This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document L:2022:256:FULL
Official Journal of the European Union, L 256, 4 October 2022
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 256, 4 Deireadh Fómhair 2022
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 256, 4 Deireadh Fómhair 2022
|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 256 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
||
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
4.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 256/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1845 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2022
lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 75(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá earráidí i gCuid B.1, Roinn VI.D, pointe (b) d’Iarscríbhinn I agus i gCuid B.6, Roinn VI.D, pointe (b) d’Iarscríbhinn I, sna leaganacha Eastóinise, Gearmáinise, Iodáilise, Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (2), a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí tráchtála atá le húsáid chun méid na n-úlla agus na bpiorraí a mharcáil faoi seach. Déanann na hearráidí sin difear do shubstaint na bhforálacha sin. |
|
(2) |
Cé go bhfuil an earráid chéanna sa leagan Slóivéinise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011, is i gCuid B.6, Roinn VI.D, pointe (b), d’Iarscríbhinn I amháin atá sí, áfach. |
|
(3) |
Sa leagan Gearmáinise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 tá earráid i gCuid B.9, Roinn V.B, an ceathrú mír d’Iarscríbhinn I, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le pacáistiú le haghaidh fíonchaora boird. Déanann an earráid sin difear do shubstaint na forála sin. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Eastóinise, Gearmáinise, Iodáilise, Slóivéinise, Sualainnise agus Ungáirise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte (IO L 157, 15.6.2011, lch. 1).
CINNTÍ
|
4.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 256/3 |
CINNEADH (AE) 2022/1846 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Meán Fómhair 2022
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/614 (2) ón gComhairle, síníodh an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (3) (“an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha”) an 5 Aibreán 2022, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. |
|
(2) |
Is iad cuspóirí an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha cur ar chumas an Aontais agus Phoblacht Oileán Mhuirís leanúint de bheith ag obair le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe agus saothrú fónta acmhainní iascaigh in uiscí Oileán Mhuirís a chur chun cinn agus ligean do shoithí de chuid an Aontais a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sna huiscí sin. |
|
(3) |
Ba cheart an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear i bpointe (10) den Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha. (4)
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. SÍKELA
(1) Toiliú ón 13 Meán Fómhair 2022.
(2) Cinneadh (AE) 2022/614 ón gComhairle an 11 Feabhra 2022, maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (IO L 115, 13.4.2022, lch. 43).
(3) IO L 115, 13.4.2022, lch. 45.
(4) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
4.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 256/5 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1847 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Meán Fómhair 2022
maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Ag Díriú ar Mhíchumais Foghlama Shonracha ar Leibhéal an Aontais”, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6901)
(Is é an téacs Béarla amháin a bheidh barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1) agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 1 Lúnasa 2022 rinneadh iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Ag Díriú ar Mhíchumais Foghlama Shonracha ar Leibhéal an Aontais” a chur faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(2) |
Is iad seo a leanas cuspóirí an tionscnaimh arna gcur in iúl ag na heagraithe: “Is é is aidhm don Tionscnamh seo rochtain ar oideachas a éascú do dhaoine faoi mhíchumais foghlama shonracha (i.e. an disléicse, an dioscalcúile, an diosgraife). Bíonn deacrachtaí ag mic léinn atá faoi mhíchumais den sórt sin leanúint dá n-oideachas mar gheall ar easpa eolais faoin topaic, easpa ábhar staidéir oiriúnach, agus coinníollacha scrúdaithe míchothroma. Cé gur thug na Ballstáit aghaidh ar an tsaincheist ina n-aonar, na neamhréireachtaí sna sainmhínithe ar mhíchumas foghlama agus na modhanna scagthástála agus tacaíochta difriúla, is rudaí iad a fhágann go bhfuil bearna idir na tíortha. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go ndéileálfaí le mic léinn ar bhealaí éagsúla i mBallstáit éagsúla, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar a gceart chun saorghluaiseachta arna dheonú leis na Conarthaí, agus d’fhéadfadh iarmhairtí ar a n-oideachas agus ar a lánpháirtiú sa tsochaí a bheith mar thoradh air sin. Leis seo, iarraimid ar an gCoimisiún togra le haghaidh moladh ón gComhairle a thíolacadh de bhun an dara fleasc d’Airteagal 165(4) CFAE, togra ina mbeidh treoirlínte comhchoiteanna le haghaidh na rialtais náisiúnta maidir le conas scagthástáil a dhéanamh i leith míchumais foghlama agus conas dul i ngleic leis na míchumais sin. Is céim thábhachtach a bheadh ann daoine faoi mhíchumas foghlama a chomhtháthú ar bhealach níos fearr laistigh den chóras oideachais chun deiseanna cothroma a áirithiú do shaoránaigh uile an Aontais.” |
|
(3) |
In iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh, cuirtear tuilleadh sonraí ar fáil maidir le hábhar, cuspóirí agus cúlra an tionscnaimh, trí chúiseanna chun tacú leis an tionscnamh a leagan amach agus trí mhionsonraí a thabhairt maidir leis na cúiseanna sin. San iarscríbhinn leagtar béim ar na trí phointe seo a leanas den tionscnamh, (1) gur féidir leis aird a tharraingt ar nádúr domhanda na saincheiste agus ar an ngá atá le dul i ngleic léi ar an leibhéal Eorpach, (2) gur féidir leis an gCoimisiún rannchuidiú leis an taighde maidir le míchumais foghlama shonracha agus é sin a dhéanamh lena fhoireann saineolaithe agus lena dhearcadh níos leithne ar reachtaíocht na mBallstát - gur cheart taighde a dhíriú ar shainmhíniú uile-Eorpach ar mhíchumas foghlama a aimsiú agus ar bhearta cúitimh a bhunú, agus (3) leis an tionscnamh, gur féidir béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé teicneolaíochtaí nua a úsáid chun an próiseas foghlama a éascú do mhic léinn faoi mhíchumas foghlama. |
|
(4) |
I ndoiciméad breise a ghabhann leis an tionscnamh tá staidéar comparáideach ar an disléicse ar fud na hEorpa. |
|
(5) |
Maidir le haidhm ghinearálta an tionscnaimh rochtain ar oideachas do dhaoine faoi mhíchumas foghlama a éascú trí oideachas ardcháilíochta a fhorbairt de bharr comhar idir na Ballstáit a spreagadh agus, trí thacú lena ngníomhaíocht agus an ghníomhaíocht sin a fhorlíonadh, más gá, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar an teagaisc agus eagrú na gcóras oideachais á n-urramú go hiomlán ag an am céanna, tá sé d’inniúlacht ag an gCoimisiún togra le haghaidh gníomh dlí a thíolacadh ar bhonn Airteagal 165 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
|
(6) |
Is de chineál ginearálta iad an chéad phointe agus an tríú pointe san iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh agus ní cosúil go n-éilíonn siad gníomhaíochtaí sonracha chun tacú le haidhm ghinearálta an tionscnaimh. Sa mhéid agus gur cosúil, leis an dara pointe den Iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh, go n-iarrtar ar an gCoimisiún “rannchuidiú go suntasach leis an taighde ar mhíchumais foghlama shonracha”, dealraíonn sé gurb éard atá sa ghníomhaíocht sin ullmhúchán don phríomhchuspóir, is é sin go dtíolacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh moladh ón gComhairle faoin dara fleasc d’Airteagal 165(4) CFAE chun rochtain ar oideachas a éascú do dhaoine faoi mhíchumas foghlama, togra ina bhféadfadh an Coimisiún gnéithe taighde a chur san áireamh. |
|
(7) |
Ar na cúiseanna sin, níl aon chuid den tionscnamh lasmuigh, go follasach, de chreat chumhachtaí an Choimisiúin chun togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a thíolacadh ar mhaithe leis na Conarthaí a chur chun feidhme. |
|
(8) |
Is conclúid í sin atá gan dochar don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha is gá chun go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht le cearta bunúsacha. |
|
(9) |
Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an lucht eagair go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788 agus, i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin, go bhfuil na teagmhálaithe ainmnithe aige. |
|
(10) |
Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal “Ag Díriú ar Mhíchumais Foghlama Shonracha ar Leibhéal an Aontais” a chlárú. |
|
(12) |
An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní rud í a thugann le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil ábhar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is iad lucht eagair an tionscnaimh amháin atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann ábhar an tionscnaimh ach tuairimí an ghrúpa eagraithe in iúl, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ba cheart an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal “Ag Díriú ar Mhíchumais Foghlama Shonracha ar Leibhéal an Aontais” a chlárú.
Airteagal 2
Tá an Cinneadh seo dírithe chuig lucht eagair an tionscnaimh ó na saoránaigh dar teideal “Ag Díriú ar Mhíchumais Foghlama Shonracha ar Leibhéal an Aontais”, grúpa a ndéanann Rebecca LIZIER agus Nia RAYCHEVA ionadaíocht air mar theagmhálaithe.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Věra JOUROVÁ
Leas-Uachtarán