This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1705
Council Decision (CFSP) 2026/1705 of 13 July 2026 amending Decision (CFSP) 2023/2135 concerning restrictive measures in view of activities undermining the stability and political transition of Sudan
Cinneadh (CBES) 2026/1705 ón gComhairle an 13 Iúil 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/2135 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine
Cinneadh (CBES) 2026/1705 ón gComhairle an 13 Iúil 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/2135 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine
ST/8906/2026/INIT
IO L, 2026/1705, 14.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1705/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1705 |
14.7.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/1705 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Iúil 2026
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/2135 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 9 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2135 (1). |
|
(2) |
An 27 Samhain 2023, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) ráiteas thar ceann an Aontais inar cháin an tAontas agus a Bhallstáit go láidir arís an troid leanúnach idir Fórsaí Armtha na Súdáine agus na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus a mílístí cleamhnaithe faoi seach. Cuireadh in iúl leis an ráiteas sin freisin gur saoth leo gur tháinig géarú suntasach ar an bhforéigean agus gur cailleadh daoine in Darfur agus ar fud na tíre, agus gur saoth leo na sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta. |
|
(3) |
An 28 Deireadh Fómhair 2025, d’eisigh an tArdionadaí agus an Coimisinéir Lahbib ráiteas comhpháirteach maidir le hurghabháil El Fasher. Dúradh go neamhbhalbh sa ráiteas gur cor cinniúnach contúirteach sa chogadh é príomhchathair Darfur a bheith urghafa ag na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus gur baol go rachaidh an staid dhaonnúil, atá go hainnis cheana féin, in olcas. Thairis sin, dúradh sa ráiteas freisin gur léir brúidiúlacht na bhFórsaí Mear-Thacaíochta i bhfianaise go bhfuiltear ag díriú ar shibhialtaigh ar bhonn a gcúlra eitneach. |
|
(4) |
An 20 Samhain 2025, d’eisigh an tArdionadaí ráiteas thar ceann an Aontais, inar cáineadh go láidir na hainghníomhartha a rinne na Fórsaí Mear-Thacaíochta in El Fasher. Chuir sé i bhfios go láidir freisin gur ar cheannaireacht na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, Fhórsaí Armtha na Súdáine agus a mílístí comhghuaillithe araon atá an phríomhfhreagracht as deireadh a chur leis an gcoinbhleacht, chomh maith leo siúd a thugann tacaíocht dhíreach nó indíreach dóibh, agus thathantaigh sé ar na páirtithe uile sa choinbhleacht tús a chur arís leis an gcaibidlíocht chun sos cogaidh marthanach láithreach a bhaint amach. |
|
(5) |
An 21 Aibreán 2026, d’eisigh an tArdionadaí ráiteas thar ceann an Aontais le cur in iúl go bhfuil 3 bliana ann ó thosaigh an cogadh sa tSúdáin. Cuireadh i bhfios go láidir sa ráiteas go bhfuil an choinbhleacht idir Fórsaí Armtha na Súdáine, na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus a mílístí cleamhnaithe faoi seach ag scriosadh saol daoine agus ag ceilt ar an bpobal na hardmhianta a bhain le réabhlóid 2018/19. Cuireadh in iúl sa ráiteas freisin go n-úsáidfeadh an tAontas na huirlisí uile atá ar fáil, lena n-áirítear taidhleoireacht agus bearta sriantacha, chun síocháin a éileamh, lena n-áirítear smachtbhannaí breise a chur i bhfeidhm a bheidh dírithe ar gheilleagar cogaidh na Súdáine. |
|
(6) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, is iomchuí bearta sriantacha breise a thabhairt isteach. |
|
(7) |
Go háirithe, is foinsí móra ioncaim iad mianadóireacht óir agus saothrú óir d’Fhórsaí Armtha na Súdáine agus na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, a úsáideann siad chun an choinbhleacht sa tSúdáin a chothú. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, is iomchuí toirmeasc a chur ar ór a cheannach, a allmhairiú, nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, más de thionscnamh na Súdáine é agus má onnmhairíodh ón tSúdáin é isteach san Aontas nó chuig aon tríú tír tar éis an 15 Iúil 2026. |
|
(9) |
Is iomchuí chomh maith toirmeasc a chur ar earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh mianadóireacht óir nó saothrú óir a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, bídís de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa tSúdáin, nó ar mhaithe lena n-úsáid sa tSúdáin. |
|
(10) |
Chun gur féidir conarthaí ábhartha atá ann cheana a fhoirceannadh ar bhealach hordúil, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht shealadach ón toirmeasc ar earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh mianadóireacht óir nó saothrú óir sa tSúdáin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú. |
|
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2023/2135 a leasú dá réir. |
|
(12) |
Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gCinneadh (CBES) 2023/2135, cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:
‘Airteagal 2a
1. Beidh toirmeasc ar ór a cheannach, a allmhairiú, nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, más de thionscnamh na Súdáine é agus má onnmhairíodh ón tSúdáin é isteach san Aontas nó in aon tríú tír tar éis an 15 Iúil 2026.
2. Cuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí dá dtagraítear i mír 1 agus a bhaineann le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí sin, go díreach nó go hindíreach, i ndáil leis an toirmeasc a leagtar amach i mír 1; |
|
(b) |
maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann leis na hearraí dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí sin a cheannach, a allmhairiú, nó a aistriú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, i ndáil leis an toirmeasc a leagtar amach i mír 1. |
3. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 maidir le hór atá ag teastáil chun críoch oifigiúil misean taidhleoireachta, post consalach nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa tSúdáin a bhfuil díolúintí acu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.
4. Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.
Airteagal 2b
1. Beidh toirmeasc ar earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh mianadóireacht óir nó saothrú óir a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, bídís de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa tSúdáin, nó ar mhaithe lena n-úsáid sa tSúdáin.
2. Toirmiscfear an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí dá dtagraítear i mír 1, agus a bhaineann le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa tSúdáin nó lena n-úsáid sa tSúdáin; |
|
(b) |
maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann leis na hearraí dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa tSúdáin nó lena n-úsáid sa tSúdáin. |
3. Gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), i gcás inarb infheidhme, ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 maidir le hearraí atá beartaithe chun críoch daonnúil, le haghaidh éigeandálaí sláinte poiblí, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhas ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach mór aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha.
4. Maidir leis na hearraí a thagann faoi chód AC 2837 11, mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle (*2), agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo maidir leis an bhforghníomhú go dtí an 16 Eanáir 2027 i gcás conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 15 Iúil 2026, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.
5. Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.
(*1) Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/821/oj)."
(*2) Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine (IO L, 2023/2147, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2147/oj).’."
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine (IO L, 2023/2135, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2135/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1705/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)