EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0826

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

COM/2017/0826 final - 2017/0336 (COD)

An Bhruiséil,6.12.2017

COM(2017) 826 final

2017/0336(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n
x001e
aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is gá beartais iomchuí ar an leibhéal náisiúnta chun feidhmiú rianúil Aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta atá níos comhtháite a áirithiú. Toisc gur faoi chúram na mBallstát atá go leor de na réimsí beartais cinntitheacha go fóill, tá sé riachtanach iad a chomhordú agus na hathchóirithe a sheicheamhú chun go mbeidh siad a éifeachtaí agus is féidir, ní hamháin ar leibhéal na mBallstát, ach ar leibhéal an Aontais chomh maith.

Faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2020, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún uirlis nua a mholadh don athchóiriú le haghaidh na mBallstát a bhfuil gealltanas tugtha acu na hathchóirithe a pléadh ar leibhéal an Aontais a chur i bhfeidhm, athchóirithe a comhaontaíodh i "ngealltanais athchóiriúcháin" mar a thugtar orthu. Bheadh a dearlaic bhuiséadach féin ag an ionstraim, ar leithligh ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus sa bhreis orthu, agus bheadh a rialacha agus a coinníollachtaí féin acu sin go fóill.

Ba cheart go leanfadh an Seimeastar Eorpach de bheith ina bhunús le gluaiseacht i dtreo tuilleadh cóineasaithe agus le comhordú níos éifeachtaí na mbeartas sin. Ba cheart an uirlis nua seo a bhunú chun tacú leis na Ballstáit na hathchóirithe struchtúracha arna sainaithint i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh a chur chun feidhme, agus chun úinéireacht na mBallstát ar na hathchóirithe sin a áirithiú.

Bheadh sé d'aidhm ag an uirlis nua seo don athchóiriú tacú le hiliomad cineálacha athchóirithe. Ba cheart a dhíriú ar na hathchóirithe sin is mó a mheastar a chuideoidh le hathléimneacht na ngeilleagar intíre agus a mbeidh éifeachtaí iarmharta dearfacha acu ar na Ballstáit eile. Orthu sin, tá athchóirithe sna margaí táirgí agus sna margaí saothair, athchóirithe cánach, forbairt margaí caipitil, athchóirithe chun an timpeallacht ghnó a fheabhsú mar aon le hinfheistíocht i gcaipiteal daonna agus in athchóirithe ar an riarachán poiblí.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún príomhghnéithe na huirlise seo don athchóiriú a thástáil le linn céim phíolótach don tréimhse 2018-2020, tríd an bhféidearthacht a thabhairt do na Ballstáit an cúlchiste feidhmíochta atá i gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta reatha na hEorpa a úsáid i bpáirt nó ina iomláine chun tacú le hathchóirithe seachas le tionscadail shonracha. Chuige sin, molann an Coimisiún leasuithe ar Rialachán (AE) 1303/2013 (Rialachán na bhForálacha Coiteanna) dá réir sin.

Ba cheart a thabhairt chun cuimhne gur bunaíodh cheana nasc idir tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh agus buiséad an Aontais don chlárthréimhse 2014-2020, eadhon trí choinníollachtaí ex-ante agus maicreacnamaíocha a thabhairt isteach do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

Faoin togra seo, neartaítear an nasc sin a thuilleadh trí ligean do na Ballstáit an cúlchiste feidhmíochta arna bhunú le hAirteagal 20 go hAirteagal 22 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna a úsáid i bpáirt nó ina iomláine le haghaidh an bheartais comhtháthaithe chun tacú le hathchóirithe struchtúracha.

Na hathchóirithe a bhfuiltear chun tacú leo, thabharfaí aitheantas dóibh i bpacáistí ilbhliantúla le haghaidh gealltanais athchóiriúcháin, agus dhéanfaí faireachán orthu trí bhíthin na gClár Náisiúnta um Athchóiriú. Is iad na Ballstáit féin a dhéanfadh na gealltanais athchóiriúcháin a shainiú, agus bheadh mar chuid díobh tacar de bhearta athchóiriúcháin a mbeadh garspriocanna agus spriocanna soiléire leagtha síos iontu.

Ghlacfadh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, ina leagfaí amach na gealltanais athchóiriúcháin atá le cur chun feidhme ag an mBallstát, agus an tsuim arna leithdháileadh ón gcúlchiste feidhmíochta chun tacú leo. Bheadh an tsuim sin comhréireach le cineál agus tábhacht an athchóirithe. An faireachán agus an tuairisciú ar chur chun feidhme na ngarspriocanna éagsúla, ba chuid de phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh a bheadh ann. Foinse faisnéise faoin dul chun cinn a bheadh sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú, agus ba cheart go soláthróidís faisnéis faoi na céimeanna atá á ndéanamh chun an tathchóiriú a chur i gcrích.

Bheadh measúnú nuashonraithe ar dhul chun cinn an athchóirithe sna Tuarascálacha Tíre bliantúla arna gcur amach ag seirbhísí an Choimisiúin mar chuid den Seimeastar Eorpach, agus is ar a mbonn siúd a dhéanfadh an Coimisiún cinneadh maidir le tacaíocht a dheonú faoin uirlis seo. D'íocfaí méid iomlán na tacaíochta a luaithe agus a bheadh an gealltanas athchóiriúcháin curtha chun feidhme ina iomláine ag an mBallstát.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra comhsheasmhach leis an gcreat dlíthiúil foriomlán arna bhunú do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus tá sé teoranta do leasú spriocdhírithe ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra teoranta do leasú spriocdhírithe ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais. Chomhlánódh an uirlis struchtúrach tacaíochta nua an tacaíocht theicniúil dheonach a chuirtear ar fáil tríd an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach. D'fhéadfadh a bheith san áireamh sna gealltanais athchóiriúcháin freisin réimsí a niarrfadh an Coimisiún tacaíocht theicniúil ón gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach ina leith. Is ar bhonn deonach a dhéanfaí iarraidh ar an tacaíocht theicniúil sin..

2.    BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

   Bunús dlí

Sainítear i Rialachán na bhForálacha Coiteanna na comhrialacha is infheidhme maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Ar bhonn phrionsabal an bhainistithe comhroinnte idir an Coimisiún agus na Ballstáit, áirítear sa Rialachán seo forálacha maidir leis an bpróiseas cláreagraithe mar aon le socruithe le haghaidh bainistiú clár (lena náirítear cláir airgeadais), faireacháin, rialú airgeadais agus meastóireacht tionscadal.

Tugtar rogha leis an togra seo do na Ballstáit an cúlchiste feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 20 go hAirteagal 22 a leithdháileadh ar thacaíocht le haghaidh athchóiriú struchtúrach ar bhonn gealltanais athchóiriúcháin, agus sainítear ann na sásraí chun gealltanais athchóiriúcháin a chur chun feidhme.

   Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá an togra seo i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta sa mhéid go leanann sé de thacaíocht bhreise a chur ar fáil trí bhíthin an bheartais comhtháthaithe i gcás roinnt Ballstát a chinneann an cúlchiste feidhmíochta a úsáid do thacaíocht le haghaidh athchóiriú struchtúrach. Ní mór na sásraí sin a bhunú ar an leibhéal Eorpach.

   Comhréireacht

Is athrú teoranta agus spriocdhírithe an togra seo nach dtéann thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir maidir le tacaíocht a sholáthar d'athchóirithe sna Ballstáit a ghnóthú.

   An rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: leasú ar an Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair.

Rinne an Coimisiún fiosrú ar an raon feidhme le haghaidh solúbthachta dá bhforáiltear leis an gcreat dlíthiúil agus measann sé, i bhfianaise na taithí atá faighte aige, modhnuithe a mholadh ar Rialachán (AE) 1303/2013.

3.    TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

   Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní dhearnadh aon mheastóireacht ex-post agus/nó seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana.

   Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ní raibh aon chomhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha.

   Bailiú agus úsáid saineolais

Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

   Measúnú tionchair

   Neamhbhainteach.

   Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní tionscnamh faoin gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) an clár seo.

   Cearta bunúsacha

Ní bheidh aon tionchar ag an togra seo ar chosaint na gceart bunúsach.

4.    IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon tionchar ag an togra ar leithreasuithe gealltanais ós rud é nach bhfuil aon mhodhnú á mholadh ar uas-suimeanna an mhaoinithe ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa dá bhforáiltear sna cláir oibriúcháin don chlárthréimhse 2014-2020. Ba cheart a chur san áireamh nach mbeadh de thoradh ar an modhnú atá beartaithe aon athruithe ar uasteorainneacha bliantúla an chreata airgeadais ilbhliantúil maidir le gealltanais agus íocaíochtaí, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013.

5.    EILIMINTÍ EILE

   Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach. Is féidir na córais seachadta atá ann cheana do bhainistiú díreach Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an togra seo.

   Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach.

   Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Déantar Airteagal 1 a mhodhnú d'fhonn a mhíniú go gcumhdaíonn Rialachán na bhForálacha Coiteanna freisin tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha arna sainaithint i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Déantar an téarma "athchóiriú struchtúrach" a shoiléiriú i sainmhíniú ar leith a thugtar in Airteagal 2.

Déantar Airteagal 4(7) a mhodhnú lena shoiléiriú nach dtiocfaidh an tacaíocht le haghaidh athchóiriú struchtúrach faoi chuimsiú an bhainistithe comhroinnte, ach faoin mbainistiú díreach (ní bheidh an maoiniú nasctha leis an gcostas mar a leagtar amach in Airteagal 121(1)(e) den Rialachán Airgeadais athbhreithnithe) agus ní bheidh cómhaoiniú náisiúnta ag teastáil ina leith.

Cuirtear pointe nua isteach in Airteagal 15 chun a mhíniú gur gá faisnéis faoi ath-leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta ar thacaíocht le haghaidh athchóiriú struchtúrach, gur gá an fhaisnéis sin a bheith sna comhaontuithe comhpháirtíochta freisin.

Moltar Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhodhnú chun go mbeidh na Ballstáit in ann an cúlchiste feidhmíochta a leithdháileadh i bpáirt nó ina iomláine ar cheann acu seo a leanas:

a.    cláir agus tosaíochtaí a bhfuil a ngarspriocanna bainte amach acu i gcomhréir le mír 2 go mír 7 faoin gcreat feidhmíochta atá i bhfeidhm faoi láthair,

b.    tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha.

Áirítear na módúlachtaí i dtaca le tacaíocht le haghaidh athchóiriú struchtúrach a lorg sa mhír nua 8 a chuirtear isteach in Airteagal 22.

In Airteagal 23a den Rialachán seo, moltar sásra nua cistiúcháin maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha i bhfoirm maoiniú nach bhfuil nasctha le costas. San Airteagal sin, tá na rialacha maidir le gealltanais athchóiriúcháin a bhunú agus na coinníollacha le haghaidh íocaíocht amach na tacaíochta leis na Ballstáit a luaithe agus a chomhlíontar na gealltanais athchóiriúcháin arna gcomhaontú.

Soiléirítear sa leasú ar Airteagal 91 go bhféadfar an cúlchiste feidhmíochta nó an pháirt de a áirítear sna suimeanna foriomlána do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), do Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus don Chiste Comhtháthaithe a leithdháileadh ar thacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha dá dtagraítear in Airteagal 23a.

2017/0336 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha sna Ballstáit

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal 175 agus Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún 2 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Óir cuidíonn rialachas eacnamaíoch an Aontais chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann tacú leis na gealltanais athchóiriúcháin arna ndéanamh ag na Ballstát chun moltaí ábhartha ón gComhairle a chur chun feidhme, nó chun cur le tionchar chistí an bheartais comhtháthaithe ar an bhfás agus ar an iomaíochas mar chineál sonrach tacaíochta arna cur chun feidhme sa bhainistiú díreach. 

(2)Chun na hathchóirithe arna ndéanamh ag na Ballstáit i gcomhthéacs phróiseas an rialachais eacnamaíoch a éascú, is gá an fhéidearthacht a bheith ann an cúlchiste feidhmíochta arna bhunú le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 1303/2013 3 a leithdháileadh i bpáirt nó ina iomláine, chun tacú leis na gealltanais athchóiriúcháin arna ndéanamh ag na Ballstáit.

(3)    Aon ath-leithdháileadh arna dhéanamh ón gcúlchiste feidhmíochta, ba cheart é a bheith faoi réir chomhlíonadh na ngealltanas maidir le hathchóirithe a chur chun feidhme arna sainaithint i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do chur chun feidhme na nathchóirithe struchtúracha is mó a mheastar a chuideoidh le hathléimneacht na ngeilleagar intíre agus a mbeidh éifeachtaí iarmharta dearfacha acu ar na Ballstáit eile. Orthu sin, tá athchóirithe sna margaí táirgí agus sna margaí saothair, athchóirithe cánach, forbairt margaí caipitil, athchóirithe chun an timpeallacht ghnó a fheabhsú mar aon le hinfheistíocht i gcaipiteal daonna agus in athchóirithe ar an riarachán poiblí. 

(4)Is iomchuí do na Ballstáit tacar mionsonraithe beart a mholadh d'fhonn athchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme ar cheart garspriocanna agus spriocanna a bheith mar chuid díobh, agus amchlár trí bliana ar a mhéad.

(5)Ba cheart an tacaíocht le haghaidh gealltanais athchóiriúcháin a bheith i bhfoirm maoiniú nach bhfuil nasctha le costas, dá dtagraítear in Airteagal 121(1)(e) de Rialachán (AE) ... [An Rialachán Airgeadais leasaithe] faoi chuimsiú an bhainistithe dhírigh. Ba cheart an tsuim arna leithdháileadh ar chur chun feidhme na nathchóirithe struchtúracha a bheith comhréireach le cineál agus tábhacht an athchóirithe, agus ba cheart di an tacaíocht a thugann an tAontas cheana féin d'athchóirithe struchtúracha a chomhlánú.

(6)Ba cheart an nós imeachta maidir le bunú na ngealltanas sin, ábhar na ngealltanas agus na forálacha is infheidhme maidir leis an gcineál sonrach tacaíochta sin a shainiú.

(7)Chun gur féidir na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go prapúil, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar seo a leanas:

1.    In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

"Leagtar síos leis an Rialachán seo na comhrialacha is infheidhme maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), le Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), a oibríonn faoi chomhchreat ("Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa" – ). Leagtar síos leis freisin na forálacha atá riachtanach chun éifeachtacht Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus a gcomhordú le chéile agus le hionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú, agus na rialacha maidir le húsáid an chúlchiste feidhmíochta chun tacú leis na hathchóirithe struchtúracha arna sainaithint i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Déantar na comhrialacha is infheidhme maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a leagan amach i gCuid a Dó. Déantar na rialacha is infheidhme maidir le húsáid i bpáirt nó ina iomláine an chúlchiste feidhmíochta chun tacú leis na hathchóirithe struchtúracha a leagan amach in Airteagal 23a."

2.    In Airteagal 2 cuirtear pointe 40 leis:

"ciallaíonn "athchóirithe struchtúracha" athchóirithe arna sainaithint le linn phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 2a de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le faireachas ar riochtaí buiséadacha, agus faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú."

3.    In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (7):

   “7. Déanfar an chuid de bhuiséad an Aontais arna leithdháileadh ar Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a chur chun feidhme faoi chuimsiú an bhainistithe comhroinnte idir na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 62 den Rialachán Airgeadais, cé is moite de mhéid na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe arna aistriú chuig an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 92(6) den Rialachán seo, de ghníomhaíochtaí nuálacha ar thionscnamh an Choimisiúin faoi Airteagal 8 de Rialachán CFRE, de chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin agus de thacaíocht le haghaidh bainistiú díreach faoi Rialachán CEMI agus d'úsáid an chúlchiste feidhmíochta ag na Cistí chun tacú le hathchóirithe struchtúracha i gcomhréir le hAirteagal 23a."

4.    In Airteagal 15, cuirtear pointe (viii) le pointe (a) de mhír (1):

   "(viii) faisnéis maidir le hath-leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta arna úsáid i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 22(1a)," 

5.    In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

   "Beidh 6 % de na hacmhainní a leithdháilfear ar CFRE, ar CSE agus ar an gCiste Comhtháthaithe faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh Fáis agus Post dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 89(2) den Rialachán seo, agus a leithdháilfear freisin ar CETFT agus ar bhearta arna maoiniú faoi chuimsiú an bhainistithe comhroinnte i gcomhréir le Rialachán CEMI, ina chúlchiste feidhmíochta a bhunófar sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus i gcláir agus a leithdháilfear ar thosaíochtaí sonracha , i gcás CFRE, CSE agus an Ciste Comhtháthaithe chun tacú le hathchóirithe struchtúracha, i gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán seo."

6.    In Airteagal 22, cuirtear an mhír (1a) seo a leanas leis:

"1a. Féadfaidh Ballstát a chinneadh an cúlchiste feidhmíochta a úsáid i bpáirt nó ina iomláine do cheann amháin acu seo a leanas:

(a)cláir agus tosaíochtaí a bhfuil a ngarspriocanna bainte amach acu i gcomhréir le mír 2 go 7; nó

(b)support for structural reforms, on the basis of reform commitments implemented in accordance with paragraph 8 and Article 23a.

   In Airteagal 22, cuirtear an mhír (8) seo a leanas leis:

“8. Beidh ag gabháil le cinneadh ó Bhallstát an cúlchiste feidhmíochta a úsáid i bpáirt nó ina iomláine chun tacú le hathchóirithe struchtúracha de bhun mhír (1a), togra maidir le gealltanais athchóiriúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 23a, agus togra maidir leis an gcúlchiste feidhmíochta i bpáirt nó ina iomláine, a ath-leithdháileadh trí leasú a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 16(4) agus Airteagal 30(3)."

7.    Cuirtear Airteagal 23a nua isteach:

"Tacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha ar bhonn gealltanais athchóiriúcháin i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh"

1. Maidir le Ballstát a roghnaíonn an cúlchiste feidhmíochta a ath-leithdháileadh i bpáirt nó ina iomláine faoi phointe (b) d'Airteagal 22(1a), molfaidh sé don Choimisiún tacar mionsonraithe beart is iomchuí maidir le hathchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme i gcomhréir le dlí an Aontais. Áireofar sa mholadh sin gealltanais athchóiriúcháin ina mbeidh garspriocanna agus spriocanna chun na bearta athchóiriúcháin a chur chun feidhme, agus amchlár trí bliana ar a mhéad.

2. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an togra. Féadfaidh sé barúlacha a thabhairt nó faisnéis bhreise a lorg. Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis bhreise a iarrtar agus déanfaidh sé athbhreithniú ar na gealltanais athchóiriúcháin arna iarraidh sin air.

3. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, ina leagfar amach na gealltanais athchóiriúcháin atá le cur chun feidhme ag an mBallstát, agus an tsuim arna leithdháileadh ón gcúlchiste feidhmíochta chun tacú leo. Beidh an tsuim sin comhréireach le cineál agus tábhacht an athchóirithe agus comhlánóidh sí bearta nó oibríochtaí eile a mbíonn cistí an Aontais ag tacú leo.

4. Is i bhfoirm maoiniú nach bhfuil nasctha le costas dá dtagraítear in Airteagal 121 (1)(e) den Rialachán Airgeadais a bheidh tacaíocht na mBallstát le haghaidh athchóirithe struchtúracha faoin Airteagal seo, bainisteofar í i gcomhréir leis na rialacha maidir le bainistiú díreach a leagtar amach sa Rialachán sin, agus ní bheidh cómhaoiniú náisiúnta ag teastáil ina leith. Níl feidhm ag Caibidil 1 de Theideal II ná ag Teideal III go Teideal IX de Chuid a Dó den Rialachán seo.

5. Leagfar síos sa chinneadh dá dtagraítear i mír 3 go níocfar an tacaíocht ina hiomláine a luaithe agus atá an gealltanas athchóiriúcháin curtha chun feidhme ina iomláine ag an mBallstát.

6. Tabharfaidh an Ballstát tuairisc rialta, faoi chuimsiú shásraí an tSeimeastair Eorpaigh, ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtaca leis an ngealltanas athchóiriúcháin a bhaint amach. Leagfar síos na módúlachtaí agus an tamchlár don tuairisciú sa chinneadh dá dtagraítear i mír 4.

8.    In Airteagal 91, cuirtear an mhír seo a leanas leis: 

“4. Féadfar an cúlchiste feidhmíochta ar fad nó an pháirt de a áirítear sna suimeanna a leagtar amach in Airteagal 91 agus Airteagal 92 a leithdháileadh ar thacaíocht le haghaidh athchóirithe struchtúracha dá dtagraítear in Airteagal 23a arna iarraidh sin do Bhallstát faoi Airteagal 22(8)."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO C, , lch. .
(2)    IO C, , lch. .
(3)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 320
Top