíocht agus gníomhaíocht seirbhíse, lena náirítear an fhógraíocht pholaitiúil, faoi Airteagal 57 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’). I nDearbhú Uimh. 22 maidir le daoine faoi mhíchumas, dearbhú a ghabhann le Conradh Amstardam, tháinig Comhdháil Ionadaithe Rialtais na mBallstát ar chomhaontú, agus bearta á nullmhú faoi Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go bhfuil institiúidí an Aontais chun aird a thabhairt ar na riachtanais atá ag daoine faoi mhíchumas.

(4)Is sprioc phoiblí dhlisteanach é an gá le trédhearcacht a áirithiú, i gcomhréir leis na luachanna atá ag an Aontas agus ag na Ballstáit de bhun Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’). Ní éasca i gcónaí do na saoránaigh fógraíocht pholaitiúil a aithint ná a gcearta daonlathacha a fheidhmiú ar bhealach feasach. Tá gá le hardleibhéal trédhearcachta, i measc nithe eile, chun tacú le dioscúrsa polaitiúil atá oscailte agus cothrom agus le toghcháin nó reifrinn atá saor agus cothrom, agus chun an bhréagaisnéis agus cur isteach neamhdhleathach, lena náirítear trasnaíocht eachtrach, a chomhrac. Is féidir le fógraíocht pholaitiúil a bheith ina éascaitheoir bréagaisnéise, go háirithe i gcás nach nochtar an ghné pholaitiúil atá ag an bhfógraíocht, agus i gcás ina bhfuil spriocdhíriú i gceist. Má bhaineann trédhearcacht le fógraíocht pholaitiúil, tacófar leis na vótálaithe tuiscint níos fearr a bheith acu ar chásanna ina mbíonn fógra polaitiúil á chur os a gcomhair, cén duine a bhfuil fógra á dhéanamh thar a cheann, agus cén chaoi a bhfuil soláthraí seirbhíse fógraíochta ag spriocdhíriú orthu, ionas gur fearr is féidir le vótálaithe roghanna feasacha a dhéanamh.

(5)I gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla, is minic a úsáidtear teicnící spriocdhírithe. Ba cheart teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin a thuiscint mar theicnící a úsáidtear chun fógra polaitiúil spriocdhírithe a dhíriú ar dhuine sonrach nó ar ghrúpa daoine sonrach, sin nó chun cúrsaíocht, raon feidhme nó infheictheacht fógra pholaitiúil a mhéadú. I bhfianaise na cumhachta agus na hacmhainneachta atá ann chun míúsáid a bhaint as sonraí pearsanta, lena náirítear trí mhicrea-spriocdhíriú agus teicnící eile níos forbartha, d’fhéadfadh sé go mbeadh bagairt ar leith ag baint leis na teicnící sin ar leasanna dlisteanacha an phobail, amhail cothroime, comhdheiseanna agus trédhearcacht sa phróiseas toghcháin agus an ceart bunúsach chun bheith ar an eolas ar bhealach oibiachtúil, trédhearcach agus iolraíoch.

(6)Déantar an fhógraíocht pholaitiúil a rialáil go hilchineálach faoi láthair sna Ballstáit, agus dírítear go minic ar fhoirmeacha traidisiúnta na meán. Tá srianta sonracha ann, lena náirítear srianta ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla a chur ar fáil thar theorannacha. Cuireann roinnt Ballstát cosc ar sholáthraithe seirbhíse an Aontais atá bunaithe i mBallstáit eile seirbhísí de chineál polaitiúil a sholáthar nó seirbhísí a bhfuil cuspóir polaitiúil acu a sholáthar le linn tréimhsí toghcháin. Bíodh sin mar atá, is dócha go bhfuil bearnaí agus lúba ar lár sa reachtaíocht náisiúnta i roinnt Ballstát, rud a fhágann go scaiptear fógraíocht pholaitiúil uaireanta gan aird a thabhairt ar na rialacha náisiúnta ábhartha agus go bhfuil an baol ann dá bhrí sin go mbainfear an bonn de chuspóir na rialála trédhearcachta maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil.

(7)Chun trédhearcacht fheabhsaithe san fhógraíocht pholaitiúil a chur ar fáil, lena náirítear chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na saoránach, tá roinnt Ballstát tar éis bearta breise a fhiosrú nó a bhreithniú chun aghaidh a thabhairt ar thrédhearcacht na fógraíochta polaitiúla agus chun tacú le dioscúrsa polaitiúil cothrom agus le toghcháin nó reifrinn atá saor agus cóir. Déantar na bearta náisiúnta sin a bhreithniú go háirithe i gcás fógraíocht a fhoilsítear agus a scaiptear ar líne agus d’fhéadfadh toirmisc bhreise a bheith i gceist leo. Bíonn idir bhearta boga agus bhearta ceangailteacha i gceist leis na bearta sin agus bíonn gnéithe éagsúla trédhearcachta ag baint leo.

(8)Fágann sin go bhfuil an margadh inmheánach ilroinnte, go laghdaítear an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a dhéanann fógraí polaitiúla a ullmhú, a shuíomh, a fhoilsiú nó a scaipeadh, go gcruthaítear bacainní maidir le saorghluaiseacht seirbhísí gaolmhara, go ndéantar saobhadh ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach, lena náirítear idir soláthraithe seirbhísí as líne agus ar líne, agus go néilítear iarrachtaí casta comhlíontachta agus costais bhreise ar sholáthraithe seirbhíse ábhartha.

(9)Sa chomhthéacs sin, is dócha go ndíspreagfar soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla óna seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar i gcásanna trasteorann. Tá sé sin fíor go háirithe i gcás micrifhiontar agus FBManna, nach mbíonn na hacmhainní acu go minic chun na costais chomhlíontachta arda a bhaineann le fógraíochta polaitiúla a ullmhú, a shuíomh, a fhoilsiú nó a scaipeadh i níos mó ná Ballstát amháin a iompar nó a chur ar aghaidh. Cuireann sé sin srian ar infhaighteacht seirbhísí agus bíonn tionchar diúltach aige sin ar na deiseanna do sholáthraithe seirbhíse feachtais ilmheánacha agus ilnáisiúnta a chur ar fáil laistigh den mhargadh inmheánach.

(10)Ba cheart, dá bhrí sin, ardleibhéal comhsheasmhach trédhearcachta a áirithiú maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil ar fud an Aontais nuair a sholáthraítear seirbhísí fógraíochta polaitiúla, agus ba cheart na héagsúlachtaí a chuireann bac ar shaorchúrsaíocht seirbhísí gaolmhara laistigh den mhargadh inmheánach a chosc, trí oibleagáidí trédhearcachta aonfhoirmeacha a leagan síos do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena ráthaítear cosaint aonfhoirmeach chearta na ndaoine agus maoirseacht ar fud an mhargaidh inmheánaigh ar bhonn Airteagal 114 CFAE.

(11)Níor cheart do na Ballstáit forálacha a choimeád ná a thabhairt isteach ina ndlíthe náisiúnta, ar forálacha iad nach bhfuil i gcomhréir leis na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo, go háirithe forálacha atá níos déine nó nach bhfuil chomh dian sin, rud a áireofaí leibhéal trédhearcachta atá éagsúil maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil. Comhchuibhiú iomlán na gceanglas trédhearcachta a bhaineann le fógraíocht pholaitiúil, is rud é sin a mhéadaíonn an deimhneacht dhlíthiúil agus a laghdaíonn ilroinnt na noibleagáidí a chomhlíonann soláthraithe seirbhíse i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla.

(12)Ba cheart comhchuibhiú iomlán na gceanglas trédhearcachta a bheith gan dochar do shaoirse soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla tuilleadh faisnéise maidir le fógraíocht pholaitiúil a sholáthar ar bhonn deonach, agus é sin mar chuid den tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse atá cosanta faoi Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

(13)Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh d’inneachar substainteach na fógraíochta polaitiúla ná do na rialacha lena rialáiltear taispeáint na fógraíochta polaitiúla, lena náirítear tréimhsí tosta, mar a thugtar orthu, roimh thoghcháin nó reifrinn.

(14)Ba cheart don Rialachán foráil a dhéanamh maidir le ceanglas riachtanach um chomhchuibhiú a bheidh infheidhme maidir le gníomhaithe eacnamaíocha a sholáthraíonn fógraíocht pholaitiúil agus seirbhísí a bhaineann leis sin (i.e. gníomhaíochtaí a dhéantar ar íocaíocht de ghnáth); is éard a bhíonn i gceist leis na seirbhísí sin go háirithe, fógraíocht pholaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh. Is ar bhonn Airteagal 114 CFAE a bhunaítear rialacha an Rialacháin seo lena ndéantar foráil maidir le hardleibhéal trédhearcachta i dtaca le seirbhísí fógraíochta polaitiúla. Ba cheart don Rialachán aghaidh a thabhairt freisin ar úsáid teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúil a fhoilsiú, a scaipeadh nó a chur chun cinn, teicnící a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta. Is ar bhonn Airteagal 16 CFAE a bhunaítear rialacha an Rialacháin seo lena dtugtar aghaidh ar úsáid an spriocdhírithe agus an aimpliúcháin. An fhógraíocht pholaitiúil a dhírítear ar dhaoine i mBallstát, ba cheart a áireamh inti an fhógraíocht arna hullmhú, arna suíomh nó arna foilsiú ag soláthraithe atá bunaithe lasmuigh den Aontas ach a scaiptear ar dhaoine laistigh den Aontas. Chun a chinneadh an bhfuil fógra polaitiúil dírithe ar dhaoine i mBallstát, ba cheart aird a thabhairt ar na tosca san fhógra a chruthaíonn nasc idir í agus an Ballstát sin, lena náirítear teanga, comhthéacs, cuspóir na fógraíochta agus modhanna a scaipthe.

(15)Ní ann do shainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil ná ar fhógra pholaitiúil ar leibhéal an Aontais. Tá gá le sainmhíniú coiteann chun raon feidhme chur i bhfeidhm na noibleagáidí comhchuibhithe um thrédhearcacht agus rialacha maidir le spriocdhíriú agus aimpliúchán a leagan síos. Ba cheart don sainmhíniú sin an líon mór cineálacha fógraíochta polaitiúla a d’fhéadfadh a bheith ann a chumhdach, mar aon le haon mheán agus aon mhodh foilsithe nó scaipthe laistigh den Aontas, gan beann ar an bhfuil an fhoinse lonnaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír.

(16)Ba cheart a bheith san áireamh sa sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil fógraíocht a fhoilsíonn nó a scaipeann gníomhaí polaitiúil go díreach nó go hindíreach nó fógraíocht a fhoilsítear nó a scaiptear go díreach nó go hindíreach ar son gníomhaí polaitiúil nó thar a cheann. Ó tharla nach féidir fógraí a dhéanann gníomhaí polaitiúil, nó fógraí a dhéantar ar a shon nó thar a cheann a scaradh óna ghníomhaíocht ina ról mar ghníomhaí polaitiúil, is féidir a mheas go bhféadfaidís tionchar a imirt ar an dioscúrsa polaitiúil, ach amháin i gcás teachtaireachtaí de chineál príobháideach nó de chineál tráchtála amháin.

(17)Maidir le teachtaireacht a fhoilsíonn nó a scaipeann gníomhaithe eile, ar teachtaireacht í a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar phróiseas reachtach nó rialála nó ar iompraíocht vótála, ba cheart é sin a mheas mar fhógraíocht pholaitiúil freisin. Chun a chinneadh an bhféadfadh tionchar a bheith ag foilsiú nó scaipeadh teachtaireachta ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar phróiseas reachtach nó rialála nó ar iompraíocht vótála, ba cheart aird a thabhairt ar na tosca ábhartha uile, amhail inneachar na teachtaireachta, an teanga a úsáidtear chun an teachtaireacht a chur in iúl, an comhthéacs ina gcuirtear an teachtaireacht in iúl, cuspóir na teachtaireachta agus an modh lena bhfoilsítear nó lena scaiptear an teachtaireacht. Mar a tharlaíonn sé, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag teachtaireachtaí maidir le saincheisteanna sochaíocha nó conspóideacha ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar phróiseas reachtach nó rialála nó ar iompraíocht vótála.

(18)Maidir le faisnéis phraiticiúil ó fhoinsí oifigiúla i dtaca le heagrú agus módúlachtaí rannpháirtíochta sna toghcháin nó sna reifrinn, níor cheart é a mheas mar fhógraíocht pholaitiúil.

(19)Tuairimí polaitiúla a chuirtear in iúl i gcláir na gcraoltaí líneacha closamhairc nó a fhoilsítear sna meáin chlóite gan íocaíocht dhíreach nó luach saothair coibhéiseach a bheith i gceist leo, níor cheart iad a chumhdach leis an Rialachán seo.

(20)Chun críoch an Rialacháin seo, ba cheart toghchán a thuiscint mar thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa chomh maith leis na toghcháin nó na reifrinn uile a eagraítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil sna Ballstáit agus toghcháin a eagraítear chun ceannaireacht páirtí pholaitiúil a bhunú. Níor cheart cineálacha eile toghcháin a áireamh ann, amhail ballóidí a eagraítear go príobháideach.

(21)Is gá fógra polaitiúil a shainiú mar chás ina bhfuil fógraíocht pholaitiúil i gceist. Áirítear ar na fógraí na modhanna trína ndéantar an teachtaireacht fógraíochta a chur in iúl, lena náirítear trí ábhar clóite, trí na meáin chraolta nó trí sheirbhís ardáin ar líne.

(22)Gníomhaithe polaitiúla, de réir bhrí an Rialacháin seo, ba cheart dóibh tagairt a dhéanamh do choincheapa a shainmhínítear faoi dhlí an Aontais, agus faoin dlí náisiúnta chomh maith, i gcomhréir le hionstraimí dlí idirnáisiúnta amhail ionstraimí dlí de chuid Chomhairle na hEorpa. Ba cheart a áireamh ar choincheap na bpáirtithe polaitiúla a neintitis chleamhnaithe agus a bhfoeintitis a bunaíodh le pearsantacht dhlítheanach nó gan pearsantacht dhlítheanach, chun tacú leo nó chun a gcuspóirí a shaothrú, mar shampla trí dhul i dteagmháil le grúpa sonrach vótálaithe nó le haghaidh cuspóir toghchánach sonrach.

(23)Ba cheart a áireamh freisin ar choincheap na ngníomhaithe polaitiúla, oifigigh neamhthofa, oifigigh thofa, iarrthóirí agus comhaltaí Rialtais ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Ba cheart eagraíochtaí polaitiúla eile a áireamh sa sainmhíniú sin freisin.

(24)Leis an téarma feachtas fógraíochta, ba cheart tagairt a dhéanamh do shraith d’fhógraí nasctha a ullmhú, a fhoilsiú agus a scaipeadh i rith tréimhse conartha le haghaidh fógraíocht pholaitiúil, ar bhonn ullmhú, urraíocht agus maoiniú coiteann. Ba cheart ullmhúchán, suíomh, cur chun cinn, foilsiú agus scaipeadh fógra nó leaganacha d’fhógra ar mheáin éagsúla agus ag amanna éagsúla laistigh den timthriall toghcháin chéanna a bheith san áireamh ann.

(25)Níor cheart an sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil difear a dhéanamh do shainmhínithe náisiúnta ar pháirtithe polaitiúla, ar aidhmeanna polaitiúla ná ar thréimhsí feachtais ar an leibhéal náisiúnta.

(26)Chun réimse leathan na soláthraithe seirbhíse ábhartha atá nasctha le seirbhísí fógraíochta polaitiúla a chumhdach, ba cheart seirbhísí fógraíochta polaitiúla a thuiscint mar rud a chuimsíonn soláthraithe a bhfuil baint acu le hullmhú, suíomh, cur chun cinn, foilsiú agus scaipeadh na fógraíochta polaitiúla.

(27)Níor cheart a áireamh i gcoincheap na fógraíochta polaitiúla teachtaireachtaí a roinneann daoine aonair ina gcáil phearsanta amháin. Níor cheart a mheas go bhfuil daoine aonair ag gníomhú ina gcáil phearsanta má tá siad ag foilsiú teachtaireachtaí a níocann duine eile as a scaipeadh nó a fhoilsiú.

(28)A luaithe a léirítear go bhfuil fógra nasctha le fógraíocht pholaitiúil, ba cheart é sin a chur in iúl go soiléir do sholáthraithe seirbhíse eile a bhfuil baint acu leis na seirbhísí fógraíochta polaitiúla. Ina theannta sin, a luaithe a shainaithnítear fógra mar fhógraíocht pholaitiúil, ba cheart scaipeadh breise an fhógra sin a bheith i gcomhréir leis na ceanglais trédhearcachta i gcónaí. Mar shampla, i gcás ina roinntear inneachar urraithe go horgánach, ba cheart an fhógraíocht a lipéadú fós mar fhógraíocht pholaitiúil.

(29)Na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le trédhearcacht, níor cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir le seirbhísí fógraíochta polaitiúla, i.e. fógraíocht pholaitiúil a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair, a bhféadfadh sochar comhchineáil a bheith ar áireamh inti. Níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais trédhearcachta maidir le hinneachar arna uaslódáil ag úsáideoir seirbhíse idirghabhálaí ar líne, amhail ardán ar líne, agus arna scaipeadh ag an tseirbhís idirghabhálach ar líne gan aird a thabhairt ar shuíomh, foilsiú nó scaipeadh na teachtaireachta shonraí, mura thug tríú páirtí luach saothair don úsáideoir as an bhfógraíocht pholaitiúil.

(30)Níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais trédhearcachta ach oiread maidir le faisnéis a roinnt trí sheirbhísí cumarsáide leictreonaí amhail seirbhísí teachtaireachta leictreonaí nó glaonna teileafóin, fad agus nach bhfuil aon seirbhís fógraíochta polaitiúla i gceist.

(31)Leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh mar a chosnaítear le hAirteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha, cumhdaítear ceart an duine aonair tuairimí polaitiúla a bheith aige, faisnéis pholaitiúil a fháil agus a thabhairt agus smaointe polaitiúla a roinnt. Aon teorannú ar an gceart sin, ní mór dó Airteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha a chomhlíonadh agus is féidir an tsaoirse sin a bheith faoi réir modhnuithe agus srianta i gcás ina bhfuil bonn cirt leo i ngeall ar leas poiblí dlisteanach atá á shaothrú, agus i gcás ina gcomhlíonann siad prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, amhail comhréireacht agus deimhneacht dhlíthiúil. Is amhlaidh atá sé inter alia i gcás ina gcuirtear na tuairimí polaitiúla in iúl trí mheán na soláthraithe seirbhíse fógraíochta.

(32)A mhéid a bhaineann le hidirghabhálaithe ar líne, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2021/XX [an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha] maidir le fógraí polaitiúla a fhoilsíonn nó a scaipeann idirghabhálaithe ar líne trí na rialacha cothrománacha is infheidhme maidir le gach cineál fógraíochta ar líne, lena náirítear fógraí tráchtála agus polaitiúla. Ar bhonn an sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil a leagtar síos leis an Rialachán seo, is iomchuí gráinneacht bhreise a sholáthar maidir leis na ceanglais trédhearcachta a leagtar amach d’fhoilsitheoirí fógraíochta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2021/XX [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], na mórardáin go háirithe. Baineann sé sin, go háirithe, le faisnéis a bhaineann le fógraí polaitiúla a mhaoiniú. Ní dhéanann ceanglais an Rialacháin seo difear d’fhorálacha na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha, lena náirítear na hoibleagáidí um measúnú agus um maolú riosca atá ar ardáin anmhóra ar líne a mhéid a bhaineann lena gcórais fógraíochta.

(33)D’fhéadfadh slabhra casta de sholáthraithe seirbhíse a bheith i gceist le fógraíocht pholaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh. Is amhlaidh a bhíonn go háirithe i gcás ina bhféadfaidh soláthraithe seirbhíse éagsúla a bheith i gceannas ar roghnú an ábhair fógraíochta, ar roghnú na gcritéar le haghaidh spriocdhíriú, ar sholáthar na sonraí a úsáidtear chun an fhógraíocht a spriocdhíriú, ar fhorálacha maidir le teicnící spriocdhírithe, agus ar sheachadadh agus ar scaipeadh na fógraíochta. Mar shampla, is féidir le seirbhísí uathoibrithe tacú le meaitseáil a dhéanamh idir próifíl an úsáideora comhéadain agus an tinneachar fógraíochta a sholáthraítear, trí úsáid a bhaint as sonraí pearsanta arna mbailiú go díreach ó úsáideoir na seirbhíse agus ó iompar ar líne an úsáideora, chomh maith le sonraí infeirithe.

(34)I bhfianaise a thábhachtaí atá sé éifeachtacht na gceanglas trédhearcachta a ráthú go háirithe, lena náirítear chun maoirseacht na gceanglas sin a éascú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a áirithiú maidir leis an bhfaisnéis ábhartha a bhailíonn siad agus a seirbhísí á soláthar acu, lena náirítear an léiriú gur fógra polaitiúil atá i bhfógra áirithe, go ndéanann siad an fhaisnéis sin a sholáthar don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla a chuireann an fógra polaitiúil os comhair an phobal. Chun tacú le cur chun feidhme éifeachtúil an cheanglais sin, agus le soláthar tráthúil cruinn na faisnéise sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla féachaint le huathoibriú a dhéanamh ar tharchur na faisnéise idir soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, agus tacú leis an tarchur sin.

(35)I gcás ina bhfuil baol ann go rachaidh construáil shaorga thráchtála nó chonarthacha timpeall ar éifeachtacht na noibleagáidí trédhearcachta a leagtar síos sa Rialachán, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí sin maidir leis an eintiteas nó leis na heintitis a sholáthraíonn an tseirbhís fógraíochta go príomha.

(36)D’fhéadfaí a áireamh sna céimeanna freisin sásra éifeachtúil a chur ar fáil do dhaoine ionas gur féidir leo a léiriú gur fógra polaitiúil atá i bhfógra, agus gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh mar fhreagairt ar an léiriú sin.

(37)Agus foráil á déanamh maidir le ceanglais shonracha, níor cheart a thuiscint le haon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo go bhforchuirtear oibleagáid faireacháin ghinearálta ar sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha maidir le hinneachar polaitiúil atá á roinnt ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ná níor cheart a thuiscint leo go bhforchuirtear oibleagáid ghinearálta ar sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha bearta réamhghníomhacha a dhéanamh i ndáil le hinneachar nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a dhéanann na soláthraithe sin a tharchur nó a stóráil.

(38)Ach an fhógraíocht pholaitiúil a bheith trédhearcach, ba cheart go mbeadh na saoránaigh in ann a thuiscint gur fógra polaitiúil atá os a gcomhair. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a áirithiú go bhfoilseofar, i dtaca le gach fógra polaitiúil, ráiteas soiléir ina gcuirtear in iúl gur fógra polaitiúil é agus céannacht a hurraitheora a nochtadh. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh lógó polaitiúil a bheith ag gabháil le hainm an urraitheora. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla úsáid a bhaint as lipéadú atá éifeachtach, agus aird a thabhairt ar fhorbairtí sa taighde eolaíoch ábhartha agus sa dea-chleachtas maidir le trédhearcacht a chur ar fáil trí lipéadú ar fhógraíocht. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go bhfoilseofar faisnéis maidir le gach fógra polaitiúil ionas gur féidir comhthéacs níos leithne an fhógra pholaitiúil agus na spriocanna atá leis a thuiscint, faisnéis is féidir a chur san áireamh san fhógra féin, nó gur féidir leis an bhfoilsitheoir í a chur ar fáil ar a shuíomh gréasáin, agus fáil a bheith uirthi trí nasc nó trí threoir choibhéiseach shoiléir atá sothuigthe ag úsáideoirí a chur san fhógra.

(39)Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i bhfógra trédhearcachta ar cheart céannacht an urraitheora a bheith ann freisin, d’fhonn tacú le cuntasacht sa phróiseas polaitiúil. Ba cheart áit bhunaithe an urraitheora agus cibé acu an duine nádúrtha nó duine dlítheanach an turraitheoir a léiriú go soiléir. Sonraí pearsanta a bhaineann le daoine aonair atá páirteach san fhógraíocht pholaitiúil ach nach bhfuil gaolmhar leis an urraitheoir ná le gníomhaí polaitiúil eile atá páirteach, níor cheart na sonraí pearsanta sin a sholáthar san fhógra trédhearcachta. Ba cheart faisnéis a bheith san fhógra trédhearcachta freisin maidir leis an tréimhse scaipthe, aon toghchán nasctha, an méid airgid a caitheadh agus luach na sochar eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar an bhfógra sonrach, chomh maith leis an bhfeachtas fógraíochta ar fad, foinse na gcistí a úsáideadh agus faisnéis eile chun cothroime maidir le scaipeadh na fógraíochta polaitiúla a áirithiú. Faisnéis maidir le foinse na gcistí, baineann an fhaisnéis sin lena thionscnamh poiblí nó príobháideach mar shampla, agus más laistigh nó lasmuigh den Aontas Eorpach a thagann sé. San fhaisnéis a bhaineann le toghcháin nó reifrinn nasctha, nuair is féidir, ba cheart nasc a chur inti chuig faisnéis ó fhoinsí oifigiúla maidir leis an eagrúchán agus leis na módúlachtaí le haghaidh rannpháirtíocht sna toghcháin nó sna reifrinn sin nó maidir le rannpháirtíocht sna toghcháin nó sna reifrinn sin a chur chun cinn. Ba cheart faisnéis a áireamh san fhógra trédhearcachta maidir leis an gcaoi is féidir fógraí polaitiúla a mharcáil i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart don cheanglas sin a bheith gan dochar do na forálacha maidir le fógra a thabhairt de réir Airteagal 14, 15 agus 19 de Rialachán (AE) 2021/XXX [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha].

(40)Ba cheart an fhaisnéis atá le háireamh san fhógra trédhearcachta a sholáthar san fhógra féin nó ba cheart fáil éasca a bheith uirthi trí bhíthin comhartha atá san fhógra. An ceanglas go mbeidh an fhaisnéis faoin bhfógra trédhearcacht le feiceáil go soiléir inter alia, ba cheart a chuimsiú ann go mbeidh sí le feiceáil go soiléir san fhógra nó leis an bhfógra. An ceanglas go mbeidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis a fhoilsítear san fhógra trédhearcachta, go mbeidh sí inléite ag meaisín nuair is féidir sin go teicniúil, agus go mbeidh sé éasca í a úsáid, ba cheart a chuimsiú ann go dtugann sí aghaidh ar riachtanais daoine atá faoi mhíchumas. In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2019/882 (an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht) tá ceanglais inrochtaineachta maidir le faisnéis, lena náirítear faisnéis dhigiteach ar cheart a úsáid chun faisnéis pholaitiúil a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

(41)Ba cheart fógraí trédhearcachta a dhearadh chun feasacht na núsáideoirí a ardú agus chun cuidiú le sainaithint shoiléir an fhógra pholaitiúil féin. Ba cheart iad a dhearadh sa chaoi go bhfanfaidh siad i bhfeidhm nó go mbeidh rochtain orthu i gcónaí i gcás ina ndéantar fógra polaitiúil a scaipeadh a thuilleadh, ar ardán eile mar shampla, sin nó é a chur ar aghaidh idir daoine aonair. Ba cheart an fhaisnéis atá san fhógra trédhearcachta a fhoilsiú nuair a chuirtear tús le foilsiú na bhfógraí polaitiúla agus ba cheart í a choinneáil ar feadh bliain amháin tar éis an fhoilsithe dheiridh. Ar an bhfaisnéis a choinnítear, ba cheart faisnéis maidir le fógraíocht pholaitiúil ar cuireadh deireadh léi nó a thóg an foilsitheoir síos a chur san áireamh.

(42)Ós rud é go gcuireann foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla fógraí polaitiúla ar fáil don phobal, ba cheart dóibh an fhaisnéis sin a fhoilsiú nó a scaipeadh ar an bpobal mar aon leis an bhfógra polaitiúil a fhoilsiú nó a scaipeadh. Na fógraí polaitiúla nach gcomhlíonann na ceanglais trédhearcachta faoin Rialachán seo, níor cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla na fógraí sin a chur ar fáil don phobal. Ina theannta sin, foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla atá ina nardáin anmhór ar líne de réir bhrí Rialachán (AE) 2021/XXX [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], ba cheart dóibh an fhaisnéis atá san fhógra trédhearcachta a chur ar fáil trí na stórtha fógraíochta atá foilsithe de bhun Airteagal 30 den Rialachán [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. Is rud é sin a éascófar obair na ngníomhaithe leasmhara, lena náirítear taighdeoirí ina ról sonrach, chun tacú le toghcháin nó reifrinn atá saor agus cóir agus le feachtais toghcháin chóra lena náirítear trí iniúchadh a dhéanamh ar urraitheoirí fógraíochta polaitiúla agus anailís a dhéanamh ar thírdhreach na fógraíochta polaitiúla.

(43)Soláthraí na seirbhíse fógraíochta polaitiúla a dhéanann inneachar fógra pholaitiúil a óstáil, sin nó a dhéanann é a stóráil nó a sholáthar, i gcás nach ionann é agus soláthraí na seirbhíse fógraíochta polaitiúla a rialaíonn an suíomh gréasáin nó comhéadan eile a thaispeánann an fógra polaitiúil ar deireadh, ba cheart iad sin a mheas mar fhoilsitheoirí fógraíochta le chéile, agus ba cheart freagracht a bheith ar an dá sholáthraí i ndáil leis an tseirbhís shonrach a sholáthraíonn siad, chun a áirithiú go gcuirfear lipéadú ar fáil agus go gcuirfear an fógra trédhearcachta agus an fhaisnéis ábhartha ar fáil. Ba cheart a léiriú sna socruithe conarthacha atá acu an chaoi a neagraíonn siad comhlíonadh an Rialacháin seo.

(44)Faisnéis maidir leis na suimeanna a chaitear agus luach na sochar eile a fhaightear mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla, féadfaidh an fhaisnéis sin cur leis an dioscúrsa polaitiúil ar bhealach úsáideach. Is gá a áirithiú gur féidir forbhreathnú iomchuí ar ghníomhaíocht fógraíochta polaitiúla a fháil ó na tuarascálacha bliantúla a ullmhaíonn na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ábhartha. Chun tacú le maoirseacht agus le cuntasacht, ba cheart a áireamh sa tuairisciú sin faisnéis faoi chaiteachas ar spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla sa tréimhse ábhartha, agus é comhiomlánaithe de réir feachtais nó iarrthóra. Chun ualaí díréireacha a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta sin maidir le fiontair atá cáilithe faoi Airteagal 3(3) de Threoir 2013/34/AE.

(45)Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a sholáthraíonn seirbhísí fógraíochta polaitiúla sásraí a chur ar bun a chuirfidh ar chumas daoine aonair a chur in iúl dóibh mura gcomhlíonann fógra polaitiúil ar leith atá foilsithe acu an Rialachán seo. Na sásraí chun fógraíocht den sórt sin a thuairisciú, ba cheart é a bheith éasca rochtain a fháil orthu agus iad a úsáid, agus ba cheart iad a chur in oiriúint don chineál fógraíochta a dháileann an foilsitheoir fógraíochta. A mhéid is féidir, ba cheart na sásraí sin a bheith inrochtana ón bhfógra féin, ar shuíomh gréasáin an fhoilsitheora fógraíochta mar shampla. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a bheith in ann brath ar shásraí atá ann cheana i gcás inarb iomchuí. I gcás inar soláthraithe seirbhísí óstála ar líne iad na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla de réir bhrí na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha, a mhéid a bhaineann leis na fógraí polaitiúla a óstáiltear arna iarraidh sin d’fhaighteoirí a gcuid seirbhísí, beidh feidhm i gcónaí ag forálacha Airteagal 14 den Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha maidir le fógraí i ndáil neamhchomhíonadh an Rialacháin seo ag na fógraí sin.

(46)Chun go mbeidh eintitis shonracha in ann a ról a imirt i ndaonlathais, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le tarchur na faisnéise a fhoilsítear leis an bhfógra polaitiúil nó atá le fáil san fhógra trédhearcachta chuig gníomhaithe leasmhara amhail lucht léinn grinnfhiosraithe, iriseoirí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus breathnóirí toghcháin creidiúnaithe, chun tacú leo agus iad ag feidhmiú a gcuid ról sa phróiseas daonlathach. Níor cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla freagairt d’iarrataí atá go follasach gan bhunús nó iomarcach. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag an soláthraí seirbhíse ábhartha táille réasúnta a ghearradh i gcás iarrataí atriallacha agus costasacha, agus na costais riaracháin a bhaineann leis an bhfaisnéis a sholáthar á gcur san áireamh.

(47)Maidir le sonraí pearsanta a bhailítear go díreach ó dhaoine aonair, nó go hindíreach amhail sonraí infeirithe, nuair a dhéantar daoine a ghrúpáil de réir a spéiseanna toimhdithe nó de réir faisnéis a fhaightear óna ngníomhaíocht ar líne, úsáidtear próifíliú iompraíochta agus teicnící anailíse eile níos minice ná riamh chun teachtaireachtaí polaitiúla a spriocdhíriú ar ghrúpaí nó ar vótálaithe aonair nó ar dhaoine aonair, agus chun a dtionchar a aimpliú. Ar bhonn phróiseáil na sonraí pearsanta, go háirithe sonraí a mheastar a bheith íogair faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 , is féidir grúpaí éagsúla vótálaithe nó daoine aonair a dheighilt agus a saintréithe nó a leochaileachtaí a dhúshaothrú agus é sin a dhéanamh cuir i gcás, trí fhógraí a scaipeadh ag amanna sonracha agus in áiteanna sonracha, amanna agus áiteanna atá ceaptha chun leas a bhaint as na cásanna ina mbeadh na grúpaí agus na daoine sin íogair ó thaobh cineál áirithe faisnéise nó teachtaireachtaí de. Bíonn tionchair shonracha agus dhochracha ag an gcleachtas sin ar chearta agus saoirsí bunúsacha na saoránach maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus a saoirse chun faisnéis oibiachtúil a fháil, chun teacht ar a dtuairim féin, chun cinntí polaitiúla a dhéanamh agus chun a gcearta vótála a fheidhmiú. Bíonn tionchar diúltach aige sin ar an bpróiseas daonlathach. Ba cheart srianta agus coinníollacha breise i gcomparáid le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 a chur ar fáil. Na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le húsáid na dteicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla, ba cheart iad a bheith bunaithe ar Airteagal 16 CFAE.

(48)Tá toirmeasc ar theicnící spriocdhírithe nó aimpliúcháin a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla. Níor cheart úsáid na dteicnící sin a cheadú ach amháin nuair is é an rialaitheoir a bhaineann úsáid astu, sin nó duine atá ag gníomhú thar a cheann, ar bhonn toiliú sainráite ón ábhar sonraí, nó nuair atá an rialaitheoir i mbun a ngníomhaíochtaí dlisteanacha, agus coimircí iomchuí i bhfeidhm, mar chuid d’fhondúireacht, comhlachas nó aon chomhlacht seachbhrabúsach eile lena mbaineann aidhm pholaitiúil, fhealsúnach, reiligiúnach nó ceardchumannachais, agus ar choinníoll nach mbainfidh an phróiseáil ach le comhaltaí nó le hiar-chomhaltaí an chomhlachta nó le daoine a mbíonn teagmháil rialta acu leis an gcomhlacht i ndáil lena chuspóirí agus ar choinníoll nach nochtfar na sonraí pearsanta lasmuigh den chomhlacht sin gan toiliú na nábhar sonraí. Ba cheart coimircí sonracha a bheith ag gabháil leis sin. Ba cheart toiliú a thuiscint mar thoiliú de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725. Dá bhrí sin, níor cheart gur féidir brath ar na heisceachtaí mar a leagtar amach in Airteagal 9(2), pointí (b), (c), (e), (f), (g), (h), (i) agus (j) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 10(2), pointí (b), (c), (e), (f), (g), (h), (i) agus (j) de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le húsáid na dteicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin chun fógraíocht pholaitiúil a fhoilsiú, a chur chun cinn nó a scaipeadh nuair atá próiseáil sonraí pearsanta i gceist, rud dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus 10(1) de Rialachán (AE) 2018/725.

(49)Chun trédhearcacht agus cuntasacht fheabhsaithe a áirithiú nuair atá úsáid á baint as teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart do na rialaitheoirí coimircí breise a chur chun feidhme. Ba cheart dóibh beartas a ghlacadh agus a chur chun feidhme ina shonraítear úsáid na dteicnící sin chun spriocdhíriú a dhéanamh ar dhaoine aonair nó chun a ninneachar a aimpliú, agus ba cheart dóibh taifead a choimeád maidir lena ngníomhaíochtaí ábhartha. Nuair atá fógra polaitiúil á fhoilsiú, á chur chun cinn nó á scaipeadh agus úsáid á baint as teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin chuige sin, ba cheart do na rialaitheoirí a sholáthar, in éineacht leis an bhfógra polaitiúil, faisnéis fhónta chun gur féidir leis an duine aonair lena mbaineann an loighic a úsáidtear agus príomhpharaméadair an spriocdhírithe a thuiscint, mar aon le húsáid sonraí tríú páirtí agus teicnící anailíse breise, lena náirítear an ndearnadh optamú breise ar spriocdhíriú an fhógra le linn a sheachadta.

(50)Na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a bhaineann úsáid as teicnící spriocdhírithe nó aimpliúcháin, ba cheart dóibh a áireamh ina bhfógra trédhearcachta, an fhaisnéis is gá chun gur féidir leis an duine aonair lena mbaineann an loighic agus príomhpharaiméadair na teicníce arna núsáid a thuiscint, mar aon le húsáid sonraí tríú páirtí agus teicnící anailíseacha breise, agus nasc chuig beartas ábhartha an rialaitheora. I gcás nach ionann an rialaitheoir agus an foilsitheoir fógraíochta, ba cheart don rialaitheoir an beartas inmheánach nó tagairt dó a tharchur chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta, de réir mar is gá, an fhaisnéis is gá chun a noibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh a tharchur chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla. D’fhéadfaí soláthar na faisnéise sin a uathoibriú agus a chomhtháthú sna gnáthphróisis ghnó ar bhonn na gcaighdeán.

(51)D’fhonn tuilleadh cumhachta a thabhairt do dhaoine aonair chun go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta sonraí a fheidhmiú, ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla faisnéis bhreise agus uirlisí éifeachtacha a chur ar fail don ábhar sonraí lena mbaineann chun tacú leis ó thaobh a chearta a fheidhmiú faoi chreat dlíthiúil an Aontais maidir le cosaint sonraí, lena náirítear cur i gcoinne fógra polaitiúil nó a thoiliú a tharraingt siar nuair a dhéantar fógra polaitiúil a spriocdhíriú air. Ba cheart é a bheith éasca rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin go díreach ón bhfógra trédhearcachta. Na huirlisí a chuirtear ar fáil do na daoine aonair chun tacú leo ó thaobh fheidhmiú a gcuid gceart de, ba cheart iad a bheith éifeachtach ó thaobh cosc a chur ar fhógraí polaitiúla a spriocdhíriú ar dhuine aonair, agus ó thaobh cosc a chur ar rialaitheoir amháin nó rialaitheoirí éagsúla sonracha spriocdhíriú a dhéanamh ar dhuine aonair ar bhonn critéir shonracha.

(52)Ba cheart don Choimisiún spreagadh a thabhairt maidir le cóid iompair a tharraingt suas, rud dá dtagraítear in Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2016/679 chun tacú le feidhmiú chearta na nábhar sonraí sa chomhthéacs seo.

(53)An fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir leis na ceanglais uile is infheidhme maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin faoin Rialachán seo, ba cheart í a chur i láthair i bhformáid atá inrochtana go héasca, atá le feiceáil go soiléir agus atá soláimhsithe ag úsáideoirí, lena náirítear trí ghnáthfhriotal a úsáid.

(54)Is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le tarchur na faisnéise ar spriocdhíriú chuig eintitis leasmhara eile. Ba cheart an córas is infheidhme a bheith comhsheasmhach leis an gcóras um tharchur na faisnéise a bhaineann leis na ceanglais trédhearcachta.

(55)Soláthraithe fógraíochta polaitiúla atá bunaithe i dtríú tír agus a thairgeann seirbhísí san Aontas, ba cheart dóibh ionadaí dlíthiúil sainordaithe san Aontas a ainmniú chun go bhféadfar maoirseacht éifeacht ar an Rialachán seo a dhéanamh i ndáil leis na soláthraithe sin. D’fhéadfadh sé gurbh é an tionadaí dlíthiúil an tionadaí a ainmnítear ar bhonn Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2016/679 nó an tionadaí a ainmnítear ar bhonn Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha].

(56)Ar mhaithe le maoirseacht éifeachtach an Rialacháin seo, is gá cúram a chur ar na húdaráis formhaoirseachta chun go mbeidh an inniúlacht acu faireachán a dhéanamh ar na rialacha ábhartha agus iad a fhorfheidhmiú. Ag brath ar chóras dlí gach Ballstáit agus i gcomhréir le dlí an Aontais atá ann cheana, lena náirítear Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], féadfar údaráis náisiúnta, bhreithiúnacha nó riaracháin éagsúla a ainmniú chuige sin.

(57)A mhéid a bhaineann le maoirseacht ar sheirbhísí idirghabhálacha ar líne faoin Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú agus a áirithiú go bhfuil an mhaoirseacht sin comhleanúnach leis na húdaráis inniúla arna nainmniú de bhun Airteagal 38 de Rialachán (AE) [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i ngach Ballstát, de bhun Rialachán (AE), an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, ba cheart an fhreagracht a bheith orthu as comhordú a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta i ndáil leis na hábhair sin, agus i gcás inar gá, dul i mbun comhar trasteorann le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile, de réir na sásraí a leagtar síos i Rialachán (AE) [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. Faoi chuimsiú chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart an sásra sin a theorannú don chomhar náisiúnta idir Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha [agus níor cheart a áireamh ann go nardófar chuig leibhéal an Aontais é mar a fhoráiltear le Rialachán (AE) [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha].

(58)Maidir le formhaoirseacht ar na gnéithe sin den Rialachán seo nach dtagann faoi inniúlacht na núdarás maoirseachta faoi Rialachán (AE) 2016/679, Rialachán (AE) 2018/725, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú. Chun tacú leis na cearta agus na saoirsí bunúsacha, an smacht reachta, na prionsabail dhaonlathacha agus muinín an phobail as maoirseacht ar an bhfógraíocht pholaitiúil, is gá go mbeidh na húdaráis sin neamhspleách ó thaobh struchtúir de ó idirghabháil sheachtrach nó ón mbrú polaitiúil agus go gcumhachtaítear iad go hiomchuí ionas gur féidir leo faireachán éifeachtach a dhéanamh agus na bearta is gá a ghlacadh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, go háirithe na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7. Féadfaidh na Ballstáit na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta a ainmniú go háirithe faoi Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 .

(59)I gcás inarb ann do rialacha cheana féin faoi dhlí an Aontais maidir le faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla agus comhar leis na húdaráis sin agus eatarthu, amhail Airteagal 9 de Rialachán (AE)/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], nó na rialacha atá i Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart feidhm mutatis mutandis a bheith ag na rialacha sin maidir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.

(60)Na húdaráis atá inniúil maidir le formhaoirseacht ar an Rialachán seo, ba ceart dóibh dul i gcomhar le chéile ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na struchtúir atá ann cheana lena náirítear líonraí náisiúnta comhair, an Líonra Eorpach um Comhar maidir le Toghcháin dá dtagraítear i Moladh C(2018) 5949 final, agus Grúpa na Rialtóirí Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc arna bhunú faoi Threoir 2010/13/AE. De thairbhe an chomhair sin, ba cheart go néascófaí malartú faisnéise tapa slán maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú a gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo, lena náirítear trí sháruithe a shainaithint go comhpháirteach, torthaí agus saineolas a roinnt, agus teagmháil a dhéanamh lena chéile maidir le rialacha ábhartha a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

(61)D’fhonn éascaíocht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach na noibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán, is gá cumhacht a thabhairt do na húdaráis náisiúnta ionas go mbeidh siad in ann an fhaisnéis ábhartha maidir le trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla a iarraidh ar na soláthraithe seirbhísí. An fhaisnéis atá le tarchur chuig na húdaráis inniúla, d’fhéadfadh feachtas fógraíochta a bheith mar ábhar di, agus i comhiomlánaithe de réir blianta nó d’fhéadfadh fógraí sonracha a bheith i gceist léi. Chun a áirithiú gur féidir na hiarrataí ar an bhfaisnéis sin a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach éifeachtúil agus an tráth céanna nach gcuirfear soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla faoi réir aon ualach díréireach, is gá coinníollacha áirithe a leagan síos ar cheart do na hiarrataí sin iad a chomhlíonadh. Ar mhaithe le maoirseacht thráthúil a dhéanamh ar phróiseas toghcháin go háirithe, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla freagairt go tapa d’iarrataí ó údaráis inniúla agus é sin a dhéanamh i gcónaí laistigh de 10 lá oibre ó fuarthas an beart. Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil agus i gcomhréir le cearta na cosanta, ba cheart ráiteas leormhaith ar chúiseanna agus faisnéis maidir leis an sásamh atá ar fáil a bheith sna hiarrataí a dhéanann an túdarás inniúil ar fhaisnéis a sholáthar. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla pointe teagmhála a ainmniú le haghaidh idirghníomhaíochta leis na húdaráis inniúla. D’fhéadfadh na pointí teagmhála sin a bheith leictreonach.

(62)Ba cheart do na Ballstáit pointe teagmhála ar leibhéal an Aontais a ainmniú chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart gur comhalta den Líonra Eorpach um Comhar maidir le Toghchán a bheidh sa phointe teagmhála, más féidir. Ba cheart don phointe teagmhála comhar a éascú i measc údaráis inniúla idir na Ballstáit ó thaobh a gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de, go háirithe trí idirghabháil a dhéanamh idir na pointí teagmhála i mBallstáit eile agus na húdaráis inniúla ina Bhallstát féin.

(63)Ba cheart d’údaráis na mBallstáit a áirithiú go ngearrfar fíneálacha riaracháin nó pionóis airgeadais i ngeall ar sháruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Agus é sin a dhéanamh acu, ba cheart dóibh aird a thabhairt ar chineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe, i bhfianaise leas an phobail atá i gceist, raon feidhme agus cineál na ngníomhaíochtaí a rinneadh, mar aon le hacmhainn eacnamaíoch an té a rinne an sárú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird a thabhairt ar an ról ríthábhachtach atá ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7 le haghaidh shaothrú éifeachtach chuspóirí an Rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair. Thairis sin, ba cheart dóibh a chur san áireamh más rud é nach gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse lena mbaineann na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo ar bhonn córasach nó ar bhonn tráthrialta, lena náirítear trí mhoill a chur ar sholáthar na faisnéise d’eintitis leasmhara, agus i gcás inarb ábhartha, más rud é go bhfuil an soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla gníomhach i roinnt Ballstát. I ngach cás ar leith, is fíneálacha agus pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a bheidh sna fíneálacha riaracháin agus sna pionóis airgeadais, agus aird chuí á tabhairt do sholáthair na coimircí nós imeachta atá leordhóthanach agus inrochtana, agus go háirithe chun a áirithiú go leanfaidh an dioscúrsa polaitiúil de bheith oscailte agus inrochtana.

(64)Beidh feidhmiú a gcumhachtaí ag na húdaráis inniúla faoin Airteagal seo faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, lena náirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí.

(65)Ba cheart do na Ballstáit fad beacht a dtréimhsí toghcháin a fhoilsiú, arna leagan amach de réir a dtraidisiún toghchánach, agus é a dhéanamh luath go leor roimh thús an fhéilire toghcháin.

(66)Chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hAirteagal 7(7) chun tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar an bhfoirm inar cheart an fhaisnéis sna fógraí trédhearcachta de réir an Airteagail sin a sholáthar; agus i ndáil le hAirteagal 12(8) chun tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar an bhfoirm inar cheart na ceanglais maidir le soláthar na faisnéise ar spriocdhíriú a sholáthar. Tá sé tábhachtach go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí, lena náirítear leis na saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(67)Laistigh de 2 bhliain tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur isteach ar mheastóireacht agus ar athbhreithniú an Rialacháin seo. Agus an tuarascáil sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme an Rialacháin seo i gcomhthéacs toghcháin agus reifrinn eile atá ar siúl san Aontas a chur san áireamh. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh sa tuarascáil inter alia chun a shuí an oiriúnach fós forálacha Iarscríbhinní an Rialacháin seo agus breithniú a dhéanamh an bhfuil gá lena nathbhreithniú.

(68)Oibleagáidí comhlántacha maidir le húsáid na fógraíochta polaitiúla ag páirtí polaitiúla Eorpach, foráiltear maidir leo i Rialachán (AE) 1141/2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí Eorpacha.

(69)Cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh na fógraíochta polaitiúla agus seirbhísí gaolmhara, agus rialacha a bhunú maidir le húsáid an spriocdhírithe i gcomhthéacs fhoilsiú agus scaipeadh na fógraíochta polaitiúla, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach astu féin agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas an Rialachán seo a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(70)Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos go háirithe le Treoir 20003/31/CE, lena náirítear na rialacha dliteanais le haghaidh soláthraithe seirbhíse idirghabhálacha in Airteagail 12 go 15 den Threoir sin arna modhnú le Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteach], Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Margaí Digiteacha], Treoir 2002/52/CE agus Rialachán (AE) XXX [an Rialachán maidir le RíomhPhríobháideachas], mar aon le Treoir (AE) 2000/31/CE, Treoir 2002/58/CE, Treoir 2005/29/CE, Treoir 2011/83/AE, Treoir 2006/114/CE, Treoir 2006/123/CE agus Rialachán (AE) 2019/1150.

(71)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an XX XX 2022.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I – FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.Sa Rialachán seo leagtar síos na nithe seo a leanas:

(a)oibleagáidí comhchuibhithe trédhearcachta le haghaidh soláthraithe fógraíochta polaitiúla agus seirbhísí gaolmhara maidir le faisnéis a bhaineann le soláthar seirbhísí den sórt sin a choinneáil, a nochtadh agus a fhoilsiú;

(b)rialacha comhchuibhithe maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin i gcomhthéacs fógraíochta polaitiúla a fhoilsiú, a scaipeadh nó a cur chun cinn, ar teicnící iad a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta.

2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le fógraíocht pholaitiúil a dhéantar a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh san Aontas, nó a dhírítear ar dhaoine aonair i mBallstáit amháin nó i roinnt Ballstát, gan beann ar áit bhunaíochta an tsoláthraí seirbhísí fógraíochta, agus gan beann ar na modhanna a úsáidtear.

3.Is iad seo a leanas aidhmeanna an Rialacháin seo:

(a)cur le feidhmiú cuí mhargadh inmheánaigh na fógraíochta polaitiúla agus a seirbhísí gaolmhara;

(b)daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

1.Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos leis an méid seo a leanas:

(a)Treoir 2000/31/CE;

(b)Treoir 2002/58/CE agus Rialachán (AE) XXX [Rialachán maidir le ríomhPhríobháideachas];

(c)Treoir 2005/29/CE;

(d)Treoir 2006/114/CE;

(e)Treoir 2006/123/CE;

(f)Treoir (AE) 2010/13;

(g)Treoir 2011/83/AE;

(h)Rialachán (AE) 2019/1150;

(i)Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha].

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.ciallaíonn “seirbhís” aon ghníomhaíocht eacnamaíoch ar bhonn féinfhostaithe, a thugtar de ghnáth ar luach saothair, dá dtagraítear in Airteagal 57 CFAE;

2.ciallaíonn ‘fógraíocht pholaitiúil’ teachtaireacht a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh, trí aon mhodh:

(a)ag gníomhaí polaitiúil, sin nó thar a cheann nó ar a shon, ach amháin más teachtaireacht de chineál príobháideach nó tráchtála í; nó

(b)a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar phróiseas reachtach nó rialála nó ar iompraíocht vótála.

3.ciallaíonn ‘fógra polaitiúil’ cás ina ndéantar fógraíocht pholaitiúil;

4.ciallaíonn ‘gníomhaí polaitiúil’ aon cheann díobh seo a leanas:

(a)páirtí polaitiúil de réir bhrí Airteagal 2(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 nó eintiteas a bhaineann go díreach nó go hindíreach le réimse gníomhaíochta de chuid páirtí pholaitiúil den chineál sin;

(b)comhghuaillíocht pholaitiúil de réir bhrí Airteagal 2(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014;

(c)páirtí polaitiúil Eorpach de réir bhrí Airteagal 2(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014;

(d)iarrthóir ar aon oifig thofa ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, nó ar aon cheann de na poist cheannaireachta i bpáirtí polaitiúil;

(e)oifigeach tofa in institiúid phoiblí ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil;

(f)comhalta neamhthofa rialtais ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil;

(g)eagraíocht le haghaidh feachtas polaitíochta, bíodh pearsantacht dhlítheanach aici nó ná bíodh, a bhunaítear chun toradh sonrach a bhaint amach i dtoghchán nó i reifreann;

(h)aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann ionadaíocht ar aon duine de na daoine nó ar aon cheann de na heagraíochtaí i bpointí (a) go (g), nó a ghníomhaíonn thar a gceann, agus a chuireann cuspóirí polaitiúla aon cheann díobh siúd chun cinn.

5.ciallaíonn ‘seirbhís fógraíochta polaitiúla’ seirbhís a dhéanann fógraíocht pholaitiúil, cé is moite de sheirbhís idirghabhálach ar líne de réir bhrí Airteagal 2(f) de Rialachán (AE) 2021/XXX [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], ar seirbhís í a sholáthraítear gan suíomh, foilsiú nó scaipeadh na teachtaireachta sonraí a chur san áireamh;

6.ciallaíonn ‘feachtas fógraíochta polaitiúla’ sraith d’fhógraí nasctha a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh i rith conradh le haghaidh fógraíocht pholaitiúil, ar bhonn ullmhú, urraíocht nó maoiniú coiteann;

7.ciallaíonn ‘urraitheoir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach ar thar a cheann a ndéantar fógra polaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a fhoilsiú nó a scaipeadh;

8.ciallaíonn ‘teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin’ teicnící a úsáidtear chun fógra polaitiúil spriocdhírithe a dhíriú ar dhuine sonrach nó ar ghrúpa daoine sonrach amháin nó chun cúrsaíocht, raon feidhme nó infheictheacht fógra pholaitiúil a mhéadú;

9.ciallaíonn ‘tréimhse thoghcháin’ an tréimhse roimh thoghchán nó reifreann i mBallstát nó an tréimhse le linn toghcháin nó reifrinn nó díreach ina ndiaidh, tréimhse a bhfuil na gníomhaíochtaí feachtais faoi réir rialacha sonracha lena linn;

10.ciallaíonn ‘toghthóirí ábhartha’ an grúpa daoine aonair atá incháilithe le vóta a chaitheamh sa toghchán nó sa reifreann atá á reáchtáil sa Bhallstát ina bhfuil fógra polaitiúil i gcúrsaíocht, agus d’fhéadfadh na toghthóirí ar fad i mBallstáit a bheith i gceist;

11. ciallaíonn ‘foilsitheoir fógraíochta polaitiúla’ duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann fógraíocht pholaitiúil a chraoladh, a chur ar fáil trí chomhéadan nó a chur san fhearann poiblí ar bhealach eile trí aon mhodh;

12.ciallaíonn ‘rialaitheoir’ rialaitheoir de réir Airteagal 4(7) de Rialacháin (AE) 2016/679 nó, i gcás inarb infheidhme, de réir Airteagal 4(8) de Rialachán (AE) 2018/1725.

Chun críocha na chéad mhíre, pointe (2) teachtaireachtaí ó fhoinsí oifigiúla maidir le heagrú agus módúlachtaí le haghaidh rannpháirtíocht i dtoghcháin nó i reifrinn nó le haghaidh rannpháirtíocht i dtoghcháin nó i reifrinn a chur chun cinn, ní fógraíochta pholaitiúil a bheidh sna teachtaireachtaí sin.

Airteagal 3

Leibhéal an Chomhchuibhithe

1.Ní dhéanfaidh na Ballstáit forálacha nó bearta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach, ar fhorais a bhaineann le trédhearcacht, nach bhfuil i gcomhréir leo siúd a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.Ní chuirfear cosc ná srian le soláthar seirbhísí fógraíochta polaitiúla ar fhorais a bhaineann le trédhearcacht i gcás ina gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo.

CAIBIDIL II – OIBLEAGÁIDÍ TRÉDHEARCACHTA LE hAGHAIDH SEIRBHÍSÍ FÓGRAÍOCHTA POLAITIÚLA

Airteagal 4

Trédhearcacht

Soláthrófar seirbhísí fógraíochta polaitiúla ar bhealach trédhearcach i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 go 11 agus 14 den Rialachán seo.

Airteagal 5

Seirbhísí fógraíochta polaitiúla a shainaithint

1.Iarrfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta ar urraitheoirí agus soláthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí a dhearbhú an seirbhís fógraíochta polaitiúla de réir bhrí Airteagal 2(5) atá sa tseirbhís fógraíochta a iarrann siad ar an soláthraí seirbhíse a chur i gcrích. Déanfaidh urraitheoirí agus soláthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí dearbhú den chineál sin.

2.Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla maidir leis na socruithe conarthacha a thabharfar i gcrích maidir le seirbhís fógraíochta polaitiúla a sholáthar, go sonrófar iontu an chaoi a chomhlíontar forálacha an Rialacháin seo.

Airteagal 6

Coimeád taifead agus tarchur faisnéise

1.Soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, choinneoidh siad faisnéis a bhailíonn siad ar na nithe seo a leanas agus a gcuid seirbhísí á soláthar acu:

(a)an fógra polaitiúil nó an feachtas fógraíochta polaitiúla a bhfuil baint ag an tseirbhís nó ag na seirbhísí leis;

(b)an tseirbhís shonrach nó na seirbhísí sonracha a cuireadh ar fáil maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil;

(c)méideanna na sonrasc a sheol siad i leith na seirbhíse nó na seirbhísí a cuireadh ar fáil, agus luach na sochar eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar an tseirbhís nó na seirbhísí a cuireadh ar fáil; agus

(d) i gcás inarb infheidhme, céannacht an urraitheora agus a shonraí teagmhála.

2.Is i scríbhinn a bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus féadfaidh sí a bheith i bhfoirm leictreonach. Coinneofar faisnéis den sórt sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta an ullmhaithe, an tsuímh, an fhoilsithe nó an scaipthe dheiridh, de réir mar a bheidh.

3.Chun go bhféadfaidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a noibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla go gcuirfear in iúl don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla a scaipfidh an fógra polaitiúil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1. Tarchuirfear an fhaisnéis sin ar bhealach tráthúil cruinn i gcomhréir le dea-chleachtas agus le caighdeáin an tionscadail, trí bhíthin próiseas caighdeánaithe uathoibrithe i gcás inar féidir sin a dhéanamh go teicniúil.

Airteagal 7

Ceanglais trédhearcachta maidir le gach fógra polaitiúil

1.I gcomhthéacs seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar, cuirfear gach fógra polaitiúil ar fáil agus an fhaisnéis seo a leanas ann ag gabháil léi go soiléir suntasach agus gan débhrí:

(a)ráiteas á rá gur fógra polaitiúil atá ann;

(b)céannacht urraitheoir an fhógra pholaitiúil agus an eintitis a rialaíonn an turraitheoir ar deireadh;

(c)fógra trédhearcachta chun go bhféadfaidh comhthéacs níos leithne an fhógra pholaitiúil agus a aidhmeanna a thuiscint, sin nó léiriú soiléir ar an áit ar féidir an fógra trédhearcachta sin a fháil.

I ndáil leis sin, úsáidfidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla teicnící marcála agus lipéadaithe atá éifeachtach agus feiceálach lena bhféadfaí fógra polaitiúil a shainaithint go héasca mar fhógra den sórt sin agus áiritheoidh siad go mbeidh an mharcáil nó an lipéadú ann i gcónaí i gcás ina scaipfí an fógra polaitiúil níos faide.

2.Áiritheofar an fógra trédhearcachta i ngach fógra polaitiúil nó beidh sé éasca teacht air tríd an bhfógra, agus beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:

(a)céannacht an urraitheora agus a shonraí teagmhála;

(b)an tréimhse lena linn a bhfuil sé beartaithe an fógra polaitiúil a fhoilsiú agus a scaipeadh;

(c)bunaithe, i measc nithe eile, ar fhaisnéis a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 6(3), faisnéis maidir leis na méideanna comhiomlána a caitheadh nó maidir le sochair eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar an bhfógra lena mbaineann a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh, agus ar an bhfeachtas fógraíochta polaitiúla i gcás inarb ábhartha, agus a bhfoinsí;

(d)i gcás inarb infheidhme, léiriú ar thoghcháin nó reifrinn a bhfuil baint ag an bhfógra leo;

(e)i gcás inarb infheidhme, naisc chuig stórtha fógraí ar líne;

(f)faisnéis maidir leis an gcaoi na sásraí dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) a úsáid.

(g)Soláthrófar an fhaisnéis atá le háireamh san fhógra trédhearcachta agus úsáid á baint as na réimsí sonracha sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

3.Déanfaidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla iarrachtaí réasúnta chun a áirithiú gur iomlán atá an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, agus i gcás ina gcinnfidh siad nach amhlaidh atá, ní chuirfidh siad an fógra polaitiúil ar fáil.

4.Coimeádfar fógraí trédhearcachta cothrom le dáta agus cuirfear i láthair iad i bhformáid atá inrochtana go héasca, le feiceáil go soiléir agus soláimhsithe, lena náirítear trí teanga shoiléir a úsáid, agus i gcás inar féidir sin a dhéanamh go teicniúil, cuirfear i láthair iad i bhformáid atá inléite ag meaisín. Foilseoidh an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis in éineacht leis an bhfógra polaitiúil ó thráth a chéad fhoilsithe go bliain amháin i ndiaidh a fhoilsiú dheiridh.

5.Coinneoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a bhfógraí trédhearcachta maille le haon mhodhnú orthu go ceann tréimhse 5 bliana i ndiaidh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 4.

6.Foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla atá ina nardáin anmhór ar líne de réir bhrí Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2021/xxx [DSA], maidir leis na stórtha a chuireann siad ar fáil de bhun Airteagal 30 den Rialachán sin [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], áiritheoidh siad go gcuirfidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil i leith gach fógra pholaitiúil sa stór.

7.Na Ballstáit, lena náirítear na húdaráis inniúla, agus an Coimisiún tabharfaidh siad spreagadh chun cóid iompair a tharraingt suas a chuideoidh le cur i bhfeidhm cuí an Airteagail seo, agus saintréithe sonracha na soláthraithe ábhartha seirbhíse lena mbaineann á gcur san áireamh mar aon le riachtanais shonracha na micreafhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide, de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE.

8.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun Iarscríbhinn I a leasú trí ghnéithe a chur le liosta na faisnéise atá le soláthar de bhun mhír 2, nó gnéithe a mhodhnú nó a bhaint den liosta sin, i gcás inar gá leasú den chineál sin, i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha, chun go dtuigfí comhthéacs níos leithne an fhógra pholaitiúil agus a aidhmeanna.

Airteagal 8

Tuairisciú tréimhsiúil ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla

1.I gcás ina soláthraíonn foilsitheoirí fógraíochta seirbhísí fógraíochta polaitiúla, mar chuid dá dtuarascáil bhainistíochta de réir bhrí Airteagal 19 de Threoir 2013/34/AE ina ráitis airgeadais bhliantúla, áireoidh siad faisnéis maidir leis na méideanna nó le luach na sochar eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar na seirbhísí sin, lena náirítear maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus aimpliúcháin, arna gcomhiomlánú de réir an fheachtais.

2.Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le gnóthais atá cáilithe faoi Airteagal 3(3) de Threoir 2013/34/AE.

Airteagal 9

Fógraí polaitiúla a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a shonrú

3.I gcás ina soláthraíonn siad seirbhísí fógraíochta polaitiúla, cuirfidh foilsitheoirí fógraíochta sásraí i bhfeidhm lena bhféadfaidh daoine aonair a chur in iúl dóibh, saor in aisce, nach gcomhlíonann fógra ar leith atá foilsithe acu an Rialachán seo.

4.Faisnéis maidir le fógraí polaitiúla a thuairisciú, mar a thagraítear dó i mír 1, beidh sí soláimhsithe ag úsáideoirí agus beidh rochtain éasca uirthi, lena náirítear ón bhfógra trédhearcachta.

5.Ceadóidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach go leictreonach. Cuirfidh an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla daoine aonair ar an eolas maidir leis an obair leantach arna déanamh de thoradh an chur in iúl dá dtagraítear i mír 1.

6.I ndáil le cur in iúl atriallach faoi mhír 1 maidir leis an bhfógra céanna nó leis an bhfeachtas fógraíochta céanna, féadfar freagra a thabhairt ar gach cur in iúl i dteannta a chéile, lena náirítear le tagairt do ráiteas ar shuíomh gréasáin an fhoilsitheora fógraíochta polaitiúla lena mbaineann.

Airteagal 10

Faisnéis a tharchur chuig na húdaráis inniúla

1.Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla náisiúnta a iarraidh ar sholáthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 6, 7 agus 8 a tharchur. Ní mór go mbeadh an fhaisnéis tharchurtha iomlán, cruinn agus iontaofa, agus go soláthrófaí í i bhformáid atá soiléir, comhleanúnach, comhdhlúite agus intuigthe. Tarchuirfear an fhaisnéis i bhformáid atá inléite ag meaisín, i gcás inar féidir sin a dhéanamh go teicniúil.

Beidh na gnéithe seo a leanas san iarraidh:

(a)ráiteas ar chúiseanna ina mínítear an cuspóir atá leis an bhfaisnéis a iarraidh agus an fáth a bhfuil an iarraidh riachtanach agus comhréireach, seachas má shaothraíonn an iarraidh an cuspóir maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus a mhéid a chuirfeadh na cúiseanna leis an iarraidh an cuspóir sin i mbaol;

(b)faisnéis maidir leis an gcúiteamh atá ar fáil don soláthraí seirbhíse ábhartha agus d’urraitheoir na seirbhíse fógraíochta polaitiúla.

2.Ar iarraidh de bhun mhír 1 a fháil, cuirfidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla in iúl, laistigh de dhá lá, go bhfuarthas an iarraidh sin agus cuirfidh siad an túdarás ar an eolas maidir leis na bearta a rinneadh chun í a chomhlíonadh. Soláthróidh an soláthraí seirbhíse ábhartha an fhaisnéis a iarradh laistigh de 10 lá oibre.

3.Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla pointe teagmhála don idirghníomhaíocht leis na húdaráis inniúla náisiúnta. Maidir le soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla ar FBManna iad de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE, féadfaidh siad duine nádúrtha seachtrach a cheapadh mar phointe teagmhála.

Airteagal 11

Faisnéis a tharchur chuig eintitis leasmhara eile

1.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla na bearta iomchuí chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6 a tharchur chuig na heintitis leasmhara arna iarraidh sin dóibh agus gan aon táille a bheith i gceist.

I gcás inar foilsitheoir fógraíochta polaitiúla é soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla, déanfaidh sé na bearta iomchuí freisin chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7 a tharchur chuig na heintitis leasmhara arna iarraidh sin dóibh agus gan aon táille a bheith i gceist.

2.Maidir le heintitis leasmhara a iarrann tarchur na faisnéise de bhun mhír 1, beidh siad neamhspleách ar leasanna tráchtála agus rangófar faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas iad:

(a)taighdeoirí grinnfhiosraithe i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha];

(b)comhaltaí d’eagraíocht sochaí shibhialta a bhfuil sé de chuspóir reachtúil acu leas an phobail a chosaint agus a chur chun cinn, ar eagraíocht í atá údaraithe faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais;

(c)gníomhaithe polaitiúla mar a údaraítear faoin dlí náisiúnta; nó

(d)breathnóirí toghcháin náisiúnta nó idirnáisiúnta atá creidiúnaithe i mBallstát.

Ar na heintitis leasmhara sin freisin beidh iriseoirí atá creidiúnaithe i mBallstát ag comhlachtaí náisiúnta, Eorpacha nó idirnáisiúnta.

3.Tar éis iarraidh a fháil ó eintiteas leasmhar, déanfaidh an soláthraí seirbhíse a dhícheall an fhaisnéis a iarradh nó a fhreagra réasúnaithe faoi mhír 5 a sholáthar, laistigh de 1 mhí.

4.Agus an fhaisnéis atá le soláthar de bhun mhír 1 á hullmhú, féadfaidh an soláthraí seirbhíse na méideanna ábhartha a chomhiomlánú nó iad a chur laistigh de raon, a mhéid is gá chun a leasanna tráchtála dlisteanacha a chosaint.

5.I gcás inar follasach go bhfuil iarrataí de bhun mhír 1 gan bhunús, dhoiléir nó iomarcach, go háirithe de thoradh a neaspa soiléireachta, féadfaidh an soláthraí seirbhíse diúltú freagra a thabhairt. Sa chás sin, seolfaidh an soláthraí seirbhíse ábhartha freagra réasúnaithe chuig an eintiteas leasmhar a bhfuil an iarraidh á déanamh aige.

6.I gcás ina bhfuil iarrataí faoi mhír 1 atriallach agus i gcás ina mbaineann costais shuntasacha lena bpróiseáil, d’fhéadfadh an soláthraí seirbhíse táille réasúnach chomhréireach a ghearradh, ar táille í nach mó ná na costais riaracháin a bhaineann le soláthar na faisnéise a iarradh i gcás ar bith.

7.Is ar na soláthraithe seirbhíse a bheidh an dualgas a léiriú gur follasach go bhfuil iarraidh gan bhunús, dhoiléir nó iomarcach, nó go bhfuil iarrataí atriallach agus go mbaineann costais shuntasacha lena bpróiseáil.

CAIBIDIL III – FÓGRAÍOCHT PHOLAITIÚL A SPRIOCDHÍRIÚ AGUS A AIMPLIÚ

Airteagal 12

Ceanglais shonracha maidir le spriocdhíriú agus aimpliú

1.Tá toirmeasc ar theicnící spriocdhírithe nó aimpliúcháin a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúil.

2.An toirmeasc a leagtar síos sa chéad abairt, ní bheidh feidhm aige maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 9(2)(a) agus (d) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 10(2)(a) agus (d) de Rialachán (AE) 2018/1725.

3.Agus teicnící spriocdhírithe nó aimpliúcháin a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta in úsáid i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúil, comhlíonfaidh na rialaitheoirí na ceanglais seo a leanas, sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725, de réir mar is infheidhme:

(a)déanfar beartas inmheánach a ghlacadh agus a chur chun feidhme, beartas ina dtugtar tuairisc shoiléir i dteanga shoiléir, go háirithe, ar úsáid teicnící den chineál sin chun spriocdhíriú ar dhaoine aonair nó chun an tinneachar a aimpliú, agus coinneofar an beartas sin ar feadh tréimhse 5 bliana;

(b)coinneofar taifid maidir le húsáid an spriocdhírithe nó an aimpliúcháin, leis na sásraí ábhartha, leis na teicnící agus na paraiméadair a úsáideadh, agus le foinse nó foinsí na sonraí pearsanta a úsáideadh.

(c)soláthrófar, in éineacht leis an bhfógra polaitiúil, an fhaisnéis bhreise is gá chun a chur ar chumas an duine aonair lena mbaineann tuiscint a fháil ar an loighic atá i gceist agus ar phríomhpharaiméadair na teicníce a úsáideadh, mar aon le húsáid sonraí tríú páirtí agus teicnící anailíseacha breise. Is éard a bheidh sna fhaisnéis sin na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

4.Foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a úsáideann teicnící spriocdhírithe nó aimpliúcháin, áireoidh siad san fhógra trédhearcachta a cheanglaítear faoi Airteagal 7 an fhaisnéis a shonraítear i mír 3(c) mar aon le nasc chuig an mbeartas dá dtagraítear i mír 3(a). I gcás nach ionann an rialaitheoir agus an foilsitheoir fógraíochta, tarchuirfidh an rialaitheoir an beartas inmheánach, sin nó tagairt dó, chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla.

5.Foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a úsáideann teicnící spriocdhírithe nó aimpliúcháin dá dtagraítear i mír 3, áireoidh siad tagairt do mhodh éifeachtach chun tacú le daoine aonair a gcearta faoi Rialachán (AE) 2016/679 a fheidhmiú, áireoidh siad sin san fhógra, nó in éineacht leis, agus san fhógra trédhearcachta a cheanglaítear faoi Airteagal 7.

6.Faisnéis atá le soláthar i gcomhréir leis an bhforáil seo, cuirfear i láthair í i bhformáid atá inrochtana go héasca, le feiceáil go soiléir agus soláimhsithe, lena náirítear trí teanga shoiléir a úsáid, agus i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil, cuirfear i láthair í i bhformáid atá inléite ag meaisín.

7.De réir mar is gá, déanfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta an fhaisnéis is gá chun mír 3 a chomhlíonadh a tharchur chuig an rialaitheoir.

8.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun Iarscríbhinn II a leasú trí ghnéithe atá ar liosta na faisnéise atá le soláthar de bhun mhír 3(c) den Airteagal seo a mhodhnú nó a bhaint den liosta sin i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha ar thaighde eolaíoch ábhartha, agus i bhfianaise forbairtí ar an maoirseacht a dhéanann údaráis inniúla agus ar an treoraíocht ábhartha arna heisiúint ag na comhlachtaí inniúla.

Airteagal 13

Faisnéis a bhaineann le spriocdhíriú nó aimpliúchán a tharchur chuig eintitis leasmhara eile

1.Déanfaidh an rialaitheoir dá dtagraítear in Airteagal 12 bearta iomchuí chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12 a tharchur, arna iarraidh sin d’eintitis leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 11(1).

2.Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 11(2) go (7).

CAIBIDIL IV – MAOIRSEACHT AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 14

Ionadaí dlíthiúil

1.Soláthraithe seirbhíse a sholáthraíonn seirbhísí fógraíochta polaitiúla san Aontas ach nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas déanfaidh siad duine nádúrtha nó duine dlítheanach a ainmniú, i scríbhinn, le bheith ina nionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit ina dtáirgeann an soláthraí a sheirbhísí.

2.Beidh an tionadaí dlíthiúil freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí de bhun an Rialacháin seo atá ar an soláthraí seirbhíse a ndéanann sé ionadaíocht air agus is é a bheidh mar an duine teagmhála ar chuige a sheolfar gach cumarsáid leis an soláthraí seirbhíse ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Measfar gur cumarsáid leis an soláthraí seirbhíse a ndéantar ionadaíocht air í aon chumarsáid leis an ionadaí dlíthiúil sin.

Airteagal 15

Na húdaráis inniúla agus pointí teagmhála

1.Na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 nó in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2018/1725, beidh siad inniúil chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Airteagal 12 den Rialachán seo ina réimse inniúlachta féin. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2018/1725. Beidh feidhm ag Caibidil VII de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le gníomhaíochtaí a chumhdaítear faoi Airteagal 12 den Rialachán seo.

2.Ainmneoidh na Ballstáit údaráis inniúla chun faireachán a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála de réir bhrí Rialachán (AE) 2021/xxx [DSA] maidir le comhlíonadh na noibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 go 11 agus 14 den Rialachán seo, i gcás inarb infheidhme. Féadfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear faoi Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha] a bheith ar cheann de na húdaráis inniúla a ainmnítear chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na noibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 go 11 agus 14 den Rialachán seo ag idirghabhálaithe ar líne freisin. Is é an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, dá dtagraítear in Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2021/xxx, i ngach Ballstát a bheidh freagrach as an gcomhordú a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta i leith soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. Beidh feidhm ag Airteagal 45(1) go (4) agus Airteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2021/xxx [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha] i dtaca le cúrsaí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha.

3.Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as na gnéithe den Rialachán seo nach dtagraítear dóibh i míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Ó thaobh struchtúir de, beidh gach údarás inniúil a ainmnítear faoin mír seo iomlán neamhspleách ar an earnáil agus ar aon idirghabháil sheachtrach nó brú polaitiúil araon. Ar bhealach atá iomlán neamhspleách, déanfaidh sé faireachán éifeachtach agus déanfaidh sé na bearta comhréireach is gá chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

4.Maidir leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3, i gcás ina bhfuil a gcúraimí maoirseachta á bhfeidhmiú acu i ndáil leis an Rialachán seo, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla sin rochtain ar shonraí, ar dhoiciméid nó ar aon fhaisnéis is gá a iarraidh ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla d’fhonn a gcúraimí maoirseachta a chur i gcrích.

5.Maidir leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear in mír 3, i gcás ina bhfuil a gcúraimí forfheidhmiúcháin á bhfeidhmiú acu i ndáil leis an Rialachán seo, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla sin an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)fógraí rabhaidh a thabhairt a dhíreofar chuig soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla maidir lena neamhchomhlíonadh leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo;

(b)ráiteas a fhoilsiú lena sainaithnítear an duine dlítheanach agus nádúrtha nó na daoine dlítheanacha agus nádúrtha atá freagrach as an sárú ar oibleagáid a leagtar síos sa Rialachán seo agus cineál an tsáraithe sin;

(c)fíneálacha riaracháin agus pionóis airgeadais a fhorchur.

6.Áiritheoidh na Ballstáit comhar idir na húdaráis inniúla go háirithe faoi chuimsiú líonraí náisiúnta toghchán, chun malartú faisnéise tapa slán a éascú maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú a gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo, lena náirítear trí sháruithe a shainaithint go comhpháirteach, torthaí agus saineolas a roinnt, agus teagmháil a dhéanamh lena chéile maidir le rialacha ábhartha a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

7.Ainmneoidh gach Ballstát aon údarás inniúil amháin mar phointe teagmhála ar leibhéal an Aontais chun críocha an Rialacháin seo.

8.I gcás ina bhfuil seirbhísí á soláthar ag soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla i mbreis agus aon Bhallstát amháin, nó i gcás ina bhfuil a phríomhbhunaíocht nó a ionadaí i mBallstát ach go soláthraíonn sé a phríomhghníomhaíochtaí i mBallstát eile, an túdarás inniúil i mBallstát na príomhbhunaíochta nó na bunaíochta eile nó an ionadaí, rachaidh sé i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát eile sin agus tabharfaidh siad cúnamh dá chéile mar is gá. Mura bhfuil an comhar sin á rialáil cheana féin le dlí an Aontais, is é an méid seo a leanas, ar a laghad, a bheidh i gceist leis:

(a)na húdaráis inniúla a chuireann bearta maoirseachta nó forfheidhmiúcháin i bhfeidhm i mBallstát, cuirfidh siad na húdaráis inniúla sa Bhallstát nó sna Ballstáit eile lena mbaineann ar an eolas, agus go rachaidh siad i gcomhairle leis na húdaráis sin maidir leis na bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin arna ndéanamh agus faoina mbearta leantacha, agus go ndéanfaidh siad é sin tríd an bpointe teagmhála dá dtagraítear i mír 7;

(b)go bhféadfaidh údarás inniúil, tríd an bpointe teagmhála dá dtagraítear i mír 7, a iarraidh ar údarás inniúil eile na bearta maoirseachta nó forfheidhmiúcháin dá dtagraítear in míreanna 4 agus 5 a dhéanamh, i gcás gur fearr a bheidh an túdarás inniúil eile sin in ann iad a dhéanamh, ach é sin a iarraidh ar bhealach réasúnaithe comhréireach a bhfuil údar léi; agus

(c)go ndéanfaidh údarás inniúil, tar éis iarraidh a bhfuil údar léi a fháil ó údarás inniúil eile, cúnamh a sholáthar don údarás inniúil eile ionas gur féidir na bearta maoirseachta nó forfheidhmiúcháin dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach éifeachtúil agus comhsheasmhach. Arna iarraidh sin ar an údarás inniúil ábhartha, déanfaidh sé, trí na pointí teagmhála dá dtagraítear in mír 7 agus laistigh de thréimhse ama atá comhréireach le práinn na hiarrata, freagra a thabhairt lena gcuirfear an fhaisnéis arna niarraidh in iúl, nó lena ndéanfar an túdarás inniúil iarratach a chur ar an eolas nach measann an túdarás go bhfuil na coinníollacha maidir le cúnamh a iarraidh faoin Rialachán seo comhlíonta. Aon fhaisnéis a mhalartaítear i dtaca leis an gcúnamh a iarradh agus a cuireadh ar fáil faoin Airteagal seo, ní bhainfear úsáid aisti ach amháin i ndáil leis an ábhar ar iarradh an fhaisnéis sin ina leith.

9.Tiocfaidh na pointí teagmhála le chéile go tráthrialta ar leibhéal ar Aontais faoi chuimsiú an Líonra Eorpaigh Comhair maidir le Toghcháin chun malartú faisnéise tapa slán a éascú maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú a gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 16

Smachtbhannaí

1.Maidir le hAirteagail 5 go 11, 13 agus 14, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le smachtbhannaí lena náirítear fíneálacha riaracháin agus pionóis airgeadais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla faoina ndlínse má sháraítear an Rialachán atá ann faoi láthair, agus beidh siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach i ngach cás aonair.

2.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha sin laistigh de 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, maidir le haon leasú ar na rialacha sin ina dhiaidh sin.

3.Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le cineál agus leibhéal an smachtbhanna i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí ar na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:

(a)cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí;

(c)aon ghníomhaíocht a rinneadh chun aon damáiste a mhaolú;

(d)aon sárú ábhartha roimhe seo agus aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis; agus

(e)an méid comhair leis an údarás inniúil.

4.Measfar gur tromchúiseach iad go háirithe sáruithe ar Airteagal 7 i gcás ina mbaineann siad le fógraíocht pholaitiúil a foilsíodh nó a scaipeadh le linn tréimhse thoghcháin agus a dhírítear ar shaoránaigh sa Bhallstát ina bhfuil an toghchán ábhartha á eagrú.

5.Má sháraíonn soláthraí seirbhíse forálacha an Rialacháin seo d’aon ghnó nó le faillí, maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil chéanna nó le fógraíocht pholaitiúil nasctha, beidh an fhíneáil riaracháin inchoigeartaithe go leordhóthanach chun na tosca ábhartha ar fad a chur san áireamh; i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, léireofar le méid na fíneála san iomlán gur sáraíodh an Rialachán i níos mó ná bealach amháin.

6.Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 12, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679, laistigh de raon feidhme a ninniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) 2016/679 agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.

7.Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 12, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2018/1725 fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus laistigh de raon feidhme a ninniúlachta, fíneálacha suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 66(3) den Rialachán sin.

Airteagal 17

Tréimhsí toghcháin a fhoilsiú

Foilseoidh na Ballstáit dátaí a dtréimhsí toghcháin náisiúnta in áit a bhfuil rochtain éasca uirthi agus déanfaidh siad tagairt iomchuí don Rialachán seo.

CAIBIDIL V – FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 18

Meastóireacht agus athbhreithniú

Laistigh de 2 bhliain tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus den chéad uair faoin 31 Nollaig 2026 ar a dhéanaí, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil isteach, tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo. Sa tuarascáil sin déanfar measúnú ar an ngá leis an Rialachán seo a leasú. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.

Airteagal 19

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(8) agus in Airteagal 12(8) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse [go dtí go ndéanfar meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialachán seo, 2 bhliain tar éis na chéad toghcháin eile do Pharlaimint na hEorpa].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(8) agus Airteagal 12(8) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin.

5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(8) nó Airteagal 12(8) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2023.

3.Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM%3A2020%3A790%3AFIN&qid=1607079662423  
(2)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12418-Digital-Services‑Act‑package-ex-ante-regulatory-instrument‑of-very-large-online-platforms‑acting-as‑gatekeepers agus https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12417-Digital-Services‑Act‑deepening-the-Internal-Market‑and‑clarifying-responsibilities‑for-digital-services  
(3)    Cuimsítear leis sin neamhcheangailteach https://ec.europa.eu/digital-single-market/en/news/commission‑recommendation‑measures‑effectively-tackle-illegal-content‑online ; chomh maith le deonach https://ec.europa.eu/newsroom/just/document.cfm?doc_id=42985
(4)    https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/soteu2018-cybersecurity-elections‑recommendation‑5949_en.pdf
(5)     https://edpb.europa.eu/system/files/2021-04/edpb_guidelines_082020_on_the_targeting_of_social_media_users_en.pdf
(6)    Treoir ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an gCód Cleachtais maidir le Bréagfhaisnéis a Neartú (COM(2021) 262 final) https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/guidance-strengthening-code-practice-disinformation  
(7)     https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/2021_commission_work_programme_annexes_en.pdf  
(8)    Féach https://ec.europa.eu/info/policies/justice-and‑fundamental-rights/eu-citizenship/electoral-rights_en  
(9)    IO C , , p. .
(10)    IO C , , p. .
(11)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(12)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(13)    Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin sna Ballstáit maidir le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (an Treoir um Sheirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).
Top

An Bhruiséil,25.11.2021

COM(2021) 731 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla

{SEC(2021) 575 final} - {SWD(2021) 355 final} - {SWD(2021) 356 final}


IARSCRÍBHINN I

Faisnéis atá le cur ar fáil de réir Airteagal 7(2)

(a)i gcás nach bhfuil an fógra trédhearcachta laistigh den fhógra polaitiúil é féin, sampla den fhógra polaitiúil nó léiriú air nó nasc chuige.

(b)céannacht agus bunaíocht an urraitheora a scaiptear an fógra thar a cheann, lena náirítear a ainm, a sheoladh, a uimhir theileafóin agus a sheoladh ríomhphoist, agus más eintiteas nádúrtha nó eintiteas dlítheanach é.

(c)an tréimhse a scaiptear an fógra polaitiúil lena linn agus, i gcás inarb infheidhme agus más eol don fhoilsitheoir é, más rud é gur scaipeadh an fógra céanna roimhe seo.

(d)aon toghchán a bhfuil an fhógraíocht nasctha leis, más infheidhme.

(e)an méid comhiomlán sealadach a caitheadh ar an bhfógra sonrach, agus ar an bhfeachtas fógraíochta sonrach i gcás inarb ábhartha, lena náirítear ar na fógraí polaitiúla a ullmhú, a shocrú, a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh, mar aon le luach na sochar eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar an bhfógra sonrach, agus ar an bhfeachtas fógraíochta sonrach i gcás inarb ábhartha, maille leis an méid comhiomlán iarbhír a caitheadh agus luach na sochar eile a fuarthas nuair is eol iad.

(f)foinsí na gcistí a bhfuiltear á núsáid le haghaidh an fheachtais fógraíochta shonraigh lena náirítear chun na fógraí polaitiúla a ullmhú, a shocrú, a chur chun cinn, a fhoilsiú agus a scaipeadh.

(g)faisnéis fhóinteach maidir leis an modheolaíocht a úsáideadh chun na méideanna agus na luachanna dá dtagraítear in (e) a ríomh.

(h)i gcás gur inar ardán anmhór ar líne é an foilsitheoir, nasc chuig suíomh an fhógra i stór fógraíochta an fhoilsitheora.

(i)i gcás ina bhfuil an fógra nasctha le toghcháin nó reifrinn shonracha, naisc chuig faisnéis oifigiúil maidir leis na módúlachtaí le haghaidh rannpháirtíocht sa toghchán nó sa reifreann lena mbaineann.

(j)faisnéis maidir leis an sásra a bhunaítear de réir Airteagal 9.

IARSCRÍBHINN II

Faisnéis atá le cur ar fáil de réir Airteagal 12(3)

(a)na grúpaí sonracha faighteoirí a spriocdhírítear orthu, lena náirítear na paraiméadair a úsáideadh chun na faighteoirí a scaiptear an fhógraíocht orthu a chinneadh, leis an leibhéal céanna mionsonraí a úsáideadh le haghaidh an spriocdhírithe, catagóirí na sonraí pearsanta a úsáideadh le haghaidh an spriocdhírithe agus an aimpliúcháin, agus na spriocanna, na sásraí agus an loighic a bhaineann leis an spriocdhíriú agus leis an aimpliú, lena náirítear na paraiméadair iniaimh agus eisiaimh agus na cúiseanna ar roghnaíodh na paraiméadair sin.

(b)tréimhse an scaipthe, líon na ndaoine aonair a scaiptear an fógra orthu agus léiriú ar mhéid an spriocphobail laistigh den ghrúpa ábhartha toghthóirí.

(c)foinse na sonraí pearsanta dá dtagraítear i bpointe (a), lena náirítear, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis go ndearnadh na sonraí pearsanta a dhíorthú, a infeiriú nó a fháil ó thríú páirtí agus a chéannacht, mar aon le nasc chuig fógra cosanta sonraí an tríú páirtí sin maidir leis an bpróiseáil atá i gceist.

(d)nasc chuig modh éifeachtach chun tacú le daoine aonair a gcearta faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó Rialachán (AE) 2018/1725 a fheidhmiú, de réir mar is infheidhme, i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúil a spriocdhírítear orthu agus a aimplítear ar bhonn a sonraí pearsanta.

Top