Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0172

Rialachán (AE) 2026/172 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le heistear eitile aigéid 3-[3-(2-iseapróipil-5-meitil-cioglaiheicsil)-úiréadó]-bútarach a chur ar liosta an Aontais de bhlastáin agus lena gceartaítear uimhreacha áirithe CAS

C/2026/378

IO L, 2026/172, 27.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/172/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/172/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/172

27.1.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/172 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Eanáir 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le heistear eitile aigéid 3-[3-(2-iseapróipil-5-meitil-cioglaiheicsil)-úiréadó]-bútarach a chur ar liosta an Aontais de bhlastáin agus lena gceartaítear uimhreacha áirithe CAS

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, leagtar síos liosta an Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a fhormheastar lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna, chomh maith le coinníollacha a n-úsáide.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún (3), glacadh liosta an Aontais de shubstaintí blaistithe agus tugadh isteach an liosta sin i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008.

(3)

Féadfar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

(4)

An 16 Márta 2020, cuireadh iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir le húdarú eistear eitile aigéid 3-[3-(2-iseapróipil-5-meitil-cioglaiheicsil)-úiréadó]-bútarach (FL Uimh. 16.136) mar shubstaint bhlaistithe le húsáid i mbianna éagsúla a thagann faoi roinnt catagóirí bia dá dtagraítear i liosta an Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair. Tugadh fógra don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) maidir leis an iarratas agus iarradh tuairim uaidh ina leith. Chuir an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit freisin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(5)

Sa tuairim ón Údarás a glacadh an 16 Nollaig 2024 (4), rinne sé meastóireacht ar shábháilteacht eistir eitile aigéid 3-[3-(2-iseapróipil-5-meitil-cioglaiheicsil)-úiréadó]-bútarach (FL Uimh. 16.136) nuair a úsáidtear é mar shubstaint bhlaistithe agus tháinig sé ar an gconclúid nach ábhar imní sábháilteachta í an úsáid sin faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe.

(6)

Ós rud é nach bhfuil úsáid eistir eitile aigéid 3-[3-(2-iseapróipil-5-meitil-cioglaiheicsil)-úiréadó]-bútarach (FL Uimh. 16.136) mar shubstaint bhlaistithe ina hábhar imní sábháilteachta faoi na coinníollacha sonraithe úsáide agus ós rud é nach meastar go gcuirfear an tomhaltóir amú, is iomchuí an úsáid sin a údarú i bhfianaise na tuairime ón Údarás.

(7)

Ina theannta sin, tá uimhreacha clárlainne Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (Uimhreacha CAS) a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 le haghaidh na substaintí blaistithe Uimh. 08.017, 08.127, 16.041 agus 16.132 mícheart agus ba cheart iad a cheartú.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 a leasú agus a cheartú dá réir chun eistear eitile aigéid 3-[3-(2-iseapróipil-5-meitil-cioglaiheicsil)-úiréadó]-bútarach (FL Uimh. 16.136) a chuimsiú i liosta an Aontais de bhlastáin agus chun na hUimhreacha CAS le haghaidh na substaintí blaistithe FL Uimh. 08.017, 08.127, 16.041 agus 16.132 a cheartú.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Eanáir 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1334/oj.

(2)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1331/oj.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2012 lena nglactar an liosta de shubstaintí blaistithe dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena dtugtar isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000 ón gCoimisiún agus Cinneadh 1999/217/CE ón gCoimisiún (IO L 267, 2.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/872/oj).

(4)   EFSA Journal [Iris EFSA], 2025;23:e9201 (https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9201).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I, Cuid A, Roinn 2, Tábla 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le FL Uimh. 16.135:

‘16.136

eistear eitile aigéid 3-[3-(2-iseapróipil-5-meitil-cioglaiheicsil)-úiréadó]-bútarach

1160112-20-8

2203

 

 

I gcatagóir 1.7 – gan dul thar 6 mg/kg

I gcatagóir 1.8 (analóga cáise amháin) – gan dul thar 6 mg/kg

I gcatagóir 2.1 – gan dul thar 8 mg/kg

I gcatagóir 4.2 (glasraí amháin) – gan dul thar 8 mg/kg

I gcatagóir 8.2 – gan dul thar 8 mg/kg

I gcatagóir 8.3 – gan dul thar 8 mg/kg

I gcatagóir 9.2 – gan dul thar 8 mg/kg

I gcatagóir 10.2 – gan dul thar 10 mg/kg

I gcatagóir 12.2 – gan dul thar 20 mg/kg

I gcatagóir 12.5 – gan dul thar 10 mg/kg

I gcatagóir 12.6 – gan dul thar 10 mg/kg

I gcatagóir 14.1 – gan dul thar 1,7 mg/kg

I gcatagóir 15.1 – gan dul thar 20 mg/kg

 

EFSA’


IARSCRÍBHINN II

I gCuid A, Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, ceartaítear an Tábla 1 mar a leanas:

(1)

san iontráil a bhaineann le FL Uimh. 08.017, cuirtear ‘97-67-6’ in ionad na huimhreach sa tríú colún;

(2)

san iontráil a bhaineann le FL Uimh. 08.127, cuirtear ‘13794-15-5’ in ionad na huimhreach sa tríú colún;

(3)

san iontráil a bhaineann le FL Uimh. 16.041, cuirtear ‘150436-68-3’ in ionad na huimhreach sa tríú colún;

(4)

san iontráil a bhaineann le FL Uimh. 16.132, cuirtear ‘67604-48-2’ in ionad na huimhreach sa tríú colún.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/172/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top