AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.3.2018
COM(2018) 157 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52018DC0157
REPORT FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT AND THE COUNCIL Report on the application of Regulation (EU) No 211/2011 on the citizens' initiative
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh
COM/2018/157 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.3.2018
COM(2018) 157 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh
Ionstraim is ea an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh trínar féidir le haon mhilliún saoránach a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach togra le haghaidh gníomh reachtach de chuid an Aontais a thíolacadh chun críche na Conarthaí a chur chun feidhme. Uirlis is ea é trínar féidir cláir a shocrú agus a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais. Tá na rialacha lena rialaítear an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh bunaithe ar fhorálacha Chonradh Liospóin 1 , agus déantar iad a chur chun feidhme leis an Rialachán maidir leis an tionscnamh ó na saoránach, atá i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2012 2 . Ó shin i leith, tá isteach agus amach le 9 milliún ráiteas tacaíochta bailithe ag eagraithe tionscnamh ó shaoránaigh ar fud an Aontais Eorpaigh.
Foráiltear in Airteagal 22 den Rialachán maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach trí bliana.
2015-2018: i dtreo Tionscnamh athbhreithnithe ó na Saoránaigh
Sa chéad tuarascáil ón gCoimisiún a glacadh an 31 Márta 2015, liostaíodh líon áirithe dúshlán i dtaca le cur chun feidhme an Rialachán maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh mar atá anois ann, idir dhúshláin theicniúla, lóistíochtúla agus dúshláin a bhfuil gné níos polaitiúla ag baint leo 3 .
De bharr na tuarascála sin rinneadh athbhreithniú ar an Rialachán maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh chun tuairimí a bhailiú i dtaca leis an gcaoi is fearr le cur chun feidhme an Rialacháin sin a fheabhsú. Mar chuid den athbhreithniú sin bhí comhairliúcháin leis na príomhpháirtithe leasmhara agus leis na príomh-idirghabhálaithe, institiúidí agus comhlachtaí comhairliúcháin an Aontais san áireamh, agus leis na Ballstáit, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le heagraithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Fóram chun plé a dhéanamh agus chun tuairimí a thabhairt iad “laethanta an Tionscnaimh ó na Saoránaigh” atá á n-eagrú gach bliain ó 2012 i leith ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ag roinnt comhpháirtithe na sochaí sibhialta. Tá a measúnuithe agus a meastóireachtaí féin déanta ag institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, agus ag páirtithe leasmhara eile, ar an ionstraim. Go háirithe, d’eisigh Parlaimint na hEorpa rún an 28 Deireadh Fómhair 2015 4 , inar iarradh athbhreithniú ar an Rialachán.
Sa chomhthéacs sin, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán nua maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh an 13 Meán Fómhair 2017 5 (dá dtagraítear sa chuid eile den tuarascáil seo mar “an togra”). Is é is cuspóir dó poitéinseal iomlán an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhaint amach, trí rochtain ar an Tionscnamh a dhéanamh níos fusa, an t-ualach oibre a bhaineann lena úsáid a laghdú agus a úsáid a éascú d’eagraithe agus do shínitheoirí. Cuirtear san áireamh sa togra an t-aiseolas a fuarthas le blianta beaga anuas, mar aon leis na tuairimí a tugadh i gcomhthéacs comhairliúchán poiblí a rinneadh in 2017 maidir leis an athbhreithniú. Déantar achoimre ar an méid sin i ndoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an togra, ina bhfuil sonraí maidir le feidhmiú an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh freisin, mar aon le hanailís ar na roghanna chun feabhais 6 , rud a chuireann leis na staidéir a sheol an Coimisiún i dteannta leis an athbhreithniú ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh 7 .
Tugtar aghaidh sa togra ar na heasanimh is mó a aithníodh san athbhreithniú, mar atá:
·na deacrachtaí a bhíonn ag saoránaigh tionscnaimh atá inghlactha ó thaobh an dlí de a mholadh. Is léir na deacrachtaí sin a bheith ann ó ráta sách ard na ndiúltuithe do chlárú, rud is gá a fháil sula bhféadfar sínithe a bhailiú (maidir le 30 % de na hiarrataí ar chlárú, ní raibh an Coimisiún in ann iad a chlárú toisc gur léir go raibh na tionscnaimh bheartaithe lasmuigh de raon feidhme chumhachtaí an Choimisiúin);
·an chastacht agus an t-ualach a bhaineann leis an bpróiseas d’eagraithe tionscnamh i dtaobh ráitis tacaíochta a bhailiú, mar is léir ar ráta íseal na dtionscnamh ar éirigh leo (i.e. tionscnaimh ar bailíodh an líon sínitheoirí is gá ina leith le linn na tréimhse bailiúcháin aon bhliana) e.g. easpa solúbthachta in amlíne an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh; ceanglais éagsúla sonraí le haghaidh sínitheoirí ó Bhallstát go chéile; próiseas casta chun ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne;
·díospóireacht agus tionchar réasúnta teoranta a bheith ann de bharr na dtionscnamh ó na saoránaigh go dtí seo, den chuid is mó.
Faoin dlíchóras atá i bhfeidhm faoi láthair, tá roinnt bearta neamhreachtacha déanta ag an gCoimisiún cheana féin chun feabhsaithe praiticiúla a thabhairt isteach maidir le cur chun feidhme an Rialacháin maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh. Go háirithe, tá freastalaithe óstála curtha ar fáil aige saor in aisce le haghaidh córais bailithe ar líne na n-eagraithe mar aon le breis comhairle agus tacaíochta le haghaidh eagraithe (féideartha) agus gníomhaíochtaí cumarsáide, d’fheabhsaigh sé a éasca agus atá sé do na heagraithe na bogearraí bailithe ar líne atá ar fáil dóibh a úsáid, agus chinn sé cathain is iomchuí tionscnaimh a chlárú i bpáirt.
Go háirithe, is féidir a rá gurb é an Coimisiún is cúis leis an laghdú suntasach ar an líon iarrataí ar chlárú a bhí air a dhiúltú (2 dhiúltú as 17 dtionscnamh bheartaithe arna dtíolacadh ó Aibreán 2015 i leith, i gcomparáid le 20 diúltú as 51 iarraidh sa tréimhse ó Aibreán 2012 go dtí Márta 2015) toisc gur chuir sé an cleachtas ar bun clárú i bpáirt a cheadú i gcásanna ina mbíonn údar leis an gcur chuige sin.
Bhí feabhsuithe suntasacha de thoradh na n-athruithe sin, ach feabhsuithe de chineál neamh-reachtach amháin iad. Chun a áirithiú go bhfuil an ionstraim maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh éifeachtúil agus inrochtana ina iomláine, aithnítear sa Dearbhú Comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha le haghaidh 2018-2019, arna ghlacadh ag Uachtaráin na dtrí institiúid an 14 Nollaig 2017, gur tosaíocht é rialachán nua a ghlacadh.
Is í seo an dara tuarascáil den chineál seo agus tá sí ag teacht den chuid is mó leis an measúnú cuimsitheach a rinneadh agus an t-athbhreithniú beartaithe ar an Rialachán maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh atá i bhfeidhm faoi láthair á ullmhú. Forbairt is ea í, dá bhrí sin, ar an obair sin a rinneadh le déanaí agus áirítear inti tuilleadh sonraí agus faisnéis fhíriciúil maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
Sa roinn thíos, tá léargas ar phróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, lena n-áirítear anailís ghairid ar na fadhbanna is mó a bhíonn ag páirtithe leasmhara an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. De réir mar is iomchuí, déantar tagairt sa tuarascáil do chuid de na feabhsuithe a tugadh isteach cheana nó do na feabhsuithe sin a mhol an Coimisiún sa togra uaidh maidir le Rialachán nua.
Léargas ar thionscnaimh
Tá próiseas tionscnaimh ó na saoránaigh bunaithe ar rialacha agus nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán. Caithfidh coiste saoránach tionscnamh a sheoladh agus is é an Coimisiún a chláraíonn ina dhiaidh sin é, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hinghlacthacht, agus go háirithe gur léir go dtagann sé faoi raon feidhme chumhachtaí an Choimisiúin. Is ag an bpointe sin a chuirtear tús le bailiú na ráiteas tacaíochta. Más rud é go ndearbhaítear, tar éis d’údaráis inniúla na mBallstát ráitis tacaíochta a fhíorú, gur sroicheadh an t-íoslíon sínitheoirí, tíolacfaidh na heagraithe a dtionscnamh don Choimisiún agus beidh trí mhí ag an gCoimisiún freagra a thabhairt. Mar chuid den chéim sin, eagraítear cruinniú leis an gCoimisiún agus éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa.
Ón uair a foilsíodh an tuarascáil roimhe seo maidir le cur i bhfeidhm an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, i Márta 2015, glacadh le 15 cinn de na 17 n-iarraidh a fuair an Coimisiún maidir le tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh a chlárú, agus diúltaíodh do 2 cheann. Ina theannta sin, de bharr cinntí ón gCúirt (féach thíos), chláraigh an Coimisiún dhá thionscnamh ar diúltaíodh iad a chlárú i dtús báire sa tréimhse trí bliana roimhe sin.
Tugtar léargas sa tábla thíos ar líon na dtionscnamh beartaithe ó na saoránaigh a cláraíodh agus líon na n-iarrataí ar chlárú ar diúltaíodh dóibh ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm in Aibreán 2012.
|
4/2012 – 3/2015 |
4/2015 – 3/2018 |
Iomlán ón 04/2012 |
|
|
Líon iomlán na dtionscnamh a cláraíodh |
31 |
17 |
48 |
|
Líon iomlán na n‑iarrataí ar chlárú ar diúltaíodh dóibh |
20 |
2 |
22 |
Cur chun feidhme phróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh
An coiste saoránach
Sula seoltar tionscnamh ó na saoránaigh, is gá coiste saoránach a bhunú agus ar an gcoiste sin beidh seachtar saoránach den Aontas Eorpach ar a laghad atá ina gcónaí i seacht mBallstát éagsúla agus beidh an aois vótála do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa slánaithe acu. Cé nach bhfuil aon teorainn ar líon na saoránach is féidir a bheith ar an gcoiste, ní chláraíonn an Coimisiún go foirmiúil ach an seachtar comhalta sin.
Staitisticí ar chomhaltaí na gcoistí saoránach i gcás tionscnaimh a cláraíodh ó Aibreán 2015 i leith:
-Áit chónaithe agus náisiúntacht chomhaltaí an choiste
-Aois chomhaltaí an choiste (am an chláraithe)
Tionscnaimh a chlárú
Sula gcuirfidh siad tús le ráitis tacaíochta a bhailiú, ní mór do na heagraithe an tionscnamh a chlárú leis an gCoimisiún, agus ag an bpointe sin deimhneoidh an Coimisiún go háirithe go gcomhlíonfaidh an coiste saoránach na ceanglais a bhfuil tuairisc orthu thuas. Deimhneoidh sé freisin gur léir nach bhfuil an tionscnamh beartaithe lasmuigh de raon feidhme chumhachtaí an Choimisiúin i dtaca le togra a thíolacadh le haghaidh gníomh reachtach de chuid an Aontais, chun críche na gConarthaí a chur chun feidhme, agus gur léir nach bhfuil sé maslach, suaibhreosach ná cráiteach agus nach bhfuil sé, go follasach, contrártha do luachanna an Aontais.
Tá dhá mhí ag an gCoimisiún lena bhfíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(2) den Rialachán maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh.
Leagadh béim freisin sa tuarascáil a tháinig roimhe seo ar an dúshlán a bhaineann leis an bpróiseas clárúcháin le haghaidh na n-eagraithe, go háirithe i dtaca le raon feidhme chumhachtaí an Choimisiúin. Rinneadh feabhsuithe, dá bhrí sin, ar dhá leibhéal. Ó 2015 i leith, is é Coláiste na gCoimisinéirí a ghlacann na cinntí maidir le tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh a chlárú, rud a léiríonn dearcadh an Choimisiúin i leith thábhacht an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus i leith na tosaíochta éisteacht leis na saoránaigh agus na hábhair imní atá acu. Tá feabhas tagtha ar infheictheacht na gclárúchán freisin de bharr go mbíonn an Coimisiún ag foilsiú preaseisiúintí ina leith.
Ina theannta sin, tá an Coimisiún anois ag clárú tionscnamh i bpáirt nuair is iomchuí. Maidir leis na cásanna sin, tá cinneadh glactha ag an gCoimisiún ina leagtar amach na coinníollacha don chlárú, agus ina sonraítear na gnéithe a chláraíonn an Coimisiún agus an bonn ar ar féidir ráitis tacaíochta don tionscnamh a bhailiú.
Dá bhrí sin, ó 2015 i leith, ní raibh ach dhá thionscnamh bheartaithe ann nár chomhlíon na ceanglais chlárúcháin agus nach bhféadfadh an Coimisiún, dá bhrí sin, a chlárú (“Stop Brexit”; “British friends - stay with us in EU”).
Ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm in 2012, chinn sé choiste saoránach imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Ginearálta i gcoinne cinntí ón gCoimisiúin clárú a dtionscnamh beartaithe a dhiúltú 8 . Cé go bhfuil na himeachtaí os comhair na Cúirte go fóill sa tréimhse tuairiscithe seo, baineann na caingne sin ar fad le cinntí a glacadh sa tréimhse 2012–2014.
Dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta na cinntí maidir le diúltú i gceithre cinn de na cásanna sin 9 . Rinneadh achomharc in aghaidh dhá cheann de na ceithre bhreithiúnas sin ón gCúirt Ghinearálta os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. An 12 Meán Fómhair 2017, rinne an Chúirt Bhreithiúnais an t-achomharc sa chéad cheann de na cásanna sin a dhíbhe agus dhearbhaigh sí breithiúnas na Cúirte Ginearálta agus cinneadh an Choimisiúin lenar diúltaíodh an tionscnamh beartaithe a chlárú 10 .
In dhá chás eile, chláraigh an Coimisiún na tionscnaimh i bhfianaise na mbreithiúnas a rinne Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh in 2017 11 (“Stop TTIP”; “Minority SafePack”). Tugadh caingean maidir le neamhniú isteach ansin i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún i Márta 2017 an tionscnamh beartaithe “Minority SafePack” a chlárú 12 .
Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún maidir le Rialachán nua, an próiseas clárúcháin a fheabhsú, agus mar chuid de sin, an fhéidearthacht a thabhairt isteach faisnéis (réamhaisnéis) a thabhairt do na heagraithe más rud é nach dtagann an tionscnamh faoi raon feidhme chumhachtaí an Choimisiúin. Déantar soiléiriú ann freisin ar na coinníollacha i dtaca le tionscnaimh a chlárú i bpáirt; i.e. más léir nach bhfuil ach cuid den tionscnamh nach dtagann faoi raon feidhme chumhachtaí an Choimisiúin i dtaca le togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí chun críche na Conarthaí a chur chun feidhme.
Ráitis tacaíochta a bhailiú
Foráiltear sa Rialachán maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh nach féidir ach le saoránaigh den Aontas a bhfuil an aois vótála do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa slánaithe acu (is é sin 18 mbliana d’aois gach áit san Aontas Eorpach cé is moite den Ostair, áit arb é 16 bliana an aois vótála), nach féidir ach leis na saoránaigh sin tacú le tionscnaimh ó na saoránaigh.
Tá 12 mhí ar a mhéad ag na heagraithe le ráitis tacaíochta a bhailiú i bhfoirm páipéir nó ar líne, ag baint úsáid as foirmeacha atá ag teacht leis na samhlacha atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán.
Maidir le bailiú na ráiteas tacaíochta don tionscnamh is déanaí a shroich an tairseach aon mhilliún “Ban glyphosate and protect people and the environment from toxic pesticides”, bailíodh thart ar 21 % ar pháipéar agus thart ar 79 % ar líne 13 .
Ceanglais maidir le sonraí
Ní foláir do shínitheoirí náisiúntacht Ballstáit ar leith a bheith acu nó a bheith ina gcónaí i mBallstát, agus ní foláir dóibh sonraí pearsanta a chur ar fáil a fhíoróidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit. Ní hionann na ceanglais sin ó Bhallstát go chéile.
Na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III maidir le sonraí sínitheoirí, féadfaidh an Coimisiún iad a mhodhnú trí bhíthin gníomh tarmligthe arna iarraidh sin ag na Ballstáit. Tar éis an modhnú a rinneadh in 2013 i dtaca le 6 cinn de na Ballstáit, rinneadh dara modhnú in 2015 lenar simplíodh na ceanglais i gcás 3 cinn eile de na Ballstáit.
Bhí tionchar diúltach ag na héagsúlachtaí sin sna ceanglais maidir le sonraí a bhí ar shaoránaigh a bhí ag iarraidh tacaíocht a thabhairt ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht an Tionscnaimh ó na Saoránaigh: i.e. cuireadh cosc ar roinnt saoránaigh den Aontas tacaíocht a thabhairt; i roinnt tíortha iarrtar líon ard sonraí pearsanta nó meastar gur ceist leochaileach é na cineálacha sonraí pearsanta a cheanglaítear a thabhairt agus d’fhéadfadh leisce a bheith ar na saoránaigh a dtacaíocht a thabhairt, dá bhrí sin; tá suas le 13 fhoirm in úsáid faoi láthair ina n-iarrtar tacair éagsúla sonraí pearsanta agus i ngeall air sin is ciotach go mór an próiseas chun ráitis a bhailiú, go háirithe i bhfoirm páipéir, etc.
Sa togra a glacadh i Meán Fómhair 2017 glactar leis gur tosaíocht iad na saincheisteanna sin atá fós le réiteach agus tá mionchur síos orthu sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an togra.
Bailiú ar líne
Ar cheann de na gnéithe is fearr den ionstraim seo tá córas bailithe ar líne na ráiteas tacaíochta ó shínitheoirí agus is iondúil gur cuid riachtanach de bhosca uirlisí na n-eagraithe é. Mar sin féin, d’fhéadfadh an córas sin a bheith ina dhúshlán mór do na heagraithe.
Chun ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne, faoi láthair caithfidh siad a gcóras féin a thógáil (na bogearraí agus an freastalaí óstála san áireamh) agus deimhniú a fháil ó údarás inniúil sa Bhallstát ina stórálfar na sonraí. Leagtar amach na sonraí teicniúla is gá do na córais bailithe ar líne i Rialachán cur chun feidhme (AE) Uimh. 1179/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2011 chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh a chur chun feidhme.
Ní foláir na gnéithe teicniúla agus slándála cuí a bheith ag na córais bailithe freisin chun sonraí pearsanta sínitheoirí a chosaint.
Tá go leor cúnaimh curtha ar fáil ag an gCoimisiún i dtaca leis an ngné bailithe ar líne den Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. I gcomhréir leis an Rialachán, i mí na Nollag 2011 chuir an Coimisiún ar fáil saor in aisce bogearraí foinse oscailte is féidir leis na heagraithe a úsáid, le modhnuithe nó gan mhodhnuithe. Níl aon chosc orthu, áfach, a rogha bogearraí a úsáid.
Dúshlán a tháinig chun cinn arís agus arís eile do na heagraithe, ó thaobh costais de, ach freisin i dtéarmaí eagrúcháin thar aon rud eile, ná freastalaí óstála a fháil chun na bogearraí a shuiteáil, rud a chuir moill ar sheoladh na gcóras bailithe ar líne. In 2012, chinn an Coimisiún a thairiscint do na heagraithe a gcórais bailithe ar líne a óstáil ar a fhreastalaithe féin, saor in aisce agus sa bhreis ar na hoibleagáidí atá air faoin Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair.
Na bogearraí sin a d’fhorbair an Coimisiún, tá na feidhmiúlachtaí acu a theastaíonn chun ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne, chun sonraí sínitheoirí a stóráil ar bhealach slán agus chun na sonraí a easpórtáil lena gcur faoi bhráid, ina dhiaidh sin, na n-údarás náisiúnta inniúla sna Ballstáit.
Rinneadh uasghrádú rialta ar na bogearraí chun iad a choinneáil bord ar bord leis an aimsir, agus chun go mbeadh siad níos éasca le húsáid. Leis na bogearraí sin is féidir ráitis tacaíochta a bhailiú trí ghléasanna móibíleacha a úsáid ar nós fóin chliste nó táibléad agus is féidir naisc a dhéanamh leis na meáin shóisialta agus le láithreáin ghréasáin chun críocha feachtasaíochta. Rinneadh roinnt feabhsuithe breise ar na bogearraí ar mhaithe le daoine atá faoi mhíchumas 14 .
Ó Aibreán 2015, tá 12 thionscnamh tar éis leas a bhaint as bogearraí an Choimisiúin, agus bhain 10 gcinn acu siúd leas as seirbhís óstála an Choimisiúin freisin.
Níl aon tuairisc go dtí seo ar úsáid an tsínithe leictreonaigh ardleibhéil dá bhforáiltear in Airteagal 5(2).
Amchlár an bhailithe
Tá bliain amháin ag na heagraithe le ráitis tacaíochta a bhailiú ón dáta a chláraíonn an Coimisiún a dtionscnamh. I bhfírinne, is minic a bhíonn níos lú ná bliain amháin ag na heagraithe don bhailiú i ngeall ar na ceanglais a bhaineann leis an mbailiú a thionscnamh ó thaobh lóistíochta de. Mar shampla, ní thosaíonn go leor de na heagraithe ar an ullmhúchán don bhailiú go dtí go bhfaigheann siad deimhniú go gclárófar a dtionscnamh, cé gur féidir leo, faoin Rialachán, a iarraidh ar an mBallstát ábhartha na córais bailithe ar líne a dheimhniú sula gcláraítear an tionscnamh. Is léir ón taithí atá faighte go dtí seo, go mbíonn tionchar suntasach ag leibhéal agus caighdeán an eagrúcháin a dhéantar don fheachtas ar thoradh an phróisis bailithe 15 .
Chuir eagraithe an tionscnaimh “Mum, Dad and Kids” gearán faoi bhráid an Ombudsman maidir le léirmhíniú dlíthiúil an Choimisiúin ar an tréimhse bailiúcháin 12 mhí. Ba é cinneadh an Ombudsman go raibh údar ag an gCoimisiún, faoin dlí atá i bhfeidhm faoi láthair, a mheas go dtosaíonn tréimhse bailithe na ráiteas tacaíochta ar an dáta a chláraítear an tionscnamh beartaithe 16 .
Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna dá dtagraítear thuas, áirítear sa togra le haghaidh Rialachán athbhreithnithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh líon áirithe feabhsaithe idir amchlár níos solúbtha, go háirithe i dtaca leis an bhféidearthacht a thabhairt do na heagraithe dáta tosaigh a roghnú don tréimhse bailiúcháin suas le trí mhí tar éis an dáta clárúcháin, agus foráil a dhéanamh maidir le lárchóras bailithe ar líne, a bhunóidh agus a bhainisteoidh an Coimisiún saor in aisce mar rogha ar chórais ar leithligh.
Ráitis tacaíochta a fhíorú agus a thíolacadh don Choimisiún
A luaithe agus a bheidh an líon ráitis tacaíochta is gá bailithe ag na heagraithe (1 mhilliún ar fad agus an líon íosta a bheith sroichte i 7 mBallstát ar a laghad), tíolacfaidh siad do na húdaráis inniúla náisiúnta iad agus beidh 3 mhí ag na húdaráis líon na ráiteas tacaíochta bailí a fhíorú agus a dheimhniú.
Má dhearbhaítear gur sroicheadh an t-íoslíon sínitheoirí, déanfaidh na heagraithe a dtionscnamh a thíolacadh don Choimisiún. D’éirigh le trí thionscnamh a tíolacadh don Choimisiún roimh Mhárta 2015 (tá cur síos orthu sin sa tuarascáil a cuireadh le chéile roimhe seo) agus d’éirigh le ceann amháin eile, “Ban glyphosate and protect people and the environment from toxic pesticides” an 6 Deireadh Fómhair 2017.
Iarradh ar údaráis na mBallstát uile na ráitis tacaíochta don tionscnamh “Ban glyphosate and protect people and the environment from toxic pesticides” a fhíorú. Dheimhnigh na húdaráis inniúla go raibh os cionn 87 % de na ráitis tacaíochta a bailíodh don tionscnamh sin bailí. I gcás dhá údarás inniúla, ba lú ná 75 % an líon ráitis tacaíochta a bhí bailí.
Rinneadh an fíorú trí shampláil randamach a dhéanamh in 12 Bhallstát (i gcás dhá cheann de na Ballstáit sin, ba iad na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir amháin a fíoraíodh trí shampláil randamach agus i gcás Ballstát amháin eile, ba iad na ráitis tacaíochta ar líne amháin a fíoraíodh ar an dóigh sin). Níor braitheadh aon neamhréireacht shuntasach sna torthaí i dtaobh líon na ráiteas tacaíochta bailí idir na Ballstáit a d’úsáid sampláil randamach agus na Ballstáit a d’fhíoraigh gach ráiteas tacaíochta.
Bailíodh 1,070,865 síniú chun tacú leis an gceathrú tionscnamh “Ban glyphosate and protect people and the environment from toxic pesticides” 17 .
Is iad na Ballstáit inar sroicheadh an tairseach i gcás na gceithre thionscnamh ó na saoránaigh ar éirigh leo an Ghearmáin, an Spáinn agus an Iodáil.
Líon iomlán (carnach) sínitheoirí in aghaidh na tíre i gcás na gceithre thionscnamh ó na saoránaigh ar éirigh leo:
|
AT |
BE |
BG |
HR |
CY |
CZ |
DK |
EE |
FI |
FR |
|
132,923 |
102,095 |
15,462 |
14,273 |
10,147 |
33,019* |
29,610* |
6,023* |
32,100 |
220,463* |
|
DE |
EL |
HU |
IE |
IT |
LV |
LT |
LU |
MT |
NL |
|
2,202,500 |
89,243 |
97,026 |
23,822 |
1,450,862 |
13,889 |
30,286 |
18,034 |
26,899 |
98,403 |
|
PL |
PT |
RO |
SK |
SI |
ES |
SE |
UK |
||
|
285,857 |
98,823* |
116,907* |
67,211* |
43,272 |
322,429 |
33,831 |
147,376* |
* An líon iomlán ráiteas tacaíochta lena n-áirítear ráitis ó dheimhnithe a fuarthas tar éis an dáta a tíolacadh an tionscnamh lena mbaineann don Choimisiún
Ceapadh na forálacha maidir le fíorú na ráiteas tacaíochta sa chaoi agus go mbeadh solúbthacht éigin ann do na Ballstáit nósanna imeachta a bhí i bhfeidhm cheana ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh ionstraimí den chineál céanna a úsáid, agus an t-ualach riaracháin a theorannú ar an gcaoi sin. Ba é an toradh air sin nach ionann na sonraí a iarrtar ar shínitheoirí ná an próiseas fíorúcháin ó Bhallstát go chéile. Mar sin féin, ba é conclúid staidéir a rinneadh le déanaí ar na ceanglais maidir le sonraí go bhfuil an cur chuige atá ann faoi láthair maidir le fíorú, dá bhforáiltear sa Rialachán, go bhfuil sé dea-cheaptha i gcomparáid le hionstraimí inchurtha ar an leibhéal réigiúnach agus náisiúnta. Ní raibh aon tuairisc ar aon chalaois shuntasach go dtí seo ach an oiread.
Ní foláir a thabhairt faoi deara freisin go bhféadfadh mearbhall a bheith ar shaoránaigh a thacaíonn le tionscnamh, agus ar institiúidí an Aontais Eorpaigh, nó go bhféadfadh éiginnteacht a bheith ann dóibh maidir leis an gcéad chéim eile de na tionscnaimh mura bhfuil teorainn ama ann i dtaca le tionscnamh ar éirigh leis a thíolacadh. Tugann an togra ón gCoimisiún aghaidh ar an gceist sin trí theorainn ama a leagan síos maidir le tionscnamh a thíolacadh.
Scrúdú agus obair leantach ag an gCoimisiún
Le linn na céime seo, tugtar cuireadh do na heagraithe chuig cruinniú leis an gCoimisiún agus eagraítear éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa. Is é a tharlaíonn ag deireadh na céime scrúdúcháin trí mhí sin ná go nglactar Teachtaireacht ina míníonn an Coimisiún na bearta a bhfuil sé i gceist aige a dhéanamh, más ann dóibh, agus na cúiseanna leis na bearta sin (Airteagal 10).
Ba é cuspóir an tionscnaimh “Ban glyphosate and protect people and the environment from toxic pesticides’ initiative called on the European Commission”, a mholadh do na Ballstáit gliofosáit a thoirmeasc, próiseas an fhormheasa le haghaidh lotnaidicídí a athchóiriú, agus spriocanna éigeantacha a leagan síos ar fud an Aontais chun úsáid lotnaidicídí a laghdú. Chas an Coimisiún le hionadaithe na n-eagraithe an 23 Deireadh Fómhair 2017 agus ba é an chéad Leas-Uachtarán Timmermans agus an Coimisinéir um Shláinte agus Sábháilteacht Bia, Vytenis Andriukaitis, a bhí i láthair thar ceann an Choimisiúin. Eagraíodh éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2017 agus ghlac an Coimisinéir Andriukaitis páirt sa chruinniú sin.
Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 12 Nollaig 2017 inar leagadh amach na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh. Cé nach nglacfaidh an Coimisiún togra chun luibhicídí atá bunaithe ar ghliofosáit a thoirmeasc, ós rud é go bhfuil foras eolaíoch agus dlíthiúil leis an gcinneadh úsáid gliofosáite a fhaomhadh ar feadh tréimhse 5 bliana, tíolacfaidh sé togra reachtach faoi Bhealtaine 2018, go háirithe d’fhonn trédhearcacht a fheabhsú i measúnuithe eolaíocha agus i ndéanamh cinntí. Cuirfidh an Coimisiún leis na hiarrachtaí freisin atá á ndéanamh an riosca a bhaineann le húsáid lotnaidicídí a laghdú go suntasach i rith an ama.
Anseo thíos tá an t-eolas is déanaí faoi na tionscnaimh a tíolacadh don Choimisiún sular glacadh an tuarascáil roimhe seo ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh an 31 Márta 2015.
Sa tionscnamh “Stop vivisection” (a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 3 Márta 2015) iarradh ar an gCoimisiún “Treoir 2010/63/AE maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíochta a chur ar ceal agus togra nua a thíolacadh a chuireann deireadh le turgnaimh ar ainmhithe agus a dhéanann éigeantach – i dtaighde bithleighis agus tocsaineolaíoch - úsáid sonraí atá ábhartha go díreach don speiceas daonna.” Eagraíodh cruinniú an 11 Bealtaine 2015; bhí an Leas-Uachtarán Katainen ann thar ceann an Choimisiúin agus bhí oifigigh shinsearacha ann ó na ranna ábhartha. Eagraíodh éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa ar an lá céanna, agus le linn na héisteachta sin tugadh cuireadh do shaineolaithe seachtracha, den chéad uair riamh, a dtuairimí a thabhairt. Bhí an Leas-Uachtarán Katainen ann thar ceann an Choimisiúin.
Ghlac an Coimisiún teachtaireacht an 3 Meitheamh 2014 inar fógraíodh bearta le haghaidh ceithre réimse éagsúla; i.e. dlús a chur leis an dul chun cinn i dtaca le hionadú, laghdú agus beachtú a dhéanamh ar úsáid ainmhithe trí fhaisnéis a roinnt; cineálacha ailtéarnacha cur chuige i dtaca le tástáil ainmhithe a fhorbairt, a fhíorú agus a chur chun feidhme; comhlíonadh na bprionsabal thuasluaite a chinntiú maidir le hionadú, laghdú agus beachtú ar úsáid ainmhithe agus an reachtaíocht ábhartha a bhaineann leis an earnáil sin a ailíniú; dul i mbun plé le pobal na heolaíochta.
D’eagraigh an Coimisiún comhdháil eolaíochta sa Bhruiséil an 6-7 Nollaig 2016 féachaint cén dul chun cinn a bhí déanta maidir leis na bearta leantacha a rinneadh i gcomhthéacs an tionscnaimh agus chun plé a dhéanamh maidir leis an gcaoi ar féidir leas a bhaint as an dul chun cinn ceannródaíoch atá ar siúl i réimse an taighde bithleighis agus i réimsí taighde eile i dtaca le cineálacha cur chuige a shaothrú atá bailí ó thaobh na heolaíochta de agus nach gá ainmhithe a úsáid chucu 18 .
Tabhair faoi deara freisin, gurb é an cinneadh a rinneadh i dtaca le gearán a chuir eagraithe an tionscnaimh “Stop vivisection” faoi bhráid an Ombudsman, nach raibh aon drochriarachán i gceist ó thaobh an Choimisiúin de i ndáil le láimhseáil an tionscnaimh seo (Aibreán 2017) 19 .
I gcás an tionscnaimh “Uno di noi”, tar éis don Choimisiún a rá gur mheas sé gur leor an creat dlí a bhí i bhfeidhm cheana, thug na heagraithe cás os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh chun an Teachtaireacht ón gCoimisiún a ghlacadh mar fhreagra ar an tionscnamh a chur ar ceal. Tá an cás ar feitheamh os comhair na Cúirte Ginearálta go fóill 20 .
Maidir leis an tionscnamh “Tá an ceart ag cách ar uisce agus ar shláintíocht! Tá uisce ann ar mhaithe leis an phobal, ní haon tráchtearra é!” cuireadh roinnt bearta leantacha chun feidhme ó glacadh an Teachtaireacht ón gCoimisiún i Márta 2014 21 . Gné thábhachtach is ea an chaoi ar chuidigh an tionscnamh ó thaobh “uisce agus sláintíocht” a choimeád mar phríomhréimse tosaíochta i gcreat forbartha an Aontais tar éis 2015 22 , agus ina dhiaidh sin ar liosta Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe ar an “gClár 2030 le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe” 23 . Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh treoir athbhreithnithe maidir le huisce óil an 1 Feabhra 2018 24 mar fhreagra ar an tionscnamh, agus déantar foráil sa treoir sin, inter alia, maidir le hoibleagáid a chur ar na Ballstáit a chinntiú go mbíonn rochtain ag grúpaí leochaileacha agus imeallaithe ar uisce. Is cuid de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, arna fhógairt ag Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 17 Samhain 2017 25 , an prionsabal go bhfuil an ceart ag gach duine chun seirbhísí riachtanacha ar dhea-chaighdeán, uisce agus sláintíocht san áireamh (prionsabal 20 – Rochtain ar sheirbhísí riachtanacha).
Sa togra le haghaidh athbhreithniú ar an Rialachán maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh, chuir an Coimisiún isteach roinnt feabhsuithe, go háirithe i dtaca leis an tionscnamh a thíolacadh, nuair a fhaightear é, do Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún, éisteacht phoiblí níos uileghabhálaí a bheith ag Parlaimint na hEorpa chun a chinntiú go mbíonn ionadaíocht chothrom ag na páirtithe leasmhara ar fad a mbaineann an tionscnamh leo, agus síneadh a chur le céim an scrúdúcháin ó thrí mhí go cúig mhí chun tuilleadh ama a thabhairt don phlé agus chun gur féidir leis an gCoimisiún an méid sin a chur san áireamh agus freagra á ullmhú acu.
Trédhearcacht – maoiniú
I gcomhréir le hAirteagal 9, ní foláir d’eagraithe faisnéis a chur ar fáil maidir le haon deontóir óna bhfaightear níos mó ná EUR 500 in aghaidh na bliana. Foilsítear an fhaisnéis sin ar chlár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
Léargas ar urraíocht le haghaidh na dtionscnamh a cláraíodh ó Aibreán 2015 i leith:
|
Níl foinse maoinithe ar bith ann |
Méid iomlán maoinithe faoi bhun EUR 10,000 |
Méid iomlán maoinithe os cionn EUR 10,000 |
|
|
An líon tionscnamh |
8 |
2 |
7 |
B’fhiú EUR 328,399 an tacaíocht agus an maoiniú a fuarthas don tionscnamh “Ban glyphosate and protect people and the environment from toxic pesticides”, agus is é sin an méid is mó airgid a bailíodh go dtí seo le haghaidh tionscnamh ó na saoránaigh ar éirigh leis.
Tacaíocht agus ardú feasachta
Pointe teagmhála:
I gcomhréir le hAirteagal 4(1), tá pointe teagmhála ann, arna óstáil ag ionad teagmhála Europe Direct. Ó Aibreán 2015, phléigh an pointe teagmhála le 257 n-iarraidh ar fhaisnéis ó shaoránaigh.
Nuair nach féidir le hionad teagmhála Europe Direct freagra díreach a thabhairt ar na ceisteanna, cuirtear ar aghaidh chuig an gCoimisiún iad, mar shampla i gcás ina mbainfidh na ceisteanna le féachaint an gcomhlíonann tionscnamh féideartha na critéir chlárúcháin, rud ar a dtugtar freagra neamhfhoirmiúil gan dochar d’aon fhreagra foirmiúil a d’fhéadfadh an Coimisiún a thabhairt dá ndéanfaí iarraidh ar chlárú ina dhiaidh sin. Ó Aibreán 2015 i leith, cuireadh 66 cheist ar aghaidh chuig an gCoimisiún.
Cuntas d’eagraithe:
A luaithe agus a chláraítear tionscnamh go foirmiúil, freagraíonn an Coimisiún ceisteanna na n-eagraithe go díreach tríd an gcuntas d’eagraithe atá acu ar láithreán gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Tugtar freagraí tríd an ríomhphost agus ar an nguthán go rialta freisin.
Tacaíocht ríomhaireachta:
Cuireann an Coimisiún tacaíocht ar fáil maidir le húsáid a bhogearraí bailithe ar líne, agus maidir le córais bailithe ar líne a óstáil ar a fhreastalaithe: le trí bliana anuas, phléigh sé le beagnach 300 iarraidh maidir leis na gnéithe sin. Cuireadh cúnamh ar fáil freisin trí bhíthin an ardáin Joinup, a chuireann ar chumas na bpáirtithe leasmhara rochtain a fháil ar an bhfaisnéis faoi na forbairtí is déanaí.
Tacaíocht le haghaidh aistriúcháin:
Is faoi na heagraithe atá sé na tionscnaimh a aistriú agus ba chiotach an próiseas é ón tús. Ó 2015 i leith, tá tacaíocht á cur ar fáil ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa do na heagraithe chun aistriúcháin a sholáthar, rud a bhfuil na heagraithe an-sásta leis, agus ba mhór an cuidiú an tacaíocht sin chun an t-ualach a laghdú. Mar a shonraítear sa togra le haghaidh Rialachán nua, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún féin inneachar na dtionscnamh a aistriú, agus tá na haistriúcháin sin á soláthar aige cheana féin d’eagraithe ó 2018.
Eile:
Gné nua eile de chuid an togra is ea go gcruthófar ardán comhoibritheach ar líne chun tacú le malartú dea-chleachtais idir eagraithe tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh, go háirithe trí bhíthin fóram plé agus uirlisí agus sásraí tacaíochta agus oiliúna eile. Faoi chuimsiú treoirthionscadal de chuid Pharlaimint na hEorpa, tá tús curtha ag an gCoimisiún cheana féin le bunú ardáin den chineál sin agus déanfar é a thástáil agus tuilleadh forbartha a dhéanamh air go dtí go mbeidh leagan lánfhorbartha ar fáil faoin Rialachán nua. Táthar ag súil an chéad leagan den ardán a sheoladh in Aibreán 2018.
Déanfar an t-ardán comhoibritheach a sheoladh an uair a chuirfear tús le feachtas cumarsáide maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh go ginearálta, agus san fheachtas sin úsáidfear uirlisí agus táirgí spriocdhírithe chun infheictheacht na hionstraime a fheabhsú, chun í a chur chun cinn tríd na meáin shóisialta, ag díriú ar an bpobal i gcoitinne, agus trí imeachtaí a eagrú sna Ballstáit a bheidh dírithe ar éascaitheoirí féideartha.
Conclúid
Ar bhonn ionchur ó institiúidí, comhlachtaí agus páirtithe leasmhara de chuid an Aontais Eorpaigh, tá measúnú cuimsitheach déanta ag an gCoimisiún ar na bacainní atá fágtha, agus thug sé aghaidh orthu sa togra le haghaidh Rialacháin an 13 Meán Fómhair 2017. Is é an toradh a bheidh ar an athbhreithniú ná simpliú ar bhonn uilechoiteann agus feabhsuithe le haghaidh na saoránach agus na n-eagraithe ag gach céim de phróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Beidh sé ina chuidiú chun poitéinseal iomlán an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhaint amach mar ionstraim chun díospóireacht agus rannpháirtíocht na saoránach a chothú ar leibhéal na hEorpa agus chun an tAontas a thabhairt níos gaire do na saoránaigh, i gcomhréir le Tosaíocht Uimh. 10 de chuid an Choimisiúin (“Aontas atá i mbun athrú daonlathach”).
Faoi láthair, tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mbun plé ar an togra agus gheall na trí institiúid sa Dhearbhú Comhpháirteach a thug siad go mbeadh sé ina thosaíocht acu sa phróiseas reachtach chun a chinntiú go ndéanfaí dul chun cinn ina leith agus, más féidir, go gcuirfí i bhfeidhm é roimh na toghcháin Eorpacha in 2019. D’iarr an Coimisiún é a ghlacadh faoi dheireadh 2018 chun go dtiocfadh sé i bhfeidhm in Eanáir 2020 agus go mbraithfí na buntáistí suntasacha ó thaobh dhaonlathas na hEorpa agus rannpháirtíocht na saoránach de a luaithe agus is féidir.
Idir an dá linn, tá an Coimisiún ag leanúint air ag obair chun feidhmiú an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh faoi chuimsiú an chreata dlí atá i bhfeidhm faoi láthair a fheabhsú. Seolfar an chéad leagan den ardán comhoibritheach ar líne in Aibreán 2018, agus cuirfidh an Coimisiún leis na gníomhaíochtaí cumarsáide agus ardaithe feasachta atá ar siúl aige maidir le hionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh trí bhíthin feachtas cumarsáide a gcuirfear tús leis in 2018.
Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag déanamh obair leantach ar thionscnaimh ar éirigh leo nuair is iomchuí, agus tabharfaidh sé míniú mionsonraithe nuair nach mbeidh an obair sin ar siúl aige, i gcomhréir lena 10 dtosaíocht pholaitiúla. Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún go ndéanfaidh sé bearta leantacha i gcás trí cinn de na ceithre thionscnamh ar éirigh leo, agus tá tograí reachtacha fógartha nó glactha aige i gcás dhá cheann acu.
Is léir ó na 9 milliún ráiteas tacaíochta a bailíodh le haghaidh tionscnaimh éagsúla go dtí seo, go gcothaíonn ionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh rannpháirtíocht saoránach ar fud na hEorpa, agus go bhfuil sé ina chuidiú chun díospóireachtaí a spreagadh ar fud an Aontais agus chun rannpháirtíocht saoránach i saol daonlathach an Aontais a chothú. Trí ról díreach a thabhairt do na saoránaigh agus trí ligean dóibh a dtuairimí maidir leis na hábhair is mó tábhacht dóibh a chur i láthair, cuireann an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh luach le próiseas déanta dlíthe an Aontais Eorpaigh agus cuidíonn sé chun na saoránaigh a thabhairt níos gaire don Aontas.
Airteagal 11(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i Feabhra 2011. Is comhlánú ar an Rialachán seo Rialachán cur chun feidhme (AE) Uimh. 1179/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2011 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla le haghaidh córais bailithe ar líne.
COM (2017) 482, 13.9.2017
Tá an doiciméad inmheánach oibre ar fáil ar an leathanach faoin Athbhreithniú ar an Rialachán ar láithreán gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
I dteannta staidéar a foilsíodh i Meitheamh 2015 ar tionchar na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide ar an Rialachán maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh, choimisiúnaigh an Coimisiún trí staidéar eile ar cheanglais sonraí na sínitheoirí; ar úsáid an ríomh-shainaitheantais (eID); ar chórais bailithe ar líne agus ar shonraíochtaí teicniúla de bhun Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh agus Rialachán cur chun feidhme (AE) Uimh. 1197/2011 ón gCoimisiún. Tá na staidéir sin ar fáil ar an leathanach faoin Athbhreithniú ar an Rialachán ar láithreán gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
Cásanna T-754/14, T-361/14, T-44/14, T-529/13, T-450/12, T-646/13
Cásanna T-450/12, T 44/14, T 529/13, T 361/14
Cásanna C-589/15, C-420/16
Cásanna T-646/13, T-754/14
Cás T-391/17
Níl na figiúirí maidir le bailiú na ráiteas tacaíochta ar fáil ach do na tionscnaimh a tíolacadh ós rud é nach bhfuil aon fhigiúirí oifigiúla eile ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit.
Rinneadh staidéar in 2013 chun aon ghnéithe a aithint nach mbeadh ag teacht leis an ndea-chleachtas i dtaca le hinrochainteacht. Mar chuid de chur chun feidhme an dearaidh nua don úsáideoir a cuireadh chun feidhme in 2017, cuireadh san áireamh úsáid dea-chleachtas i dtaca le hinrochtaineacht maidir leis an gcéad chuid den chur i bhfeidhm. Tá tuilleadh oibre ar chúrsaí inrochtaineachta idir lámha faoi láthair.
Ní foláir a thabhairt faoi deara gur éirigh leis an bhfeachtas “Ban glyphosate and protect people and the environment from toxic pesticides” an líon ráitis tacaíochta ba ghá a bhailiú taobh isteach de 5 mhí nó mar sin.
Cinneadh i gCás 1086/2017/PMC.
Is féidir breathnú ar an líon sínitheoirí in aghaidh na tíre anseo: http://ec.europa.eu/citizens-initiative/public/initiatives/successful/details/2017/000002?lg=ga .
Tá tuilleadh sonraí faoi na bearta leantacha ar fáil ar an leathanach seo de chlár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
Cás 1609/2016/JAS.
Cás T-561/14.
Féach an leathanach ábhartha faoin obair leantach ar chlár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
Teachtaireacht “A Decent life for all: from vision to collective action” an 2 Meitheamh 2014, COM(2014) 335.
https://sustainabledevelopment.un.org/post2015/transformingourworld.
COM(2017) 753 – 1.2.2018