Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1972

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1972 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 trí na critéir a leagan síos maidir le ríomh na gcostas breise arna dtabhú ag oibreoirí le linn iascaireacht, fheirmeoireacht, phróiseáil agus mhargú táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí

    C/2021/5909

    IO L 402, 15.11.2021, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1972/oj

    15.11.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 402/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1972 ÓN gCOIMISIÚN

    an 11 Lúnasa 2021

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 trí na critéir a leagan síos maidir le ríomh na gcostas breise arna dtabhú ag oibreoirí le linn iascaireacht, fheirmeoireacht, phróiseáil agus mhargú táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (1), agus go háirithe Airteagal 36(6) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Faoi Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1139, féadfaidh an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (“CEMI”) tacú le cúiteamh na gcostas breise arna dtabhú ag oibreoirí le linn iascaireacht, fheirmeoireacht, phróiseáil agus mhargú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe áirithe ó na réigiúin is forimeallaí san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh.

    (2)

    De réir Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1139, i gcás gach ceann de na réigiúin is forimeallaí, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann tuairisc a dhéanamh ar an modheolaíocht chun cúiteamh na gcostas breise sa phlean gníomhaíochta dá dtagraítear san Airteagal sin a ríomh.

    (3)

    De bhun Airteagal 36(6) de Rialachán (AE) 2021/1139, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos na critéir maidir le ríomh na gcostas breise a eascraíonn as míbhuntáistí sonracha na réigiún lena mbaineann.

    (4)

    Chun foráil a dhéanamh maidir le cóir chomhchuibhithe agus chomhionann do na réigiúin uile lena mbaineann agus chun róchúiteamh costas breise a sheachaint, is gá na critéir a leagan síos maidir le ríomh na gcostas breise a eascraíonn as míbhuntáistí sonracha na réigiún is forimeallaí san Aontas. Leis na critéir chomhchoiteanna atá le húsáid, ba cheart a áirithiú go gcuirfear modh aonchineálach ríomha na gcostas breise i bhfeidhm ar na réigiúin uile lena mbaineann.

    (5)

    Na costais tagartha le haghaidh táirgí nó catagóirí táirgí arna dtabhú ag oibreoirí sa chuid ilchríochach den Bhallstát nó de chríoch an Aontais, is ar a mbonn sin a chinntear na costais bhreise, agus ba cheart béim ar leith a leagan ar an róchúiteamh a sheachaint agus na costais sin a mheas.

    (6)

    Tá táirgí nó catagóirí táirgí ann nach bhfuil aon chritéar comparáide ná aon aonad tomhais ar fáil dóibh sa chuid ilchríochach de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann. Sna cásanna sin, ba cheart an tagairt chun an costas breise a ríomh a shocrú i gcomparáid leis na costais a bhaineann le táirgí coibhéiseacha nó le catagóirí táirgí arna dtabhú ag oibreoirí ón gcuid ilchríochach de chríoch an Aontais.

    (7)

    I bhfianaise na ndálaí margaíochta éagsúla san réigiúin is forimeallaí, na luaineachtaí i ngabhálacha agus i stoic agus in éilimh an mhargaidh, ba cheart é a fhágáil faoi na Ballstáit lena mbaineann maidir leis na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe nó na catagóirí táirgí atá incháilithe le haghaidh cúitimh, leis na huasmhéideanna faoi seach agus le leibhéil na méideanna cúitimh laistigh den leithdháileadh foriomlán in aghaidh an Bhallstáit a chinneadh.

    (8)

    Ba cheart do na Ballstáit an leibhéal cúitimh a shocrú ar leibhéal a fhágann gur féidir costais bhreise a fhritháireamh, ar costais iad a eascraíonn as míbhuntáistí sonracha na réigiún is forimeallaí. Chun na críche sin, ba cheart cineálacha eile idirghabhála poiblí a chur san áireamh sa mhéid cúitimh, lena n-áirítear aon státchabhair ar tugadh fógra ina leith faoi Airteagal 108(3) den Chonradh agus faoi Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/1139, idirghabhálacha a raibh tionchar acu ar leibhéal na gcostas breise.

    (9)

    Chun foráil a dhéanamh maidir le cur i láthair comhchuibhithe costas breise, is gá costais bhreise a chur in iúl ar bhonn tonna de bheomheáchan, arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (2) ón gComhairle agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 (3) ón gCoimisiún, Rialachán lena mbunaítear cóid tíolactha táirgí maidir le hiasc próiseáilte agus fachtóirí coinbhéartachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh iasc úr agus iasc úr saillte chun meáchan éisc stóráilte nó próiseáilte a thiontú ina bheomheáchan éisc chun faireachán a dhéanamh ar ghabhálacha.

    (10)

    Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ós rud é go bhfuil caiteachas incháilithe cheana féin do EMFAF ón 1 Eanáir 2021 i gcomhréir le hAirteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leagtar síos leis an Rialachán seo na critéir maidir le ríomh na gcostas breise arna dtabhú le linn na tréimhse incháilitheachta arna sainiú in Airteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2021/1060 ag oibreoirí le linn iascaireacht, fheirmeoireacht, phróiseáil agus mhargú táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí den Aontas, dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i ngeall ar mhíbhuntáistí sonracha na réigiún is forimeallaí sin.

    Airteagal 2

    (1)   Déanfar na costais bhreise dá dtagraítear in Airteagal 1 a ríomh ar leithligh do gach ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    iascaireacht;

    (b)

    feirmeoireacht;

    (c)

    próiseáil;

    (d)

    margaíocht.

    (2)   Laistigh de gach gníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1, déanfar na costais bhreise a ríomh le hítimí caiteachais maidir le gach táirge nó catagóir táirgí arna sainaithint ag an mBallstát mar ítimí atá incháilithe le haghaidh cúitimh.

    (3)   Cinnfear costais bhreise d’aon ítim caiteachais ar leith mar an difríocht idir na costais arna dtabhú ag oibreoirí sna réigiúin is forimeallaí lena mbaineann, arna laghdú ag aon chineál idirghabhála poiblí a dhéanann difear do leibhéal na gcostas breise, agus na costais inchomparáide arna dtabhú ag oibreoirí ilchríochacha an Bhallstáit lena mbaineann.

    (4)   Maidir le hítimí caiteachais a bhaineann go sonrach le táirgí nó le catagóirí táirgí nach bhfuil aon chritéir chomparáide nó aonaid tomhais ina leith sa chuid ilchríochach de chríoch an Bhallstáit, cinnfear na costais bhreise i gcomparáid leis na costais inchomparáide a bhaineann le táirgí coibhéiseacha nó le catagóirí táirgí arna dtabhú ag oibreoirí ón gcuid ilchríochach de chríoch an Aontais.

    (5)   I ríomh na gcostas breise, cuirfear san áireamh aon idirghabháil phoiblí, lena n-áirítear aon státchabhair ar tugadh fógra ina leith faoi Airteagal 108(3) den Chonradh agus faoi Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/1139.

    Airteagal 3

    (1)   Is ar na costais a eascróidh as míbhuntáistí sonracha na réigiún is forimeallaí, agus ar na costais sin amháin, a bhunófar ríomh na gcostas breise.

    (2)   Déanfar ríomh na gcostas breise a bhunú ar mheán bliantúil na bpraghsanna taifeadta.

    (3)   Sloinnfear na costais bhreise in euro in aghaidh an tonna de bheomheáchan agus nuair is gá, tiontófar comhpháirteanna an chostais bhreise iomláin go euro in aghaidh an tonna de bheomheáchan. Chuige sin, úsáidfear na fachtóirí coinbhéartachta atá bunaithe in Iarscríbhinn XIII agus in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Lúnasa 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 247, 13.7.2021, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíontacht le rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.06.2021, lch. 159).


    Top