AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.3.2023
COM(2023) 127 final
2023/0053(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le ceadúnais tiomána, lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2023) 350 final} - {SWD(2023) 128 final} - {SWD(2023) 129 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
Baineann an togra seo le hathbhreithniú mór ar rialacha an Aontais maidir le ceadúnais tiomána. Is é an tríú athbhreithniú ar an rialacha sin, a tugadh isteach i dtosach in 1980 le Treoir 80/1263/CEE, arna leanúint leis an dara Treoir maidir le ceadúnais tiomána 91/439/CEE agus leis an tríú Treoir maidir le ceadúnais tiomána 2006/126/CE,.
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá feabhas nach beag tagtha ar shábháilteacht ar bhóithre san Aontas le 20 bliain anuas. Tá laghdú 61.5 % tagtha ar líon na mbásanna ar na bóithre, ó thart ar 51 400 duine in 2001 go dtí thart ar 19 800 duine in 2021. Mar sin féin, ní raibh an feabhas ar shábháilteacht ar bhóithre chomh láidir agus is gá. De bharr an mhoillithe ar an laghdú ar líon na mbásanna ar bhóithre a socraíodh in 2014 spreag airí iompair an Aontais dearbhú aireachta maidir le sábháilteacht ar bhóithre ag an gComhairle neamhfhoirmiúil iompair i Vaileite i mí an Mhárta 2017, inar iarr na Ballstáit ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí creat dlíthiúil an Aontais maidir le sábháilteacht ar bhóithre a neartú chun a áirithiú go bhfaighidh líon níos lú daoine bás i dtimpistí bóthair.
Mar chuid den tríú Pacáiste Soghluaisteachta uaidh i mí na Bealtaine 2018, d’eisigh an Coimisiún ‘Plean Gníomhaíochta Straitéiseach maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre’ inar iarr sé cur chuige nua chun cur i gcoinne na treochta marbhánta sna figiúirí maidir le sábháilteacht ar bhóithre san Aontas agus chun bogadh níos gaire don sprioc fhadtéarmach gan aon bhás ar bhóithre ar fud an Aontais faoi 2050 (‘Fís Nialais’). I mí an Mheithimh 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún Creat Beartais an Aontais um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021‑2030 – Na chéad chéimeanna eile i dtreo ‘Fís Nialais’. Sa togra sin, mhol an Coimisiún spriocanna eatramhacha nua chun líon na mbásanna ar bhóithre a laghdú 50 % idir 2020 agus 2030 chomh maith le líon na ngortuithe tromchúiseacha a laghdú 50 % sa tréimhse chéanna, mar a moladh i nDearbhú Vaileite.
Ina Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste ó 2020, d’athdhearbhaigh an Coimisiún an sprioc gan aon bhás i ngach modh iompair faoi 2050 agus d’fhógair sé go ndéanfaí athbhreithniú ar an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána, i measc nithe eile, chun nuálaíocht theicneolaíoch a chur san áireamh, lena n‑áirítear ceadúnais tiomána soghluaiste, faoi Shuaitheanta 10 ‘Sábháilteacht agus slándáil iompair a fheabhsú’. I mí Dheireadh Fómhair 2021, ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le Creat Beartais AE um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021‑2030, inar iarradh ar an gCoimisiún an tsábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn tuilleadh, go háirithe trí chaighdeáin níos airde ó thaobh oiliúint tiománaithe de.
Fógraíodh an togra seo i gClár Oibre 2022 an Choimisiúin faoi Iarscríbhinn II (tionscnaimh REFIT), faoin gceannteideal ‘Ugach nua do Dhaonlathas na hEorpa’, agus déantar an clár oibre maidir le Rialáil Níos Fearr a chur i gcrích leis, trína áirithiú go bhfuil an reachtaíocht atá ann cheana níos simplí agus níos soiléire, nach gcruthaíonn sé ualach nach bhfuil gá leis agus go gcoinníonn sé suas le forbairtí polaitiúla, sochaíocha agus teicneolaíochta a bhíonn ag athrú.
Tá ceann de na creataí is forbartha ar domhan maidir le ceadúnais tiomána i bhfeidhm agus á chur i bhfeidhm ag an Aontas agus ag Ballstáit LEE eile. Ar an iomlán, clúdaíonn sé níos mó ná 250 milliún tiománaí. Is í an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána bunchloch an chreata seo, lena mbunaítear comhbhearta dlíthiúla chun ceadúnais tiomána a aithint agus a eisiúint san Aontas Eorpach. Is iad na cuspóirí atá aige sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus saorghluaiseacht saoránach laistigh den Aontas a éascú. Leis an tsaoirse gluaiseachta a bunaíodh leis an Margadh Aonair Eorpach, chuidigh rialacha an Aontais maidir le ceadúnais tiomána le taisteal trasteorann a éascú agus d’éascaigh siad athrú cónaithe do shaoránaigh a bhunaigh iad féin i mBallstát eile. Mar sin féin, tá neamhréireachtaí fós le sárú ag saoránaigh idir cineálacha cur chuige náisiúnta, rud a dhéanann difear dá gcearta tiomána. Tá easnaimh agus deacrachtaí le sárú acu freisin i gcur chun feidhme na Treorach.
Cuireann an tionscnamh le Treoir 2006/126/CE a raibh sé mar aidhm léi sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus saorghluaiseacht a éascú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·múnla ceadúnais tiomána aonair de chuid an Aontais Eorpaigh a thabhairt isteach atá éigeantach do gach tiománaí ó 2033 ar aghaidh, agus é mar aidhm leis cosaint níos fearr a áirithiú i gcoinne calaoise agus brionnaithe;
·ceadúnais tiomána a chatagóiriú de réir cineálacha feithiclí agus aoiseanna íosta chun iad a thiomáint;
·athnuachan éigeantach riaracháin ar gach ceadúnas tiomána nua gach 10 mbliana;
·simpliú ar an ualach riaracháin ar thiománaithe a athraíonn a n‑áit chónaithe go Ballstát eile;
·caighdeáin íosta choiteanna a chur i bhfeidhm maidir le scileanna, eolas agus oiriúnacht choirp agus mheabhrach tiománaithe;
·rochtain fhorásach ar ghluaisrothair chumhachtacha, bunaithe ar aois íosta agus ar thaithí roimhe sin ar ghluaisrothair nach bhfuil chomh cumhachtach céanna;
·líonra a chruthú chun faisnéis a bhaineann le ceadúnais tiomána a mhalartú idir údaráis náisiúnta (RESPER).
Dearbhaíodh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair gur gá nuashonrú a dhéanamh ar rialacha an Aontais lena rialaítear ceadúnais tiomána chun tacú leis na hiarrachtaí básanna agus gortuithe tromchúiseacha ar bhóithre a laghdú agus chun ualaí riaracháin agus bacainní ar shaorghluaiseacht saoránach san Aontas a laghdú a thuilleadh. I roinnt mhaith tuairteanna tromchúiseacha as a n‑eascraíonn bás, caillteanas tromchúiseach sláinte agus gortuithe neamh‑mharfacha, tá ról tábhachtach ag scileanna, eolas, iompar agus oiriúnacht sláinte an tiománaí, agus tá an iomarca sealbhóirí ceadúnas tiomána fós ann a bhfuil rioscaí ag baint lena láithreacht ar bhóithre an Aontais mar gheall ar a n‑easpa oiriúnachta chun tiomána. Fuarthas amach sa mheastóireacht ex‑post nach meastar a thuilleadh gurb é an scagthástáil aoisbhunaithe is ábhartha a thuilleadh. Cé go bhfuil fianaise ann faoi mheath fisiciúil a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr aoise, baineadh de thátal as roinnt staidéar nach gá go mbeadh baint ag riochtaí míochaine sonracha, amhail mí‑úsáid substaintí, neamhoird mheabhracha, titimeas agus diaibéiteas, riochtaí croí agus aipnia chodlata le haois. Is tosca níos tábhachtaí iad ná aois áfach a mhéid a bhaineann sé le hoiriúnacht sláinte chun tiomána.
Tá scileanna, eolas, feasacht riosca agus taithí na dtiománaithe teoranta i gcónaí, go háirithe i gcás tiománaithe nuacheadúnaithe. Léiríonn leibhéal níos airde tionóiscí agus básanna tiománaithe nuacheadúnaithe nach bhfuil na ceanglais maidir le ceadúnais tiomána a eisiúint oiriúnaithe go hiomlán do chuspóirí sábháilteachta ar bhóithre. Ina theannta sin, tabhairt isteach forchéimnitheach teicneolaíochtaí nua de réir a chéile amhail ardchórais cúnta tiománaí agus, amach anseo, feithiclí uathoibríocha, beidh tionchar suntasach acu ar úsáid feithiclí. Cé go bhfuil sé d’acmhainn ag na teicneolaíochtaí sin sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus rannchuidiú le soghluaisteacht níos cuimsithí, tugann siad dúshláin nua freisin do thiománaithe ó thaobh scileanna agus eolais ar fheidhmiúlachtaí nua, nach gcumhdaítear leis an Treoir atá ann faoi láthair.
Maidir le constaicí ar shaorghluaiseacht daoine, tá nósanna imeachta nach bhfuil gá leo nó nósanna imeachta nach bhfuil údar leo chun an ceadúnas a fháil nó cearta tiomána a fheidhmiú nó a choinneáil i mBallstát eile fós i bhfeidhm nuair a dhéanann tiománaithe ceadúnas tiomána a fháil, a úsáid, a ionadú, a athnuachan nó a mhalartú. I ndeireadh na dála, cuireann sé sin bac ar a ngluaiseacht laistigh den Aontas. De réir na meastóireachta, bhí sé deacair roinnt beart de chuid na Treorach (amhail coincheap an ghnáthchónaithe) a chur i bhfeidhm agus d’fhéadfadh sé go raibh ualach mór riaracháin nó bacainní ar shaorghluaiseacht mar thoradh orthu. Go praiticiúil, d’fhéadfadh sé go bhfágfaí saoránaigh a bhfuil cearta tiomána dea‑dhoiciméadaithe acu agus atá ag dul i ngleic le bacainní den sórt sin gan ceadúnas tiomána ar feadh tréimhse suas le sé mhí nó níos faide ná sin go fiú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an Treoir atá ann faoi láthair, i gcásanna áirithe, cosc a chur ar shaoránaigh AE ceadúnas tiomána a fháil i dtíortha AE i gcás nach leor an t‑eolas atá acu ar an teanga áitiúil agus nach bhfuil ateangaire údaraithe le linn na dtrialacha. Ina theannta sin, níl aon rialacha comhchoiteanna ann maidir le malartú ceadúnas tiomána arna n‑eisiúint ag tríú tíortha nuair a bhunaíonn an sealbhóir a (h)áit chónaithe san Aontas Eorpach, agus d’fhéadfadh na ceadúnais AE a fuarthas i mBallstát amháin mar mhalairt ar an gceadúnas tríú tír scor de bheith bailí i gcás ina n‑aistríonn an duine sin a (h)áit chónaithe chuig Ballstát eile.
Ar deireadh, tá ceadúnais tiomána náisiúnta mhóibíleacha (dhigiteacha) tugtha isteach ag roinnt Ballstát, nó tá sé beartaithe acu iad a thabhairt isteach, gan doiciméad fisiceach a eisiúint (i.e. cárta). Ós rud é nach mbunaítear leis an Treoir atá ann faoi láthair prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ach do cheadúnais fhisiceacha amháin, ní bheidh ceadúnais tiomána mhóibíleacha bailí ach amháin ar chríoch an Stáit eisiúna. Dá bhrí sin, is bacainn é an creat atá ann faoi láthair ar leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann le claochlú digiteach an iompair de bhóthar ar an leibhéal Eorpach agus cuireann sé bac ar shaorghluaiseacht ar fud an Aontais.
Cuireann an togra nua le haghaidh Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána le cuspóirí na Treorach roimhe seo – eadhon sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus saorghluaiseacht a éascú – ach freagraíonn sé freisin don ghá atá le hinbhuanaitheacht mhéadaithe agus claochlú digiteach an iompair de bhóthar. Tá ról lárnach ag an togra freisin maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, is é sin gur rannchuidiú é le go mbeidh cathracha agus lonnaíochtaí daonna uile‑chuimsitheach, sábháilte, athléimneach agus inbhuanaithe faoi 2030 agus gur rannchuidiú é le rochtain a chur ar fáil do chách ar chórais iompair a bheidh sábháilte, inacmhainne, inrochtana agus inbhuanaithe. Tugtar aird ar leith ann freisin ar riachtanais sábháilteachta ar bhóithre gach grúpa den tsochaí, go háirithe úsáideoirí leochaileacha bóithre amhail coisithe, rothaithe, úsáideoirí feithiclí cumhachtaithe dhá roth, úsáideoirí gléasanna soghluaisteachta pearsanta agus daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht agus treoshuíomh laghdaithe acu. Trí rialacha nua maidir le tarchur uathoibríoch trealaimh a áireamh agus trí uasmhais fhormhór na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha i gcatagóir B a mhéadú, éascófar glacadh na bhfeithiclí sin leis an togra, agus ar an gcaoi sin cuirfear le cuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh agus uaillmhian an
Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip
maidir le truailliú nialasach, is é sin timpeallacht a bheith saor ó thruailliú díobhálach faoi 2050.
Tá an togra nua le haghaidh Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána comhleanúnach leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach, lena soláthraítear rochtain ar fhaisnéis ar líne, ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna agus ar nósanna imeachta ríomhrialtais tríd an tairseach An Eoraip Agatsa. Tá an fhaisnéis atá faoi rialú an togra san áireamh cheana féin in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach. Chun an t‑ualach riaracháin a laghdú a thuilleadh, déanfar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an treoir maidir le ceadúnais tiomána a leasú chun a áirithiú go mbeidh an nós imeachta riaracháin a thairgtear do shaoránaigh agus do chónaitheoirí go hiomlán ar líne.
Is é is cuspóir don tionscnamh, dá bhrí sin, an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus saorghluaiseacht daoine san Aontas Eorpach a éascú agus, ag an am céanna, rannchuidiú le hiompar inbhuanaithe de bhóthar agus lena chlaochlú digiteach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
–Scileanna tiomána, eolas agus taithí a fheabhsú, agus iompraíocht chontúirteach a laghdú agus a phionósú. Áiritheofar leis na rialacha maidir le hoiliúint, tástáil agus promhadh tiománaithe go bhfaighidh tiománaithe óga agus tiománaithe nua go háirithe na scileanna, an t‑eolas, an taithí agus an fheasacht riosca is gá chun tiomáint go sábháilte. Chomh maith leis sin, ba cheart go mbainfeadh gach tiománaí tairbhe as scileanna agus as eolas níos fearr ar ardteicneolaíochtaí, agus leas iomlán á bhaint as acmhainneacht sábháilteachta agus comhshaoil na nuálaíochta, chomh maith le cómhaireachtáil shábháilte tráchta mótair agus modhanna gníomhacha iompair a áirithiú. Ba cheart tiománaithe a thabhairt chun cuntais as a n‑iompraíocht tiomána chontúirteach i ngach Ballstát, chun timpeallacht a chruthú a chabhródh le sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú.
–Oiriúnacht leordhóthanach choirp agus mheabhrach na dtiománaithe ar fud an Aontais a áirithiú. Cuirfear feabhas ar na rialacha maidir le hoiriúnacht choirp agus mheabhrach chun tiomáint le haghaidh tiománaithe neamhghairmiúla agus déanfar iad a nuashonrú de réir na forbartha teicneolaíche is déanaí agus i gcomhréir le samhail an mhíchumais bunaithe ar chearta an duine. Ina theannta sin, cuirfear feabhas ar an bpróiseas scagthástála leighis ar fud an Aontais chun rannchuidiú níos fearr leis na spriocanna sábháilteachta ar bhóithre a bhaint amach.
–Deireadh a chur le bacainní neamhleora nó neamhriachtanacha a dhéanann difear d’iarratasóirí agus do shealbhóirí ceadúnas tiomána. Tá roinnt bacainní fós ann maidir le rochtain tiománaithe ar cheadúnais agus maidir le haitheantas a thabhairt dá gcearta tiomána, rud a chuireann bac ar shaorghluaiseacht san Aontas: deacrachtaí leis na tástálacha tiomána a eascraíonn as easpa eolais ar theangacha, rialacha difriúla chun gnáthchónaí a chinneadh do chónaitheoirí san Aontas nó easpa leanúnachais maidir le cearta tiomána áirithe agus iad ag taisteal agus nuair a athraíonn siad áit chónaithe san Aontas. Táthar ag súil freisin go gcuideofar le deireadh a chur leis na bacainní sin chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas reatha tiománaithe, go háirithe i gcás tiománaithe trucailí, gan sábháilteacht ar bhóithre a chur i mbaol. Ina theannta sin, ba cheart tuilleadh comhchuibhithe maidir le bailíocht ceadúnas tiomána agus ceadúnais tiomána móibíleach a thabhairt isteach.
Cuirtear faisnéis níos mionsonraithe i láthair i gCaibidil 3 den mheabhrán míniúcháin seo maidir leis an gcaoi a dtugtar aghaidh, trí bhíthin an tionscnaimh, ar na cuspóirí thuasluaite agus ar na fadhbanna a bhaineann leo.
Chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú i réimse na sábháilteachta ar bhóithre maidir le forfheidhmiú trasteorann rialacha tráchta ar bhóithre, bunaítear pacáiste caibidlíochta, ina bhfuil trí thionscnamh: chomh maith leis an togra seo, tá togra ann freisin le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena n‑éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (‘Treoir CBE’), agus togra le haghaidh Treoir maidir le héifeacht uile‑Aontais a bheith ag dícháiliúcháin tiomána áirithe.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo comhsheasmhach le reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le sábháilteacht ar bhóithre: Treoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí bóthar áirithe d'iompar earraí agus paisinéirí,; Treoir (AE) 2015/413; agus an ‘Rialachán Ginearálta Sábháilteachta’, mar a thugtar air,. Tá sé comhsheasmhach freisin le Creat Beartais an Aontais um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021‑2030 ‑ Na chéad chéimeanna eile i dtreo ‘Fís Nialais’.
Tá an tionscnamh ailínithe freisin le Treoir CBE. I gcomhthéacs an chúnaimh fhrithpháirtigh (Airteagal 15), foráiltear freisin leis an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána maidir le líonra chun faisnéis a mhalartú a bhaineann le ceadúnais tiomána (RESPER) ar féidir é a úsáid chun an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána, an Treoir maidir le cáiliú agus oiliúint tiománaithe gairmiúla agus Treoir CBE a chur chun feidhme agus chun comhlíonadh na Treorach sin a rialú. Tá éiginnteacht dhlíthiúil ann faoi láthair an féidir RESPER a úsáid chun críocha Threoir CBE (ag brath ar EUCARIS) mar gheall ar Airteagal 15 den Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána a fhoirmliú agus toisc go gceanglaítear le hAirteagal 4(4) de Threoir CBE go n‑áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis a mhalartú de réir Threoir CBE ‘gan malartú sonraí a bhainfeadh le bunachair sonraí eile nach n‑úsáidtear chun críche na Treorach seo’. Dá bhrí sin, níl formhór mór na n‑údarás forfheidhmithe dlí ag úsáid RESPER chun críche rialaithe.
Tá Treoir CBE á hathbhreithniú i gcomhthráth leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána, ar chúiseanna dlíthiúla agus ar chúiseanna comhsheasmhachta araon. Sa chomhthéacs sin, breithnítear deireadh a chur le srianta ar úsáid bunachar sonraí eile. Beifear in ann rochtain a fháil ar RESPER chun críche forfheidhmithe faoi na coinníollacha a shonraítear sa Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána agus mar thoradh air sin, táthar ag súil go ndéanfar tuilleadh cionta a imscrúdú go rathúil. Ina theannta sin, déanfaidh an t‑athbhreithniú ar an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána foráil maidir le soiléiriú ar na cásanna úsáide uile a éilíonn rochtain ar RESPER i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí, chun deireadh iomlán a chur le héiginnteachtaí dlíthiúla.
Beartaítear na forálacha maidir le héifeacht uile‑Aontais a bheith ag dícháiliúcháin tiomána áirithe a chumhdach i ngníomh ar leithligh. Cumhdófar leis forfheidhmiú trasteorann na gcinntí sin agus aghaidh tugtha go fóill sa tionscnamh seo ar iarmhairtí maidir le heisiúint.
Tá an togra mar chuid de Bhliain Eorpach na Scileanna freisin, arb é is aidhm di foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn, iomaíochas chuideachtaí an Aontais a neartú agus tacú leis an aistriú glas agus digiteach ar bhealach atá cothrom ó thaobh na sochaí de.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Rialaíonn an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána cearta tiomána de réir catagóirí feithiclí. Sainítear catagóirí áirithe trí thagairt a dhéanamh do rialacha an Aontais:
·Treoir 96/53/CE ón gComhairle lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta, lenar féidir na cineálacha feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha a shainaithint;
·Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 maidir le faomhadh agus faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair, lenar féidir na cineálacha móipéidí, gluaisrothar, trírothach agus cuadrothar mótair a shainaithint.
Leis an Treoir, cinntear na haoiseanna íosta chun ceadúnas tiomána a fháil do thiománaithe gairmiúla amach anseo, atá faoi réir Threoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair chun earraí nó paisinéirí a iompar.
Ina theannta sin, tá feidhm ag rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta freisin maidir le malartú faisnéise a bhaineann le ceadúnais tiomána, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí).
An 3 Meitheamh 2021, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí. Leis an gcreat nua seo, cuirtear bloic thógála ar fáil a bhaineann leis na ceadúnais tiomána mhóibíleacha. Go háirithe, is féidir an t‑aitheantas leictreonach agus, b’fhéidir, gnéithe na tiachóige leictreonacha a úsáid chun réiteach idir‑inoibritheach a fhorbairt le haghaidh ceadúnais tiomána mhóibíleacha AE.
Tá an togra i gcomhréir le cuspóir an Aontais a bheith aeráidneodrach faoi 2050 agus rannchuidíonn sé leis mar a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat an Aontais chun aeráidneodracht a bhaint amach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra. Foráiltear le hAirteagal 91(1)(c) CFAE go bhfuil inniúlacht ag an Aontas Eorpach i réimse an iompair bearta a leagan síos chun sábháilteacht iompair a fheabhsú, lena n‑áirítear sábháilteacht ar bhóithre.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tá inniúlacht ag an Aontas cheana féin i réimse na gceadúnas tiomána, de bhua Threoir 2006/126/CE. Baineann gnéithe trasnáisiúnta le hábhair a ghabhann le ceadúnais tiomána, gnéithe nach féidir le Ballstáit aonair iad a chumhdach ina n‑aonar. Cé gur céim thábhachtach í an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána sa phróiseas chun na rialacha maidir le ceadúnais tiomána a chomhchuibhiú agus go gcuireann sí le cur chun feidhme bheartais an Aontais, leasaíodh í aon uair déag go dtí seo chun comhchaighdeáin agus comhcheanglais a chomhchuibhiú, agus chun na rialacha a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a tharla ó 2006 i leith. Na rialacha nua atá le tabhairt isteach leis an togra seo, fanann siad laistigh de na hinniúlachtaí a thugtar don Aontas trí Airteagal 91(1) CFAE a chur i bhfeidhm, agus i bhfianaise an naisc atá acu le creat na gceadúnas tiomána atá ann cheana, ní féidir iad a bhaint amach go leordhóthanach ach ar leibhéal an Aontais.
I bhfianaise spriocanna an Aontais maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus an dul chun cinn neamhleor a bhfuiltear ag súil leis maidir le básanna agus gortuithe tromchúiseacha ar bhóithre a laghdú, tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun na spriocanna atá leagtha síos a bhaint amach. Mar shampla, ní féidir leis an gcomhrac i gcoinne iompar contúirteach ar bhóithre a sheachadadh go hiomlán ach amháin i gcás ina mbeidh iarmhairtí ann do chiontóirí tráchta bóthair neamhchónaitheacha as ucht a n‑iompríochta, faoi na coinníollacha céanna le cónaitheoirí. Ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach go leordhóthanach ina n‑aonar, i bhfianaise ghné thrasteorann na saincheisteanna sin.
Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais freisin chun deireadh a chur le bacainní nach bhfuil gá leo agus nach bhfuil údar leo ar shaorghluaiseacht daoine mar gheall ar nósanna imeachta fo‑optamacha chun ceadúnais tiomána a eisiúint agus a athnuachan. Ní mór aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin ar leibhéal an Aontais ós rud é go mbíonn gné thrasteorann ag gabháil leo. Maidir le cás sonrach na gceadúnas tiomána soghluaiste, ní féidir iad a aithint go frithpháirteach ar fud an Aontais ach amháin má tá na réitigh arna n‑úsáid ag na Ballstáit comhchuibhithe agus idir‑inoibritheach.
Gan idirghabháil ón Aontas, leanfaí den chomhar idir na Ballstáit maidir le ceadúnais tiomána trí chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha, rud a d’fhágfadh, dá réir sin, go mbeadh an córas ceadúnúcháin níos casta agus ualach riaracháin níos mó ar shealbhóirí ceadúnais agus ar údaráis riaracháin. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar thiománaithe aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna riaracháin freisin agus iad ag taisteal chuig Ballstáit nach páirtithe conarthacha iad i gCoinbhinsiún Vín, mar shampla an ceanglas ceadúnas tiomána idirnáisiúnta a bheith acu. Ar deireadh, agus iad ag athrú áit chónaithe san Aontas, bheadh ar shealbhóirí cheadúnais tiomána AE ceadúnas tiomána nua a fháil a d’eisigh a dtír chónaithe nua, trí mhalartán riaracháin nó trí phas a fháil sa tástáil tiomána faoi mar a dhéanfadh aon iarratasóir eile. In éagmais idirghabháil an Aontais, beidh comhtháthú tiománaithe gairmiúla eachtracha in earnáil iompair de bhóthar an Aontais teoranta i gcónaí mar gheall ar dheacrachtaí riaracháin do thiománaithe eachtracha a gcearta tiomána a choinneáil. Trí dheireadh a chur leis an mbacainn sin, d’fhéadfaí cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist an ghanntanais tiománaithe san Aontas mar aon le gníomhaíochtaí eile, sa bhreis ar an mbeart sin, mar shampla beart i ndáil le cáilíochtaí tiománaí, feabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar dhúshláin struchtúracha.
•Comhréireacht
Tá an togra riachtanach agus comhréireach leis an gcuspóir saorghluaiseacht a éascú trí rialacha breise comhchuibhithe maidir le ceadúnais tiomána, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit ina n‑aonar a áirithiú go dtabharfar aitheantas rianúil don cheart tiomána arna sholáthar ag ceadúnas tiomána a d’eisigh Ballstát eile.
Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach maidir le leibhéal feabhsaithe sábháilteachta ar bhóithre a áirithiú agus saoirse gluaiseachta a éascú, ós rud é go dtugann na roghanna beartais a glacadh leibhéal leordhóthanach solúbthachta fós do na Ballstáit. Ní fhoráiltear ach maidir le híoscheanglais chomhchuibhithe do cheadúnais tiomána mhóibíleacha, leis na rialacha maidir le tréimhsí promhaidh is féidir leis na Ballstáit coinníollacha nó srianta náisiúnta breise a chur i bhfeidhm maidir le tiománaithe nuacheadúnaithe, agus sainítear go cúng na rialacha maidir le ceadúnais tiomána a mhalartú le tríú tíortha.
Tá gá, dá bhrí sin, le cur chuige trédhearcach, éifeachtúil agus comhordaithe le cóir chomhionann d’úsáideoirí bóithre ar bhóithre an Aontais, go háirithe mar choinníoll cumasúcháin de phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do cheadúnais tiomána, agus comhlíonann an togra atá beartaithe prionsabal na comhréireachta.
•An rogha ionstraime
D’fhonn dréachtú dlíthiúil atá soiléir agus comhsheasmhach a áirithiú, meastar gurb é an réiteach dlíthiúil is leordhóthanaí athbhreithniú iomlán ar an Treoir.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX‑POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
In 2022 d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach meastóireacht ex‑post ar Threoir 2006/126/CE, de réir na bprionsabal maidir le Rialáil Níos Fearr. Léiríodh sa mheastóireacht go raibh leibhéal sábháilteachta méadaithe d’úsáideoirí bóithre laistigh den Aontas mar thoradh ar ghníomhaíocht chomhcheangailte Threoir 2006/126/CE agus a dhá réamhtheachtaí agus gur éascaíodh saorghluaiseacht léi. Fuarthas sa mheastóireacht freisin go raibh tionchar dearfach ag an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána ar chalaois ar cheadúnais tiomána agus ar thurasóireacht ceadúnas tiomána a laghdú. Mar thoradh air sin, laghdaíodh an t‑ualach riaracháin, go háirithe i gcás sealbhóirí ceadúnas tiomána. Léiríodh sa tseiceáil oiriúnachta freisin go bhfuil deis ann an leibhéal sábháilteachta chomh maith le héifeachtúlacht agus comhréireacht roinnt de na ceanglais rialála a fheabhsú a thuilleadh. Aithníodh sa mheastóireacht go bhfuil córas iompair an Aontais ag athrú go tapa, mar gheall ar thionchar an digitithe, béim mhéadaitheach ar mhodhanna gníomhacha san iompar uirbeach, teacht chun cinn cineálacha nua soghluaisteachta, forbairtí maidir le nascacht agus uathoibriú, agus ról méadaitheach na hintleachta saorga, chomh maith le húsáid feithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha. Baineadh de thátal aisti gur gá an creat reachtach atá ann faoi láthair a oiriúnú, ní hamháin chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá ann faoi láthair ach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh ann amach anseo freisin.
Sa bhreis air sin, baineadh de thátal sa mheastóireacht nach ndearnadh iniúchadh leordhóthanach ar réitigh dhigiteacha, lena n‑áirítear na ceadúnais tiomána mhóibíleacha agus RESPER. Fuarthas amach ann freisin nach léirítear go leordhóthanach sna rialacha maidir le scileanna agus eolas tiomána na réitigh theicneolaíocha nua, amhail ardchórais cúnaimh tiománaí, tiomáint leath‑uathoibríoch agus uathoibríoch, úsáid ionsamhlóirí chomh maith le glacadh réiteach micrea‑shoghluaisteachta agus feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a bhfuil tras‑seoladh giaranna uathoibríoch acu.
Ina theannta sin, tá roinnt forálacha fo‑optamach ó thaobh saorghluaiseacht daoine a éascú, amhail na forálacha maidir le gnátháit chónaithe a bhunú, maidir le ceadúnais tiomána choigríche a aithint agus maidir le tréimhsí bailíochta. Thairis sin, níl an treoir go hiomlán comhlántach le Treoir (AE) 2015/413 maidir le smachtbhannaí a fhorfheidhmiú i leith cionta den sórt sin. Ní mór ailíniú níos fearr a bheith ag an Treoir leis an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
I gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara le linn na meastóireachta ex‑post agus an mheasúnaithe tionchair.
Le linn na meastóireachta ex‑post, reáchtáladh ceardlann do pháirtithe leasmhara an 16 Deireadh Fómhair 2020 chun fianaise a bhailiú, na torthaí sainaitheanta a dheimhniú, aiseolas a lorg maidir le torthaí atá ag teacht chun cinn, agus chun tuairimí a bhailiú.
Reáchtáladh comhairliúchán poiblí oscailte idir an 28 Deireadh Fómhair 2020 agus an 20 Eanáir 2021, rud a lig don phobal leasmhar agus do na páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na rialacha atá i bhfeidhm.
Le linn chéim ullmhúcháin an mheasúnaithe tionchair, bhí deis ag páirtithe leasmhara aiseolas a thabhairt ar an Measúnú ar Thionchar Tionscanta (Ráithe 2 2021). Ina dhiaidh sin, rinneadh na gníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe seo a leanas:
–Dhá bhabhta agallamh:
·Agallaimh thaiscéalaíocha le linn na céime tionscanta (R1 agus R2 2022)
·Agallaimh dhoimhne chun bearnaí faisnéise a líonadh agus measúnú a dhéanamh ar na tionchair a mheastar a bheidh ag bearta beartais (R2 agus R3 2021).
–Dhá bhabhta suirbhéanna:
·Suirbhé chun bunús a thabhairt leis an anailís ar fhadhbanna (R2 2022).
·Suirbhé chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbeart beartais (R2 agus R3 2022).
Ar deireadh, reáchtáladh comhairliúchán poiblí oscailte nua in R3 2022.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Le linn an mheasúnaithe tionchair, reáchtáladh trí cheardlann le saineolaithe:
–Oiliúint, tástáil agus catagóirí feithiclí, R1 2022.
–Eisiúint agus aitheantas frithpháirteach ceadúnas tiomána, R2 2022.
–Iarmhairtí cionta tráchta ar bhóithre agus oiriúnacht sláinte, R2 2022.
Comhlánaíodh obair sheirbhísí an Choimisiúin féin ar an measúnú tionchair le staidéar tacaíochta seachtrach a rinne an cuibhreannas neamhspleách idir COWI, Ecorys agus NTUA.
Le linn na meastóireachta ex‑post agus chéim ullmhúcháin an mheasúnaithe tionchair, cuireadh an Coiste um cheadúnais tiomána arna bhunú faoi Airteagal 9 den Treoir reatha, Coiste atá comhdhéanta go bunúsach de shaineolaithe na mBallstát, cuireadh é ar an eolas agus chuathas i gcomhairle leis go rialta.
•Measúnú tionchair
Tá tuarascáil ar an measúnú tionchair ag gabháil leis an togra le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána, ar cuireadh dréacht di faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) an 12 Deireadh Fómhair 2022. D’eisigh an Bord tuairim dhearfach ina leith an 18 Samhain 2022. Rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil ar an measúnú tionchair i gcomhréir le moltaí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála. Tugadh aghaidh freisin ar bharúlacha teicniúla níos mionsonraithe ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála. Áirítear sa tuarascáil ar an measúnú tionchair tuairisc mhionsonraithe ar na roghanna beartais, atá san áireamh i Roinn 5, agus cuirtear anailís chuimsitheach ar thionchair na roghanna uile i láthair i Roinn 6. Déantar achoimre ar na roghanna beartais a ndearnadh anailís orthu mar a leanas:
Rogha beartais A
Áirítear le rogha beartais A (PO‑A) bearta beartais atá i gcoiteann ag gach ceann de na trí rogha beartais. Is é is aidhm do na bearta faoi PO‑A an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána a ailíniú leis an bhforbairt theicneolaíoch, eolaíoch agus shochaíoch san Aontas, le feabhsuithe ar a príomhfhorálacha agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus deiseanna an mhargaidh.
Maidir le sábháilteacht ar bhóithre, méadaítear léi raon na saincheisteanna atá faoi réir tástála. Déantar uasghrádú freisin ar na modhanna teicniúla (RESPER) lena dtacaítear le comhar idir údaráis inniúla i gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne na calaoise agus an bhrionnaithe. Oiriúnaítear léi na rialacha chun an méadú ar fheithiclí breosla ionadúil i bhflít an Aontais a chur san áireamh. Ar deireadh, nuashonraítear léi freisin na caighdeáin maidir le hoiriúnacht choirp agus mheabhrach chun tiomána agus bunaítear léi ardán tiomnaithe nua um chomhroinnt faisnéise chun go bhféadfaí eolas a scaipeadh ar bhonn níos leithne idir na húdaráis.
Maidir le saorghluaiseacht, tugtar isteach léi bailíocht riaracháin chéanna na gceadúnas tiomána do chatagóirí A agus B atá le cur i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus soiléirítear inti na cásanna inar féidir an bhailíocht a laghdú nó a fhadú. Bunaítear léi freisin aitheantas frithpháirteach do choibhéisí roghnacha, soiléirítear gnéithe áirithe a bhaineann le cur chun feidhme choincheap an ghnáthchónaithe agus tugtar isteach coibhéisí breise. Ar deireadh, tugann sé isteach ceadúnas tiomána móibíleach AE, chomh maith leis an bhféidearthacht cód QR a mharcáil ar an gceadúnas tiomána fisiceach.
Rogha beartais B
Is méadú é rogha beartais B (PO‑B) ar idirghabháil bheartais a mhéid a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, chomh maith le laghdú ar ualach riaracháin catagóirí áirithe tiománaithe.
Maidir le sábháilteacht ar bhóithre, seachas na bearta a áirítear in PO‑A, tugtar isteach léi rialacha nua maidir le tréimhsí oiliúna agus promhaidh. Comhlánaítear léi na rialacha maidir le hoiriúnacht choirp agus mheabhrach chun tiomána le treoirlínte neamhcheangailteacha chun fís na n‑iarratasóirí a sheiceáil, agus le scagadh éigeantach bunaithe ar fhéinmheasúnú. Bunófar clár oiliúna do Chleachtóirí Ginearálta.
Maidir le saorghluaiseacht, seachas na bearta a áirítear in PO‑A, déantar na rialacha eisiúna a shimpliú leis an bhféidearthacht go ndéanfadh náisiúnaigh AE a gcéad cheadúnas tiomána a fháil sa tír shaoránachta nuair a bhíonn bacainní orthu a bhaineann le teanga na tástála. Chun an easpa tiománaithe gairmiúla a mhaolú, déantar na rialacha atá ann cheana maidir le tiománaithe bus agus trucailí a shimpliú agus tugtar isteach rialacha maidir le malartú ceadúnas tiomána arna n‑eisiúint ag tríú tíortha. Ar deireadh, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna soghluaisteachta i gceantair iargúlta, beidh na Ballstáit in ann cearta tiomána sealbhóirí ceadúnais tiomána B1 a shíneadh, trí chead a thabhairt dóibh feithiclí ag a bhfuil mais níos airde a thiomáint nach mó a n‑uasluas ná 45 km/h, ach ar chríoch náisiúnta an Bhallstáit ábhartha amháin.
Rogha beartais C
Is méadú breise é rogha beartais C (PO‑C) ar chomhchuibhiú agus ar raon feidhme i gcomparáid le rogha PO‑B.
Maidir le sábháilteacht ar bhóithre, seachas na bearta a áirítear in PO‑A agus PO‑B, leasaítear na catagóirí feithiclí a bhfuil ceadúnas tiomána ag teastáil ina leith mar a leanas; 1) feithiclí nua micrea‑shoghluaisteachta ar uasluas idir 25 agus 45 km/h a chur san áireamh, 2) aitheantas frithpháirteach a thabhairt do cheadúnais náisiúnta a mbíonn gá leo chun feithiclí talmhaíochta a thiomáint agus 3) ailíniú níos fearr le deiseanna agus riachtanais an mhargaidh i gcás busanna i gcatagóir D1. Bheadh na rialacha maidir le hoiriúnacht choirp agus mheabhrach chun tiomána níos déine.
Maidir le saorghluaiseacht, seachas na bearta a áirítear in PO‑A agus PO‑B, tugtar aitheantas frithpháirteach don mheasúnú ar oiriúnacht choirp agus mheabhrach chun tiomána agus féadfaidh iarshealbhóirí ceadúnas tiomána coigríche leanúint de bheith ag tiomáint agus iad ag athrú a n‑áit chónaithe i mBallstát eile, ar choinníoll go bhfuil cuntas teiste dearfach cúig bliana ar a laghad acu maidir le sábháilteacht ar bhóithre.
Measúnú ar bhearta agus ar roghanna beartais
Tá na bearta faoi na roghanna beartais éagsúla faoi réir measúnú cainníochtúil agus cáilíochtúil ar thionchair eacnamaíocha agus shóisialta (sábháilteacht ar bhóithre) agus ar thionchair ar chearta bunúsacha. Roghnaíodh tréimhse ama 2025‑2050 chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair, i gcomhréir leis na réamh‑mheastacháin bhonnlíne. Maidir le sábháilteacht ar bhóithre, meastar go mbeidh PO‑A fo‑optamach chun spriocanna comhfhreagracha an Aontais a bhaint amach. Cuirfidh PO-B feabhas níos fearr ar shábháilteacht ar bhóithre ach téann PO‑C céim shuntasach amháin níos faide, ach meastar go mbeidh an cóimheas costais is tairbhe de PO‑C níos lú ná an cóimheas costais agus tairbhe a bhaineann le PO‑B. Maidir le saorghluaiseacht agus éifeachtaí eacnamaíocha, meastar go dtiocfaidh an príomhrannchuidiú ó cheadúnais tiomána digiteacha a thabhairt isteach agus ó chomhchuibhiú na bailíochta riaracháin do thiománaithe ghrúpa 1 go 15 bliana (an dá rud sin in PO‑A cheana féin). Leis na bearta breise a thug PO‑B agus PO‑C isteach, réiteofar saincheisteanna blocála a bhfuil tionchar acu ar roinnt grúpaí sonracha tiománaithe ach beidh i bhfad níos lú éifeachta acu. Maidir le cearta bunúsacha, beidh na héifeachtaí fós á rialú ag cur chun feidhme docht na rialacha maidir le cosaint sonraí, go háirithe in RESPER.
Chuimsigh gach rogha beartais an prionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’, rud a léiríonn Teachtaireacht 2030 maidir le Compás Digiteach.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Tá an tionscnamh seo ina chuid de Chlár Oibre 2022 an Choimisiúin faoi Iarscríbhinn II (tionscnaimh REFIT), faoin gceannteideal ‘Ugach nua do Dhaonlathas na hEorpa’. Tá gné thábhachtach REFIT ag baint leis an tionscnamh maidir le simpliú agus ailíniú na nósanna imeachta a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm maidir le ceadúnais tiomána.
Ualach costais tábhachtach a eascraíonn as Treoir 2006/126/CE is ea na nósanna imeachta eisiúna agus táirgeadh an cheadúnais tiomána fhisicigh, mar gheall ar an líon mór cónaitheoirí AE lena mbaineann. Cuid thábhachtach den simpliú agus den laghdú ar an ualach gaolmhar is ea ceadúnas tiomána móibíleach an Aontais a thabhairt isteach. Go sonrach, beidh sé níos éasca ceadúnas tiomána a fháil, a athsholáthar, a athnuachan nó a mhalartú, toisc go mbeifear in ann an nós imeachta iomlán a dhéanamh ar líne. Ina theannta sin, dá ndéanfaí comhchuibhiú ar bhailíocht riaracháin na gceadúnas tiomána do thiománaithe feithiclí de chatagóirí A, A1, A2, AM, B, B1 agus BE, is lú an t‑idirghníomhú a bheadh i gceist leis an riarachán freisin, toisc nach mbíonn gá chomh minic céanna leis an gceadúnas tiomána a athnuachan (gach 15 bliana in ionad 10 mbliana i gcás na mBallstát a bhfuil an riail seo á cur i bhfeidhm acu faoi láthair).
•Cearta bunúsacha
Tá na rialacha i dtaca le ceadúnais tiomána ailínithe le reachtaíocht infheidhme an Aontais maidir le cosaint sonraí. Tá sainmhíniú níos soiléire ar na cásanna inar féidir RESPER a úsáid beartaithe, rud a chuireann deireadh leis na débhríochtaí dlíthiúla atá ann cheana, ar baol iad do chosaint sonraí pearsanta tiománaithe. Trí úsáid a bhaint as gnéithe eIDAS le haghaidh cheadúnas tiomána an Aontais, go háirithe aitheantas leictreonach le haghaidh clárúcháin agus Tiachóg an Aontais chun sonraí a stóráil agus a mhalartú, áiritheofar ardleibhéal slándála agus príobháideachais maidir leis an bhfaisnéis a láimhseáiltear.
Ní mheastar go n‑eisiafar catagóirí áirithe den daonra leis an aistriú chuig ceadúnas tiomána digiteach an Aontais. Go deimhin, cé go n‑eiseofar an ceadúnas tiomána digiteach mar réamhshocrú, beidh gach duine in ann ceadúnas tiomána fisiceach a fháil de réir rogha.
Maidir le saoirse gluaiseachta, meastar go réiteoidh an soiléiriú ar choincheap an ghnáthchónaithe an fhadhb a bhaineann leis an údarás eisiúna a chinneadh díreach tar éis aistriú na háite cónaithe. Le simpliú na rialacha maidir le bailíocht riaracháin, cuirfear sealbhóirí cheadúnais tiomána an Aontais ar chomhchéim, is cuma cén tír ina ndéanann siad iarratas ar cheadúnas nó ina gcuirtear síneadh le bailíocht a gceadúnas. Le haitheantas frithpháirteach coibhéisí roghnacha, beidh sealbhóirí ceadúnas tiomána in ann leas a bhaint as cearta arna ndeonú le coibhéis roghnach freisin i mBallstáit eile a chuireann na rialacha céanna i bhfeidhm.
Beidh tionchar dearfach ag an Treoir atá beartaithe freisin ar an gceart chun neamh‑idirdhealaithe; ós rud é go gcuirfidh sé solúbthacht ar fáil maidir le ceadúnais tiomána a eisiúint den chéad uair i gcás srianta a bhaineann le teangacha, rud a chuirfidh ar chumas iarratasóirí na tástálacha a dhéanamh.
Áiritheofar leis an Treoir atá beartaithe go n‑urramófar cearta daoine faoi mhíchumas, i gcomhréir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha agus le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, ar páirtithe iontu an tAontas agus na Ballstáit uile.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Is iad na himpleachtaí do bhuiséad an Aontais den chuid is mó ná ardán faisnéise a bhunú do na húdaráis chun malartú a dhéanamh ar oiriúnacht choirp agus mheabhrach chun tiomána agus clár oiliúna (ar líne) a fhorbairt do chleachtóir ginearálta idir EUR 0.7 agus 1.1 milliún.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
I gcás ina bhfuil an togra formheasta, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas ar bhonn bliantúil maidir le líon na gceadúnas tiomána a eisíodh, a athnuadh, a athsholáthraíodh, a tarraingíodh siar agus a malartaíodh, le haghaidh gach catagóire, lena n‑áirítear sonraí maidir le heisiúint agus úsáid ceadúnas tiomána móibíleach.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Ní cheanglaítear doiciméid mhíniúcháin leis an togra seo maidir lena thrasuí.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Is iad seo a leanas na príomhfhorálacha lena ndéantar Treoir 2006/126/AE a athrú go substaintiúil nó lena gcuirtear eilimintí nua leis:
·Sainítear in Airteagal 1 ábhar na Treorach agus a raon feidhme, trí shonrú na réimsí a leagtar síos rialacha comhchoiteanna ina leith.
·Le hAirteagal 2 tugtar isteach sainmhínithe chun coincheapa nua a tugadh isteach a chur san áireamh agus ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil fhabhraithe.
·Le hAirteagal 3 tugtar isteach na rialacha bunúsacha is infheidhme maidir le ceadúnais tiomána fhisiceacha agus mhóibíleacha, go háirithe maidir lena n‑aitheantas frithpháirteach. Sonraítear na ceanglais mhionsonraithe in Airteagal 4 maidir le ceadúnais tiomána fhisiceacha agus in Airteagal 5 le haghaidh ceadúnais tiomána mhóibíleacha.
·Cuirtear Airteagal 6 agus Airteagal 7 in ionad sean‑Airteagal 4 de Threoir 2006/126/CE agus ina leagtar amach in dhá airteagal shonracha na rialacha is infheidhme maidir le1) catagóirí ceadúnais agus 2) aoiseanna íosta.
·Freagraíonn Airteagal 8 do shean‑Airteagal 5 de Threoir 2006/126/CE, lena soiléirítear an nasc idir cóid an Aontais agus coinníollacha agus teorainneacha a d’fhéadfadh a bheith ann leis an gceart tiomána.
·Cuirtear Airteagal 9 in ionad sean‑Airteagal 6 de Threoir 2006/126/CE, leis na hathruithe seo a leanas:
oDeireadh a chur leis an gceanglas ceadúnas i gcatagóir C nó D a bheith ag an duine chun ceadúnas i gcatagóir CE nó DE a fháil;
odeireadh a chur le cineál roghnach na chéad choibhéise a bunaíodh faoi phointe c) d’Airteagal 6(4) a bhí ann roimhe sin;
oan ceart feithiclí i gcatagóir D1E a thiomáint do shealbhóirí ceadúnas de chatagóir D1 agus C1E nó D1 agus CE;
ocoibhéis roghnach a thabhairt isteach lena gceadaítear feithiclí áirithe le ceadúnas de chatagóir B1 a thiomáint; agus
oaitheantas frithpháirteach a thabhairt do choibhéisí roghnacha.
·Cuirtear Airteagal 10 in ionad sean‑Airteagal 7 de Threoir 2006/126/CE, leis na hathruithe seo a leanas:
oIs í an bhailíocht riaracháin 15 bliana an riail ghinearálta le haghaidh na ngrúpaí de chatagóir A agus de chatagóir B;
oféadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit síneadh a chur le bailíocht riaracháin na gceadúnas tiomána in imthosca eisceachtúla;
oféadfar bailíocht riaracháin ceadúnas tiomána a laghdú chun iad a ailíniú le fad na gceadanna cónaithe sealadacha;
oní fhéadfar bailíocht riaracháin na gceadúnas tiomána a laghdú ar bhonn aois an tsealbhóra ach amháin ó 70 bliain d’aois ar aghaidh.
·Freagraíonn Airteagal 11 do mhíreanna 1, 2, 3 agus 5 d’iar‑Airteagal 11 de Threoir 2006/126/CE.
·Le hAirteagal 12 tugtar isteach rialacha sonracha nua maidir le ceadúnais tiomána arna n‑eisiúint ag tríú tír a mhalartú le sealbhóirí a théann i mbun a ngnáthchónaithe ar chríoch Ballstáit.
·Áirítear in Airteagal 13 an sean‑Airteagal 11(4) de Threoir 2006/126/CE agus tugtar isteach rialacha áirithe maidir leis na héifeachtaí a bheadh ag Ballstát ceadúnas tiomána a shrianadh, a chur ar fionraí, a tharraingt siar nó a chealú.
·Tugtar isteach le hAirteagal 14 an prionsabal nua maidir le tiomáint thionlactha do thiománaithe atá idir 17 mbliana d’aois agus 18 mbliana d’aois.
·Le hAirteagal 15 tugtar isteach tréimhse phromhaidh dhá bhliain ar a laghad ina mbeidh na tiománaithe nuacheadúnaithe faoi réir rialacha dochta a bhaineann le tiomáint faoi thionchar agus faoi choinníollacha náisiúnta breise a d’fhéadfadh a bheith ann.
·Comhfhreagraíonn Airteagal 16 do shean‑Airteagal 10 de Threoir 2006/126/CE.
·Áirítear le hAirteagal 17 sean‑Airteagal 12 de Threoir 2006/126/CE. Tugtar isteach leis freisin roinnt maoluithe nuair nach bhfuil sealbhóir ceadúnais tiomána in ann bunú an ghnáthchónaithe a chruthú nó, i gcás céadeisiúint ceadúnais tiomána le haghaidh chatagóir B, nuair nach bhfuil saoránaigh AE in ann máistreacht a fháil ar theanga a mBallstáit chónaithe.
·Comhfhreagraíonn Airteagal 18 do shean‑Airteagal 13 de Threoir 2006/126/CE, agus an fhaisnéis maidir le ceadúnais neamh‑AE den tsamhail chaighdeánach a d’fhoilsigh an Coimisiún á cur san áireamh.
·Freagraíonn Airteagal 19 do shean‑Airteagal 15 de Threoir 2006/126/CE, lena soiléirítear go háirithe na cásanna inar cheart do na Ballstáit cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile.
·Tá Airteagal 20 bunaithe ar Airteagal 14 de Threoir 2006/126/CE agus cumasaítear leis bailiú faisnéise i gcomhréir leis na rialacha maidir le Rialáil Níos Fearr.
·Tá foráil chaighdeánach in Airteagal 21 lena gcumasaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le forálacha áirithe den Treoir.
·Comhfhreagraíonn Airteagal 22 do shean‑Airteagal 9 de Threoir 2006/126/CE, lena mbunaítear coiste na gceadúnas tiomána, agus tugtar cothrom le dáta é le tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún, lena gcumasaítear gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcás inar gá.
·Le hAirteagal 23 cuirtear pointe (c) le hAirteagal 5(2) de Threoir (AE) 2022/2561, chun go gceadófar tiomáint thionlactha do thiománaithe ceadúnais tiomána de chatagóir C a bhfuil 17 mbliana d’aois slánaithe acu.
·Le hAirteagal 24 leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
·Tá foráil in Airteagal 25 maidir le trasuí, go háirithe agus Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin á chur san áireamh.
·Tá foráil chaighdeánach in Airteagal 26 lena leagtar síos na coinníollacha maidir le haisghairm Threoir 2006/126/CE.
·Tá foráil chaighdeánach in Airteagal 27 lena socraítear teacht i bhfeidhm na Treorach.
·Tá foráil chaighdeánach in Airteagal 28 lena leagtar síos go bhfuil an Treoir dírithe chuig na Ballstáit.
·Freagraíonn Iarscríbhinn I d’iar‑Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE. Tugadh cothrom le dáta é agus aird á tabhairt ar na ceanglais a tugadh isteach le Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla a mhéid a bhaineann le ceadúnais tiomána lena n‑áirítear meán stórála (micrishlis) (cuid B), sonraíochtaí teicniúla le haghaidh na gceadúnas tiomána móibíleach (cuid C), agus tabhairt isteach cód nua de chuid an Aontais, atá pearsantaithe anois i gcuid E.
·Freagraíonn Iarscríbhinn II d’iar‑Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2006/126/CE. Tugadh cothrom le dáta é chun a chur san áireamh
oan gá atá le tiománaithe nua is iarrthóirí pas a fháil sa tástáil um aireachtáil guaise tiománaí;
oan ceanglas chun measúnú a dhéanamh ar an eolas faoi thosca riosca a bhaineann le modhanna micrea‑shoghluaisteachta, sábháilteacht feithiclí breosla ionadúil, na scileanna a bhaineann le hardchórais cúnaimh tiomána agus gnéithe eile uathoibrithe d’fheithicil;
omaolú na gceanglas ar thiománaithe ar éirigh leo ina dtástáil tiomána le giarbhosca uathoibríoch nuair a dhéanann siad iarratas chun deireadh a chur leis an srian a bhaineann lena gceadúnas tiomána.
·Freagraíonn Iarscríbhinn III d’iar‑Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/126/CE. Nuashonraíodh é le
otabhairt isteach de scagadh éigeantach trí bhíthin féinmheasúnaithe do thiománaithe i ngrúpa 1;
omaolú ar mhinicíocht tástálacha a theastaíonn nuair atá an tiománaí faoi riocht sláinte a bhaineann le diaibéiteas mellitus.
·Is ionann Iarscríbhinní IV, V agus VI agus na cinn sin a ghabhann le Treoir 2006/126/CE gan aon athrú substaintiúil.
·Cuimsítear in Iarscríbhinn VIII an fhaisnéis chaighdeánach a bhaineann le haisghairm agus trasuí.
2023/0053 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le ceadúnais tiomána, lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is eilimintí riachtanacha den chomhbheartas iompair iad na rialacha maidir le ceadúnais tiomána, rannchuidítear le feabhas a chur ar an tsábháilteacht ar bhóithre dá mbarr agus éascaítear leo saorghluaiseacht daoine ag dul chun cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát a d’eisigh an ceadúnas. Mar gheall ar a thábhachtaí agus atá modhanna iompair aonair, déantar saorghluaiseacht agus saoirse bunaíochta daoine a chur chun cinn agus a éascú ach ceadúnas tiomána atá aitheanta go cuí ag Ballstát aíochta a bheith acu. Ar an gcaoi chéanna, ní hamháin go ndéantar difear don Bhallstát ina ndearnadh na sáruithe i gcás aon doiciméad den sórt sin nó an ceart tiomána a fháil go mídhleathach, nó i gcás caillteanas ceadúnais tiomána a fuarthas go dlisteanach trí iompar neamhdhleathach, ach déantar difear don tsábháilteacht ar bhóithre ar fud an Aontais freisin.
(2)Ba cheart an creat atá ann faoi láthair a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh sé oiriúnach don ré nua, agus go beidh sé inbhuanaithe, cuimsitheach, cliste agus athléimneach. Ba cheart a chur san áireamh ann an gá atá le hastaíochtaí ó iompar a laghdú, digitiú, na treochtaí déimeagrafacha agus forbairtí teicneolaíochta chun iomaíochas an Gheilleagair Eorpaigh a threisiú. Tá sé tábhachtach nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus a dhigitiú, chun na bacainní atá fós ann a bhaint, amhail ualaí riaracháin, ar bacainní iad do shaorghluaiseacht na dtiománaithe a théann chun cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát a eisíonn an ceadúnas a bhaint. Ba cheart ceadúnais tiomána fhisiceacha agus mhóibíleacha araon a chuimsiú i gcreat comhchuibhithe ceadúnais tiomána de chuid an Aontais, agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir lena n‑aitheantas frithpháirteach, i gcás inar eisíodh go cuí iad i gcomhréir leis an Treoir seo.
(3)Thug an tAontas Eorpach isteach an chéad cheadúnas tiomána fisiceach de ‘shamhail Chomhphobail’ an 4 Nollaig 1980. Ó shin i leith, tá na rialacha a bhaineann le samhail Chomhphobail mar bhunchloch ag na struchtúir cheadúnaithe is úire ar domhan, lena gcumhdaítear níos mó ná 250 milliún tiománaí. Leis an Treoir seo, ba cheart tógáil ar an taithí agus ar an gcleachtas carntha agus rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le caighdeáin an Aontais maidir le ceadúnais tiomána fhisiceacha. Leis na ceadúnais tiomána fhisiceacha a eisítear laistigh den Aontas, go háirithe, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hardleibhéal cosanta ar chalaois agus ar bhrionnú trí bhíthin bearta frithbhrionnaithe agus na féidearthachta micrishliseanna agus cóid QR a chur san áireamh ar na doiciméid.
(4)Ba cheart a áirithiú go gcomhlíontar creat cosanta sonraí an Aontais agus sonraí pearsanta á bpróiseáil chun an Treoir seo a chur chun feidhme, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(5)Leis an Treoir seo, bunaítear bunús dlí chun tacar éigeantach sonraí pearsanta a stóráil sna ceadúnais tiomána fhisiceacha agus ina micrishliseanna agus a gcóid QR agus sna ceadúnais tiomána mhóibíleacha chun ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre a ráthú ar fud an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(e) agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 9(2)(g) de Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart na sonraí sin a bheith teoranta don mhéid is gá chun ceart tiomána an duine a chruthú, chun an duine sin a shainaithint agus chun cearta tiomána agus aitheantas an duine a fhíorú. Déantar foráil sa Treoir seo freisin maidir le coimircí breise chun cosaint sonraí pearsanta a nochtar le linn an phróisis fíorúcháin a áirithiú.
(6)Chun foráil a dhéanamh maidir le soiléireacht dhlíthiúil agus chun an t‑aistriú gan uaim idir an Treoir seo agus Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceadúnais tiomána a ráthú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann sonraí pearsanta breise a stóráil ar mhicrishlis, má dhéantar foráil maidir leis sin leis an dlí náisiúnta lena gcomhlíontar Rialachán (AE) 2016/679. Ní fheidhmíonn an Treoir seo mar bhunús dlí chun sonraí breise den sórt sin a áireamh, áfach.
(7)I gcodarsnacht leis sin, leis an gcód QR a bhunaítear leis an Treoir seo, lena gceadaítear barántúlacht na faisnéise atá priontáilte ar an gceadúnas tiomána fisiceach a fhíorú, níor cheart a bheith in ann níos mó faisnéise a stóráil ná mar a thuairiscítear ar an gceadúnas tiomána fisiceach.
(8)Ní sholáthraítear leis an Treoir seo bunús dlí chun bunachair sonraí a chur ar bun nó a chothabháil ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh stóráil sonraí bithmhéadracha sna Ballstáit, ar ábhar don dlí náisiúnta é nach mór dó dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh. Thairis sin, ní sholáthraítear leis an Treoir seo bunús dlí chun bunachair sonraí a chur ar bun nó a chothabháil ar leibhéal an Aontais.
(9)Tá gá le gealltanais bhreise chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne brionnú agus calaois a bhaineann le ceadúnais tiomána. Dá bhrí sin, an dáta a leagadh síos ar dtús le Treoir 2006/126/CE go gcomhlíonfar na ceanglais uile a leagtar síos i ndlí an Aontais gach ceadúnas tiomána fisiceach a eisítear nó atá i gcúrsaíocht, is inmhianaithe an dáta sin a thabhairt ar aghaidh.
(10)Tá an t‑aistriú digiteach ar cheann de thosaíochtaí an Aontais. I gcás iompar de bhóthar, rannchuideofar leis na bacainní riaracháin atá fós ann a bhaint, amhail na bacainní sin a bhaineann le fad ceadúnais tiomána fhisiceacha a eisiúint, ar bacainní ar shaorghluaiseacht daoine iad. Dá bhrí sin, ba cheart caighdeán ar leith de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh na gceadúnas tiomána móibíleach a eisítear laistigh den Aontas. Chun claochlú digiteach a éascú, ba cheart ceadúnais tiomána mhóibíleacha a eisiúint mar réamhshocrú ón [dáta glactha + 4 bliana], gan dochar do cheart an iarratasóra ceann fisiceach nó an dá cheann a fháil an tráth céanna.
(11)Ba cheart an fhaisnéis a thuairiscítear ar an gceadúnas tiomána fisiceach a bheith ar an gceadúnas tiomána móibíleach ach, chomh maith leis sin, ba cheart faisnéis lenar féidir barántúlacht na sonraí a fhíorú agus pointeoir aon úsáide a bheith ann. Mar sin féin, ba cheart a áirithiú, fiú i gcásanna den sórt sin, go mbeidh an méid sonraí pearsanta a chuirfear ar fáil teoranta don mhéid a thuairisceofaí ar an gceadúnas tiomána fisiceach agus don mhéid a mbeadh fíorghá leis chun barántúlacht na sonraí sin a fhíorú. Ba cheart na sonraí breise sin a bheith éagsúil i gcás ina bhfuil roinnt ceadúnas tiomána móibíleach ag duine, rud a d’fhéadfadh a bheith ann ar choinníoll gurb é an Ballstát céanna a eisíonn iad.
(12)Sa Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, leagtar amach fís don Aontas chun feabhas suntasach a chur ar inbhuanaitheacht na soghluaisteachta agus an iompair. Áirítear ar na hastaíochtaí ó earnáil an iompair de bhóthar astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailleáin aeir, fuaim agus micreaphlaistigh ó chaitheamh bonn agus bóithre. Bíonn tionchar ag stíl tiomána ar na hastaíochtaí sin, agus d’fhéadfadh tionchair dhiúltacha a bheith aici ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine. Dá bhrí sin, le hoiliúint tiomána, ba cheart tiománaithe a fheistiú chun a dtionchar ar astaíochtaí a laghdú agus chun iad a ullmhú chun feithiclí astaíochtaí nialasacha a thiomáint.
(13)Ionas go mbeidh saoránaigh agus cónaitheoirí in ann tairbhe dhíreach a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh gan aon ualach riaracháin breise neamhriachtanach a bheith orthu, déantar foráil i Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar nósanna imeachta ar líne atá ábhartha d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, lena n‑áirítear d’úsáideoirí trasteorann. An fhaisnéis a chumhdaítear sa Treoir seo, cumhdaítear cheana féin í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724. Ba cheart Iarscríbhinn II a leasú freisin chun a áirithiú go mbainfidh aon iarrthóir tairbhe as nósanna imeachta atá go hiomlán ar líne.
(14)Ba cheart ceadúnais tiomána a rangú de réir na gcineálacha feithiclí dá dtugann siad an ceart tiomána. Ba cheart é sin a dhéanamh ar bhealach soiléir comhleanúnach agus lánurraim á tabhairt do shaintréithe teicniúla na bhfeithiclí lena mbaineann agus do na scileanna is gá chun iad a thiomáin.
(15)I gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas an 13 Nollaig 2006, a bhfuil an tAontas ina Pháirtí ann ón 21 Eanáir 2011, ba cheart forálacha sonracha a ghlacadh chun é a dhéanamh níos éasca do dhaoine faoi mhíchumas feithiclí a thiomáint. Chuige sin, le réamhthoiliú ón gCoimisiún, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cineálacha sonracha feithiclí cumhacht‑thiomáinte a eisiamh ó chur i bhfeidhm Airteagal 6.
(16)Ba cheart aoiseanna íosta na n‑iarratasóirí ar chatagóirí le haghaidh na gcatagóirí éagsúla ceadúnas tiomána a shocrú ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit teorainn aoise níos airde a shocrú chun catagóirí áirithe feithiclí a thiomáint d’fhonn an tsábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn tuilleadh. In imthosca eisceachtúla, ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit teorainneacha aoise níos ísle a shocrú chun dálaí náisiúnta a chur san áireamh. Go háirithe, chun foráil a dhéanamh maidir le tiomáint fheithiclí na seirbhíse dóiteáin agus feithiclí a bhaineann leis an ord poiblí a choinneáil ar bun nó i gcás scéimeanna píolótacha a bhaineann le teicneolaíochtaí nua feithiclí.
(17)Ba cheart córas céimnithe a bhunú ‑ is é sin an teidlíocht le haghaidh ceadúnas tiomána de chatagóir B a bhunú mar réamhriachtanas chun go mbeidh an t‑iarratasóir incháilithe catagóirí áirithe eile a bheith aige nó aici ‑ agus ba cheart coibhéisí idir catagóirí a bhunú. Ba cheart córas den sórt sin a bheith ina cheangal ar na Ballstáit uile, ach ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit é a chur i bhfeidhm idir a chéile ina gcríocha féin. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit coibhéisí áirithe a bhunú atá teoranta dá gcríoch féin amháin.
(18)Ar fhorais sábháilteachta ar bhóithre, is gá na ceanglais íosta a leagadh síos maidir le ceadúnas tiomána a eisiúint. Ba cheart na caighdeáin le haghaidh tástálacha tiomána agus ceadúnúcháin a chomhchuibhiú. Chuige sin, ba cheart an t‑eolas, na scileanna agus an iompraíocht a bhaineann le tiomáint feithiclí cumhacht‑thiomáinte a shonrú, ba cheart go mbeadh an tástáil tiomána bunaithe ar na coincheapa sin, agus ba cheart na caighdeáin íosta maidir le hoiriúnacht choirp agus mheabhrach chun feithiclí den sórt sin a thiomáint a shonrú.
(19)Ba cheart cruthúnas a sholáthar ar chomhlíonadh caighdeáin íosta oiriúnachta coirp agus meabhraí i ndáil le tiomáint ag tiománaithe feithiclí a úsáidtear chun daoine nó earraí a iompar tráth eisiúna an cheadúnais tiomána agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin. Mar thoradh ar rialú rialta den sórt sin i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le comhlíonadh caighdeán íosta, rannchuideofaí le saorghluaiseacht daoine, seachnófar saobhadh ar an iomaíocht, agus cuirfear san áireamh ar bhealach níos fearr freagracht shonrach thiománaithe na bhfeithiclí sin. Ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit scrúduithe leighis a fhorchur mar dhearbhú ar chomhlíonadh caighdeáin íosta oiriúnachta coirp agus meabhraí chun feithiclí cumhacht‑thiomáinte eile a thiomáint. Ar mhaithe leis an trédhearcacht, ba cheart scrúduithe den sórt sin a reáchtáil i gcomhthráth le hathnuachan ceadúnais tiomána.
(20)Chun cearta aonfhoirmeacha a áirithiú ar fud an Aontais, agus ceisteanna sábháilteachta ar bhóithre á gcur san áireamh, ba cheart bailíocht riaracháin 15 bliana a bheith ag ceadúnais tiomána chatagóirí AM, A1, A2, A, B1 agus B, agus beidh bailíocht riaracháin 5 bliana ag catagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit tréimhse níos giorra a shainiú i gcásanna eisceachtúla, mar a shainmhínítear sa Treoir seo.
(21)Chun gur féidir leis na Ballstáit agus, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, leis an Aontas ina iomláine, freagairt do ghéarchéimeanna a fhágann nach féidir le húdaráis náisiúnta ceadúnais tiomána a athnuachan, ar ceadúnais iad a rachadh in éag murach sin, ba cheart é a bheith indéanta síneadh a chur le bailíocht riaracháin na gceadúnas sin ar feadh na tréimhse a bhfuil fíorghá léi.
(22)Ba cheart cosc a chur ar aon duine níos mó ná ceadúnas tiomána fisiceach amháin a bheith aige leis an bprionsabal ‘sealbhóir amháin ‑ ceadúnas amháin’. Mar sin féin, ba cheart an prionsabal a leathnú freisin chun sainiúlachtaí teicniúla na gceadúnas tiomána móibíleach a chur san áireamh.
(23)Ar chúiseanna a bhaineann leis an tsábháilteacht ar bhóithre, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a bhforálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir le tarraingt siar, cur ar fionraí, athnuachan agus cur ar ceal ceadúnais tiomána i gcás gach sealbhóra ceadúnais a bhfuil gnáthchónaí ar a gcríoch bainte amach aige.
(24)Na tiománaithe a bhfuil ceadúnas tiomána acu a d’eisigh an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu tar éis dóibh ceadúnas tiomána arna eisiúint ag tríú tír a mhalartú, ba cheart dóibh a bheith i dteideal tiomáint ar fud an Aontais amhail is dá mba rud é go bhfuair siad an ceadúnas laistigh den Aontas ar dtús. D’fhéadfadh tionchar éagsúil a bheith ag malartú den sórt sin ar shábháilteacht ar bhóithre agus ar shaorghluaiseacht daoine.
(25)Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú cinneadh a ghlacadh lena sainaithnítear tríú tíortha a áirithíonn leibhéal inchomparáide sábháilteachta ar bhóithre atá ag an Aontas agus a thugann an deis do shealbhóirí ceadúnas arna eisiúint sna tíortha sin a gceadúnais tiomána a mhalartú ar théarmaí comhchosúla amhail is dá mba Bhallstát a d’eisigh iad. Ba cheart na coinníollacha sin a bheith mionsonraithe agus sainithe go maith do gach catagóir ceadúnais tiomána ábhartha.
(26)A mhéid a bhaineann le ceadúnais tiomána arna n‑eisiúint ag tríú tíortha nach ábhar do chinneadh den sórt sin ón gCoimisiún iad, nó nach n‑údaraítear nó nach dtoirmeasctar an malartú ina leith go sainráite le cinneadh den sórt sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit iad a mhalartú i gcomhréir lena rialacha náisiúnta, ar choinníoll go n‑úsáideann siad cód ábhartha an Aontais maidir leis an gceadúnas malartaithe. I gcás ina n‑athraíonn sealbhóir ceadúnais den sórt sin a áit chónaithe go Ballstát nua, ní gá don Bhallstát eile sin prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm maidir le ceadúnas den sórt sin.
(27)Is feiniméan forleathan é ‘turasóireacht maidir le ceadúnais tiomána’, is é sin an cleachtas áit chónaithe a athrú chun ceadúnas tiomána nua a fháil, chun dul timpeall ar na héifeachtaí a bheadh ag dícháiliúchán tiomána arna fhorchur i mBallstát eile, agus bíonn tionchar diúltach aige sin ar shábháilteacht ar bhóithre. Níor cheart tiománaithe a dhíolmhú ó cheanglais arna bhforchur orthu chun a gceart tiomána nó a gceadúnas tiomána a aisghabháil, trína n‑áit chónaithe a athrú. An tráth céanna, ba cheart a shoiléiriú nár cheart toirmeasc éiginnte ar thiomáint a bheith mar thoradh ar aon iompraíocht de chuid na saoránach ach amháin i gcás ina bhfuil údar cuí leis, agus nár cheart éifeacht a bheith ag cinneadh den sórt sin ach amháin do chríoch an Bhallstáit a d’eisigh é.
(28)Ba cheart scéim tiomána tionlactha uile‑Aontais a thabhairt isteach le haghaidh catagóirí áirithe ceadúnas tiomána, chun feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre. Le rialacha an chórais sin, ba cheart an deis a thabhairt d’iarratasóirí ceadúnais tiomána a fháil sna catagóirí ábhartha sula sroichfear an íosteorainn aoise is gá. Ba cheart, áfach, úsáid na gceadúnas tiomána sin a bheith faoi réir tiománaí a bhfuil taithí aige nó aici a bheith in éineacht leo. Sna cásanna sin, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit, ar chúiseanna sábháilteachta ar bhóithre, coinníollacha agus rialacha níos déine a shainiú laistigh dá gcríoch maidir leis na ceadúnais tiomána atá eisithe acu.
(29)Leis an scéim tiomána tionlactha, gan dochar dá sprioc fhoriomlán sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, ba cheart gairm an tiománaí trucailí a dhéanamh níos inrochtana agus níos tarraingtí do na glúnta óga, chun a bhféidearthachtaí ceirde a leathnú, agus chun cabhrú le dul i ngleic leis an nganntanas tiománaithe laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart ceadúnais tiomána chatagóir C agus a gceadúnais réamhriachtanais chatagóir B a chumhdach leis.
(30)Ba cheart a áirithiú nach gcuirfidh tiománaithe a fhaigheann a gceadúnas tiomána nua i gcatagóir ar leith sábháilteacht ar bhóithre i mbaol toisc go bhfuil taithí acu. I gcás na dtiománaithe nuacheadúnaithe sin, ba cheart tréimhse phromhaidh 2 bhliain a bhunú, ar lena linn ba cheart iad a chur faoi réir rialacha níos déine agus pionóis ar fud an Aontais agus iad á mbriseadh, mar gheall ar thionchar an alcóil. Ba cheart na pionóis ar iompraíocht den sórt sin a bheith éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus neamh‑idirdhealaitheach agus ba cheart a dhéine atá siad a chur san áireamh, a mhéid is féidir, i spriocanna meántéarmacha agus fadtéarmacha an Aontais maidir le básanna agus gortuithe tromchúiseacha a laghdú faoina leath agus beagnach a dhíothú. A mhéid a bhaineann le haon srianta eile ar thiománaithe nuacheadúnaithe, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit rialacha breise a chur chun feidhme gan bhac ina gcríoch.
(31)Ba cheart caighdeáin íosta maidir le rochtain ar ghairm an scrúdaitheora agus riachtanais oiliúna scrúdaitheoirí a bhunú chun eolas agus scileanna scrúdaitheoirí a fheabhsú lena n‑áiritheofar meastóireacht níos oibiachtúla ar iarratasóirí ar cheadúnais tiomána agus lena mbainfear amach comhchuibhiú níos mó i dtástálacha tiomána. Thairis sin, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na caighdeáin íosta sin a leasú agus a oiriúnú d’aon fhorbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíocha sa réimse seo i gcás ina mbeidh gá leis.
(32)Ba cheart coincheap an ghnáthchónaithe a shainiú, ar bhealach lena bhféadfar saincheisteanna a thagann chun cinn a réiteach i gcás nach féidir gnáthchónaí a bhunú ar bhonn naisc cheirde nó teaghlaigh. Is gá freisin foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht d’iarratasóirí na tástálacha teoiriciúla nó praiticiúla a dhéanamh i mBallstát a náisiúntachta i gcás nach dtugann a mBallstát gnáthchónaithe an deis na tástálacha sin a dhéanamh i dteanga oifigiúil an Bhallstáit sin. Ba cheart rialacha sonracha a leagan síos do thaidhleoirí agus dá dteaghlaigh, i gcás ina gceanglaíonn a misean orthu cónaí thar lear ar feadh tréimhse fhada ama.
(33)Ba cheart do na Ballstáit cúnamh a thabhairt dá chéile i gcur chun feidhme na Treorach seo. I gcás inar féidir, ba cheart dóibh líonra an Aontais Eorpaigh um cheadúnais tiomána a úsáid chun cúnamh den sórt sin a chur ar fáil. Is mol é líonra an Aontais Eorpaigh um cheadúnais tiomána, dá ngairtear ‘RESPER’ go coitianta, chun faisnéis a mhalartú idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as ceadúnais tiomána a eisiúint agus as cur chun feidhme na Treorach seo a éascú.
(34)Is é is aidhm do líonra an Aontais Eorpaigh um cheadúnais tiomána aitheantas a ráthú do dhoiciméid agus do chearta faighte de thionscnamh na mBallstát, calaois doiciméad a chomhrac, eisiúint ilcheadúnas a sheachaint agus forfheidhmiú dícháiliúchán tiomána a éascú. Go háirithe, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit a fhíorú go córasach go bhfuil na cúiseanna, ba chúis le srianta, fionraí, aistarraingtí nó cealuithe ceadúnais tiomána nó an chirt tiomána a forchuireadh roimhe sin, imithe ar iarraidh. Níor cheart úsáid RESPER chun gníomhartha eile de chuid an Aontais a chur chun feidhme a cheadú ach amháin ar choinníoll go ndéantar foráil shoiléir maidir leis na húsáidí sin sa Treoir seo.
(35)Chun a áirithiú go n‑ullmhófar tuarascála fóinteacha maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún faisnéis a fháil ar bhonn bliantúil maidir le líon na gceadúnas tiomána a eisiatar, a athnuaitear, a athsholáthraítear, a tharraingítear siar agus a mhalartaítear, le haghaidh gach catagóire, lena n‑áirítear sonraí maidir le heisiúint agus úsáid ceadúnas tiomána móibíleach.
(36)Chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach, go háirithe chun na hIarscríbhinní a ghabhann léi a choigeartú d’aon fhorbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíocha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le Codanna A, B agus D d’Iarscríbhinn I lena rialaítear sonraíochtaí ceadúnas tiomána fisiceach; lena leasaítear Cuid C d’Iarscríbhinn I lena leagtar síos na sonraíochtaí maidir le ceadúnais tiomána mhóibíleacha; lena leasaítear Cuid E d’Iarscríbhinn I lena rialaítear na rialacha maidir leis na cóid náisiúnta agus cóid an Aontais is infheidhme; lena leasaítear Iarscríbhinní II, III, V agus VI lena sonraítear ceanglais íosta áirithe maidir le heisiúint, bailíocht agus athnuachan ceadúnas tiomána; agus lena leasaítear Iarscríbhinn IV lena leagtar síos na caighdeáin íosta do scrúdaitheoirí. Ba cheart an cumhachtú sin a dheonú go ceann 5 bliana, ós rud é go dtarlaíonn forbairtí teicniúla, oibríochtúla agus eolaíocha go minic sna hábhair a rialaítear leis na hIarscríbhinní sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(37)I gcomhthéacs digitithe de réir a chéile agus uathoibrithe agus na gceanglas maidir le astaíochtaí iompair de bhóthar a laghdú, chomh maith le comhthéacs dhul chun cinn teicneolaíoch leanúnach feithiclí cumhacht‑thiomáinte, is gá na tiománaithe uile a choinneáil cothrom le dáta maidir le heolas ar shábháilteacht ar bhóithre agus inbhuanaitheacht. D’fhéadfadh cur chun cinn na hoiliúna ar feadh an tsaoil a bheith ríthábhachtach chun scileanna tiománaithe a bhfuil taithí acu a choinneáil cothrom le dáta i dtéarmaí sábháilteachta ar bhóithre, teicneolaíochtaí nua, éiceathiomáint, rud a chuireann feabhas ar éifeachtúlacht breosla, agus a laghdaíonn astaíochtaí, agus i dtéarmaí bainistíochta luais.
(38)D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gnéithe idir‑inoibritheachta agus bearta slándála is infheidhme maidir leis na cóid QR a thabharfar isteach ar cheadúnais tiomána fhisiceacha a shonrú; forálacha maidir le hidir‑inoibritheacht, slándáil agus tástáil ceadúnas tiomána móibíleach; an síneadh le tréimhse bailíochta riaracháin ceadúnas tiomána ar fud an Aontais i gcás géarchéime; inneachar an fhéinmheasúnaithe ar oiriúnacht choirp agus mheabhrach atá le déanamh i gcás tiománaithe ghrúpa 1; na coinníollacha a bhaineann le ceadúnais tiomána ó thríú tíortha a mhalartú le haghaidh ceadúnais tiomána a eisíonn an Ballstáit gan an malartú a thaifeadadh ar an gceadúnas tiomána; agus an idir‑inoibritheacht idir córais náisiúnta atá nasctha le líonra an Aontais Eorpaigh um cheadúnais tiomána agus na sonraí pearsanta a chosaint a mhalartaítear sa chomhthéacs sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(39)Ar mhaithe le comhsheasmhacht, Treoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna áirithe a chumhdaítear leis an Treoir seo, ba cheart í agus Rialachán (AE) 2018/1724 a leasú.
(40)Ba cheart Treoir 126/2006/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún a aisghairm.
(41)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach go leordhóthanach toisc go n‑eascródh ceanglais chomh héagsúil sin as na rialacha lena rialaítear eisiúint, athnuachan, athsholáthar agus malartú ceadúnas tiomána nach bhféadfaí leibhéal na sábháilteachta ar bhóithre agus saorghluaiseacht saoránach dá bhforáiltear a bhaint amach, is fearr a bhainfear amach na cuspóirí sin ar leibhéal an Aontais trí cheanglais íosta a leagan síos. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(42)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an [LL/MM/BBBB].
(43)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1.Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha comhchoiteanna maidir leis an méid seo a leanas:
(a)samhlacha, caighdeáin agus catagóirí ceadúnas tiomána;
(b)eisiúint, bailíocht, athnuachan, agus aitheantas frithpháirteach ceadúnas tiomána;
(c)gnéithe áirithe de mhalartú, athsholáthar, tarraingt siar, srianadh, cur ar fionraí agus cealú ceadúnas tiomána;
(d)gnéithe áirithe is infheidhme maidir le tiománaithe nuacheadúnaithe.
2.Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le feithiclí cumhacht‑thiomáinte a ghluaiseann ar rothaí nó ar ráillí, ag a bhfuil dhá acastóir ar a laghad, a mbaineann a phríomhfheidhm lena gcumhacht tarraingthe, atá deartha go speisialta chun uirlisí, innealra nó leantóirí áirithe a bhrú, a tharraingt, a iompar nó a fheidhmiú i ndáil le hoibríochtaí talmhaíochta nó foraoiseachta, agus nach bhfuil ina n‑úsáid chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí a úsáidtear chun daoine nó earraí a iompar a tharraingt ar an mbóthar ach feidhm thánaisteach.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘ceadúnas tiomána’ doiciméad leictreonach nó fisiceach lena ndeimhnítear an ceart feithiclí cumhacht‑thiomáinte a thiomáint agus ina sonraítear na coinníollacha faoina bhfuil an sealbhóir údaraithe tiomáint;
(2)ciallaíonn ‘ceadúnas tiomána fisiceach’ ceadúnas tiomána ina fhormáid fhisiceach, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 4;
(3)ciallaíonn ‘ceadúnas tiomána móibíleach’ ceadúnas tiomána ina fhormáid dhigiteach, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 5;
(4)ciallaíonn ‘feithicil chumhacht‑thiomáinte’ feithicil fhéinghluaiste a ritheann ar bhóthar faoina cumhacht féin, seachas feithicil ráille‑iompartha;
(5)ciallaíonn ‘feithicil dhá roth’ feithicil dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(6)ciallaíonn ‘feithicil trí roth’ feithicil dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013;
(7)ciallaíonn ‘cuadrothar éadrom’ feithicil dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013;
(8)ciallaíonn ‘gluaisrothar’ feithicil dhá roth ag a bhfuil carr cliathánach nó gan carr cliathánach, dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (c) agus (d) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013;
(9)ciallaíonn ‘trírothach cumhachtaithe’ feithicil ag a bhfuil trí roth atá leagtha amach go siméadrach, dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013;
(10)ciallaíonn ‘mótarfheithicil’ aon fheithicil chumhacht‑thiomáinte, a úsáidtear de ghnáth chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar, nó chun feithiclí a úsáidtear chun daoine nó earraí a iompar a tharraingt ar an mbóthar. Cuimseofar tralaí‑bhusanna leis an téarma sin, is é sin feithiclí atá nasctha le seoltóir leictreach agus nach bhfuil bunaithe ar ráillí.
(11)ciallaíonn ‘cuadrothar trom’ feithicil dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013;
(12)ciallaíonn ‘dícháiliúchán tiomána’ aon chinneadh as a n‑eascraíonn tarraingt siar, cealú, srianadh nó cur ar fionraí an cheadúnais tiomána nó cheart an tiománaí feithicle cumhacht‑tiomáinte a thiomáint agus nach bhfuil faoi réir ceart chun achomhairc a thuilleadh. Féadfaidh an beart a bheith ina phionós príomhúil, ina phionós tánaisteach nó ina phionós forlíontach nó ina bheart sábháilteachta.
Airteagal 3
Sonraíochtaí caighdeánacha an Aontais maidir le ceadúnais tiomána agus aitheantas frithpháirteach
1.Áiritheoidh na Ballstáit go n‑eisiatar a gceadúnais tiomána náisiúnta i gcomhréir le forálacha na Treorach seo agus gcomhlíontar sonraíochtaí caighdeánacha an Aontais agus critéir eile leo de bhun na nithe seo a leanas:
(a)Airteagal 4 i gcás ceadúnais tiomána fhisiceacha;
(b)Airteagal 5 i gcás ceadúnais tiomána mhóibíleacha.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceadúnais tiomána fhisiceacha agus mhóibíleacha a eisiatar don duine céanna go hiomlán coibhéiseach eatarthu, agus go luaitear iontu an tacar ceannann céanna ceart agus coinníollacha faoina bhfuil an duine sin údaraithe tiomáint.
3.Ní éileoidh na Ballstáit, mar réamhriachtanas, go mbeidh ceadúnas tiomána fisiceach nó móibíleach ag an iarratasóir agus ceadúnas tiomána á eisiúint, á athsholáthar, á athnuachan nó á mhalartú aige san fhormáid eile.
4.Faoin [dáta glactha + 4 bliana], áiritheoidh na Ballstáit nach n‑eiseofar ach ceadúnais tiomána mhóibíleacha mar réamhshocrú. Go dtí an dáta sin, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ceadúnais tiomána mhóibíleacha a eisiúint.
5.De mhaolú ar mhír 4, arna iarraidh sin don iarratasóir, tabharfaidh na Ballstáit an deis ceadúnas tiomána fisiceach a eisiúint in ionad ceadúnas tiomána móibíleach nó in éineacht leis.
6.Déanfar ceadúnais tiomána a eisíonn na Ballstáit a aithint go frithpháirteach.
7.De mhaolú ar mhír 6, ní thabharfaidh na Ballstáit aitheantas frithpháirteach ach do cheadúnais tiomána móibíleach a eisíodh tar éis an [dáta glactha + 3 bliana] i gcomhréir le hAirteagal 5. Ceadúnais tiomána mhóibíleacha a eisíodh roimh an dáta sin ach a chomhlíonann ceanglais Airteagal 5, tabharfar aitheantas frithpháirteach dóibh i ndiaidh an dáta sin.
Airteagal 4
Ceadúnais tiomána fhisiceacha
1.Eiseoidh na Ballstáit ceadúnais tiomána fhisiceacha ar bhonn shonraíochtaí caighdeánacha an Aontais a leagtar síos i gCuid A1 d’Iarscríbhinn I.
2.Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun aon riosca brionnaithe ceadúnais tiomána, lena n‑áirítear brionnú ceadúnais tiomána de réir an mhúnla a eisíodh roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo, a sheachaint. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin.
Déanfar an ceadúnas tiomána fisiceach a chosaint ar bhrionnú trí bhíthin shonraíochtaí caighdeánacha an Aontais a leagtar síos i gCuid A2 d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh na Ballstáit gnéithe slándála breise a thabhairt isteach.
3.I gcás ina dtagann sealbhóir ceadúnas tiomána fisiceach bailí gan tréimhse bailíochta riaracháin chun gnáthchónaithe i mBallstát seachas an Ballstát a d’eisigh an ceadúnas tiomána, féadfaidh an Ballstát óstach na tréimhsí bailíochta riaracháin a leagtar amach in Airteagal 10(2) sin a chur i bhfeidhm ar an gceadúnas tríd an gceadúnas tiomána a athnuachan, amhail ó 2 bhliain tar éis an dáta ar tháinig an sealbhóir chun gnáthchónaithe ar a chríoch.
4.Áiritheoidh na Ballstáit, faoin 19 Eanáir 2030, go gcomhlíonfaidh gach ceadúnas tiomána fisiceach arna eisiúint nó i gcúrsaíocht ceanglais uile na Treorach seo.
5.Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh meán stórála (micrishlis) a thabhairt isteach mar chuid den cheadúnas tiomána fisiceach. I gcás ina gcinneann an Ballstát micrishlis a thabhairt isteach mar chuid dá gceadúnas tiomána fisiceach, féadfaidh sé a chinneadh freisin, i gcás ina bhforáiltear dó lena dlíthe náisiúnta a bhaineann le ceadúnais tiomána, sonraí a stóráil ar an micrishlis atá sa bhreis ar an méid a shonraítear i gCuid D d’Iarscríbhinn I.
I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir leis an micrishlis mar chuid den cheadúnas tiomána fisiceach, cuirfidh siad na ceanglais theicniúla a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn I i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit gnéithe slándála breise a thabhairt isteach
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas i gcás cinnidh maidir le micrishlis a áireamh ar a gceadúnais tiomána fhisiceacha, nó maidir le haon athrú a bhaineann le cinneadh den sórt sin, laistigh de 3 mhí tar éis a ghlactha. Na Ballstáit a bhfuil micrishlis tugtha isteach acu ar a gceadúnais tiomána cheana féin, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin laistigh de 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.
6.I gcás nach dtugtar isteach an mhicrishlis mar chuid den cheadúnas tiomána fisiceach, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh freisin cód QR a phriontáil i spás ar leith chun na críche sin ar na ceadúnais tiomána fhisiceacha a eisíonn siad. Leid an gcód QR, beifear in ann barántúlacht na faisnéise a thuairiscítear ar an gceadúnas tiomána fisiceach a fhíorú.
7.Áiritheoidh na Ballstáit nach gcoinneoidh an fíoraitheoir na sonraí pearsanta is gá chun an fhaisnéis a thuairiscítear ar an gceadúnas tiomána fisiceach a fhíorú agus nach dtabharfar fógra d’údarás eisiúna an cheadúnais tiomána faoin bpróiseas fíorúcháin.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir leis na gnéithe idir‑inoibritheachta agus na bearta slándála atá le comhlíonadh ag cóid QR a phriontáiltear ar cheadúnais tiomána fhisiceacha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon bheart atá ceaptha chun cód QR a thabhairt isteach ar a gceadúnais tiomána nó maidir le haon athrú ar bheart den sórt sin, laistigh de 3 mhí tar éis a ghlactha.
8.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 21, chun Codanna A, B agus D d’Iarscríbhinn I a leasú i gcás inar gá chun forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíocha a chur san áireamh.
Airteagal 5
Ceadúnais tiomána mhóibíleacha
1.Eiseoidh na Ballstáit ceadúnais tiomána mhóibíleacha ar bhonn shonraíochtaí caighdeánacha an Aontais a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I.
2.Feidhmchláir leictreonacha a bhunófar le haghaidh ceadúnais tiomána móibíleach, chun go mbeifear in ann a fhíorú gurb ann do chearta tiomána shealbhóir an cheadúnais, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na feidhmchláir sin ar fáil saor in aisce do dhaoine a bhfuil gnáthchónaí orthu ina gcríoch, nó do dhaoine eile atá i dteideal ceadúnais tiomána mhóibíleacha á n‑eisiúint ag na Ballstáit a bheith acu.
Beidh na feidhmchláir sin bunaithe ar Thiachóga na Céannachta Digití Eorpaí arna n‑eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
3.Foilseoidh na Ballstáit liosta na bhfeidhmchlár leictreonach a bhunaítear agus a choinnítear ar bun chun críocha an Airteagail seo, agus déanfaidh siad an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh níos mó sonraí ná mar a dtagraítear dóibh i gCuid D d’Iarscríbhinn I sna feidhmchláir leictreonacha, nó i gcás pointeoir a chur i bhfeidhm, nach gcuirfear níos mó ná na sonraí sin ar fáil.
4.Cuirfidh na Ballstáit ar fáil an fhaisnéis is gá chun rochtain a fháil ar na córais náisiúnta dá dtagraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn I a úsáidtear chun ceadúnais tiomána mhóibíleacha a fhíorú, agus tabharfaidh siad a chéile a chéile cothrom le dáta maidir leis an bhfaisnéis sin go tráthrialta.
Áiritheoidh na Ballstáit nach gcoinneoidh an fíoraitheoir na sonraí pearsanta is gá chun cearta tiomána shealbhóir an cheadúnais tiomána mhóibíligh a fhíorú agus nach ndéanann údarás eisiúna an cheadúnais tiomána an fhaisnéis a fhaightear trí fhógra a phróiseáil ach amháin chun freagra a thabhairt ar an iarraidh ar fhíorú.
5.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le liosta na gcóras náisiúnta ábhartha atá údaraithe chun sonraí agus pointí le haghaidh ceadúnais tiomána a eisiúint. Déanfaidh an Coimisiún, trí chainéal slán, liosta de chórais náisiúnta na mBallstát a chur ar fáil don phobal i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.
6.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 21, chun Chuid C d’Iarscríbhinn I a leasú, i gcás inar gá chun forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíocha a chur san áireamh.
7.Faoin [dáta glactha + 18 mí], glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir le hidir‑inoibritheacht, slándáil agus tástáil ceadúnas tiomána, lena n‑áirítear gnéithe fíorúcháin agus an comhéadan le córais náisiúnta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
Airteagal 6
Catagóirí na gceadúnas
1.Leis an gceadúnas tiomána, údarófar tiomáint feithiclí cumhacht‑thiomáinte sna catagóirí seo a leanas:
(a)móipéidí:
catagóir AM:
–feithiclí dhá roth nó feithiclí trí rotha ag bhfuil uasluas dearaidh nach mó ná 45 km/h (seachas iad siúd ag a bhfuil uasluas dearaidh atá cothrom le 25 km/h nó faoina bhun);
–cuadrothair éadroma;
(b)gluaisrothair agus trírothaigh chumhachtaithe:
(i)
catagóir A1:
–gluaisrothair nach bhfuil toilleadh sorcóra níos mó ná 125 ceintiméadar ciúbach acu, nach bhfuil cumhacht níos mó ná 11 kW iontu agus nach bhfuil cóimheas cumhachta le meáchan níos mó ná 0,1 kW/kg acu;
–trírothaigh chumhachtaithe nach bhfuil cumhacht níos mó ná 15 kW iontu;
(ii)
catagóir A2:
–gluaisrothair nach bhfuil cumhacht níos mó ná 35 kW iontu agus nach bhfuil cóimheas cumhachta le meáchan níos mó ná 0,2 kW/kg acu agus nach bhfuil díorthaithe ó fheithicil níos mó ná 70 kW.
(iii)
Catagóir A:
–gluaisrothair;
–trírothaigh chumhachtaithe a bhfuil cumhacht níos mó ná 15 kW acu;
(c)mótarfheithiclí:
(i)
catagóir B1:
–cuadrothar trom.
Tá Catagóir B1 roghnach; sna Ballstáit nach dtugann an chatagóir ceadúnais tiomána seo isteach, beidh ceadúnas tiomána do chatagóir B de dhíth chun feithiclí den sórt sin a thiomáint;
Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh freisin an chatagóir sin a thabhairt isteach go heisiach le haghaidh na bhfeithiclí dá dtagraítear in Airteagal 9(4), an chéad fhomhír, pointe (c), agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa mhír sin. I gcás ina gcinnfidh Ballstát é sin a dhéanamh, cuirfidh siad an méid sin in iúl ar an gceadúnas tiomána trí úsáid a bhaint as cód Aontais 60.03.
(ii)
catagóir B:
–mótarfheithiclí nach bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 3 500 kg acu agus atá deartha agus tógtha chun líon nach mó ná ochtar paisinéirí a iompar i dteannta an tiománaí.
–féadfar leantóir nach bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 750 kg aige a chur le mótarfheithiclí sa chatagóir seo.
Gan dochar d’fhorálacha na rialacha maidir le cineálcheadú maidir leis na feithiclí lena mbaineann, féadfar leantóir ag a bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 750 kg a chur le mótarfheithiclí sa chatagóir seo, ar choinníoll nach mó mais údaraithe uasta an chónaisc sin ná 4 250 kg. I gcás inar mó cónasc den sórt sin ná 3 500 kg, ceanglóidh na Ballstáit, i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn V, nach dtiomáinfear an cónasc sin ach amháin:
–tar éis oiliúint a chur i gcrích, nó
–tar éis ar éirigh leis an iarrthóir i dtástáil scileanna agus iompraíochta.
Féadfaidh na Ballstáit a éileamh freisin go ndéanfar oiliúint den sórt sin agus tástáil scileanna agus iompraíochta araon.
Léireoidh na Ballstáit an teidlíocht chun cónasc den sórt sin a thiomáint ar an gceadúnas tiomána leis an gcód Aontais ábhartha a shonraítear i gCuid E d’Iarscríbhinn I.
(iii)
catagóir BE:
–gan dochar d’fhorálacha na rialacha maidir le cineálcheadú maidir leis na feithiclí lena mbaineann, cónasc feithiclí lena gcuimsítear feithicil tarraingthe i gcatagóir B agus leantóir nó leath‑leantóir i gcás nach mó mais údaraithe uasta an leantóra nó an leath‑leantóra ná 3 500 kg,
(iv)
catagóir C1:
–mótarfheithiclí seachas na feithiclí sin i gcatagóir D1 nó i gcatagóir D, nach bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 3 500 kg acu, ach nach mó é ná 7 500 kg, agus atá deartha agus tógtha chun líon nach mó ná ochtar paisinéirí a iompar i dteannta an tiománaí;
–Féadfar leantóir nach bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 750 kg aige a chur le mótarfheithiclí sa chatagóir seo;
(v)
catagóir C1E:
–gan dochar d’fhorálacha na rialacha maidir le cineálcheadú maidir leis na feithiclí lena mbaineann, cónaisc feithiclí i gcás gur le catagóir C1 a bhaineann an fheithicil tarraingthe agus go bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 750 kg ag an leantóir nó ag an leath‑leantóir ar choinníoll nach mó mais údaraithe an chónaisc ná 12 000 kg,
–gan dochar d’fhorálacha na rialacha maidir le cineálcheadú maidir leis na feithiclí lena mbaineann, cónaisc feithiclí i gcás gur le catagóir B a bhaineann an fheithicil tarraingthe agus go bhfuil mais údaraithe os cionn 3 500 kg ag an leantóir nó ag an leath‑leantóir ar choinníoll nach mó mais údaraithe an chónaisc ná 12 000 kg;
(vi)
catagóir C:
–mótarfheithiclí seachas na feithiclí sin i gcatagóir D1 nó i gcatagóir D, a bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 3 500 kg acu agus atá deartha agus tógtha chun líon nach mó ná ochtar paisinéirí a iompar i dteannta an tiománaí.
–Féadfar leantóir nach bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 750 kg aige a chur le mótarfheithiclí sa chatagóir seo.
(vii)
catagóir CE:
–gan dochar d’fhorálacha na rialacha maidir le cineálcheadú maidir leis na feithiclí lena mbaineann, cónaisc feithiclí i gcás gur le catagóir C a bhaineann an fheithicil tarraingthe agus go bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 750 kg ag an leantóir nó ag an leath‑leantóir;
(viii)
catagóir D1:
–mótarfheithiclí atá deartha agus tógtha chun líon nach mó ná 16 phaisinéir a iompar i dteannta an tiománaí agus nach mó iad ná 8 méadar ar fad ar a mhéad.
–féadfar leantóir nach bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 750 kg aige a chur le mótarfheithiclí sa chatagóir seo;
(ix)
catagóir D1E:
–gan dochar d’fhorálacha na rialacha maidir le cineálcheadú maidir leis na feithiclí lena mbaineann, cónaisc feithiclí i gcás gur le catagóir D1 a bhaineann an fheithicil tarraingthe agus go bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 750 kg ag an leantóir.
(x)
catagóir D:
–mótarfheithiclí atá deartha agus tógtha chun líon níos mó ná ochtar paisinéirí a iompar i dteannta an tiománaí; féadfar leantóir nach bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 750 kg aige a chur le mótarfheithiclí ar féidir iad a thiomáint le ceadúnas chatagóir D;
(xi)
catagóir DE:
–gan dochar d’fhorálacha na rialacha maidir le cineálcheadú maidir leis na feithiclí lena mbaineann, cónaisc feithiclí i gcás gur le catagóir D a bhaineann an fheithicil tarraingthe agus go bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 750 kg ag an leantóir.
2.Le réamhthoiliú ón gCoimisiún, a dhéanfaidh measúnú ar thionchar an bhirt atá beartaithe maidir le sábháilteacht ar bhóithre, féadfaidh n a Ballstáit cineálacha sonracha áirithe feithiclí cumhacht‑thiomáinte a eisiamh ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo, lena n‑áirítear feithiclí speisialta le haghaidh daoine faoi mhíchumas.
Féadfaidh na Ballstáit a eisiamh ó chur i bhfeidhm na Treorach seo cineálacha feithiclí arna n‑úsáid ag na fórsaí armtha agus ag an gcosaint shibhialta, nó faoina smacht acu. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin.
Airteagal 7
Aoiseanna íosta
1.Is iad seo a leanas na haoiseanna íosta chun ceadúnas tiomána a eisiúint:
(a)16 bliana i gcás chatagóirí AM, A1 agus B1;
(b)18 mbliana i gcás chatagóirí A2, B, BE, C1 agus C1E;
(c)Maidir le catagóir A:
(i)
20 bliain i gcás gluaisrothar. Mar sin féin, beidh rochtain ar ghluaisrothair sa chatagóir seo a thiomáint faoi réir taithí 2 bhliain ar a laghad ar ghluaisrothair faoi cheadúnas A2. Féadfar an ceanglas maidir le 2 bhliain taithí a tharscaoileadh más rud é go bhfuil an t‑iarrthóir 24 bliana d’aois ar a laghad;
(ii)
21 bhliain i gcás trírothaigh chumhachtaithe ag a bhfuil cumhacht níos mó ná 15 kW;
(d)21 bhliain i gcás chatagóirí C, CE, D1 agus D1E;
(e)24 bliana i gcás chatagóirí D agus DE.
2.Féadfaidh na Ballstáit an aois íosta chun ceadúnas tiomána a eisiúint a ardú nó a ísliú:
(a)i gcás chatagóir AM, síos le 14 bliana d’aois nó suas go 18 mbliana d’aois;
(b)i gcás chatagóir B1, suas le 18 mbliana d’aois;
(c)i gcás chatagóir A1, suas le 18 mbliana d’aois, ar choinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(i)
tá éagsúlacht 2 bhliain idir an aois íosta do chatagóir A1 agus an aois íosta do chatagóir A2;
(ii)
tá taithí 2 bhliain ar a laghad ar ghluaisrothair i gcatagóir A2 de dhíth sula bhféadtar rochtain ar thiomáint gluaisrothar i gcatagóir A a cheadú, dá dtagraítear i mír 1, pointe(c)(i);
(d)i gcás chatagóir B agus chatagóir BE, síos go 17 mbliana d’aois.
3.Féadfaidh na Ballstáit an aois íosta do chatagóir C a ísliú go 18 mbliana d’aois agus an aois íosta do chatagóir D a ísliú go 21 bhliain d’aois i ndáil le:
(a)feithiclí arna n‑úsáid ag an tseirbhís dóiteáin agus feithiclí arna n‑úsáid chun an t‑ord poiblí a choimeád;
(b)feithiclí atá ag dul faoi thástálacha bóthair chun críocha deisiúcháin nó cothabhála.
4.Ceadúnais tiomána a eisítear i gcomhréir le míreanna 2 agus 3, ní bheidh siad bailí ach amháin ar chríoch an Bhallstáit eisiúna go dtí go mbeidh an teorainn aoise íosta bainte amach ag sealbhóir an cheadúnais mar a leagtar amach i mír 1.
Féadfaidh na Ballstáit bailíocht ceadúnais tiomána arna n‑eisiúint do thiománaithe faoi na haoiseanna íosta a leagtar amach i mír 1 a aithint ar a gcríoch.
5.De mhaolú ar mhír 1, pointí (d) agus (e), den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 6 de Threoir (AE) 2022/2561 ag iarrthóir, is í seo a leanas an aois íosta le haghaidh ceadúnas tiomána a eisiúint:
(a)i gcás chatagóirí C agus CE, na haoiseanna íosta dá bhforáiltear in Airteagal 5(2), pointe (a)(i) de Threoir (AE) 2022/2561;
(b)i gcás chatagóirí D1 agus D1E, na haoiseanna íosta dá bhforáiltear in Airteagal 5(3), pointe (a)(i), an dara fomhír, den Treoir sin;
(c)i gcás chatagóirí D agus DE, na haoiseanna íosta dá bhforáiltear in Airteagal 5(3), pointe (a)(i), an chéad fhomhír, Airteagal 5(3), pointí (a) agus (b), den Treoir sin.
I gcás, i gcomhréir le hAirteagal 5(3), pointe (a)(i), an dara fomhír, nó Airteagal 5(3), pointe (a)(ii), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2022/2561, ina ndéanfaidh Ballstát tiomáint a údarú ina chríoch ó aois níos ísle, beidh bailíocht an cheadúnais tiomána teoranta do chríoch an Bhallstáit eisiúna amháin go dtí go mbeidh an aois íosta ábhartha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo bainte amach ag sealbhóir an cheadúnais agus go mbeidh deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil aige.
Airteagal 8
Coinníollacha agus srianta
1.Ceadúnais tiomána a eisiatar do dhuine atá faoi réir coinníoll amháin nó níos mó faoina bhfuil an duine sin údaraithe tiomáint, déanfaidh na Ballstáit na ceadúnais sin a mharcáil. Chuige sin, úsáidfidh na Ballstáit cóid chomhfhreagracha an Aontais dá bhforáiltear i gCuid E d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh siad cóid náisiúnta a úsáid freisin le haghaidh coinníollacha nach gcumhdaítear le Cuid E d’Iarscríbhinn I.
Más rud é, de dheasca éagumas coirp, nach n‑údaraítear an tiomáint ach le haghaidh cineálacha áirithe feithiclí amháin nó le haghaidh feithiclí oiriúnaithe chun éagumais den sórt sin a chúiteamh, tabharfar faoin tástáil scileanna agus iompraíochta dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) i bhfeithicil den sórt sin.
2.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 21, chun Cuid E d’Iarscríbhinn I a leasú, i gcás inar gá chun forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíocha a chur san áireamh.
Airteagal 9
Céimniú agus coibhéisí idir na catagóirí
1.Ní eiseofar ceadúnais tiomána do chatagóirí BE, C1, C1E, C, CE, D1, D1E, D ná DE ach amháin do thiománaithe atá i dteideal feithiclí i gcatagóir B a thiomáint cheana féin.
2.Is mar seo a leanas a chinnfear bailíocht ceadúnais tiomána:
(a)beidh ceadúnais arna n‑eisiúint do chatagóirí C1E, CE, D1E nó DE bailí do chónaisc feithiclí i gcatagóir BE;
(b)beidh ceadúnais arna n‑eisiúint do chatagóir CE bailí do chatagóir DE fad is atá na sealbhóirí i dteideal feithiclí i gcatagóir D a thiomáint;
(c)beidh ceadúnais arna n‑eisiúint do chatagóirí C1E nó CE bailí do chatagóir D1E fad is atá na sealbhóirí i dteideal feithiclí i gcatagóir D1 a thiomáint;
(d)beidh ceadúnais arna n‑eisiúint do chatagóir CE agus do chatagóir DE bailí do chónaisc feithiclí i gcatagóir C1E agus i gcatagóir D1E faoi seach;
(e)ceadúnais a eisítear d’aon chatagóir, beidh iad bailí d’fheithiclí i gcatagóir AM. Mar sin féin, maidir le ceadúnais tiomána arna n‑eisiúint ar a chríoch, féadfaidh Ballstát na coibhéisí do chatagóir AM a theorannú do chatagóirí A1, A2 agus A, más rud é go bhforchuireann an Ballstát sin tástáil phraiticiúil mar choinníoll chun catagóir AM a fháil;
(f)beidh ceadúnais arna n‑eisiúint do chatagóir A2 bailí do chatagóir A1 freisin;
(g)beidh ceadúnais arna n‑eisiúint do chatagóirí A, B, C nó D bailí do chatagóirí A1, A2, B1, C1 nó D1 faoi seach;
(h)2 bhliain tar éis ceadúnas tiomána a eisiúint den chéad uair, ar ceadúnas é a deonaíodh le haghaidh chatagóir B, beidh sé bailí i gcás tiomáint na bhfeithiclí breosla ionadúil dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 96/53/CE ón gComhairle ag a bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 3 500 kg ach nach mó ná 4 250 kg gan leantóir.
3.Le tiomáint ar a gcríoch, féadfaidh na Ballstáit na coibhéisí seo a leanas a dheonú:
(a)trírothaigh chumhachtaithe faoi cheadúnas do chatagóir B, i gcás trírothaigh chumhachtaithe ag a bhfuil cumhacht os cionn 15 kW ar choinníoll go bhfuil sealbhóir an cheadúnais do chatagóir B 21 bhliain d’aois ar a laghad;
(b)gluaisrothair i gcatagóir A1 faoi cheadúnas do chatagóir B.
Na Ballstáit a dheonaigh na coibhéisí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, déanfaidh siad iad a aithint go frithpháirteach.
Ní léireoidh na Ballstáit ar an gceadúnas tiomána go bhfuil sealbhóir i dteideal na feithiclí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thiomáint, ach amháin trí bhíthin cóid ábhartha an Aontais a shonraítear i gCuid E d’Iarscríbhinn I.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill maidir le coibhéisí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheonaítear ar a gcríoch, lena n‑áirítear na cóid náisiúnta a d’fhéadfaí a úsáideadh roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don na Ballstáit chun cur i bhfeidhm na míre seo a éascú.
4.Féadfaidh na Ballstáit tiomáint na gcatagóirí feithiclí seo a leanas a údarú ar a gcríoch:
(a)feithiclí i gcatagóir D1 ag a bhfuil mais údaraithe uasta de 3 500 kg, lena n‑eisiatar aon trealamh speisialaithe atá beartaithe d’iompar paisinéirí faoi mhíchumas, ag sealbhóirí os cionn 21 bhliain d’aois ag a bhfuil ceadúnas tiomána do chatagóir B, 2 bhliain ar a laghad tar éis an ceadúnas sin a eisiúint den chéad uair agus ar choinníoll go bhfuil na feithiclí in úsáid ag comhlachtaí neamhthráchtála chun críoch sóisialta agus go soláthraíonn an tiománaí a sheirbhísí ar bhonn deonach;
(b)feithiclí ag a bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 3 500 kg ag tiománaithe os cionn 21 bhliain d’aois ag a bhfuil ceadúnas a deonaíodh le haghaidh chatagóir B, 2 bhliain ar a laghad tar éis an ceadúnas sin a eisiúint den chéad uair, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(i) níl sé beartaithe na feithiclí sin a úsáid ach amháin mar limistéar teagaisc nó áineasa; nuair atá siad ina stad;
(ii) úsáideann comhlachtaí neamhthráchtála iad chun críoch sóisialta;
(iii) tá modhnú déanta orthu ionas nach féidir iad a úsáid chun breis agus naonúr a iompar ná chun aon earraí a iompar seachas na hearraí sin atá fíor‑riachtanach dá gcuspóirí;
(c)feithiclí i gcatagóir B ag a bhfuil mais údaraithe uasta de 2 500 kg agus luas uasta atá teoranta go fisiceach go 45 km/h ag tiománaithe faoi bhun 21 bhliain d’aois ag a bhfuil ceadúnas tiomána arna dheonú le haghaidh chatagóir B1.
Ní léireoidh na Ballstáit ar an gceadúnas tiomána go bhfuil sealbhóir i dteideal na feithiclí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír a thiomáint, ach amháin trí bhíthin cóid náisiúnta ábhartha.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear i gcomhréir leis an mír seo.
Airteagal 10
Eisiúint, bailíocht agus athnuachan
1.Ní eiseofar ceadúnais tiomána ach amháin d’iarratasóirí a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
(a)d’éirigh leo i dtástáil scileanna agus iompraíochta agus i dtástáil teoirice agus a chomhlíonann na caighdeáin íosta maidir le hoiriúnacht choirp agus mheabhrach, i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III;
(b)d’éirigh leo i dtástáil teoirice amháin maidir le catagóir AM; Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar iarratasóirí tástáil scileanna agus iompraíochta a dhéanamh agus dul faoi scrúdú leighis don chatagóir seo.
Maidir le feithiclí trí roth agus cuadrothair laistigh den chatagóir seo, féadfaidh na Ballstáit tástáil shainiúil scileanna agus iompraíochta a fhorchur. Maidir le difreáil feithiclí i gcatagóir AM, féadfar cód náisiúnta a chur isteach ar an gceadúnas tiomána;
(c)maidir le catagóir A2 nó catagóir A, agus ar choinníoll go bhfuil taithí 2 bhliain ar a laghad faighte acu ar ghluaisrothar i gcatagóir A1 nó i gcatagóir A2 faoi seach, beidh ceann de na nithe seo a leanas déanta acu:
(i) d’éirigh leo i dtástáil scileanna agus iompraíochta amháin; nó
(ii) tá oiliúint curtha i gcrích acu de bhun Iarscríbhinn VI;
(d)tá oiliúint curtha i gcrích acu nó d’éirigh leo i dtástáil scileanna agus iompraíochta, nó tá oiliúint curtha i gcrích acu agus d’éirigh leo i dtástáil scileanna agus iompraíochta de bhun Iarscríbhinn V maidir le catagóir B chun cónasc feithiclí a thiomáint mar a shainmhínítear in Airteagal 6(1), pointe (c)(ii), an tríú mír;
(e)tá gnáthchónaí orthu ar chríoch an Bhallstáit atá ag eisiúint an cheadúnais, nó ar féidir leo fianaise a chur ar fáil go bhfuil siad ag staidéar ann ar feadh sé mhí ar a laghad.
2.Iad é seo a leanas fad bhailíocht riaracháin na gceadúnas tiomána a eisíonn na Ballstáit:
(a)15 bliana i gcás chatagóirí AM, A1, A2, A, B, B1 agus BE;
(b)5 bliana i gcás chatagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E.
D’fhéadfadh athnuachan ceadúnais tiomána tréimhse bailíochta riaracháin nua a spreagadh do chatagóir nó do chatagóirí eile a bhfuil an sealbhóir ceadúnais i dteideal í nó iad a thiomáint, sa mhéid is go bhfuil sé sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo.
Ní bheidh láithreach micrishlise nó cóid QR de bhun Airteagal 4(5) agus Airteagal 4(6) ina réamhriachtanas do bhailíocht ceadúnas tiomána. Ní rachaidh caillteanas ná neamh‑inléiteacht na micrishlise ná an chóid QR, ná damáiste ar bith eile dóibh, i bhfeidhm ar bhailíocht an cheadúnais tiomána.
Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur le tréimhse bailíochta riaracháin na gceadúnas tiomána a eisiatar do thiománaithe nuacheadúnaithe de réir bhrí Airteagal 15(1), le haghaidh aon chatagóir chun bearta sonracha a chur i bhfeidhm maidir leis na tiománaithe sin, chun feabhas a chur ar a sábháilteacht ar bhóithre.
Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur leis an tréimhse bailíochta riaracháin de cheadúnais tiomána aonair d’aon chatagóir sa chás ina measfar go dteastaíonn seiceálacha leighis nó bearta ar leith eile a chur i bhfeidhm níos minice, lena n‑áirítear srianta do dhaoine a sháraíonn an dlí tráchta.
Laghdóidh na Ballstáit an tréimhse bailíochta riaracháin do cheadúnais tiomána a leagtar amach sa chéad fhomhír chuig 5 bliana nó níos lú le haghaidh ceadúnais tiomána sealbhóirí a bhfuil cónaí orthu ar a gcríoch a bhfuil aois 70 bliain bainte amach acu, chun seiceálacha leighis nó bearta ar leith eile a chur i bhfeidhm níos minice, lena n‑áirítear cúrsaí athnuachana. Ní chuirfear an tréimhse bailíochta riaracháin sin i bhfeidhm ach ar athnuachan an cheadúnais tiomána.
An tréimhse bailíochta riaracháin a leagtar amach sa mhír seo, a bhaineann le ceadúnais tiomána daoine ar deonaíodh cead cónaithe sealadach dóibh nó ag a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta ar a gcríoch, féadfaidh na Ballstáit an tréimhse sin a laghdú. Chun na críche sin, beidh an tréimhse bailíochta riaracháin laghdaithe sin comhionann le bailíocht riaracháin an cheada cónaithe shealadaigh nó na cosanta sealadaí nó cosanta leordhóthanaí, nó níos giorra ná an bhailíocht sin.
3.Beidh athnuachan ceadúnais tiomána ar dhul in éag a mbailíochta riaracháin faoi réir an dá choinníoll seo a leanas:
(a)comhlíonadh leanúnach na gcaighdeán íosta oiriúnachta coirp agus meabhraí don tiomáint a leagtar amach in Iarscríbhinn III;
(b)gnáthchónaí ar chríoch an Bhallstáit atá ag eisiúint an cheadúnais, nó fianaise go bhfuil an t‑iarratasóir ag staidéar ann ar feadh 6 mhí ar a laghad, tráth a chuireann siad a n‑iarratas isteach.
4.I gcás géarchéime féadfaidh na Ballstáit síneadh a chur le tréimhse bailíochta ceadúnas tiomána a rachadh in éag murach sin, ar feadh uastréimhse 6 mhí. Féadfar an síneadh a athnuachan i gcás ina leanfaidh an ghéarchéim ar aghaidh.
Beidh réasúnú cuí le haon síneadh den sórt sin agus tabharfar fógra láithreach ina leith don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin láithreach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas do bhailíocht na gceadúnas tiomána ar cuireadh síneadh lena dtréimhse bailíochta riaracháin faoin mír seo.
Nuair a dhéantar difear do roinnt Ballstát le géarchéim, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun síneadh a chur le tréimhse bailíochta riaracháin na gcatagóirí ceadúnas tiomána uile nó catagóirí áirithe ceadúnas tiomána a rachadh in éag murach sin. Ní fhéadfaidh an síneadh sin a bheith níos faide ná sé mhí agus féadfar é a athnuachan i gcás ina leanfaidh an ghéarchéim ar aghaidh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).
I gcás nach ndéantar difear do Bhallstát, agus nach dócha go ndéanfar difear dó, le deacrachtaí a fhágann gur dofheidhmithe ceadúnais tiomána a athnuachan de dheasca na géarchéime dá dtagraítear sa tríú fomhír, nó i gcás ina bhfuil bearta náisiúnta iomchuí déanta aige chun tionchar na ngéarchéimeanna a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin cinneadh a dhéanamh gan an síneadh a tugadh isteach leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú fomhír a chur i bhfeidhm, tar éis dó an Coimisiún a chur ar an eolas ar dtús. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Chun críocha na míre seo, ciallaíonn ‘géarchéim’ teagmhas eisceachtúil, gan choinne agus tobann, nádúrtha nó de dhéantús an duine de chineál urghnách agus de scála urghnách a tharlaíonn laistigh nó lasmuigh den Aontas, ag a bhfuil tionchair mhóra dhíreacha nó indíreacha ar réimse an iompair de bhóthar agus lena gcoisctear an fhéidearthacht do shealbhóirí ceadúnas tiomána nó do na húdaráis náisiúnta ábhartha na nósanna imeachta is gá a chur i gcrích chun iad a athnuachan nó a dhéanann dochar mór don fhéidearthacht sin.
5.Gan dochar do dhlíthe náisiúnta coiriúla agus póilíneachta, féadfaidh na Ballstáit forálacha náisiúnta a bhaineann le coinníollacha seachas iad siúd dá dtagraítear sa Treoir seo a chur i bhfeidhm nuair a eisítear ceadúnais tiomána. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin.
6.Agus ceadúnais tiomána i gcatagóirí AM, A, A1, A2, B, B1 agus BE á n‑eisiúint nó á n‑athnuachan acu, féadfaidh na Ballstáit scrúdú a éileamh ina gcuirfear i bhfeidhm na caighdeáin íosta oiriúnachta coirp agus meabhraí don tiomáint a leagtar amach in Iarscríbhinn III in ionad an fhéinmheasúnaithe a leagtar síos i bpointe 3 den Iarscríbhinn sin. Sa chás sin, cumhdaítear na héagumais liachta uile a luaitear in Iarscríbhinn III leis an scrúdú leighis.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme faoin [dáta glactha + 18 mí] lena leagtar amach inneachar an fhéinmheasúnaithe dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn III agus lena gcumhdaítear na héagumais liachta uile a luaitear san Iarscríbhinn sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
7.Ní bheidh cead ag aon duine níos mó ná aon cheadúnas tiomána fisiceach amháin a bheith aige. Féadfaidh duine roinnt ceadúnas tiomána móibíleach a bheith aige, ar choinníoll gurb é an Ballstát céanna a eisíonn iad.
Ní fhéadfaidh aon duine ceadúnais tiomána arna n‑eisiúint ag níos mó ná Ballstát amháin a bheith aige.
Diúltóidh Ballstát ceadúnas tiomána a eisiúint i gcás ina suíonn sé go bhfuil ceadúnas tiomána ag an iarratasóir cheana féin a d’eisigh Ballstát eile.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an tríú fomhír a chur i bhfeidhm. Beidh de chuspóir ag na bearta is gá i ndáil le heisiúint, athsholáthar, athnuachan nó malartú ceadúnas tiomána a dheimhniú le Ballstáit eile sa chás a bhfuil forais réasúnacha ann a mheas go bhfuil ceadúnas tiomána eile ag an iarratasóir cheana féin. Chuige sin, úsáidfidh na Ballstáit líonra an Aontais Eorpaigh um cheadúnais tiomána dá dtagraítear in Airteagal 19.
Gan dochar d’Airteagal 3(6), cuirfidh Ballstát atá ag eisiúint ceadúnais tiomána dícheall cuí i bhfeidhm lena áirithiú go gcomhlíonann duine na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus cuirfidh sé i bhfeidhm a fhorálacha náisiúnta maidir leis an gceadúnas tiomána nó an ceart tiomána a chur ar ceall nó a tharraingt siar má shuitear gur eisíodh ceadúnas gan na ceanglais sin a chomhlíonadh.
8.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 21, chun Iarscríbhinní II, III, V agus VI a leasú i gcás inar gá chun forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíocha a chur san áireamh.
Airteagal 11
Ceadúnas tiomána a eisíonn na Ballstáit a mhalartú agus a athsholáthar
1.I gcás ina mbeidh sealbhóir ceadúnais tiomána bhailí a d’eisigh Ballstát imithe chun gnáthchónaí a dhéanamh i mBallstát eile, féadfaidh sé nó sí a iarraidh go ndéanfar a cheadúnas tiomána nó a ceadúnas tiomána a mhalartú ar cheadúnas coibhéiseach. An Ballstát atá ag déanamh an mhalartaithe, beidh sé a sheiceáil cén chatagóir dá bhfuil an ceadúnas atá á chur isteach bailí fós.
2.Faoi réir chomhlíonadh phrionsabal an chríochachais i ndáil le dlíthe coiriúla agus póilíneachta, féadfaidh Ballstát an ghnáthchónaithe a fhorálacha náisiúnta maidir le srian a chur ar an gceart tiomána nó maidir leis an gceart tiomána a chur ar fionraí, a tharraingt siar nó a chur ar ceal a chur i bhfeidhm ar shealbhóir ceadúnais tiomána a d’eisigh Ballstát eile agus, más gá, an ceadúnas a mhalartú chun na críche sin.
3.An Ballstát a bheidh ag déanamh an mhalartaithe, cuirfidh sé an seancheadúnas ar ais chuig údaráis an Bhallstáit a d’eisigh é agus sonróidh sé na cúiseanna leis sin.
4.Ní féidir ceadúnas athsholáthair ar cheadúnas tiomána ar cailleadh nó ar goideadh é a fháil ach ó na húdaráis inniúla sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an sealbhóir. Soláthróidh na húdaráis sin an ceadúnas athsholáthair ar bhonn na faisnéise atá acu nó, nuair is iomchuí, ar bhonn fianaise ó údaráis inniúla an Bhallstáit a d’eisigh an ceadúnas bunaidh.
Airteagal 12
Malartú ceadúnas tiomána arna n‑eisiúint ag tríú tíortha
1.I gcás ina ndéanann Ballstát foráil maidir le ceadúnas tiomána a mhalartú, ar ceadúnas é a d’eisigh tríú tír do shealbhóir a chuaigh chun gnáthchónaithe ar a chríoch, déanfaidh an Ballstáit sin an ceadúnas a mhalartú i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.
2.I gcás ina ndéanann Ballstát ceadúnas tiomána a mhalartú, ar ceadúnas é a d’eisigh tríú tír nach raibh ina hábhar cinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7, déanfar an malartú sin a thaifeadadh ar an gceadúnas tiomána a eiseoidh an Ballstát sin tríd an gcód ábhartha ó Chuid E d’Iarscríbhinn I a mharcáil, agus déanfar an rud céanna maidir le haon athnuachan nó athsholáthar ina dhiaidh sin. Má aistríonn sealbhóir an cheadúnais sin a ghnáthchónaí nó a gnáthchónaí chuig Ballstát eile, ní gá don Bhallstát eile sin prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a leagtar amach in Airteagal 3(6) a chur i bhfeidhm.
I gcás malartuithe den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit forálacha a reachtaíochta náisiúnta i bhfeidhm, i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear sa mhír seo.
3.I gcás ina n‑eisiatar ceadúnas tiomána i gcatagóir agus ag tríú tír a bhí ina hábhar cinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7, ní dhéanfar an malartú sin a thaifeadadh ar an gceadúnas tiomána a eisíonn an Ballstát lena mbaineann. Sna cásanna sin, déanfaidh na Ballstáit an ceadúnas tiomána a mhalartú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ábhartha.
4.I gcás ina malartaítear ceadúnas tiomána arna eisiúint ag Ballstát le haghaidh ceadúnas tiomána arna eisiúint ag tríú tír, ní cheanglóidh na Ballstáit go gcomhlíonfar aon choinníoll breise seachas na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 10(3), ná ní dhéanfaidh siad taifead ar aon fhaisnéis bhreise chun an ceadúnas tiomána sin a mhalartú le haghaidh ceadúnas tiomána arna eisiúint acu, a mhéid a bhaineann le catagóirí an cheadúnais tiomána tosaigh.
Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, i gcás ina n‑iarrann iarratasóir ceadúnas tiomána a mhalartú atá bailí freisin do chatagóirí a bhfuair sé nó sí an ceart tiomána ina leith i dtríú tír, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
(a)má eisíodh ceadúnas tiomána i gcatagóir agus ag tríú tír a bhí ina hábhar cinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7, beidh feidhm ag mír 3;
(b)in éagmais cinneadh cur chun feidhme den sórt sin, beidh feidhm ag mír 2.
5.Ní tharlóidh na malartuithe dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 ach amháin má tugadh suas an ceadúnas a d’eisigh an tríú tír d’údaráis inniúla an Bhallstáit atá ag déanamh an mhalartaithe.
6.Féadfaidh an Coimisiún a shainaithint go bhfuil creat iompair de bhóthar ag tríú tír lena ráthaítear, go hiomlán nó go páirteach, leibhéal sábháilteachta ar bhóithre atá inchomparáide le leibhéal an Aontais, lena gceadaítear na ceadúnais tiomána a eisíonn an tríú tír sin a mhalartú gan an malartú sin a thaifeadadh ar na ceadúnais tiomána a d’eisigh na Ballstáit, tar éis dó coinníollacha réamhshainithe áirithe a chomhlíonadh más gá.
I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún tríú tír den sórt sin, féadfaidh sé measúnú a dhéanamh ar chreat iompair de bhóthar an tríú tír i gcomhar leis na Ballstáit. Beidh sé mhí ag na Ballstáit a dtuairim a thabhairt maidir leis an gcreat iompair de bhóthar atá i bhfeidhm sa tríú sa tríú tír shainaitheanta. Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh leis an measúnú a luaithe a luaithe a gheobhaidh sé tuairim ó na Ballstáit uile nó a luaithe a bheidh an teorainn ama chun na tuairimí a sheoladh caite, cibé acu is déanaí.
Agus measúnú á dhéanamh ar an gcreat iompair de bhóthar atá i bhfeidhm i dtríú tír, cuirfidh an Coimisiún ceann amháin de na gnéithe seo a leanas ar a laghad san áireamh:
(a)na ceanglais ceadúnúcháin tiomána atá i bhfeidhm, amhail aicmiú catagóirí ceadúnais tiomána, ceanglais aoise íosta, ceanglais agus coinníollacha oiliúna agus tástálacha tiomána, agus caighdeáin leighis chun an ceadúnas a eisiúint;
(b)cibé acu a eisíonn nó nach n‑eisíonn an tríú tír ceadúnais tiomána mhóibíleacha agus, má eisíonn, na sonraí teicniúla agus struchtúracha is infheidhme chun an córas a oibriú;
(c)a mhéid atá ceadúnais tiomána bhrionnaithe i gcúrsaíocht agus na bearta a dhéantar chun brionnú ceadúnas tiomána a chosc;
(d)tréimhse bailíochta riaracháin na gceadúnas tiomána a eisíonn an tríú tír;
(e)na dálaí tráchta sa tríú tír agus cibé acu atá nó nach bhfuil siad inchomparáide leis na dálaí tráchta ar na gréasáin tráchta san Aontas;
(f)feidhmíocht sábháilteachta ar bhóithre an tríú tír.
7.Tar éis don Choimisiún an measúnú dá dtagraítear i mír 6 a dhéanamh agus trí bhíthin cinntí cur chun feidhme, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh go bhfuil creat iompair de bhóthar i bhfeidhm ag tríú tír lena ráthaítear, go hiomlán nó go páirteach, leibhéal sábháilteacht ar bhóithre atá inchomparáide le leibhéal an Aontais le haghaidh ceadúnais tiomána a eisíonn an tríú tír sin atá le malartú gan an malartú sin a thaifeadadh ar an gceadúnas tiomána a eisíonn an Ballstát.
Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa chinneadh cur chun feidhme:
(a)catagóirí na gceadúnas tiomána dá dtagraítear in Airteagal 6, a bhféadfar malartú a dhéanamh ina leith gan é a thaifeadadh ar an gceadúnas tiomána a eisíonn an Ballstát;
(b)dátaí eisiúna na gceadúnas tiomána ag an tríú tír, a bhféadfar malartú a dhéanamh uaithi gan é a thaifeadadh ar an gceadúnas tiomána a eisíonn an Ballstát;
(c)aon choinníoll ginearálta atá le comhlíonadh chun barántúlacht an doiciméid oifigiúil atá le malartú a fhíorú;
(d)aon choinníoll ginearálta atá le comhlíonadh ag an iarratasóir chun comhlíontacht leis na caighdeáin leighis a leagtar síos in Iarscríbhinn III a léiriú, roimh an malartú.
I gcás nach féidir an dara fomhír, pointí (a) nó (b) den mhír seo a chomhlíonadh le ceadúnas an iarratasóra, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an ceadúnas tiomána a mhalartú i gcomhréir le mír 2. I gcás nach bhfuil an t‑iarratasóir inn ann an dara fomhír, pointí (c) nó (d), den mhír seo a chomhlíonadh, diúltóidh na Ballstáit an ceadúnas tiomána a mhalartú. Aon choinníoll breise a d’fhéadfadh a bheith sa chinneadh cur chun feidhme, déanfar foráil leis maidir le hinfheidhmeacht fhorálacha náisiúnta na mBallstát i gcomhréir le mír 2, nó maidir le malartú an cheadúnais tiomána a dhiúltú, i gcás nach gcomhlíonann an t‑iarratasóir na coinníollacha sin.
Déanfar na cinntí cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
8.Leis an gcinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 maidir, déanfar foráil maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil, gach 4 bliana ar a laghad, ar staid na sábháilteachta ar bhóithre sa tríú tír lena mbaineann. Ag brath ar chonclúidí an athbhreithnithe, déanfaidh an Coimisiún an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in mír 7 a choinneáil ar bun, a leasú nó a chur ar fionraí, a oiread agus is gá, nó a aisghairm.
9.In Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, foilseoidh an Coimisiún liosta de na tríú tíortha a bhí ina n‑ábhar do chinneadh cur chun feidhme i gcomhréir le mír 7, agus foilseoidh sé dá réir sin aon athruithe ábhartha a rinneadh i gcomhréir le mír 9.
10.Bunóidh an Coimisiún líonra eolais chun eolas agus faisnéis maidir le dea‑chleachtais chun tiománaithe gairmiúla eachtracha a chomhtháthú sa mhargadh inmheánach a chomhiomlánú, a phróiseáil agus a scaipeadh. Beidh údaráis, ionaid barr feabhais, ollscoileanna agus taighdeoirí, comhpháirtithe sóisialta agus gníomhaithe ábhartha eile ó na Ballstáit ábhartha san áireamh sa líonra.
Airteagal 13
Éifeachtaí an ceart tiomána nó ceadúnas tiomána a shrianadh, a chur ar fionraí, a tharraingt siar nó a chur ar ceall
1.Diúltóidh Ballstát ceadúnas tiomána a eisiúint d’iarratasóir a bhfuil ceadúnas tiomána aige atá srianta, curtha ar fionraí, tarraingthe siar nó curtha ar ceall i mBallstát eile.
2.Diúltóidh Ballstát aitheantas a thabhairt do bhailíocht aon cheadúnais tiomána a d’eisigh Ballstát eile do dhuine a bhfuil a cheadúnas tiomána nó a cheart tiomána srianta, curtha ar fionraí, tarraingthe siar nó curtha ar ceall ar chríoch an Bhallstáit eile.
3.Measfar ceadúnas tiomána nó an ceart tiomána a bheith srianta, curtha ar fionraí, tarraingthe siar nó curtha ar ceall chun críocha an Airteagail seo fad atá an duine lena mbaineann fós le haon choinníollacha, arna bhforchur ag Ballstát, a chomhlíonadh, ar coinníollacha iad nach mór dó nó di a chomhlíonadh chun go mbeidh sé nó sí in ann a ceart tiomána nó a ceart tiomána nó an ceadúnas tiomána a aisghabháil nó a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar cheadúnas nua.
Aon choinníollacha a fhorchuirfidh na Ballstáit chun go mbeidh an sealbhóir a cheart tiomána nó a ceart tiomána nó an ceadúnas tiomána a aisghabháil nó a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar cheann nua, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na coinníollacha sin comhréireach, neamh‑idirdhealaitheach do shealbhóirí ceadúnas tiomána arna n‑eisiúint ag aon Bhallstát eile agus nach mbeidh diúltú ceadúnas tiomána a eisiúint ná aitheantas a thabhairt do cheadúnas tiomána arna eisiúint ag Ballstát eile ar feadh tréimhse éiginnte mar thoradh orthu féin.
4.Ní thuigfear le haon ní san Airteagal seo go gcuirtear bac ar na Ballstáit cosc ar dhuine tiomáint ina gcríocha ar feadh tréimhse éiginnte gan an deis a thabhairt dó nó di a cheart tiomána nó a ceart tiomána nó an ceadúnas tiomána a aisghabháil nó a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar ceadúnas nua, i gcás ina mbeidh údar leis sin ar bhonn a (h)iompraíochta.
I gcás inar fhorchuir Ballstát cosc éiginnte ar thiomáint, i gcomhréir leis an mír seo, féadfaidh an Ballstát sin diúltú go do bhailíocht aon cheadúnais tiomána a d’eisigh Ballstát eile a aithint ar feadh tréimhse éiginnte, ina chríoch féin. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Ballstáit eile ceadúnas tiomána a eisiúint don duine sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát a fhorchuireann an cosc éiginnte ar thiomáint.
Airteagal 14
Scéim tiomána tionlactha
1.De mhaolú ar Airteagal 7(1), pointí (b) agus (d) faoi seach, eiseoidh na Ballstáit ceadúnais tiomána, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), le haghaidh chatagóirí B agus C atá marcáilte le cód Aontais 98.02 a shonraítear i gCuid E d’Iarscríbhinn I, d’iarratasóirí a bhfuil 17 mbliana d’aois slánaithe acu.
2.Sealbhóirí ceadúnais tiomána atá marcáilte le cód Aontais 98.02 nach bhfuil 18 mbliana d’aois go fóill, ní thiomáinfidh siad ach amháin nuair a bheidh duine in éineacht leo a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá sé nó sí 25 bliana d’aois ar a laghad;
(b)tá ceadúnas tiomána den chatagóir ábhartha aige nó aici a eisíodh níos mó ná 5 bliana ó shin;
(c)ní raibh sé nó sí faoi réir dícháiliúcháin tiomána le 5 bliana anuas;
(d)ní raibh sé nó sí faoi réir cinnidh i réimse an dlí choiriúil mar thoradh ar chion a bhaineann le trácht ar bhóithre;
(e)i gcás feithicil de chatagóir C, tá an cháilíocht agus an oiliúint aige nó aici dá bhforáiltear i Treoir (AE) 2022/2561.
3.Féadfaidh na Ballstáit cáipéis aitheantais na ndaoine tionlacain dá dtagraítear i mír 2 a éileamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an tAirteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur le líon na ndaoine tionlacain a d’fhéadfadh a bheith ann.
4.Féadfaidh na Ballstáit coinníollacha breise a chur i bhfeidhm maidir le ceadúnas tiomána atá marcáilte le cód Aontais 98.02 a eisiúint d’iarratasóirí nach bhfuil 18 mbliana d’aois go fóill. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil ar don phobal.
Airteagal 15
Tréimhse phromhaidh
1.Measfar gur tiománaí nuacheadúnaithe é sealbhóir ceadúnais tiomána de chatagóir ar leith arna eisiúint den chéad uair agus beidh sé faoi réir tréimhse phromhaidh 2 bhliain ar a laghad.
2.Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis le haghaidh tiománaithe nuacheadúnaithe ag a bhfuil tiúchan alcóil san fhuil os cionn 0.0g/mL agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach comhréireach athchomhairleach neamh‑idirdhealaitheach.
3.Féadfaidh na Ballstáit rialacha breise a bhunú a bheidh infheidhme ar a gcríoch maidir le tiománaithe nuacheadúnaithe le linn na tréimhse promhaidh chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin.
4.Ceadúnais tiomána a eisiatar le linn tréimhse phromhaidh, déanfaidh na Ballstáit iad a mharcáil le cód Aontais 98.01 a shonraítear i gCuid E d’Iarscríbhinn I.
5.Ní chuirfear tréimhse phromhaidh i bhfeidhm maidir le tiománaithe a bhfuil ceadúnas tiomána de chatagóir A2 nó A á fháil acu i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 10(1).
Airteagal 16
Scrúdaitheoirí
1.Comhlíonfaidh scrúdaitheoirí tiomána na caighdeáin íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
Scrúdaitheoirí tiomána a bhí ag obair sa cháil sin roimh an 19 Eanáir 2013, ní bheidh siad faoi réir ach ag na ceanglais a bhaineann le dearbhú cáilíochta agus bearta maidir le hoiliúint thréimhsiúil rialta.
2.Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 21, chun Iarscríbhinn IV a leasú i gcás inar gá chun forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíocha a chur san áireamh.
Airteagal 17
Gnáthchónaí
1.Chun críocha na Treorach seo, is é ‘gnáthchónaí’ an áit ina bhfuil cónaí ar dhuine go hiondúil, is é sin ar feadh 185 lá ar a laghad i ngach bliain féilire, mar gheall ar cheangail phearsanta agus ghairme, nó, i gcás duine nach bhfuil aon cheangail ghairme aige, mar gheall ar cheangail phearsanta lena léirítear go bhfuil dlúthnasc ag an duine sin leis an áit ina bhfuil cónaí air nó uirthi.
Mar sin féin, i gcás gnáthchónaí duine nach ionann an áit a bhfuil a cheangail ghairme agus an áit a bhfuil a cheangail phearsanta/a ceangail phearsanta agus a chónaíonn, dá dhroim sin, idir áiteanna éagsúla atá lonnaithe in dhá Bhallstát nó i níos mó ná dhá Bhallstát, measfar gurb é an áit ina bhfuil a cheangail phearsanta/a ceangail phearsanta é, ar choinníoll go bhfilleann an duine sin ar an áit sin go tráthrialta. Ní gá an coinníoll deireanach sin a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an duine ina chónaí i mBallstát chun tasc d’fhad cinnte a dhéanamh. Ní thabharfar le tuiscint go mbeidh athrú gnáthchónaí i gceist toisc duine a bheith ag freastal ar ollscoil nó ar scoil.
2.Chun críocha pointe (b) d’Airteagal 10(3), agus Airteagal 11(4), measfar gnáthchónaí fhoireann sheirbhísí taidhleoireachta an Aontais nó a Bhallstát, nó gnáthchónaí na mball dá dteaghlach ar cuid dá dteaghlaigh iad, a bheith ar chríoch na mBallstát a d’eisigh na ceadúnais tiomána atá á n‑athnuachan nó á n‑athsholáthar.
Chun críocha an Airteagail seo, áirítear i ‘seirbhís taidhleoireachta an Aontais’ oifigigh ó ranna ábhartha Ardrúnaíocht na Comhairle agus an Choimisiúin, chomh maith le foireann ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát agus aon bhall foirne nó aon chonraitheoir atá ag obair d’institiúidí , comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais réimse na hionadaíochta seachtraí agus a bhfuil orthu cónaí 181 lá ar a laghad ar chríoch tríú tír amháin nó níos mó i mbliain féilire chun a ndualgais chonarthacha a chomhlíonadh.
3.I gcás nach féidir le sealbhóir ceadúnais tiomána a áit nó a háit ghnáthchónaithe i mBallstát ar leith a chruthú faoi mhír 1, féadfaidh an sealbhóir a cheadúnas tiomána nó a ceadúnas tiomána a athnuachan sa Bhallstát a d’eisigh é ar dtús, mar sheift dheireanach.
4.De mhaolú ar phointe (e) d’Airteagal 10(1) agus chun na críche sonraí a bhaineann le ceadúnas tiomána chatagóir B a eisiúint den chéad uair, iarratasóir nach ionann a Bhallstát gnáthchónaithe agus Ballstát a shaoránachta nó a saoránachta, féadfaidh Ballstát na saoránachta an ceadúnas tiomána a eisiúint, i gcás nach bhforálann an Ballstát gnáthchónaithe go bhféadfaí pas a fháil sna tástálacha teoiriciúla nó praiticiúla i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit saoránachta nó le hateangaire.
Airteagal 18
Coibhéisí idir ceadúnais nach bhfuil de réir mhúnla caighdeánach an Aontais
1.Na coibhéisí a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2016/1945 ón gCoimisiún, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm iad idir teidlíochtaí a fuarthas roimh an 19 Eanáir 2013 agus na catagóirí a leagtar amach in Airteagal 6 den Treoir seo.
2.Aon teidlíocht tiomána a deonaíodh roimh an 19 Eanáir 2013, ní bhainfear í ná ní dhéanfar í a cháiliú ar bhealach ar bith le forálacha na Treorach seo.
Airteagal 19
Cúnamh frithpháirteach
1.Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile i gcur chun feidhme na Treorach seo. Malartóidh siad faisnéis maidir leis na ceadúnais atá eisithe, malartaithe, athsholáthartha, athnuaite, srianta, curtha ar fionraí, tarraingthe siar, curtha ar ceall nó cealaithe acu, maidir leis na dícháiliúcháin tiomána a d’fhorchuir siad nó a bheartaíonn siad a fhorchur agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile chun a fhíorú an bhfuil iarratasóir ar cheadúnas tiomána faoi réir dícháiliúchán tiomána in aon Bhallstáit nó nach bhfuil. Úsáidfidh siad líonra an Aontais Eorpaigh um cheadúnais tiomána a bunaíodh chun na gcríoch sin.
2.Féadfaidh na Ballstáit líonra an Aontais Eorpaigh um cheadúnais tiomána a úsáid freisin chun faisnéis a mhalartú chun na gcríoch seo a leanas:
(a)chun é a chur ar a gcumas dá n‑údaráis bailíocht agus barántúlacht ceadúnais tiomána a fhíorú le linn seiceálacha cois bóthair nó mar chuid de bhearta frithbhrionnaithe;
(b)chun imscrúduithe a éascú arb é is aidhm dóibh an duine faoi dhliteanas maidir le cionta mótarthráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a shainaithint, i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(c)chun cionta coiriúla dá dtagraítear in [TAGAIRT DO PRÜM II] a chosc, a bhrath agus a imscrúdú;
(d)chun Treoir (AE) 2022/2561 a fhorfheidhmiú;
(e)chun [TREOIR NUA MAIDIR LE hÉIFEACHT UILE‑AONTAIS A BHEITH AG DÍCHÁILIÚCHÁIN TIOMÁNA ÁIRITHE] a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.
3.Déanfar rochtain ar an líonra a shlánú. Leis an líonra, déanfar foráil maidir le malartú faisnéise sioncronach (fíor‑ama) agus aisioncronach, agus maidir le teachtaireachtaí, fógraí agus ceangaltáin shlána a sheoladh agus a ghlacadh.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta ar fad is gá chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a mhalartófar tríd an líonra cothrom le dáta.
Ní fhéadfaidh na Ballstáit rochtain ar an líonra a dheonú ach amháin do na húdaráis atá inniúil chun na gcríoch dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.
4.Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile freisin chun an ceadúnas tiomána móibíleach a chur chun feidhme, go háirithe chun idir‑inoibritheacht rianúil idir na feidhmchláir agus na gnéithe fíorúcháin dá dtagraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn I a ráthú.
5.Chun idir‑inoibritheacht a áirithiú idir na córais náisiúnta atá nasctha le líonra an Aontais Eorpaigh um cheadúnais tiomána agus cosaint na sonraí pearsanta a mhalartaítear sa chomhthéacs sin, faoin 6 Meitheamh 2026 glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos ceanglais mhionsonraithe oibríochtúla, chomhéadain agus theicniúla líonra an Aontais Eorpaigh um cheadúnais tiomána. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
6.Féadfaidh na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile chun aon srian páirteach, fionraí, tarraingt siar nó cealú ar an gceart tiomána nó ar cheadúnas tiomána a fhorfheidhmiú, go háirithe i gcás ina bhfuil na bearta faoi seach teoranta do chatagóirí áirithe ceadúnas tiomána nó do chríocha Ballstát áirithe, go háirithe trí fhormhuiniú ar na ceadúnais tiomána a d’eisigh siad.
Airteagal 20
Athbhreithniú
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas ar bhonn bliantúil maidir le líon na gceadúnas tiomána a eisiatar, a athnuaitear, a athsholáthraítear, a tharraingítear siar agus a mhalartaítear, le haghaidh gach catagóire, lena n‑áirítear sonraí maidir le heisiúint agus úsáid ceadúnas tiomána móibíleach.
Faoin [teacht i bhfeidhm + 5 bliana], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, lena n‑áirítear a tionchar ar shábháilteacht ar bhóithre.
Airteagal 21
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(8), Airteagal 5(6), Airteagal 8(2), Airteagal 10(8) agus Airteagal 16(2) don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón [Dáta theacht i bhfeidhm na Treorach]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4(8), 5(6), 8(2), 10(8), agus 16(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4(8), 5(6), 8(2), 10(8) agus 16(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 22
Nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh an coiste um cheadúnais tiomána cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n‑iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.
I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 23
Leasuithe ar Threoir (AE) 2022/2561
In Airteagal 5(2) de Threoir (AE) 2022/2561, cuirtear an pointe (c) seo a leanas leis:
‘(c) ó 17 mbliana d’aois, feithicil i gcatagóir ceadúnais C, ar choinníoll go bhfuil deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil acu dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 14(2) de Threoir TAGAIRT DON TREOIR SEO] agus fúthu sin amháin;’
Airteagal 24
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1724
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724 mar a leanas:
(a)sa dara colún, sa ró ‘Bogadh’, cuirtear an chill seo a leanas leis: ‘Ceadúnas tiomána a fháil agus a athnuachan’;
(b)sa tríú colún, sa ró ‘Bogadh’, cuirtear an chill seo a leanas leis: ‘Ceadúnais tiomána an Aontais a eisiúint, a mhalartú agus a athsholáthar’.
Airteagal 25
Trasuí
1.Na dlíthe, na rialúcháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [dáta glacadh+2 bhliain] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [dáta glactha + 3 bliana] ar aghaidh.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 26
Aisghairm
1.Aisghairtear Treoir 2006/126/CE le héifeacht ón [dáta glactha + 3 bliana].
Tagairtí a dhéantar don Treoir 2006/126/CE, déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VII.
2.Aisghairtear Rialachán (AE) 383/2012 le héifeacht ón [dáta glactha + 3 bliana].
3.Tagairtí a dhéantar do Rialachán (AE) Uimh. 383/2012, déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí do Chuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VII.
Airteagal 27
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 28
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceadúnais tiomána, lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún.
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Iompar, sábháilteacht ar bhóithre
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
X síneadh le beart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
Is iad na cuspóirí ginearálta sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus saorghluaiseacht daoine a éascú
1.4.2.Cuspóirí sonracha
–Scileanna tiomána, eolas agus taithí a fheabhsú, agus iompraíocht chontúirteach a laghdú agus a phionósú.
–Oiriúnacht leordhóthanach choirp agus mheabhrach na dtiománaithe ar fud an Aontais a áirithiú.
–Deireadh a chur le bacainní neamhleora nó neamhriachtanacha a dhéanann difear d’iarratasóirí agus do shealbhóirí ceadúnas tiomána.
1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Táthar ag súil le héifeachtaí dearfacha sochaíocha ó thaobh tionchar ar shábháilteacht ar bhóithre agus ar shaorghluaiseacht daoine. Meastar go sábhálfar thart ar 1 153 duine agus go seachnófar 11 020 gortú tromchúiseach thar thréimhse 2025‑2050, i gcoibhneas leis an mbonnlíne, trí scileanna agus eolas na dtiománaithe a fheabhsú, agus trí laghdú a dhéanamh ar líon na dtiománaithe ar bhóithre an Aontais a bhfuil iompar contúirteach acu nó nach bhfuil oiriúnacht liachta chun tiomána acu. I dtéarmaí airgeadaíochta, meastar gurb ionann an laghdú ar chostais sheachtracha tionóiscí agus thart ar EUR 7.1 billiún, arna shloinneadh mar luach reatha thar thréimhse 2025‑2050 i gcoibhneas leis an mbonnlíne. Ina theannta sin, táthar ag súil leis go gcuirfear deireadh le bacainní nach bhfuil údar leo nó nach bhfuil gá leo mar gheall ar na bearta, is é sin bacainní ar chearta tiomána a fháil, a aithint nó a athnuachan. Go háirithe i gcás cónaitheoirí san Aontas Eorpach agus sealbhóirí ceadúnas tiomána eachtrach a fuarthas i mBallstát eile seachas i dtír a saoránachta, tiománaithe veaineanna agus veaineanna campála breosla mhalartaigh, daoine a bhfuil diaibéiteas mellitus orthu agus tiománaithe gairmiúla.
Ar deireadh, táthar ag súil go mbeidh éifeachtaí dearfacha ag na húdaráis phoiblí (coigiltis chostais EUR 4.8 billiún), don earnáil phríobháideach (coigiltis chostais EUR 1.5 billiún) agus do shaoránaigh (coigiltis chostais EUR 6.6 billiún) i gcoibhneas leis an mbunlíne, arna sloinneadh mar luach reatha le linn na tréimhse 2025‑2050, go háirithe mar gheall ar chomhchuibhiú iomlán na bailíochta riaracháin agus ceadúnas tiomána móibíleach an Aontais a thabhairt isteach.
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
Ós rud é gurb é an cuspóir ginearálta sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, is é an príomhtháscaire chun rath an tionscnaimh a thomhas ná laghdú ar líon na mbásanna ar na bóithre agus ar líon na ndaoine a gortaíodh go dona i dtionóiscí a meastar an tiománaí a bheith ar cheann de na cúiseanna leo. Chun na críche sin, déanfar líon iomlán na dtionóiscí a mheas agus nuair a chomhlíontar coinníollacha áirithe (e.g., na cinn nach mbaineann ach le feithicil amháin nó le feithiclí ina raibh an tiománaí núíosacha nó neamhoiriúnach chun tiomána ó thaobh coirp/meabhrach de). Beidh ar an táscaire forbairtí foriomlána maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus éabhlóid an tráchta ar bhóithre agus líon na gceadúnas i ngach Ballstát a mheas freisin (chun tosca eile a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh).
Maidir leis an dara cuspóir ginearálta maidir le saorghluaiseacht daoine a éascú, is é an príomhtháscaire chun rath an tionscnaimh a thomhas ná laghdú ar líon na ngearán agus na gcásanna cúirte i ndáil le nósanna imeachta na gceadúnas tiomána.
Beidh sé sách deacair measúnú a dhéanamh ar na táscairí a bhaineann leis an dá chuspóir, áfach, mar gheall ar an iliomad bunchúiseanna le tionóiscí, toisc nach bhfuil sonraí ar fáil agus i ngeall ar líon íseal gearán agus cásanna cúirte a bhaineann le nósanna imeachta ceadúnas tiomána.
Maidir leis an gcuspóir ‘Scileanna tiomána, eolas agus taithí a fheabhsú agus iompraíocht chontúirteach a laghdú agus a phionósú’, déanfar an rath a thomhas toisc go gcomhchuibhítear na caighdeáin maidir le scileanna, eolas agus tréimhsí promhaidh atá le comhlíonadh chun ceadúnas tiomána a eisiúint den chéad uair agus go ngearrtar pionós ar iompar contúirteach beag beann ar áit chónaithe an chiontóra.
Ar ‘oiriúnacht chun tiomána’, beidh sciar na dtiománaithe a ndéantar scagthástáil liachta orthu go rialta, ag brath ar stádas sláinte agus a n‑aois ina thomhas ratha. Chun deireadh a chur le bacainní a dhéanann difear d’iarratasóirí agus do shealbhóirí ceadúnas tiomána, beidh rath ar líon na mBallstát a eisíonn ceadúnais tiomána mhóibíleacha agus/nó a aithníonn ceadúnais tiomána mhóibíleacha AE, chomh maith le líon íseal gearán agus cásanna cúirte ina bhfuil gnáthchónaí ina bhac ar chearta tiomána atá ann cheana a aithint.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme agus éifeachtacht an tionscnaimh seo trí roinnt gníomhaíochtaí agus trí shraith príomhtháscairí lena dtomhaisfear an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí oibríochtúla a bhaint amach. Cúig bliana tar éis dheireadh thréimhse thrasuí an ghnímh reachtaigh, ba cheart do sheirbhísí an Choimisiúin meastóireacht a dhéanamh lena fhíorú a mhéid a baineadh amach cuspóirí an tionscnaimh.
Úsáidfear ionstraimí faireacháin seanbhunaithe (e.g., bunachar sonraí CARE) chun faireachán a dhéanamh ar an gcomhghaol idir tionóiscí bóthair agus ceadúnais tiomána. Áireofar sa tuairisciú faisnéis faoi líon na dtionóiscí lenar bhain gortuithe agus/nó básanna agus faoi na tiománaithe lena mbaineann, mar atá a n‑aois, a mbailíocht agus dáta eisiúna a gceadúnas tiomána agus torthaí a dtástálacha drugaí/alcól. Ionas gur féidir, a mhéid is féidir, éifeachtaí na Treorach athbhreithnithe a dheighilt ó thosca eile, déanfar staitisticí maidir le líon na gceadúnas tiomána a eisíodh a aisghabháil ó na Ballstáit. Ba cheart, leis, gur féidir measúnú a dhéanamh ar éabhlóid choibhneasta na sábháilteachta ar bhóithre do na príomhghrúpaí tiománaithe a ndéanann an t‑athbhreithniú difear dóibh (e.g. tiománaithe núíosacha, tiománaithe a bhfuil fadhbanna sláinte acu).
Leanfaidh an Coimisiún de staitisticí a sholáthar freisin maidir le húsáid líonra RESPER chun faisnéis a mhalartú maidir le ceadúnais tiomána, arna bhunú faoi Airteagal 15 de Threoir 2006/126/CE. Féadfaidh an Coimisiún féachaint an bhféadfaí an fhaisnéis sin a chomhlánú le staitisticí arna dtáirgeadh ag EUCARIS, an feidhmchlár a úsáideann roinnt Ballstát chun nascadh le RESPER.
Maidir le hidir‑inoibritheacht cheadúnas tiomána móibíleach an Aontais, déanfaidh meitheal thiomnaithe faoin gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 21 den Treoir faireachán ar an dul chun cinn agus é mar chuspóir aici saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a réiteach.
Iarrfaidh an Coimisiún freisin ar na Ballstáit staitisticí arna bhfáil ó chlárlanna náisiúnta a roinnt, mar a rinneadh faoi chuimsiú an staidéir tacaíochta don mheasúnú tionchair sin, maidir le líon na gceadúnas arna n‑eisiúint de réir catagóirí, de réir inscne agus de réir aoisghrúpa.
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Is é an tionscnamh AE seo an ceathrú ceann as a chéile maidir le rialacha an Aontais lena rialaítear ceadúnais tiomána (a tugadh isteach den chéad uair in 1980 le Treoir 80/1263/CEE). Chuidigh na rialacha sin le líon na mbásanna ar na bóithre a laghdú 61.5 % ó thart ar 51,400 in 2001 go tuairim is 19,800 duine in 2021. Mar sin féin, ní raibh an feabhas ar shábháilteacht ar bhóithre chomh láidir agus is gá.
Chun líon na mbásanna agus na ngortuithe ar bhóithre an Aontais a laghdú a thuilleadh, spreagtar roinnt beart sa togra amhail tuilleadh digitithe, lena n‑áirítear ceadúnais tiomána dhigiteacha a thabhairt isteach, nuashonrú ar dhul chun cinn teicneolaíoch amhail córais tiomána uathoibrithe agus inbhuanaitheacht. Ceann de na leasuithe mar gheall ar leictriú an fhlít gluaisteán atá ann faoi láthair san Eoraip ná go mbeidh giarbhosca uathoibríoch ar an gceann caighdeánach maidir le hoiliúint agus scrúduithe tiomána, agus go ndéanfar teorannú chód 78 a tharraingt dá bharr.
Tugtar na ceanglais oiliúna cothrom le dáta freisin, lena n‑áirítear úsáid a bhaint as modhanna digiteacha, chomh maith leis na modhanna chun oiriúnacht chun tiomána leordhóthanach a fhíorú agus a ráthú. Táimid ag smaoineamh freisin ar scéim oiliúna a thabhairt isteach atá bunaithe ar thiomáint tionlactha, ionas go dtiomáinfeadh tiománaithe núíosacha líon níos mó ciliméadar agus iad á dtionlacan sula bhfaigheadh siad a gceadúnas tiomána. Ní dhéanfadh sé sin difear don aois íosta chun tiomáint gan tionlacan, ach léireodh sé an dea‑chleachtas is fearr ó roinnt Ballstát.
Cuireann an togra freisin leis an taithí a fuarthas i roinnt Ballstát a mhéid a bhaineann le tréimhsí promhaidh, lena dtugtar isteach tréimhse dhá bhliain ina mbeadh tiománaithe núíosacha faoi réir rialacha níos déine. Leis an togra, cuirtear feabhas freisin ar inrochtaineacht shábháilte ar cheadúnais tiomána ag saoránaigh uile an Aontais agus ag náisiúnaigh tríú tír agus féachfar ar réitigh chun na Ballstáit a chumhachtú tuilleadh chun líon na dtiománaithe contúirteacha ar bhóithre an Aontais a laghdú.
1.5.2.Breisluach
In éagmais na hidirghabhála sin ón Aontas, d’áiritheofaí an comhar idir na Ballstáit maidir le ceadúnais tiomána trí bhíthin comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha, rud a d’fhágfadh go mbeadh níos mó castachta ag gabháil leis an gcóras ceadúnúcháin agus go mbeadh ualach riaracháin níos mó ar shealbhóirí na gceadúnas. Ina theannta sin, tá roinnt de na saincheisteanna atá fós gan réiteach ann mar thoradh ar chur chun feidhme éagsúil na Treorach sna Ballstáit.
D’fhéadfadh fadhbanna riaracháin a bheith ag tiománaithe freisin agus iad ag taisteal chuig Ballstáit nach páirtithe conarthacha iad i gCoinbhinsiún Vín, mar shampla an ceanglas ceadúnas tiomána idirnáisiúnta a bheith acu. Ar deireadh, agus iad ag athrú áit chónaithe san Aontas, bheadh ar shealbhóirí cheadúnais tiomána AE ceadúnas tiomána nua a fháil a d’eisigh a dtír chónaithe nua, trí mhalartán riaracháin nó trí phas a fháil sa tástáil tiomána faoi mar a dhéanfadh aon iarratasóir eile.
Ina theannta sin, bheadh éagsúlacht ann maidir leis na coinníollacha chun ceadúnas tiomána a fháil, rud a d’fhágfadh go gcaithfí go míchothrom le saoránaigh an Aontais agus méid níos lú éifeachtachta ó thaobh sábháilteachta ar bhóithre de.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Mar a luaitear i bpointe 1.5.1, mar thoradh ar an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána, glacfar an ceathrú gníomh lena dtabharfar aghaidh ar an ábhar sin. Chuir na chéad trí Threoir go mór cheana féin le feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre agus ar shaorghluaiseacht daoine, rud a d’fhágfadh go mbeadh tiománaithe níos oilte agus níos eolasaí agus go mbeadh oiriúnacht chun tiomána níos fearr acu. Ina theannta sin, laghdaíodh saoirse ó phionós ciontóirí tráchta nuair a tugadh isteach ceadúnas tiomána aonair san Aontas agus nuair a bunaíodh líonra RESPER.
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Tá an t‑athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána comhsheasmhach le hionstraimí eile de chuid an Aontais agus le beartais ábhartha an Aontais, chomh maith le hoibleagáidí idirnáisiúnta (coinbhinsiúin UNECE maidir le trácht ar bhóithre na Ginéive 1949 agus Vín 1968). Rialaítear leis an Treoir cearta tiomána de réir catagóirí feithiclí. Sainítear catagóirí áirithe trí thagairt a dhéanamh do rialacha an Aontais, eadhon:
–Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 maidir le faomhadh agus faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair, lenar féidir na cineálacha móipéidí, gluaisrothar, trírothach agus cuadrothar mótair a shainaithint.
–Treoir 96/53/CE ón gComhairle lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta, lenar féidir na cineálacha feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha a shainaithint;
Cinntear leis an Treoir freisin na haoiseanna íosta chun ceadúnas tiomána a fháil do thiománaithe gairmiúla (a bheidh ann amach anseo), atá faoi réir Threoir (AE) 2022/2561 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair chun earraí nó paisinéirí a iompar.
Ina theannta sin, tá feidhm ag rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta freisin maidir le malartú faisnéise a bhaineann le ceadúnais tiomána, go háirithe:
–Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin;
–Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí); agus Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Ar deireadh, an 3 Meitheamh 2021, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí. Leis an gcreat nua seo, cuirtear bloic thógála ar fáil a bhaineann leis na ceadúnais tiomána mhóibíleacha. Go háirithe, is féidir an t‑aitheantas leictreonach agus, b’fhéidir, gnéithe na tiachóige leictreonacha a úsáid chun réiteach idir‑inoibritheach a fhorbairt le haghaidh ceadúnais tiomána mhóibíleacha AE.
Chun comhsheasmhacht na Treorach maidir le Ceadúnais Tiomána leis na hionstraimí dlí eile a bhaineann le forfheidhmiú rialacha tráchta ar bhóithre a áirithiú, bunaítear pacáiste caibidlíochta, ina bhfuil trí thionscnamh – anuas ar an togra nua seo i ndáil le Treoir maidir le ceadúnais tiomána, tá togra ann freisin le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir (AE) 2015/413 maidir le malartú trasteorann faisnéise a éascú faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre agus togra le haghaidh Treoir maidir le héifeacht uile‑Aontais a bheith ag dícháiliúcháin tiomána áirithe.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Na costais aonuaire in 2025 agus na costais choigeartaithe leanúnacha atá ar an gCoimisiún go dtí 2050, baineann siad go príomha le sainghrúpa a shocrú chun deis a thabhairt do na húdaráis faisnéis agus dea‑chleachtais a chomhroinnt maidir le hoiriúnacht choirp agus mheabhrach chun tiomána agus clár oiliúna ar líne a fhorbairt maidir le hoiriúnacht chun tiomána do chleachtóirí ginearálta. Ní gá acmhainní daonna a mhéadú chun an dá thionscnamh sin a bhunú.
1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh
tréimhse theoranta
–
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
X tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
Bainistíocht dhíreach X a dhéanann an Coimisiún
– ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
– tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
– eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);
– BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
– comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;
– comhlachtaí dlí phoiblí;
– comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;
– comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus a soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ina leith;
– comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.
Leis an togra a chur chun feidhme is gá sainghrúpa a bhunú agus a choimeád chun deis a thabhairt do na húdaráis faisnéis agus dea‑chleachtais a chomhroinnt maidir le hoiriúnacht choirp agus mheabhrach chun tiomána agus clár oiliúna ar líne a fhorbairt maidir le hoiriúnacht chun tiomána do chleachtóirí ginearálta. Ní gá acmhainní daonna a mhéadú chun an dá thionscnamh sin a bhunú.
‑
meastar gurb é EUR 30 000 in aghaidh na bliana na costais choigeartaithe athfhillteacha idir 2025‑2028 a thabhaigh bunú an tsainghrúpa chun ligean do na húdaráis faisnéis agus dea‑chleachtais a chomhroinnt i ndáil le hoiriúnacht choirp agus mheabhrach chun tiomána.
‑
foráiltear do na costais choigeartaithe (aonuaire) neamh‑athfhillteacha EUR 80 000 in 2025 a thabhófar trí chlár oiliúna ar líne maidir le hoiriúnacht chun tiomána do chleachtóirí ginearálta a bhunú agus a fhorbairt;
‑
meastar gurb ionann na costais choigeartaithe leanúnacha (nuashonrú ar an gclár oiliúna ar líne maidir le hoiriúnacht chun tiomána do chleachtóirí ginearálta) agus tuairim is EUR 80 000 gach 5 bliana.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
Maidir leis na cúraimí a dhéanfaidh AS MOVE go díreach, leanfaidh siad timthriall bliantúil na pleanála agus an fhaireacháin, arna chur chun feidhme sa Choimisiún agus sna gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, lena n‑áirítear na torthaí a thuairisciú trí Thuarascáil Bhliantúil AS MOVE ar Ghníomhaíochtaí.
De réir Airteagal 20 den Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas ar bhonn bliantúil faoi líon na gceadúnas tiomána a eisíodh, a athnuadh, a aistarraingíodh agus a malartaíodh le haghaidh gach catagóire, lena n‑áirítear sonraí maidir le heisiúint agus úsáid ceadúnas tiomána móibíleach.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar thrasuí ceart na Treorach arna dhéanamh ag na Ballstáit.
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Is é an t‑aonad laistigh d’AS MOVE atá i gceannas ar an réimse beartais a bhainisteoidh cur chun feidhme na Treorach.
Cuirfear an caiteachas chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, agus forálacha an Rialacháin Airgeadais á gcur i bhfeidhm ina n‑iomláine. Áirítear sa straitéis rialaithe maidir le soláthairtí agus deontais in Ard‑Stiúrthóireacht MOVE rialuithe sonracha ex‑ante dlíthiúla, oibríochtúla agus airgeadais maidir leis na nósanna imeachta (lena n‑áirítear, le haghaidh soláthairtí; athbhreithniú ag an gcoiste comhairleach maidir le soláthar agus conarthaí) agus ar shíniú conarthaí agus comhaontuithe. Ina theannta sin, beidh caiteachas arna dhéanamh chun earraí agus seirbhísí a sholáthar faoi réir rialuithe ex ante agus, nuair is gá, faoi réir rialuithe ex post agus airgeadais.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
A mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na gcúraimí a bhaineann le bunú an tsásra, tá na rioscaí a sainaithníodh nasctha le húsáid nósanna imeachta soláthair: moill, infhaighteacht sonraí, faisnéis thráthúil don mhargadh, etc. Cumhdaítear na rioscaí sin faoin Rialachán Airgeadais agus maolaítear iad leis an tacar de rialuithe inmheánacha a chuir AS MOVE chun úsáide le haghaidh soláthar ar an luach sin.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
Tuairiscíonn AS MOVE go bliantúil, ina Thuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí, ar an gcostas a bhaineann le rialú a chuid gníomhaíochtaí. An phróifíl riosca agus costas na rialuithe ar ghníomhaíochtaí soláthair, tá siad i gcomhréir leis na ceanglais.
Tá feidhm ag an méadú buiséadach a iarradh maidir le hardán faisnéise a bhunú agus a chothabháil le haghaidh na n‑údarás chun malartú a dhéanamh ar oiriúnacht choirp agus mheabhrach chun tiomána agus clár oiliúna (ar líne) a fhorbairt do chleachtóirí ginearálta. Maidir leis na gníomhaíochtaí rialaithe a bhaineann leis na córais TF arna bhforbairt nó arna mbainistiú ag an stiúrthóireacht atá freagrach as an togra, déanann an coiste stiúrtha TF faireachán tráthrialta ar bhunachair sonraí na stiúrthóireachta agus ar an dul chun cinn atá déanta, agus simpliú agus cost‑éifeachtúlacht acmhainní TF an Choimisiúin á gcur san áireamh.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
Bheadh feidhm ag bearta coisctheacha agus cosanta an Choimisiúin maidir leis an méid seo a leanas, go sonrach:
‑ Déanann foireann an Choimisiúin seiceáil ar íocaíochtaí le haghaidh aon seirbhís sula ndéantar íocaíocht, agus aon oibleagáid chonarthach, prionsabal eacnamaíoch agus dea‑chleachtas airgeadais nó bainistíochta á cur san áireamh. Áireofar forálacha frith‑chalaoise (maoirseacht, ceanglais tuairisciúcháin, etc.) sna comhaontuithe agus sna conarthaí uile a thugtar i gcrích idir an Coimisiún agus faighteoirí aon íocaíochtaí.
‑ Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF).
Ina theannta sin, ghlac AS MOVE Straitéis Frith‑Chalaoise athbhreithnithe in 2020. Tá Straitéis Frith‑Chalaoise AS MOVE bunaithe ar Straitéis Frith‑Chalaoise an Choimisiúin agus ar mheasúnú riosca sonrach arna dhéanamh go hinmheánach chun na réimsí is leochailí ó thaobh calaoise de a shainaithint, maille leis na rialuithe atá i bhfeidhm cheana agus na bearta atá riachtanach chun feabhas a chur ar chumas AS MOVE calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú.
Áirithítear le Rialachán ACER agus leis na forálacha conarthacha is infheidhme maidir le soláthar poiblí, leo sin araon, gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin, lena n‑áirítear OLAF, iniúchtaí agus seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, agus úsáid á baint as na forálacha caighdeánacha a mholann OLAF.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
An cineál
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
01
|
02.200401
|
Difreáilte
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
An cineál
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
Dif./Neamhdhif.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–X
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos. Ní bheidh gá le leithreasuithe breise. Ath‑imlonnófar na méideanna is gá chun an tionscadal a mhaoiniú ó na leithreasuithe atá cláraithe cheana sa chlárú airgeadais oifigiúil faoi na míreanna sonracha buiséid.
EUR ina milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
01
|
An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus an Inneachar Digiteach
|
AS MOVE
|
|
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Bliain
2028
|
IOMLÁN
2025‑2028
|
□ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
Líne bhuiséid02.200401
|
Gealltanais
|
(1a)
|
0.110
|
0.030
|
0.030
|
0.030
|
0.200
|
|
Íocaíochtaí
|
(2 a)
|
0.110
|
0.030
|
0.030
|
0.030
|
0.200
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1b)
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
|
|
|
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
|
|
|
|
Líne bhuiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
le haghaidh Ard‑Stiúrthóireacht MOVE
|
Gealltanais
|
=1a+ 1b + 3
|
0.110
|
0.030
|
0.030
|
0.030
|
0.200
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b
+3
|
0.110
|
0.030
|
0.030
|
0.030
|
0.200
|
□ IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
0.110
|
0.030
|
0.030
|
0.030
|
0.200
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
0.110
|
0.030
|
0.030
|
0.030
|
0.200
|
□ IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL <01>
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
0.110
|
0.030
|
0.030
|
0.030
|
0.200
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
0.110
|
0.030
|
0.030
|
0.030
|
0.200
|
Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:
□ IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)
|
(6)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi Cheanntheidil 1 go 6
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san
Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach
(Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis na rialacha inmheánacha i ndáil le cur chun feidhme roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais) agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críoch comhairliúcháin idirsheirbhíse.
EUR ina milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
AS: <…….>
|
□ Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
□ Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN AS <…….>
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
EUR ina milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi Cheanntheidil 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
ASCHUIR
|
|
Cineál
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
‑ Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
‑ Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
‑ Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
‑ Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁIN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–X
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:
EUR ina milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo‑iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain N+2
|
Bliain N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
□ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
|
|
|
|
|
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
□ Foireann sheachtrach (in aonad de Choibhéis Lánaimseartha: FTE)
|
20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
|
|
|
|
|
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 xx yy zz
|
‑ sa Cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
‑ i dtoscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 02 (AC, END, INT ‑ Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 12 (AC, INT, SNE ‑ Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath‑imlonnófar laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
|
Pearsanra seachtrach
|
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–X
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
Déanfar na méideanna a theastaíonn chun an tionscadal a mhaoiniú a ath‑imlonnú ó líne bhuiséid 02.200401.
–
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.
–
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–le X ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR ina milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–X Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
ar acmhainní dílse
ar ioncam eile
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR ina milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).