EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0720

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos bearta maidir le hardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach)

COM/2022/720 final

An Bhruiséil,18.11.2022

COM(2022) 720 final

2022/0379(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos bearta maidir le hardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach)

{SEC(2022) 720 final} - {SWD(2022) 720 final} - {SWD(2022) 721 final} - {SWD(2022) 722 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Cúiseanna agus cuspóirí leis an togra

Tá an meabhrán míniúcháin seo ag gabháil leis an togra le haghaidh Rialacháin lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (‘an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach’).

Tá claochlú digiteach na riarachán poiblí i measc phríomhthosaíochtaí na deacáide, agus tá na Ballstáit ag infheistiú go mór sa digitiú a riaracháin phoiblí. Agus na seirbhísí a sholáthraíonn earnáil phoiblí an Aontais á gcur ar fáil ar bhonn digiteach níos nó agus níos mó, áfach, ní leor a leibhéal idir-inoibritheachta go fóill.

Le hidir-inoibritheacht is féidir le heagraíochtaí idirghníomhú i dtreo spriocanna comhthairbhiúla. Baineann sé le comhroinnt faisnéise agus eolais idir eagraíochtaí trí na próisis ghnó a dtacaíonn siad leo, trí shonraí a mhalartú idir a líonra agus a gcórais faisnéise. Áirithítear le hidir-inoibritheacht gur féidir sonraí a mhalartú gan stró.

In amanna nuair a bhíonn próisis uathoibrithe agus nuair a thagann teicneolaíochtaí digiteacha chun bheith ina gcuid de riaracháin phoiblí, tá sé ríthábhachtach go leanfaidh riaracháin phoiblí de bheith in ann cumarsáid a dhéanamh lena chéile. Is gné thábhachtach í an idir-inoibritheacht chun sprioc den sórt sin a bhaint amach. Ní féidir é sin a áirithiú trí mhodhanna teicniúla amháin. Tá gá le comhaontuithe agus próisis bhunaithe idir eagraíochtaí éagsúla, tuairiscí sonraí ailínithe, dlíthe a cheadaíonn do na malartuithe sonraí sin agus comhar fadtéarmach struchtúrtha. Tá ardleibhéal idir-inoibritheachta do sheirbhísí digiteacha na hearnála poiblí riachtanach don mhargadh aonair digiteach.

Léiríonn eispéireas phaindéim COVID‑19 go gcabhraíonn réitigh idir-inoibritheacha chun a áirithiú gur féidir le saoránaigh an Aontais a gceart chun saorghluaiseachta a leagtar síos sna Conarthaí a fheidhmiú. Tá tionchar tábhachtach ag idir-inoibritheacht na hearnála poiblí freisin ar an gceart chun saorghluaiseachta earraí agus seirbhísí a leagtar síos sna Conarthaí, toisc gur féidir le nósanna imeachta riaracháin a bheith ina gconstaicí suntasacha, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’).

Ina theannta sin, is toisc ríthábhachtach í an idir-inoibritheacht maidir leis na rioscaí cibearshlándála atá ag dul i méid agus atá os comhair an Aontais agus na mBallstát a mhaolú. Sa lá atá inniu ann is spriocanna rialta cibirionsaithe iad na riaracháin phoiblí.

Dá bhrí sin, ní hamháin gur saincheist theicniúil í an idir-inoibritheacht ach is gá gníomhaíocht a dhéanamh ina leith i roinnt réimsí. Áirítear leo sin:

a áirithiú nach gcuirfidh na creataí dlíthiúla faoina noibríonn eagraíochtaí éagsúla bac ar sholáthar seirbhísí poiblí gan uaim idir Ballstáit agus laistigh de Bhallstáit (idir-inoibritheacht dhlíthiúil);

comhordú éifeachtach idir comhlachtaí éagsúla na hearnála poiblí ar gach leibhéal rialtais maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar (idir-inoibritheacht na heagraíochta); agus

a áirithiú go ndéantar formáid agus brí na sonraí agus na faisnéise malartaithe a chaomhnú agus a thuiscint in aon mhalartuithe idir páirtithe (idir-inoibritheacht shéimeantach).

Leis an idir-inoibritheacht optamach san earnáil phoiblí, glactar le hardleibhéal idir-inoibritheachta lena n‑éascaítear malartú sonraí níos éifeachtaí agus níos sláine chun seirbhísí poiblí gan uaim a sholáthar. Mar thoradh ar leibhéal íseal idir-inoibritheachta, bíonn ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí déileáil le hualach riaracháin neamhriachtanach agus le costais mhéadaithe do lucht riaracháin phoiblí. Trí idir-inoibritheacht na hearnála poiblí a neartú, soláthraítear deiseanna suntasacha don nuálaíocht, pleanáil níos fearr chun cinn (e.g. i ngéarchéimeanna) agus ceannas teicneolaíochta feabhsaithe an Aontais. Ba cheart don mhéid idir-inoibritheachta is fearr timpeallacht shoiléir chobhsaí a leagan síos d’fhorbairt réitigh idir-inoibritheacha éagsúla.

Is réamhriachtanas é idir-inoibritheacht trasteorann a rialáil chun gnéithe reatha uile an Mhargaidh Aonair Dhigitigh a fhorbairt tuilleadh agus a chur i gcrích.

Is iad cuspóirí sonracha an tionscnaimh seo:

1.cur chuige comhsheasmhach, daonlárnach de chuid an Aontais a áirithiú maidir le hidir-inoibritheacht ó cheapadh beartas go cur chun feidhme beartas;

2.struchtúr rialachais idir-inoibritheachta a bhunú a bheidh ceaptha chun cur ar a gcumas do riaracháin phoiblí ó gach leibhéal agus ó gach earnáil, chomh maith le páirtithe leasmhara príobháideacha, oibriú le chéile – le sainordú soiléir chun teacht ar chomhaontú maidir le réitigh chomhroinnte idir-inoibritheachta (e.g. creataí, sonraíochtaí oscailte, caighdeáin oscailte, feidhmchláir, nó treoirlínte);

3.éiceachóras de réitigh idir-inoibritheachta a chomhchruthú dearnáil phoiblí an Aontais, ionas gur féidir le riaracháin phoiblí ar gach leibhéal san Aontas agus le páirtithe leasmhara eile cur leis na réitigh sin agus iad a athúsáid, a bheith nuálach le chéile agus luach poiblí a chruthú.

Diarr na Ballstáit féin cur chuige comhleanúnach, sineirgeach, bunaithe ar riachtanais agus comhoibritheach ar an ábhar maidir le cur chun feidhme beartas dfhonn an timpeallacht rialála sa réimse a fhás. I measc na samplaí tá an Tairseach Aonair Dhigiteach (arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 , an córas teicniúil aonuaire trína ndéanfaidh na Ballstáit fianaise thábhachtach a mhalartú sa todhchaí) a shuiteáil; agus an creat dlíthiúil atá le teacht maidir le Céannacht Dhigiteach 2 , lena mbunaítear creat chun idir-inoibritheacht scéimeanna náisiúnta ríomhshainaitheantais nó na spásanna sonraí atá le teacht 3 . Is é an córas teicniúil aon uaire an chéad spás sonraí trasearnála idir seirbhísí poiblí bunaithe ar shraith iomlán de rialacha sonracha idir-inoibritheachta.

Ós rud é go mbaineann idir-inoibritheacht in earnáil phoiblí an Aontais le heintitis éagsúla a chomhoibríonn chun cuspóir aontaithe a bhaint amach, ní féidir cur chuige comhchoiteann maidir le hidir-inoibritheacht a chur chun feidhme ach amháin laistigh de chreat dinimiciúil atá aonchineálach, agus an choimhdeacht á hurramú go hiomlán, agus trí rialachas comhdhlúite il-leibhéil.

Is léir ó thaithí na mBallstát, nuair a chuirtear bunús dlí ar fáil do chreataí idir-inoibritheachta, go dtagann na creataí sin chun cinn mar phointe tagartha comhsheasmhach comhleanúnach lena gcuirtear idir-inoibritheacht chun tosaigh i mbreithnithe beartais. Mar shampla, féachtar leis an Togra le haghaidh Creat Eorpach Idir-inoibritheachta do Chathracha Chliste agus do Phobail Chliste (EIF4SCC 4 ) treoir a thabhairt maidir le cur chuige áitiúil agus réigiúnach i leith na hidir-inoibritheachta, lena gcomhlánaítear ceann foriomlán an Chreata Eorpaigh Idir-inoibritheachta (CEI).

Áirítear sa togra samhail shoiléir rialachais a dtacaíonn na Ballstáit agus institiúidí an Aontais léi, agus deiseanna á gcur ar fáil do pháirtithe leasmhara lena dtuairimí agus a n‑ábhair imní a chur in iúl trí phróisis gan uaim a chuireann le réitigh idir-inoibritheachta chomhchoiteanna. Thabharfadh beartas idir-inoibritheachta éifeachtach príomhthionscnaimh le chéile laistigh d’ailtireacht nuálach chomhoibríoch agus bheadh sé oscailte, slán agus uilechuimsitheach, agus thacódh sé le cur i bhfeidhm na dtorthaí.

Foráiltear leis an togra seo i leith forbairt Creat Eorpach Idir-inoibritheachta. Leagann CEI béim ar an tábhacht atá ann gach leibhéal idir-inoibritheachta éagsúil – teicniúil, séimeantach, eagraíochtúil agus dlíthiúil – a mheas chomh maith le cur chuige comhtháite rialachais a ghlacadh. Cuireadh an CEI le chéile den chéad uair in 2004. Foilsíodh an leagan is déanaí de mar Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – An Creat Eorpach Idir-inoibritheachta – Straitéis Cur Chun Feidhme COM/2017/0134 final. Déanann an Fhaireachlann Náisiúnta um Chreat Idir-inoibritheachta faireachán ar chur chun feidhme CEI ar leibhéal na mBallstát.

Ina theannta sin, cruthaítear leis an togra seo an réamhleagan chun an t‑eolas riachtanach a fhorbairt maidir le hidir-inoibritheacht agus na réitigh faoi seach, go háirithe i measc saineolaithe neamh‑TF. Tá an chumarsáid agus an comhar ina ngnéithe bunriachtanacha den idir-inoibritheacht. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach ionad ilfhreastail a bheith ann chun tacú le malartú iontaofa faisnéise – an tairseach Eoraip Idir-inoibritheach.

Ba cheart a dhíriú, trí idir-inoibritheacht trasteorann san earnáil phoiblí a rialáil, ar leas an phobail i réitigh oscailte agus atá dírithe ar an úsáideoir a chosaint. Tacaíonn foinse oscailte le réitigh idir-inoibritheachta a chur i bhfeidhm. Cuireann foinse oscailte ar a gcumas do na húsáideoirí measúnú agus iniúchadh gníomhach a dhéanamh ar idir-inoibritheacht agus ar shlándáil na réiteach, dá bhrí sin tá úsáideoirí neamhspleách maidir lena mbonneagair féin a bhainistiú gan srianta seachtracha. Ina theannta sin, maolaíonn sé rioscaí cibearshlándála agus éifeachtaí gaibhnithe ar féidir aghaidh a thabhairt orthu trí chur chuige comhordaithe idir na Ballstáit a úsáid. Áirithítear leis freisin an toradh is fearr ar infheistíocht dairgead poiblí, rud a fhágann gur féidir tógáil ar na réitigh atá ann cheana agus iad a fheabhsú in ionad tosú ón tús. Bíonn éifeachtaí dearfacha iarmhartacha ag straitéisí foinse oscailte ar éifeachtúlacht nuálaíochta agus ar an Aontas 5 . Is cumasóirí idir-inoibritheachta iad foinse oscailte agus caighdeáin oscailte le chéile. Sa chomhthéacs sin, tá tábhacht ar leith ag baint le ceist na gceadúnas cuí. Glacadh an leagan reatha de Cheadúnas Poiblí an Aontais Eorpaigh (EUPL), gnáthcheadúnas foinse oscailte (leagan 1.2), le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/863 ón gCoimisiún.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Níl réimse beartais idir-inoibritheacht na hearnála poiblí clúdaithe faoi láthair i bhforálacha beartais ceangailteacha uileghabhálacha an Aontais. Mar sin féin, tá an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta neamhcheangailteach ina chuid de bheartas idir-inoibritheachta an Aontais ó bhí 2010 ann. Ghlac an Coimisiún an leagan is déanaí de i dTeachtaireacht in 2017 6 . Cuireadh an creat chun feidhme le sraith ionstraimí maoinithe agus leanann siad ag tacú leis, amhail an clár ISA2 agus, sa lá atá inniu ann, an Clár don Eoraip Dhigiteach 7 . Aithníodh an gá le gníomhaíocht níos láidre sa réimse agus fógraíodh gníomhaíocht nithiúil i dteachtaireachtaí éagsúla ón gCoimisiún, ina measc an Teachtaireacht ‘Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú’ 8 , ‘an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí’ 9 , ‘Bacainní ar an Margadh Aonair a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu’ 10 agus ‘Digitiú an cheartais san Aontas Eorpach - Bosca uirlisí deiseanna’ 11 . Leis an togra seo, cuirtear chun feidhme freisin an sainordú polaitiúil a thug an Chomhairle Eorpach inar iarradh creat idir-inoibritheachta cumhachtaithe 12 . Cuireadh an tionscnamh seo san áireamh i gclár oibre an Choimisiúin do 2022 (iarscríbhinn REFIT) 13 . Chun comhsheasmhacht leis an gcur chuige a glacadh roimhe seo a áirithiú, tógann an togra seo ar na meastóireachtaí ar an gcreat beartais neamhcheangailteach idir CEI 14 agus an clár ISA2 15 .

Ina theannta sin, tá forbairtí ag dul ar aghaidh go tapa i réimse beartais níos leithne na seirbhísí poiblí digiteacha. I measc na samplaí tá an Rialachán um Thairseach Dhigiteach Aonair 16 , an Treoir maidir le sonraí oscailte 17 agus an Gníomh um Rialachas Sonraí 18  agus tá tograí reachtacha nua á bplé ag reachtóir an Aontais, e.g., Rialachán maidir le Céannacht Dhigiteach Eorpach 19 agus an Gníomh um Shonraí 20 . Ós rud é go mbaineann na tionscnaimh sin cheana féin le gnéithe éagsúla den gheilleagar digiteach agus le hidir-inoibritheacht, is é is aidhm don Ghníomh um Eoraip Idir-inoibritheach atá beartaithe cur chun feidhme idir-inoibritheach codanna áirithe de na beartais sin, a bhaineann le gné na seirbhísí poiblí, a éascú trí chomhar struchtúrtha leanúnach a bhunú maidir le hidir-inoibritheacht trasteorann na hearnála poiblí.

Cé go bhfuil forálacha i gcuid de na tionscnaimh bheartais seo atá ábhartha chun seirbhísí poiblí a sholáthar (e.g. na rialacha maidir le hathúsáid sonraí cosanta atá i seilbh an phobail a leagtar amach sa Ghníomh um Rialachas Sonraí), ní bhunaítear creat cuimsitheach leo maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras líonra agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú san Aontas. Comhaontóidh na Ballstáit agus institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais, mar sholáthraithe córas gréasán agus faisnéise le haghaidh seirbhísí poiblí, réitigh idir-inoibritheachta trí chomhlacht tiomnaithe rialachais (an ‘Bord um Eoraip Idir-inoibritheach’). Leis an gcomhdhearcadh comhaontaithe seo, féadfar dlús a chur le cur chun feidhme agus tacú leis, go háirithe cur chun feidhme beartas digiteach eile – lena n‑áirithítear idir-inoibritheacht idir na bearta cur chun feidhme éagsúla. Ina theannta sin, áiritheoidh ‘Comhphobal Eoraip Idir-inoibritheach’ comhordú agus comhar idir páirtithe leasmhara ábhartha i réimse na hidir-inoibritheachta trasteorann agus tras‑earnála. Leis an ‘Tairseach Eorpach Idir-inoibritheach’, soláthrófar pointe aonair iontrála d’fhaisnéis a bhaineann le hidir-inoibritheacht na gcóras ábhartha gréasán agus faisnéise, agus leis an ‘gClár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach’, leagfar síos clár oibre straitéiseach uile-Aontais do mholtaí le haghaidh tuilleadh feabhsuithe, lena n‑áirítear bearta tacaíochta comhordaithe.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is gá nasc a bhunú idir na sonraíochtaí uile le haghaidh gréasán earnála poiblí agus córais faisnéise atá éigeantach le húsáid i ngeall ar fhorálacha dhlí an Aontais. Ní bhíonn sé éasca i gcónaí d’údaráis cur chun feidhme na ceanglais a fháil san fhormáid is déanaí atá inléite ag meaisín. Ba cheart phointe iontrála aonair agus rialacha soiléire maidir le meiteashonraí na faisnéise sin a bheith ina gcuidiú le comhlachtaí na hearnála poiblí le go mbeidh a mbonneagair seirbhíse digití i gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana agus na rialacha a bheidh ann amach anseo. Is toisc thábhachtach eile é seo maidir leis an gcaoi a gcabhróidh an togra le beartais a chomhtháthú ar fud earnálacha éagsúla an Aontais agus a gcur chun feidhme comhleanúnach a chothú.

Go deimhin, mar gheall ar chineál trasghearrtha na hidir-inoibritheachta, tá sé mar aidhm leis an togra seo freisin cur chun feidhme digiteach na mbeartas earnála a éascú. Tá an togra deartha chun ceanglais idir-inoibritheachta cheangailteacha a thagann salach ar bheartais earnála lena leagtar síos ceanglais maidir le córais ghréasáin agus faisnéise do sheirbhísí poiblí a sheachaint, nó vice versa. Ina ionad sin, tá sé mar aidhm leis an measúnú idir-inoibritheachta glacadh réiteach idir-inoibritheach a chothú i bhforbairtí beartas amach anseo, agus feabhas a chur ar chomhsheasmhacht leis an mbeartas atá beartaithe agus le beartais eile, go háirithe a gcur chun feidhme digiteach i gcoitinne.

Tá idir-inoibritheacht na gcóras gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú tábhachtach freisin chun na spriocanna a bhaineann leis an earnáil phoiblí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Compás Digiteach 2030: an chonair i dtreo na Deacáide Digití’ 21 . Cé go bhféadfaí seirbhísí poiblí a sheachadann 100 % ar líne a bhaint amach trí réitigh neamhinoibritheacha, cuideoidh úsáid réiteach idir-inoibritheach le riaracháin phoiblí an sprioc a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Tá an rud céanna fíor i gcás na spriocanna earnála, mar shampla i réimse na sláinte. Féadfaidh na sonraí a bhailítear faoin Rialachán seo cur leis an bhfaireachán ábhartha freisin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo.

I gcomhréir le hAirteagal 170 CFAE, chun cuidiú leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 26 agus 174 CFAE a bhaint amach, agus chun é a chur ar a gcumas do dhaoine san Aontas, d’oibreoirí eacnamaíocha agus do phobail réigiúnacha agus áitiúla na buntáistí iomlána a bhaint as limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chur ar bun, ba cheart don Aontas cuidiú le gréasáin thras‑Eorpacha a chruthú agus a fhorbairt, go háirithe i réimse na teileachumarsáide. Faoi chuimsiú córas margaí oscailte agus iomaíocha, beidh sé d’aidhm le gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh tacú le hidirnascadh agus le hidir-inoibritheacht trasteorann na ngréasán náisiúnta agus iad a spreagadh agus an rochtain ar na gréasáin sin a fheabhsú.

De bhun Airteagal 171(1) CFAE, bunóidh an tAontas treoirlínte, sainaithneoidh sé tionscadail leasa choitinn agus cuirfidh sé chun feidhme aon bhearta is gá chun idir-inoibritheacht na ngréasán tras‑Eorpach a áirithiú. De bhun Airteagal 171(2), ‘déanfaidh na Ballstáit comhordú eatarthu féin, in idirchaidreamh leis an gCoimisiún, ar bheartais a dtabharfar fúthu ar an leibhéal náisiúnta a bhféadfaidh éifeacht shonraíoch a bheith acu’ ar an gcuspóir gréasáin thras‑Eorpacha a bhunú, agus ‘féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, aon tionscnamh fónta a ghlacadh chun an comhordú sin a chur chun cinn’.

Tá sé beartaithe leis an togra seo cur chuige comhleanúnach, daonlárnach a fhorbairt maidir le hidir-inoibritheacht trasteorann na gcóras gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú ó cheapadh beartas go cur chun feidhme beartas, mar aon le rialachas soiléir chun creataí idir-inoibritheachta comhroinnte, réitigh, treoirlínte agus sonraíochtaí a chuíchóiriú i gcomhthéacs seirbhísí poiblí digiteacha a sholáthar thar theorainneacha an Aontais.

Chuideodh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun feabhas a chur ar idir-inoibritheacht na hearnála poiblí – trí struchtúr rialachais a bhunú chun idir-inoibritheacht trasteorann córas gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú in earnáil phoiblí an Aontais – leis an margadh aonair a chomhtháthú tuilleadh, toisc go gcuireann sé deireadh le bacainní ar scaipeadh faisnéise laistigh den Aontas agus go gcothaíonn sé comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Le CFAE , tugtar inniúlacht don Aontas forálacha iomchuí a leagan síos chun gréasáin thras‑Eorpacha a bhunú agus a fhorbairt i réimsí na mbonneagar teileachumarsáide (Airteagal 170 CFAE) chun na críche sin.

Ó 1994, tá an bonn dlíthiúil sin agus an ceann a tháinig ina dhiaidh á núsáid ag an Aontas chun cláir mhaoinithe a chruthú chun tacú le réitigh idir-inoibritheachta a fhorbairt agus a scaipeadh do riaracháin phoiblí agus do ghnólachtaí agus bonneagair seirbhísí digiteacha trasteorann a chur ar bun 22 . Tá sé dearbhaithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go raibh bearta an Aontais a chuireann le ‘hidirmhalartú teileamaitice sonraí idir riaracháin sa Chomhphobal (IDA)’laistigh de raon feidhme na ngréasán trasEorpach don teileachumarsáid faoi Airteagal 129 de Chonradh CE 23 .

Dá bhrí sin, is é Airteagal 172 an bunús dlí iomchuí do ghníomhaíocht AE chun idir-inoibritheacht trasteorann na gcóras gréasáin agus faisnéise a chur chun cinn.

Chun cuidiú leis na gréasáin thras‑Eorpacha a bhunú agus a fhorbairt i ndáil leis na seirbhísí poiblí digiteacha a chuireann comhlachtaí na hearnála poiblí ar fáil, ní mór córas nua comhordaithe ar leibhéal an Aontais a chruthú a mbeidh róil agus sainorduithe soiléire aige. 

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar síos in Airteagal 5(3) CAE, ní féidir gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ach sa chás nach féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach go leormhaith as a stuaim féin agus, i ngeall ar scála nó ar éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, is gá cineál agus déine birt ar leith a mheaitseáil leis an bhfadhb arna sainaithint.

Ní féidir le Ballstát atá ag gníomhú leis féin bearta a thacaíonn le hidir-inoibritheacht trasteorann na hearnála poiblí ar fud an Aontais a bhaint amach agus teastaíonn comhordú ar leibhéal an Aontais. Mar gheall ar chineál an chomhair struchtúrtha ar fud an Aontais chun tacú le hidir-inoibritheacht na hearnála poiblí, is tasc é a bheidh le déanamh ar leibhéal an Aontais.

Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann na bearta sa togra seo thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach (an Margadh Aonair Digiteach a fhorbairt agus a chur i gcrích). Tugtar aghaidh sa togra ar na bacainní atá ann cheana ar sheirbhísí poiblí idir-inoibritheacha san Aontas Eorpach. Leagtar amach ann creat dlíthiúil chun réitigh idir-inoibritheachta oscailte a mholtar agus teicneolaíocht rialtais (‘GovTech’) a chomhroinnt agus a athúsáid chun tacú ar bhealach níos fearr le hidirnascadh na mbonneagar ábhartha. Leagtar amach sa togra freisin creat le haghaidh comhair lena gcuirtear ar chumas na n‑eintiteas poiblí ábhartha agus na n‑earnálacha éagsúla a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú ar leibhéal an Aontais. Tógann sé ar réitigh atá ann cheana a forbraíodh agus a cuireadh chun feidhme i bpáirt in eintitis phoiblí agus in earnálacha éagsúla le blianta beaga anuas, amhail CEI.

Sa ghearrthéarma, beidh costais le híoc ag an gCoimisiún as an togra seo agus é ag bunú an tsásra um chomhar struchtúrtha i measc lucht riaracháin san Aontas agus sna Ballstáit. San fhadtéarma, tabhóidh an Coimisiún costais chun rialachas idir-inoibritheachta a éascú agus chun treoir agus réitigh choiteanna a fhorbairt. Tabhóidh na Ballstáit costais chomh maith, i ndáil le réitigh chomhchoiteanna idir-inoibritheachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, bunaithe ar an treoir agus ar na huirlisí a éascaítear leis an sásra comhair. Dhéanfaí na costais sin a chúiteamh thar an bhfadtéarma leis na tairbhí a ghintear tríd an gcomhar feabhsaithe agus le forbairt, cur chun feidhme agus athúsáid comhbheart idir-inoibritheachta do sheirbhísí poiblí, rud a laghdódh dúbailt iarrachta agus ualaí neamhriachtanacha.

D’fhonn an t‑ualach maidir le tuairisciú rialála a íoslaghdú, tógfar an faireachán a oiread agus is féidir ar bhealaí agus ar bhonneagar tuairiscithe sonraí atá ann cheana, agus ar aisghabháil uathoibríoch sonraí.

Maidir le gnólachtaí agus baill an phobail, is dócha go dtiocfaidh laghdú ar na costais a bhaineann le hidirghníomhú le riaracháin phoiblí agus ar na costais a bhaineann le gnó a dhéanamh san Aontas Eorpach as an togra. 

An rogha ionstraime

Meastar gurb é Rialachán an ionstraim dlí is iomchuí chun creat a leagan amach don idir-inoibritheacht trasteorann san earnáil phoiblí san Aontas Eorpach. Le hinfheidhmeacht dhíreach Rialacháin i gcomhréir le hAirteagal 288 CFAE, beidh deimhneacht dhlíthiúil níos fearr ann trí shraith chomhchuibhithe de phríomhrialacha a thabhairt isteach, rud a chuirfidh le feidhmiú an Mhargaidh Aonair. Cruthófar leis an Rialachán sásra struchtúrtha comhair freisin.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Baintear leis sa measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo – i measc nithe eile – as an meastóireacht ar an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta (CEI) 24 , a rinneadh i ndiaidh a chéile agus a foilsíodh leis an togra seo. Is é príomhthoradh na meastóireachta gur féidir idir-inoibritheacht trasteorann a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí le bearta AE ná le gníomhaíocht náisiúnta nó fhonáisiúnta amháin. Tá roinnt moltaí de chuid CEI curtha chun feidhme go coincheapúil sna Ballstáit cheana féin. Bhí coinne leis go mbeadh na costais a bhaineann le creataí idir-inoibritheachta náisiúnta atá ailínithe le CEI a dhréachtú sách íseal. Mar sin féin, ní thacaíonn CEI reatha go leordhóthanach le cur chun feidhme praiticiúil seirbhísí poiblí digiteacha Eorpacha idir-inoibritheacha. Tá gá le sásra nua chun é a dhéanamh níos inghníomhaithe. Leagtar béim sa mheasúnú tionchair ar leith ar an ngá atá le: (i) rialachas feabhsaithe ar idir-inoibritheacht san Aontas Eorpach; (ii) rialacha atá níos coitianta agus a dfhéadfadh a bheith ina gceangal; agus (iii) beartais agus cláir mhaoinithe an Aontais a ailíniú ar bhealach níos fearr, go háirithe, le CEI.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tugtar achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin agus ar na príomhchonclúidí ar a bhfuil an togra seo bunaithe in Iarscríbhinn 2 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach. I measc na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin bhí comhairliúchán oscailte poiblí agus spriocdhírithe ar líne, ceardlanna le catagóirí éagsúla páirtithe leasmhara ábhartha, agus grúpaí saineolaithe arna mbunú ag an gCoimisiún.

Mheas na freagróirí go raibh brí leis na cuspóirí beachta a leagadh amach sa mheasúnú tionchair den chuid is mó, agus shonraigh siad go bhfuil go leor de na cuspóirí sin idirnasctha agus nach féidir iad a chur i gcrích ina n‑aonar.

D’aithin páirtithe leasmhara roinnt spriocanna breise, mar shampla: (i) caighdeáin agus treoirlínte áirithe a fhorbairt agus a chur chun cinn a d’fhéadfadh riaracháin phoiblí a stiúradh i dtreo idir-inoibritheacht trí dhearadh; (ii) bogadh i dtreo seirbhísí réamhghníomhacha agus féin‑cheannasacha; (iii) trédhearcacht a mhéadú tríd an bprionsabal “aon‑uaire” a chur i bhfeidhm; (iv) creat lena ndéantar faisnéis úsáideoirí a lárú; agus (v) béim a leagan ar luach na hidir-inoibritheachta do chearta sibhialta, ar rannpháirtíocht dhigiteach do chách, ar éagsúlacht agus ar dhaonlathas a dhéanamh den eolas poiblí.

Luaigh formhór na bpáirtithe leasmhara go sainráite an gá atá le caighdeáin agus sonraíochtaí atá comhaontaithe agus oscailte. Ina theannta sin, leagadh béim i gcuid acu ar an ngá atá le rannpháirtíocht níos comhordaithe na hearnála poiblí in eagraíochtaí um chaighdeánú. Bhí tuairimí comhchosúla ag formhór na bpáirtithe leasmhara maidir le roinnt na gcostas deartha a dhreasú i dtaca le réitigh atá furasta le húsáid, iontaofa agus slán (lena n‑áirítear idir páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha) agus maidir le comhroinnt agus athúsáid réiteach aibí, in‑athúsáidte, foinse oscailte idir-inoibritheach ar fud an Aontais a chothú do lucht riaracháin phoiblí. Luaigh siad freisin gur cheart treoir shoiléir a bheith ag gabháil le réitigh den sórt sin maidir le húsáid caighdeán oscailte agus foinse oscailte (lena n‑áirítear sainmhínithe soiléire), agus gur gá cúnamh teicniúil a chumhdach ar gach leibhéal (lena n‑áirítear acmhainní oiliúna ábhartha).

Ina theannta sin, d’iarr páirtithe leasmhara go ndéanfaí beartas idir-inoibritheachta níos praiticiúla agus níos comhsheasmhaí le beartais eile de chuid an Aontais tríd an smaoineamh ar chur chun feidhme tagartha a thabhairt chun tosaigh. Tá na cur chun feidhme sin ag gabháil le tograí beartais le ‘caighdeáin óir‘ neamhcheangailteacha maidir le conas a d’fhéadfadh cur chun feidhme idir-inoibritheach ar fud an leibhéil riaracháin oibriú agus a thaispeáint conas is féidir na tograí a chur chun feidhme.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinneadh an togra a chomhdhearadh leis an nGrúpa Saineolaithe maidir le hidir-inoibritheacht sheirbhísí poiblí na hEorpa. Mar chuid den phróiseas sin, d’eisigh an Grúpa Saineolaithe moltaí beartais don chéad bheartas idir-inoibritheachta Eorpach eile i mí Dheireadh Fómhair 2021 25 .

Rinneadh roinnt staidéir chun tacú leis an obair ar an tionscnamh. Ina measc sin, bhí:

Staidéar a thacaíonn leis an meastóireacht ar chur chun feidhme CEI 26 ;

Staidéar a thacaíonn leis an meastóireacht deiridh ar an gclár maidir le réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh (ISA2), an Coimisiún Eorpach 27 ;

Tuarascáil Theicniúil JRC – Cainníochtú na dTairbhí a ghabhann le hIdir-inoibritheacht Suíomhanna san Aontas Eorpach 28 .

Measúnú tionchair

Rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála scrúdú ar an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo an 19 Eanáir 2022. Thug an Bord tuairim dhearfach ach bhí roinnt agús léi. Sheol an Coimisiún na barúlacha sa leagan deiridh den Mheasúnú Tionchair (tá na sonraí ar fáil ina Iarscríbhinn 1).

Déantar comparáid sa mheasúnú tionchair idir trí rogha, mar aon leis an mbunlíne maidir le neamhghníomhú. 

Lorgaítear le Rogha 1 forbairt leanúnach de réir a chéile ar CEI. 

Le Rogha 2 coinnítear ar bun an creat deonach atá ann faoi láthair. Moltar léi gníomhaíocht reachtach lena ndírítear ar shásra um chomhar struchtúrach a fhorbairt le sainordú solúbtha chun forbairt agus cothabháil leanúnach na réiteach idir-inoibritheachta comhchoiteann comhaontaithe a áirithiú, chomh maith le tástáil choiteann agus tionscnaimh tacaíochta beartais fhócasaithe a chinneadh.

Cosúil le rogha 2, moltar gníomh reachtach i rogha 3, ach is forleithne an ghníomhaíocht atá beartaithe. Dírítear inti ar íoscheanglais idir-inoibritheachta Eorpacha is infheidhme go díreach a chumhdach sa dlí, a athbhreithneofaí trí chinntí cur chun feidhme.

De réir an mheasúnaithe ar na tionchair a mheastar a bheidh ann, ní rachaidh rogha 1 ná an bhunlíne i ngleic go héifeachtach leis na heasnaimh a léiríodh i meastóireacht CEI. Mar gheall ar dhreasachtaí comhair neamhleora, ní chomhlíonfaidh an dá dhreasacht sin ionchais pholaitiúla agus oibríochtúla na bpáirtithe leasmhara, go háirithe na Ballstáit. Is lú an seans go dtabharfaidh Rogha 3 tacaíocht pholaitiúil dá leithéid, mar gheall ar a raon feidhme leathan agus leibhéal ard íogaireachta i leith na coimhdeachta (e.g., a mhéid a bhaineann le córais leagáide an Aontais agus na mBallstát). Cé go meastar go mbeidh sé éifeachtach íoscheanglais idir-inoibritheachta is infheidhme go díreach a chumhdach i ndlí an Aontais, beidh sé ina nós imeachta fada, agus beidh costais agus iarrachtaí cur chun feidhme suntasacha ag teastáil ina leith. Dá bhrí sin, glactar leis nach bhfuil an oiread sin tionchair aige maidir le freagairt sholúbtha agus fhreagrúil a ráthú do riachtanais theicneolaíocha agus bheartais atá ag athrú go tapa.

Sainaithníodh sa mheasúnú tionchair rogha 2 mar an cás tosaíochta. Leis an gcinneadh sásra um chomhar struchtúrtha a chruthú, tá coinne leis go gcuirfear an chobhsaíocht agus an intuarthacht (dhlíthiúil) a theastaíonn ina leith ar fáil do na Ballstáit , agus ag an am céanna go mbeifear in ann an tsolúbthacht is gá a sholáthar chun leanúint de réitigh idir-inoibritheachta chomhroinnte a fhorbairt mar fhreagairt ar riachtanais bheartais atá ag athrú. Dírítear i Rogha 2 ar phróisis rannpháirtíochta a fhorbairt freisin. Baineann na próisis sin níos mó le dul chun cinn teicneolaíoch luathaithe. Ní bhaineann cur isteach leo a oiread céanna maidir leis an tionchar ar chórais leagáide, toisc nach sonraítear iontu go díreach ceanglais chomhoiriúnachta (íosta) sa dlí (mar a bheadh rogha 3). Go dtí seo, is lú an seans go dtabharfaidh Rogha 3 tacaíocht pholaitiúil dá leithéid, mar gheall ar a raon feidhme leathan agus leibhéal ard íogaireachta i leith na coimhdeachta (a mhéid a bhaineann le córais leagáide an Aontais agus na mBallstát go sonrach). Dá bhrí sin, glactar leis nach bhfuil an tionchar céanna ag rogha 2 maidir le freagairt sholúbtha agus fhreagrúil ar riachtanais theicneolaíocha agus bheartais atá ag athrú go tapa a ráthú. D’fhéadfadh rogha 3 a bheith mar thoradh de réir a chéile ar rogha 2 le himeacht ama.

Beartaítear rialachas idir-inoibritheachta trasteorann aontaithe de chuid an Aontais chun comhar ón mbun aníos agus úinéireacht ón mbarr anuas a chothú i measc príomhpháirtithe leasmhara sna Ballstáit, rud a mbeidh éiceachóras idir-inoibritheachta comhroinnte mar thoradh air. Éascaítear leis sin rannpháirtíocht luath i ndearadh beartas agus i sainaithint riachtanas infheistíochta (comh‑)infheistíocht agus feabhsaítear leis cur chun feidhme beartas. Ar na cúiseanna sin, ní bagairt í rogha 2 ach cumasóir don choimhdeacht, ag treisiú athléimneacht na riarachán poiblí agus an cheannasacht dhigiteach. 

Ar deireadh, is dócha go mbeidh tionchar teoranta ach dearfach ag na bearta a mholtar i rogha 2 ar spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach. D’fhéadfadh idir-inoibritheacht trasteorann níos mó an t‑ualach a shábháil trí, mar shampla, tuairisciú ar astaíochtaí carbóin a éascú, úsáid as páipéar a laghdú, agus an taisteal fisiciúil a theastaíonn ó úsáideoirí seirbhísí poiblí a theorannú le linn nósanna imeachta riaracháin a chur i gcrích.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leis na bearta beartais a mholtar faoin rogha thosaíochta tugtar aghaidh ar na cuspóirí a bhaineann le simpliú agus le hualach riaracháin laghdaithe, i gcomhréir le clár rialála agus feidhmíochta (REFIT) an Choimisiúin 29 . Aithníodh a chumas chun an tualach riaracháin sa réimse beartais a laghdú leis an Ardán ‘Réidh don Todhchaí’, a chuir san áireamh é ina chlár oibre bliantúil le haghaidh 2022 30

Is é cuspóir an tionscnaimh seo an t‑ualach riaracháin a laghdú, ní hamháin i réimse an bheartais ach ar fud earnálacha agus leibhéil riaracháin freisin. Trí idir-inoibritheacht fheabhsaithe, féachtar le costais riaracháin agus comhlíonta a laghdú do riaracháin phoiblí. Bainfidh daoine den phobal tairbhe as an ualach riaracháin laghdaithe, agus beidh siad in ann brath go hiomlán ar sheirbhísí poiblí digiteacha agus ar an tsaoráid chun sonraí a bhfuil an luach dlíthiúil céanna acu a mhalartú go slán. Bainfidh gnólachtaí – go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) – tairbhe freisin as coigilteas i gcostais chomhlíonta.

Cearta bunúsacha

Leis an togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (CFR) 31 .

Tá an togra ábhartha go háirithe maidir leis an gceart chun dea-riaracháin, mar a shainítear in Airteagal 41 de CFR. Dearbhaítear leis an Airteagal seo gur ceart bunúsach é an dea-riarachán trína fhógairt go bhfuil sé de cheart ag gach duine go mbainisteodh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh, nó na Ballstáit a chuireann dlí an Aontais i bhfeidhm, a gcuid gnóthaí ar bhealach áirithe. Leagtar béim sa cheart chun dea-riaracháin ar an tábhacht atá le trédhearcacht i ré dhigiteach atá ag éirí níos digití. Féadfar féachaint ar thionscnaimh chun tacú le digitiú seirbhísí poiblí mar éascaitheoirí maidir leis an gceart chun dea-riaracháin, ós rud é go bhfuil an cumas acu dálaí riachtanacha dea-riaracháin a éascú, amhail neodracht, neamhchlaontacht, agus cumas réamhmheastacháin chun ábhair éagsúla a réiteach 32 . Ní fhéadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith i gceist le haon ghníomhaíocht bhreise maidir le CEI ná leis na prionsabail ghaolmhara, amhail Airteagal 8 CFR, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, nó amhail Airteagal 22, CFR, an ceart chun éagsúlacht teanga. I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta i mboscaí gainimh rialála, áirítear coimircí iomchuí cosanta sonraí sa togra chun a áirithiú go gcosnaítear cearta na nábhar sonraí.

I dtéarmaí an chirt chun gluaiseacht gan bhac san Aontas, léirítear i dtaighde ar FBManna go ndéanann nósanna imeachta riaracháin neamh idir-inoibrithe dochar do chumas FBManna na hEorpa gnó a dhéanamh i dtíortha eile den Aontas, agus chun feidhmiú go solúbtha agus gan agús sa Mhargadh Aonair 33 .

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Leagtar amach sa togra seo roinnt oibleagáidí atá ar an gCoimisiún, go háirithe, an sásra a chruthú le haghaidh comhar struchtúrtha idir riaracháin san Aontas agus sna Ballstáit, chun tacú leis an rialachas idir-inoibritheachta sin agus chun treoir agus réitigh choiteanna a fhorbairt. Ina chláir oibre 2021 agus 2022, tá an clár Eoraip Dhigiteach ag tacú cheana féin le gníomhaíochtaí gaolmhara an Choimisiúin le ranníocaíocht tosaigh de bheagnach EUR 50 milliún.

Bunaítear leis an Rialachán ionstraim chun infheistíochtaí poiblí i réitigh idir-inoibritheachta a chomhordú: an Clár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach. Ba cheart dó forléargas cuimsitheach a thabhairt ar na féidearthachtaí maoinithe agus ar na gealltanais um maoiniú sa réimse sin, agus é ag comhtháthú, i gcás inarb iomchuí , cláir ghaolmhara an Aontais, amhail clár Eoraip Dhigiteach, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, na saoráidí Téarnaimh agus athléimneachta, an Ionstraim Tacaíochta Teicniúil, clár Fís Eorpach agus cláir eile.

Chun oibleagáidí an Choimisiúin a leagtar amach sa togra dlí seo a chomhlíonadh, beidh thart ar EUR 130 milliún de dhíth idir 2023 agus 2027 agus déanfar iad a mhaoiniú go díreach ón gclár Eoraip Dhigiteach. Tá na ranníocaíochtaí ón gclár Eoraip Dhigiteach amhail ó 2023 faoi réir infhaighteacht na leithreasaí dá bhforáiltear i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais, tar éis don údarás buiséadach an buiséad sin a ghlacadh, agus breithneofar iad i gcomhthéacs ullmhú na gclár oibre faoi seach. Beidh leithdháiltí deiridh faoi réir tús áite a thabhairt do mhaoiniú i gcomhthéacs an nós imeachta glactha agus comhaontú an Choiste Cláir faoi seach a bheith mar bhonn agus mar thaca aige. Meastar go bhfuil costais riaracháin an Choimisiúin thart ar EUR 2.822 milliún, lena n‑áirítear costais acmhainní daonna agus caiteachais riaracháin eile.

Sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra seo leagtar amach na himpleachtaí buiséadacha, daonna agus riaracháin.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Nuair a ghlacfar é, déanfar faireachán agus meastóireacht ar thionchair an Rialacháin de réir na dTreoirlínte um Rialáil Níos Fearr. Tógfar na táscairí an oiread agus is féidir ar shonraí monatóireachta atá ann cheana féin agus b’fhearr aisghabháil sonraí uathoibrithe thar cheistneoirí. Beidh sonraí faireacháin agus tuarascálacha meastóireachta ar fáil don phobal agus tabharfar sonraí iontu maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo. 

Mar gur mhol go leor páirtithe leasmhara bearta níos láidre fós a thabhairt isteach, tabharfar aghaidh ar an gceist maidir leis an mbeartas a neartú tuilleadh i meastóireachtaí amach anseo.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I gCaibidil 1 (Forálacha Ginearálta) leagtar amach ábhar an Rialacháin, is é sin chun gréasán Eorpach a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht trasteorann córas gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú san Aontas agus chun tacú le hidirnaisc idir seirbhísí poiblí náisiúnta atá ann cheana. Leagtar amach ann freisin na sainmhínithe a úsáidtear sna hionstraimí éagsúla. Chun cur chuige comhtháite de chuid an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht trasteorann a chothú agus chun tacú le trí phríomhcholún an togra (réitigh idir-inoibritheachta, tionscadail tacaíochta chun beartas a chur chun feidhme agus creat rialachais) leagtar amach sa Chaibidil seo dhá oibleagáid ghinearálta do chomhlachtaí na hearnála poiblí: measúnuithe idir-inoibritheachta a dhéanamh agus tacú le comhroinnt réiteach idir-inoibritheachta laistigh den earnáil phoiblí. (Airteagail 1-4)

Rialaítear le Caibidil 2 (Réitigh Idir-inoibritheachta) bunú réiteach idir-inoibritheachta faoi threoir an méid seo a leanas: (1) An Creat Eorpach Idir-inoibritheachta (CEI) agus a chreataí idir-inoibritheachta speisialaithe, (2) Sonraíochtaí agus feidhmeanna Eoraip Idir-inoibritheach a mholann an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach. Cuirtear a n‑úsáid thar earnálacha agus leibhéil riaracháin, cé nach bhfuil siad éigeantach, chun cinn trí na sásraí a leagtar amach i gCaibidil 1 agus i gCaibidil 3. (Airteagail 5-8)

I gCaibidil 3 (Bearta Tacaíochta) leagtar amach bearta atá ceaptha chun tacú le comhlachtaí na hearnála poiblí i gcur chun feidhme an Rialacháin. Sna rialacha lena rialaítear tacaíocht do chur chun feidhme beartas, leagtar amach próiseas maidir leis an gcaoi ar féidir le tionscadail bheartais uile-Aontais a dhéantar faoin Rialachán tacú le cur chun feidhme bheartas idir-inoibritheacha dhigiteacha AE ar fud earnáil phoiblí an Aontais. Leagtar amach sa chaibidil seo freisin bearta nuálaíochta chun forbairt agus glacadh réiteach idir-inoibritheachta nuálach a chur chun cinn i gcomhthéacsanna trasteorann. Chun tacú le timpeallachtaí tástála le haghaidh réitigh idir-inoibritheachta nuálacha, is féidir leis an gCoimisiún bunú bosca gainimh rialála a údarú. Ba cheart na boscaí gainimh a bheith ina rannchuidiú ní hamháin le réitigh theicneolaíocha nua ach le foghlaim rialála freisin. Feabhsaítear le córas piarmheasúnaithe agus forálacha maidir le hoiliúint dhá chumasóir idir-inoibritheachta thábhachtacha eile: scileanna agus malartú eolais. (Airteagail 9-14)

I gCaibidil 4 (Rialachas) leagtar amach creat rialachais il-leibhéil. Sa ‘Bhord um Eoraip Idir-inoibritheach’, leagann na Ballstáit agus ionadaithe ón gCoimisiún, ó Choiste na Réigiún agus ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa amach na spriocanna straitéiseacha agus comhaontaíonn siad bearta nithiúla ar féidir leo idir-inoibritheacht trasteorann a gcóras gréasáin agus faisnéise a chuireann seirbhísí poiblí digiteacha ar fáil nó a bhainistíonn iad a áirithiú. Faigheann an Bord tacaíocht ó phobal (an ‘Comhphobal Eoraip Idir-inoibritheach’) a chumasóidh rannpháirtíocht ó shraith níos leithne páirtithe leasmhara agus a bhfuil baint aige leis na cúraimí oibríochtúla a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin. (Airteagail 15-18)

I gCaibidil 5 (Pleanáil, faireachán agus meastóireacht) leagtar amach sásra comhtháite pleanála (‘Clár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach’). Cé nach meastar sásra maoinithe sa Rialachán, bunaítear leis gné nua den phleanáil ar fud chláir maoinithe éagsúla an Aontais agus tionscnaimh náisiúnta ábhartha chun sineirgí na mbeart digitithe san earnáil phoiblí a mhéadú. Leagtar amach sa Chaibidil freisin na rialacha maidir le faireachán agus meastóireacht. (Airteagal 19-20)

I gCaibidil 6 (Forálacha Deiridh) leagtar amach na costais a bhaineann leis an togra seo agus an dáta a tháinig sé i bhfeidhm. (Airteagail 21-22)

2022/0379 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos bearta maidir le hardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 34 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 35 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is gá forbairt idir-inoibritheachta trasteorann na gcóras gréasáin agus faisnéise a neartú, ar córais iad a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú san Aontas, lena gcuirtear ar a gcumas do na riarachán poiblí san Aontas oibriú i gcomhar agus chun go bhfeidhmeoidh seirbhísí poiblí thar theorainneacha. Ba cheart creat dlíthiúil soiléir a chur in ionad an chomhair neamhfhoirmiúil atá ann cheana chun idir-inoibritheacht a chumasú ar fud leibhéil riaracháin agus earnálacha éagsúla agus chun sreabha trasteorann rianúla sonraí le haghaidh seirbhísí digiteacha fíor-Eorpacha a áirithiú. Tá tionchar tábhachtach ag idir-inoibritheacht na hearnála poiblí ar an gceart chun saorghluaiseachta earraí agus seirbhísí a leagtar síos sna Conarthaí, toisc gur féidir le nósanna imeachta riaracháin a bheith ina gconstaicí suntasacha, go háirithe dfhiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’).

(2)Tá na Ballstáit agus an tAontas ag obair le breis agus fiche bliain anuas chun tacú le nuachóiriú na riarachán trí chlaochlú digiteach agus chun na hidirnaisc dhoimhne a chothú is gá le haghaidh spás digiteach fíor-Eorpach. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Compás Digiteach 2030: sa chonair Eorpach i dtreo na Deacáide Digití (COM(2021) 118) leagtar béim ar an ngá atá le dlús a chur le digitiú seirbhísí poiblí faoi 2030, lena náirítear trí idir-inoibritheacht a áirithiú ar gach leibhéal rialtais agus ar sheirbhísí poiblí. Ina theannta sin, le paindéim COVID19 méadaíodh luas an digitithe, rud a chuir brú ar riaracháin phoiblí dul in oiriúint don pharaidím ar líne, lena náirítear do sheirbhísí poiblí digiteacha trasteorann, chomh maith le húsáid níos cliste agus níos glaise teicneolaíochtaí i gcomhréir leis na spriocanna aeráide agus fuinnimh atá leagtha síos sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 . Is é is aidhm leis an Rialachán seo rannchuidiú go mór leis na spriocanna sin de chuid an Aontais trí chreat comhair struchtúrtha a chruthú maidir le hidir-inoibritheacht trasteorann idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun tacú le seirbhísí poiblí digiteacha a bhunú.

(3)Ba cheart sainordú dlíthiúil a bheith ag an struchtúr rialachais nua chun forbairt bhreise an Chreata Idir-inoibritheachta Eorpaigh agus réitigh chomhchoiteanna idir-inoibritheachta eile, amhail sonraíochtaí agus iarratais, a chur chun cinn. Ina theannta sin, leis an Rialachán seo ba cheart lipéad soiléir so-aitheanta a bhunú le haghaidh roinnt réitigh idir-inoibritheachta. Ba cheart cruthú pobail bheoga maidir le réitigh teicneolaíochta rialtais oscailte a chothú.

(4)Tá sé ar mhaithe le cur chuige comhleanúnach i leith idir-inoibritheacht earnála poiblí ar fud an Aontais, tacú le prionsabal an dea-riaracháin agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta agus neamhphearsanta laistigh den Aontas, na rialacha a ailíniú a mhéid is féidir do gach earnáil phoiblí ar rialaitheoirí nó soláthraithe iad de chórais gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a éascú nó a bhainistiú. Áirítear leis an gcuspóir sin an Coimisiún agus institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, chomh maith le comhlachtaí earnála poiblí sna Ballstáit ar gach leibhéal riaracháin: na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Tá ról tábhachtach ag gníomhaireachtaí maidir le sonraí tuairiscithe rialála a bhailiú ó na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart idir-inoibritheacht na sonraí sin - a bheith laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo freisin.

(5)Ní trí bhonneagair dhigiteacha láraithe na mBallstát amháin a chumasaítear idir-inoibritheacht trasteorann , ach trí chur chuige díláraithe freisin. Is é atá i gceist leis sin sonraí a mhalartú idir riaracháin áitiúla i mBallstáit éagsúla gan gá dul trí nóid náisiúnta. Dá bhrí sin, is gá réitigh chomhchoiteanna a fhorbairt ar gach leibhéal riaracháin, go háirithe i gcás sonraíochtaí agus feidhmeanna. Tá méadú ag teacht ar na riachtanais maidir le hidirghníomhaíochtaí digiteacha trasteorann, lena néilítear réitigh ar féidir na riachtanais sin a chomhlíonadh leo. Leis an Rialachán seo, tá sé beartaithe an malartú a éascú agus a spreagadh idir gach leibhéal riaracháin.

(6)Éascaítear leis an idir-inoibritheacht cur chun feidhme rathúil beartas, go háirithe na cinn a bhfuil ceangal láidir acu leis an earnáil phoiblí, amhail ceartas agus gnóthaí baile, cánachas agus custaim, iompar, sláinte, talmhaíocht, agus i rialáil gnó agus tionscail chomh maith. Mar sin féin, tá baint ag peirspictíocht idir-inoibritheachta earnála aonair leis an riosca go mbeidh glacadh réiteach éagsúil nó neamhchomhoiriúnach ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal earnála ina chúis le bacainní nua leictreonacha lena gcuirtear bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus ar na saoirsí gluaiseachta a bhaineann leis sin. Ina theannta sin, tá baol ann go mbainfeadh sé an bonn doscailteacht agus diomaíochas na margaí agus de sheachadadh seirbhísí leasa ghinearálta do ghnólachtaí agus do shaoránaigh. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo feidhm a bheith aige maidir le hidir-inoibritheacht idir na hearnálacha agus ba cheart dó í a éascú agus a spreagadh.

(7)Chun deireadh a chur le hilroinnt sa tírdhreach idir-inoibritheachta san Aontas, ba cheart comhthuiscint ar idir-inoibritheacht san Aontas agus cur chuige iomlánaíoch maidir le réitigh idir-inoibritheachta a chur chun cinn. Ba cheart comhar struchtúrtha a bheith ina thacú le bearta lena ndéanfaí beartas atá réidh don digitiú agus idir-inoibritheach a chur chun cinn mar réamhshocrú. Ina theannta sin, ba cheart dó bainistiú éifeachtúil agus úsáid éifeachtúil bhonneagair na seirbhíse digití agus a gcomhpháirteanna faoi seach ag comhlachtaí na hearnála poiblí agus ag institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a chur chun cinn, lena néascaítear bunú agus oibriú seirbhísí poiblí trasteorann atá inbhuanaithe agus éifeachtúil.

(8)Chun seirbhísí poiblí idir-inoibritheacha trasteorann a chur ar bun, tá sé tábhachtach díriú ar an ngné idir-inoibritheachta a luaithe is féidir sa phróiseas ceaptha beartas. Dá bhrí sin, ba cheart don eagraíocht phoiblí a bhfuil sé i gceist aici gréasán nua a bhunú nó córas faisnéise atá ann cheana a mhionathrú agus ar dócha go mbeadh tionchar mór aige ar an idir-inoibritheacht trasteorann, measúnú idir-inoibritheachta a dhéanamh. Tá gá leis an measúnú sin chun méid agus tionchar na gníomhaíochta atá beartaithe a thuiscint agus chun bearta a mholadh chun tairbhe a bhaint as agus aghaidh a thabhairt ar na costais a dfhéadfadh a bheith ann. Ba cheart an measúnú idir-inoibritheachta a bheith sainordaitheach i dtrí chás, a bhfuil raon feidhme acu maidir le hidir-inoibritheacht trasteorann. I gcásanna eile, féadfaidh na heagraíochtaí poiblí cinneadh a dhéanamh an measúnú idir-inoibritheachta a dhéanamh ar bhonn deonach.

(9)Faoi roinnt cúinsí, dfhéadfadh sé a bheith réasúnta agus eacnamaíoch freisin go mbeadh ábhar an mheasúnaithe idir-inoibritheachta níos leithne ná tionscadal amháin, mar shampla, i gcás go bhfuil sé beartaithe ag comhlachtaí na hearnála poiblí feidhmchlár coiteann nó ardán coiteann próiseála a bhunú. Sna cásanna eile sin, ba cheart an measúnú a spreagadh go láidir chun dul níos faide ná cuspóirí Eoraip Idir-inoibritheach a bhaint amach i dtreo idir-inoibritheacht a chur chun feidhme ina niomláine.

(10)Ba cheart don mheasúnú idir-inoibritheachta meastóireacht a dhéanamh ar thionchair na gníomhaíochta atá beartaithe ar idir-inoibritheacht trasteorann an chórais gréasáin agus faisnéise, mar shampla, ag féachaint do bhunús, do chineál, do shainiúlacht agus do scála na dtionchar sin. Ba cheart toradh an mheasúnaithe sin a chur san áireamh agus na bearta iomchuí á gcinneadh, ar bearta iad is gá a dhéanamh chun an córas gréasáin agus faisnéise a bhunú nó a mhodhnú.

(11)Ba cheart don eagraíocht toradh an mheasúnaithe idir-inoibritheachta a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin. Níor cheart dochar a dhéanamh do chearta maoine intleachtúla ná do rúin trádála mar gheall ar fhoilsiú an toraidh, agus ba cheart an foilsiú sin a shrianadh i gcás ina bhfuil bonn cirt leis ar fhorais an oird phoiblí nó ar fhorais na slándála poiblí. Ba cheart forálacha dhlí an Aontais lena rialaítear cosaint sonraí pearsanta a urramú.

(12)Comhlachtaí san earnáil phoiblí nó institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a lorgaíonn réitigh idir-inoibritheachta, ba cheart iad a bheith in ann an cód bogearraí a úsáideann siad, mar aon leis an doiciméadacht ghaolmhar a iarraidh ar chomhlachtaí eile san earnáil phoiblí nó ar institiúidí eile, ar chomhlachtaí nó ar ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais. Ba cheart comhroinnt a bheith ina réamhshocrú i measc chomhlachtaí na hearnála poiblí, agus i measc institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais agus theastódh bonn cirt dlí chun gan comhroinnt a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart do chomhlachtaí nó dinstitiúidí na hearnála poiblí, do chomhlachtaí nó do ghníomhaireachtaí an Aontais féachaint le réitigh idir-inoibritheachta nua a fhorbairt nó le réitigh idir-inoibritheachta atá ann cheana a fhorbairt tuilleadh.

(13)Nuair a chinneann riaracháin phoiblí a gcuid réiteach a roinnt le riaracháin phoiblí eile nó leis an bpobal, beidh siad ag gníomhú ar mhaithe le leas an phobail. Tá sé seo níos ábhartha fós i gcás teicneolaíochtaí nuálacha: mar shampla, déantar algartaim trédhearcach le cód oscailte agus éascaítear iniúchtaí neamhspleácha agus bloic thógála inatáirgthe. Le comhroinnt réiteach idir-inoibritheachta idir an riarachán poiblí, ba cheart na coinníollacha a leagan síos maidir le héiceachóras oscailte teicneolaíochtaí digiteacha a bhaint amach don earnáil phoiblí ar féidir leis buntáistí iomadúla a bhaint as.

(14)Agus faireachán á dhéanamh ar chomhsheasmhacht na réiteach idir-inoibritheachta agus bearta á moladh acu chun a áirithiú go mbeidh siad comhoiriúnach le réitigh atá ann cheana agus a bhfuil comhchuspóir leo, ba cheart don Bhord um Eoraip Idir-inoibritheach dífheidhmeacht na réiteach a chur san áireamh.

(15)Ba cheart comhleanúnachas a áirithiú leis an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta (CEI) agus ba cheart é a aithint mar phointe aonair tagartha do chur chuige an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht san earnáil seirbhíse poiblí. Ina theannta sin, is féidir le creataí idir-inoibritheachta speisialaithe aghaidh a thabhairt ar riachtanais earnálacha, fearann nó leibhéal riaracháin ar leith. Ba cheart cur chun feidhme réiteach idir-inoibritheachta a chur chun cinn tuilleadh leis na creataí sin.

(16)Ba cheart don Bhord Idir-inoibritheachta don Eoraip CEI a fhorbairt, agus é comhdhéanta, i measc nithe eile, dionadaí amháin ó gach Ballstát. Dá bhrí sin, tá na Ballstáit, in éineacht leis na comhaltaí eile den Bhord um Eoraip Idir-inoibritheach, i gcroílár fhorbairt agus chur chun feidhme CEI. Ba cheart don Bhord um Eoraip Idir-inoibritheach CEI a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá.

(17)Ba cheart aird a thabhairt sna creataí idir-inoibritheachta speisialaithe a eisítear chun an CEI a chomhlánú ar na creataí earnáilsonracha atá ann cheana a forbraíodh ar leibhéal an Aontais (mar shampla in earnáil na sláinte), agus níor cheart dóibh dochar a dhéanamh do na creataí sin.

(18)Tá an idir-inoibritheacht nasctha go díreach le húsáid sonraíochtaí agus caighdeán oscailte, agus braitheann sí ar úsáid na sonraíochtaí agus na gcaighdeán sin. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú dearnáil phoiblí an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le sonraíochtaí oscailte leathana agus réitigh eile chun idir-inoibritheacht a chur chun cinn. Ba cheart foráil a dhéanamh sa chreat nua i leith próiseas soiléir maidir le réitigh idir-inoibritheachta chomhaontaithe den sórt sin a bhunú agus a chur chun cinn amach anseo. Sa tslí sin, beidh guth níos comhordaithe ag an earnáil phoiblí chun riachtanais na hearnála poiblí agus luachanna an phobail a chur in iúl i bplé níos leithne.

(19)Dfhéadfadh go leor sonraíochtaí idir-inoibritheachta arna núsáid ag an earnáil phoiblí teacht ó reachtaíocht an Aontais atá ann cheana. Dá bhrí sin, is gá nasc a bhunú idir na sonraíochtaí uile le haghaidh córais gréasáin agus faisnéise earnála poiblí atá éigeantach le húsáid i ngeall ar fhorálacha dhlí an Aontais. Ní bhíonn sé éasca i gcónaí dúdaráis cur chun feidhme na ceanglais a fháil san fhormáid is déanaí atá inléite ag meaisín. Ba cheart phointe iontrála aonair agus rialacha soiléire maidir le meiteashonraí na faisnéise sin a bheith ina gcuidiú le comhlachtaí na hearnála poiblí le go mbeidh a mbonneagair seirbhíse digití i gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana agus na rialacha a bheidh ann amach anseo.

(20)Ba cheart tairseach Eoraip Idir-inoibritheach a bhunú mar phointe tagartha le haghaidh réitigh idir-inoibritheachta, eolais agus pobail. Ba cheart an tairseach a bhunú mar nasc le foinsí oifigiúla ach ba cheart í a bheith oscailte freisin dionchur ón gComhphobal Eoraip Idir-inoibritheach.

(21)Ba cheart don tairseach Eoraip Idir-inoibritheacht réitigh a leanann prionsabail CEI maidir le hoscailteacht, neodracht theicniúil agus slándáil a chur ar fáil go poiblí. Toisc go gcuireann foinse oscailte ar a gcumas do na húsáideoirí idir-inoibritheacht agus slándáil na réiteach a mheasúnú agus a iniúchadh go gníomhach, tá sé tábhachtach go dtacódh foinse oscailte le réitigh idir-inoibritheachta a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, ba cheart úsáid ceadúnas foinse oscailte a chur chun cinn chun soiléireacht dhlíthiúil agus aitheantas frithpháirteach ceadúnas sna Ballstáit a fheabhsú.

(22)I láthair na huaire, braitheann seirbhísí poiblí an Aontais a sheachadtar nó a bhainistítear go leictreonach ar sholáthraithe nach bhfuil soláthraithe de chuid an Aontais iad i mórán cásanna . Is é leas straitéiseach an Aontais é a áirithiú go gcoinneoidh sé agus go bhforbróidh sé cumais bhunriachtanacha teicneolaíochta chun a Mhargadh Aonair Digiteach a áirithiú, agus go háirithe chun seachadadh seirbhísí a áirithiú, córais ghréasáin agus faisnéise ríthábhachtacha a chosaint, agus seirbhísí bunriachtanacha a sholáthar. Ba cheart do na bearta tacaíochta idir-inoibritheacha don Eoraip cuidiú le riaracháin phoiblí forbairt agus a bheith in ann dúshláin nua agus réimsí nua a ionchorprú i gcomhthéacsanna trasteorann. Is coinníoll é an idir-inoibritheacht chun bac teicneolaíochta a sheachaint, chun forbairtí teicniúla a chumasú agus chun nuálaíocht a chothú, rud ba cheart cur le hiomaíochas domhanda an Aontais.

(23)Is gá sásra rialachais a bhunú chun cur chun feidhme bheartais an Aontais a éascú ar bhealach a áirithíonn idir-inoibritheacht. Ba cheart don sásra sin díriú ar chur chun feidhme digiteach idir-inoibritheach na mbeartas a luaithe a ghlacfar iad i bhfoirm gníomhartha dlíthiúla agus ba cheart dó feidhmiú chun réitigh idir-inoibritheachta a fhorbairt ar bhonn riachtanais. Ba cheart an sásra a bheith ina thacú le comhlachtaí na hearnála poiblí. Ba cheart don Bhord um Eoraip Idir-inoibritheach tionscadail chun tacú le comhlachtaí na hearnála poiblí a mholadh don Choimisiún ar cheart dó cinneadh a dhéanamh an gcuirfear na tionscadail ar bun.

(24)Ba cheart do gach leibhéal rialtais oibriú i gcomhar le heagraíochtaí nuálacha, bíodh cuideachtaí nó eintitis neamhbhrabúis i gceist, maidir le dearadh, forbairt agus oibriú seirbhísí poiblí. Trí thacaíocht a thabhairt do chomhar GovTech idir comhlachtaí na hearnála poiblí agus gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna nuálacha, nó do chomhar a bhaineann go príomha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta (‘CivicTech’), is bealach éifeachtach é chun tacú le nuálaíocht san earnáil phoiblí agus chun úsáid uirlisí idir-inoibritheachta a chur chun cinn ar fud chomhpháirtithe na hearnála príobháidí agus poiblí. Trí thacú le héiceachóras oscailte GovTech san Aontas lena dtugtar gníomhaithe poiblí agus príobháideacha le chéile thar theorainneacha agus lena mbaineann leibhéil éagsúla rialtais, ba cheart go bhféadfaí tionscnaimh nuálacha a fhorbairt a bheadh dírithe ar réitigh idir-inoibritheachta GovTech a dhearadh agus a úsáid.

(25)Chabhródh sé le comhlachtaí earnála poiblí an Aontais rioscaí, ceachtanna a foghlaimíodh, agus torthaí na dtionscadal tacaíochta nuálaíochta a roinnt dá ndéanfaí riachtanais agus tosaíochtaí comhroinnte nuálaíochta a shainaithint agus iarrachtaí comhchoiteanna GovTech agus turgnaimh thar theorainneacha a dhíriú. Bainfidh na gníomhaíochtaí sin go háirithe le taisce fhlúirseach an Aontais dfhiontair nuathionscanta teicneolaíochta agus FBManna. Ba cheart do thionscadail rathúla GovTech agus do bhearta nuálaíochta arna dtriail ar bhonn píolótach ag bearta nuálaíochta idir-inoibritheacha na hEorpa cabhrú le huirlisí GovTech a mhéadú agus le réitigh idir-inoibritheachta maidir le hathúsáid.

(26)Dfhéadfadh bearta tacaíochta idir-inoibritheacha na hEorpa leas a bhaint as spásanna sábháilte le haghaidh turgnamh, agus nuáil fhreagrach agus comhtháthú beart agus coimircí iomchuí um maolú riosca á náirithiú. Chun creat dlíthiúil a áirithiú atá oiriúnach don nuálaíocht, atá oiriúnaithe don todhchaí agus atá athléimneach ó thaobh cur isteach de, ba cheart é a bheith ina fhéidearthacht tionscadail den sórt sin a reáchtáil i mboscaí gainimh rialála. Ba cheart boscaí gainimh rialála a bheith comhdhéanta de thimpeallachtaí tástála rialaithe a éascóidh forbairt agus tástáil réiteach nuálach sula ndéanfar na córais sin a chomhtháthú i gcórais gréasáin agus faisnéise na hearnála poiblí. Ba cheart gurb iad cuspóirí na mboscaí gainimh rialála an idir-inoibritheacht a chothú trí réitigh nuálacha trí thimpeallacht tástála agus turgnaimh rialaithe a bhunú dfhonn a áirithiú go mbeidh na réitigh ailínithe leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais agus le reachtaíocht ábhartha eile de chuid na mBallstát, dfhonn deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do nuálaithe agus do na húdaráis inniúla agus dfhonn cur leis an tuiscint atá acu ar na deiseanna, ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn agus ar thionchair na réiteach nua. Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach ar fud an Aontais agus barainneachtaí scála a áirithiú, is iomchuí rialacha comhchoiteanna a bhunú maidir le cur chun feidhme na mboscaí gainimh rialála. Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fíneáil riaracháin a ghearradh ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Aontais i gcomhthéacs boscaí gainimh rialála, de réir Airteagal 58(2)(i) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(27)Is gá bunús dlí a chur ar fáil dúsáid sonraí pearsanta a bhailítear chun críocha eile chun réitigh áirithe idir-inoibritheachta a fhorbairt ar mhaithe le leas an phobail laistigh den bhosca gainimh rialála, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Níl sé mar aidhm leis an Rialachán seo ach bunús dlí a bhunú chun sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs an bhosca gainimh rialála. Bheadh bunús dlí ar leith ag teastáil le haghaidh aon phróiseáil eile a dhéanfaí ar shonraí pearsanta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(28)Is gá tuiscint mhaith ar shaincheisteanna idir-inoibritheachta a fheabhsú , go háirithe i measc fostaithe na hearnála poiblí. Tá oiliúint leanúnach ríthábhachtach maidir leis sin agus ba cheart comhar agus comhordú ar an ábhar a spreagadh. Taobh amuigh doiliúint maidir le réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach, ba cheart, i gcás inarb iomchuí, go gcuirfeadh gach tionscnamh le roinnt na taithí agus na réiteach agus le malartú agus cur chun cinn na ndea-chleachtas, nó go mbeadh comhroinnt na taithí agus na réiteach agus na ndea-chleachtas ag gabháil leo.

(29)Chun sásra a chruthú lena néascófar próiseas foghlama frithpháirtí i measc chomhlachtaí na hearnála poiblí agus lena roinnfear na dea-chleachtais maidir le réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach a chur chun feidhme ar fud na mBallstát, is gá forálacha a leagan síos maidir leis an bpróiseas piarmheasúnú. Is féidir le piarmheasúnuithe a bheith ina gcúis le léargas agus moltaí luachmhara don chomhlacht earnála poiblí a bhfuil an measúnú á dhéanamh orthu. Go sonrach, dfhéadfaidís rannchuidiú le haistriú teicneolaíochtaí, uirlisí, beart agus próiseas i measc na mBallstát a bhfuil baint acu leis an piarmheasúnú a éascú. Cruthaítear leo conair fheidhmiúil chun dea-chleachtais a roinnt ar fud na mBallstát le leibhéil éagsúla aibíochta san idir-inoibritheacht. Chun a áirithiú go mbeidh an próiseas piarmheasúnaithe costéifeachtach agus go mbeidh torthaí soiléire dochloíte orthu, agus chun ualach nach bhfuil gá leis a sheachaint, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir leis an leagan amach is fearr do piarmheasúnuithe den sórt sin, bunaithe ar na riachtanais a bhíonn ann agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord um Eoraip Idir-inoibritheach.

(30)Chun treo ginearálta chomhar struchtúrtha Eoraip Idir-inoibritheach a fhorbairt maidir le hidirnascadh digiteach agus idir-inoibritheacht seirbhísí poiblí san Aontas a chur chun cinn agus chun maoirseacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí straitéiseacha agus cur chun feidhme a bhaineann leis an gcomhar sin, ba cheart Bord um Eoraip Idir-inoibritheach a bhunú. Ba cheart don Bhord um Eoraip Idir-inoibritheach a chúraimí a chur i gcrích agus na rialacha idir-inoibritheachta trasteorann agus na réitigh atá curtha chun feidhme cheana féin do chórais gréasáin agus faisnéise atá ann cheana á gcur san áireamh aige.

(31)Cruthaíodh comhlachtaí áirithe de chuid an Aontais amhail an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí agus an Bord Eorpach um Spás Sonraí agus cuireadh de chúram orthu an idir-inoibritheacht a fheabhsú, i measc nithe eile, ar leibhéal fearainn nó ar leibhéal beartais ar leith. Mar sin féin, níl sé de chúram ar aon cheann de na comhlachtaí atá ann cheana aghaidh a thabhairt ar idir-inoibritheacht trasteorann na gcóras gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú san Aontas. Ba cheart don Bhord um Eoraip Idir-inoibritheach a chruthaítear leis an Rialachán seo tacú le comhlachtaí an Aontais atá ag obair ar bheartais, ar ghníomhaíochtaí agus ar réitigh atá ábhartha maidir le hidir-inoibritheacht trasteorann na gcóras gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú san Aontas, mar shampla maidir le hidir-inoibritheacht shéimeantach le haghaidh iniomparthacht agus athinúsáidteacht spásanna sonraí. Ba cheart don Bhord um Eoraip Idir-inoibritheach idirghníomhú le gach comhlacht ábhartha de chuid an Aontais chun ailíniú agus sineirgí a áirithiú idir gníomhaíochtaí idir-inoibritheachta trasteorann agus gníomhaíochtaí earnáilsonracha.

(32)Chun idir-inoibritheacht na hearnála poiblí a chur chun cinn, tá gá le rannpháirtíocht ghníomhach agus tiomantas na saineolaithe, na gcleachtóirí, na núsáideoirí agus an phobail a bhfuil suim acu ann ar fud na mBallstát, ar fud gach leibhéal rialtais agus go mbeidh baint ag comhpháirtithe idirnáisiúnta agus ag an earnáil phríobháideach leo. Dfhonn leas a bhaint as a saineolas, as a scileanna agus as a gcruthaitheacht, ba cheart fóram oscailte tiomnaithe (an ‘Comhphobal Eoraip Idir-inoibritheach’) a bheith ina chuidiú le haiseolas , riachtanais úsáideoirí agus riachtanais oibríochtúla a bhailiú, réimsí le haghaidh tuilleadh forbartha a shainaithint agus a bheith ina chuidiú le tosaíochtaí le haghaidh chomhar idir-inoibritheachta an Aontais a scópáil. Ba cheart do bhunú an Chomhphobail Eoraip Idir-inoibritheach tacú leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na príomhghníomhaithe straitéiseacha agus oibríochtúla le haghaidh idir-inoibritheachta.

(33)Ba cheart don Chomhphobal Eoraip Idir-inoibritheach a bheith oscailte do gach páirtí leasmhar. Ba cheart rochtain ar an gComhphobal Eoraip Idir-inoibritheach a dhéanamh chomh héasca agus is féidir, trí bhacainní agus ualaí neamhriachtanacha a sheachaint. Ba cheart don Chomhphobal Eoraip Idir-inoibritheach páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha, lena náirítear saoránaigh, a bhfuil saineolas acu i réimse na hidir-inoibritheachta trasteorann a thabhairt le chéile, ar páirtithe leasmhara iad a thagann ó chúlraí éagsúla, amhail an saol acadúil, an taighde agus an nuálaíocht, an toideachas, an caighdeánú agus sonraíochtaí, gnólachtaí agus an riarachán poiblí ar gach leibhéal.

(34)Chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtúil na rialacha a leagtar síos leis an Rialachán seo, is gá údaráis náisiúnta inniúla a ainmniú a bheidh freagrach as a chur chun feidhme. I gcuid mhaith de na Ballstáit, tá ról ag roinnt eintiteas cheana féin maidir le hidir-inoibritheacht a fhorbairt. Dfhéadfadh na heintitis sin ról údaráis inniúil a ghabháil chucu féin i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(35)Ba cheart Clár Oibre Eoraip Idir-inoibritheach a bhunú mar phríomhionstraim an Aontais chun infheistíochtaí poiblí i réitigh idir-inoibritheachta a chomhordú. Ba cheart dó forléargas cuimsitheach a thabhairt ar na féidearthachtaí maoinithe agus ar na gealltanais um maoiniú sa réimse sin, agus, i gcás inarb iomchuí, na cláir ghaolmhara de chuid an Aontais á gcomhtháthú. Ba cheart an méid sin a bheith ina rannchuidiú le sineirgí a chruthú agus le tacaíocht airgeadais a bhaineann le forbairt idir-inoibritheachta a chomhordú agus le dúbláil a sheachaint.

(36)Ba cheart faisnéis a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Rialacháin seo i gcoinne na gcuspóirí atá á mbaint amach leis, agus chun aiseolas a thabhairt maidir le meastóireacht ar an Rialachán seo i gcomhréir le mír 22 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 37 . Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. Ba cheart an mheastóireacht a bheith bunaithe ar na cúig chritéar maidir le héifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE. Ba cheart don mheastóireacht an bonn a sholáthar freisin i gcomhair measúnuithe tionchair ar bhearta breise a d’fhéadfaí a ghlacadh amach anseo. Ba cheart na foinsí sonraí agus na próisis faireacháin atá ann cheana a chomhtháthú sa fhaireachán.

(37)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha agus na coinníollacha a leagan amach maidir le bunú agus oibriú na mboscaí gainimh rialála.

(38)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin, is é sin idir-inoibritheacht laistigh de riaracháin phoiblí ar scála uile-Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal céanna, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach, go háirithe maidir leis an Margadh Aonair a neartú.

(39)Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go trí mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm chun dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit agus dinstitiúidí, do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais ullmhú le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Is gá an tam sin chun an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach agus an Comhphobal Eorpach Idir-inoibritheach a bhunú agus chun údaráis inniúla náisiúnta agus comhordaitheoirí idir-inoibritheachta a ainmniú.

(40)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 agus thug sé tuairim uaidh an…

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil 1 
Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.Leis an Rialachán seo, leagtar síos bearta chun idir-inoibritheacht trasteorann na gcóras gréasáin agus faisnéise a chur chun cinn, ar córais iad a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú san Aontas trí rialacha comhchoiteanna agus creat le haghaidh comhordú maidir le hidir-inoibritheacht earnála poiblí a bhunú, agus é mar aidhm forbairt bonneagair thrasEorpaigh seirbhísí poiblí digiteacha idir-inoibritheacha a chothú.

2.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le comhlachtaí earnála poiblí sna Ballstáit agus maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a sholáthraíonn nó a bhainistíonn córais ghréasáin nó faisnéise lenar féidir seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú go leictreonach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht trasteorann‘ an cumas atá i gcomhlachtaí earnála poiblí agus in institiúidí, i gcomhlachtaí agus i ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais córais gréasán agus faisnéise a úsáid chun idirghníomhú lena chéile trí shonraí a roinnt trí mheán cumarsáide leictreonaí;

(2) ciallaíonn ‘córas gréasáin agus faisnéise’ córas gréasáin agus faisnéise mar a shainmhínítear é in Airteagal 4, pointe (1), den togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 [togra NIS 2];

(3) ciallaíonn ‘réiteach idir-inoibritheachta‘ sonraíocht theicniúil, lena n‑áirítear caighdeán, nó réiteach eile, lena n‑áirítear creataí coincheapúla, treoirlínte agus feidhmchláir, lena dtugtar tuairisc ar na ceanglais dhlíthiúla, eagraíochtúla, shéimeantacha nó theicniúla atá le comhlíonadh ag córas gréasáin agus faisnéise chun idir-inoibritheacht trasteorann a fheabhsú;

(4) ciallaíonn ‘comhlacht earnála poiblí‘ comhlacht earnála poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/1024;

(5) ciallaíonn ‘sonraí’ sonraí mar a shainmhínítear i bpointe (1) dAirteagal 2 de Rialachán (AE) 2022/868 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) 39 ;

(6) ciallaíonn ‘formáid atá inléite ag meaisín’ an fhormáid atá inléite ag meaisín a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13) de Threoir (AE) 2019/1024;

(7) ciallaíonn ‘GovTech’ comhar teicneolaíochtbhunaithe idir gníomhaithe san earnáil phoiblí agus phríobháideach a thacaíonn le claochlú digiteach san earnáil phoiblí;

(8) ciallaíonn ‘caighdeán’ caighdeán mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 ;

(9) ciallaíonn ‘an leibhéal bainistíochta is airde’ bainisteoir, comhlacht bainistíochta nó comhlacht comhordúcháin agus formhaoirseachta ar an leibhéal riaracháin is sinsearaí ag cur san áireamh na socruithe rialachais ardleibhéil i ngach institiúid, comhlacht agus gníomhaireacht de chuid an Aontais.

Airteagal 3

Measúnú idir-inoibritheachta

1.I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag comhlacht earnála poiblí nó institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais córas gréasáin agus faisnéise atá ann cheana féin a chur ar bun nó a mhodhnú go suntasach, ar córas é lena bhféadfar seirbhísí poiblí a sheachadadh nó a bhainistiú go leictreonach, déanfaidh sé measúnú ar thionchair na gníomhaíochta atá beartaithe ar idir-inoibritheacht trasteorann (‘measúnú idir-inoibritheachta’) sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina ndéanann an bunú nó an modhnú atá beartaithe difear do cheann amháin nó níos mó de chórais gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí trasteorann a sholáthar ar fud roinnt earnálacha nó riarachán;

(b)i gcás inar dóchúil go mbeidh soláthairtí do chórais gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí trasteorann a sholáthar os cionn na tairsí a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE mar thoradh ar an mbunú nó ar an modhnú beartaithe;

(c)i gcás ina mbaineann an bunú nó an modhnú atá beartaithe le córas gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí trasteorann a sholáthar agus a chistítear trí chláir de chuid an Aontais.

Féadfaidh an comhlacht earnála poiblí nó an institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais lena mbaineann an measúnú idir-inoibritheachta a dhéanamh i gcásanna eile freisin.

2.Déanfar an measúnú idir-inoibritheachta sula ndéanfar cinntí maidir leis na ceanglais dhlíthiúla, eagraíochtúla, shéimeantacha nó theicniúla don chóras gréasán agus faisnéise nua nó modhnaithe ar bhealach ceangailteach. Féadfar measúnú idir-inoibritheachta aonair a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar shraith riachtanas agus ar roinnt córais gréasáin agus faisnéise.

Foilseoidh an comhlacht earnála poiblí nó an institiúid, an comhlacht nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais lena mbaineann tuarascáil ina léireofar toradh an mheasúnaithe idir-inoibritheachta ar a láithreán gréasáin.

3.Cuirfidh na húdaráis náisiúnta inniúla agus na comhordaitheoirí idir-inoibritheachta an tacaíocht is gá ar fáil chun an measúnú idir-inoibritheachta a dhéanamh. Féadfaidh an Coimisiún uirlisí teicniúla a chur ar fáil chun tacú leis an measúnú idir-inoibritheachta.

4.Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa mheasúnú idir-inoibritheachta:

(a)tuairisc ar an oibríocht atá beartaithe agus ar na tionchair a bheidh aici ar idir-inoibritheacht trasteorann córais gréasáin agus faisnéise amháin nó níos mó lena mbaineann, lena náirítear costais mheasta na gcóras gréasáin agus faisnéise lena mbaineann a oiriúnú;

(b)tuairisc ar leibhéal ailínithe na gcóras gréasáin agus faisnéise a bhaineann leis an gCreat Eoraip Idir-inoibritheachta, agus le réitigh maidir le hEoraip Idir-inoibritheach, tar éis na hoibríochta agus i gcás ina bhfuil feabhas tagtha air i gcomparáid leis an leibhéal ailínithe roimh an oibríocht;

(c)tuairisc ar na Comhéadain Ríomhchláraithe Feidhmchlár lenar féidir idirghníomhú meaisín le meaisín leis na sonraí a mheastar a bheith ábhartha le haghaidh malartú trasteorann le córais gréasáin agus faisnéise eile.

5.Rachaidh an comhlacht earnála poiblí, nó an institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais lena mbaineann i gcomhairle le faighteoirí na seirbhísí lena mbaineann nó lena nionadaithe maidir leis an oibríocht atá beartaithe má dhéanann sé difear go díreach do na faighteoirí. Ní dochar an comhairliúchán sin do chosaint leasanna tráchtála nó poiblí ná do shlándáil na gcóras sin.

6.Glacfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach treoirlínte maidir le hinneachar an mheasúnaithe idir-inoibritheachta faoi... ar a dhéanaí [aon bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], lena náirítear seicliostaí praiticiúla.

Airteagal 4

Comhroinnt agus athúsáid réiteach idir-inoibritheachta idir comhlachtaí na hearnála poiblí, institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais

1.Déanfaidh comhlacht earnála poiblí nó institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais réitigh idir-inoibritheachta lena dtacaítear leis na seirbhísí poiblí a sheachadann sé nó a bhainistíonn sé go leictreonach a chur ar fáil daon eintiteas eile den sórt sin a iarrfaidh é. Áireofar san ábhar comhroinnte an doiciméadacht theicniúil agus, i gcás inarb infheidhme, an cód foinseach doiciméadaithe. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid seo maidir le comhroinnt maidir le haon cheann de na réitigh idir-inoibritheachta seo a leanas:

(a)a thacaíonn le próisis atá lasmuigh de raon feidhme chúraimí poiblí chomhlachtaí na hearnála poiblí nó institiúidí, chomhlachtaí nó ghníomhaireachtaí an Aontais lena mbaineann mar a shainítear leis an dlí nó le rialacha ceangailteacha eile, nó in éagmais rialacha den sórt sin, mar a shainítear i gcomhréir leis an gcleachtas riaracháin coiteann sa Bhallstát nó i riaracháin an Aontais i gceist, ar choinníoll go bhfuil raon feidhme na gcúraimí poiblí trédhearcach agus faoi réir a athbhreithnithe;

(b)a bhfuil cearta maoine intleachtúla ag tríú páirtithe ina leith agus nach gceadaítear leo iad a roinnt;

(c)a bhfuil rochtain uirthi eisiata nó srianta ar na forais seo a leanas:

(i)faisnéis íogair a bhaineann le bonneagar criticiúil a chosaint mar a shainmhínítear i bpointe (d) d’Airteagal 2 de Threoir 2008/114/CE ón gComhairle 41 ;

(ii)cosaint na leasanna um chosaint, nó na slándála poiblí.

2.Ionas go mbeidh an teintiteas a bheidh i mbun athúsáide in ann an réiteach idir-inoibritheachta a bhainistiú go huathrialach, sonróidh an teintiteas um roinnt na ráthaíochtaí a sholáthrófar don eintiteas um athúsáid ó thaobh comhair, tacaíochta agus cothabhála de. Sula nglacfaidh sé an réiteach idir-inoibritheachta, déanfaidh an teintiteas a bheidh i mbun athúsáide measúnú ar an réiteach a sholáthar don eintiteas um roinnt, ar measúnú é lena gcumhdaítear a chumas cibearshlándáil agus éabhlóid an réitigh idir-inoibritheachta athúsáidte a bhainistiú go huathrialach.

3.Féadfar an oibleagáid i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh tríd an inneachar ábhartha a fhoilsiú ar an tairseach Eoraip Idir-inoibritheach nó ar thairseach, ar chatalóg nó ar stór atá nasctha leis an tairseach Eoraip Idir-inoibritheach. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo maidir leis an eintiteas um roinnt. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an foilsiú ar an tairseach Eoraip Idir-inoibritheach, arna iarraidh sin don eintiteas um roinnt.

4.Féadfaidh comhlacht earnála poiblí, institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais nó tríú páirtí a úsáideann réiteach idir-inoibritheachta é a oiriúnú dá riachtanais féin. Má phoibleofar an réiteach idir-inoibritheachta mar a leagtar amach i mír 3, poibleofar an réiteach idir-inoibritheachta oiriúnaithe ar an gcaoi chéanna.

5.Féadfaidh na heintitis a bheidh ag roinnt agus ag athúsáid comhaontú a thabhairt i gcrích maidir leis na costais a bhaineann leis an réiteach idir-inoibritheachta a roinnt sa todhchaí.

Caibidil 2 
Réitigh idir-inoibritheachta

Airteagal 5

Prionsabail ghinearálta

1.Foilseoidh an Coimisiún réitigh maidir le hEoraip Idir-inoibritheach agus an Creat Eoraip Idir-inoibritheachta ar an tairseach Eoraip Idir-inoibritheach, trí mheán leictreonach, i bhformáidí a bheidh oscailte, meaisíninléite, inrochtana 42 , inaimsithe agus inathúsáidte, más infheidhme, i dteannta a meiteashonraí.

2.Déanfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach faireachán ar chomhchuibheas foriomlán na réiteach idir-inoibritheachta atá forbartha nó molta, agus molfaidh sé bearta chun a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh siad comhoiriúnach le réitigh idir-inoibritheachta eile a bhfuil comhchuspóir leo, agus ag an am céanna tacóidh sé, i gcás inarb ábhartha, leis an gcomhlántacht le teicneolaíochtaí nua nó leis an aistriú go teicneolaíochtaí nua.

Airteagal 6

Creat Eoraip Idir-inoibritheachta agus sainchreataí idir-inoibritheachta

1.Forbróidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach Creat Eoraip Idir-inoibritheachta (CEI) 43 agus molfaidh sé don Choimisiún é a ghlacadh. Féadfaidh an Coimisiún an CEI a ghlacadh. Foilseoidh an Coimisiún an CEI in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Soláthróidh CEI samhail agus tacar moltaí maidir le hidir-inoibritheacht dhlíthiúil, eagrúcháin, shéimeantach agus theicniúil, agus beidh siad dírithe ar gach eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo chun idirghníomhú lena chéile trína gcórais gréasáin agus faisnéise. Cuirfear CEI san áireamh sa mheasúnú idir-inoibritheachta i gcomhréir le hAirteagal 3(4), le pointe (b) agus le hAirteagal 3 (6).

3.Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord um Eoraip Idir-inoibritheachta, creataí idir-inoibritheachta eile a ghlacadh (‘sainchreataí idir-inoibritheachta’) a dhíreoidh ar riachtanais earnálacha ar leith nó ar an leibhéal riaracháin. Beidh na sainchreataí idir-inoibritheachta bunaithe ar CEI. Déanfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach measúnú ar ailíniú na sainchreataí idir-inoibritheachta le CEI. Foilseoidh an Coimisiún na sainchreataí idir-inoibritheachta ar thairseach Eoraip Idir-inoibritheach.

4.I gcás ina bhforbróidh Ballstát creat idir-inoibritheachta náisiúnta agus beartais, straitéisí nó treoirlínte náisiúnta ábhartha eile, cuirfidh sé CEI san áireamh.

Airteagal 7

Réitigh maidir le hEoraip Idir-inoibritheach

Molfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach réitigh idir-inoibritheachta le haghaidh idir-inoibritheacht trasteorann na gcóras gréasáin agus faisnéise a úsáidfear chun seirbhísí poiblí atá le seachadadh nó le bainistiú go leictreonach san Aontas a sholáthar nó a bhainistiú. Nuair a mholann Bord um Eoraip Idir-inoibritheach réiteach idir-inoibritheachta, beidh ‘Réiteach maidir le hEoraip Idir-inoibritheach’ air agus foilseofar é ar thairseach Eoraip Idir-inoibritheach.

Airteagal 8

Tairseach Eoraip Idir-inoibritheach

1.Soláthróidh an Coimisiún tairseach (‘an tairseach Eoraip Idir-inoibritheach’) mar phointe aonair iontrála dfhaisnéis a bhaineann le hidir-inoibritheacht trasteorann córas gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí poiblí atá le seachadadh nó le bainistiú go leictreonach san Aontas a sholáthar nó a bhainistiú. Beidh an tairseach inrochtana go leictreonach agus saor in aisce. Beidh na feidhmeanna seo a leanas ar a laghad ag an tairseach:

(a)rochtain ar réitigh Eoraip Idir-inoibritheach;

(b)rochtain ar réitigh idir-inoibritheachta eile nach bhfuil an lipéad ‘Réiteach Eoraip Idir-inoibritheach’ orthu agus dá bhforáiltear i mbeartais eile de chuid an Aontais nó a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 2;

(c)rochtain ar shonraíochtaí teicniúla TFC atá incháilithe le haghaidh tagartha i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(d)rochtain ar fhaisnéis maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs boscaí gainimh rialála dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12, má sainaithníodh aon ardrioscaí do chearta agus do shaoirsí na nábhar sonraí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2018/1725, chomh maith le rochtain ar fhaisnéis maidir le sásraí freagartha chun na rioscaí sin a mhaolú go pras. Féadfar nochtadh den mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí a chuimsiú san fhaisnéis fhoilsithe;

(e)malartú eolais a chothú idir comhaltaí de Chomhphobal Eoraip Idir-inoibritheach, mar a leagtar amach in Airteagal 16, amhail córas aiseolais a chur ar fáil chun a dtuairimí a chur in iúl maidir le bearta arna moladh ag Bord um Eoraip Idir-inoibritheach nó chun a spéis a chur in iúl páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

(f)rochtain ar shonraí faireacháin a bhaineann le hidir-inoibritheacht dá dtagraítear in Airteagal 20;

(g)deis a thabhairt do shaoránaigh agus deagraíochtaí na sochaí sibhialta aiseolas a thabhairt ar an ábhar foilsithe.

2.Féadfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach a mholadh don Choimisiún réitigh idir-inoibritheachta eile a fhoilsiú ar an tairseach nó go dtagrófar dóibh ar an tairseach. Maidir leis na réitigh sin:

(a)ní bheidh siad faoi réir cearta tríú páirtí ná ní bheidh sonraí pearsanta ná faisnéis rúnda iontu;

(b)beidh ardleibhéal ailínithe acu le réitigh Eoraip Idir-inoibritheach a fhéadfar a chruthú trí thoradh an mheasúnaithe idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 3 a fhoilsiú;

(c)ceadúnas a úsáid lena gceadaítear do chomhlachtaí eile san earnáil phoiblí nó dinstitiúidí, do chomhlachtaí nó do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais athúsáid a bhaint as nó lena gceadaítear sin a eisiúint mar fhoinse oscailte. Ciallaíonn ceadúnas foinse oscailte ceadúnas ina gceadaítear athúsáid na mbogearraí do gach úsáid shonraithe i ndearbhú aontaobhach ó shealbhóir an chirt, agus ina gcuirtear cóid foinse na mbogearraí ar fáil dúsáideoirí;

(d)coimeádfar ar bun iad go tráthrialta faoi fhreagracht úinéir an réitigh idir-inoibritheachta.

3.I gcás ina soláthróidh comhlacht earnála poiblí nó institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais tairseach, catalóg nó stór lena mbeidh feidhmeanna comhchosúla, déanfaidh sé na bearta is gá chun idir-inoibritheacht a áirithiú le tairseach Eoraip Idir-inoibritheach. I gcás ina mbailíonn tairseacha den sórt sin réitigh foinse oscailte, ceadóidh siad úsáid Cheadúnas Poiblí an Aontais Eorpaigh.

4.Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir le hidir-inoibritheacht do thairseacha eile a bhfuil feidhmeanna comhchosúla leo amhail dá dtagraítear i mír 3.

Caibidil 3 
Bearta tacaíochta Eoraip Idir-inoibritheach

Airteagal 9

Tionscadail maidir le tacaíocht chun beartas a chur i bhfeidhm

1.Féadfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach a mholadh don Choimisiún tionscadail a chur ar bun chun tacú le comhlachtaí na hearnála poiblí beartais an Aontais a chur chun feidhme go digiteach, ar beartais iad lena náirithítear idir-inoibritheacht trasteorann na gcóras gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú a bheidh le soláthar nó le bainistiú go leictreonach (‘tionscadal maidir le tacaíocht chun beartas a chur i bhfeidhm’).

2.Leagfar amach sa tionscadal maidir le tacaíocht chun beartas a chur chun feidhme an méid seo a leanas:

(a)na réitigh Eoraip Idir-inoibritheach atá ann cheana a mheastar a bheith riachtanach chun na ceanglais bheartais a chur chun feidhme go digiteach;

(b)aon réiteach idir-inoibritheachta atá ar iarraidh agus atá le forbairt, a mheastar a bheith riachtanach chun na ceanglais bheartais a chur chun feidhme go digiteach;

(c)bearta tacaíochta eile a mholtar, amhail oiliúint nó piar-mheasúnaithe.

3.Leagfaidh an Coimisiún amach, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord um Eoraip Idir-inoibritheach, raon feidhme, amlíne, rannpháirtíocht na nearnálacha agus na leibhéal riaracháin a bhfuil gá léi agus modhanna oibre an tionscadail tacaíochta. Má rinne agus má dfhoilsigh an Coimisiún measúnú idir-inoibritheachta cheana féin, i gcomhréir le hAirteagal 3, cuirfear toradh an mheasúnaithe sin san áireamh agus an tionscadal tacaíochta á chur ar bun.

4.Chun an tionscadal maidir le tacaíocht chun beartas a chur chun feidhme a threisiú, féadfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach moladh a dhéanamh bosca gainimh rialála a bhunú dá dtagraítear in Airteagal 11.

5.Cuirfear toradh tionscadail maidir le tacaíocht chun beartas a chur chun feidhme chomh maith leis na réitigh idir-inoibritheachta a fhorbrófar sa tionscadal ar fáil go hoscailte agus poibleofar é ar an Tairseach Eoraip Idir-inoibritheach.

Airteagal 10

Bearta nuálaíochta

1.Féadfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach a mholadh don Choimisiún bearta nuálaíochta a chur ar bun chun tacú le réitigh idir-inoibritheachta nuálacha a fhorbairt agus a ghlacadh san Aontas (‘bearta nuálaíochta’).

2.Déanfar an méid seo a leanas leis na bearta nuálaíochta:

(a)cuirfear le réitigh Eoraip Idir-inoibritheach atá ann cheana nó atá nua a fhorbairt;

(b)tabharfar páirt do ghníomhaithe GovTech.

3.Chun tacú le forbairt na mbeart nuálaíochta, féadfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach a mholadh bosca gainimh rialála a chur ar bun.

4.Cuirfidh an Coimisiún torthaí na mbeart nuálaíochta ar fáil go hoscailte ar thairseach Eoraip Idir-inoibritheach.

Airteagal 11

Boscaí gainimh rialála a bhunú

1.Le boscaí gainimh rialála cuirfear timpeallacht rialaithe ar fáil dfhorbairt, do thástáil agus do bhailíochtú réiteach idir-inoibritheacht nuálach a thacaíonn le hidir-inoibritheacht trasteorann na gcóras gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú atá le soláthar nó le bainistiú go leictreonach ar feadh tréimhse teoranta ama sula gcuirtear i seirbhís iad.

2.Déanfar boscaí gainimh rialála a oibriú faoi fhreagracht chomhlachtaí rannpháirteacha na hearnála poiblí agus, i gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta ag comhlachtaí na hearnála poiblí i gceist leis an mbosca gainimh, faoi mhaoirseacht údarás náisiúnta ábhartha eile, nó i gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais i gceist leis an mbosca gainimh, faoi fhreagracht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

3.Beidh sé daidhm le bunú bosca gainimh rialála mar a leagtar amach i mír 1 cur leis na cuspóirí seo a leanas:

(a)nuálaíocht a chothú agus forbairt agus rolladh amach réiteach idir-inoibritheachta digití nuálach do sheirbhísí poiblí a éascú;

(b)comhar trasteorann a éascú idir údaráis inniúla náisiúnta agus sineirgí i seachadadh seirbhíse poiblí;

(c)forbairt éiceachórais oscailte GovTech Eorpaigh a éascú, lena náirítear comhar le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus le gnólachtaí nuathionscanta;

(d)feabhas a chur ar thuiscint na núdarás ar na deiseanna nó ar na bacainní ar idir-inoibritheacht trasteorann maidir le réitigh idir-inoibritheachta nuálacha, lena náirítear bacainní dlíthiúla;

(e)cur le réitigh Eoraip Idir-inoibritheach a fhorbairt nó a thabhairt cothrom le dáta.

4.Le bunú na mboscaí gainimh rialála, cuirfear le deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú trí chomhar leis na húdaráis atá rannpháirteach sa bhosca gainimh rialála dfhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus, i gcás inarb iomchuí, go gcomhlíonfar reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus de chuid na mBallstát.

5.Údaróidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le Bord um Eoraip Idir-inoibritheach agus, i gcás ina mbeadh próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis an mbosca gainimh rialála, déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, arna iarraidh sin i gcomhpháirt ag trí chomhlacht earnála poiblí rannpháirteacha ar a laghad, bunú bosca gainimh rialála. Níor cheart go ngabhfadh an comhairliúchán sin ionad an réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2018/1725. I gcás ina gcuirtear an bosca gainimh ar bun le haghaidh réitigh idir-inoibritheachta lena dtacaítear le hidir-inoibritheacht thrasteorann na gcóras gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú a bheidh le soláthar nó le bainistiú go leictreonach ag institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht amháin nó níos mó de chuid an Aontais, le rannpháirtíocht chomhlachtaí na hearnála poiblí sa deireadh, ní gá aon údarú a fháil.

Airteagal 12

Rannpháirtíocht sna boscaí gainimh rialála

1.Áiritheoidh na comhlachtaí rannpháirteacha san earnáil phoiblí, a mhéid a bhaineann an réiteach idir-inoibritheachta nuálach le próiseáil sonraí pearsanta nó a mhéid a thagann sé seachas sin faoi shainchúram maoirseachta údarás náisiúnta eile a chuireann sonraí ar fáil nó a thacaíonn sé le rochtain ar shonraí, go bhfuil na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí agus na húdaráis náisiúnta eile sin bainteach le hoibriú an bhosca gainimh rialála. De réir mar is iomchuí, féadfaidh na comhlachtaí earnála poiblí rannpháirteacha a cheadú go mbeidh gníomhaithe eile san éiceachóras GovTech rannpháirteach i mbosca gainimh rialála amhail eagraíochtaí náisiúnta nó Eorpacha um chaighdeánú, comhlachtaí dá dtugtar fógra, saotharlanna taighde agus tástála, moil nuálaíochta, agus cuideachtaí ar mian leo réitigh idir-inoibritheachta nuálacha a thástáil. Féadfar comhar a dhéanamh freisin le tríú tíortha a bhunaíonn sásraí chun tacú le réitigh idir-inoibritheachta nuálacha don earnáil phoiblí.

2.Beidh rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála teoranta do thréimhse atá iomchuí do chastacht agus do scála an tionscadail, agus ar aon chuma ar feadh tréimhse nach faide ná 2 bhliain ó bhunú an bhosca gainimh rialála. Féadfar an tréimhse rannpháirtíochta a shíneadh go ceann bliana amháin eile nó níos mó más gá chun cuspóir na próiseála a bhaint amach.

3.Beidh rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála bunaithe ar phlean sonrach a leagfaidh na rannpháirtithe amach agus comhairle ó údaráis inniúla eile nó ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí á cur san áireamh, de réir mar is infheidhme. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa phlean:

(a)tuairisc ar na rannpháirtithe lena mbaineann agus ar a róil, an réiteach idir-inoibritheachta nuálach atá beartaithe agus an chríoch atá beartaithe dó, agus próiseas ábhartha forbartha, tástála agus bailíochtaithe;

(b)na saincheisteanna sonracha rialála atá i gceist agus an treoir a bhfuiltear a bhfuil coinne léi ó na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar an mbosca gainimh rialála;

(c)rialacha mionsonraithe sonracha an chomhair idir na rannpháirtithe agus na húdaráis, chomh maith le haon ghníomhaí eile a bhfuil baint aige nó aici leis an mbosca gainimh rialála;

(d)sásra bainistithe riosca agus sásra faireacháin chun aon riosca a shainaithint, a chosc agus a mhaolú;

(e)na príomhgharspriocanna atá le cur i gcrích ag na rannpháirtithe chun go measfar go bhfuil an réiteach idir-inoibritheachta réidh le cur i seirbhís;

(f)ceanglais mheastóireachta agus tuairiscithe agus bearta leantacha a dfhéadfadh a bheith i gceist;

(g)i gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta, léiriú ar na catagóirí sonraí pearsanta lena mbaineann, na críocha ar chucu a beartaíodh na sonraí pearsanta agus na gníomhaithe a bhfuil baint acu leis an bpróiseáil agus an ról atá acu sa phróiseáil.

4.Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht sna boscaí gainimh rialála difear do chumhachtaí maoirseachta agus ceartaitheacha aon údarás a dhéanann maoirseacht ar an mbosca gainimh.

5.Beidh rannpháirtithe sa bhosca gainimh faoi dhliteanas i gcónaí faoi dhlí infheidhme an Aontais agus faoi reachtaíocht infheidhme na mBallstát maidir le dliteanas i leith aon damáiste a dhéanfar le linn a rannpháirtíochta sa bhosca gainimh rialála.

6.Féadfar sonraí pearsanta a phróiseáil sa bhosca gainimh rialála faoi réir na gcoinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)go ndéanfar an réiteach idir-inoibritheachta nuálach a fhorbairt chun leasanna an phobail a chosaint i réimse ardleibhéil éifeachtúlachta agus cáilíochta an riaracháin phoiblí agus na seirbhísí poiblí;

(b)go ndéanfar na sonraí a phróiseáiltear a theorannú don mhéid is gá dfheidhmiú an réiteach idir-inoibritheachta atá le forbairt nó le tástáil sa bhosca gainimh, agus ní féidir an feidhmiú a bhaint amach go héifeachtach trí phróiseáil a dhéanamh ar shonraí anaithnidithe, ar shonraí sintéiseacha nó ar shonraí neamhphearsanta eile;

(c)go bhfuil sásraí faireacháin éifeachtacha ann lena fháil amach an bhféadfadh aon ardrioscaí do chearta agus do shaoirsí na nábhar sonraí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2018/1725, teacht chun cinn le linn oibriú an bhosca gainimh, chomh maith le sásra freagartha chun na rioscaí sin a mhaolú go pras agus, i gcás inar gá, an phróiseáil a stopadh;

(d)go bhfuil aon sonraí pearsanta atá le próiseáil i dtimpeallacht próiseála sonraí atá scartha ó thaobh feidhme, leithlisithe agus cosanta faoi rialú na rannpháirtithe agus nach bhfuil rochtain ach ag daoine údaraithe ar na sonraí sin;

(e)ní dhéanfar aon sonraí pearsanta a phróiseálfar a tharchur, a aistriú ná a rochtain ar shlí eile ag páirtithe eile nach rannpháirtithe iad sa bhosca gainimh ná ní dhéanfar iad a aistriú chuig páirtithe seachas rannpháirtithe an bhosca gainimh;

(f)ní dhéanann aon phróiseáil ar shonraí pearsanta difear do chur i bhfeidhm chearta na nábhar sonraí mar dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1725;

(g)go gcosnaítear aon sonra pearsanta a phróiseáiltear trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí agus go scriosfar iad a luaithe a chuirfear deireadh leis an rannpháirtíocht sa bhosca gainimh nó nuair a bheidh deireadh a thréimhse coinneála bainte amach ag na sonraí pearsanta;

(h)go gcoimeádtar logaí na próiseála ar shonraí pearsanta ar feadh tréimhse na rannpháirtíochta sa bhosca gainimh agus ar feadh tréimhse theoranta tar éis a fhoirceannta chun oibleagáidí maidir le cuntasacht agus doiciméadacht a chomhlíonadh faoi reachtaíocht an Aontais nó faoi reachtaíocht na mBallstát le haghaidh trátha nach faide ná mar atá riachtanach chun na críche sin agus chun na críche sin amháin;

(i)go gcoimeádfar tuairisc iomlán mhionsonraithe ar an bpróiseas agus ar an réasúnaíocht le hoiliúint, tástáil agus bailíochtú an réitigh idir-inoibritheachta mar aon le torthaí na tástála mar chuid den doiciméadacht theicniúil agus go dtarchuirfear chuig an mBord um Eoraip Idir-inoibritheach iad;

(j)déantar achoimre ghearr ar an réiteach idir-inoibritheacht a forbraíodh sa bhosca gainimh, ar a chuspóirí agus ar na torthaí a mheastar a bheidh ann a chur ar fáil ar thairseach Eoraip Idir-inoibritheach.

7.Cuirfidh na comhlachtaí rannpháirteacha san earnáil phoiblí tuarascálacha tréimhsiúla agus tuarascáil deiridh faoi bhráid an Bhoird um Eoraip Idir-inoibritheach agus faoi bhráid an Choimisiúin maidir le torthaí na mboscaí gainimh rialála, lena náirítear dea-chleachtais, ceachtanna a foghlaimíodh agus moltaí maidir lena socrú agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le forbairt an Rialacháin seo agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais a ndéantar maoirseacht uirthi laistigh den bhosca gainimh rialála. Eiseoidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach tuairim chuig an gCoimisiún maidir le toradh an bhosca gainimh rialála, ina sonrófar, i gcás inarb infheidhme, na gníomhaíochtaí is gá chun réitigh nua idir-inoibritheachta a chur chun feidhme chun idir-inoibritheacht trasteorann na gcóras gréasán agus faisnéise a chur chun cinn, ar córais iad a úsáidtear chun seirbhísí poiblí atá le soláthar nó le bainistiú go leictreonach a sheachadadh nó a bhainistiú.

8.Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh faisnéis maidir leis na boscaí gainimh rialála ar fáil ar an tairseach Eoraip Idir-inoibritheach.

9.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na rialacha agus na coinníollacha mionsonraithe maidir le bunú agus oibriú na mboscaí gainimh rialála a leagan amach, lena náirítear na critéir incháilitheachta agus an nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh ar bhosca gainimh, maidir le roghnú an bhosca gainimh sin, maidir le bheith rannpháirteach ann agus maidir le himeacht as, agus cearta agus oibleagáidí na rannpháirtithe.

10.I gcás ina mbainfidh bosca gainimh rialála le húsáid na hintleachta saorga, beidh i réim na rialacha a leagtar amach faoi Airteagal 53 agus Airteagal 54 de [togra le haghaidh] Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hintleacht shaorga (an Gníomh um Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha reachtacha áirithe de chuid an Aontais i gcás ina mbeidh coinbhleacht ann leis na rialacha a leagtar amach leis an Rialachán.

Airteagal 13

Oiliúint

1.Cuirfidh an Coimisiún, le cúnamh ón mBord um Eoraip Idir-inoibritheach, ábhar oiliúna ar fáil maidir le húsáid CEI agus maidir le réitigh maidir le hEoraip Idir-inoibritheach. Déanfaidh comhlachtaí na hearnála poiblí agus institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais cláir oiliúna iomchuí a bhaineann le saincheisteanna idir-inoibritheachta a chur ar fáil dá bhfoireann, ar cúraimí straitéiseacha nó oibríochtúla iad a mbeidh sé de chúram orthu tionchar a imirt ar chórais gréasán agus faisnéise san Aontas.

2.Eagróidh an Coimisiún cúrsaí oiliúna ar shaincheisteanna idir-inoibritheachta ar leibhéal an Aontais chun comhar agus malartú dea-chleachtas a fheabhsú idir foireann chomhlachtaí na hearnála poiblí, institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Fógrófar na cúrsaí ar thairseach Eoraip Idir-inoibritheach.

Airteagal 14

Piarmheasúnuithe

1.Bunófar sásra comhair idir comhlachtaí san earnáil phoiblí a cheapfar chun tacú leo réitigh Eoraip Idir-inoibritheach a chur chun feidhme ina gcórais gréasáin agus faisnéise agus chun cabhrú leo na measúnuithe idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 3 (‘piarmheasúnú’) a dhéanamh.

2.Is iad saineolaithe idir-inoibritheachta ó Bhallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí atá faoi athbhreithniú lonnaithe a dhéanfaidh an piarmheasúnú. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le Bord um Eoraip Idir-inoibritheach, treoirlínte a ghlacadh maidir le modheolaíocht agus ábhar an phiarmheasúnaithe.

3.Ní úsáidfear aon fhaisnéis a fhaightear trí phiarmheasúnú ach amháin chun na críche sin. Ní dhéanfaidh na saineolaithe atá rannpháirteach sa phiarmheasúnú aon fhaisnéis íogair nó rúnda a fhaightear le linn an piarmheasúnaithe sin a nochtadh do thríú páirtithe. Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go ndéanfar aon riosca maidir le coinbhleacht leasa a bhaineann leis na saineolaithe ainmnithe a chur in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún gan moill mhíchuí.

4.Déanfaidh na saineolaithe a bheidh ag déanamh an phiarmheasúnaithe tuarascáil a ullmhú agus a thíolacadh laistigh de mhí amháin tar éis dheireadh an phiarmheasúnaithe agus cuirfidh siad faoi bhráid an chomhlachta earnála poiblí lena mbaineann agus faoi bhráid Bhord um Eoraip Idir-inoibritheach í. Foilseofar na tuarascálacha ar an tairseach Eoraip Idir-inoibritheach nuair a údaróidh an Ballstát ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí a bhfuil an tathbhreithniú á dhéanamh aige é.

Caibidil 4 
Rialachas na hidir-inoibritheachta trasteorann

Airteagal 15

Bord um Eoraip Idir-inoibritheach

1.Bunaíodh Bord um Eoraip Idir-inoibritheach. Éascóidh sé comhar straitéiseach agus malartú faisnéise maidir le hidir-inoibritheacht trasteorann córas gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí poiblí atá le soláthar nó le bainistiú go leictreonach san Aontas a sholáthar nó a bhainistiú.

2.Is iad a bheidh ar an mBord um Eoraip Idir-inoibritheach:

(a)ionadaí amháin ó gach Ballstát;

(b)ionadaí amháin arna ainmniú ag gach ceann díobh seo a leanas:

(i)an Coimisiún;

(ii)Coiste na Réigiún;

(iii)Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

3.Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an mBord. Féadfar cuireadh a thabhairt do thíortha atá rannpháirteach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus do thíortha is iarrthóirí a bheith mar bhreathnóirí. Ina theannta sin, féadfaidh an Cathaoirleach stádas breathnóra a thabhairt do dhaoine aonair agus deagraíochtaí tar éis dul i gcomhairle leis an mBord um Eoraip Idir-inoibritheach. Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar shaineolaithe a bhfuil inniúlacht shonrach acu in ábhar atá ar an gclár oibre páirt a ghlacadh, ar bhonn ad hoc. Cuirfidh an Coimisiún rúnaíocht ar fáil don Bhord um Eoraip Idir-inoibritheach.

Déanfaidh comhaltaí an Bhoird um Eoraip Idir-inoibritheach gach iarracht cinntí a ghlacadh trí chomhthoil. I gcás vóta, cinnfear toradh na vótála trí thromlach simplí de na comhaltaí. Beidh sé de cheart ag na comhaltaí a chaith vóta freasúra nó a staon ó vótáil go gcuirfí doiciméad i gceangal leis na tuairimí, na moltaí nó na tuarascálacha ina ndéanfar achoimre ar na cúiseanna lena seasamh.

4.Beidh na cúraimí seo a leanas ar an mBord um Eoraip Idir-inoibritheach:

(a)tacú le cur chun feidhme creataí idir-inoibritheachta náisiúnta agus beartas, straitéisí nó treoirlínte náisiúnta ábhartha eile;

(b)treoirlínte a ghlacadh maidir le hábhar an mheasúnaithe idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 3(6);

(c)bearta a mholadh chun comhroinnt agus athúsáid réitigh idir-inoibritheacha a chothú;

(d)faireachán a dhéanamh ar chomhleanúnachas foriomlán na réiteach idir-inoibritheachta a forbraíodh nó a moladh;

(e)bearta a mholadh don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, comhoiriúnacht réitigh idir-inoibritheachta le réitigh idir-inoibritheachta eile a bhfuil cuspóir coiteann acu a áirithiú, agus, i gcás inarb ábhartha, tacú le comhlántacht le teicneolaíochtaí nua nó leis an aistriú go teicneolaíochtaí nua;

(f)CEI a fhorbairt agus a nuashonrú, más gá, agus é a mholadh don Choimisiún;

(g)déanfaidh sé measúnú ar ailíniú na sainchreataí idir-inoibritheachta le CEI agus freagróidh sé an iarraidh ar chomhairliúchán ón gCoimisiún maidir leis na creataí sin;

(h)réitigh Eoraip Idir-inoibritheach a mholadh;

(i)a mholadh don Choimisiún na réitigh idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) a fhoilsiú ar an tairseach Eoraip Idir-inoibritheach, nó go dtagrófar dóibh ar an tairseach;

(j)a mholadh don Choimisiún tionscadail maidir le tacaíocht chun beartas a chur chun feidhme agus bearta nuálaíochta agus bearta eile a fhéadfaidh an Comhphobal Eoraip Idir-inoibritheach a mholadh a chur ar bun;

(k)athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascálacha ó bhearta nuálaíochta, maidir le húsáid an bhosca gainimh rialála agus maidir leis na piarmheasúnuithe agus bearta leantacha a mholadh, más gá;

(l)bearta a mholadh chun feabhas a chur ar chumais idir-inoibritheachta chomhlachtaí na hearnála poiblí, amhail oiliúint;

(m)an Clár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach a ghlacadh;

(n)comhairle a chur ar fáil don Choimisiún maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(o)bearta a mholadh deagraíochtaí agus comhlachtaí ábhartha um chaighdeánú rannchuidiú le gníomhaíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, go háirithe trí na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(p)bearta a mholadh chun comhar le comhlachtaí idirnáisiúnta a dfhéadfadh cur le forbairt na hidir-inoibritheachta trasteorann, go háirithe pobail idirnáisiúnta maidir le réitigh foinse oscailte, caighdeáin nó sonraíochtaí oscailte agus ardáin eile nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu;

(q)déanfaidh sé comhordú leis an mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2022/686 maidir le réitigh idir-inoibritheachta do na Spásanna Sonraí Eorpacha coiteanna, agus le haon institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais atá ag obair ar réitigh idir-inoibritheachta atá ábhartha don earnáil phoiblí;

(r)faisnéis a thabhairt go tráthrialta do na comhordaitheoirí idir-inoibritheachta agus do Chomhphobal Eoraip Idir-inoibritheach ar ábhair a bhaineann le hidir-inoibritheacht trasteorann na gcóras gréasáin agus faisnéise agus na hábhair sin a chomhordú leo.

5.Féadfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach meithleacha a chur ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar phointí sonracha a bhaineann le cúraimí an Bhoird. Beidh comhaltaí den Chomhphobal Eoraip Idir-inoibritheach páirteach sna meithleacha.

6.Glacfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach a rialacha nós imeachta féin.

Airteagal 16

An Comhphobal Eoraip Idir-inoibritheach

1.Tá an Comhphobal Eoraip Idir-inoibritheach bunaithe. Rannchuideoidh sé le gníomhaíochtaí an Bhoird um Eoraip Idir-inoibritheach trí shaineolas agus comhairle a chur ar fáil.

2.Féadfaidh páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha a bhfuil cónaí orthu i mBallstát, nó a bhfuil a noifig chláraithe acu i mBallstát, clárú ar an tairseach Eoraip Idir-inoibritheach mar bhall de Chomhphobal Eoraip Idir-inoibritheach.

3.Tar éis an clárú a dhearbhú, poibleofar an stádas ballraíochta ar thairseach Eoraip Idir-inoibritheach. Ní bheidh tréimhse ama mar theorainn le comhaltas. Féadfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach é a chúlghairm tráth ar bith, áfach, ar chúiseanna comhréireacha a bhfuil údar maith leo, go háirithe mura bhfuil duine in ann rannchuidiú a thuilleadh leis an gComhphobal Eoraip Idir-inoibritheach nó má tá sé tar éis míúsáid a bhaint as a stádas mar chomhalta den Chomhphobal.

4.Féadfar cuireadh a thabhairt do chomhaltaí an Chomhphobail Eoraip Idir-inoibritheach chun:

(a)cur le hábhar thairseach Eoraip Idir-inoibritheach;

(b)páirt a ghlacadh sna meithleacha;

(c)páirt a ghlacadh sna piarmheasúnuithe.

5.Eagróidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach tionól ar líne den Chomhphobal Eoraip Idir-inoibritheach uair sa bhliain.

6.Glacfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach an cód iompair don Chomhphobal Eoraip Idir-inoibritheach a fhoilseofar ar thairseach Eoraip Idir-inoibritheach.

Airteagal 17

Údaráis inniúla náisiúnta

1.Faoi... ar a dhéanaí [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfaidh na Ballstáit údarás atá ann cheana a ainmniú chuige sin.

2.Beidh na cúraimí seo a leanas ag an údarás inniúil:

(a)comhalta a cheapadh sa Bhord um Eoraip Idir-inoibritheach;

(b)comhordóidh sé laistigh den Bhallstát na ceisteanna uile a bhaineann leis an Rialachán seo;

(c)tacú le comhlachtaí earnála poiblí laistigh den Bhallstát a bpróisis a chur ar bun nó a oiriúnú chun an measúnú idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 3 a dhéanamh;

(d)comhroinnt agus athúsáid na réiteach idir-inoibritheachta a chothú tríd an tairseach Eoraip Idir-inoibritheach nó trí thairseach ábhartha eile;

(e)cur le tairseach Eoraip Idir-inoibritheach le heolas tír-shonrach;

(f)rannpháirtíocht ghníomhach raon éagsúil eintiteas náisiúnta a chomhordú agus a spreagadh sa Chomhphobal Eoraip Idir-inoibritheach agus rannpháirtíocht na neintiteas sin i dtionscadail maidir le tacaíocht chun beartas a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9 agus sna bearta nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 10;

(g)tacú le comhlachtaí earnála poiblí sa Bhallstát oibriú i gcomhar leis na comhlachtaí ábhartha earnála poiblí i mBallstáit eile maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil inniúlachtaí agus acmhainní leordhóthanacha ag an údarás inniúil chun na cúraimí a shanntar dó a chur i gcrích, ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.

4.Bunóidh na Ballstáit na struchtúir chomhair is gá idir na húdaráis náisiúnta uile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Féadfaidh na struchtúir sin cur leis na sainorduithe agus na próisis atá ann cheana sa réimse.

5.Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, maidir le hainmniú an údaráis inniúil, a chúraimí, agus aon athrú a dhéanfar air ina dhiaidh sin, agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na húdaráis náisiúnta eile a bhfuil baint acu le maoirseacht a dhéanamh ar an mbeartas idir-inoibritheachta. Déanfaidh gach Ballstát ainmniú a údaráis inniúil a phoibliú. Foilseoidh an Coimisiún liosta na núdarás inniúil ainmnithe.

Airteagal 18

Comhordaitheoirí idir-inoibritheachta d’institiúidí, do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais

1.Gach institiúid, comhlacht agus gníomhaireacht de chuid an Aontais a sholáthraíonn nó a bhainistíonn córais gréasáin agus faisnéise lena gcumasaítear seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú go leictreonach, ainmneoidh siad comhordaitheoir idir-inoibritheachta faoi mhaoirseacht an leibhéil is airde bainistíochta dá chuid chun rannchuidiú le cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú.

2.Tacóidh an comhordaitheoir idir-inoibritheachta leis na ranna lena mbaineann a bpróisis a chur ar bun nó a oiriúnú chun an measúnú idir-inoibritheachta a chur chun feidhme. 

Caibidil 5 
Pleanáil agus faireachán Eoraip Idir-inoibritheach

Airteagal 19

Clár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach

1.Tar éis próiseas comhairliúcháin phoiblí a eagrú tríd an tairseach Eoraip Idir-inoibritheach lena náireofar, i measc nithe eile, comhaltaí an Chomhphobail Eoraip Idir-inoibritheach, glacfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach clár oibre straitéiseach gach bliain chun tosaíochtaí a phleanáil agus a chomhordú maidir le forbairt idir-inoibritheachta trasteorann córas gréasáin agus faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí poiblí atá le soláthar nó le bainistiú go leictreonach a sholáthar nó a bhainistiú. (‘Clár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach’). Leis an gClár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach, cuirfear san áireamh straitéisí fadtéarmacha an Aontais maidir le digitiú, cláir um maoiniú atá ann cheana de chuid an Aontais agus cur chun feidhme leanúnach bheartas an Aontais.

2.Beidh an méid seo a leanas sa Chlár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach:

(a)riachtanais maidir le réitigh idir-inoibritheachta a fhorbairt;

(b)liosta de bhearta tacaíochta don Eoraip Idir-inoibritheach atá ar siúl faoi láthair agus na cinn atá beartaithe;

(c)liosta de na gníomhaíochtaí leantacha atá beartaithe maidir le bearta nuálaíochta;

(d)sineirgí le cláir agus tionscnaimh ábhartha eile de chuid an Aontais agus le cláir agus tionscnaimh ábhartha náisiúnta eile a shainaithint.

3.Ní bheidh oibleagáidí airgeadais i gClár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach. Tar éis a ghlactha, foilseoidh an Coimisiún an Clár Oibre do thairseach Eoraip Idir-inoibritheach.

Airteagal 20

Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh

1.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn maidir le forbairt seirbhísí poiblí idir-inoibritheacha trasteorann atá le soláthar nó le bainistiú go leictreonach san Aontas. Tabharfar tosaíocht san fhaireachán dathúsáid sonraí faireacháin idirnáisiúnta, Aontais agus náisiúnta atá ann cheana agus do bhailiú uathoibríoch sonraí.

2.A mhéid a bhaineann le hábhair is díol spéise ar leith i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an méid seo a leanas:

(a)cur chun feidhme CEI ag na Ballstáit;

(b)glacadh na réiteach idir-inoibritheachta in earnálacha éagsúla, ar fud na mBallstát, agus ar an leibhéal áitiúil;

(c)forbairt réiteach foinse oscailte do na seirbhísí poiblí, do nuálaíocht na hearnála poiblí agus don chomhar le gníomhaithe GovTech i réimse na seirbhísí poiblí idir-inoibritheacha trasteorann atá le soláthar nó le bainistiú go leictreonach san Aontas.

3.Foilseoidh an Coimisiún torthaí an fhaireacháin ar an tairseach Eoraip Idir-inoibritheach. Más féidir, foilseofar iad i bhformáid mheaisíninléite.

4.Faoi… [3 bliana ar a dhéanaí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina mbeidh conclúidí na meastóireachta, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar measúnú sonrach sa tuarascáil ar an ngá atá le réitigh idir-inoibritheachta éigeantacha a bhunú.

Caibidil 6 
Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 21

Costais

1.Faoi réir maoiniú a bheith ar fáil, cumhdóidh buiséad ginearálta an Aontais na costais seo a leanas:

(a)forbairt agus cothabháil thairseach Eoraip Idir-inoibritheach;

(b)réitigh Eoraip Idir-inoibritheach a fhorbairt, a chothabháil agus a chur chun cinn;

(c)na bearta tacaíochta don Eoraip Idir-inoibritheach.

2.Íocfar na costais sin i gcomhréir le forálacha infheidhme an bhunghnímh ábhartha.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó [3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

[...]    [...]

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.Na ceanglas/ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.4.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar thosca éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é is ciall le ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.4.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.4.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.5.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.6.Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas 'costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú'), agus measúnú ar na leibhéil riosca earráide ionchasacha (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.4.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta maidir le hardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir- inoibritheach)

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann 

Gréasáin Thras‑Eorpacha

Digiteach (claochlú digiteach ar riaracháin phoiblí, idir-inoibritheacht na hearnála poiblí)

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 44  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Forais an togra/tionscnaimh 

1.4.1.Na ceanglas/ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Beidh an rialachán infheidhme 20 lá tar éis a fhoilsithe san Iris Oifigiúil.

1.4.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar thosca éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é is ciall le ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex-ante):

Léirítear sna meastóireachtaí ar CEI agus ar chlár ISA² a thacaíonn le comhar idir-inoibritheachta Eorpach, chomh maith leis an measúnú tionchair a rinneadh don tionscnamh seo, nár baineadh amach leis an gcur chuige maidir le comhar idir-inoibritheachta deonach a glacadh go dtí seo riachtanais agus ionchais bheartais na mBallstát arna chur in iúl, mar shampla, i ndearbhuithe aireachta 2017 Taillinn agus 2020 Beirlín agus na moltaí a ghlac an grúpa saineolaithe um idir-inoibritheacht in 2021. Mar gheall ar an gclaochlú rathúil digiteach atá á dhéanamh ar earnáil phoiblí na hEorpa, tá gá le creat comhair níos cobhsaí agus níos mó cinnteachta maidir le réitigh idir-inoibritheachta a úsáid.

An breisluach ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex-post):

Ní féidir le haon eintiteas amháin idir-inoibritheacht a bhaint amach. Trí chreat um chomhar struchtúrach a chruthú ar leibhéal an Aontais, cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit agus d’eintitis an Aontais seirbhísí poiblí a dhearadh atá idir-inoibritheach trí dhearadh agus cur chun feidhme an bheartais dhigitigh a fheabhsú. Cuirfidh sé sin le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na mbeartas agus tacóidh sé leis an margadh aonair digiteach.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Cuireann an tionscnamh leis na meastóireachtaí ar an CEI agus ar an gclár ISA² a thacaíonn le comhar idir-inoibritheachta Eorpach, ar cinneadh leis an dá cheann go bhfuil gníomhaíocht idir-inoibritheachta AE tairbheach ach léiríodh leis freisin go bhféadfaí feabhas mór a chur ar an tionchar trí chreat éigeantach comhair idir-inoibritheachta a bhunú ar leibhéal an Aontais.

1.4.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá an tionscnamh bunaithe ar acmhainní na líne idir-inoibritheachta tiomnaithe laistigh de chuspóir straitéiseach 5 an Chláir don Eoraip Dhigiteach agus tá sé comhoiriúnach le, agus ábhartha do, RRF (EUR 45 bhilliún atá curtha in áirithe do chlaochlú digiteach na hearnála poiblí), TSI (ag tacú le tionscadail um athchóiriú na hearnála poiblí), agus Fís Eorpach (e.g. gníomhaíochtaí EIC).

1.4.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Braitheann an tionscnamh ar ath‑úsáid acmhainní riaracháin a úsáidtear go dtí seo le haghaidh comhar idir-inoibritheachta deonaí (CEI, an Grúpa Saineolaithe um Idir-inoibritheacht) agus an maoiniú atá ar fáil le haghaidh idir-inoibritheachta faoin DEP.

1.5.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh ó 2023 go 2027,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.6.Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe 45

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a dainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

an BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais leo;

comhlachtaí arna rialú le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus lena soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn 'Tuairimí' le do thoil.

Tuairimí

Níl aon tuairimí ann.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn maidir le seirbhísí poiblí digiteacha tras‑Eorpacha idir-inoibritheacha a fhorbairt, lena dtabharfar tús áite d’athúsáid sonraí faireacháin idirnáisiúnta, Aontais agus náisiúnta atá ann cheana agus do bhailiú uathoibríoch sonraí.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán go háirithe ar an méid seo a leanas: glacadh na réiteach idir-inoibritheachta in earnálacha éagsúla, ar fud na mBallstát, agus ar an leibhéal áitiúil; agus réitigh foinse oscailte a fhorbairt do na seirbhísí poiblí, do nuálaíocht san earnáil phoiblí agus don chomhar le gníomhaithe GovTech i réimse idir-inoibritheacht na seirbhísí poiblí digiteacha.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Déanfar na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a chur chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach, agus úsáid á baint as na modhanna cur chun feidhme a thairgtear leis an Rialachán Airgeadais, ar deontais agus soláthar iad den chuid is mó. Leis an mbainistíocht dhíreach, féadtar comhaontuithe agus conarthaí deontais le tairbhithe agus le conraitheoirí a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí a fhreastalaíonn ar bheartais an Aontais a bhunú. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faireachán díreach ar thoradh na ngníomhaíochtaí arna maoiniú. Déanfar módúlachtaí íocaíochta na ngníomhaíochtaí a mhaoinítear a oiriúnú do na rioscaí a bhaineann leis na hidirbhearta airgeadais.

D’fhonn éifeachtacht, éifeachtúlacht agus eacnamaíocht rialuithe an Choimisiúin a áirithiú, díreofar an straitéis rialaithe ar chothromaíocht idir seiceálacha ex ante agus seiceálacha ex post agus díreofar ar thrí phríomhchéim de chur chun feidhme deontais/conartha, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais: Roghnú tograí/tairiscintí a oireann do chuspóirí beartais an Rialacháin; Rialuithe oibríochtúla, faireacháin agus ex ante lena gcumhdaíonn cur chun feidhme na dtionscadal, soláthar poiblí, réamh‑mhaoiniú, íocaíochtaí eatramhacha agus deiridh, bainistiú ráthaíochtaí; Déanfar rialuithe ex post ag láithreáin na dtairbhithe/conraitheoirí ar shampla d’idirbhearta.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Áirítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo sásra rialachais a bhunú agus a oibriú leis na Ballstáit agus conarthaí soláthair phoiblí agus deontais le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha a shannadh.

Is iad seo a leanas na príomhrioscaí:

a) An riosca nach mbainfí cuspóirí an Rialacháin amach ina n‑iomláine mar gheall ar rannpháirtíocht neamhleor comhpháirtithe, glacadh le réitigh, agus/nó cáilíocht agus/nó moilleanna ar chur i bhfeidhm na dtionscadal nó na gconarthaí roghnaithe.

b) An riosca go mbainfí úsáid neamhéifeachtúil nó neamheacnamaíoch as cistí a bronnadh, le haghaidh deontas (castacht na rialacha cistiúcháin) agus le haghaidh soláthair (líon teoranta soláthraithe eacnamaíocha a bhfuil an saineolas is gá acu agus nach bhfuil a ndóthain deiseanna ann chun comparáid a dhéanamh idir tairiscintí praghsanna i roinnt earnálacha).

c) Riosca clú don Choimisiún i gcás ina gcuirtear an creat comhair chun feidhme go mall nó go neamhleor, nó má aimsítear calaois nó gníomhaíochtaí coiriúla.

Chuir an Coimisiún nósanna imeachta inmheánacha i bhfeidhm a bhfuil sé mar aidhm leo na rioscaí a shainaithnítear thuas a chumhdach. Comhlíonann na nósanna imeachta inmheánacha an Rialachán Airgeadais go hiomlán agus áirítear orthu bearta frithchalaoise agus breithnithe costais is tairbhe. Laistigh den chreat sin, déanann an Coimisiún iniúchadh i gcónaí ar na féidearthachtaí atá ann feabhas a chur ar an mbainistíocht agus ar ghnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach.

Is iad seo a leanas príomhghnéithe an chreata rialaithe:

1) Rialuithe chun rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a áirithiú

Bunaítear cleachtais iomchuí bainistíochta páirtithe leasmhara lena áirithiú go bhfuil an sásra comhair idir-inoibritheachta a bhunaítear leis an rialachán seo ag feidhmiú mar is ceart agus go ndéantar faireachán tráthrialta ar a thionchar.

2) Rialuithe roimh chur chun feidhme na dtionscadal agus lena linn (i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear DEP):

a) Cuirtear córas bainistíochta tionscadail iomchuí i bhfeidhm faoi DEP, lena ndírítear ar rannchuidiú tionscadal agus conarthaí leis na cuspóirí beartais, lena n‑áirithítear rannpháirtíocht chórasach na ngníomhaithe go léir, lena mbunaítear tuairisciú rialta ar bhainistíocht tionscadal a chomhlánaítear le cuairteanna ar an láthair ar bhonn cás ar chás, lena n‑áirítear tuarascálacha riosca don lucht bainistíochta sinsearaí, chomh maith le solúbthacht bhuiséadach iomchuí a choinneáil.

b) Déantar comhaontuithe samplacha deontas agus conarthaí seirbhíse a fhorbairt laistigh den Choimisiún. Foráiltear leo do roinnt forálacha rialaithe amhail deimhnithe iniúchóireachta, ráthaíochtaí airgeadais, iniúchtaí ar an láthair chomh maith le cigireachtaí arna ndéanamh ag OLAF. Tá simpliú á dhéanamh ar na rialacha lena rialaítear incháilitheacht costas, mar shampla, trí úsáid a bhaint as costais aonaid, cnapshuimeanna, ranníocaíochtaí nach mbaineann le costais agus féidearthachtaí eile arna dtairiscint leis an Rialachán Airgeadais. Laghdóidh sé sin costas na rialuithe agus díreoidh sé ar sheiceálacha agus ar rialuithe i limistéir ardriosca.

c) Síníonn gach ball foirne leis an gcód dea-iompair riaracháin. Aon bhall foirne a bhfuil baint acu leis an nós imeachta roghnúcháin nó le bainistíocht na gcomhaontuithe deontais/conarthaí (chomh maith), síníonn siad dearbhú easnamh coinbhleachta leasa. Cuirtear oiliúint ar an bhfoireann go rialta agus baintear úsáid as gréasáin chun dea-chleachtais a mhalartú.

d) Déantar cur chun feidhme teicniúil an tionscadail a sheiceáil go tráthrialta ag an deasc ar bhonn tuarascálacha teicniúla ar dhul chun cinn na gconraitheoirí agus na dtairbhithe; ina theannta sin, foráiltear do chruinnithe conraitheoirí/tairbhithe agus do chuairteanna ar an láthair ar bhonn gach cáis faoi leith.

3) Rialuithe ag deireadh an tionscadail:

Déantar iniúchtaí ex-post ar shampla d’idirbhearta chun incháilitheacht éileamh costais a fhíorú ar an láthair. Is é is aidhm do na rialuithe sin earráidí ábhartha a bhaineann le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart airgeadais a chosc, a bhrath agus a cheartú. D’fhonn tionchar ard‑rialaithe a bhaint amach, foráiltear le roghnú na dtairbhithe a ndéanfar iniúchadh orthu go ndéanfar roghnú riosca-bhunaithe a chomhcheangal le sampláil randamach, agus go dtabharfar aird ar ghnéithe oibríochtúla aon uair is féidir le linn an iniúchta ar an láthair.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas 'costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú'), agus measúnú ar na leibhéil riosca earráide ionchasacha (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Beidh feidhm ag na rialacha maidir le hoibriú an DEP.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Maidir lena ghníomhaíochtaí i mbainistíocht dhíreach, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n‑áiritheofar go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus díspreagthach.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál
caiteachais

Ranníocaíocht

Líon

LD/LN 46 .

ó thíortha de chuid CSTE 47

ó thíortha is iarrthóirí 48

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1

02.06.05.02 Leithdháileadh/ Idir-inoibritheacht

Difreáilte

NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas 
caiteachais

Ranníocaíocht

Líon

Difreáilte/Neamhdhifreáilte

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

Ceann ar bith

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilítear leis an togra/an tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí. Beidh tionchar buiséadach an togra cumhdaithe go hiomlán ag na leithdháiltí dá bhforáiltear cheana sa Chlár don Eoraip Dhigiteach, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

1

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach

DG: DIGIT

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 2027

Tar éis 2027 49

IOMLÁN

□ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

02.04.05.02 Clár don Eoraip Dhigiteach: Leithdháileadh/Idir‑inoibritheacht 50

Gealltanais

(1a)

23.790

24.131

25.511

28.573

29.162

131.167

Íocaíochtaí

(2a)

7.137

21.513

24.511

26.292

28.443

23.271

131.167

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

Íocaíochtaí

(2b)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 51  

02.01.30.01 Caiteachas tacaíochta le haghaidh an chláir don Eoraip Dhigiteach

(3)

0.400

0.400

0.400

0.400

0.400

2.000

IOMLÁN leithreasuithe 
do DG DIGIT

Gealltanais

=1a+1b +3

24.190

24.531

25.911

28.973

29.562

133.167

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

7.537

21.913

24.911

26.692

28.843

23.271

133.167

 



 IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

23.790

24.131

25.511

28.573

29.162

131.167

Íocaíochtaí

(5)

7.137

21.513

24.511

26.292

28.443

23.271

131.167

 IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach clár sonrach

(6)

0.400

0.400

0.400

0.400

0.400

2.000

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

24.190

24.531

25.911

28.973

29.562

133.167

Íocaíochtaí

=5+ 6

7.537

21.913

24.911

26.692

28.843

23.271

133.167

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís:

 IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

23.790

24.131

25.511

28.573

29.162

131.167

Íocaíochtaí

(5)

7.137

21.513

24.511

26.292

28.443

23.271

131.167

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

0.400

0.400

0.400

0.400

0.400

2.000

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

24.190

24.531

25.911

28.973

29.562

133.167

Íocaíochtaí

=5+ 6

7.537

21.913

24.911

26.692

28.843

23.271

133.167



Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Ba cheart an chuid seo a chomhlánú trí úsáid a bhaint as na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” atá le tabhairt isteach ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha), a uaslódáiltear chun CINNEADH a dhéanamh chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

DG: DIGIT

□ Acmhainní daonna

2.717

2.717

2.717

2.717

2.717

13.585

 Caiteachas riaracháin eile

0.105

0.105

0.105

0.105

0.105

0.525

IOMLÁN DG DIGIT

Leithreasuithe

2.822

2.822

2.822

2.822

2.822

14.110

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

2.822

2.822

2.822

2.822

2.822

14.110

EUR milliúin (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

27.012

27.353

28.733

31.795

32.384

147.277

Íocaíochtaí

10.359

24.735

27.733

29.514

31.665

23.271

147.277

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

2.717

2.717

2.717

2.717

2.717

13.585

Caiteachas riaracháin eile

0.105

0.105

0.105

0.105

0.105

0.525

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

2.822

2.822

2.822

2.822

2.822

14.110

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 52  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

0.400

0.400

0.400

0.400

0.400

2.000

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.400

0.400

0.400

0.400

0.400

2.000

IOMLÁN

3.222

3.222

3.222

3.222

3.222

16.110

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá ath‑úsáide cheana laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain 2027

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta an Choimisiúin)

14

14

14

14

14

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

 Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 53

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

6

6

6

6

6

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz 54

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)

01 01 01 12 (AC, END, INT - Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

20

20

20

20

20

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath‑úsáideadh laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht cheana, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Déanfaidh oifigigh agus foireann shealadach (oifigigh bheartais agus bainisteoirí cláir) na cúraimí agus na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme de réir an Rialacháin, go háirithe cur chun feidhme Airteagal 5-19, is é sin:

-Catalóg a fhorbairt agus a bhainistiú de réitigh idir-inoibritheachta inathúsáidte agus de Thairseach Eoraip Idir-inoibritheach;

-Athbhreithnithe agus nuashonruithe rialta ar na Creataí Idir-inoibritheachta Eorpacha, ar na modheolaíochtaí agus ar na huirlisí le haghaidh measúnuithe tionchair idir-inoibritheachta;

-Sásraí agus cur i bhfeidhm faireacháin a dhearadh;

-Bainistiú agus tacaíocht don chreat rialachais (Bord agus pobail um Eoraip Idir-inoibritheach);

-Cúraimí cothrománacha maidir le cumarsáid, bainistiú páirtithe leasmhara agus caidreamh idirinstitiúideach;

-Gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a dhréachtú, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Clúdófar oifigigh 9 AD, 2 AST agus 2 AST‑SC le baill foirne atá ag obair faoi láthair ar ghníomhaíochtaí idir-inoibritheachta in DG DIGIT.

Méadóidh ualach oibre foriomlán na ngníomhaíochtaí idir-inoibritheachta go háirithe chun tacú le bunú agus bainistiú sásra comhair struchtúrtha agus pobail chomh maith le modheolaíochtaí agus uirlisí a fhorbairt le haghaidh measúnuithe idir-inoibritheachta. Chuige sin, teastaíonn aon phost amháin AD sa bhreis, rud a fhágann go bhfuil 14 phost san iomlán ann.

Pearsanra seachtrach

Tacaíonn na poist AC agus END le cur chun feidhme an Rialacháin, ag comhlánú na bpost oifigeach go príomha i réimsí a bhaineann le comhordú leis na Ballstáit agus cruinnithe, ceardlanna agus comhdhálacha an Bhoird um Eoraip Idir-inoibritheach a eagrú, obair leantach ar thionscadail amhail catalóg a bhunú de réitigh idir-inoibritheachta in‑athúsáidte agus an Tairseach Eoraip Idir-inoibritheach agus gníomhaíochtaí faireacháin. Clúdófar 2 AC agus 3 END le baill foirne atá ag obair faoi láthair ar ghníomhaíochtaí idir-inoibritheachta in DG DIGIT. Beidh gá le cuóta AC breise, rud a fhágann go mbeidh 6 FTE san iomlán.

3.2.3.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

An togra/tionscnaimh:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athúsáid laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Ath‑imlonnófar leithreasuithe laistigh den imchlúdach airgeadais a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí Idir-inoibritheachta sa Chlár don Eoraip Dhigiteach i CAI 2021-2027.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   tá gá le hathbhreithniú ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.4.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

An togra/tionscnaimh:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnaimh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Líne bhuiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

[…]

Aon trácht eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

[…]

(1)    Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 1–38).
(2)    Féach togra le haghaidh rialachán ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh Céannacht Dhigiteach Eorpach (COM(2021) 281 final).
(3)    Moltar rialacha cothrománacha do na spásanna sonraí leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (Gníomh um Shonraí) (COM (2022) 68 final) agus leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialachas Eorpach sonraí (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (COM (2020) 767 final.
(4)     https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/f69284c4-eacb-11eb-93a8-01aa75ed71a1/languagega
(5)    Meastar gur infheistigh cuideachtaí atá lonnaithe san Aontas EUR 1 bhilliún i mbogearraí foinse oscailte (líon a bailíodh do 2018), agus gur chuir sé sin idir EUR 65 agus 95 bhilliún le Geilleagar na hEorpa. An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta, Blind, K., Pätsch, S., Muto, S., et al., An tionchar atá ag bogearraí agus crua-earraí foinse oscailte ar neamhspleáchas teicneolaíochta, ar iomaíochas agus ar nuálaíocht i ngeilleagar an Aontais: tuarascáil deiridh, Oifig na bhFoilseachán, 2021, https://data.europa.eu/doi/10.2759/430161
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - An Creat Idir-Inoibritheachta Eorpach – Straitéis Cur Chun Feidhme (COM(2017) 134 final).
(7)    Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021, lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240. (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).
(8)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú (COM(2020) 67 final).
(9)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, 19.2.2020 (COM (2020) 66 final).
(10)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Bacainní ar an Margadh Aonair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu (COM(2020) 93 final).
(11)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Digitiú an cheartais san Aontas Eorpach - Bosca uirlisí deiseanna (COM (2020) 710 final).
(12)    Teachtaireacht ó Ardrúnaíocht na Comhairle chuig na Toscaireachtaí maidir le Conclúidí an Chruinnithe Speisialta den Chomhairle Eorpach (1 agus 2 Deireadh Fómhair 2020) (EUCO 13/20).
(13)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Clár oibre an Choimisiúin 2022 An Eoraip a dhéanamh níos láidre le chéile (COM(2021) 645 final).
(14)    Tá sonraí an phróisis meastóireachta agus na dtorthaí mar aon leis an bhfianaise tacaíochta ar fáil i ndoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin (SWD(2022) 720 final).
(15)    Doiciméad Inmheánach an Choimisiúin - Meastóireacht chríochnaitheach ar chlár ISA² (SWD (2021) 965 final), a ghabhann leis an doiciméad Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Torthaí na meastóireachta deiridh ar chlár ISA ² (COM(2021) 965 final).
(16)    Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE.) (PE/41/2018/REV/2).
(17)    Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (PE/28/2019/REV/1).
(18)    Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (PE/85/2021/REV/1).
(19)    Féach togra le haghaidh rialachán ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh Céannacht Dhigiteach Eorpach (COM(2021) 281 final).
(20)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchuibhithe i ndáil le rochtain chothrom ar shonraí agus i ndáil le húsáid chothrom sonraí (an Gníomh um Shonraí) (COM(2022) 68 final).
(21)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Compás Digiteach 2030: an chonair i dtreo na Deacáide Digití (COM/2021/118 final).
(22)    Cinneadh (AE) 2015/2240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár maidir le réitigh idir-inoibritheachta agus creataí comhchoiteanna do riaracháin phoiblí, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh na hEorpa (clár ISA2) mar bhealach chun an earnáil phoiblí a nuachóiriú agus Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240.
(23)    Cás C-22/96, Parlaimint na hEorpa v. Comhairle an Aontais Eorpaigh, ECLI:EU:C:1998:258. Rialaigh an Chúirt: ‘[...] [B]aineann gnéithe áirithe den chinneadh a bhfuiltear ag cur ina choinne le hidir-inoibritheacht na ngréasán de réir bhrí an dara fleasc d'Airteagal 129c(1). Ar dtús, [...] leagtar béim i mbrollach an chinnidh sin ar an ngá atá le hidir-inoibritheacht na gcóras teileamaitice náisiúnta a áirithiú. Ar an dara dul síos, [...] foráiltear leis an gcinneadh a bhfuiltear ag cur ina choinne go bhfuil an nós imeachta speisialta a leagtar síos in Airteagal 4 infheidhme maidir le ‘rialacha agus nósanna imeachta coiteanna a ghlacadh chun idir-inoibritheacht theicniúil agus riaracháin a thabhairt i gcrích’. Thairis sin, de réir Airteagal 5(1), áirítear go háirithe sna cineálacha gníomhaíochta a bhféadfaí rannchuidiú an Chomhphobail a chuimsiú iontu bearta a bhaineann le hidir-inoibritheacht. Go deimhin, sonraítear idir-inoibritheacht mar cheann de na coinníollacha creata a leagtar síos in Airteagal 5(2). Cé go bhfuil idirnascacht agus idir-inoibritheacht na ngréasán náisiúnta chomh maith le rochtain ar líonraí den sórt sin i gceist le bunú agus forbairt líonraí tras-Eorpacha teileachumarsáide idir riaracháin, léirítear in ábhar an chinnidh a chonspóidtear go gcumhdaíonn sé bearta a thagann go sonrach faoin dara fleasc d'Airteagal 129c(1).’ (míreanna 35-36).
(24)    SWD(2022) 720 final.
(25)    An Clár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna. (2021, 18 Deireadh Fómhair). An Coimisiún Eorpach, https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?lang=en&groupID=3714
(26)    CEPS (2021): Staidéar a thacaíonn leis an meastóireacht ar chur chun feidhme CEI, an Coimisiún Eorpach. DOI: 10.2799/58201.
(27)    CEPS (2021): Staidéar a thacaíonn leis an meastóireacht deiridh ar an gclár maidir le réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh (ISA²), an Coimisiún Eorpach. DOI: 10.2799/94683.
(28)    Ulrich, P., Duch Brown, N., Minghini, M., Kotsev, A., Hernandez Quiros, L., Boguslawski, R., & Pignatelly, F. (2021). Cainníochtú na dTairbhí a ghabhann le hIdir-inoibritheacht Suíomhanna san Aontas Eorpach. An Coimisiún Eorpach.
(29)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Oiriúnacht Rialála AE (COM (2012) 746 final).
(30)    Ardán Clár Oibre Bliantúil 2022 - Ardán ‘Réidh don Todhchaí’. (n.d.). An Coimisiún Eorpach, https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/2022_annual_work_programme_-_fit_for_future_platform_en.pdf
(31)    Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an 26 Deireadh Fómhair 2012 (2012/C 326/02).
(32)    Matusiak, J., & Princ, M. (2018). r-Rialtas mar ghné den cheart chun dea-riaracháin. Laethanta eDem agus eGov Lár agus Oirthear na hEorpa, 331, 29 -39. https://doi.org/10.24989/ocg.v331.3
(33)    SWD(2020) 54 final, Bacainní ar an Margadh Aonair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu.
(34)    IO C [...], [...], lch. [...]
(35)    IO C [...], [...], lch. [...]
(36)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(37)    IO L 123, 12.5. 2016, lch. 1.
(38)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(39)    Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1).
(40)    Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(41)    Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).
(42)    Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 151, 7.6.2019, lgh. 70–115).
(43)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún An Creat Idir-Inoibritheachta Eorpach – Straitéis Cur Chun Feidhme, COM/2017/0134 final.
(44)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(45)    Tá mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(46)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(47)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(48)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí.
(49)    Is figiúirí táscacha iad na figiúirí uile sa cholún seo (‘Tar éis 2027’) agus tá siad faoi réir leanúint na gclár agus infhaighteacht leithreasuithe.
(50)    De réir ainmníocht an bhuiséid oifigiúil.
(51)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(52)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(53)    AC= Baill Foirne ar Conradh; AL= Ball Foirne Áitiúil; END= Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT= ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmí Sóisearach i dToscaireachtaí.
(54)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
Top