EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0612

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 67/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817

COM/2020/612 final

An Bhruiséil,23.9.2020

COM(2020) 612 final

2020/0278(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 67/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Cúiseanna

I mí Mheán Fómhair 2019, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann ina leagfar amach cur chuige cuimsitheach maidir leis na teorainneacha seachtracha, na córais tearmainn agus fillte, limistéar saorghluaiseachta Schengen agus an ghné sheachtrach.

Is tús nua é an Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, a cuireadh i láthair in éineacht leis an togra seo, i leith na himirce bunaithe ar chur chuige cuimsitheach maidir le bainistiú imirce. Leis an togra seo bunaítear creat coiteann maidir le bainistiú tearmainn agus imirce ar leibhéal an Aontais mar rannchuidiú lárnach leis an gcur chuige cuimsitheach agus féachtar leis an mhuinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a chur chun cinn. Is ar phrionsabail uileghabhálacha na dlúthpháirtíochta agus ar chomhroinnt chothrom na freagrachta atá an Comhaontú Nua bunaithe, comhaontú lena gcuirtear chun cinn ceapadh beartas comhtháite trí bheartais a bhaineann le réimsí éagsúla a thabhairt le chéile, mar atá réimsí an tearmainn, na himirce, an fhillte, na cosanta teorann seachtraí, an chomhraic i gcoinne smuigleáil imirceach agus an chaidrimh le tríú tíortha tábhachtacha de réir cur chuige uile-rialtais. Aithnítear leis gurb é atá i gcur chuige cuimsitheach freisin léiriú níos láidre, níos inbhuanaithe, níos nithiúla ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus ar chomhroinnt chothrom na freagrachta. Mar sin, ba cheart na prionsabail sin a chur i bhfeidhm maidir leis an mbainistiú imirce ina iomláine, idir rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe i measc gníomhaíochtaí eile.

Na dúshláin maidir leis an mbainistiú imirce, a bhaineann, go háirithe, lena áirithiú go ndéanfar daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a shainaithint go pras, nó filleadh éifeachtach (dóibh siúd nach bhfuil cosaint de dhíth orthu), ba cheart don Aontas in iomláine déileáil leo ar bhealach aonfhoirmeach. Léirítear leis na sonraí atá ar fáil go bhfuil sreafaí measctha daoine ag teacht in ionad náisiúnach tríú tír, go pointe áirithe, náisiúnaigh iad ar léir go bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu mar a tugadh faoi deara in 2015-2016. Mar sin, tá sé tábhachtach próiseas éifeachtach nua a fhorbairt lena bhféadfar bainistiú níos fearr a dhéanamh ar shreafaí imirce measctha. Go háirithe, tá sé tábhachtach uirlis a chruthú lena bhféadfar daoine nach dócha go bhfaighidh siad cosaint san Aontas a shainaithint ar an gcéim is luaithe is féidir 1 . Ba cheart an uirlis sin a chur le próiseas na rialuithe ag na teorainneacha seachtracha, le toradh gasta agus rialacha soiléire cothroma, agus ba cheart rochtain ar an nós imeachta iomchuí a bheith mar thoradh air sin (an nós imeachta tearmainn nó an nós imeachta lena n‑urramaítear an Treoir um Fhilleadh 2 ). Ba cheart go bhfeabhsódh sé na sineirgí idir rialuithe ag na teorainneacha seachtracha agus na nósanna imeachta tearmainn agus fillte.

Leis an togra seo, cuirtear scagadh roimh dhul isteach i bhfeidhm ba cheart a bheith infheidhme maidir leis na náisiúnaigh tríú tír uile atá i láthair ag an teorainn sheachtrach gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh nó i ndiaidh díbhordála, tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála. Leis an togra, tugtar isteach rialacha aonfhoirmeacha maidir leis na nósanna imeachta atá le leanúint ag an gcéim roimh dhul isteach ina ndéantar measúnú ar riachtanais aonair náisiúnach tríú tír agus tugtar isteach rialacha aonfhoirmeacha maidir le fad an phróisis a bhaineann le faisnéis ábhartha a bhailiú chun na nósanna imeachta atá le leanúint maidir leis na daoine sin a shainaithint.

Leis an togra, cruthaítear creat Eorpach trí rialacha aonfhoirmeacha a chur i bhfeidhm don scagadh a dhéantar ar imircigh neamhrialta a ghabhtar laistigh den chríoch agus ar éirigh leo éalú ó rialuithe ag na teorainneacha seachtracha ar dhul isteach i limistéar Schengen dóibh. Tá sé d’aidhm aige rannchuidiú le cosaint an limistéir Schengen agus a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtúil ar an imirce neamhrialta.

Cuspóirí agus príomhghnéithe an scagtha

Is é is cuspóir don scagadh cur le cur chuige cuimsitheach nua maidir leis an imirce agus le sreafaí measctha trína áirithiú go déanfar céannacht na ndaoine agus aon riosca sláinte nó slándála a shuíomh go gasta agus na náisiúnaigh tríú tír atá i láthair ag an teorainn sheachtrach gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh nó i ndiaidh díbhordála tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála, go ndéanfar iad a chur faoi réir an nós imeachta is infheidhme.

Ba cheart na nithe seo a leanas, go háirithe, a bheith sa scagadh:

(a)Réamhscrúdú sláinte agus leochaileachta;

(b)Seiceáil céannachta i gcomparáid le faisnéis atá i mbunachair sonraí Eorpacha;

(c)Sonraí bithmhéadracha a chlárú (i.e. sonraí méarlorg agus sonraí maidir le híomhá den aghaidh) sna bunachair sonraí ábhartha, a mhéid nach bhfuil sé déanta go fóill; agus

(d)Seiceáil slándála trí chuardach a dhéanamh sna bunachair sonraí ábhartha náisiúnta agus Aontais, go háirithe Córas Faisnéise Schengen (CFS), chun a fhíorú nach bagairt é an duine sin don tslándáil inmheánach.

Meastar go mbainfidh breisluach leis na nósanna imeachta atá ann faoi láthair ag na teorainneacha seachtracha de bharr an scagtha atá beartaithe, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

rialacha aonfhoirmeacha a chruthú maidir le sainaithint náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach dá bhforáiltear i gCód Teorainneacha Schengen, agus seiceálacha sláinte agus slándála a dhéanamh orthu ag na teorainneacha seachtracha, agus ar an gcaoi sin an tslándáil a mhéadú laistigh de limistéar Schengen;

a shoiléiriú nach n‑údaraítear do náisiúnaigh tríú tír dul isteach ach amháin má thugtar údarú dóibh tar éis measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le dul isteach nó i gcás ina gcinnfidh an Ballstát na rialacha speisialta dá dtagraítear in Airteagal 6(5) de Chód Teorainneacha Schengen a chur i bhfeidhm i gcásanna aonair;

uirlis aonfhoirmeach a chruthú chun na náisiúnaigh tríú tír uile atá i láthair ag an teorainn sheachtrach gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh nó i ndiaidh díbhordála tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála a chur faoi réir an nós imeachta iomchuí: nós imeachta lena n‑urramaítear an Treoir um Fhilleadh nó, i gcás iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, an gnáthnós imeachta tearmainn, nós imeachta brostaithe, an nós imeachta tearmainn ag teorainneacha nó, ar deireadh, athlonnú go dtí Ballstát eile (gan dochar do thoradh na nósanna imeachta sin, nó gan teacht ina n‑ionad) agus

creat de chuid an Aontais a chruthú freisin maidir le scagadh a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír a tháinig isteach i gcríoch na mBallstát gan údarú agus a ghabhtar iad laistigh dá gcríoch.

Foráiltear sa togra gur cheart cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann a chosaint le cuidiú ó shásra faireacháin neamhspleách atá le bunú ag na Ballstáit. Ba cheart a chumhdach leis an sásra faireachán sin, go háirithe, urraim do chearta bunúsacha i ndáil leis an scagadh, agus urraim do na rialacha náisiúnta is infheidhme i gcás coinneála agus comhlíontacht le prionsabal an non-refoulement. Ina theannta sin, ba cheart a áirithiú leis go ndéileálfar le gearáin go gasta agus ar bhealach iomchuí.

Ar deireadh, aithnítear sa togra ról ghníomhaireachtaí an Aontais – Frontex agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, gníomhaireachtaí a fhéadfaidh gabháil i dteannta na n‑údarás inniúil agus tacaíocht a thabhairt dóibh leis na tascanna a bhaineann leis an scagadh. Tugtar ról tábhachtach sa togra freisin don Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit sásraí a fhorbairt le haghaidh faireachán neamhspleách a dhéanamh ar chearta bunúsacha i ndáil leis an scagadh.

Raon feidhme an togra

Ba cheart feidhm a bheith ag an scagadh atá beartaithe ag na teorainneacha seachtracha maidir leis na nithe seo a leanas:

na náisiúnaigh tríú tír uile a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha lasmuigh de na pointí trasnaithe teorann a bhfuil na Ballstáit faoi oibleagáid faoi Rialachán Eurodac a méarloirg a thógáil, lena n‑áirítear iad siúd a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

náisiúnaigh tríú tír a dhíbhordáiltear tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála; agus

náisiúnaigh tríú tír a chuireann iad féin in iúl ag pointí trasnaithe teorann gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh agus a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Ag an am céanna, ní mór don scagadh a bheith ag brath ar na huirlisí arna gcur i bhfeidhm le hionstraimí reachtacha eile agus nasc a dhéanamh leo, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le Eurodac 3 , le húsáid Córas Faisnéise Schengen le haghaidh filleadh 4 agus le Nósanna Imeachta Tearmainn 5 .

Náisiúnaigh tríú tír a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha lasmuigh de na pointí trasnaithe teorann nó a dhíbhordáiltear tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, lena n‑áirítear iad siúd a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta



Faoi Chód Teorainneacha Schengen 6 , ní féidir teorainneacha seachtracha a thrasnú ach ag na pointí trasnaithe teorann ar tugadh fógra fúthu 7 . Is éard atá i gceist leis an rialú teorann 8 seiceálacha teorann a dhéanamh ag na pointí trasnaithe teorann agus faireachas teorann, a dhéantar idir na pointí trasnaithe teorann chun cosc a chur ar dhaoine a bheith ag teacht timpeall ar sheiceálacha teorann, chun an choireacht thrasteorann a chomhrac agus chun bearta a dhéanamh i gcoinne daoine atá tar éis an teorainn a thrasnú gan údarú. Dá réir sin, na náisiúnaigh tríú tír a thrasnaigh na teorainneacha seachtracha ar bhealach neamhúdaraithe agus nach bhfuil aon cheart acu fanacht ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, ní mór iad a chur faoi réir nósanna imeachta lena n‑urramaítear an Treoir um Fhilleadh 9 . I gcás ina ndéanfaidh náisiúnach tríú tír iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ní mór a áirithiú go mbeidh rochtain ag an duine sin ar an nós imeachta tearmainn agus go ndéanfar iad a tharchur chuig na húdaráis tearmainn. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin, de réir mar is iomchuí, maidir le náisiúnaigh tríú tír a díbhordáladh i ndiaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála.

Chun gur féidir an scagadh a chomhtháthú sa chreat dlí atá ann cheana, go háirithe Rialachán Eurodac agus Córas Faisnéise Schengen um fhilleadh 10 agus an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn 11 , ba cheart go gcumhdófaí leis an scagadh éigeantach a dhéantar ar náisiúnaigh tríú tír a ghabhtar lasmuigh de na pointí trasnaithe teorann iad siúd a bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit a gcuid sonraí bithmhéadracha a thógáil i gcomhréir le Rialachán Eurodac 12 .

Ní dhéantar foráil i gCód Teorainneacha Schengen maidir le haon oibleagáid shonrach a bhaineann le scrúduithe sláinte a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír a ghabhtar le linn faireachas teorann. Na náisiúnaigh tríú tír atá i láthair ag an teorainn sheachtrach gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh nó i ndiaidh díbhordála tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála, d’fhéadfadh sé gur fágadh iad gan chosaint ar bhagairtí sláinte (e.g. agus iad ag teacht ó limistéir chogaidh, nó de thoradh iad a bheith fágtha gan chosaint ar ghalair theagmhálacha). Mar sin, tá sé tábhachtach na daoine sin a bhfuil cúraim láithreach de dhíth orthu agus mionaoisigh agus daoine leochaileacha chomh maith a shainaithint ag an gcéim is luaithe is féidir, chun iad a chur faoi réir nós imeachta teorann nó nós imeachta tearmainn brostaithe, i gcomhréir leis na critéir is infheidhme maidir leis na nósanna imeachta sin. Léiríonn ráig COVID-19 le déanaí go bhfuil gá le scrúduithe sláinte chun daoine a shainaithint nach mór a leithlisiú ar fhorais sláinte poiblí . Mar sin, tá gá le rialacha aonfhoirmeacha maidir le réamhscrúduithe sláinte, rialacha a bheadh infheidhme maidir leis na náisiúnaigh tríú tír uile a ndéantar an scagadh orthu.

Na náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach agus a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag pointí trasnaithe teorann

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Chód Teorainneacha Schengen, ba cheart an rialú teorann a chur i gcrích gan dochar do chearta na ndídeanaithe agus na náisiúnach tríú tír a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Níl treoracha leordhóthanacha i gCód Teorainneacha Schengen, áfach, le haghaidh na ngardaí teorann maidir leis an gcaoi déileáil le náisiúnaigh tríú tír a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag pointí trasnaithe teorann 13 agus tá cleachtais éagsúla ann ar fud na mBallstát. Mar thoradh air sin, na náisiúnaigh tríú tír a ligtear isteach sa chríoch cé nach gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le dul isteach, bunaithe ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, d’fhéadfadh na náisiúnaigh tríú tír sin éalú.

Ina theannta sin, maidir le náisiúnaigh tríú tír atá sa chás sin chomh maith, níl aon riail ann faoi láthair maidir le scrúduithe sláinte. Mar sin, tá gá le rialacha breise a leagan síos chun an rialú teorann ag na teorainneacha seachtracha a nascadh go héasca leis na nósanna imeachta ábhartha ina dhiaidh sin faoin acquis tearmainn nó fillte.

Ní mór a shoiléiriú chomh maith nár cheart údarú a thabhairt do na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann dul isteach i gcríoch na mBallstát le linn an scagtha, is é sin le rá le linn na seiceálacha a dhéantar chun na nósanna imeachta iomchuí ina dhiaidh sin a chinneadh. Ba cheart feidhm a bheith ag an riail sin maidir leis na náisiúnaigh tríú tír uile a ndéantar scagadh orthu ag na teorainneacha seachtracha.

Ráthaíochtaí de thoradh na nósanna imeachta is infheidhme agus infheidhmeacht an athlonnaithe

Maidir leis na náisiúnaigh tríú tír uile a ndéantar an scagadh orthu, más rud é go ndéanann siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta tráth a ngabhála nó le linn an rialaithe teorann ag pointe trasnaithe teorann nó le linn an scagtha, ba cheart iad a mheas mar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. Níor cheart, áfach, feidhm a bheith ag Airteagail 26 agus 27 de Rialachán [APR] XXXX ná ag na héifeachtaí dlí a bhaineann leis an [Treoir maidir le Coinníollacha Glactha] XXXX go dtí go mbeidh deireadh leis an scagadh.

Ar an gcaoi chéanna, níor cheart feidhm a bheith ag na nósanna imeachta arna mbunú leis an Treoir um Fhilleadh maidir leis na daoine a chumhdaítear leis an togra seo go dtí go mbeidh deireadh leis an scagadh.

Féadfar athlonnú a dhéanamh i ndiaidh an scagtha faoin sásra dlúthpháirtíochta arna bhunú le Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce] i gcás ina bhfuil Ballstát ag rannchuidiú leis an dlúthpháirtíocht ar bhonn deonach nó nach bhfuil iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta faoi réir an nós imeachta teorann de bhun Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn), nó faoin sásra lena dtugtar aghaidh ar chásanna géarchéime arna mbunú le Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le cásanna géarchéime].

Eisiamh ginearálta

Níor cheart feidhm a bheith ag an scagadh maidir le náisiúnaigh tríú tír a chomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen). Má thagann sé chun solais le linn an scagtha go gcomhlíonann na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann na coinníollacha sin, ba cheart deireadh a chur leis an scagadh láithreach agus údarú a thabhairt don náisiúnach tríú tír dul isteach i gcríoch an Bhallstáit. Ní dhéanann sé seo difear don deis pionóis a chur i bhfeidhm maidir le teorainn sheachtrach a thrasnú gan údarú, dá dtagraítear in Airteagal 5(3) de Chód Teorainneacha Schengen.

Ar an gcaoi chéanna, níor cheart feidhm a bheith ag an scagadh maidir le náisiúnaigh tríú tír a d’fhéadfadh Ballstát maolú a chur i bhfeidhm ina leith a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le dul isteach, nó a bhfuil sé d’oibleagáid ar an mBallstát maolú a chur i bhfeidhm ina leith. Foráiltear liosta uileghabhálach de chásanna den sórt sin in Airteagal 6(5) de Chód Teorainneacha Schengen agus áirítear leis sin cásanna náisiúnach tríú tír a bhfuil cead cónaithe nó víosa fadfhanachta ó Bhallstát eile acu agus a n‑údarófar dóibh dul isteach sa chríoch chun idirthuras a dhéanamh, nó náisiúnaigh tríú tír atá údaraithe ag Ballstát i gcinneadh aonair dul isteach ina chríoch ar fhorais dhaonnúla (chun cóir leighis a fháil, mar shampla). Mar sin féin, i gcás ina measfaidh an Ballstát go bhféadfadh na daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu tairbhe a bhaint as cinneadh aonair lena n‑údaraítear cead isteach dá dtagraítear in Airteagal 6(5)(c), ba cheart an duine sin a chur faoi réir an scagtha agus ba cheart an t‑údarú dul isteach a chur ar feitheamh go dtí go mbeidh toradh ar an nós imeachta iomchuí maidir le cosaint idirnáisiúnta a dheonú.

Náisiúnaigh tríú tír a ghabhtar laistigh den chríoch

Náisiúnaigh tríú tír a ghabhann na póilíní nó aon údarás inniúil eile i gcríoch Bhallstáit, gan na coinníollacha maidir le dul isteach agus fanachta á gcomhlíonadh acu, ní mór iad a bheith faoi réir na nósanna imeachta fillte i gcomhréir leis an Treoir um Fhilleadh, ach amháin más rud é go ndéanann siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Sa chás sin, ba cheart scrúdú a bheith déanta ar a n‑iarratas nó údarú nó cead fanachta a bheith deonaithe dóibh sa Bhallstát lena mbaineann.

Chun cosaint níos fearr a thabhairt do limistéar Schengen agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú ceart ar an imirce neamhrialta, ba cheart oibleagáid a bheith ar na Ballstáit scagadh a dhéanamh ar na daoine sin. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le rófhantóirí (náisiúnaigh tríú tír a sháraigh tréimhse ama a víosa, trí fhanacht sna Ballstáit ar feadh tréimhse níos faide ná 90 lá as tréimhse 180 lá, nó trí fhanacht ar feadh tréimhse atá níos faide ná an tréimhse a cheadaítear le cead cónaithe nó víosa fadfhanachta) toisc go raibh na daoine sin faoi réir seiceálacha teorann ar theacht isteach dóibh.

An scagadh a dhéantar ar dhaoine a ghabhtar i gcríoch Bhallstáit (agus an teorannú thuasluaite á urramú) ba cheart dó cúiteamh a dhéanamh air gur chosúil gur éirigh leis na daoine sin dul timpeall ar na seiceálacha teorann ar dhul isteach dóibh san Aontas Eorpach nó i limistéar Schengen. Trí na cásanna sin a chur san áireamh i raon feidhme an rialacháin atá beartaithe, déantar é a áirithiú go leanfaidh an scagadh sin rialacha agus caighdeáin aonfhoirmeacha.

Sna cásanna sin, ba cheart tús a chur leis an scagadh de dheasca easpa stampa dul isteach i ndoiciméad taistil nó easpa doiciméid taistil é féin, is é sin le rá nach féidir a chruthú go hinchreidte gur thrasnaigh siad an teorainn sheachtrach ar bhealach rialta. Nuair a chuirfear tús le hoibríocht an Chórais Dul Isteach/Imeachta in 2022 cuirfear taifid níos iontaofa sa chóras leictreonach ann in ionad stampaí, taifid a chuirfear ar fáil chomh maith do na húdaráis forghníomhaithe dlí, lena gcuirfear cinnteacht bhreise ar fáil maidir le dul isteach dleathach náisiúnach tríú tír i gcríoch na mBallstát.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tugtar aghaidh sa togra ar na dúshláin a bhaineann le teorainneacha seachtracha a chosaint agus le gluaiseachtaí neamhúdaraithe laistigh de limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a chosc. Leis an scagadh comhlánaítear na rialacha maidir le rialú teorann ag na teorainneacha seachtracha mar a leagtar amach i Rialachán 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen). Comhlánaítear leis go sonrach oibleagáidí na mBallstát a eascraíonn as Airteagail 3 agus 13 den Chód maidir leis an oibleagáid dul isteach neamhúdaraithe a chosc, agus an oibleagáid rialuithe teorann a chur i gcrích gan dochar do chearta na ndídeanaithe agus na náisiúnach tríú tír atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta. Léiríonn sé freisin go dtoimhdítear nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dul isteach in éagmais stampa i ndoiciméad taistil (nó, tar éis tús a chur le hoibríocht an Chórais Dul Isteach/Imeachta in 2022, in éagmais iontrála sa chóras leictreonach a mbeidh rochtain ag na húdaráis forfheidhmithe dlí air freisin) maidir le náisiúnaigh tríú tír a ghabhtar i gcríoch Bhallstáit.

Léirítear sa togra na forbairtí is déanaí ar acquis Schengen, go háirithe cur chun feidhme an Chórais Dul Isteach/Imeachta 14 , atá beartaithe do 2022. Leis sin cuirtear san áireamh freisin an creat idir-inoibritheachta arna bhunú le Rialacháin (AE) 2019/817 15 agus (AE) 2019/818 16 . Na hathruithe is gá sna gníomhartha dlí lena mbunaítear na bunachair sonraí faoi leith, amhail an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), tá siad teoranta do chearta rochtana a chur ar fáil do na húdaráis ainmnithe i gcomhthéacs an scagtha.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is é atá sa togra seo ceann de bhunábhair reachtacha an Chomhaontaithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann agus foráiltear leis gné bhreise sa bhainistiú imirce i gcomhsheasmhacht iomlán leis na tograí le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn, Rialachán maidir le cásanna géarchéime agus an togra leasaithe maidir le Rialachán Eurodac athmhúnlaithe.

In éineacht leis an gcomhaontú, is é is cuspóir don togra seo cur le cur chuige cuimsitheach i leith na himirce trí nasc lánéifeachtach a bhunú idir gach céim den phróiseas imirce, idir teacht isteach agus próiseáil ar na hiarrataí ar chosaint idirnáisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, filleadh. Ní mór é seo a bheith ag gabháil bonn ar bhonn le lánurraim do na cearta bunúsacha. Chuige sin, tá sé beartaithe a áirithiú go gcuirfidh gach Ballstát sásra faireacháin neamhspleách ar bun chun a áirithiú go ndéantar na cearta bunúsacha a chomhlíonadh maidir leis an scagadh agus go ndéanfar aon líomhain maidir le sárú ar chearta bunúsacha a imscrúdú mar is ceart.

Ba cheart an sásra faireacháin don scagadh a bheith mar chuid de rialachas agus d’fhaireachán staid na himirce dá bhforáiltear sa Rialachán nua maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce (AMMR). Ba cheart do na Ballstáit torthaí a sásra faireacháin náisiúnta a chomhtháthú faoin Rialachán seo lena straitéisí náisiúnta dá bhforáiltear in AMMR.

Ní dhéanann an togra seo aon difear do na nósanna imeachtaí atá ann cheana féin i réimse an tearmainn agus an fhillte agus ní chúngaíonn sé cearta an duine aonair ach eagraíonn sé an chéim roimh dhul isteach ar bhealach níos fearr chun úsáid níos fearr a bhaint as na nósanna imeachta sin.

Ba cheart tarchur na náisiúnach tríú tír lena mbaineann chuig na húdaráis iomchuí a bheith mar thoradh ar an scagadh, na húdaráis sin ar cheart dóibh na cinntí ábhartha a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a bailíodh ar an bhfoirm fhaisnéisithe le linn an scagtha.

Mar sin, ba cheart go gcuideodh an fhaisnéis a bhailítear le linn an scagtha na nósanna imeachta faoi seach a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtúla. Ba cheart go gcuideodh an fhaisnéis sin, go háirithe, leis na húdaráis tearmainn ábhartha na hiarratasóirí tearmainn sin a thiocfadh faoi raon feidhme an nós imeachta tearmainn a shainaithint, i gcomhréir leis na leasuithe atá beartaithe ar an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn. Ba cheart go gcuideodh an fhaisnéis sin an smuigleáil a chomhrac agus rialuithe teorann a fheabhsú trí thuiscint níos fearr a fháil ar shreafaí imirce.

Ba cheart na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear i Rialachán XXXX [Rialachán Eurodac] a bailíodh le linn an scagtha, mar aon leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagail [12, 13, 14 agus 14a] den rialachán sin a tharchur chuig Eurodac maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a gcuid méarlorg a thógáil. Ceanglaítear leis an rialachán seo an bailiúchán agus an tarchur sin le linn an scagtha agus sonraítear go sealadach leis na hoibleagáidí a bhaineann le méarloirg náisiúnach tríú tír a thógáil agus a chlárú agus ar an gcaoi sin dearbhaítear na hoibleagáidí sin. Ba cheart don scagadh seiceáil ar chórais mhórscála TF eile a éascú, amhail Córas Faisnéise Schengen, ar mhaithe leis an bhfilleadh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 77 (2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a bhaineann le beartas a fhorbairt chun seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha.

Maidir leis na leasuithe ar na rialacháin lena mbunaítear bunachair sonraí difriúla (VIS, EES, ETIAS) agus ar an rialachán lena mbunaítear idir-inoibritheacht, tá an togra bunaithe ar Airteagal 77(2)(d) CFAE chomh maith, Airteagal a bhaineann le beartas a fhorbairt d’fhonn aon bheart is gá a dhéanamh chun córas comhtháite bainistíochta a bhunú do theorainneacha seachtracha.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá gníomhaíocht i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais ag teacht faoi chuimsiú ceann de na réimsí inniúlachta arna gcomhroinnt idir an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CFAE. Mar sin, tá prionsabal na coimhdeachta infheidhme de bhua Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach: Ní ghníomhóidh an tAontas ach amháin mura féidir, agus a mhéid nach féidir, leis na Ballstáit cuspóirí an bhirt arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach, (bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil), ach gur féidir, (de bharr fhairsinge nó éifeachtaí an bhirt arna beartú), na cuspóirí sin a ghnóthú ar leibhéal an Aontais.

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo a chur i gcrích go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n‑aonar, agus is féidir iad a chur i gcrích níos fearr ar leibhéal an Aontais. Is é is cúis leis sin go mbaineann siad le seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha agus faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha sin. Mar a mhínítear in Aithris 6 de Chód Teorainneacha Schengen ‘ní hamháin go ndéanann an rialú teorann leas an Bhallstáit a gcuirtear i gcrích ag a theorainneacha é ach déanann sé leas na mBallstát go léir a bhfuil deireadh curtha acu le rialú ag teorainneacha seachtracha. Ba cheart rialú teorann a bheith ina chúnamh chun imirce mhídhleathach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac agus aon bhaol do shlándáil inmheánach, do bheartas poiblí, do shláinte phoiblí agus do chaidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a chosc’.

Leis na bearta atá beartaithe comhlánaítear na rialacha atá ann cheana féin maidir leis an rialú teorann ag an teorainn sheachtrach dá bhforáiltear le Cód Teorainneacha Schengen agus bearta eile arna nglacadh faoi Airteagal 77(2)(b) CFAE. Trí fheabhas a chur ar fhorléargas na n‑údarás inniúil orthu sin atá ag trasnú na dteorainneacha seachtracha agus trí cuidiú le cinneadh níos gasta ar an nós imeachta atá le cur i bhfeidhm maidir leis na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, cuidíonn na bearta atá beartaithe le limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a chaomhnú. Féadfaidh an tAontas, dá bhrí sin, na bearta atá beartaithe a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

Comhréireacht

Tá an togra seo comhréireach leis na cuspóirí sainaitheanta.

Is freagairt é an togra seo ar na heasnaimh shainaitheanta i mbainistiú sreafaí measctha de náisiúnaigh tríú tír atá i láthair ag an teorainn sheachtrach gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh nó i ndiaidh díbhordála, tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála, lena n‑áirítear náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu.

Tugtar isteach leis an togra an oibleagáid sonraí bithmhéadracha náisiúnach tríú tír lena mbaineann a sheiceáil i gcomparáid le Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (CIR) arna bhunú leis an Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht, ina bhfuil sonraí céannachta uile na ndaoine a bhfuil a gcuid sonraí sna córais mhórscála TF i réimse na himirce, na slándála agus an cheartais. Ceaptar an oibleagáid sin sa chaoi nach dtabharfar rochtain ach ar na sonraí sin a bhfuil fíorghá leo chun náisiúnaigh tríú tír a shainaithint (tá na sonraí a bhfaighfear rochtain orthu cosúil leis na sonraí atá i ndoiciméad taistil) agus nach ndéanfar faisnéis nua a dhúbláil nó a bhailiú i gcóras mórscála TF.

Ba cheart úsáid a bhaint as na córais faisnéise ábhartha Eorpacha chun an tseiceáil slándála a dhéanamh agus, a mhéid is féidir, an tseiceáil a dhéanamh ar bhonn na sonraí bithmhéadracha, chun an baol go ndéanfar sainaithint mícheart a íoslaghdú.

Tá sé d’aidhm ag an togra sineirgí a chothú idir na nósanna imeachta difriúla agus na céimeanna a bhaineann le imircigh agus iarrthóirí tearmainn a bhainistiú. Mar shampla, le linn an scagtha, caithfear aon chuardach a rinneadh sna bunachair sonraí ábhartha, go háirithe an Córas Faisnéise Schengen, a chur san áireamh. Tá sin ábhartha go háirithe maidir le daoine a iarrann cosaint idirnáisiúnta ag an bpointe trasnaithe teorann, ar cheart cuardach a bheith déanta sna bunachair sonraí cheana féin ina leith le linn na seiceálacha teorann.

Meastar go mbeidh bailiú na faisnéise cuimsithí is gá maidir le náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann ina chuidiú le dlús a chur leis an hiarratais ar thearmann faoi dheireadh an scagtha.

Ar an gcaoi chéanna, na rialacha aonfhoirmeacha atá beartaithe maidir le scrúduithe sláinte agus sainaithint náisiúnach tríú tír a bhfuil leochaileachtaí acu ag na teorainneacha seachtracha, tá na rialacha sin teoranta go docht don mhéid a mbeidh géarghá leis chun cuspóir an togra a bhaint amach, i,e náisiúnaigh tríú trí a bhfuil cúram láithreach de dhíth orthu a shainaithint nó nach mór iad a leithlisiú ar fhorais sláinte poiblí , chomh maith le daoine a bhfuil leochaileachtaí acu nó a bhfuil riachtanais speisialta acu maidir le glacadh nó nós imeachta chun tacaíocht leordhóthanach a áirithiú dóibh. Ceanglaítear leis an togra freisin go ndéanfar soláthar faisnéise a bhaineann leis an scagadh a choigeartú do riachtanais na mionaoiseach agus a áirithiú go mbeidh foireann cháilithe oilte ann chun déileáil le mionaoisigh.

Soiléirítear sa togra nár cheart údarú a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír dul isteach i gcríoch Bhallstáit le linn an scagtha ag an teorainn sheachtrach. Táthar ag súil go gcuideoidh sé aghaidh a thabhairt go háirithe ar chásanna ar leith ina léirítear suim iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta le linn na seiceálacha teorann ach nach leantar leis an iarratas nó go ndéantar é ina dhiaidh sin i mBallstát eile. Maidir leis an riail lena ndiúltaítear údarú dul isteach a thabhairt le linn an scagtha, léiríonn sé sin oibleagáid na ngardaí teorann a áirithiú nach dtabharfar údarú dul isteach do náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach. Is faoin dlí náisiúnta a fhágtar é, mar sin, a chinneadh cé na cásanna ina mbeidh gá le coinneáil agus na módúlachtaí lena mbaineann.

Déantar foráil leis an togra freisin maidir le scagadh atá le cur i bhfeidhm i ndáil le náisiúnaigh tríú tír a aimsítear laistigh de chríoch na mBallstát i gcás nach bhfuil aon sonra ar chor ar bith ann gur thrasnaigh siad an teorainn sheachtrach chun dul isteach i gcríoch na mBallstát ar bhealach údaraithe. Ní bhaineann sé sin le ‘rófhantóirí’, amhail sealbhóirí víosaí gearrfhanachta a fhanann níos faide ná trí mhí, nó daoine a bhfuil cead cónaithe acu ach a fhanann tar éis é a bheith dulta in éag. Bhí na daoine sin faoi réir seiceálacha teorann ar theacht isteach dóibh i limistéar Schengen; ní bhaineann an tsaintréith neamhrialta atá lena bhfanacht leis an mbealach ar tháinig siad isteach, ach leis an gcaoi nár fhág siad in am trátha.

An rogha ionstraime

Leis an togra comhlánaítear agus sonraítear na rialacha aonfhoirmeacha maidir leis an rialú teorann ag na teorainneacha seachtracha atá sa Rialachán maidir le Teorainneacha Schengen, trína chur de cheangal ar na Ballstáit scagadh a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír, sna trí chás dá dtagraítear thuas, arb é a bheidh ann seiceáil céannachta, seiceáil slándála agus scrúdú sláinte, i gcás inar gá, chun a chur ar chumas na n‑údarás iad a chur faoi réir na nósanna imeachta iomchuí maidir le tearmann nó filleadh. Chun a chuidiú ar an mbealach sin le slándáil limistéar Schengen agus le héifeachtacht bheartas tearmainn agus imirce an Aontais, ba cheart na seiceálacha sin a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin aonfhoirmeacha. Chun na caighdeáin sin a leagan síos, tá gá le forálacha atá infheidhme go díreach. Dá bhrí sin, is Rialachán í an ionstraim iomchuí chun an scagadh sin a eagrú.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Cuireann an Coimisiún ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise chun feidhme, agus tagraíonn sé don doiciméad ar leith (XXX) ina ndéantar cur síos ar na sonraí agus na gnéithe a thacaíonn leis an gcur chuige atá beartaithe i leith na ndúshlán éagsúil, dúshláin ar sainaithníodh iad ó bhí 2016 ann, a bhaineann le hathchóiriú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn (CET) a thabhairt chun críche. Tá na sonraí agus an fhaisnéis a chuirtear i láthair sa doiciméad sin ábhartha freisin don togra lena dtugtar isteach an scagadh mar chuid den phróiseas rianúil do na náisiúnaigh tríú tír uile nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach ag trasnú theorainneacha seachtracha limistéar Schengen dóibh.

   Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa agus páirtithe leasmhara roinnt uaireanta chun a dtuairimí siúd a fháil faoin gComhaontú maidir le hImirce agus Tearmann amach anseo. Tá malartuithe straitéiseacha agus teicniúla araon tionólta ag Uachtaránachtaí na Rómáine, na Fionlainne, agus na Cróite i gcomhthráth, i dtaca le gnéithe ar leith den bheartas imirce amach anseo, lena n‑áirítear an tearmann, an filleadh, agus an caidreamh le tríú tíortha maidir le hathligean isteach agus ath-lánpháirtiú. Sna comhairliúcháin sin léiríodh tacaíocht ar son tús nua maidir le beartas tearmainn agus imirce an Aontais chun na nithe seo a leanas a dhéanamh – aghaidh a thabhairt ar fhabhtanna CET ar bhonn práinne, cur le héifeachtúlacht an chórais fillte, struchtúr níos fearr a chur ar ár gcaidreamh le tríú tíortha maidir le hathligean isteach agus iad a ullmhú ar bhealach níos fearr, agus a áirithiú go ndéanfar imircigh atá ag filleadh a ath-lánpháirtiú ar bhealach inbhuanaithe.

Tá an Coimisiún tar éis dul i mbun idirphlé leanúnach le Parlaimint na hEorpa roimh sheoladh an Chomhaontaithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann, agus leagadh béim go háirithe ar an ngá a áirithiú go dtabharfar lánurraim do chearta bunúsacha. Thionóil Leas-Uachtarán Schinas agus an Coimisinéir Johansson comhairliúcháin leis na Ballstáit uile freisin sna chéad 100 lá in oifig dóibh agus thionóil siad comhairliúcháin leantacha dhéthaobhacha leis na Ballstáit uile. D’aithin na Ballstáit an gá atá le haontas, le dul chun cinn de réir a chéile maidir leis na laigí sa chóras atá ann faoi láthair a réiteach, an gá atá le córas nua comhroinnte córa freagrachta ar féidir na Ballstáit uile cuidiú leis, an gá atá le cosaint láidir teorann, agus an tábhacht a bhaineann le gné sheachtrach na himirce agus feabhas a chur ar an bhfilleadh. Léirigh tromlach na mBallstát a suim maidir le nósanna imeachta soiléire éifeachtúla ag na teorainneacha seachtracha, go háirithe chun gluaiseachtaí neamhúdaraithe a chosc agus an filleadh a éascú. Dúirt roinnt Ballstát, áfach, nár cheart aon ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a chruthú.

Thionóil an Coimisinéir Johansson comhairliúcháin spriocdhírithe roinnt uaireanta le heagraíochtaí idirnáisiúnta chomh maith, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta (ESSanna), eagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla ábhartha sna Ballstáit, agus comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha.

Chuir an Coimisiún roinnt mhaith moltaí san áireamh freisin ó údaráis náisiúnta agus áitiúla 17 , eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) 18 , an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) 19 , mar aon le meithleacha machnaimh agus lucht acadúil, maidir leis an gcaoi leis na nithe a leanas a dhéanamh – tús nua a shamhlú agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce atá ann faoi láthair i gcomhréir le caighdeáin um chearta an duine. Chuir an Coimisiún san áireamh freisin rannchuidiú agus staidéir Ghréasán Imirce na hEorpa 20 , a seoladh ar thionscnamh an Choimisiúin agus a rinne roinnt staidéar speisialaithe agus cuardaigh ad hoc le blianta beaga anuas.

Cearta bunúsacha

Leis an togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sna na gníomhartha seo a leanas:

·Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

·na hoibleagáidí a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta, go háirithe ó Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe,

·an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint,

·an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus

·Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta.

Déanfar an scagadh ar bhealach ina dtugtar lánurraim do na cearta bunúsacha faoi mar a chumhdaítear sa Chairt, lena n‑áirítear

·an ceart chun dínit an duine (Airteagal 1),

·toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach (Airteagal 4),

·an ceart chun tearmainn (Airteagal 18),

·cosaint i gcás asbhainte, díbeartha nó eiseachadta (Airteagal 19)

·prionsabal an neamh-idirdhealaithe (Airteagal 21) agus

·ardleibhéal cosanta le haghaidh shláinte an duine (Airteagal 35).

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Chairt um Chearta Bunúsacha agus oibleagáidí idirnáisiúnta eile an Aontais maidir leis an scagadh, agus á chur san áireamh freisin an gá a bheidh i gcónaí le rochtain ar nósanna imeachta a chur ar fáil, tá sé de cheangal ar na Ballstáit sásra faireacháin neamhspleách a bhunú. Ba cheart a chumhdach leis an sásra faireacháin, go háirithe, urraim do chearta bunúsacha i gcónaí le linn an scagtha, agus urraim do na rialacha náisiúnta is infheidhme i gcás coinneála. Ba cheart don Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha treoir ghinearálta a leagan síos maidir leis an sásra sin a chur ar bun agus feidhmiú neamhspleách an tsásra. Ina theannta sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, arna iarraidh sin do Bhallstát, tacú leis na húdaráis náisiúnta chun an sásra faireacháin náisiúnta a fhorbairt, go háirithe maidir le coimircí dá neamhspleáchas a leagan síos agus modheolaíocht a bhunú maidir le faireachán agus bearta oiliúna. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú chomh maith go ndéantar foráil ina ndlí náisiúnta i leith imscrúduithe ar líomhaintí maidir le sárú ar chearta bunúsacha le linn an scagtha, lena n‑áirítear a áirithiú go ndéileáiltear leis na gearáin go gasta agus ar bhealach iomchuí.

Sa togra cuirtear san áireamh go hiomlán cearta an linbh agus riachtanais speisialta daoine leochaileacha, trí thacaíocht a soláthar ar bhealach tráthúil agus leordhóthanach, ag féachaint dá sláinte choirp agus mheabhrach. I gcás na mionaoiseach, cuirfidh foireann atá cáilithe agus oilte chun déileáil le mionaoisigh tacaíocht ar fáil, agus cuirfidh siad na húdaráis cosanta leanaí ar an eolas.

Déanann an togra seo difear don cheart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt) ar thrí bhealach, ach tá siad riachtanach agus comhréireach, mar sin féin, chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, chun slándáil limistéar Schengen a mhéadú agus chun a áirithiú go bhfuil próiseas rianúil ann chun náisiúnaigh tríú tír atá i láthair ag an teorainn sheachtrach gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh a chur faoi réir na nósanna imeachta iomchuí maidir le tearmann nó filleadh.

Ar an gcéad dul síos, is cineálacha próiseála sonraí iad seiceálacha ar dhoiciméid taistil, próiseáil sonraí bithmhéadracha agus ceadú bunachar sonraí i gcomhthéacs na seiceála céannachta agus na seiceála slándála, ar gnéithe dílse iad chun a fháil amach cé hé an duine atá ag iarraidh - nó atá ag déanamh iarracht - an teorainn sheachtrach a thrasnú, agus cé acu an riosca slándála é an duine sin do na Ballstáit nó nach é. Déantar foráil cheana féin maidir leis na cineálacha próiseála sonraí pearsanta sin i gCód Teorainneacha Schengen. Sa rialachán seo, sonraítear iad maidir leis na trí tharchur de chásanna sonracha ina bhfuil náisiúnaigh tríú tír i láthair ag an teorainn sheachtrach gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh agus ina meastar gur gá an scagadh a dhéanamh chun slándáil limistéar Schengen a mhéadú agus chun a áirithiú go bhfuil próiseas rianúil ann na daoine lena mbaineann a chur faoi réir na nósanna imeachta iomchuí maidir le tearmann nó filleadh.

Ar an dara dul síos, tá faisnéis a bhfuil gá léi chun a chur ar chumas údaráis na mBallstát na daoine lena mbaineann a chur faoi réir an nós imeachta iomchuí ar an bhfoirm fhaisnéisithe a líontar amach ag deireadh an scagtha. Mar sin, nuair a líonann na húdaráis an fhoirm fhaisnéisithe amach nó nuair a léann siad í, is cineálacha próiseála sonraí pearsanta iad sin ar gnéithe dílse iad chun náisiúnaigh tríú tír atá i láthair ag an teorainn sheachtrach gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh a chur faoi réir na nósanna imeachta iomchuí maidir le tearmann nó filleadh.

Ar an tríú dul síos, níl aon phróiseáil bhreise ar shonraí pearsanta i gceist le sonraíocht ama oibleagáidí na mBallstát faoi Rialachán Eurodac maidir le sonraí pearsanta náisiúnach tríú tír lena mbaineann a bhailiú agus a tharchur. Cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit an phróiseáil sin a dhéanamh, a bhfuil sé d’oibleagáid orthu a dhéanamh de bhun rialachán Eurodac, le linn an scagtha.

Ós rud nach bhfuil i gceist leis an scagadh ach céim bailithe faisnéise lena gcomhlánaítear na seiceálacha ag an bpointe trasnaithe teorann seachtraí nó lena gcuirtear síneadh leo agus nach ndéantar aon chinneadh lena ndéantar difear do chearta an duine lena mbaineann, ní fhoráiltear d’athbhreithniú breithiúnach maidir le toradh an scagtha. Nuair a bheidh deireadh leis an scagadh, beidh an duine a bhí faoi réir an scagtha faoi réir nós imeachta fillte nó tearmainn, ina ndéantar cinntí a d’fhéadfadh a chur faoi réir athbhreithniú breithiúnach, nó gheobhaidh an duine sin diúltú dul isteach, ar féidir leis cur ina choinne freisin os comhair údarás breithiúnach. Ba cheart an scagadh a bheith chomh gearr agus is féidir, agus ba cheart nach mbainfear an uastréimhse amach ach amháin i gcásanna eisceachtúla deacra nó i gcásanna nach mór scagadh a dhéanamh ar a lán daoine ag an am céanna. I gcás ina mbainfear amach an uastréimhse 5 lá, nó 10 lá in imthosca eisceachtúla, maidir le duine, ba cheart deireadh a chur leis an scagadh láithreach agus ba cheart tús láithreach a chur le nós imeachta as a dtagann cinneadh ar a bhféadfar athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh maidir leis an duine sin.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá impleachtaí do bhuiséad an Aontais ag an Rialachán atá beartaithe.

Meastar gurb é EUR 417 626 milliún iomlán na n‑acmhainní airgeadais a theastóidh chun an togra seo a chur chun feidhme sa tréimhse 2021-2027. Go háirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh tacaíocht airgeadais ag teastáil ó na gnéithe seo a leanas den scagadh:

bonneagar don scagadh: na háitribh láithreacha ag na Pointí Trasnaithe Teorann, ionaid ghlactha etc. a chruthú agus a úsáid/uasghrádú;

rochtain ar na bunachair sonraí ábhartha ag na suíomhanna nua;

baill foirne bhreise a fhostú chun an scagadh a dhéanamh;

oiliúint a chur ar na gardaí teorann agus baill foirne eile chun an scagadh a dhéanamh;

an fhoireann leighis a earcú;

trealamh leighis agus áitribh le haghaidh na réamhscrúduithe sláinte, i gcás inarb iomchuí;

an sásra le haghaidh faireachán neamhspleách a dhéanamh ar chearta bunúsacha a bhunú le linn an scagtha.

Féadfaidh na hacmhainní atá ar fáil do na Ballstáit faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua 2021-2027 na costais a bhaineann leis na tascanna nua sin a chumhdach.

Ní dhéantar iarratas ar aon acmhainn bhreise airgeadais nó dhaonna i gcomhthéacs an togra reachtaigh seo.

Tá tuilleadh eolais faoi sin sa Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leis an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

In Airteagal 1 mínítear ábhar an Rialacháin. Sonraítear ann go mbeidh feidhm ag an Rialachán ag na teorainneacha seachtracha agus laistigh de chríocha na mBallstát, i gcás nach sonraítear go raibh náisiúnaigh tríú tír faoi réir rialuithe ag an teorainn sheachtrach.

Déantar foráil in Airteagal 2 maidir le sainmhínithe is infheidhme i gcomhthéacs an scagtha.

Leagtar amach in Airteagal 3 an raon feidhme pearsanta trí náisiúnaigh tríú tír a shainaithint ar cheart dóibh bheith faoi réir na hoibleagáide scagtha ag na teorainneacha seachtracha: náisiúnaigh tríú tír atá i láthair ag an teorainn sheachtrach gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh agus a bhfuil na Ballstáit faoi oibleagáid a méarloirg a thógáil faoi Rialachán Eurodac, duine a díbhordáladh i gcríoch na mBallstát tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála, agus náisiúnaigh tríú tír a iarrann cosaint idirnáisiúnta ag pointe trasnaithe teorann.

Níl na náisiúnaigh sin faoi réir an scagtha, is e sin le rá na náisiúnaigh tríú tír sin a údaraítear dul isteach ar bhonn na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 6(5) de Chód Teorainneacha Schengen (sealbhóirí ceadanna cónaithe nó sealbhóirí víosa fadfhanachta chun críoch idirthurais, náisiúnaigh tríú tír a bhfuil ceanglas víosa orthu i gcás ina n‑eiseofar víosa ag an teorainn, agus daoine a bhfuil cead dul isteach faighte acu ó Bhallstát ar bhonn cinneadh aonair ar fhorais daonnúla, ar fhorais leasa náisiúnta nó mar gheall ar oibleagáidí idirnáisiúnta, ach na daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu, ba cheart na daoine sin a bheith faoi réir an scagtha).

Déantar foráil in Airteagal 4 nach mbeidh na náisiúnaigh tríú tír a ndéantar an scagadh orthu ag an teorainn sheachtrach údaraithe dul isteach sa chríoch le linn an scagtha. Déanfar foráil ann freisin go gcuirfear deireadh leis an scagadh a luaithe agus a léirítear go gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír na coinníollacha maidir le dul isteach. Tá sé sin gan dochar do na pionóis a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm maidir leis an teorainn sheachtrach a thrasnú gan údarú, i gcomhréir leis na rialacha reatha a leagtar amach i gCód Teorainneacha Schengen.

Sonraítear in Airteagal 5 go gcuirfidh na Ballstáit an scagadh i bhfeidhm freisin maidir le náisiúnaigh tríú tír a ghabhtar laistigh den chríoch, i gcás inar cosúil gur éalaigh siad ó sheiceálacha teorann ag an teorainn sheachtrach ar theacht isteach dóibh.

Leagtar amach in Airteagal 6 suíomh agus fad an scagtha. Is ag na teorainneacha seachtracha atá an suíomh, seachas i gcásanna a thagann faoi Airteagal 5. Is é cúig lá fad beartaithe an phróisis scagtha, seachas sa chás gur coimeádadh an duine lena mbaineann ag an teorainn ar feadh 72 uair an chloig roimhe sin mar a thagraítear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 [Rialachán Eurodac], maidir le trasnú neamhúdaraithe an teorann sheachtraí. I gcás mar sin, níor cheart an scagadh a bheith níos faide ná 2 lá. I gcás an scagtha a dhéantar ar dhaoine a ghabhtar laistigh den chríoch, ba cheart an scagadh gan dul thar thréimhse trí lá. Liostaítear freisin san airteagal gnéithe uile an scagtha agus foráiltear ann go bhféadfaidh gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir leis an scagadh, laistigh dá sainorduithe faoi seach. Aithníonn ann freisin gur gá do na Ballstáit ról a thabhairt do na húdaráis cosanta leanaí agus do na rapóirtéirí náisiúnta frithgháinneála i gcásanna a bhaineann le daoine leochaileacha nó mionaoisigh.

Leagtar amach in Airteagal 7 an oibleagáid atá ar gach Ballstát sásra a bhunú le haghaidh faireachán neamhspleách a dhéanamh ar chearta bunúsacha agus sainítear ról na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha sa phróiseas sin.

Léirítear in Airteagal 8 an fhaisnéis nach mór a chur in iúl do na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann le linn an scagtha, agus béim á leagan ar ngá a áirithiú go ndéanfar caighdeáin áirithe maidir leis sin a chomhlíonadh, ionas go gcuirfear faisnéis in iúl do náisiúnaigh tríú tír ar bhealach leordhóthanach, go háirithe maidir le leanaí.

Bunaítear le hAirteagal 9 na rialacha maidir leis an scrúdú sláinte agus sainaithint náisiúnach tríú tír a bhfuil leochaileachtaí acu agus a bhfuil riachtanais speisialta acu maidir le glacadh nó nós imeachta ag na teorainneacha seachtracha.

Foráiltear le hAirteagal 10 rialacha sonracha maidir le náisiúnaigh tríú tír a shainaithint trí chuardach a dhéanamh sa Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (CIR) arna bhunú leis an Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht. Trí chuardach a dhéanamh in CIR is féidir na sonraí céannachta atá in EES, VIS, ETAIS, Eurodac agus ECRIS-TCN a cheadú d’aon iarraidh amháin, ar bhealach tapa agus iontaofa, agus uasleibhéal cosanta a áirithiú do na sonraí agus próiseáil neamhriachtanach agus dúbailt sonraí a sheachaint.

Foráiltear le hAirteagal 11 rialacha sonracha maidir le seiceálacha slándála. Ceanglaíonn sé ar na húdaráis inniúla EES, ETIAS, VIS, ECRIS-TCN agus bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí (TDAWN) a cheadú chun a fhíorú cé acu atá na náisiúnaigh tríú tír ina mbagairt don tslándáil nó nach bhfuil. Ba cheart na seiceálacha sin a dhéanamh, a mhéid is féidir, ar bhonn na sonraí bithmhéadracha, chun an baol go ndéanfar sainaithint mícheart a íoslaghdú, agus ba cheart torthaí na gcuardach a theorannú do shonraí iontaofa amháin.

Comhlánaíonn Airteagal 11 Airteagal 12 trí rialacha sonracha maidir le seiceálacha slándála a sholáthar.

Déantar foráil in Airteagal 13 maidir leis an bhfoirm fhaisnéisithe ar cheart do na húdaráis inniúla a líonadh amach roimh dheireadh an scagtha.

Déantar foráil in Airteagal 14 maidir le torthaí féideartha an scagtha a dhéantar ar na náisiúnaigh tríú tír. Go háirithe, tagraítear do nósanna imeachta lena n‑urramaítear Treoir (AE) 2008/115/CE (Treoir um Fhilleadh) maidir le náisiúnaigh tríú tír nach ndearna iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus maidir leo siúd nach léiríodh le linn an scagtha go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le dul isteach. Bunaítear leis freisin gur cheart na náisiúnaigh tríú tír a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a tharchur chuig na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal [XY] den Rialachán sin. Déanfar an fhoirm dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo a tharchur chuig na húdaráis inniúla in éineacht le hatreorú an duine lena mbaineann. Déantar tagairt in Airteagal 14 freisin don fhéidearthacht chun athlonnú a dhéanamh faoin sásra dlúthpháirtíochta arna bhunú le hAirteagal XX de Rialachán (AE) Uimh. XXXX/XXXX [Rialachán maidir le bainistiú Imirce agus Tearmainn]. Tagraíonn an fhoráil freisin do náisiúnaigh tríú tír a ndearnadh an scagadh orthu tar éis iad a bheith gafa laistigh den chríoch. Beidh na náisiúnaigh tríú tír sin faoi réir na nósanna imeachta lena n‑urramaítear Treoir 2008/115/CE nó faoi réir na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn). Foráiltear ann chomh maith go dtógfaidh na húdaráis na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear in Airteagail [10, 13, 14 agus 14a] de Rialachán AE Uimh. XXX/XXX [Rialachán Eurodac] de gach duine a bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir leis le linn an scagtha, agus go dtarchuirfidh siad na sonraí i gcomhréir leis an Rialachán sin, sa chás nach bhfuil sé déanta go fóill.

Le hAirteagal 15 tugtar isteach an nós imeachta coiste chun na gníomhartha cur chun feidhme a luaitear i gcomhthéacs na seiceálacha céannachta agus slándála in Airteagail 10 agus 11 faoi seach a ghlacadh.

Foráiltear le hAirteagal 16 - 19 athruithe sna gníomhartha dlí faoi seach Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 lena mbunaítear na bunachair sonraí atá le ceadú le linn an scagtha agus an idir-inoibritheacht eatarthu.

Foráiltear le hAirteagal 20 go ndéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo.

Tá forálacha críochnaitheacha in Airteagal 21.

2020/0278 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 67/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointí (b) agus (d) d’Airteagal 77(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Bunaíodh an limistéar Schengen chun go mbainfí amach cuspóir an Aontais maidir le limistéar gan teorainneacha inmheánacha a bhunú ina náiritheofar saorghluaiseacht daoine, mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Braitheann dea-fheidhmiú an limistéir sin ar mhuinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus ar bhainistiú éifeachtúil na teorann seachtraí.

(2)Leagtar síos na rialacha lena rialaítear rialú teorann daoine a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha Bhallstát an Aontais i Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Cód Teorainneacha Schengen) 21 mar a glacadh faoi Airteagal 77(2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Chun beartas an Aontais a fhorbairt a thuilleadh d’fhonn seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú teorainneacha seachtracha dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 77 CFAE, ba cheart úsáid a bhaint as beartais bhreise chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina néiríonn le náisiúnaigh tríú tír seiceálacha teorann a sheachaint ag na teorainneacha seachtracha, nó ar chásanna ina ndíbhordáiltear náisiúnaigh tríú tír i ndiaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála agus ar chásanna ina niarrann náisiúnaigh tríú tír cosaint idirnáisiúnta ag pointe trasnaithe teorann gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh. Is comhlánú agus sonrú ar Rialachán (AE) 2016/399 an rialachán seo maidir leis na trí chás sin.

(3)Sna trí chás sin, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfar na náisiúnaigh tríú tír a scagadh chun go mbeifear in ann iad a shainaithint i gceart agus chun go mbeifear in ann iad a chur go héifeachtúil faoi réir na nósanna imeachta ábhartha, nósanna imeachta a d’fhéadfadh, ag brath ar na himthosca, a bheith ina nósanna imeachta um chosaint idirnáisiúnta nó ina nósanna imeachta lena nurramaítear Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an ‘Treoir um Fhilleadh’) 22 . Ba cheart an scagadh a dhéantar ar na seiceálacha ag an teorainn sheachtrach a chomhlánú go héasca nó cúiteamh a dhéanamh air go ndeachaigh na náisiúnaigh tríú tír timpeall ar na seiceálacha sin agus iad ag trasnú na teorann seachtraí.

(4)Ní hamháin go ndéanann an rialú teorann leas an Bhallstáit a gcuirtear i gcrích ag a theorainneacha seachtracha é ach déanann sé leas na mBallstát go léir a bhfuil deireadh curtha acu le rialú ag teorainneacha seachtracha. Ba cheart rialú teorann a bheith ina chuidiú chun an imirce neamhdhleathach agus an gháinneáil ar dhaoine a chomhrac agus aon bhaol do shlándáil inmheánach, do bheartas poiblí, do shláinte phoiblí agus do chaidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a chosc. Mar sin, is gnéithe tábhachtacha de chur chuige cuimsitheach maidir leis an imirce iad na bearta a dhéantar ag na teorainneacha seachtracha chun go mbeifí in ann aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le sreabhadh measctha d’imircigh agus daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu.

(5)I gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399 is éard atá i gceist leis an rialú teorann ná seiceálacha teorann a dhéantar ag pointí trasnaithe teorann agus faireachas teorann, a dhéantar idir na pointí trasnaithe teorann, chun cosc a chur ar náisiúnaigh tríú tír a bheith ag dul timpeall ar sheiceálacha teorann. I gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/399 duine a thrasnaigh teorainn ar bhealach neamhúdaraithe agus nach bhfuil cead aige fanacht ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, déanfar an duine sin a ghabháil agus é a chur faoi réir na nósanna imeachta lena nurramaítear Treoir 2008/115/CE. I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/399, ba cheart rialú teorann a dhéanamh gan dochar do chearta dídeanaithe agus daoine a iarrann cosaint idirnáisiúnta, go háirithe maidir le non-refoulement.

(6)Bíonn ar ghardaí teorann aghaidh a thabhairt go minic ar náisiúnaigh tríú tír a iarrann cosaint idirnáisiúnta gan doiciméid taistil, i ndiaidh gabhála le linn faireachas teorann nó le linn seiceálacha ag na pointí trasnaithe teorann. Thairis sin, ag codanna áirithe den teorainn bíonn ar na gardaí teorann aghaidh a thabhairt ar líon mór imirceach atá ag iarraidh teacht isteach ag an am céanna. Sna himthosca sin, tá sé iontach deacair a áirithiú go ndéanfar na bunachair sonraí ábhartha uile a cheadú agus an nós imeachta ábhartha um thearmann nó um fhilleadh a chinneadh láithreach.

(7)Chun a áirithiú go ndéanfar láimhseáil thapa ar náisiúnaigh tríú tír a dhéanann iarracht na seiceálacha teorann a sheachaint nó a iarrann cosaint idirnáisiúnta ag pointe trasnaithe teorann gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh nó ar náisiúnaigh tríú tír a dhíbhordáiltear i ndiaidh oibríocht chuardaigh agus tarrthála, ní mór creat níos láidre a chur ar fáil maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta difriúla atá freagrach as an rialú teorann, as an tsláinte phoiblí a chosaint, as scrúdú a dhéanamh ar an ngá le cosaint idirnáisiúnta agus as cur i bhfeidhm nósanna imeachta um fhilleadh.

(8)Go háirithe, ba cheart an scagadh a bheith ina chuidiú chun a áirithiú go ndéanfar na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a chur faoi réir na nósanna imeachta iomchuí ag an gcéim is luaithe is féidir agus go leanfar de na nósanna imeachta sin gan aon bhriseadh nó gan mhoill. Ag an am céanna, ba cheart an scagadh a bheith ina chuidiú chun dul i ngleic leis an gcleachtas ina néalaíonn roinnt iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta tar éis dóibh údarú a fháil le dul isteach ar chríoch Bhallstáit bunaithe ar a niarratas ar chosaint idirnáisiúnta, chun an tiarratas céanna a dhéanamh i mBallstát eile nó gan é a dhéanamh ar chor ar bith.

(9)Maidir leis na daoine sin a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart scrúdú a dhéanamh ar an ngá le cosaint idirnáisiúnta i ndiaidh an scagtha. Leis an scagadh ba cheart a cheadú faisnéis a bhailiú agus a roinnt leis na húdaráis atá inniúil chun an scrúdú sin a dhéanamh, faisnéis atá ábhartha chun go sainaithneofar an nós imeachta iomchuí maidir leis an iarratas a scrúdú, agus dlús a chur leis an scrúdú dá bharr. Ba cheart a áirithiú leis an scagadh freisin go sainaithneofar daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu go luath, ionas go gcuirfear aon riachtanas speisialta maidir le glacadh nó nós imeachta san áireamh go hiomlán agus an nós imeachta is infheidhme a chinneadh agus a shaothrú.

(10)Ba cheart na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo a bheith gan dochar do na forálacha a bhaineann le freagracht as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a rialaítear le Rialachán (AE) Uimh. XX/XXX [Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce].

(11)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát arna ngabháil i ndáil le trasnú neamhúdaraithe a dhéanamh ar talamh, ar muir nó san aer ar theorainn sheachtrach Bhallstáit, seachas náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil sé de cheangal ar an mBallstát a gcuid sonraí bithmhéadracha a thógáil de bhun Airteagal 14(1) agus (3) de Rialachán Eurodac ar chúiseanna eile seachas aois, agus maidir le daoine a díbhordáladh i ndiaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, gan beann ar cé acu a dhéanann siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó nach ndéanann. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir leo siúd a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu ag pointí trasnaithe teorann nó i limistéir idirthurais gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh

(12)Ba cheart an scagadh a dhéanamh ag an teorainn sheachtrach nó gar di, sula núdarófar do na daoine lena mbaineann dul isteach sa chríoch. Ba cheart do na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm de bhun an dlí náisiúnta chun cosc a chur ar na daoine lena mbaineann dul isteach sa chríoch le linn an scagtha. I gcásanna aonair, más gá, féadfar coinneáil a áireamh leis na bearta sin, faoi réir an dlí náisiúnta lena rialaítear an tábhar sin.

(13)A luaithe atá sé soiléir le linn an scagtha go gcomhlíonann náisiúnach tríú tír atá faoi réir an scagtha na coinníollacha in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399, ba cheart deireadh a chur leis an scagadh agus ba cheart údarú a thabhairt don náisiúnach tríú tír lena mbaineann dul isteach sa chríoch, gan dochar do chur i bhfeidhm pionós dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den rialachán sin.

(14)I bhfianaise chuspóir an mhaolaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2016/399, na daoine sin a bhfuil údarú tugtha ag Ballstát dóibh dul isteach faoin bhforáil sin i gcinneadh aonair, níor cheart an scagadh a dhéanamh orthu cé nach gcomhlíonann siad na coinníollacha uile maidir le dul isteach.

(15)Na daoine ar fad atá faoi réir an scagtha ba cheart seiceálacha a dhéanamh orthu chun a gcéannacht a shuíomh agus chun a dheimhniú nach mbeidh siad ina mbaol don tslándáil inmheánach ná don tsláinte poiblí. I gcás daoine a iarrann cosaint idirnáisiúnta ag pointí trasnaithe teorann, ba cheart na seiceálacha céannachta agus slándála a dhéantar i gcomhthéacs seiceálacha teorann a chur san áireamh chun dúbláil a sheachaint.

(16)Nuair a bheidh an scagadh críochnaithe, ba cheart na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a chur faoi réir an nós imeachta ábhartha chun freagracht a bhunú as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú agus chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint idirnáisiúnta, nó ba cheart iad a bheith faoi réir forálacha lena nurramaítear Treoir 2008/115 (treoir um fhilleadh), de réir mar is iomchuí. Ba cheart an fhaisnéis a gheofar le linn an scagtha a chur ar fáil do na húdaráis inniúla chun tacú le measúnú breise ar gach cás aonair, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha. Níor cheart feidhm a bheith ag na nósanna imeachta arna mbunú le Treoir 2008/115 go dtí go mbeidh deireadh leis an scagadh. Níor cheart feidhm a bheith ag Airteagail 26 agus 27 den Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn go dtí go mbeidh deireadh leis an scagadh. Ba cheart é sin a bheith gan dochar dó gur cheart na daoine sin a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag uair a ngabhála, le linn rialú teorann ag pointe trasnaithe teorann nó le linn an scagtha, a mheas mar iarratasóirí.

(17)D’fhéadfaí athshocrú a dhéanamh freisin i ndiaidh an scagtha faoin sásra dlúthpháirtíochta arna bhunú le Rialachán (AE) XXX/XXX [Bainistiú Tearmainn agus Imirce] i gcás go bhfuil Ballstát ag cuidiú leis an dlúthpháirtíocht ar bhonn deonach nó nach bhfuil iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta faoi réir an nós imeachta teorann de bhun Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn), nó faoin sásra lena dtugtar aghaidh ar chásanna géarchéime arna mbunú le Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán maidir le cásanna géarchéime].

(18)I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2016/399, léirítear comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le dul isteach agus an túdarú maidir le dul isteach le stampa dul isteach ar an doiciméad taistil. Mar sin, in éagmais stampa den sórt sin nó in éagmais doiciméad taistil féadfar a mheas nach gcomhlíonann an sealbhóir na coinníollacha maidir le dul isteach. Nuair a chuirfear tús le hoibríocht an Chórais Dul Isteach/Imeachta, cuirfear córas leictreonach ann in ionad stampaí agus beidh sé níos iontaofa dá bharr. Mar sin, ba cheart do na Ballstáit an scagadh a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír atá laistigh den chríoch cheana féin agus nach bhfuil sé ar a gcumas a chruthú go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le dul isteach i gcríoch na mBallstát. Tá sé riachtanach scagadh a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír chun cúiteamh a dhéanamh air gur éirigh leo na seiceálacha dul isteach a sheachaint ar shroicheadh an limistéir Schengen dóibh agus mar sin ní fhéadfaí go ndiúltaíodh cead isteach dóibh nó gur cuireadh faoi réir an nós imeachta iomchuí iad i ndiaidh an scagtha. Ba cheart an scagadh a bheith ina chuidiú, trí na bunachair sonraí dá dtagraítear sa Rialachán seo a cheadú, chun a dheimhniú nach mbeidh na daoine lena mbaineann ina mbaol don tslándáil inmheánach. Faoi dheireadh an scagtha laistigh den chríoch, ba cheart na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a bheith faoi réir nós imeachta um fhilleadh nó, i gcás go ndéanann siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, faoi réir an nós imeachta tearmainn iomchuí. Níor cheart scagadh a dhéanamh arís is arís eile ar an náisiúnach tríú tír céanna a mhéid is féidir.

(19)Ba cheart an scagadh a chur i gcrích a luaithe is féidir, agus níor cheart an scagadh a bheith níos faide ná 5 lá nuair a dhéantar é ag an teorainn sheachtrach agus níor cheart é a bheith níos faide ná 3 lá nuair a dhéantar é laistigh de chríoch Bhallstáit. Ba cheart aon síneadh ar an teorainn ama 5 lá a fhorchoimeád do chásanna eisceachtúla ag na teorainneacha seachtracha, i gcás ina sáraíodh acmhainneacht an Bhallstáit an scagadh a láimhseáil ar chúiseanna nach mbeadh neart aige orthu amhail na cásanna géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán XXX/XXX [togra le haghaidh géarchéimeanna].

(20)Ba cheart do na Ballstáit suíomhanna iomchuí a chinneadh chun an scagadh a dhéanamh ag an teorainn sheachtrach nó gar di agus an limistéar geografach agus an bonneagar atá ann cheana á gcur san áireamh, chun a áirithiú gur féidir scagadh a dhéanamh gan mhoill ar náisiúnaigh tríú tír a gabhadh agus iad siúd a chuireann iad féin in iúl ag pointe trasnaithe teorann. Is féidir na tascanna a bhaineann leis an scagadh a dhéanamh ag teophointí dá dtagraítear i bpointe (23) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 .

(21)Chun cuspóirí an scagtha a bhaint amach, ba cheart dlúthchomhair a áirithint idir na húdaráis náisiúnta inniúla dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán 2016/399, iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 5 den [Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn] chomh maith leo siúd atá freagrach as na nósanna imeachta um fhilleadh lena nurramaítear Treoir 2008/115 a chur i gcrích. Ba cheart dlúthbhaint a bheith ag na húdaráis cosanta leanaí sa scagadh chomh maith cibé uair is gá chun a áirithiú go gcuirfear leas an linbh san áireamh i gcaitheamh an scagtha. Ba cheart a cheadú do na Ballstáit leas a bhaint as tacaíocht ó na gníomhaireachtaí ábhartha, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus [Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann], laistigh de theorainneacha a sainorduithe. Ba cheart do na Ballstáit páirt a thabhairt do na Rapóirtéirí náisiúnta Frithgháinneála nuair a nochtann an scagadh fíricí is ábhartha don gháinneáil i gcomhréir le Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 .

(22)Agus an scagadh á dhéanamh, ba cheart do na húdaráis inniúla Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh agus a áirithiú go nurramaítear dínit an duine agus níor cheart dóibh aon idirdhealú a dhéanamh ar dhuine de réir aon fhorais amhail gnéas, cine, dath, bunús ciníoch nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó tuairimí eile, mionlach náisiúnta, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar leas an linbh.

(23)Chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta le linn an scagtha, lena náirítear Cairt um Chearta Bunúsacha, ba cheart do gach Ballstát sásra faireacháin a bhunú agus coimircí leordhóthanacha a chur ar bun chun neamhspleáchas an tsásra sin a áirithiú. Ba cheart go háirithe an urraim do chearta bunúsacha i ndáil leis an scagadh a chumhdach leis an sásra faireacháin, agus an urraim do na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le coinneáil agus comhlíonadh phrionsabal an non-refoulement dá dtagraítear in Airteagal 3(b) de Rialachán (AE) 2016/399. Ba cheart don Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha treoir ghinearálta a leagan síos maidir le sásra faireacháin den sórt sin a bhunú agus chun neamhspleáchas an tsásra sin a áirithiú. Ba cheart a cheadú do na Ballstáit tacaíocht a iarraidh ar an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha chun a sásra faireacháin náisiúnta a fhorbairt. Ba cheart a cheadú do na Ballstáit freisin comhairle a lorg ón nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha maidir le modheolaíocht don sásra faireacháin sin a bhunú agus maidir le bearta oiliúna iomchuí. Ba cheart a cheadú do na Ballstáit freisin a iarraidh ar eagraíochtaí agus comhlachtaí náisiúnta, idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha atá ábhartha agus inniúil a bheith rannpháirteach san fhaireachán. Ba cheart an sásra faireacháin neamhspleách a bheith gan dochar don fhaireachán ar chearta bunúsacha arna sholáthar ag lucht faireacháin ar chearta bunúsacha de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1896. Ba cheart do na Ballstáit líomhaintí maidir le sáruithe ar na cearta bunúsacha le linn an scagtha a fhiosrú, lena náirítear trína áirithiú go ndéileálfar le gearáin go gasta agus ar bealach iomchuí.

(24)Faoi dheireadh an scagtha, ba cheart do na húdaráis atá freagrach as an scagadh foirm fhaisnéisithe a líonadh isteach. Ba cheart an fhoirm a tharchur chuig na húdaráis a bhfuil scrúdú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar bun acu nó chuig na húdaráis atá inniúil ar fhilleadh – ag brath ar cé chuige a tharchuirfear an duine aonair. Sa chéad chás, ba cheart do na húdaráis atá freagrach as an scagadh aon ghné a chur in iúl, gnéithe a d’fhéadfadh a bheith ábhartha lena chinneadh ar cheart do ná húdaráis inniúla iarratas an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a chur le nós imeachta scrúdúcháin brostaithe nó leis an nós imeachta teorann.

(25)Ba ceart do na húdaráis inniúla na sonraí bithmhéadracha a tógadh le linn an scagtha, agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagail [12, 13, 14, agus 14a] de Rialachán Eurodac a tharchur chuig Eurodac i gcomhréir leis na spriocdhátaí dá bhforáiltear sa Rialachán sin.

(26)Ba cheart réamhscrúdú sláinte a dhéanamh ar gach duine a ndéantar an scagadh orthu ag na teorainneacha seachtracha d’fhonn daoine a shainaithint a bhfuil cúraim láithreach de dhíth orthu nó a dteastaíonn uathu bearta eile a bheith déanta ar a son, leithlisiú ar fhorais sláinte poiblí mar shampla. Ba cheart riachtanais shonracha mionaoiseach agus daoine leochaileacha a chur san áireamh. Más rud eile gur léir ó na himthosca nach gá an scrúdú sin a dhéanamh, go háirithe toisc go bhfuil an chuma air go bhfuil an duine i mbarr a shláinte, níor cheart an scrúdú a dhéanamh agus ba cheart an duine lena mbaineann a chur ar an eolas faoi sin. Ba cheart d’údaráis sláinte an Bhallstáit lena mbaineann an réamhscrúdú sláinte a dhéanamh. Maidir leis na náisiúnaigh tríú tír a ghabhtar laistigh den chríoch, ba cheart an réamhscrúdú sláinte a dhéanamh nuair a mheasfar gur gá sin ar an gcéad amharc.

(27)Le linn an scagtha, ba cheart a ráthú do gach duine lena mbaineann caighdeán maireachtála a chomhlíonann Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus rochtain a bheith acu ar chúram sláinte éigeandála agus ar chóireáil riachtanach breoiteachta. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine aonair leochaileacha, amhail mná torracha, daoine scothaosta, teaghlaigh aontuismitheora, daoine a bhfuil míchumas meabhrach nó fisiciúil orthu atá inaitheanta láithreach, daoine ar léir gur fhulaing siad tráma síceolaíoch nó tráma fisiciúil agus mionaoisigh neamhthionlactha. Go háirithe, i gcás mionaoisigh, ba cheart faisnéis a chur ar fáil ar bhealach atá fabhrach do leanaí agus oiriúnach don aois. Na húdaráis uile a bhfuil baint acu le comhlíonadh na gcúraimí a bhaineann leis an scagadh, ba cheart urraim a bheith acu ado dhínit an duine agus don phríobháideachas, agus staonadh ó aon ghníomh nó iompar idirdhealaitheach.

(28)Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh na doiciméid chéannachta agus taistil is gá ag náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha chun an teorainn sheachtrach a thrasnú go dleathach, ba cheart nós imeachta um shainaithint a sholáthar mar chuid den scagadh.

(29)Bunaíodh an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (‘CIR’) le Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht) 25 chun cuidiú le ceart-sainaithint na ndaoine atá cláraithe sa Chóras Dul Isteach/Imeachta (‘EES’), sa Chóras Faisnéise Víosaí (‘VIS’), sa Chóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (‘ETIAS’), in Eurodac agus sa Chóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Chóiriúla le haghaidh náisiúnaigh tríú tír (‘ECRIS-TCN’), lena náirítear daoine nach eol cé hiad agus nach bhfuil in ann a gcéannacht a léiriú, agus an tsainaithint sin a éascú. Chun na críche sin, níl in CIR ach na sonraí céannachta, an doiciméad taistil agus na sonraí bithmhéadracha a thaifeadtar in EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN, arna scaradh go loighciúil. Níl stóráilte in CIR ach na sonraí pearsanta atá fíor-riachtanach chun seiceáil chruinn a dhéanamh ar an gcéannacht. Ní choinnítear na sonraí pearsanta a thaifeadtar in CIR níos faide ná mar atá fíor-riachtanach chun críocha na gcóras foluiteach agus ba cheart iad a scriosadh go huathoibríoch nuair a scriostar na sonraí sna córais fholuiteacha. Le ceadú an CIR is féidir daoine a shainaithint ar bhealach iontaofa uileghabhálach, trí bhíthin é a bheith indéanta na sonraí céannachta uile in EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRUIS-TCN a cheadú in aon iarraidh amháin, ar bhealach gasta iontaofa, agus uasleibhéal cosanta ar na sonraí á áirithiú agus aon phróiseáil neamhriachtanach nó dúbláil sonraí a sheachaint.

(30)Chun céannacht na ndaoine sin atá faoi réir an scagtha a shuíomh, ba cheart tús a chur le fíorú in CIR i láthair an duine le linn an scagtha. Le linn an fhíoraithe sin, ba cheart sonraí bithmhéadracha an duine a sheiceáil i gcomparáid leis na sonraí in CIR. I gcás nach féidir sonraí bithmhéadracha duine a úsáid nó i gcás ina gclisfidh ar an gcuardach leis na sonraí sin, d’fhéadfaí an cuardach a dhéanamh le sonraí céannachta an duine i dteannta shonraí an doiciméid taistil, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil. I gcomhréir le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, agus i gcás ina léireoidh an cuardach go bhfuil sonraí an duine sin stóráilte in CIR, ba cheart rochtain a bheith ag údaráis na mBallstát ar shonraí céannachta, sonraí doiciméid taistil agus sonraí bithmhéadracha an duine sin in CIR lena gceadú, gan CIR aon eolas a thabhairt faoin gcóras faisnéise de chuid an Aontais lena mbaineann na sonraí.

(31)Ós rud é go bhfuil úsáid CIR chun críoch aitheantais teoranta le Rialachán (AE) 2019/817 do cheart-sainaithint daoine atá cláraithe in EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN a éascú agus cabhrú leis sin i gcásanna seiceálacha póilíneachta laistigh de chríoch na mBallstát, ní mór an Rialachán sin a leasú chun foráil a dhéanamh le haghaidh CIR a úsáid chun daoine a shainaithint le linn an scagtha arna bhunú leis an Rialachán.

(32)Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh aon doiciméad taistil ag a lán daoine a ndéanfar an scagadh orthu, ba cheart rochtain a bheith ag na húdaráis a bhfuil an scagadh ar bun acu ar aon doiciméad ábhartha eile atá ag na daoine lena mbaineann i gcásanna nach féidir sonraí bithmhéadracha na ndaoine sin a úsáid nó nach bhfuil aon toradh in CIR. Ba cheart cead a bheith ag na húdaráis freisin sonraí ó na doiciméid sin, seachas sonraí bithmhéadracha, a úsáid chun seiceálacha a dhéanamh i gcomparáid leis na bunachair sonraí ábhartha.

(33)Nuair a dhéanann na húdaráis daoine a shainaithint le linn seiceálacha teorann ag an bpointe trasnaithe teorann nó na bunachair sonraí a cheadú i gcomhthéacs faireachais teorann nó seiceálacha póilíneachta ag an teorainn sheachtrach, agus gurb iad na húdaráis chéanna iad a chuir an duine lena mbaineann faoi réir an scagtha, ba cheart a mheas gur chuid den scagadh é sin agus níor cheart iad a dhéanamh arís, seachas i gcás ina bhfuil imthosca speisialta ann a thugann údar maith leis sin.

(34)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme Airteagail 11(5) agus 12(5) den Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 . Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha a ghlacadh.

(35)Ba cheart a mheasúnú sa scagadh freisin an bhféadfadh teacht isteach na náisiúnach tríú tír chuig an Aontas an tslándáil inmheánach nó an tsláinte phoiblí a chur i mbaol.

(36)Ós rud é go mbaineann an scagadh le daoine atá i láthair ag an teorainn sheachtrach gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh, nó a dhíbhordáiltear i ndiaidh oibríocht chuardaigh agus tarrthála, ba leibhéal comhionann a bheith ag na seiceálacha slándála a dhéantar mar chuid den scagadh agus na seiceálacha a dhéantar i leith náisiúnaigh tríú tír a dhéanann iarratas roimh ré ar údarú dul isteach san Aontas le haghaidh gearrfhanachta, cé acu atá siad faoi oibleagáid víosa nó nach bhfuil.

(37)Maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa ar bhonn a náisiúntachta faoi Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 , foráiltear le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 (Rialachán ETIAS) go mbeidh orthu iarratas a dhéanamh ar údarú taistil chun teacht chuig an Aontas ar feadh gearrfhanachta. Sula bhfaighidh na daoine lena mbaineann an túdarú taistil sin, déanfar seiceálacha slándála ar na sonraí pearsanta a chuirfear isteach i gcomparáid le roinnt bunachar sonraí de chuid an Aontais – Córas Faisnéise Víosaí (VIS), Córas Faisnéise Schengen (CFS), Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), na sonraí Europol a próiseáladh chun na críche dá dtagraítear in Airteagal 18(2)(a) de Rialachán (AE) 2016/794 29 , ECRIS-TCN 30 – agus bunachar sonraí Interpol i ndáil le Doiciméid atá Goidte nó Caillte (SLTD) agus bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí (Interpol TDAWN).

(38)Maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an cheanglais víosa faoi Rialachán (AE) 2018/1806, déanfar seiceálacha slándála orthu i gcomparáid leis na bunachair sonraí céanna a úsáidtear chun seiceálacha a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa, de bhun Rialachán (AE) 810/2009 agus Rialachán (AE) 767/2008 sula neiseofar víosa.

(39)Is é a thagann as an réasúnaíocht arna forbairt in aithris (36) maidir le daoine atá faoi réir an scagtha gur cheart fíoruithe uathoibríocha a dhéanamh chun críoch slándála i gcomparáid leis na córais chéanna a úsáidtear le haghaidh iarratasóirí ar víosaí nó ar údarú taistil faoin gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil: an VIS, EES, ETIAS, SIS, ECRIS-TCN, Europol agus SLTD agus TDAWN de chuid Interpol. Na daoine a ndéantar an scagadh orthu ba cheart iad a sheiceáil chomh maith i gcomparáid le ECRIS-TCN maidir le daoine a ciontaíodh as cionta sceimhlitheoireachta nó cineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha, sonraí Europol dá dtagraítear in aithris 38 roimhe seo, bunachar sonraí Interpol i ndáil le Doiciméid atá Goidte nó Caillte agus bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí (TDAWN).

(40)Ba cheart na seiceálacha sin a dhéanamh ar bhealach a áiritheoidh nach ndéanfaí ach na sonraí is gá chun na seiceálacha slándála a dhéanamh a aisghabháil ó na bunachair sonraí sin. Maidir le daoine a d’iarr cosaint idirnáisiúnta ag pointe trasnaithe teorann, an ceadú a dhéantar sna bunachair sonraí don tseiceáil slándála mar chuid den scagadh, ba cheart díriú ar na bunachair sonraí nár ceadaíodh le linn na seiceálacha teorann ag an teorainn sheachtrach, lena seachnófaí ceaduithe arís agus arís eile.

(41)I gcás ina mbeidh údar maith leis chun críoch na seiceála slándála, d’fhéadfaí na rudaí atá i seilbh náisiúnach tríú tír a fhíorú mar chuid den scagadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart aon bheart a chuirfear i bhfeidhm sa chomhthéacs sin a bheith comhréireach agus ba cheart urraim aa thabhairt do dhínit na ndaoine atá faoi réir an scagtha. Ba cheart do na húdaráis a bhfuil baint acu ann a áirithiú go nurramófar cearta bunúsacha na ndaoine aonair lena mbaineann, lena náirítear an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun saoirse tuairimí a nochtadh.

(42)Ós rud é gur gá rochtain ar EES, ETIAS, VIS agus ECRIS-TCN a bheith ag na húdaráis a ainmníodh chun an scagadh a dhéanamh chun a shuí an bhféadfadh an duine a bheith ina bhaol don tslándáil inmheánach nó don bheartas poiblí, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2018/1240 agus Rialachán (CE) Uimh. 2019/816, faoi seach, a leasú chun foráil a dhéanamh maidir leis an gceart breise rochtana, rud nach bhforáiltear leis na Rialacháin sin faoi láthair. I gcás Rialachán (AE) Uimh. 2019/816, ba cheart, ar chúiseanna na geoiméadrachta athraithí, an leasú sin a dhéanamh trí rialachán nach ionann é agus an rialachán seo.

(43)Ba cheart úsáid a bhaint as an tairseach chuardaigh Eorpach (ESP), arna bunú le Rialachán (AE) 2019/817 chun cuardaigh a dhéanamh i gcomparáid leis na bunachair sonraí Eorpacha, EES, ETIAS, VIS agus ECRIS-TCN, chun críche aitheantais nó chun críoch seiceálacha slándála, mar is infheidhme.

(44)Ós rud é go bhfuil cur chun feidhme éifeachtach an scagtha ag brath ar cheart-sainaithint na ndaoine lena mbaineann agus ar a gcúlra slándála, tá údar maith le bunachair sonraí Eorpacha a cheadú chun na críche sin ar bhonn na gcuspóirí céanna dar bunaíodh gach ceann de na bunachair sonraí sin, is é sin le rá, bainistiú éifeachtach theorainneacha seachtracha an Aontais, slándáil inmheánach an Aontais agus cur chun feidhme éifeachtach bheartais tearmainn an Aontais agus a bheartais um fhilleadhfreisin.

(45)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus iad ag gníomhú ina naonar, eadhon neartú an rialaithe ar dhaoine atá ar tí dul isteach i limistéar Schengen agus na daoine sin a chur faoi réir na nósanna imeachta iomchuí, tá sé riachtanach rialacha comhchoiteanna a bhunú ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(46)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, cé acu a chuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é nó nach gcuirfidh.

(47)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 31 ; Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(48)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 32 .

(49)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 33 .

(50)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 34 .

(51)Maidir leis an gCipir, leis an mBulgáir, leis an Rómáin agus leis an gCróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar bhealach eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo an scagadh ag teorainneacha seachtracha na mBallstát ar gach náisiúnach tríú tír atá tar éis an teorainn sheachtrach a thrasnú ar bhealach neamhúdaraithe, orthu siúd atá tar éis iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta le linn seiceálacha teorann gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh, agus orthu siúd a dhíbhordáladh i ndiaidh oibríocht chuardaigh agus tarrthála, sula ndéanfar iad a chur faoi réir an nós imeachta iomchuí.

Is é an cuspóir a bheidh leis an scagadh an rialú ar dhaoine atá ar tí dul isteach i limistéar Schengen a neartú agus na daoine sin a chur faoi réir na nósanna imeachta iomchuí.

Is é is cuspóir don scagadh gach náisiúnach tríú tír atá faoina réir a shainaithint agus fíorú a dhéanamh i gcomparáid le bunachair sonraí ábhartha nach bhfuil na daoine faoina réir ina mbaol don tsláinte inmheánach. Déanfar seiceálacha sláinte freisin mar chuid den scagadh, i gcás inarb iomchuí, chun daoine leochaileacha agus daoine a bhfuil cúram sláinte de dhíth orthu a shainaithint chomh maith leo siúd a bheidh ina mbaol don tsláinte phoiblí. Beidh na seiceálacha sin ina gcuidiú chun na daoine sin a chur faoi réir an nós imeachta iomchuí.

Déanfar an scagadh laistigh de chríoch na mBallstát chomh maith i gcás nach sonraítear go raibh na náisiúnaigh tríú tír faoi réir rialuithe ag na teorainneacha seachtracha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.ciallaíonn ‘trasnú neamhúdaraithe na teorann seachtraí’ trasnú a dhéanamh ar talamh, ar muir nó san aer ar theorainn sheachtrach Bhallstáit ag áiteanna nach pointí trasnaithe teorann iad nó ag uaireanta nach uaireanta oscailte seasta iad, dá dtagraítear in Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) 2016/399;

2.ciallaíonn ‘baol don tsláinte phoiblí’ baol don tsláinte phoiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 21, de Rialachán (AE) 2016/399;

3.ciallaíonn ‘fíorú’ an próiseas arb é atá ann comparáid a dhéanamh idir tacair sonraí chun bailíocht na céannachta a mhaítear a bheith ag duine a shuíomh (sampla amháin a chur i gcomparáid le sampla eile);

4.ciallaíonn ‘sainaithint’ an próiseas arb é atá ann céannacht duine a dheimhniú lena náirítear trí chuardach a dhéanamh ar iliomad tacar sonraí i mbunachar sonraí (sampla amháin a chur i gcomparáid le hiliomad samplaí);

5.ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach den Aontas é de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE agus ar duine é nach bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta aige faoi dhlí an Aontais de réir bhrí Airteagal 2, pointe 5 de Rialachán (AE) 2016/399.

Airteagal 3

Scagadh ag an teorainn sheachtrach

1.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na náisiúnaigh tríú tír uile:

(a)a ghabhtar i ndáil le trasnú neamhúdaraithe a dhéanamh ar talamh, ar muir nó san aer ar theorainn sheachtrach Bhallstáit, seachas náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit a gcuid sonraí bithmhéadracha a thógáil de bhun Airteagal 14(1) agus (3) de Rialachán (AE) 603/2013 ar chúiseanna eile seachas aois, nó

(b)a dhíbhordáiltear ar chríoch Bhallstáit i ndiaidh oibríocht chuardaigh agus tarrthála.

Beidh feidhm ag an scagadh maidir leis na daoine sin gan beann ar cé acu a ndearna siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

2.Beidh feidhm ag an scagadh freisin maidir leis na náisiúnaigh tríú tír uile a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag pointí trasnaithe teorann seachtraí nó i limistéir idirthurais agus nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399.

3.Tá an scagadh gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2016/399, seachas i gcás ina mbeidh tairbhí de chinneadh aonair arna eisiúint ag an mBallstát bunaithe ar Airteagal 6(5)(c) den Rialachán sin ag lorg cosaint idirnáisiúnta.

Airteagal 4

Údarú dul isteach ar chríoch Bhallstáit

1.Le linn an scagtha, ní bheidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 3, míreanna 1 agus 2 údaraithe dul isteach ar chríoch Bhallstáit.

2.I gcás inar léir le linn an scagtha go gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír lena mbaineann na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399, cuirfear deireadh leis an scagadh agus tabharfar údarú don náisiúnach tríú tír lena mbaineann le dul isteach sa chríoch, gan dochar do chur i bhfeidhm pionós dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den Rialachán sin.

Airteagal 5

Seiceálacha laistigh den chríoch

Cuirfidh na Ballstáit an scagadh i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír a aimsítear laistigh dá gcríoch i gcás nach sonraítear gur thrasnaigh siad teorainn sheachtrach chun dul isteach ar chríoch na mBallstát ar bhealach údaraithe.

Airteagal 6

Ceanglais maidir leis an scagadh

1.Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 3, déanfar an scagadh ag suíomhanna atá ag na teorainneacha seachtracha nó gar dóibh.

2.Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5, déanfar an scagadh ag aon suíomh iomchuí atá laistigh de chríoch Bhallstáit.

3.Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 3, déanfar an scagadh gan mhoill agus cuirfear i gcrích é laistigh de 5 lá ó lá na gabhála sa limistéar teorann seachtraí, ó lá na ndíbhordála i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann nó ó bheith i láthair ag an bpointe trasnaithe teorann. In imthosca eisceachtúla, i gcás inar gá scagadh a dhéanamh ar líon díréireach náisiúnach tríú tír ag an am céanna, agus nach féidir an scagadh a chur i gcrích laistigh den teorainn ama sin, is féidir an tréimhse 5 lá a fhadú go ceann 5 lá breise ar a mhéad.

Maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(a) a mbeidh feidhm ag Airteagal 14(1) agus (3) de Rialachán (AE) 603/2013 ina leith, déanfar an tréimhse don scagadh a laghdú go dtí dhá lá sa chás ina bhfanann siad i láthair go fisiciúil ag an teorainn sheachtrach ar feadh os cionn 72 uair an chloig.

4.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill maidir leis na himthosca eisceachtúla dá dtagraítear i mír 3. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas chomh maith a luaithe a bheidh deireadh leis na cúiseanna atá le tréimhse an scagtha a fhadú.

5.Déanfar an scagadh dá dtagraítear in Airteagal 5 gan mhoill agus in aon chás cuirfear i gcrích é laistigh de 3 lá ó dháta na gabhála.

6.Beidh na gnéithe éigeantacha seo a leanas sa scagadh:

(a)réamhsheiceáil sláinte agus leochaileachta dá dtagraítear in Airteagal 9;

(b)sainaitheantas dá dtagraítear in Airteagal 10;

(c)na sonraí bithmhéadracha a chlárú sna bunachair sonraí iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 14(6), a mhéid nach ndearnadh go fóill é;

(d)seiceáil slándála dá dtagraítear in Airteagal 11;

(e)foirm fhaisnéisithe a líonadh isteach dá dtagraítear in Airteagal 13;

(f)cur faoi réir na nósanna imeachta iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 14.

7.Ainmneoidh na Ballstáit údaráis inniúla chun an scagadh a dhéanamh. Déanfaidh siad foireann iomchuí agus acmhainní leordhóthanacha a imscaradh chun an scagadh a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil.

Ainmneoidh na Ballstáit foireann leighis cháilithe chun an tseiceáil sláinte dá bhforáiltear in Airteagal 9 a dhéanamh. Ba cheart na húdaráis náisiúnta cosanta leanaí agus na rapóirtéirí náisiúnta frithgháinneála a bheith páirteach chomh maith, i gcás inarb iomchuí.    

Féadfaidh na húdaráis inniúla cúnamh nó tacaíocht a fháil ó shaineolaithe nó oifigigh idirchaidrimh nó foirne arna n
‑imscaradh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus [Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann] chun an scagadh a dhéanamh laistigh de shrianta a sainorduithe.

Airteagal 7

Faireachán ar chearta bunúsacha

1.Glacfaidh na Ballstáit forálacha ábhartha chun líomhaintí maidir le neamh-urraim na gceart bunúsach i ndáil leis an scagadh a fhiosrú.

2.Bunóidh gach Ballstát sásra neamhspleách faireacháin

chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha, le linn an scagtha;

i gcás inarb infheidhme, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha náisiúnta maidir leis na daoine lena mbaineann a choinneáil, go háirithe maidir leis na forais leis an gcoinneáil agus fad na coinneála;

chun a áirithiú go ndéileálfar go héifeachtach agus gan moill mhíchuí leis na líomhaintí maidir le neamh-urraim na gceart bunúsach i ndáil leis an scagadh, lena n‑airítear maidir le rochtain ar an nós imeachta tearmainn agus neamhchomhlíonadh phrionsabal an non-refoulement.

Cuirfidh na Ballstáit coimircí leordhóthanacha i bhfeidhm chun neamhspleáchas an tsásra a ráthú.

Eiseoidh an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha treoir ghinearálta do na Ballstáit maidir leis an sásra sin a bhunú agus feidhmiú neamhspleách an tsásra sin. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a iarraidh ar an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha chun sásra náisiúnta faireacháin a fhorbairt, lena n‑áirítear na coimircí do neamhspleáchas an tsásra sin, chomh maith leis an modheolaíocht faireacháin agus scéimeanna oiliúna iomchuí.

Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar eagraíochtaí agus comhlachtaí náisiúnta, idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha atá ábhartha a bheith rannpháirteach san fhaireachán.

Airteagal 8

Faisnéis a sholáthar

1.Cuirfear cuspóir agus módúlachtaí an scagtha in iúl go beacht do na náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha:

(a)céimeanna agus módúlachtaí an scagtha agus na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ar an scagadh;

(b)cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír le linn an scagtha, lena náirítear an oibleagáid atá orthu fanacht sna saoráidí ainmnithe le linn an scagtha.

2.Le linn an scagtha, gheobhaidh siad eolas freisin, de réir mar is iomchuí, faoi na nithe seo a leanas:

(a)na rialacha is infheidhme maidir leis na coinníollacha maidir le dul isteach do náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir le Rialachán (Uimh.) 2016/399 [Cód Teorainneacha Schengen] agus maidir leis na coinníollacha eile maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí sa Bhallstát lena mbaineann, a mhéid nár tugadh an fhaisnéis sin cheana féin;

(b)i gcás ina ndearna siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, nó i gcás inar cosúil gur mhaith leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, faisnéis faoin oibleagáid maidir le hiarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát an chéad dul isteach nó an chéad chónaí dlíthiúil a leagtar amach in Airteagal [9(1) agus (2)] de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath], agus na hiarmhairtí i gcás neamhchomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal [10(1)] den Rialachán sin, agus an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 11 den Rialachán sin chomh maith leis na nósanna imeachta a chuirtear i gcrích i ndiaidh iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta;

(c)an oibleagáid atá ar náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh i gcomhréir le Treoir XXXXX [Treoir um Fhilleadh];

(d)na féidearthachtaí chun clárú le clár a chuireann cúnamh lóistíochta, airgeadais agus ábhar eile nó cúnamh comhchineáil ar fáil chun tacú leis an imeacht deonach;

(e)na coinníollacha maidir le páirt a ghlacadh san athshocrú i gcomhréir le hAirteagal XX de Rialachán (AE) Uimh XXX/XXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath];

(f)an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679 35 [RGCS].

3.Tabharfar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil le linn an scagtha i dteanga a thuigfidh an náisiúnach tríú tír nó i dteanga a shíltear le réasún go dtuigfidh sé. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil i scríbhinn agus, in imthosca eisceachtúla, i gcás inar gá, ó bhéal trí úsáid a bhaint as seirbhísí ateangaireachta. Cuirfear ar fáil í ar bhealach iomchuí agus aois agus inscne an duine á gcur san áireamh.

4.Féadfaidh na Ballstáit a údarú d’eagraíochtaí agus comhlachtaí náisiúnta, idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha atá ábhartha faisnéis a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír faoin airteagal seo le linn an scagtha de réir na bhforálacha arna mbunú leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 9

Seiceálacha sláinte agus leochaileachtaí

1.Na náisiúnaigh tríú tír a ndéantar an scagadh orthu dá dtagraítear in Airteagal 3, beidh siad faoi réir réamhscrúdú sláinte d’fhonn a shainaithint an bhfuil cúram láithreach nó leithlisiú ar bhonn forais sláinte poiblí de dhíth, mura rud é, bunaithe ar na himthosca a bhaineann le sláinte ghinearálta na náisiúnach tríú tír lena mbaineann agus ar na forais chun iad a chur i dtreo an scagtha, go bhfuil na húdaráis inniúla sásta nach bhfuil gá le réamhscrúdú sláinte. Sa chás sin, cuirfidh siad na daoine sin ar an eolas dá réir.

2.I gcás inarb ábhartha, seiceálfar an bhfuil na daoine dá dtagraítear i mír 1 i staid leochaileach, an íospartaigh chéasta iad nó an bhfuil riachtanais speisialta maidir le glacadh nó nós imeachta acu de réir bhrí Airteagal 20 den Treoir maidir le Coinníollacha Glactha [athmhúnlú].

3.I gcás ina sonrófar go bhfuil leochailteachtaí nó riachtanais speisialta maidir le glacadh nó nós imeachta ag náisiúnach tríú tír, gheobhaidh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann tacaíocht thráthúil leordhóthanach dá sláinte fisiciúil agus mheabhrach. I gcás na mionaoiseach, cuirfidh pearsanra atá cuí-cháilithe agus cuí-oilte chun déileáil le mionaoisigh tacaíocht ar fáil i gcomhar leis na húdaráis cosanta leanaí.

4.I gcás ina measfar gur gá sin bunaithe ar na himthosca, beidh na náisiúnaigh tríú tír a ndéantar an scagadh orthu dá dtagraítear in Airteagal 5 faoi réir réamhscrúdú sláinte, go háirithe chun go sainaithneofar aon ríocht sláinte a mbeidh cúram láithreach, cúnamh speisialta nó leithlisiú de dhíth dá bharr.

Airteagal 10

Sainaithint

1.A mhéid nach ndearnadh go fóill é le linn chur i bhfeidhm Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2016/399, fíorófar agus bunófar céannacht náisiúnach tríú tír a ndéanfar an scagadh orthu de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 5, go háirithe trí úsáid a bhaint as an méid seo a leanas, in éineacht le bunachair sonraí náisiúnta agus Eorpacha:

(a)doiciméid chéannachta nó taistil nó doiciméid eile;

(b)sonraí nó faisnéis a chuirfidh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ar fáil nó a gheofar uaidh; agus

(c)sonraí bithmhéadracha;

2.Chun críoch na sainaitheanta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla cuardach in aon bhunachar sonraí náisiúnta ábhartha agus sa stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/817. Sonraí bithmhéadracha an náisiúnaigh tríú tír a thógfar le linn an scagtha, chomh maith leis na sonraí céannachta agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, sonraí doiciméid taistil, bainfear úsáid astu chuige sin.

3.I gcás nach féidir sonraí bithmhéadracha an náisiúnaigh tríú tír a úsáid nó i gcás ina gclisfidh ar an gcuardach leis na sonraí sin dá dtagraítear i mír 2, déanfar an cuardach dá dtagraítear i mír 2 le sonraí céannachta an náisiúnaigh tríú tír i dteannta shonraí aon doiciméid céannachta, taistil nó sonraí doiciméid eile, nó na sonraí céannachta a sholáthróidh an náisiúnaigh tríú tír sin.

4.Ba cheart, i gcás inar féidir, ceann amháin ar a laghad de na haitheantóirí bithmhéadracha atá ionchorpraithe in aon doiciméad céannachta, taistil nó doiciméad eile a fhíorú sna seiceálacha seo.

Airteagal 11

Seiceáil slándála

1.Na náisiúnaigh tríú tír a ndéantar an scagadh orthu de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 5, déanfar seiceáil slándála orthu chun a fhíorú nach mbeidh siad ina mbaol don tslándáil inmheánach. D’fhéadfaí na náisiúnaigh tríú tír agus na rudaí atá ina seilbh acu a chumhdach leis an tseiceáil slándála . Beidh feidhm ag dlí an Bhallstáit lena mbaineann maidir le haon chuardach a dhéanfar.

2.Ar mhaithe leis an tseiceáil slándála dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, agus a mhéid nach bhfuil sé déanta acu go fóill i gcomhréir le hAirteagal 8(3), pointe (a)(vi), de Rialachán (AE) 2016/399, déanfaidh na húdaráis inniúla cuardach i mbunachair sonraí náisiúnta agus bunachair sonraí an Aontais atá ábhartha, go háirithe i gCóras Faisnéise Schengen (CFS).

3.A mhéid nach bhfuil sé déanta cheana le linn na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2016/399, déanfaidh an túdarás inniúil cuardach sa Chóras Dul Isteach/Imeachta (EES), sa Chóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), lena náirítear liosta faire ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1240, sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS), sa chóras ECRIS-TCN a mhéid a bhaineann le ciontuithe i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta agus cineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha, sonraí Europol a phróiseáiltear chun na críche sin dá dtagraítear in Airteagal 18(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/794, agus i mbunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí (TDAWN Interpol) leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus trí úsáid a bhaint ar a laghad as na sonraí dá dtagraítear faoi phointe (c) de.

4.Maidir le ceadú EES, ETIAS agus VIS de bhun mhír 3, beidh na sonraí a aisghabhfar teoranta do dhiúluithe údaruithe taistil, diúltuithe cead isteach nó cinntí maidir le víosa nó cead cónaithe a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm, bunaithe ar fhorais slándála.

5.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach an nós imeachta mionsonraithe agus sonraíochtaí maidir le sonraí a aisghabháil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 12

Módúlachtaí maidir le seiceálacha slándála

1.Féadfar na fiosruithe dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 11(2) a sheoladh trí úsáid a bhaint as an tairseach chuardaigh Eorpach i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) 2019/817 agus le Caibidil II de Rialachán (AE) 2019/818 36 , le haghaidh fiosruithe a bhaineann le córáis faisnéise an Aontais agus an CIR.

2.I gcás ina bhfaighfear meaitseáil i leith sonraí atá i gceann de na córais faisnéise de thoradh cuardach a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 11(3), beidh rochtain ag an údarás inniúil ar an gcomhad a fhreagraíonn don mheaitseáil sin sa chóras faisnéise sin chun an riosca don tslándáil inmheánach a chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 11(1).

3.I gcás ina bhfaighfear meaitseáil i leith sonraí Europol de thoradh cuardach a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 11(3), cuirfidh an túdarás inniúil Europol ar an eolas, más gá, chun aon ghníomhaíocht leantach iomchuí a dhéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha.

4.I gcás ina bhfaighfear meaitseáil i leith bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí (TDAWN Interpol) mar a fhoráiltear in Airteagal 11(3), cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit Biúró Lárnach Náisiúnta Interpol an Bhallstáit a rinne an cuardach, más gá, chun aon ghníomhaíocht leantach iomchuí a dhéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha.

5.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun go sonrófar an nós imeachta maidir le comhar idir na húdaráis atá freagrach as an scagadh a dhéanamh, Biúrónna Náisiúnta Lárnacha Interpol, aonad náisiúnta Europol agus údaráis lárnacha ECRIS-TCN, faoi seach, chun an riosca don tslándáil inmheánach a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 13

An fhoirm fhaisnéisithe

Nuair a bheidh an scagadh críochnaithe, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla, maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 5, an fhoirm in Iarscríbhinn I ina bhfuil na nithe seo a leanas:

(a)ainm, dáta breithe agus áit bhreithe agus gnéas;

(b)léiriú tosaigh ar náisiúnachtaí, tíortha cónaithe roimh theacht chuig an mBallstát dóibh agus teangacha a labhraíonn siad;

(c)an chúis atá leis an teacht isteach neamhúdaraithe, dul isteach neamhúdaraithe agus, i gcás inarb iomchuí an fanacht nó cónaí neamhdhleathach, lena náirítear faisnéis faoi cé acu a rinne an duine iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó nach ndearna;

(d)faisnéis faoi na bealaí taistil, lena náirítear an chéad áit imeachta, áiteanna cónaithe roimhe sin, tríú tíortha idirthurais agus tíortha ina bhféadfadh sé gur lorgaíodh cosaint nó gur tugadh cosaint chomh maith leis an gceann scríbe laistigh den Aontas;

(e)faisnéis ar an gcúnamh a sholáthair duine nó eagraíocht choiriúil maidir le trasnú neamhúdaraithe na teorann, agus aon fhaisnéis a bhaineann le cásanna a bhfuil amhras ann maidir le smuigleáil daoine.

Airteagal 14

Torthaí an scagtha

1.Na náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 3(1) pointe (a) agus (b) den Rialachán seo

nach ndearna iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus

nár léiríodh leis an scagadh go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399,

déanfar iad a tharchur chuig na húdaráis inniúla chun nósanna imeachta lena n‑urramaítear Treoir (AE) 2008/115/CE (Treoir um Fhilleadh) a chur i bhfeidhm.

I gcásanna nach mbaineann le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, is féidir cead isteach a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán 2016/399.

Cuirfear an fhoirm dá dtagraítear in Airteagal 13 chuig na húdaráis ábhartha a bhfuiltear ag tarchur an náisiúnach tríú tír chucu.

2.Déanfar na náisiúnaigh tríú tír a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a tharchur chuig na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal XY de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn] mar aon leis an bhfoirm dá dtagraítear im Airteagal 13 den Rialachán seo. An tráth sin, déanfaidh na húdaráis a bhfuil an scagadh ar bun acu nóta san fhoirm fhaisnéisithe d’aon ghné a d’fhéadfadh, ar an gcéad amharc de, a bheith ábhartha chun na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a chur faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe nó chuig an nós imeachta teorann.

3.I gcás ina ndéanfar náisiúnach tríú tír a athlonnú faoin sásra dlúthpháirtíochta arna bhunú le hAirteagal XX de Rialachán (AE) Uimh XXXX/XXXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath], déanfar an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a tharchur chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann mar aon leis an bhfoirm dá dtagraítear in Airteagal 13.

4.Na náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 5,

nach ndearna iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus, tar éis iad a scagadh

nár chomhlíon na coinníollacha maidir le dul isteach agus imeacht

beidh siad faoi réir na nósanna imeachta um fhilleadh lena n‑urramaítear Treoir 2008/115/CE.

5.I gcás ina ndéanfaidh náisiúnaigh tríú tír a ndearnadh an scagadh orthu i gcomhréir le hAirteagal 5 iarratas ar chosaint idirnáisiúnta dá tagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn), beidh feidhm ag mír 2 den Rialachán seo dá réir sin.

6.Maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil feidhm ag Rialachán AE Uimh. XXX/XXX [Rialachán Eurodac] maidir leo, tógfaidh na húdaráis inniúla na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear in Airteagail [10, 13, 14 agus 14a] den Rialachán (AE) sin agus déanfaidh siad iad a tharchur i gcomhréir leis an Rialachán sin.

7.I gcás ina gcuirfear na náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus Airteagal 5 faoi réir an nós imeachta iomchuí um tearmann nó um fhilleadh, beidh deireadh leis an scagadh. I gcás nach gcuirfear na seiceálacha ar fad i gcrích laistigh de na spriocdhátaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus (5), beidh deireadh leis an scagadh mar sin féin maidir leis an duine sin, a chuirfear é faoi réir an nós imeachta ábhartha.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 16

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 mar a leanas:

(1)In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.    Is ag foireann chuí-údaraithe Láraonad ETIAS, agus ag údaráis náisiúnta gach Ballstáit, lena n‑áirítear foireann chuí-údaraithe Aonaid Náisiúnta ETIAS, atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 15 go 22, arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus foireann chuí-údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus chomhlachtaí an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 20 agus Airteagal 21 de Rialachán 2019/817, a bheidh rochtain ar VIS chun na sonraí a cheadú, agus ag na húdaráis inniúla dá bhforáiltear faoi Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) 2020/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 . Beidh rochtain den sórt sin teoranta don mhéid a bheidh riachtanach chun a gcúraimí a dhéanamh chun na gcríoch sin, agus comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.’;

Airteagal 17

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2226

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2226 mar a leanas:

(1)Cuirtear an pointe (1) seo a leanas le hAirteagal 6(1):

(1)tacú le cuspóirí an scagtha arna mbunú le Rialachán (AE) 2020/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 , go háirithe maidir le seiceálacha arna soláthar faoi Airteagal 10 de.’

(2)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 1:

‘2a.    Beidh rochtain ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 5(6) de Rialachán (AE) 2020/XXX ar EES chun sonraí a cheadú.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 4:

‘Is ag foireann chuí-údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus ag foireann chuí-údaraithe ghníomhaireachtaí an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 20, Airteagal 20a agus Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2019/817 agus acu sin amháin a bheidh rochtain ar shonraí EES a stóráiltear in CIR lena gceadú. Beidh rochtain den sórt sin teoranta don mhéid a bheidh riachtanach chun a gcúraimí a dhéanamh chun na gcríoch sin, agus comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.’

Airteagal 18

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1240

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1240 mar a leanas:

(1)In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) cuidiú le hardleibhéal slándála trí mheasúnú críochnúil a dhéanamh ar iarratasóirí maidir leis an riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo don tslándáil inmheánach sula dtiocfaidh siad chuig pointí trasnaithe teorann seachtraí, agus ar dhaoine atá faoi réir an scagtha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 [Rialachán maidir le Scagadh], chun a chinneadh an bhfuil táscairí fíorasacha nó foras réasúnach bunaithe ar tháscairí fíorasacha ann lena chinneadh go bhfuil riosca slándála ann de dheasca an duine sin a bheith ar chríoch na mBallstát;’

(1)In Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5. Ainmneoidh gach Ballstát na húdaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo, agus an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 5(6) de Rialachán (AE) 2020/XXX agus cuirfidh siad liosta de na húdaráis sin in iúl do eu-LISA gan mhoill, i gcomhréir le hAirteagal 87(2) den Rialachán seo. Sonrófar sa liosta sin cad chuige a mbeidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe gach údaráis ar na sonraí atá i gCóras Faisnéise ETIAS i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo.’

Airteagal 19

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/817

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/817 mar a leanas:

(1)In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘Bunaítear stóras coiteann sonraí céannachta (CIR), lena gcruthaítear sainchomhad le haghaidh gach duine atá cláraithe in EES, VIS, ETIAS, Eurodac nó ECRIS-TCN ina bhfuil na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18, chun ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN i gcomhréir le hAirteagal 20 agus 20a a éascú agus cabhrú leis, chun tacú le feidhmiú MID i gcomhréir le hAirteagal 21 agus chun rochtain ag na húdaráis ainmnithe agus ag Europol ar EES, VIS, ETIAS agus Eurodac a éascú agus cabhrú leis, i gcás inar gá an méid sin chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 22.’

(2)Cuirtear isteach an tAirteagal 20a seo a leanas:

‘Airteagal 20a

Rochtain ar an stóras coiteann sonraí céannachta chun sainaithint a dhéanamh de réir Rialachán (AE) 2020/XXX

1.Ba cheart don údarás inniúil ainmnithe fiosruithe in CIR a dhéanamh mar a shainmhínítear in Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) 2020/XXX, chun críoch duine a shainaithint de réir Airteagal 10 den Rialachán sin agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndearnadh an nós imeachta a thionscnamh i láthair an duine sin.

2.I gcás ina léireoidh an cuardach go bhfuil sonraí an duine sin stóráilte in CIR, beidh rochtain ag an údarás inniúil ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gceadú.’

Airteagal 20

Meastóireacht

[Trí bliana tar éis teacht i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo.]

Tráth nach luaithe ná [cúig] bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis uile is gá ar fáil don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú, ar a dhéanaí sé mhí sula rachaidh an teorainn ama [cúig] bliana in éag.

Airteagal 21

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh 

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh 767/2008, (AE) Uimh. 2017/2226 agus (AE) Uimh. 2018/1240

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (Cnuasach clár)

Ceannteideal 4 (Imirce agus Bainistiú Teorainneacha). Teideal 11. Bainistiú Teorainneacha

Na teorainneacha seachtracha a chosaint:

seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

beart nua 

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Forais an togra/tionscnaimh 

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Leanann an togra seo an fógra a rinne Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen i mí Mheán Fómhair 2019 maidir le glacadh an Chomhaontaithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann ina leagfar amach cur chuige cuimsitheach maidir leis na teorainneacha seachtracha, na córais tearmainn agus fillte, limistéar saorghluaiseachta Schengen agus an ghné sheachtrach.

Tá an togra ag gabháil leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann arb é is aidhm dó muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a threisiú.

Sa ghearrthéarma beidh ar na Ballstáit na húdaráis inniúla don scagadh a ainmniú agus an bonneagar a d’fhéadfaí a úsáid chuige sin a bhunú. Ina theannta sin, beidh orthu bearta a dhéanamh chun sásra le haghaidh faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha le linn an scagtha a bhunú. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh níos mó infheistíochtaí ag teastáil sa chéad dá bhliain i gcomparáid leis na blianta ina dhiaidh sin, go háirithe sna Ballstáit túslíne.

San fhadtéarma beidh ar na Ballstáit ionaid scagtha a fhorbairt agus a chothabháil, na hacmhainní atá riachtanach a sholáthar agus an fhoireann a bheith oilte go hiomchuí, agus an sásra faireacháin a chothabháil freisin.

1.4.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann de thoradh fachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Is é is cuspóir don togra seo cur le córas cuimsitheach athléimneach rialuithe ag na teorainneacha seachtracha chun nósanna imeachta tearmainn agus fillte a éascú.

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n‑aonar. I gcomhréir le hAithris 6 de Chód Teorainneacha Schengen ‘ní chun leasa na mBallstát sin a ndéantar rialú teorann ag a dteorainneacha amháin atá an rialú teorann, ach chun leasa na mBallstát uile a chuir deireadh le rialú ag teorainneacha inmheánacha. Ba cheart an rialú teorann a bheith ina chuidiú chun an imirce neamhdhleathach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac agus aon bhaol do shlándáil inmheánach, beartas poiblí, sláinte phoiblí agus caidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a chosc’.

An breisluach ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex-post)

I gcomparáid leis na nósanna imeachta atá ann faoi láthair, cruthóidh an scagadh atá beartaithe breisluach go háirithe tríd an méid seo a leanas:

   rialacha aonfhoirmeacha a chruthú maidir le sainaithint náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach dá dtagraítear i gCód Teorainneacha Schengen agus seiceálacha sláinte agus slándála a dhéanamh orthu ag na teorainneacha seachtracha;

   a áirithiú nach n‑údaraítear do náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil a stádas daingnithe go fóill dul isteach agus ar an gcaoi sin cosc a chur ar éalú;

   cinneadh agus cur i bhfeidhm an nós imeachta iomchuí a éascú: filleadh, nó i gcás iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, an gnáthnós imeachta tearmainn, nós imeachta brostaithe, an nós imeachta tearmainn ag teorainneacha nó athshocrú go Ballstát eile, agus

   creat a chruthú freisin maidir le scagadh ar náisiúnaigh tríú tír a tháinig isteach ar chríoch na mBallstát gan údarú agus a gabhadh laistigh dá gcríocha.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Baineann an togra seo na ceachtanna ón ngnáthshreabhadh oibre atá á chur chun feidhme faoi láthair san Iodáil agus sa Ghréig i dteophointí dá dtagraítear i Rialachán 2019/1896. Foráiltear leis dlúthchomhar idir na húdaráis náisiúnta, an Coimisiún, gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus saineolaithe eile sna Ballstáit agus freagraíonn sé do na dúshláin shonracha a dtugann na Ballstáit aghaidh orthu agus iad go mór faoi bhrú ag an imirce ag na teorainneacha seachtracha.

1.4.4.Comhoiriúnacht agus sineirgíocht fhéideartha le hionstraimí iomchuí eile

Is é atá sa togra seo ceann de bhunábhar reachtach an Chomhaontaithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann agus foráiltear leis gné bhreise sa bhainistiú imirce i gcomhsheasmhacht iomlán leis na tograí le haghaidh Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce, Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn, Rialachán maidir le cásanna géarchéime agus an togra leasaithe maidir le Rialachán Eurodac athmhúnlaithe.

In éineacht leis an gcomhaontú, is é is cuspóir don togra seo cur le cur chuige cuimsitheach i leith na himirce trí nasc lánéifeachtach a bhunú idir gach céim den phróiseas imirce, ó theacht isteach agus próiseáil ar na hiarrataí ar chosaint idirnáisiúnta go dtí, i gcás inarb infheidhme, filleadh. Ní mór é seo a bheith ag gabháil bonn ar bhonn le lánurraim do na cearta bunúsacha. Chuige sin, tá sé beartaithe a áirithiú go gcuirfidh gach Ballstát sásra faireacháin neamhspleách ar bun chun a áirithiú go ndéantar na cearta bunúsacha a chomhlíonadh le linn an scagtha agus go ndéanfar aon líomhain maidir le sárú ar chearta bunúsacha a imscrúdú mar is ceart.

Ba cheart an sásra faireacháin don scagadh a bheith mar chuid de rialachas agus d’fhaireachán staid na himirce dá bhforáiltear sa Rialachán nua maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce (AMMR). Ba cheart do na Ballstáit torthaí a sásra faireacháin náisiúnta a chomhtháthú faoin Rialachán maidir le Scagadh lena straitéisí náisiúnta dá bhforáiltear san AMMR.

Ní dhéanann an togra seo aon difear do na nósanna imeachtaí atá ann cheana féin i réimse an tearmainn agus an fhillte agus ní chúngaíonn sé cearta an duine aonair ach cruthaíonn sé an chéad chéim roimh dhul isteach atá beartaithe chun úsáid níos fearr a bhaint as na nósanna imeachta sin.

Ba cheart tarchur na náisiúnach tríú tír lena mbaineann chuig na húdaráis ábhartha a bheith mar thoradh an scagtha, na húdaráis sin ar cheart dóibh na cinntí ábhartha a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a bailíodh ar an bhfoirm fhaisnéisithe le linn an scagtha.

Mar sin, ba cheart go gcuideodh an fhaisnéis a bhailítear le linn an scagtha na nósanna imeachta faoi seach a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtúla. Ba cheart go gcuideodh an fhaisnéis, go háirithe, leis na húdaráis tearmainn ábhartha na hiarratasóirí tearmainn sin a thiocfadh faoi raon feidhme an nós imeachta tearmainn a shainaithint, i gcomhréir leis na leasuithe ar an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn atá beartaithe. Ba cheart go gcuideodh an fhaisnéis an smuigleáil a chomhrac agus rialuithe teorann a fheabhsú trí thuiscint níos fearr a fháil ar na sreafaí imirce.

Ba cheart na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear i Rialachán XXXX [Rialachán Eurodac] mar aon leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagail [10, 13, 14 agus 14a] den Rialachán Eurodac a bailíodh le linn an scagtha a tharchur chuig Eurodac maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir na hoibleagáide méarlorgaireachta, agus ar an gcaoi sin na hoibleagáidí a bhaineann le méarlorgaireacht agus clárú i leith náisiúnaigh tríú tír a threisiú. Ba cheart don scagadh seiceáil ar chórais mhórscála TF eile an Aontais a éascú, amhail Córas Faisnéise Schengen, ar mhaithe leis an bhfilleadh.

1.5.Fad agus tionchar airgeadais 

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn tréimhse tosaigh ó dháta an teacht i bhfeidhm

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 40  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

Gnéithe de chuid an scagtha óna bhféadfadh an tacaíocht airgeadais a bheith ag teastáil:

- bonneagar don scagadh: na háitribh láithreacha ag na pointí trasnaithe teorann, ionaid ghlactha etc. a chruthú agus a úsáid/uasghrádú.

- oiliúint a chur ar na gardaí teorann agus údaráis ábhartha eile chun an scagadh a dhéanamh

- rochtain ar na bunachair sonraí ábhartha ag na suíomhanna nua

- acmhainní nua a oiliúint agus a fhostú chun an scagadh a dhéanamh

- an fhoireann leighis a earcú

- trealamh leighis agus áitribh le haghaidh na réamhscrúduithe sláinte

- an sásra faireacháin neamhspleách a bhunú, chun a áirithiú go ndéantar cearta bunúsacha a chomhlíonadh le linn an scagtha

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

De réir an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais maidir le bainistiú teorainneacha agus víosaí (COM(2018) 473 final):

Bainistíocht chomhroinnte:

Bunóidh gach Ballstát córais bhainistithe agus rialaithe dá chlár agus áiritheoidh sé cáilíocht agus iontaofacht an chórais faireacháin agus na sonraí faoi tháscairí, i gcomhréir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC). Chun tosú tapa ar an gcur chun feidhme a éascú, is féidir leanúint, sa chéad chlárthréimhse eile, d’úsáid córas bainistithe agus rialaithe a fheidhmíonn go maith.

Sa chomhthéacs sin, iarrfar ar na Ballstáit coiste faireacháin a bhunú agus glacfaidh an Coimisiún páirt in obair an choiste sin mar chomhairleoir. Tiocfaidh an coiste faireacháin le chéile uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh sé athbhreithniú ar na saincheisteanna go léir a dhéanann difear don dul chun cinn i dtaca lena chuspóirí a bhaint amach.

Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht ar aghaidh, ina leagfar amach faisnéis faoin dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir agus gnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna. Ina theannta sin, tráchtfar sa tuarascáil ar aon saincheisteanna a imríonn tionchar ar fheidhmíocht an chláir agus tabharfar tuairisc ar na bearta atá déanta chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin.

Ag deireadh na tréimhse, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht isteach. Ba cheart an tuarascáil deiridh a bheith dírithe ar an dul chun cinn arna dhéanamh i dtaca le gnóthú chuspóirí an chláir agus ba cheart forléargas a bheith ann ar na príomh-shaincheisteanna a rinne difear d’fheidhmíocht an chláir, ar na bearta arna ndéanamh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin agus ar an measúnú ar éifeachtacht na mbeart sin. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfí i láthair inti rannchuidiú an chláir maidir le dul i ngleic leis na dúshláin arna sainaithint sna moltaí ábhartha ón Aontas don Bhallstát, an dul chun cinn i dtaca le gnóthú na spriocanna a leagtar amach sa chreat feidhmíochta, torthaí na meastóireachtaí ábhartha agus na bearta leantacha arna ndéanamh maidir leis na torthaí sin agus torthaí na ngníomhaíochtaí cumarsáide.

De réir dhréacht-togra RFC, cuirfidh na Ballstáit pacáiste dearbhaithe ar aghaidh gach bliain, ina mbeidh na cuntais bhliantúla, an dearbhú bainistíochta agus tuairimí an údaráis iniúchóireachta maidir leis na cuntais, an córas bainistithe agus rialaithe agus dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais arna dhearbhú sna cuntais bhliantúla. Bainfidh an Coimisiún úsáid as an bpacáiste dearbhaithe sin chun an méid is inmhuirir i leith an Chiste don bhliain chuntasaíochta a chinneadh.

Eagrófar cruinniú athbhreithnithe idir an Coimisiún agus gach Ballstát gach re bliain chun feidhmíocht gach cláir a scrúdú.

6 huaire in aghaidh na bliana, cuirfidh na Ballstáit sonraí ar aghaidh maidir le gach clár, arna miondealú de réir cuspóirí sonracha. Bainfidh na sonraí sin le costas na n‑oibríochtaí agus le luachanna na dtáscairí coiteanna aschuir agus toraidh.

Go ginearálta:

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht shiarghabhálach ar na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gCiste seo, i gcomhréir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Ba cheart an mheastóireacht mheántéarma a bheith bunaithe go háirithe ar an meastóireacht mheántéarma ar chláir arna cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2024.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

De réir an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais maidir le bainistiú teorainneacha agus víosaí (COM(2018) 473 final):

Léirigh na meastóireachtaí ex post ar Chistí AS HOME 2007-2013 agus na meastóireachtaí eatramhacha ar na Cistí atá ag AS HOME faoi láthair gur fhág an meascán modhanna seachadta a bhí ann i réimsí na himirce agus na ngnóthaí baile go raibh bealach éifeachtach ann chun cuspóirí na gCistí a ghnóthú. Coinneofar an leagan amach iomlánaíoch atá ar na sásraí seachadta agus cuimseofar bainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach.

Faoi bhainistíocht chomhroinnte, cuireann na Ballstáit cláir chun feidhme a rannchuidíonn le cuspóirí beartais an Aontais, agus atá saincheaptha dá gcúinsí náisiúnta féin. D’fhéadfaí gníomhaíochtaí scagtha a bheith mar chuid de na cláir sin. Áirithíonn an bhainistíocht chomhroinnte go bhfuil an tacaíocht airgeadais ar fáil sna Stáit rannpháirteacha uile. Thairis sin, faoi bhainistíocht chomhroinnte bíonn intuarthacht cistiúcháin ann agus is féidir leis na Ballstáit a bhfuil an t‑eolas is mó acu faoi na dúshláin atá rompu féin, a maoiniú fadtéarmach a phleanáil dá réir. An cistiú breisithe le haghaidh Gníomhaíochtaí Sonracha (a dteastaíonn comhar idir na Ballstáit ina leith nó más gá cistiú breise a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó de thoradh cúinsí atá tagtha chun cinn san Aontas) agus le haghaidh gníomhaíochtaí athlonnaithe agus aistrithe, is féidir é a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Nuair a thagann cúinsí nua chun cinn, is féidir leis an gCiste cúnamh éigeandála a thabhairt faoi bhainistíocht chomhroinnte, maille leis an mbainistíocht dhíreach agus indíreach.

Faoi bhainistíocht dhíreach, tacaíonn an Coimisiún le gníomhaíochtaí eile a rannchuidíonn le cuspóirí comhbheartais an Aontais. Cuireann na gníomhaíochtaí tacaíocht shaincheaptha ar fáil maidir le riachtanais phráinneacha shonracha i mBallstáit ar leith (‘cúnamh éigeandála’), tacaíonn siad le líonraí agus le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta, tástálann siad gníomhaíochtaí nuálacha ab fhéidir a mhéadú faoi chláir náisiúnta agus cumhdaíonn siad staidéir atá le leas an Aontais ina iomláine (‘gníomhaíochtaí an Aontais’).

Faoi bhainistíocht indíreach, coinníonn an Ciste an deis cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chuig Eagraíochtaí Idirnáisiúnta agus Gníomhaireachtaí Gnóthaí Baile, agus chuig comhlachtaí nach iad, chun críocha áirithe.

I bhfianaise na gcuspóirí agus na riachtanas éagsúil, tá saoráid théamach á beartú faoin gCiste mar bhealach chun cothromaíocht a fháil idir intuarthacht i ndáil le leithdháileadh ilbhliantúil an chistithe ar na cláir náisiúnta agus solúbthacht d’fhonn cistiú a íoc amach go tráthrialta le haghaidh gníomhaíochtaí lena mbaineann ardleibhéal breisluacha don Aontas. Úsáidfear an tsaoráid théamach le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha sna Ballstáit agus i measc na mBallstát, gníomhaíochtaí an Aontais, cúnamh éigeandála, athlonnú agus athshuíomh. Áiritheofar léi gur féidir cistí a leithdháileadh agus a aistriú idir na módúlachtaí thuasluaite, ar bhonn timthriall clársceidealaithe dhá bhliain.

Tá tuairisc ar na modúlachtaí íocaíochta don bhainistíocht chomhroinnte i ndréacht-togra RFC ina bhforáiltear maidir le réamh-mhaoiniú bliantúil, agus, ina dhiaidh sin, maidir le huasmhéid 4 híocaíocht eatramhacha in aghaidh an chláir in aghaidh na bliana bunaithe ar na hiarratais ar íocaíocht a chuirfidh na Ballstáit isteach le linn na bliana cuntasaíochta. De réir mar atá i dréacht-togra RFC, glanfar an réamh-mhaoiniú le linn bhliain airgeadais dheireanach na gclár.

Beidh an straitéis rialaithe bunaithe ar an Rialachán Airgeadais nua agus ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Leis an Rialachán Airgeadais nua agus dréacht-togra RFC ba cheart cur leis an úsáid a bhaintear as foirmeacha simplithe deontas amhail cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costais aonaid. Tabharfar isteach foirmeacha nua íocaíochtaí freisin, bunaithe ar na torthaí arna mbaint amach, seachas an costas. Beidh tairbhithe in ann méid sheasta airgid a fháil má chruthaíonn siad go ndearnadh bearta áirithe amhail cúrsaí oiliúna nó seachadadh cúnaimh daonnúil. Meastar go simpleoidh sé sin an t‑ualach rialaithe ar leibhéal an tairbhí agus ar leibhéal an Bhallstáit araon (e.g. seiceáil billí agus admhálacha costais).

Maidir leis an mbainistíocht chomhroinnte, forbairt is ea dréacht-togra RFC ar an straitéis bainistíochta agus rialaithe atá i bhfeidhm do chlárthréimhse 2014-2020, ach tabharfar isteach bearta áirithe freisin a bhfuil d’aidhm acu an cur chun feidhme a shimpliú agus an t‑ualach rialaithe a laghdú ar leibhéal na dtairbhithe agus na mBallstát araon. Ar na cúinsí nua áirítear an méid a leanas:

- deireadh leis an nós imeachta ainmniúcháin (ba cheart go mbeifí in ann dlús a chur le cur chun feidhme na gclár mar gheall air)

- fíoruithe bainistíochta (fíoruithe riaracháin agus fíoruithe ar an láthair) a bheidh le déanamh ag an údarás bainistíochta ar bhonn riosca (i gcomparáid leis an 100 % rialuithe riaracháin a cheanglaítear le haghaidh na clárthréimhse 2014-2020). Thairis sin, faoi choinníollacha áirithe, féadfaidh na húdaráis bhainistíochta socruithe rialaithe comhréireacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta.

- coinníollacha faoinar féidir an iliomad iniúchtaí ar an oibríocht/caiteachas céanna a sheachaint

Cuirfidh údaráis an chláir éilimh eatramhacha ar íocaíochtaí chuig an gCoimisiún bunaithe ar an gcaiteachas a thabhóidh na tairbhithe. Faoi dhréacht-togra RFC, beidh na húdaráis bhainistíochta in ann fíoruithe bainistíochta a dhéanamh ar bhonn riosca agus foráiltear ann freisin rialuithe sonracha (e.g. rialuithe ar an láthair ag an údarás bainistíochta agus iniúchtaí ar oibríochtaí/chaiteachas ag an údarás iniúchóireachta) tar éis an caiteachas lena mbaineann a bheith dearbhaithe don Choimisiún sna héilimh eatramhacha ar íocaíochtaí. D’fhonn an riosca atá ann go n‑aisíocfaí caiteachas neamh-incháilithe a mhaolú, déantar foráil i ndréacht-RFC maidir le huasteorainn 90 % a chur le híocaíochtaí eatramhacha an Choimisiúin, i bhfianaise nach bhfuil déanta go fóill ach cuid de na rialuithe náisiúnta. Íocfaidh an Coimisiún an fuílleach tar éis an chleachtais bhliantúil lena n‑imréitítear na cuntais, nuair a gheobhaidh sé an pacáiste dearbhaithe ó údaráis an chláir. Féadfar glancheartúchán airgeadais teacht as aon neamhrialtacht a bhraithfidh an Coimisiún nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar éis tharchur an phacáiste dearbhaithe bhliantúil.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Níor bhain rioscaí móra earráide le cláir chaiteachais AS HOME go dtí seo. Dearbhaítear sin de bharr a mhinice nach mbíonn aon toradh suntasach aimsithe i dtuarascálacha bliantúla na Cúirte Iniúchóirí.

Faoi bhainistíocht chomhroinnte, na rioscaí ginearálta maidir le cur chun feidhme na gclár atá ann faoi láthair, baineann siad le cur chun feidhme easnamhach an Chiste ag na Ballstáit agus le hearráidí ab fhéidir a bheith ann de dheasca a chasta atá na rialacha agus de dheasca laigí sna córais bhainistithe agus rialaithe. Simpleoidh dréacht-RFC an creat rialála trí na rialacha agus na córais bhainistithe agus rialaithe a chomhchuibhiú i gcás na gCistí éagsúla a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Simplítear leis na ceanglais rialaithe (e.g. fíoruithe bainistíochta bunaithe ar riosca, an deis socruithe rialaithe comhréireacha a bheith ann bunaithe ar nósanna imeachta náisiúnta, teorainneacha le hobair iniúchóireachta ó thaobh uainiú de agus/nó oibríochtaí sonracha).

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Meastar go bhfanfaidh costas na rialuithe mar atá sé nó go bhféadfadh laghdú a theacht air i gcás na mBallstát. I dtaca leis an gclárthréimhse atá ann faoi láthair 2014-2020, amhail ó 2017, meastar gurb é a bheidh sa chostas carnach a bheidh ar an rialú ag na Ballstáit 5 % de mhéid iomlán na n‑íocaíochtaí arna n‑iarraidh ag na Ballstáit don bhliain 2017.

Meastar go dtiocfaidh laghdú ar an gcéatadán sin a bhuí le gnóthachain éifeachtúlachta maidir le cur chun feidhme na gclár agus méadú ar na híocaíochtaí leis na Ballstáit.

De thoradh an chur chuige rioscabhunaithe maidir le bainistiú agus rialú atá á thabhairt isteach le dréacht-RFC, maille leis an iarracht threisithe roghanna costais simplithe a ghlacadh, meastar go laghdófar costas na rialuithe a thuilleadh i gcás na mBallstát.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Leanfaidh AS HOME ar aghaidh ag cur a Straitéis Frith-Chalaoise i bhfeidhm i gcomhréir le Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin (SFCC) chun a áirithiú inter alia go mbeidh a rialuithe inmheánacha frithchalaoise ailínithe go hiomlán le SFCC agus go mbeidh a chur chuige bainistíochta riosca calaoise dírithe ar limistéir riosca calaoise agus freagairtí leordhóthanacha a aithint.

Maidir leis an mbainistíocht chomhroinnte, áiritheoidh na Ballstáit dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais atá ar áireamh sna cuntais a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú. Agus mar atá i gcás na clárthréimhse atá ann faoi láthair 2014-2020 tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit nósanna imeachta a chur ar bun chun neamhrialtachtaí a bhrath agus maidir leis an bhfrithchalaois chomh maith le Rialachán Tarmligthe sonrach ón gCoimisiún maidir le neamhrialtachtaí a thuairisciú. Leanfaidh bearta frithchalaoise de bheith ina prionsabal ginearálta agus ina n‑oibleagáid ar na Ballstáit.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid atá beartaithe 

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál  
caiteachais

Ranníocaíocht

Ceannteideal Uimh. 4: ‘Imirce agus Bainistiú Teorainneacha’

LD/LN 41 .

ó thíortha de chuid CSTE 42

ó thíortha is iarrthóirí 43

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

4

11.02.01 – ‘Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí’ 

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

4

11.01.01 – Caiteachas tacaíochta le haghaidh ‘Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (CBCT) — Ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí (IBTV)’

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

Nótaí:

Ba cheart a thabhairt faoi deara go gcumhdaítear leithreasuithe a iarrtar i gcomhthéacs an togra le leithreasuithe dá bhforáiltear cheana féin in SFS is bonn leis an Rialachán IBTV. Ní iarrtar aon acmhainn airgeadais ná daonna i gcomhthéacs an togra reachtaigh seo.

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar chaiteachas 

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

4

‘Imirce agus Bainistiú Teorainneacha’

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (de réir na línte buiséid a liostaítear faoi 3.1)

Gealltanais

(1)

66,510

67,470

62,450

55,174

55,174

55,174

55,174

 

417,126

Íocaíochtaí

(2)

17,918

27,079

28,591

24,930

25,868

33,452

47,439

211,850

417,126

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir 44  

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

0,250

0,250

 

 

 

 

 

 

0,500

IOMLÁN leithreasuithe le haghaidh imchlúdach an chláir

Gealltanais

=1+3

66,760

67,720

62,450

55,174

55,174

55,174

55,174

-

417,626

Íocaíochtaí

=2+3

18,168

27,329

28,591

24,930

25,868

33,452

47,439

211,850

417,626



Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a iontráladh ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach agus a uaslódáladh ar chóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

 

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

0.060

0.060

-

-

-

-

-

 

0.120

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.060

0.060

-

-

-

-

-

 

0.120

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Iomlán leithreasuithe 
ar fud na gCEANNTEIDEAL 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

66,820

67,780

62,450

55,174

55,174

55,174

55,174

-

417,746

Íocaíochtaí

18,228

27,389

28,591

24,930

25,868

33,452

47,439

211,850

417,746

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

0.060

0.060

0.120

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.060

0.060

0.120

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 45  
of the multiannual financial framework

Acmhainní daonna

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

Fo-iomlán  
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0.060

0.060

0.120

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más ga sin, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.



3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

•Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

Toscaireachtaí

Taighde

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) - AC, AL, END, INT agus JED  46

Ceannteideal 7

Arna mhaoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  47

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

Taighde

Eile (sonraigh)

IOMLÁN

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

Na Ballstáit rannpháirteacha, lena n‑áirítear Tíortha Comhlachaithe Schengen

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne bhuiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 48

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

   

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile). 

(1)    Tá cion na n‑imirceach a thagann ó thíortha dar lú ná 25 % an ráta aitheantais, tá an cion sin méadaithe ó 14 % in 2015 go dtí 57 % in 2018.
(2)    Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.
(3)    Togra le haghaidh Rialachán (AE) XXXX lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó duine gan stát; agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí.
(4)    Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, IO L 312, 7.12.2018, lch. 1.
(5)    Togra leasaithe le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n‑aisghairtear Treoir 2013/32/AE
(6)    Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta maidir le Cód an Aontais i ndáil leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), IO L 77, 23.3.2016, lch.1.
(7)    Airteagal 5 de Rialachán 2016/399.
(8)    Airteagal 2 de Rialachán 2016/399.
(9)    Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.
(10)    Féach fonóta 4.
(11)    Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, IO L 180, 29.6.2013, lch. 60.
(12)    Na náisiúnaigh tríú tír nach ndéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach agus nach gcuimsítear iad faoi aon cheann de na heisceachtaí in Airteagal 6(5) de Chód Teorainneacha Schengen, ba cheart cead isteach a dhiúltú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen).
(13)    Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, IO L 327, 9.12.2017, lch. 20.
(14)    Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais i réimse na dteorainneacha agus na víosaí IO L 135, 22.5.2019, lch. 27.
(15)    Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce IO L 135, 22.5.2019, lch. 85.
(16)    Mar shampla, Plean Gníomhaíochta Bheirlín i ndáil le Beartas Eorpach nua maidir le Tearmann, an 25 Samhain 2019, arna shíniú ag 33 eagraíocht agus bhardas.
(17)    Moltaí UNHCR do Chomhaontú beartaithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann, Eanáir 2020.
(18)    Moltaí IOM do Chomhaontú nua an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann, Feabhra 2020.
(19)    Tá gach staidéar agus tuarascáil ó Ghréasán Imirce na hEorpa le fáil ag: https://ec.europa.eu/home-affairs/what-we-do/networks/european_migration_network_en.
(20)    Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), IO L 77, 23.3.2016, lch.1.
(21)    Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach a fhilleadh, IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.
(22)    Rialachán (AE) Uimh. 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).
(23)    Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, IO L 101, 15.4.2011, lch. 1.
(24)    Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, IO L 135, 22.5.2019, lch. 27.
(25)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(26)    Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).
(27)    Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
(28)    Rialachán (AE) 2016/794 an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle, agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lgh. 53–114)
(29)    Rialachán (CE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS-TCN) a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019. lgh. 1–26)
(30)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(31)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(32)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).
(33)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(34)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), IO L 119, 4.5.2016
(35)    Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce, IO L 135, 22.5.2019, lch. 85.
(36)    Rialachán (AE) Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817].
(37)    Rialachán (AE) Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817].
(38)    Rialachán (AE) Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817].
(39)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(40)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(41)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(42)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(43)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(44)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(45)    AC= Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT= ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dToscaireachtaí.
(46)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(47)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh shiúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,23.9.2020

COM(2020) 612 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

TOGRA LE hAGHAIDH RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 67/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817







































IARSCRÍBHINN

Foirm chaighdeánach fhaisnéisithe

1.Ainm:                        2.Gnéas:

3.Dáta breithe:                    4.Áit bhreithe:

5.Náisiúntacht/náisiúntachtaí (léiriú tosaigh):

6.Eolas ar theangacha:

7.An chúis leis an scagadh a dhéanamh:

A. Teacht isteach neamhrialta

Sonraigh na nithe seo a leanas freisin, de réir mar is iomchuí:

gan doiciméad taistil/doiciméad taistil brionnaithe/doiciméad taistil bréagach,

gan údarú taistil/údarú taistil brionnaithe/údarú taistil bréagach,

eile

B. Teacht isteach via cuardach agus tarrtháil

C. Iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag Pointe Trasnaithe Teorann

D. níl aon léiriú ann go ndearnadh seiceáil teorann ag an teorainn sheachtrach:

   gan stampa i ndoiciméad taistil/gan iontráil sa Chóras Dul Isteach/Imeachta

   gan doiciméad taistil

8. Rinneadh seiceáil céannachta trí bhunachair sonraí TF a úsáid:            Rinneadh        Ní dhearnadh

Má rinneadh, toradh na seiceála céannachta:

9. Toradh an chuardaigh chun críoch slándála:    

   Amas (líon isteach na bunachair sonraí agus na cúiseanna)    

   Gan amas

10. Ar cuireadh cúram láithreach ar fáil?            Cuireadh        Níor cuireadh

11. Leithlisiú ar fhorais sláinte poiblí:        Is ea        Ní hea

Más ea, sonraigh na dátaí, na forais shonracha, an suíomh:

12. An cúrsa taistil:

a)áiteanna/tíortha ina raibh gnáthchónaí ar an iarratasóir roimhe seo:

b)an pointe imeachta:

c)tríú tíortha agus áiteanna (e.g. cathair, cúige) idirthurais agus fad na tréimhse fanachta:

d)módúlachtaí iompair (e.g. modhanna iompair, le grúpa, duine aonair), cúnamh a fuarthas (e.g. éascaitheoirí, modhanna cumarsáide a úsáideadh), íocaíochtaí a rinneadh/atá le déanamh, etc.:

e)tríú tíortha inar lorgaíodh cosaint:

f)tríú tíortha inar deonaíodh cosaint:

g)ceann scríbe beartaithe laistigh den Aontas:

13. Cúnamh ar mhaithe le luach saothair a chuir tríú duine nó eagraíocht ar fáil maidir le trasnú neamhrialta na teorann agus aon fhaisnéis ghaolmhar i gcás ina bhfuil amhras ann go ndearnadh duine a smuigleáil:

14.    Tús an scagtha: [LL/MM/BB]

   Deireadh an scagtha: [LL/MM/BB]

15. An t‑údarás ar cheart an duine a tharchur chuige:

16. Nótaí agus faisnéis ábhartha eile:

Síniú

An té a líon an fhoirm isteach

(Ainm + seirbhís)

Top