MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Is é is cuspóir do Rialachán (AE) 2019/125 (‘an Rialachán’) maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach 1 cosc a chur, i dtíortha taobh amuigh den Aontas, ar phionós an bháis, ar thaobh amháin, agus ar íde nó ar phionós atá cruálach, mídhaonna nó táireach ar an taobh eile.
Déantar idirdhealú leis idir:
- earraí atá mí-úsáideach ó nádúr agus nár cheart a thrádáil in aon chor (Iarscríbhinn II); agus
- earraí a bhféadfadh úsáidí dlisteanacha a bheith acu, amhail trealamh forfheidhmithe dlí (Iarscríbhinn III) agus earraí le haghaidh úsáid theiripeach (Iarscríbhinn IV).
Tá trádáil earraí a liostaítear in Iarscríbhinní III agus IV le bheith faoi réir rialú éifeachtach i gcás ina n‑onnmhairítear ón Aontas Eorpach iad nó i gcás ina ndéanann siad idirthuras tríd an Aontas nó i gcás ina seachadtar go tríú tír iad mar thoradh ar sheirbhísí bróicéireachta nó cúnamh teicniúil.
Ceapadh an Rialachán le bheith ina ‘ionstraim bheo’, lena n‑ionchorpraítear sásraí a chuireann ar a gcumas do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún freagairt go comhpháirteach d’athruithe sa mhargadh slándála idirnáisiúnta agus do chineál úsáide agus mí-úsáide trealaimh forfheidhmithe dlí, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar fhorbairtí teicneolaíochta sa trádáil.
Ní mór liosta na n‑earraí a bhfuil tuairisc orthu sa Rialachán a choinneáil cothrom le dáta chun freagairt, ar thaobh amháin, d’athruithe sa mhargadh slándála idirnáisiúnta ina dtarlaíonn forbairtí teicneolaíochta agus margaidh go minic agus, ar an taobh eile, d’athruithe ar úsáid agus ar mhí-úsáid trealaimh forfheidhmithe dlí mar a tugadh faoi deara i dtuarascáil athbhreithnithe 2020 ón gCoimisiún 2 . Chun leanúint de bheith oiriúnach dá fheidhm, ní mór don Rialachán freagairt do threochtaí agus do dhúshláin atá ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas maidir le céasadh agus drochíde sheachchoimeádta i gcomhthéacs agóidí síochánta a chur faoi chois. Le blianta beaga anuas, bhain údaráis forfheidhmithe dlí i roinnt tíortha mí-úsáid go rialta as airm ar a dtugtar airm ar lú a n‑acmhainn chun marú a dhéanamh, lena n‑áirítear sprae piobair, canónacha uisce, agus piléir rubair, chun agóideoirí síochánta a chur faoi chois agus a chur ina dtost, rud a chuireann leis an líon méadaitheach saoránach atá á ngortú go dona nó á marú. Tá méadú ag teacht ar an líon agóideoirí in áiteanna áirithe ar fud an domhain a bhíonn faoi réir úsáid iomarcach, neamhdhleathach nó neamhriachtanach fornirt 3 .
Tugadh liosta reatha na n‑earraí cothrom le dáta go deireanach le Rialachán (AE) 2016/2134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach 4 .
Cuirtear i láthair sa ghníomh tarmligthe seo leasuithe ar liosta na n‑earraí a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinní II agus III. Is é atá in Iarscríbhinn II earraí nach bhfuil aon úsáid phraiticiúil acu seachas úsáid ar mhaithe le pionós an bháis nó ar mhaithe le céastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Is é atá in Iarscríbhinn III na hearraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh ceastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach:
earraí a úsáidtear go príomha chun críocha fhorfheidhmiú an dlí.
earraí a bhfuil baol ábhartha ann, agus a ndearadh agus a saintréithe teicniúil á gcur san áireamh, go n‑úsáidfear iad le haghaidh ceastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.
Toirmisctear leis an ngníomh tarmligthe airm, gairis agus trealamh lena scaiptear substaintí ceimiceacha éagumasúcháin nó greannacha nó substaintí gaolmhara áirithe agus armlón gaolmhar nach bhfuil oiriúnach lena n‑úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí chun daoine a shrianadh nó chun críoch smachtaithe círéibe nó chun críoch féinchosanta. Thairis sin, toirmisctear leis an ngníomh tarmligthe earraí a bhfuil baol mór ann go gcuirfear pian chomh dian sin ar dhaoine leo, nó go bhfulaingeoidh daoine chomh dian sin mar gheall orthu, go bhféadfadh sé a bheith ina chéastóireacht nó ina íde nó pionós atá cruálach, mídhaonna nó táireach.
Cuireann na leasuithe go príomha le conclúidí thuarascáil 2020 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le raon feidhme na n‑earraí 5 , obair ghrúpa neamhfhoirmiúil saineolaithe an Choimisiúin chun an Rialachán a chur chun feidhme, tuarascálacha ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Céastóireacht 6 agus ó eagraíochtaí a dhéanann cearta an duine a chosaint chomh maith le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha sa réimse sin 7 . Mar shampla, le hÍosrialacha Caighdeánacha na Náisiún Aontaithe um Dhéileáil le Príosúnaigh (arna n‑athbhreithniú in 2015 agus dá ngairtear Rialacha Nelson Mandela), cuirtear toirmeasc ar úsáid uirlisí srianta atá táireach nó pianmhar ó nádúr toisc nach gcomhlíonann siad aon chuspóir dlisteanach forfheidhmithe dlí nach féidir a bhaint amach trí úsáid a bhaint as gnáthshrianta láimhe nó coise, agus mínítear cuimsiú cuibhrigh bhuíne in Iarscríbhinn II, cé gur áiríodh iad roimhe sin in Iarscríbhinn III.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 29(4) den Rialachán: ‘Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 8 ’.
Foráiltear an méid seo a leanas le hAithris 46 den Rialachán: ‘Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr’.
Thairis sin, foráiltear an méid seo a leanas le hAithris 48 den Rialachán: ‘Má chinneann an Coimisiún dul i gcomhairle leis an ngrúpa agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú aige, ba cheart dó déanamh amhlaidh i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr’.