EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C(2021)8838

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN Inneachar dréacht-Teachtaireachta a Fhormheas i gcomhair TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN Treoirlínte um chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir le comhaontuithe cómhargála i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair

C/2021/8838 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

Inneachar dréacht‑Teachtaireachta a Fhormheas i gcomhair

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

Treoirlínte um chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir le comhaontuithe cómhargála i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair

An 9 Nollaig 2021 d'fhormheas an Coimisiún inneachar dréacht‑Teachtaireachta i gcomhair Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte um chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir le comhaontuithe cómhargála i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair.

An dréacht‑Teachtaireacht – Treoirlínte um chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir le comhaontuithe cómhargála i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair, tá sé i gceangal mar Iarscríbhinn leis an Teachtaireacht seo. Tá an dréacht‑Teachtaireacht ar oscailt le haghaidh comhairliúchán poiblí ar:

http://ec.europa.eu/competition/consultations/open.html .

Top

IARSCRÍBHINN

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN  
Treoirlínte um chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir le comhaontuithe cómhargála i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair

DRÉACHT

1.RÉAMHRÁ

(1)Leagtar amach sna Treoirlínte sin na prionsabail maidir le measúnú a dhéanamh faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘Airteagal 101 CFAE’), ar chomhaontuithe idir gnóthais, ar chinntí a dhéanann comhlachais gnóthas agus ar chleachtais chomhbheartaithe (dá ngairtear ‘comhaontuithe’ i dteannta a chéile) arna dtabhairt i gcrích de thoradh comhchaibidlíochtaí idir daoine féinfhostaithe aonair 1 agus gnóthais eile (‘an contrapháirtí/na comhpháirtithe’ 2 ), a bhaineann le dálaí oibre na ndaoine féinfhostaithe aonair.

(2)Cuireann Airteagal 101 CFAE toirmeasc ar chomhaontuithe idir gnóthais a chuireann srian leis an iomaíocht laistigh den mhargadh inmheánach, go háirithe má dhéanann siad praghsanna ceannaigh nó díola nó aon choinníoll eile trádála a shocrú go díreach nó go hindíreach. Is ar Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’) atá rialacha iomaíochta an Aontais bunaithe, Airteagal lena ndéantar foráil go mbunóidh an tAontas margadh inmheánach, lena n‑áirítear córas lena n‑áirithítear nach saobhfar an iomaíocht 3

(3)Déantar foráil freisin in Airteagal 3(3) CAE go ndéanfaidh an tAontas ‘geilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta’ a chur chun cinn. Chuige sin, aithníonn an tAontas an ról tábhachtach atá ag an idirphlé sóisialta agus ag an gcómhargáil agus geallann sé, faoi Airteagal 152 CFAE, go ‘n‑éascóidh sé an t‑agallamh idir na comhpháirtithe sóisialta, agus a neamhspleáchas á urramú aige’. In Airteagal 28 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh aithnítear freisin an ceart chun cómhargála agus chun caingne. Is croíphrionsabail de chuid Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta iad dálaí oibre feabhsaithe agus cosaint shóisialta chuí freisin, Colún faoina ‘rachfar i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le beartais eacnamaíocha, fostaíochta agus shóisialta a dhearadh agus a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta’ agus faoina ‘dtabharfar spreagadh dóibh comhaontuithe coiteanna a chaibidliú agus a chur i gcrích ar chúrsaí atá ábhartha dóibh’ 4

(4)Chuir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt’) cuspóirí bheartas sóisialta an Aontais san áireamh nuair a rialaigh sí, i gcomhthéacs cómhargáil idir lucht bainistíochta agus lucht saothair, go bhfuil srianta áirithe leis an iomaíocht ina ngné dhílis de chomhaontuithe cómhargála idir eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d’fhostóirí agus d’oibrithe agus go mbíonn siad riachtanach chun dálaí oibre a fheabhsú 5 . Dá bhrí sin, comhaontuithe arna ndéanamh faoi chuimsiú na cómhargála idir fostóirí agus oibrithe agus a bhfuil sé beartaithe, de bharr a gcineáil agus a gcuspóra, dálaí oibre (lena n‑áirítear pá) a fheabhsú leo, tagann comhaontuithe den sórt sin lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101 CFAE agus, dá bhrí sin, ní sháraíonn siad dlí iomaíochta an Aontais 6

(5)Ina theannta sin, shoiléirigh an Chúirt go gcumhdaítear leis an eisiamh sin ó raon feidhme Airteagal 101 CFAE comhaontuithe cómhargála arna dtabhairt i gcrích idir fostóirí agus eagraíochtaí oibrithe atá i mbun caibidlíocht in ainm agus thar ceann a mball féinfhostaithe bréagach 7 , mar atá soláthraithe seirbhíse i staid is inchomparáide le staid oibrithe 8 . Sa chomhthéacs sin, mheas an Chúirt gur duine féinfhostaithe bréagach é duine aonair sna cásanna seo a leanas: (i) gníomhaíonn sé faoi threoir a fhostóra, go háirithe, a mhéid a bhaineann lena shaoirse am, áit agus ábhar a chuid oibre a roghnú; (ii) níl rioscaí tráchtála an fhostóra á roinnt eatarthu (iii) ar feadh an chaidrimh, is cuid dhílis de ghnóthas an fhostóra é. Beidh feidhm ag na critéir sin gan beann ar an bhfuil an duine sin curtha i gcatagóir mar dhuine féinfhostaithe faoin dlí náisiúnta ar chúiseanna cánach, riaracháin nó eagrúcháin, agus an dteastaíonn measúnú cás ar chás i bhfianaise fhíorais an cháis aonair 9

(6)Le blianta beaga anuas, tá athruithe bunúsacha tagtha ar an margadh saothair, athruithe a raibh tionchar ag an treocht i dtreo gníomhaíochtaí gnó agus seirbhísí pearsanta a chur amach ar fochonradh agus a sheachfhoinsiú air, mar aon le digitiú na bpróiseas táirgthe agus le fás gheilleagar na n‑ardán ar líne. Tá an fhéinfhostaíocht san Aontas Eorpach ard go leor agus tá fás suntasach tagtha uirthi le blianta beaga anuas, go príomha i ngeilleagar na n‑ardán ar líne.

(7)Cé gurb ann do sholúbthacht agus inrochtaineacht mhéadaithe ar an margadh saothair de thoradh na bhforbairtí sin, i gcásanna áirithe is é an toradh a bhíonn orthu dálaí oibre deacra i ngeilleagar na n‑ardán ar líne agus níos faide i gcéin. Fiú mura ndéantar iad a chomhtháthú ina n‑iomláine i ngnó a bpríomhaí ar an gcaoi chéanna agus a dhéantar i gcás oibrithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh daoine féinfhostaithe áirithe go hiomlán neamhspleách ar a bpríomhaí nó d’fhéadfadh sé nach mbeadh a ndóthain cumhachta margála acu chun tionchar a imirt ar a ndálaí oibre. Thairis sin, d’fhág géarchéim COVID-19 go bhfuil go leor daoine féinfhostaithe níos leochailí fós toisc go ndearnadh an scéal a dtuillimh níos measa arís de dheasca scéimeanna slándála sóisialta náisiúnta atá lag nó nach ann dóibh in aon chor ná nach ann do bhearta tacaíochta tiomnaithe ach oiread 10 .

(8)Nuair a bhíonn daoine féinfhostaithe i staid is inchomparáide le staid oibrithe, féadfar iad a mheas, i gcásanna aonair, mar dhaoine féinfhostaithe bréagacha agus féadfaidh údaráis/cúirteanna náisiúnta iad a athaicmiú mar oibrithe. Féadfar grúpaí áirithe a mheas mar oibrithe freisin de bhua toimhde dhlíthiúil. Mar sin féin, i gcásanna nár athaicmíodh iad mar oibrithe, d’fhéadfadh rochtain ar chómhargáil a bheith ina gcuidiú dóibh a ndálaí oibre a fheabhsú.

(9)Tá feidhm ag an toirmeasc ar Airteagal 101 CFAE maidir le ‘gnóthais’, ar coincheap leathan é lena gcumhdaítear aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, gan beann ar a stádas dlíthiúil, agus ar an gcaoi a maoinítear é 11 . Dá bhrí sin, i bprionsabal, is gnóthais de réir bhrí Airteagal 101 CFAE iad daoine féinfhostaithe iarbhír, fiú más daoine aonair iad atá ag obair leo féin, ós rud é go mbíonn a gcuid seirbhísí á dtairiscint acu ar luach saothair ar mhargadh ar leith agus go ndéanann siad a gcuid gníomhaíochtaí mar oibreoirí eacnamaíocha neamhspleácha 12 . Is féidir le soláthraí seirbhíse an stádas mar ghnóthas a chailleadh, ní hamháin nuair atá sé faoi cleithiúnais, sa chleachtas, ach freisin i gcásanna spleáchas eacnamaíoch, bunaithe ar mheasúnú ar fhíorais cáis ar leith 13 . Forbairtí reatha i margadh an tsaothair, agus go háirithe teacht chun cinn gheilleagar na n‑ardán ar líne, cuireann na rudaí sin leis an éiginnteacht a mhéid a bhaineann leis na himthosca faoinar féidir a mheas go bhfuil comhaontuithe cómhargála arna dtabhairt i gcrích ag daoine féinfhostaithe nó thar a gceann lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101 CFAE.

(10)Sa chomhthéacs sin, soiléirítear leis na Treoirlínte sin i) go bhfuil catagóirí áirithe comhaontuithe cómhargála lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101 CFAE; agus ii) nach ndéanfaidh an Coimisiún idirghabháil in aghaidh catagóirí áirithe eile comhaontuithe cómhargála.

(11)Tugtar míniú sna Treoirlínte seo ar an gcaoi a gcuirfidh an Coimisiún dlí iomaíochta an Aontais i bhfeidhm, gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha ná prionsabal eile de dhlí an Aontais. Ní dhéanann na Treoirlínte seo difear do shainchumais na mBallstát maidir le beartas sóisialta ná neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta. Ina theannta sin, tá siad gan dochar do na sainmhínithe ar na téarmaí ‘oibrí’ nó ‘duine féinfhostaithe’ faoin dlí náisiúnta 14 . Ní dhéanann siad sin difear d’inniúlachtaí na mBallstát nó na gcomhpháirtithe sóisialta a mhéid a bhaineann le heagrú comhchaibidlíochtaí faoi chuimsiú dhlí an tsaothair, ná don deis atá ag na páirtithe conarthacha a stádas fostaíochta a athaicmiú (nó na húdaráis inniúla/na cúirteanna chun measúnú a dhéanamh ar chásanna den sórt sin) faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

(12)Tá na Treoirlínte seo gan dochar freisin do léirmhíniú breise na Cúirte ar Airteagal 101 CFAE i ndáil le comhaontuithe cómhargála. Ní dhéanann siad difear do chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais, mar a leagtar síos in Airteagal 42 CFAE ná do reachtaíocht ábhartha an Aontais 15 maidir le hearnálacha na talmhaíochta agus an iascaigh. Thairis sin, is infheidhme iad gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 101(3) CFAE, lena ndíolmhaítear comhaontuithe ó Airteagal 101(1) CFAE, ar comhaontuithe iad (i) a chuidíonn le feabhas a chur ar tháirgeadh/dáileadh earraí nó le dul chun cinn teicniúil nó eacnamaíoch a chur chun cinn; (ii) a chuireann cion cothrom dá sochair ar aghaidh chuig tomhaltóirí (iii) nach bhfuil iontu ach srianta atá fíor-riachtanach leis an iomaíocht agus (iv) nach dtugann deis do na páirtithe deireadh a chur le hiomaíocht i leith cuid shubstaintiúil de na táirgí nó de na seirbhísí atá i gceist 16

(13)Chun aon amhras a sheachaint, comhaontuithe cómhargála arna dtabhairt i gcrích ag daoine féinfhostaithe nach gcumhdaítear leis na Treoirlínte seo, ní sháraíonn siad Airteagal 101 CFAE go huathoibríoch, ach tá gá le measúnú aonair ina leith.

2.RAON FEIDHME GINEARÁLTA CHUR I BHFEIDHM NA dTREOIRLÍNTE SEO

(a)Na cineálacha comhaontuithe a chumhdaítear leis na Treoirlínte seo

(14)Tá feidhm ag na Treoirlínte seo maidir leis na comhaontuithe uile arna gcaibidliú agus/nó arna dtabhairt i gcrích go comhpháirteach idir catagóirí áirithe daoine féinfhostaithe aonair ar thaobh amháin agus a gcontrapháirtí/contrapháirtithe ar an taobh eile (dá ngairtear ‘comhaontuithe cómhargála’ anseo), sa mhéid go mbaineann siad, de réir a gcineáil agus a gcuspóra, le dálaí oibre na ndaoine féinfhostaithe aonair sin.

(15)Gan dochar do lánrogha na mBallstát a mhéid a bhaineann le raon feidhme agus foirm na mbealaí comhionadaíochta do dhaoine féinfhostaithe, tá feidhm ag na Treoirlínte seo maidir le gach cineál comhchaibidlíochta, ó chaibidlíochtaí trí chomhpháirtithe sóisialta nó comhlachais eile go margáil dhíreach ag grúpa daoine féinfhostaithe aonair lena gcontrapháirtithe nó le comhlachais de na contrapháirtithe sin. Cumhdaítear leo freisin cásanna inar mian le daoine féinfhostaithe aonair a bheith cumhdaithe faoi chomhaontú cómhargála atá ann cheana arna thabhairt i gcrích idir an contrapháirtí dá n‑oibríonn siad agus grúpa oibrithe/daoine féinfhostaithe aonair.

(16)Ar na dálaí oibre a bhaineann le daoine féinfhostaithe aonair, tá luach saothair, am oibre agus patrúin oibre, laethanta saoire, cead neamhláithreachta, spásanna fisiciúla ina ndéantar an obair, sláinte agus sábháilteacht, árachas agus slándáil shóisialta, agus na dálaí faoina bhfuil an duine féinfhostaithe aonair i dteideal scor dá sheirbhísí a sholáthar, mar shampla, mar fhreagairt ar sháruithe ar an gcomhaontú a bhaineann leis na dálaí oibre. Mar sin féin, is gá measúnú aonair a dhéanamh ar chomhaontuithe faoina ndéanann daoine féinfhostaithe aonair cinneadh i dteannta a chéile gan seirbhísí a sholáthar do chontrapháirtithe ar leith, mar shampla, i gcás nach bhfuil an contrapháirtí toilteanach comhaontú a dhéanamh maidir le dálaí oibre. Cuireann comhaontuithe den sórt sin srian leis an soláthar saothair agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaí ábhair imní ó thaobh na hiomaíochta de teacht chun cinn dá bharr sin. A mhéid is féidir a léiriú go bhfuil an diúltú comhordaithe sin do sholáthar saothair riachtanach agus comhréireach chun an comhaontú cómhargála a chaibidliú nó a thabhairt i gcrích, chun críocha na dTreoirlínte seo, caithfear leis ar an mbealach céanna agus a chaithfear leis an gcomhaontú cómhargála lena bhfuil sé nasctha (nó lena mbeadh sé nasctha i gcás caibidlíochtaí nár éirigh leo).

(17)Chun comhaontuithe cómhargála a thabhairt i gcrích, ní mór do na páirtithe iomadúla comhordú a dhéanamh ar gach taobh caibidlíochta sula dtabharfar an comhaontú cómhargála i gcrích. Féadfaidh comhordú den sórt sin a bheith i bhfoirm chomhaontaithe nó i bhfoirm malartaithe faisnéise nó i bhfoirm cumarsáide idir na páirtithe ar gach taobh den chaibidlíocht chun cur chuige coiteann maidir leis an ábhar agus le foirm na caibidlíochta a chinneadh (e.g. ar bhonn iltaobhach nó trí ionadaithe a cheapadh). Arís, sa mhéid gur riachtanach agus gur comhréireach comhordú den sórt sin chun an comhaontú cómhargála a chaibidliú nó a thabhairt i gcrích, chun críocha na dTreoirlínte seo, caithfear leis ar an mbealach céanna agus a chaithfear leis an gcomhaontú cómhargála lena bhfuil sé nasctha.

(18)Ní chumhdaítear leis na Treoirlínte seo cinntí a dhéanann comhlachais ná comhaontuithe idir daoine féinfhostaithe aonair lasmuigh de chomhthéacs na gcaibidlíochtaí (nó ullmhúcháin do chaibidlíochtaí) le contrapháirtí chun dálaí oibre daoine féinfhostaithe a fheabhsú. Go háirithe, ní chumhdaítear leo comhaontuithe a théann thar rialáil dálaí oibre trí na dálaí féin a chinneadh (go háirithe na praghsanna), is é sin na dálaí faoina ndéanann na daoine féinfhostaithe aonair nó contrapháirtí seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí 17 , agus ní chumhdaítear ach oiread comhaontuithe lena dteorannaítear saoirse na bhfostóirí na soláthraithe saothair atá ag teastáil uathu a fhostú.

Sampla 1

Cás: Soláthraíonn seachadóirí féinfhostaithe aonair a gcuid seirbhísí do na trí ardán seachadta atá gníomhach i gcathair B. Tá comhaontú cómhargála i bhfeidhm idir na hardáin seachadta agus na seachadóirí, comhaontú ina leagtar amach na táillí nach mór do na hardáin a íoc leis na seachadóirí as a gcuid seirbhísí, mar aon le híosoibleagáidí sláinte agus sábháilteachta na n‑ardán i leith na seachadóirí. Leis an gcomhaontú cómhargála, déantar foráil maidir lena gcuid seirbhísí a theorannú go limistéar sonrach sa chathair ag na seachadóirí. Chun na críche sin, leis an gcomhaontú roinntear an chathair ina trí limistéar ar leithligh, limistéar amháin le haghaidh seachadóirí gach ardáin ar leithligh. Lasmuigh den chomhaontú sin, comhaontaíonn na seachadóirí féinfhostaithe aonair i gcathair B eatarthu féin nach ndéanfaidh siad breis agus 20 seachadadh i dtréimhse 4 uair an chloig le linn lá oibre.

Anailís: Sa sampla tá dhá chomhaontú idir na gnóthais de réir bhrí Airteagal 101 CFAE: (i) an comhaontú cómhargála idir na hardáin agus na seachadóirí féinfhostaithe aonair; (ii) an comhaontú ar leithligh idir na seachadóirí féinfhostaithe aonair maidir le huaslíon na seachadtaí. Cumhdaítear an comhaontú cómhargála leis na Treoirlínte seo, toisc gur eascair sé as comhchaibidlíochtaí agus toisc go ndéanann sé na dálaí oibre (táillí, dálaí sláinte agus sábháilteachta) faoina soláthraíonn na seachadóirí féinfhostaithe aonair a gcuid seirbhísí do na hardáin a rialú. Maidir leis an gcuid sin den chomhaontú cómhargála a roinneann críoch na cathrach idir na trí ardán, áfach, ní bhaineann sí lena ndálaí oibre ach is comhaontú um páirtiú i margadh í, comhaontú ar dócha go gcuirfidh sé srian leis an iomaíocht de réir cuspóra de réir bhrí Airteagal 101 CFAE 18 .  

Os a choinne sin, i gcás an chomhaontaithe ar leithligh idir na seachadóirí féinfhostaithe aonair maidir le líon na seachadtaí in aghaidh an lae oibre, níl sé ann mar thoradh ar chomhchaibidlíochtaí idir na daoine féinfhostaithe aonair agus a gcontrapháirtí nó a gcontrapháirtithe agus, dá bhrí sin, ní chumhdófar leis na Treoirlínte seo é ach ba cheart anailís ar leithligh a dhéanamh air.

Sampla 2

Cás: Comhaontaíonn na clubanna spóirt i mBallstát X eatarthu féin gan lúthchleasaithe a earcú ó chéile, ar feadh thréimhse a gconarthaí leis an gclub spóirt faoi seach. Déanann na clubanna comhordú freisin maidir le leibhéil luach saothair lúthchleasaithe atá níos sine ná 35 bliana d’aois.

Anailís: Is ionann na socruithe idir na clubanna spóirt agus comhaontuithe idir gnóthais de réir bhrí Airteagal 101 CFAE. Ní chumhdaítear na socruithe sin leis na Treoirlínte seo, toisc nach ndéantar iad a chaibidliú idir daoine féinfhostaithe aonair agus a gcontrapháirtithe agus dá bhrí sin, ní comhaontuithe cómhargála iad. Is dócha go sáróidh an chéad socrú Airteagal 101 CFAE de réir cuspóra, toisc go gcuireann sé srian leis an iomaíocht idir na clubanna spóirt maidir leis na lúthchleasaithe is fearr sa mhargadh a earcú. Is dócha go sáróidh an dara socrú (socrú pá) Airteagal 101 CFAE de réir cuspóra freisin, ós rud é gur comhaontú idir iomaitheoirí (na clubanna) é go bunúsach chun a gcostais ionchuir a laghdú.

Ar an iomlán, léirítear leis an sampla seo cleachtais ghnóthas sna margaí saothair, ar cleachtais iad atá go soiléir lasmuigh de raon feidhme na dTreoirlínte seo agus ar dócha go sáróidh siad Airteagal 101 CFAE. Go háirithe, i gcás chomhaontuithe an tsampla idir na clubanna spóirt, is dócha go sáróidh siad Airteagal 101 CFAE gan beann ar cé acu a bhaineann siad le daoine féinfhostaithe nó le hoibrithe.

(b)Na daoine a chumhdaítear leis na Treoirlínte seo

(19)Cumhdaítear leis na Treoirlínte seo comhaontuithe cómhargála a bhaineann le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair (féach Ranna III agus IV de na Treoirlínte seo). Chun críocha na dTreoirlínte seo, tagraíonn an téarma ‘daoine féinfhostaithe aonair’ do dhaoine nach bhfuil conradh fostaíochta acu nó nach bhfuil i gcaidreamh fostaíochta agus a bhraitheann go príomha ar a saothar pearsanta féin chun na seirbhísí lena mbaineann a sholáthar. Féadfaidh daoine féinfhostaithe aonair earraí nó sócmhainní áirithe a úsáid chun a gcuid seirbhísí a sholáthar. Mar shampla, úsáideann glantóir gabhálais ghlantacháin agus seinneann ceoltóir uirlis cheoil. Sna cásanna sin, úsáidtear na hearraí mar mhodh tánaisteach chun an tseirbhís deiridh a sholáthar, agus dá bhrí sin, mheasfaí gur ag brath ar a saothar pearsanta atá na daoine féinfhostaithe aonair. Os a choinne sin, níl feidhm ag na Treoirlínte seo i gcás nach bhfuil i gceist le gníomhaíocht eacnamaíoch an duine féinfhostaithe aonair ach earraí nó sócmhainní a chomhroinnt nó a shaothrú, nó earraí nó seirbhísí a athdhíol. Mar shampla, i gcás ina ligeann duine féinfhostaithe aonair lóistín ar cíos nó i gcás ina n‑athdhíolann sé páirteanna mótarfheithicleacha, baineann na gníomhaíochtaí sin le saothrú sócmhainní agus athdhíol earraí, seachas le saothar pearsanta a sholáthar.

(20)I Roinn III de na Treoirlínte seo, leagtar amach catagóirí na gcomhaontuithe cómhargála a bhaineann le daoine féinfhostaithe aonair a mheasann an Coimisiún iad a bheith lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101 CFAE agus leagtar amach i Roinn IV catagóirí na gcomhaontuithe cómhargála nach ndéanfaidh an Coimisiún idirghabháil ina gcoinne. Catagóirí na ndaoine féinfhostaithe aonair agus/nó na gcomhaontuithe cómhargála a shainaithnítear i Roinn III agus IV de na Treoirlínte seo, ba cheart dóibh na prionsabail ghinearálta lena sainítear raon feidhme na dTreoirlínte seo a leagtar amach sa Roinn II seo a urramú agus a chomhlíonadh ina n‑iomláine.

3.COMHAONTUITHE CÓMHARGÁLA LE DAOINE FÉINFHOSTAITHE AONAIR IS INCHOMPARÁIDE LE hOIBRITHE LASMUIGH DE RAON FEIDHME AIRTEAGAL 101 CFAE

(21)I gcásanna ina meastar gur i staid is inchomparáide le staid oibrithe atá daoine féinfhostaithe aonair, ba cheart a mheas go bhfuil a gcomhaontuithe cómhargála lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101 CFAE cibé acu a chomhlíonfaidís na critéir le bheith ina ndaoine féinfhostaithe bréagacha (féach mír (5) de na Treoirlínte seo) nó nach gcomhlíonfaidís 19 .

(22)Rialaigh an Chúirt gur féidir comhaontú cómhargála lena gcumhdaítear soláthraithe seirbhíse féinfhostaithe a mheas mar thoradh ar an agallamh idir lucht bainistíochta agus lucht saothair más i staid is inchomparáide le staid oibrithe atá na soláthraithe seirbhíse 20 agus dhearbhaigh sí ‘nach mbíonn sé éasca i gcónaí i ngeilleagar an lae inniu stádas roinnt conraitheoirí féinfhostaithe a shuí mar “ghnóthais”’ 21 . Rialaigh an Chúirt freisin ‘gur féidir le soláthraí seirbhísí a stádas mar thrádálaí neamhspleách a chailleadh, agus dá réir sin a stádas mar ghnóthas, mura gcinneann sé go neamhspleách a iompar féin ar an margadh, ach má bhraitheann sé go hiomlán ar a phríomhaí, toisc nach air a bhíonn aon cheann de na rioscaí suntasacha airgeadais nó tráchtála a eascraíonn as gníomhaíocht an phríomhaí agus toisc gur mar fhoras tánaisteach laistigh de ghnóthas an phríomhaí a ghníomhaíonn sé’ 22 .

(23)Ar bhonn na gcritéar sin agus forbairtí i margadh saothair an Aontais agus forbairtí ar an leibhéal náisiúnta á gcur san áireamh (i dtéarmaí na reachtaíochta agus na dlí‑eolaíochta), chun críocha na dTreoirlínte seo, measann an Coimisiún gur i staid is inchomparáide le hoibrithe atá na catagóirí seo a leanas de dhaoine féinfhostaithe aonair agus, dá bhrí sin, go bhfuil comhaontuithe cómhargála a thugann siad i gcrích lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101 CFAE 23 :

(a)Daoine féinfhostaithe aonair atá i gcleithiúnas go heacnamaíoch

(24)Daoine féinfhostaithe aonair a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí go heisiach nó den chuid is mó do chontrapháirtí amháin, is dócha go mbeidh siad i gcleithiúnas go heacnamaíoch i leith an chontrapháirtí sin. I gcoitinne, ní chinneann na daoine féinfhostaithe aonair sin a n‑iompar go neamhspleách ar an margadh agus braitheann siad den chuid is mó ar a gcontrapháirtí, agus is cuid lárnach de ghnó an chontrapháirtí iad. Ina theannta sin, is mó an seans go bhfaighidh siad treoracha maidir leis an gcaoi ar cheart a gcuid oibre a dhéanamh. Tá cás na ndaoine féinfhostaithe aonair atá i gcleithiúnas go heacnamaíoch aitheanta ag roinnt dlíthe náisiúnta lena dtugtar an ceart chun cómhargála do na daoine féinfhostaithe aonair sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach ag na bearta náisiúnta lena mbaineann 24

(25)Measann an Coimisiún gur i staid chleithiúnais eacnamaíoch atá duine féinfhostaithe aonair nuair is ó aon chontrapháirtí amháin a thuilleann sé ar a laghad 50 % dá ioncam bliantúil a bhaineann leis an obair. Dá bhrí sin, maidir le comhaontuithe cómhargála a bhaineann le feabhas a chur ar dhálaí oibre a thugtar i gcrích idir daoine féinfhostaithe aonair atá i staid chleithiúnais eacnamaíoch agus a gcontrapháirtí lena bhfuil siad i gcleithiúnas go heacnamaíoch, is lasmuigh d’Airteagal 101 CFAE atá siad, fiú mura bhfuil na daoine féinfhostaithe atá i gceist athaicmithe ina n‑oibrithe ag na húdaráis náisiúnta ná ag na cúirteanna.

Sampla 3

Cás: Is gnólacht ailtirí í Cuideachta X, gnólacht a fhostaíonn líon mór ailtirí (féinfhostaithe) ar conradh chun a chuid tionscadal a chur i gcrích. Tuilleann na hailtirí 90 % dá n‑ioncaim ó Chuideachta X. Déanann siad comhaontú a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích go comhpháirteach le Cuideachta X, comhaontú lena bhforáiltear maidir le huasmhéid de 45 uair an chloig am oibre in aghaidh na seachtaine, saoire bhliantúil de 26 lá féilire agus rátaí sonracha luach saothair bunaithe ar thaithí an ailtire. 

Anailís: I gcás ailtirí féinfhostaithe, is gnách go meastar gur gnóthais iad chun críocha Airteagal 101 CFAE, ar aon dul le conraitheoirí neamhspleácha eile, agus dá bhrí sin, tá feidhm ag an bhforáil sin maidir le comhaontuithe eatarthu. Mar sin féin, bheadh an comhaontú a tugadh i gcrích idir na hailtirí féinfhostaithe agus Cuideachta X lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101 CFAE, toisc gur comhaontú cómhargála a bhaineann le dálaí oibre é, idir Cuideachta X agus daoine aonair ar féidir a mheas gur i staid is inchomparáide le staid oibrithe atá siad (i dtéarmaí a gcleithiúnais eacnamaíoch de). Sa sampla seo, tá na hailtirí i gcleithiúnas eacnamaíoch lena gcontrapháirtí (Cuideachta X), toisc gur ón gcuideachta sin a thuilleann siad 90 % dá n‑ioncam. Mar sin de, is féidir a mheas gur cuid lárnach de Chuideachta X iad.

(b)Daoine féinfhostaithe aonair a oibríonn ‘i dteannta’ oibrithe

(26)Daoine féinfhostaithe aonair a dhéanann na tascanna céanna nó tascanna comhchosúla ‘i dteanna’ oibrithe le haghaidh an chontrapháirtí chéanna, is i staid is inchomparáide le staid oibrithe atá siad, toisc go soláthraíonn siad a gcuid seirbhísí faoi threoir a gcontrapháirtí agus nach orthu atá na rioscaí tráchtála a bhaineann le gníomhaíocht an chontrapháirtí nó toisc nach bhfuil aon neamhspleáchas acu a mhéid a bhaineann le feidhmiú na gníomhaíochta eacnamaíche lena mbaineann. Is faoi na húdaráis náisiúnta inniúla nó na cúirteanna atá sé cinneadh a dhéanamh ar cheart gaol conarthach daoine féinfhostaithe a oibríonn i dteanna le hoibrithe a athaicmiú mar chaidreamh fostaíochta. Mar sin féin, i gcásanna nach bhfuil na daoine féinfhostaithe aonair athaicmithe ina n‑oibrithe, féadfaidh siad leas a bhaint as an gcómhargáil go fóill. Aithnítear sin leis an gcleachtas i roinnt Ballstát ina gcumhdaítear le comhaontuithe cómhargála oibrithe agus daoine féinfhostaithe araon atá gníomhach sna hearnálacha céanna 25 .

(27)Dá bhrí sin, maidir le comhaontuithe cómhargála a bhaineann le dálaí oibre idir contrapháirtí agus daoine féinfhostaithe aonair a dhéanann na tascanna céanna nó tascanna comhchosúla ‘i dteannta’ oibrithe don chontrapháirtí céanna, is lasmuigh d’Airteagal 101 CFAE atá siad, fiú mura bhfuil na daoine féinfhostaithe atá i gceist athaicmithe ina n‑oibrithe ag na húdaráis náisiúnta ná ag na cúirteanna. Is amhlaidh atá freisin maidir le comhaontuithe cómhargála lena gcumhdaítear, i gcomhréir le córais agallaimh shóisialta, oibrithe agus daoine féinfhostaithe aonair araon.

Sampla 4

Cás: Eagraíonn Cuideachta X ceolchoirmeacha ceolfhoirne agus imeachtaí ceoil chlasaicigh eile. Oibríonn roinnt ceoltóirí do Chuideachta X mar oibrithe nó mar dhaoine féinfhostaithe, ar bhonn conarthaí bliantúla. Is é stiúrthóir cultúir Chuideachta X a thugann treoir do na ceoltóirí sin, gan beann ar a stádas, maidir leis na saothair nach mór dóibh a sheinm, maidir le huainiú agus áit na gcleachtaí agus maidir leis na himeachtaí nach mór dóibh a bheith rannpháirteach iontu. Tá comhaontú cómhargála tugtha i gcrích ag Cuideachta X leis na ceoltóirí ar fad. Suitear ann uasteorainn de 45 uair an chloig oibre in aghaidh na seachtaine agus deonaítear do na ceoltóirí leis 1 lá amháin saoire speisialta tar éis 3 cheolchoirm a dhéanamh laistigh den tseachtain chéanna.

Anailís: Is i staid is inchomparáide le staid oibrithe Chuideachtaí X atá na ceoltóirí féinfhostaithe aonair, i dtéarmaí cleithiúnais agus cosúlacht tascanna. Déanann siad na tascanna céanna agus a dhéanann na ceoltóirí fostaithe (i.e. seinneann siad ceol le haghaidh imeachtaí), tá siad faoi réir na dtreoracha céanna ó Chuideachta X maidir le hábhar, áit agus uainiú na léirithe agus fostaítear iad ar feadh fad comhchosúil leis na ceoltóirí fostaithe. Faoi na cúinsí sin, is lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101 CFAE atá an comhaontú cómhargála lena rialaítear dálaí oibre na gceoltóirí.

(c)Daoine féinfhostaithe aonair a oibríonn trí ardáin saothair dhigiteacha

(28)Le teacht chun cinn gheilleagar na n‑ardán ar líne agus soláthair saothair trí ardáin saothair dhigiteacha, cruthaíodh réaltacht nua le haghaidh daoine féinfhostaithe aonair áirithe, daoine atá anois i staid is inchomparáide le staid oibrithe i leith na n‑ardán saothair digiteach a soláthraíonn siad a saothar tríothu nó dóibh. Féadfaidh daoine féinfhostaithe aonair a bheith spleách ar ardáin dhigiteacha, go háirithe i dtéarmaí for-rochtana dá gcustaiméirí, agus is minic a d’fhéadfaí tairiscintí oibre ‘tóg é nó fág é’ a bheith rompu, gan mórán raon feidhme nó gan raon feidhme ar bith a ndálaí oibre a chaibidliú, lena n‑áirítear a luach saothair. Is iondúil go mbíonn ardáin saothair dhigiteacha in ann téarmaí agus coinníollacha a gcaidrimh a fhorchur go haontaobhach, gan réamhfhógra a thabhairt do na daoine féinfhostaithe aonair nó gan dul i gcomhairle leo roimh ré. 

(29)Le forbairtí sa dlí‑eolaíocht agus sa reachtaíocht le déanaí ar an leibhéal náisiúnta, soláthraítear táscairí breise maidir le hinchomparáideacht na ndaoine féinfhostaithe sin le hoibrithe. I gcomhthéacs cásanna um athaicmiú, aithníonn cúirteanna náisiúnta níos mó ná riamh spleáchas soláthraithe seirbhísí ar chineálacha áirithe ardán, nó ar a laghad aithníonn siad go bhfuil caidreamh fostaíochta ann 26 . Ar an gcaoi chéanna, tá reachtaíocht glactha ag roinnt Ballstát 27 lena mbunaítear toimhde maidir le caidreamh fostaíochta nó an ceart chun cómhargála le haghaidh soláthraithe seirbhíse a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí d’ardáin dhigiteacha nó tríothu. 

(30)Chun críocha na dTreoirlínte seo, ciallaíonn an téarma ardán saothair digiteach aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís tráchtála a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas ar fad: (i) soláthraítear cuid di ar a laghad, go cianda trí mhodhanna leictreonacha, amhail trí shuíomh gréasán nó trí fheidhmchlár móibíleach; (ii) soláthraítear í arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse; agus (iii) baineann léi, mar chuid riachtanach agus bhunúsach, eagrú na hoibre a dhéanann daoine aonair, bíodh an obair sin á déanamh ar líne nó i suíomh áirithe. Ardáin nach n‑eagraíonn obair daoine aonair agus nach ndéanann ach modh a sholáthar trínar féidir leis na daoine féinfhostaithe aonair teagmháil a dhéanamh le húsáideoirí deiridh, ní ardáin saothair dhigiteacha iad. Mar shampla, ardán nach ndéanann ach na soláthraithe seirbhíse (e.g. pluiméirí) atá ar fáil i gceantar ar leith a bhailiú agus a thaispeáint, lena ligtear dá réir sin do chustaiméirí a gcuid seirbhísí a úsáid ar éileamh, ní mheastar gur ardán saothair digiteach é, toisc nach n‑eagraíonn sé obair na soláthraithe seirbhíse.

(31)I bhfianaise na mbreithnithe sin, maidir le comhaontuithe cómhargála idir daoine féinfhostaithe aonair agus ardáin saothair dhigiteacha arb é is aidhm dóibh, trína nádúr agus trína gcuspóir, feabhas a chur ar dhálaí oibre, is lasmuigh d’Airteagal 101 CFAE atá siad, fiú mura bhfuil na daoine féinfhostaithe atá i gceist athaicmithe ina n‑oibrithe ag na húdaráis náisiúnta ná ag na cúirteanna.



Sampla 5

Cás: Téann grúpa tiománaithe atá ag obair d’ardáin seirbhíse taistil ar ordú i mbun caibidlíocht leis an gcomhlachas réigiúnach, ina dtugtar le chéile mar chomhaltaí na hardáin seirbhíse taistil ar ordú, chun comhaontú cómhargála a thabhairt i gcrích le dálaí oibre na dtiománaithe a fheabhsú. Sula dtéann siad i mbun caibidlíocht leis na tiománaithe, comhordaíonn na hardáin seirbhíse taistil ar ordú (comhaltaí an chomhlachais) a straitéis chaibidlíochta. Ar deireadh thiar thall teipeann ar an gcaibidlíocht agus ní thugtar aon chomhaontú cómhargála i gcrích. Ina dhiaidh sin, glacann comhlachas na n‑ardán seirbhíse taistil ar ordú cinneadh lena leagtar síos íosphraghas EUR 5 in aghaidh an turais do thomhaltóirí. Phléigh na hardáin freisin an fhéidearthacht íosphraghas in aghaidh an turais a shocrú mar chuid dá gcomhordú sula ndeachaigh siad i mbun caibidlíocht leis na tiománaithe.

Anailís: Trína gcomhlachas déanann na hardáin seirbhíse taistil ar ordú iarracht comhaontú cómhargála a chaibidliú leis na tiománaithe, arb é is aidhm dó dálaí oibre na dtiománaithe a fheabhsú. Cé nach dtugtar aon chomhaontú i gcrích ar deireadh, an chaibidlíocht idir na tiománaithe féinfhostaithe aonair agus comhlachas na n‑ardán, ní thiocfadh sí faoi raon feidhme Airteagal 101 CFAE. Tá feidhm ag an méid céanna maidir leis an gcomhordú idir na hardáin roimh an gcaibidlíocht leis na tiománaithe, ar choinníoll go bhfuil an comhordú sin riachtanach agus comhréireach chun comhaontú cómhargála arna gcumhdach ag na Treoirlínte seo a chaibidliú.

Ach an plé idir na hardáin maidir leis an íosphraghas in aghaidh an turais a ghearrfar ar thomhaltóirí, ní bhaineann sé sin le dálaí oibre. Comhordú den sórt sin ar phraghsáil idir iomaitheoirí, is dócha go sáródh sé Airteagal 101 CFAE de réir cuspóra. Ar aon chuma, an cinneadh a ghlac comhlachas na n‑ardán seirbhíse taistil ar ordú, ní thiocfadh sé faoi raon feidhme na dTreoirlínte seo mar níor tháinig sé as comhchaibidlíochtaí idir daoine féinfhostaithe aonair agus a gcontrapháirtithe. Tháinig sé as comhaontú idir comhaltaí an chomhlachais, i.e. na hardáin (contrapháirtithe).

Os a choinne sin, dá mba rud é gur chomhaontaigh na tiománaithe féinfhostaithe aonair agus comhlachas na n‑ardán íostáille EUR 5 in aghaidh an turais do na tiománaithe (gan beann ar an gcaoi a ngearrtar an costas sin ar thomhaltóirí), mheasfaí go mbainfí comhaontú den sórt sin le dálaí oibre agus mar sin ní thiocfadh sé faoi raon feidhme Airteagal 101 CFAE.

4.TOSAÍOCHTAÍ FORFHEIDHMIÚCHÁIN AN CHOIMISIÚIN

(32)I gcásanna áirithe, daoine féinfhostaithe aonair nach i staid is inchomparáide le staid na n‑oibrithe, féadfaidh siad a bheith i riocht lag margála i leith a gcontrapháirtithe agus dá bharr sin d’fhéadfadh sé nach mbeidís in ann tionchar suntasach a bheith acu ar a ndálaí oibre. Mar sin, fiú mura féidir glacadh leis go dtagann a gcomhaontuithe cómhargála lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101 CFAE, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na daoine féinfhostaithe aonair aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna céanna le daoine féinfhostaithe aonair sna catagóirí a thuairiscítear thuas. Ar an gcúis sin, sa mhéid gurb aidhm do chomhaontuithe comhchoiteanna aon éagothroime shoiléir atá ann sa chumhacht mhargála idir daoine féinfhostaithe aonair agus a gcontrapháirtithe a cheartú agus go bhfuil sé beartaithe leo, de réir a gcineáil agus a gcuspóra, feabhas a chur ar dhálaí oibre, ní dhéanfaidh an Coimisiún idirghabháil ina gcoinne.

(33)Breithneofar na catagóirí comhaontuithe cómhargála chun na critéir thuas a chomhlíonadh:

(a)comhaontuithe cómhargála a thugann daoine féinfhostaithe aonair i gcrích le contrapháirtithe a bhfuil acmhainneacht eacnamaíoch ar leith acu

(34)Daoine féinfhostaithe aonair a dhéileálann le contrapháirtithe a bhfuil acmhainneacht eacnamaíoch ar leith acu, agus dá bhrí sin cumhacht an cheannaitheora acu, d’fhéadfadh sé nach mbeadh cumhacht mhargála leordhóthanach ag na daoine sin chun tionchar a bheith acu ar a ndálaí oibre. Sa chás sin, féadfaidh comhaontuithe cómhargála a bheith ina modh dlisteanach chun an éagothroime atá ann sa chumhacht mhargála idir an dá thaobh a cheartú. 

(35)Dá réir sin, ní dhéanfaidh an Coimisiún idirghabháil i gcoinne comhaontuithe cómhargála idir daoine féinfhostaithe aonair agus a gcontrapháirtithe i gcásanna ina bhfuil éagothroime shoiléir ann sa chumhacht mhargála 28 . Measfar gurb ann d’éagothroime den sórt sa chumhacht mhargála más fíor an méid seo a leanas ar a laghad:

·i gcás ina ndéanann daoine féinfhostaithe aonair comhaontuithe cómhargála a chaibidliú nó a thabhairt i gcrích le contrapháirtí amháin nó níos mó, contrapháirtí a dhéanann ionadaíocht ar an earnáil nó ar an tionscal iomlán; agus

·i gcás ina ndéanann daoine féinfhostaithe aonair comhaontuithe cómhargála a chaibidliú nó a thabhairt i gcrích le contrapháirtí a bhfuil láimhdeachas comhiomlán bliantúil níos mó ná EUR 2 milliún acu nó a bhfuil líon a fhoirne comhionann le deichniúr nó níos mó, sin nó comhaontú le roinnt contrapháirtithe éagsúla a sháraíonn ceann amháin de na tairseacha sin 29 .



Sampla 6

Cás: Soláthraíonn cuideachtaí X, Y agus Z seirbhísí cothabhála agus deisiúcháin mótarfheithiclí. Is é EUR 700,000 láimhdeachas iomlán Chuideachta X, is é EUR 1 milliún láimhdeachas iomlán Chuideachta Y agus is é EUR 500,000 láimhdeachas iomlán Chuideachta Z. Níl teicneoirí féinfhostaithe aonair atá ag obair do na cuideachtaí sin mar sholáthraithe seirbhíse neamhspleácha sásta lena luach saothair íseal agus leis na droch‑choinníollacha sábháilteachta, agus cinneann siad dul i mbun caibidlíocht go comhpháirteach le Cuideachtaí X, Y agus Z chun feabhas a chur ar a ndálaí oibre. Diúltaíonn na trí chuideachta dul i mbun caibidlíochta agus maíonn siad go sárófaí Airteagal 101 CFAE le haon chomhaontú cómhargála leis na teicneoirí féinfhostaithe aonair.

Anailís: Is gnóthais iad na teicneoirí féinfhostaithe aonair agus na trí chuideachta seirbhísí mótarfheithiclí chun críocha Airteagal 101 CFAE. Toimhde na héagothroime sa chumhacht margála, ní bheadh feidhm aici dá rachadh Cuideachtaí X, Y nó Z i mbun caibidlíochta go neamhspleách, mar ní shroicheann aon cheann acu tairseach láimhdeachais EUR 2 milliún a shonraítear i mír (35) de na Treoirlínte seo. Ach níl feidhm ag an toimhde sa chás sin mar téann na trí chuideachta i mbun caibidlíochta i dteannta a chéile agus mar sin, is é a láimhdeachas comhiomlán a chuirtear san áireamh. Mar sin ní dhéanfaidh an Coimisiún idirghabháil i gcoinne comhaontuithe cómhargála a bhaineann le dálaí oibre na ndaoine féinfhostaithe aonair sa chás seo.

(b)comhaontuithe cómhargála a thugann daoine féinfhostaithe i gcrích de bhun reachtaíocht náisiúnta nó reachtaíocht an Aontais

(36)I gcásanna áirithe, ghníomhaigh an reachtóir náisiúnta, agus cuspóirí sóisialta á saothrú aige, chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime atá ann sa chumhacht mhargála atá ag catagóirí áirithe daoine féinfhostaithe aonair, agus rinne sé é sin (i) tríd an gceart chun cómhargála a dheonú go sainráite do dhaoine den sórt sin nó (ii) trí chomhaontuithe a thugann daoine féinfhostaithe i ngairmithe áirithe i gcrích a eisiamh ó raon feidhme na dlí iomaíochta náisiúnta. Mar sin, nuair a ghlactar bearta náisiúnta den sórt sin agus cuspóirí sóisialta á gcur san áireamh, ní dhéanfaidh an Coimisiún idirghabháil i gcoinne comhaontuithe cómhargála a bhaineann le catagóirí daoine féinfhostaithe aonair a mbaineann reachtaíocht náisiúnta den sórt sin leo. 



Sampla 7

Cás: Le dlí náisiúnta Bhallstát A eisítear ó raon feidhme na dlí iomaíochta náisiúnta comhaontuithe a thugann daoine féinfhostaithe áirithe in earnáil an chultúir i gcrích.

Anailís: Shuigh Ballstát A eisiaimh earnála ó dhlí iomaíochta náisiúnta agus cuspóirí sóisialta á gcur san áireamh aige. Fiú más rud é go bhféadfadh raon feidhme an bhirt dul thar staid na ndaoine féinfhostaithe aonair, mar a phléitear i Roinn III de na Treoirlínte seo é, ní dhéanfaidh an Coimisiún idirghabháil i gcoinne comhaontuithe cómhargála arna ndéanamh ag daoine féinfhostaithe aonair de bhun an bhirt náisiúnta.

Sampla 8

Cás: Le dlí náisiúnta Bhallstát B suitear ceart d’iriseoirí féinfhostaithe aonair cómhargáil a dhéanamh leis na cuideachtaí dá gcuireann siad a gcuid seirbhísí ar fáil.

Anailís: Dheonaigh Ballstát B go sonrach an ceart chun cómhargála do chatagóir áirithe daoine féinfhostaithe, is é sin iriseoirí. Fágann sé sin, maidir le comhaontuithe cómhargála a thugann iriseoirí agus na cuideachtaí dá gcuireann siad seirbhísí ar fáil i gcrích, nach meastar gur comhaontuithe frithiomaíocha iad faoin dlí iomaíochta náisiúnta. Mar sin, sa chás seo ní dhéanfadh an Coimisiún idirghabháil i gcoinne comhaontuithe cómhargála a thugann iriseoirí féinfhostaithe aonair i gcrích.

(37)Ar an tslí chéanna, leis an Treoir maidir le Cóipcheart 30 leagadh síos an prionsabal go mbeidh údair agus taibheoirí 31 i dteideal luach saothair iomchuí agus comhréireach a fháil nuair a dhéanfaidh siad a gcearta eisiacha a cheadúnú nó a aistriú, cearta a bhaineann le saothrú a saothar agus aon ábhar eile atá cosanta ag cóipcheart agus cearta gaolmhara 32 . Is gnách le húdair agus le taibheoirí a bheith i riocht chonarthach níos laige ná a gcontrapháirtithe 33 agus foráiltear sa Treoir go mbeidh an fhéidearthacht ann riocht chonarthach a neartú chun luach saothair cothrom ina gconarthaí saothraithe a áirithiú 34 . Leis an Treoir maidir le Cóipcheart tugtar solúbthacht do na Ballstáit an prionsabal sin a chur chun feidhme trí shásraí éagsúla a úsáid (lena n‑áirítear cómhargáil), chomh fada is atá siad i gcomhréir le dlí an Aontais 35

(38)I gcomhréir leis na forálacha sin agus gan dochar d’aon fhoráil eile den Treoir maidir le Cóipcheart, ní dhéanfaidh an Coimisiún idirghabháil i gcoinne comhaontuithe cómhargála a thugann údair nó taibheoirí féinfhostaithe aonair i gcrích lena gcontrapháirtithe de bhun na Treorach seo.

(39)Ní bhíonn feidhm ag mír (38) de na Treoirlínte seo maidir le comhchaibidlíochtaí a thugtar i gcrích i gcomhthéacs eagraíochtaí comhbhainistíochta nó eintitis bhainistíochta neamhspleácha 36 . Níor cheart a thuiscint as na Treoirlínte seo go ndéantar leo cleachtais na n‑eagraíochtaí nó na n‑eintiteas sin a eisiamh ó chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais a chur i bhfeidhm ar 37 .



Sampla 9 

Cás: Foilsíonn Cuideachta Y nuachtáin agus irisí. Scríobhann iriseoirí éagsúla a oibríonn mar shaoroibrithe ailt le haghaidh fhoilseacháin Chuideachta Y. Íocann Cuideachta Y luach saothair leis na hiriseoirí bunaithe ar na hailt a fhoilsítear i ngach nuachtán nó iris. Níl na hiriseoirí sásta le leibhéal an luacha saothair a fhaigheann siad ó Chuideachta Y agus socraíonn siad go comhpháirteach trí chaibidlíocht le Cuideachta Y go dtiocfaidh méadú 20 % ar na dleachtanna (an luach saothair) a íocann Cuideachta Y leo.

Anailís: I gcomhréir leis na Treoirlínte sin, ní dhéanfaidh an Coimisiún idirghabháil i gcoinne an chomhaontaithe cómhargála a thugann iriseoirí féinfhostaithe aonair (saoririseoirí) agus Cuideachta Y i gcrích mar tugtar an comhaontú i gcrích de bhun na Treorach maidir le Cóipcheart.

(1)    Chun críocha na dTreoirlínte seo, tagraíonn an téarma ‘daoine féinfhostaithe aonair’ do dhaoine nach bhfuil conradh fostaíochta acu nó nach bhfuil i gcaidreamh fostaíochta agus a bhraitheann go príomha ar a saothar pearsanta féin chun na seirbhísí lena mbaineann a sholáthar.
(2)    Chun críocha na dTreoirlínte seo, tagraíonn an téarma ‘contrapháirtithe’ do ghnóthais a ndéanann na daoine féinfhostaithe aonair conradh leo (i.e. a gcustaiméirí gairmiúla), lena n‑áirítear comhlachais gnóthas den sórt sin.
(3)    Teideal VII, Caibidil 1, Roinn 1 CFAE agus Prótacal Uimh. 27 CAE agus CFAE.
(4)    Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, pointe 8; https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/economy-works-people/jobs-growth-and-investment/european-pillar-social-rights/european-pillar-social-rights-20-principles_en .
(5)    Breithiúnas an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, C-413/13, EU:C:2014:2411, mír 22; Breithiúnas an 21 Meán Fómhair 1999, Albany International BV v Stichting Bedrijfspensioenfonds Textielindustrie, C-67/96, EU:C:1999:430, mír 59. Breithiúnas an 11 Nollaig 2007, International Transport Workers’ Federation and Finnish Seamen’s Union v Viking Line ABP and OÜ Viking Line Eesti, C-438/05, EU:C:2007:772, mír 49; Breithiúnas an 9 Iúil 2009, 3F v Commission of the European Communities, C‑319/07, EU:C:2009:435, mír 50.
(6)    Breithiúnas an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, C-413/13, EU:C:2014:2411, mír 23; Breithiúnas an 21 Meán Fómhair 1999, Albany International BV v Stichting Bedrijfspensioenfonds Textielindustrie, C-67/96, EU:C:1999:430, mír 60; Breithiúnas an 21 Meán Fómhair 1999, Brentjens’ Handelsonderneming BV v Stichting Bedrijfspensioenfonds voor de Handel in Bouwmaterialen, C-115/97, EU:C:1999:434, mír 57; Breithiúnas an 21 Meán Fómhair 1999, Maatschappij Drijvende Bokken BV v Stichting Pensioenfonds voor de Vervoer- en Havenbedrijven, C-219/97, EU:C:1999:437, mír 47; Breithiúnas an12 Meán Fómhair 2000 ,Pavel Pavlov and Others v Stichting Pensioenfonds Medische Specialisten, C-180/98, EU:C:2000:428, mír 67; Breithiúnas an 21 Meán Fómhair 2000 ,Hendrik van der Woude v Stichting Beatrixoord, C-222/98, EU:C:2000:475, mír 22; Breithiúnas an 3 Márta 2011, AG2R Prévoyance v Beaudout Père et Fils SARL, C-437/09, EU:C:2011:112, mír 29.
(7)    Murab ionann agus daoine féinfhostaithe iarbhír ar féidir leo a ngníomhaíocht, a n‑áit, a n‑am agus a modh oibre a roghnú gan bhac agus a chur i gcrích ar a bpriacal féin.
(8)    Breithiúnas an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, C-413/13, EU:C:2014:2411, míreanna 30-31;
(9)    Breithiúnas an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, C-413/13, EU:C:2014:2411, míreanna 36-37.
(10)    Parlaimint na hEorpa, Report of 13 October 2021 on the situation of artists and the cultural recovery in the EU (2020/2261(INI)) [Tuarascáil an 13 Deireadh Fómhair 2021 ar staid ealaíontóirí agus an téarnaimh chultúrtha in AE (2020/2261(INI))], An Coiste um Chultúr agus um Oideachas, https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/A-9-2021-0283_EN.html#title1 .
(11)    Breithiúnas an 23 Aibreán 1991, Klaus Höfner and Fritz Elser v Macrotron GmbH, Cás C-41/90, EU:C:1991:161, mír 21; Breithiúnas an 16 Samhain 1995, Fédération Française des Sociétés d’Assurance, Société Paternelle-Vie, Union des Assurances de Paris‑Vie and Caisse d’Assurance et de Prévoyance Mutuelle des Agriculteurs v Ministère de l’Agriculture et de la Pêche, Cás C-244/94, EU:C:1995:392, mír 14; Breithiúnas an 11 Nollaig 1997, Job Centre coop. arl., Cás C-55/96, EU:C:1997:603, mír 21.
(12)    Breithiúnas an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, C-413/13, EU:C:2014:2411, mír 27; Breithiúnas an 28 Feabhra 2013, Ordem dos Técnicos Oficiais de Contas v Autoridade da Concorrência, C-1/12, EU:C:2013:127, míreanna 36-37; Breithiúnas an 14 Nollaig 2006, Confederación Española de Empresarios de Estaciones de Servicio v Compañía Española de Petróleos SA, C‑217/05, EU:C:2006:784, mír 45.
(13)    Breithiúnas an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, C-413/13, EU:C:2014:2411, mír 33; Breithiúnas an 14 Nollaig 2006, Confederación Española de Empresarios de Estaciones de Servicio v Compañía Española de Petróleos SA, C‑217/05, EU:C:2006:784, míreanna 43-44.
(14)    De réir chásdlí socair na Cúirte, is í an ghné riachtanach den chaidreamh fostaíochta ‘go soláthraíonn duine amháin seirbhísí do dhuine eile ar feadh tréimhse áirithe ama agus faoina threoir, ar seirbhísí iad a bhfaigheann sé luach saothair ina leith’. Ba cheart a thabhairt faoi deara go gcinnfear aicmiú duine mar ‘oibrí’ nó mar ‘fhéinfhostaithe’ go príomha de réir an cháis faoin dlí náisiúnta, agus cásdlí na Cúirte á chur san áireamh. Breithiúnas an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, C-413/13, EU:C:2014:2411, mír 34; Breithiúnas an 21 Feabhra 2013,L. N. v Styrelsen for Videregående Uddannelser og Uddannelsesstøtte, C-46/12, EU:C:2013:97, mír 40; Breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2014, Iraklis Haralambidis v Calogero Casilli, C‑270/13, EU:C:2014:2185, mír 28.
(15)    Airteagail 206-210 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle, IO L 347, 20.12.2013, lgh. 671-854. Airteagail 40 go 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000, IO L 354, 28.12.2013, lgh. 1–21.
(16)    Teachtaireacht ón gCoimisiún — Fógra — Guidelines on the application of Article 81(3) of the Treaty [Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 81(3) den Chonradh] IO C 101, 27.4.2004, lgh. 97–118, mír 34.
(17)    Airteagal 2(1) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 304, 22.11.2011, lgh. 64-88.
(18)    Bheadh an chonclúid chéanna ann dá mbeadh foráil sa chomhaontú cómhargála lena rialófaí ábhair eile seachas dálaí oibre, amhail na huaireanta gnó ar lena linn a soláthródh na trí ardáin a gcuid seirbhísí.
(19)    Breithiúnas an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, C-413/13, ECLI:EU:C:2014:2411; Breithiúnas an 21 Meán Fómhair 1999, Albany International BV v Stichting Bedrijfspensioenfonds Textielindustrie, C-67/96, EU:C:1999:430.
(20)    Breithiúnas an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, C-413/13, ECLI:EU:C:2014:2411, mír 31.
(21)    Breithiúnas an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, C-413/13, ECLI:EU:C:2014:2411, mír 32.
(22)    Breithiúnas an 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, C-413/13, ECLI:EU:C:2014:2411, mír 33; Breithiúnas an 14 Nollaig 2006, Confederación Española de Empresarios de Estaciones de Servicio v Compañía Española de Petróleos SA, C‑217/05, EU:C:2006:784, míreanna 43-44.
(23)    D’fhéadfaí daoine féinfhostaithe aonair áirithe a aicmiú i níos mó ná ceann amháin de na catagóirí sna Treoirlínte seo.
(24)    Mar shampla, sa Ghearmáin faoi Roinn 12a den Acht um Chomhaontuithe Cómhargála sa leagan a foilsíodh an 25 Lúnasa 1969 (Iris Oifigiúil Chónaidhm na Gearmáine I, lch. 1323), arna leasú go deireanach le hAirteagal 8 den Acht an 20 Bealtaine 2020 (Iris Oifigiúil Chónaidhm na Gearmáine, lch. 1055); nó sa Spáinn faoi Airteagal 11 de Dhlí 20/2007, an 11 Iúil, maidir le stádas oibre féinfhostaithe, Iris Oifigiúil an Stáit Uimh. 166 an 12 Iúil 2007, leathanaigh 29964 go 29978, bhraith an dá cheann acu ar chritéar an chleithiúnais eacnamaíoch. D’fhéadfaí daoine féinfhostaithe aonair áirithe a aicmiú i níos mó ná ceann amháin de na catagóirí sna Treoirlínte seo.
(25)    Féach, mar shampla, Airteagal 14 den Chomhaontú Cómhargála in Earnáil na hAmharclannaíochta agus an Damhsa san Ísiltír, arna tabhairt i gcrích idir Kunstenbond (Cumann na nEalaíontóirí) agus an Nederlandse Associatie voor Podiumkunsten (Comhlachas na hÍsiltíre um Ealaíona Póidiam) le haghaidh na tréimhse an 1 Eanáir 2020 – 31 Nollaig 2021, atá ar fáil ag https://www.napk.nl/wp-content/uploads/2019/12/Cao-TD-2020-2021.pdf ; nó Airteagal 2 den Chomhaontú Cómhargála le haghaidh iriseoirí gairmiúla, arna thabhairt i gcrích idir an Gospodarska zbornica Slovenije (Comhlachas Tráchtála agus Tionscail na Slóivéine), an Svet RTV Slovenija (Comhairle RTV Slovenia) agus an Združenje radijskih postaj Slovenije ter (Comhlachas Stáisiún Raidió na Slóivéine) agus an Sindikat novinarjev Slovenije (Ceardchumann Iriseoirí na Slóivéine), atá ar fáil ag http://www.pisrs.si/Pis.web/pregledPredpisa?id=KOLP49 .
(26)    Chun forbhreathnú mionsonraithe a fháil ar an gcásdlí i naoi mBallstát, san Eilvéis agus sa Ríocht Aontaithe, féach Hießl, C., ‘Case Law on the Classification of Platform Workers: Cross‑European Comparative Analysis and Tentative Conclusions’, Comparative Labour Law & Policy Journal, 02.05.2021, https://papers.ssrn.com/sol3/papers.cfm?abstract_id=3839603 .
(27)    Féach, mar shampla, an Spáinn, agus Dlí Foraithne Ríoga 9/2021, an 11 Bealtaine, lena leasaítear téacs athmhúnlaithe Reacht na nOibrithe, arna fhormheas le Foraithne Reachtach Ríoga 2/2015, an 23 Deireadh Fómhair, chun cearta saothair daoine a ghabhann do dháileadh i réimse na n‑ardán digiteach a ráthú, Iris Oifigiúil an Stáit Uimh. 113 an 12 Bealtaine 2021, leathanaigh 56733 go 56738; nó an Ghréig agus an Phoblacht Heilléanach, Dlí 4808/2021 maidir le Cosaint Saothair – Bunú Údaráis Neamhspleách le haghaidh ‘Cigireacht Saothair’ – Daingniú Choinbhinsiún Uimh. 190 den Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair maidir le foréigean agus ciapadh a dhíothú i saol na hoibre – Daingniú Choinbhinsiún Uimh. 187 den Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cur Chun Cinn an Chreata um Shábháilteacht agus Sláinte Cheirde ag an Obair – Cur Chun Feidhme Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil, agus forálacha eile de chuid na hAireachta Saothair agus Gnóthaí Sóisialta agus socruithe práinneacha eile, Iris Oifigiúil A’ 101/19-06-2021.
(28)    Níor cheart a thuiscint as na Treoirlínte seo go mbunaítear leo tosaíocht forfheidhmiúcháin (dhearfach) de chuid an Choimisiúin a mhéid a bhaineann le comhchaibidlíocht agus le comhaontuithe cómhargála idir daoine féinfhostaithe aonair agus gnóthais atá faoi bhun na dtairseach sin.
(29)    Arna ríomh i gcomhréir le Teideal 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (ar tugadh fógra ina leith faoi uimhir doiciméid C(2003) 1422), IO L 124, 20.5.2003, lgh. 36–41.
(30)    Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE, PE/51/2019/REV/1 IO L 130, 17.5.2019, lgh. 92–125.
(31)    Tá gach údar agus taibheoir clúdaithe le hAirteagal 18 den Treoir maidir le Cóipcheart cé is moite d’údair ríomhchláir de réir bhrí Airteagal 2 de Threoir 2009/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cosaint dhlíthiúil ríomhchlár, IO L 111, 5.5.2009, lgh. 16–22. Airteagal 23(2), Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE, PE/51/2019/REV/1 IO L 130, 17.5.2019, lgh. 92–125.
(32)    Airteagal 18(1) agus aithris 72, Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE, PE/51/2019/REV/1 IO L 130, 17.5.2019, lgh. 92-125. Féach freisin aithris 73 den Treoir chéanna, ina luaitear gur cheart an luach saothair a fhaigheann údair agus taibheoirí a bheith ‘iomchuí agus comhréireach leis an luach eacnamaíoch iarbhír nó féideartha a ghabhann le cearta faoi cheadúnas nó cearta aistrithe, ag cur san áireamh rannchuidiú an údair nó an taibheora i leith an tsaothair ina iomláine nó an ábhair ina iomláine agus imthosca uile an cháis, amhail cleachtais an mhargaidh nó saothrú iarbhír an tsaothair’.
(33)    Aithris 72, Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE, PE/51/2019/REV/1 IO L 130, 17.5.2019, lgh. 92-125.
(34)    Is féidir freisin úsáid a bhaint as cómhargáil sna cásanna dá bhforáiltear faoi Airteagal 19(5), Airteagal 20(1) agus Airteagal 22(5) de Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE, PE/51/2019/REV/1 IO L 130, 17.5.2019, lgh. 92-125.
(35)    Airteagal 18(2) agus aithris 73, Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE, PE/51/2019/REV/1 IO L 130, 17.5.2019, lgh. 92-125.
(36)    Ciallaíonn ‘cumann bailithe dleachtanna’ aon eagraíocht atá údaraithe le dlí nó le sannadh, le ceadúnas nó le haon socrú conarthach eile chun cóipcheart nó cearta a bhaineann le cóipcheart a bhainistiú thar ceann níos mó ná sealbhóir cirt amháin, ar mhaithe le tairbhe chomhchoiteann na sealbhóirí cirt sin, arb é sin an t‑aon chuspóir nó an phríomhaidhm atá aige, agus a chomhlíonann ceann amháin nó an dá cheann de na critéir seo a leanas: (i) tá sé faoi úinéireacht nó faoi rialú a chomhaltaí; (ii) eagraítear é ar bhonn neamhbhrabúsach. Ciallaíonn ‘eintiteas bainistíochta neamhspleách’ aon eagraíocht atá údaraithe le dlí nó le sannadh, le ceadúnas nó le haon socrú conarthach eile cóipcheart nó cearta a bhaineann le cóipcheart a bhainistiú thar ceann níos mó ná sealbhóir cirt amháin, ar mhaithe le tairbhe chomhchoiteann na sealbhóirí cirt sin, arb é sin an t‑aon chuspóir nó an phríomhaidhm atá aige, agus: (i) nach bhfuil faoi úinéireacht ná faoi rialú, go díreach ná go hindíreach, go hiomlán ná i bpáirt, a shealbhóirí cirt; agus (ii) atá eagraithe ar bhonn neamhbhrabúsach; Airteagail 3(a) agus (b), Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú a dhéanamh ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus le ceadúnú ilchríochach ceart i saothair cheoil d'úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach, IO L 84, 20.3.2014, lch. 72–98.
(37)    Aithris 56, Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú a dhéanamh ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus le ceadúnú ilchríochach ceart i saothair cheoil d'úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach, IO L 84, 20.3.2014, lch. 72–98.
Top