|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair) |
|
|
Is é is aidhm don doiciméad seo an pobal agus na páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi obair an Choimisiúin chun gur féidir leo aiseolas a thabhairt agus páirt éifeachtach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin. Iarraimid ar na grúpaí sin a dtuairimí a chur in iúl faoi thuiscint an Choimisiúin ar an bhfadhb agus ar na réitigh fhéideartha, chomh maith le haon eolas ábhartha a bheadh acu a thabhairt dúinn. |
|
|
Teideal an tionscnaimh |
An comhaontú iascaigh idir an tAontas agus an Ghabúin – sainordú caibidlíochta le haghaidh comhaontú agus prótacal cur chun feidhme nua |
|
Príomh-AS – an t‑aonad atá freagrach |
Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta, Aonad B3 Caibidlíocht trádála agus comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe |
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle |
|
Amchlár táscach |
R3-2025 |
|
Eolas breise |
https://ec.europa.eu/oceans-and-fisheries/fisheries/international-agreements/sustainable-fisheries-partnership-agreements-sfpas_ga |
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
Cumhdaíonn an glao seo ar fhianaise an mheastóireacht ar an bprótacal atá ann faoi láthair lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh (CPI) 1 leis an nGabúin 2 agus an fhéidearthacht prótacal nua a thabhairt i gcrích. Mar chuid de bheartas Chomhbheartas Iascaigh an Aontais (CBI) 3 , déanann an Coimisiún comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe (CCIInna) a chaibidliú le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus cuireann sé chun feidhme iad. Fágann CCIInna gur féidir le cabhlach an Aontais acmhainní barrachais a iascach in uiscí (nó i limistéar eacnamaíoch eisiach) na dtíortha comhpháirtíochta. Mar mhalairt air sin, cuireann an tAontas cúiteamh airgeadais ar fáil don tír chomhpháirtíochta ábhartha as rochtain a fháil ar a huiscí mar aon le cúnamh airgeadais chun feabhas a chur ar a rialachas iascaigh (tacaíocht earnála). Déantar ranníocaíocht phoiblí an Aontais a fhorlíonadh le ranníocaíochtaí a íocann úinéirí soithí an Aontais. Síníodh an CCI leis an nGabúin an 4 Meitheamh 2007 agus tháinig sé i bhfeidhm an 11 Meitheamh 2007. Tugadh i gcrích é ar feadh 6 bliana agus rinneadh é a athnuachan go huathoibríoch ina dhiaidh sin. Cuireadh chun feidhme é le roinnt prótacal i ndiaidh a chéile. Leis an bPrótacal atá ann faoi láthair 4 cumhdaítear an tréimhse ón 29 Meitheamh 2021 go dtí an 28 Meitheamh 2026. Leagtar amach i mBun-Rialachán CBI ceanglais mheastóireachta éigeantacha maidir le CCIInna 5 . Tá na meastóireachtaí sin mar bhonn le treoir chaibidlíochta a d’fhéadfadh a bheith ann chun prótacal cur chun feidhme nua a thabhairt i gcrích. I gcomhréir leis na ceanglais sin, déanfar meastóireacht chúlghabhálach (ex post) lena gcumhdófar 2021 go dtí an lá atá inniu ann, mar aon le meastóireacht réamhbhreathnaitheach (ex ante) le haghaidh prótacal cur chun feidhme nua a d’fhéadfadh a bheith ann. Déanfar anailís sa mheastóireacht chúlghabhálach ar na forbairtí i mbeartas iascaigh na Gabúine agus in earnáil an iascaigh áitiúil. Déanfar measúnú inti ar ghníomhaíochtaí iascaireachta chabhlach iascaireachta an Aontais, tionchar na ngabhálacha a thugtar i dtír ar phróiseáil agus trádáil táirgí éisc agus ar an gcaoi a gcuirtear leasanna ghnólachtaí an Aontais san áireamh. Breithneofar inti freisin ar thorthaí agus ar fheidhmíocht na tacaíochta earnála mar aon lena tionchar ar an nGabúin. Cuideoidh sí leis an Aontas agus leis an nGabúin teacht ar chonclúidí maidir le feidhmíocht an Phrótacail i dtéarmaí éifeachtachta, éifeachtúlachta, ábharthachta, comhleanúnachais, inghlacthachta, tionchair agus breisluacha le haghaidh an dá pháirtí. Sa mheastóireacht réamhbhreathnaitheach déanfar measúnú ar riachtanais atá ann faoi láthair agus na cinn a bheidh ann amach anseo agus féachfar ar an bprótacal atá ann faoi láthair agus ar thorthaí na meastóireachta cúlghabhálaí. Cuideoidh sé sin lena chinneadh cé na gnéithe ba cheart a áireamh i bprótacal nua. Breithneofar sa mheastóireacht freisin gnéithe réigiúnacha 6 agus CCIInna eile 7 a tugadh i gcrích sa réigiún. Cuirfear na meastóireachtaí i gcrích sa dara ráithe de 2025. Seolfar an tuarascáil chríochnaitheach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus cuirfear ar fáil í ar shuíomhanna gréasáin ábhartha (Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh 8 agus foilseacháin de chuid an Choimisiúin maidir le hAigéin agus Iascach)) 9 . Beidh sé sin i gcomhthráth le glacadh an Mholta ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an nGabúin (atá beartaithe don tríú ráithe in 2025). |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
Is é is aidhm don tionscnamh gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe a dhéanann cabhlach an Aontais in uiscí na Gabúine a chur chun cinn. Faoi Airteagal 31(5) de bhun-Rialachán CBI, ní féidir le cabhlach an Aontais iascaireacht a dhéanamh murab ann do CCII idir an Ghabúin agus an tAontas. Dá bhrí sin, ní mór prótacal nua a chaibidliú do chabhlach an Aontais chun iascaireacht a dhéanamh in uiscí na tíre a luaithe is féidir tar éis don Phrótacal atá ann faoi láthair dul in éag an 28 Meitheamh 2026. Tá an Comhaontú tábhachtach don Aontas agus don Ghabúin. Cuireann sé deiseanna iascaireachta ar fáil do shoithí an Aontais in uiscí na Gabúine agus tacaíonn sé go mór le rialachas iascaigh agus muirí na tíre. Tá sé ina chuid de shraith comhaontuithe iascaigh lenar féidir iascaireacht a dhéanamh ar thuinníní trópaiceacha san Aigéan Atlantach thoir, ar speiceas é a chleachtann an imirce fhairsing. Leis an bprótacal atá ann faoi láthair ceadaítear do 37 shoitheach ar a mhéad, faoi bhratach na Spáinne agus na Fraince, oibriú an bhliain ar fad in uiscí na Gabúine. Foráiltear leis freisin go bhféadfar feachtais iascaireachta taiscéalaíche a sheoladh lena ndíreofar ar chrústaigh dhomhainfharraige. Le linn an phrótacail, meastar go ndéanfaidh an tAontas ranníocaíocht airgeadais iomlán EUR 13 mhilliún. Tá leas ag soithí an Aontais in úsáid inbhuanaithe speiceas atá cosúil leis an tuinnín agus iascaireacht fhreagrach á háirithiú acu an tráth céanna chun tacú le caomhnú fadtéarmach agus le húsáid inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha na mara. Cuirtear an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil san áireamh leis sin, comhairle na n‑eagraíochtaí inniúla réigiúnacha bainistithe iascaigh go háirithe. Tá leas ag an nGabúin in athnuachan an phrótacail chun leanúint dá earnáil iascaireachta a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe. Rachadh prótacal nua chun tairbhe dhaonra na Gabúine trí ioncam eacnamaíoch agus deiseanna fostaíochta a chur ar fáil trí bhíthin láithreacht agus thabhairt i dtír fhéideartha chabhlach an Aontais. Chuideodh sé freisin le gnólachtaí, gairmoiliúint agus cláir a bhunú atá dírithe ar na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe a fhorbairt agus a nuachóiriú ar bhealach inbhuanaithe. Ní mór an prótacal cur chun feidhme a bheith trédhearcach agus ní mór clásail maidir le neamh-idirdhealú agus maidir le cearta an duine a bheith ann. |
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
Bunús dlí |
|
Tagann an tionscnamh seo faoi réimse beartais (acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú faoin gComhbheartas Iascaigh) ina bhfuil cumhachtaí eisiacha ag an Aontas (faoi Airteagal 3(1)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh). Ós rud é nach bhfuil na Ballstáit i dteideal comhaontuithe iascaigh a chaibidliú le tíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta. |
|
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE |
|
Faoi CBI an Aontais, déanann an Coimisiún CCIInna a chaibidliú le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus cuireann sé chun feidhme iad. |
|
B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í |
|
Is iad seo a leanas cuspóirí an CCII seo leis an nGabúin agus an phrótacail cur chun feidhme a ghabhann leis: •cuidiú le gníomhaíocht chabhlaigh an Aontais agus leis an bhfostaíocht a bhaineann leis na cabhlaigh a choinneáil ar bun trí úsáid a bhaint as an gcreat a chuirtear ar fáil leis an CCII leis an nGabúin; •inbhuanaitheacht acmhainní agus comhshaoil a chur chun cinn trí shaothrú réasúnach agus inbhuanaithe a dhéanamh ar bheo-acmhainní muirí na Gabúine; •tacú le forbairt earnála iascaigh inbhuanaithe sa Ghabúin. Déanfar an anailís ar na roghanna beartais mar chuid den staidéar meastóireachta réamhbhreathnaitheach. Déanfar measúnú inti ar na cásanna seo a leanas. •Gan aon phrótacal nua a bheith ann. Sa chás sin, faoi chlásal eisiaimh an Chomhaontaithe atá ann faoi láthair, ní cheadófaí do shoithí an Aontais iascaireacht a dhéanamh in uiscí na Gabúine. •An Prótacal atá ann faoi láthair idir an tAontas agus an Ghabúin: idirbheartaíocht a dhéanamh ar phrótacal nua lena gcoinneofaí gnéithe an Phrótacail atá ann faoi láthair ar bun. •Prótacal feabhsaithe maille le hanailís mhionsonraithe ar na gnéithe uile is gá don Chomhaontú sonrach sin agus ar riachtanais na Gabúine agus chabhlach an Aontais. |
|
Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Leanfaidh prótacal nua cur chun feidhme de dheiseanna iascaireachta a chur ar fáil in uiscí na Gabúine do shoithí faoi bhratach thíortha an Aontais. Le cur chun feidhme CCII, cuirtear dea-rialachas chun cinn, tacaítear leis an earnáil iascaireachta áitiúil agus cuidítear leis an méid seo a leanas: (i) nuachóiriú a dhéanamh ar bhonneagar iascaireachta; (ii) forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na bpobal cósta; agus (iii) taighde eolaíoch a chur chun cinn chun tacú le hiascaireacht inbhuanaithe sa Ghabúin. Chomh maith leis sin, cuidítear le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 de chuid na Náisiún Aontaithe ‘An Bheatha Faoi Thoinn’ 10 a bhaint amach mar aon lena táscairí. |
|
An faireachán a dhéanfar amach anseo |
|
Sna CCIInna tá oibleagáidí maidir le húsáid inbhuanaithe acmhainní, neartú na hacmhainneachta áitiúla maidir le taighde eolaíoch agus faireachán, rialú agus faireachas ar ghníomhaíochtaí iascaigh. Déanann coiste comhpháirteach, arna chur ar bun leis an gComhaontú agus leis an bPrótacal a ghabhann leis, faireachán ar an gcur chun feidhme agus áirithíonn sé go n‑urramaítear na forálacha prótacail. Scrúdóidh sé na gníomhaíochtaí iascaigh agus tuairisceoidh sé maidir le húsáid na ranníocaíochta airgeadais gach bliain. |
|
C. Rialáil níos fearr |
|
Measúnú tionchair |
|
Sa tionscnamh seo níl gá le measúnú tionchair ós rud é go leagtar amach leis cur chuige ginearálta beartais agus ní thugtar gealltanais go ndéanfaidh an tAontas aon ghníomhaíocht. Mar sin féin, déanfar meastóireachtaí siarghabhálacha agus réamhbhreathnaitheacha trí úsáid a bhaint as sraith ceisteanna ar pháirtithe leasmhara. Maidir leis an meastóireacht shiarghabhálach, breathnaítear leis na ceisteanna ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas, inghlacthacht, tionchar agus breisluach AE an phrótacail. Maidir leis an meastóireacht réamhbhreathnaitheach, tá na ceisteanna dírithe ar fhadhbanna agus riachtanais a shainaithint, ar na cuspóirí atá le baint amach, ar na roghanna atá ar fáil (prótacal nua nó gan prótacal a bheith ann) agus ar na rioscaí a bhaineann leo, ar an mbreisluach don Aontas, agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
Rachfar i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena áirithiú go gcuirfear a gcuid tuairimí san áireamh sa mheastóireacht agus sa chaibidlíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh leis an nGabúin. Déanfar comhairliúcháin, trí bhíthin cruinnithe ullmhúcháin agus agallaimh spriocdhírithe leo seo a leanas: 1.ionadaithe thionscail iascaireachta agus phróiseála an Aontais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha de chuid an Aontais (ENRanna), tríd an gComhairle Chomhairleach Fad-Achair 11 ; 2.ionadaithe ar údaráis riaracháin, institiúidí eolaíocha agus earnáil tionsclaíochta na mBallstát; ina theannta sin, beidh cruinnithe teicniúla ann le hionadaithe na mBallstát; 3.eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus údaráis iascaigh, an tionscal iascaireachta agus an tsochaí shibhialta sa Ghabúin; tabharfaidh na meastóirí faoi chuairteanna allamuigh de réir mar is gá chun tuairimí na bpáirtithe leasmhara a bhailiú trí bhíthin ceistneoirí agus agallaimh aghaidh ar aghaidh chun measúnú a dhéanamh ar na tairbhí do na grúpaí éagsúla. Cuirfear torthaí na gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara i láthair i dtuarascáil mheastóireachta an Choimisiúin, tuarascáil a fhoilseofar tar éis an staidéar meastóireachta a thabhairt chun críche agus sula gcuirfear tús le haon chaibidlíocht. Mar thoradh ar na ceanglais dhlíthiúla agus nós imeachta maidir le hullmhú CCIInna nua, bíonn sceideal daingean ann, rud a chiallaíonn nach féidir comhairliúchán poiblí oscailte a bheith ann. Dá bhrí sin rachfar i gcomhairle le líon teoranta páirtithe leasmhara ar bhealach spriocdhírithe. |
|
Cén fáth a bhfuil comhairliúchán ar bun againn? |
|
Chun a áirithiú, maidir leis an meastóireacht agus leis an gcaibidlíocht a dhéanfar amach anseo faoi athnuachan an Phrótacail leis an nGabúin a d’fhéadfadh a bheith ann, go gcuirfear san áireamh tuairimí na bpáirtithe leasmhara, rud a áiritheoidh gur socrú cóir cothrom don dá pháirtí a bheidh sa toradh. |
|
An spriocphobal |
|
·Ionadaithe ó údaráis riaracháin na mBallstát, institiúidí eolaíocha, tionscail iascaireachta agus phróiseála an Aontais, ENRanna ábhartha de chuid an Aontais agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta. ·Na húdaráis iascaigh, an institiúid eolaíoch, an tionscal iascaireachta (iascaireacht agus próiseáil) agus an tsochaí shibhialta sa Ghabúin. |