Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document L:2023:114:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 114, 2 Bealtaine 2023


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 114

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
2 Bealtaine 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2023/888 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/889 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm De Voerendaalse Bergen (STFC)

12

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/890 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

13

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/891 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú

15

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/892 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

22

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 114/1


RIALACHÁN (AE) 2023/888 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Aibreán 2023

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/891 an 28 Aibreán 2023 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Aibreán 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/891, lena mbunaítear creat le haghaidh bearta sriantacha spriocdhírithe i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú. Leagtar amach an comhthéacs polaitiúil agus na cúiseanna beartais leis na bearta sriantacha a bhunú sna haithrisí a ghabhann leis an gCinneadh sin. Leis an gCinneadh sin, déantar foráil maidir le cosc ar thaisteal, reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí, agus toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh, ar daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí iad atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais, nó a bhíonn ag tacú leo nó á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. Na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach, liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/891.

(2)

Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go sonrach d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát iad.

(3)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun leigheas éifeachtach agus éisteacht chóir a fháil, an ceart chun cosanta, agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta sin.

(4)

Maidir leis an nós imeachta chun an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, ba cheart a áireamh ann na forais le liostú a sholáthar do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha ainmnithe, d’eintitis ainmnithe nó do chomhlachtaí ainmnithe chun deis a thabhairt dóibh barúlacha a thíolacadh.

(5)

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun an deimhneacht dhlíthiúil is mó is féidir a áirithiú laistigh den Aontas, ba cheart na hainmneacha agus sonraí ábhartha eile a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, le heintitis agus le comhlachtaí a bhfuil a gcistí agus a n-acmhainní eacnamaíocha le reo i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a bheith i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 (2) agus (AE) 2018/1725 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(6)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a chéile a chur ar an eolas faoi na bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus faoi fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i dtaobh an Rialacháin seo.

(7)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “éileamh” aon éileamh, bíodh sé dearbhaithe le himeachtaí dlí nó ná bíodh, arna dhéanamh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó dá éis, faoi chonradh nó idirbheart, nó i ndáil le conradh nó idirbheart, agus go háirithe:

(i)

éileamh ar chomhlíonadh aon oibleagáide a thiocfadh chun cinn faoi chonradh nó idirbheart nó i ndáil le conradh nó idirbheart;

(ii)

éileamh ar shíneadh a chur le banna, le ráthaíocht airgeadais nó le slánaíocht, i cibé foirm, nó éileamh ar iad a íoc;

(iii)

éileamh ar chúiteamh i leith conartha nó idirbhirt;

(iv)

frithéileamh;

(v)

éileamh ar bhreithiúnas, dámhachtain eadrána nó cinneadh coibhéiseach, gan beann ar an áit ina ndéantar nó ina dtugtar iad, a aithint nó a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí bhíthin an nós imeachta exequatur;

(b)

ciallaíonn “conradh nó idirbheart” aon idirbheart gan beann ar an bhfoirm agus gan beann ar an dlí is infheidhme, bíodh sé comhdhéanta de chonradh amháin nó níos mó nó oibleagáidí comhchosúla a rinneadh idir na páirtithe céanna nó idir páirtithe éagsúla; chun na críche sin áirítear le “conradh” banna, ráthaíocht nó slánaíocht, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, agus creidmheas, bíodh sé neamhspleách go dlíthiúil nó ná bíodh, chomh maith le haon fhoráil ábhartha a eascraíonn as an idirbheart nó a mbeadh baint aici leis an idirbheart;

(c)

ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis inniúla na mBallstát faoi mar a shainaithnítear iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(d)

ciallaíonn “acmhainní eacnamaíocha” sócmhainní de gach cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach a fhéadfar a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;

(e)

ciallaíonn “reo acmhainní eacnamaíocha” cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar aon bhealach, lena n-áirítear iad a dhíol, a chur ar cíos nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin;

(f)

ciallaíonn “reo cistí” cosc a chur ar aon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid, rochtain ar, nó láimhseáil cistí ar aon dóigh as a n-eascródh aon athrú ar a dtoirt, méid, suíomh, úinéireacht, seilbh, tréith, ceann scríbe, nó aon athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, bainistíocht punainne san áireamh;

(g)

ciallaíonn “cistí” sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta don mhéid seo a leanas:

(i)

airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;

(ii)

taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;

(iii)

urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;

(iv)

ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn astu nó arna nginiúint astu;

(v)

creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó ceangaltais airgeadais eile;

(vi)

litreacha creidmheasa, billí luchtaithe, billí díolacháin;

(vii)

doiciméid ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;

(h)

ciallaíonn “críoch an Aontais” críocha na mBallstát a bhfuil an Conradh infheidhme maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chonradh, lena n-áirítear a n-aerspás.

Airteagal 2

1.   Maidir leis na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha go léir ar le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht mar a liostaítear in Iarscríbhinn I iad, nó na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha atá faoi úinéireacht, faoi sheilbh nó faoi rialú acu, déanfar iad a reo.

2.   Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis ná do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, ná ní chuirfear chun sochair dóibh iad.

3.   Aireofar iad seo a leanas in Iarscríbhinn I:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais, nó a bhíonn ag tacú leo nó á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, trí aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i)

bac a chur ar an bpróiseas daonlathach polaitiúil nó an bonn a bhaint de, lena n-áirítear trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil nó tríd an mbonn a bhaint go mór de thoghcháin a reáchtáil nó iarrachtaí a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a dhíchobhsú nó a threascairt;

(ii)

agóidí foréigneacha nó gníomhaíocht eile foréigin a phleanáil, a stiúradh nó a bheith páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, tacú leo nó iad a éascú ar shlí eile; nó

(iii)

mí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil;

(b)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a bhaineann leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú faoi phointe (a).

Airteagal 3

1.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a)

go bhfuil gá leo chun freastal ar bhunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d)

go bhfuil siad riachtanach i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé ar ar cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

(e)

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 4

1.   Ni bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) maidir le cistí na acmhainní eacnamaíocha arna soláthar ag eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a ndéanann an tAontas measúnú colúin orthu agus lenar shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais ar comhaontú é, ar ar a bhonn a ghníomhaíonn na heagraíochtaí agus na gníomhaireachtaí mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil gá le soláthar cistí nó acmhainní den sórt sin go heisiach chun críoch daonnúil i bPoblacht na Moldóive.

2.   I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 1 den Airteagal seo, agus de mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha ginearálta agus sonracha a mheasann siad a bheith iomchuí, údaruithe sonracha nó ginearálta a dheonú chun go scaoilfear cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe nó chun go gcuirfear cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar fáil, ar choinníoll go mbeidh gá le soláthar cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin chun críoch daonnúil i bPoblacht na Moldóive, agus chun na gcríoch sin amháin.

3.   Mura ndéanann an t-údarás inniúil cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a bhfaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 2, measfar gur deonaíodh an t-údarú.

4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 2 agus mír 3 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 5

1.   De mhaolú ar Airteagal 2(1), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2 a liostú in Iarscríbhinn I, nó tá siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun sochair duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I é an cinneadh; agus

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 6

1.   De mhaolú ar Airteagal 2(1), agus ar choinníoll gurb íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó arb oibleagáid í a tháinig chun cinn dóibh, roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn I, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:

(a)

go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I; agus

(b)

nach sárú ar Airteagal 2(2) í an íocaíocht.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 7

1.   Le hAirteagal 2(2), ní chuirfear cosc ar chreidiúnú cuntas reoite ag institiúidí airgeadais nó creidmheasa a fhaigheann cistí arna n-aistriú ag tríú páirtithe ar chuntas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta liostaithe, ar choinníoll go reofar aon bhreis a chuirfear leis na cuntais sin freisin. Cuirfidh an institiúid airgeadais nó creidmheasa an t-údarás inniúil iomchuí ar an eolas faoi aon idirbheart den sórt sin gan mhoill.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:

(a)

ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2 a áireamh in Iarscríbhinn I; nó

(c)

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh sa Bhallstát nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann,

ar choinníoll go ndéantar aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile a reo i gcomhréir le hAirteagal 2(1).

Airteagal 8

1.   Gan dochar do na rialacha is infheidhme a bhaineann le tuairisciú, rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:

(a)

aon fhaisnéis lena n-éascófar comhlíonadh an Rialacháin seo, mar shampla faisnéis faoi chuntais agus faoi mhéideanna arna reo i gcomhréir le hAirteagal 2(1), a sholáthar d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe, agus déanfaidh siad aon fhaisnéis den sórt sin a tharchur, go díreach nó tríd an mBallstát, chuig an gCoimisiún; agus

(b)

rachaidh siad i gcomhar leis an údarás inniúil chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú.

2.   Aon fhaisnéis bhreise a gheobhaidh an Coimisiún go díreach, cuirfear ar fáil do na Ballstáit í.

3.   Aon fhaisnéis a sholáthraítear nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í.

Airteagal 9

Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 2.

Airteagal 10

1.   Má dhéantar cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo nó má dhiúltaítear cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, agus é sin a dhéanamh de mheon macánta ar an mbonn go bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní bheidh de thoradh ar an mbeart sin go mbeidh dliteanas d’aon sórt ar an duine nádúrtha nó dlítheanach ná ar an eintiteas nó comhlacht a chuireann an Rialachán chun feidhme, ná ar a stiúrthóirí nó a fhostaithe, mura gcruthaítear go ndearnadh na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha a reo nó a choinneáil siar de dheasca faillí.

2.   Ní bheidh aon dliteanas d’aon sórt ar dhaoine nádúrtha ná dlítheanacha, eintitis ná comhlachtaí de thoradh gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad mura raibh a fhios acu, agus mura raibh cúis réasúnach acu amhras a bheith orthu, go sáródh a ngníomhaíochtaí na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 11

1.   Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, mar shampla éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine nádúrtha nó dlítheanach, faoin eintiteas nó faoin gcomhlacht atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú, a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar an t-éileamh a shásamh le mír 1.

3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 chun athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht neamh-chomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 12

1.   Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)

cistí arna reo faoi Airteagal 2 agus údaruithe arna ndeonú faoi Airteagail 3, 5 agus 6;

(b)

sárú agus fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais arna dtabhairt ag cúirteanna náisiúnta.

2.   Cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo.

Airteagal 13

1.   I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a chur faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 2, leasóidh sí Iarscríbhinn I dá réir sin.

2.   Déanfaidh an Chomhairle an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, rud a thabharfaidh deis don duine nádúrtha nó dlítheanach sin, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a chur isteach.

3.   I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach nó ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil isteach, athbhreithneoidh an Chomhairle an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht ar an eolas dá réir sin.

4.   Athbhreithneofar an liosta in Iarscríbhinn I go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad.

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn II a leasú ar bhonn faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit.

Airteagal 14

1.   Beidh in Iarscríbhinn I na forais atá le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a liostú.

2.   Beidh in Iarscríbhinn I, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; uimhir chlárúcháin; agus áit ghnó a bheith san áireamh san fhaisnéis sin.

Airteagal 15

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoi na rialacha sin dá dtagraítear i mír 1 tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.

Airteagal 16

1.   Déanfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a thabhairt i gcrích. Airítear ar na cúraimí sin:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú;

(c)

maidir leis an gCoimisiún:

(i)

inneachar Iarscríbhinn I a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, iad ar fáil go poiblí;

(ii)

próiseáil faisnéise faoi thionchar na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo mar shampla fiúntas na gcistí reoite agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.

2.   Ní fhéadfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí sonraí ábhartha a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ar sonraí iad a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla na ndaoine nó le bearta slándála i ndáil leis na daoine sin, ach a mhéid is gá an phróiseáil sin a dhéanamh chun Iarscríbhinn I a ullmhú.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ainmnítear an Chomhairle, an Choimisiúin agus an tArdionadaí mar “rialaitheoir” de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725, chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725

Airteagal 17

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sonróidh siad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II iad. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athrú ar sheoltaí a suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoina n-údaráis inniúla, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-údarás inniúil sin, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.

3.   I gcás ina leagtar amach leis an Rialachán seo ceanglas maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún, an Coimisiún a chur ar an eolas nó cumarsáid a dhéanamh leis ar shlí eile, is iad an seoladh agus na sonraí teagmhála eile a shonraítear in Iarscríbhinn II an seoladh agus na sonraí teagmhála atá le húsáid le haghaidh na cumarsáide sin.

Airteagal 18

Ní dhéanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a sholáthraítear dó nó a fhaigheann sé i gcomhréir leis an Rialachán seo a úsáid ach chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas íagus chuige sin amháin.

Airteagal 19

Beidh feidhm ag an Rialachán seo:

(a)

laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear laistigh dá aerspás;

(b)

ar bord aon aerárthach nó soitheach faoi dhlínse Bhallstáit;

(c)

maidir le haon duine nádúrtha laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais ar náisiúnach Ballstáit é;

(d)

maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit;

(e)

maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas.

Airteagal 20

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Féach leathanach 15 den Iris Oifigiúil.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN I

Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2

[…]


IARSCRÍBHINN II

Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh chun fógraí a thabhairt don Choimisiún

AN BHEILG

https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy_areas/peace_and_security/sanctions

AN BHULGÁIR

https://www.mfa.bg/en/EU-sanctions

AN tSEICIA

www.financnianalytickyurad.cz/mezinarodni-sankce.html

AN DANMHAIRG

http://um.dk/da/Udenrigspolitik/folkeretten/sanktioner/

AN GHEARMÁIN

https://www.bmwi.de/Redaktion/DE/Artikel/Aussenwirtschaft/embargos-aussenwirtschaftsrecht.html

AN EASTÓIN

https://vm.ee/sanktsioonid-ekspordi-ja-relvastuskontroll/rahvusvahelised-sanktsioonid

ÉIRE

https://www.dfa.ie/our-role-policies/ireland-in-the-eu/eu-restrictive-measures/

AN GHRÉIG

http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html

AN SPÁINN

https://www.exteriores.gob.es/es/PoliticaExterior/Paginas/SancionesInternacionales.aspx

AN FHRAINC

http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/

AN CHRÓIT

https://mvep.gov.hr/vanjska-politika/medjunarodne-mjere-ogranicavanja/22955

AN IODÁIL

https://www.esteri.it/it/politica-estera-e-cooperazione-allo-sviluppo/politica_europea/misure_deroghe/

AN CHIPIR

https://mfa.gov.cy/themes/

AN LAITVIA

http://www.mfa.gov.lv/en/security/4539

AN LIOTUÁIN

http://www.urm.lt/sanctions

LUCSAMBURG

https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/organisations-economiques-int/mesures-restrictives.html

AN UNGÁIR

https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato

MÁLTA

https://foreignandeu.gov.mt/en/Government/SMB/Pages/SMB-Home.aspx

AN ÍSILTÍR

https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties

AN OSTAIR

https://www.bmeia.gv.at/themen/aussenpolitik/europa/eu-sanktionen-nationale-behoerden/

AN PHOLAINN

https://www.gov.pl/web/dyplomacja/sankcje-miedzynarodowe

https://www.gov.pl/web/diplomacy/international-sanctions

AN PHORTAINGÉIL

https://portaldiplomatico.mne.gov.pt/politica-externa/medidas-restritivas

AN RÓMÁIN

http://www.mae.ro/node/1548

AN tSLÓIVÉIN

http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi

AN tSLÓVAIC

https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu

AN FHIONLAINN

https://um.fi/pakotteet

AN tSUALAINN

https://www.regeringen.se/sanktioner

Seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún Eorpach:

An Coimisiún Eorpach

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA)

Rue Joseph II 54

B-1049 An Bhruiséil, An Bheilg

Ríomhphost: relex-sanctions@ec.europa.eu


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 114/12


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/889 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Aibreán 2023

lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm “De Voerendaalse Bergen” (STFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 97(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas a chuir an Ísiltír ar aghaidh an t-ainm “De Voerednaalse Bergen” a chlárú agus tá sé foilsithe aige in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an t-ainm “De Voerendaalse Bergen” a chosaint agus a iontráil sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 104 den Rialachán sin.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cosnaítear leis seo an t-ainm “De Voerendaalse Bergen” (STFC).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671

(2)   IO C 444, 23.11.2022, lch. 24.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 114/13


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/890 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Aibreán 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

(2)

Tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gCás T-426/21, ba cheart iontráil amháin a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)   IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Scriostar an iontráil seo a leanas ón liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:

“36.

Nizar AL-ASSAD”.


CINNTÍ

2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 114/15


CINNEADH (CBES) 2023/891 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Aibreán 2023

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Meitheamh 2022, dheonaigh an Chomhairle Eorpach an stádas mar thír is iarrthóir do Phoblacht na Moldóive.

(2)

Sna conclúidí uaithi an 23 Márta 2023, gheall an Chomhairle Eorpach go leanfadh sí den tacaíocht ábhartha uile a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive, lena n-áirítear athléimneacht, slándáil, cobhsaíocht, geilleagar agus soláthar fuinnimh na tíre a neartú i bhfianaise gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha atá ar bun ag gníomhaithe seachtracha.

(3)

Tá dul chun cinn tábhachtach déanta ag ceannaireacht reatha Phoblacht na Moldóive maidir leis an daonlathas agus an smacht reachta a neartú, chomh maith leis an éilliú a chomhrac, agus tá iarrachtaí suntasacha déanta aici chun na céimeanna a shonraítear sa Tuairim ón gCoimisiún Eorpach maidir lena hiarratas ar bhallraíocht san Aontas a chur chun feidhme.

(4)

Agus é ag leanúint ar aghaidh lena chlár oibre uaillmhianach athchóirithe, tá rialtas na Moldóive ag dul i ngleic leis an iliomad géarchéimeanna freisin agus tá méadú ag teacht ar na bagairtí díreacha ar chobhsaíocht an rialtais sin atá ag teacht ó ghrúpaí inmheánacha a bhfuil leasanna dílsithe acu agus ón Rúis araon, agus is minic a théann na ngrúpaí sin agus an Rúis i mbun claonpháirteachaischun an tír a bhrú óna conair athchóirithe.

(5)

Tá an tAontas réidh i gcónaí na hionstraimí beartais uile atá ar fáil dó a úsáid chun rannchuidiú le bealach éifeachtach chun an ghéarchéim reatha a shárú agus chun freagairt do ghníomhaíochtaí díchobhsaithe atá ina mbagairt thromchúiseach ar an daonlathas agus ar an smacht reachta i bPoblacht na Moldóive, agus trí chur chun feidhme clár um chúnamh teicniúil agus um fhothú acmhainneachta a neartú chun feabhas a chur ar chumas Phoblacht na Moldóive gníomhaíochtaí den sórt sin a chosc agus a chomhrac go neamhspleách trí chomhar breithiúnach agus póilíneachta leis na Ballstáit.

(6)

Mar gheall ar ard-déine na ngníomhaíochtaí díchobhsaithe sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, agus i bhfianaise a thábhachtaí atá sé go mbeadh cobhsaíocht i bPoblacht na Moldóive, ar tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas í a bhfuil teorainn aici leis an Aontas Eorpach agus leis an Úcráin, tá gá le freagairt láithreach.

(7)

Tá an daonlathas agus an smacht reachta chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil Phoblacht na Moldóive á gcur i mbaol ag daoine a chuireann bac ar reáchtáil toghchán nó a bhaineann an bonn di, nó a fhéachann leis an ord bunreachtúil a threascairt i bPoblacht na Moldóive, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí foréigin,. Tháinig méadú ar na hiarrachtaí chun Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú go háirithe ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

(8)

Tá an chobhsaíocht, an daonlathas agus an smacht reachta á gcur i mbaol freisin ó dhaoine a ghabhann do mhí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cístí poiblí agus d’onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil, a mhéid a d’fhéadfaidís smacht a ghlacadh ar ghníomhaíochtaí údarás stáit nó tionchar tromchúiseach a imirt orthu. Féadfaidh na gníomhaíochtaí sin an t-ord bunreachtúil a chur i mbaol freisin

(9)

Cuireann iarrachtaí díchobhsaithe i gcoinne Phoblacht na Moldóive cobhsaíocht agus slándáil theorainneacha seachtracha an Aontais i mbaol.

(10)

D’iarr an Mholdóiv tacaíocht ón Aontas i gcoinne gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh an tír a dhíchobhsú trí bhearta sriantacha a glacadh.

(11)

Sna himthosca reatha, ba cheart srianta taistil agus bearta reo sócmhainní a fhorchur ar dhaoine atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais, nó a bhíonn ag tacú leo nó á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, nó ar bagairt iad ar an méid sin, agus ar dhaoine, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo.

(12)

Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine seo a leanas:

(a)

daoine nádúrtha atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais, nó a bhíonn ag tacú leo nó á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, trí aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i)

bac a chur ar an bpróiseas daonlathach polaitiúil nó an bonn a bhaint de, lena n-áirítear trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil nó tríd an mbonn a bhaint go mór de thoghcháin a reáchtáil nó iarrachtaí a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a dhícobhsú nó a threascairt;

(ii)

agóidí foréigneacha nó gníomhaíochtaí eile foréigin a phleanáil, a stiúradh, a bheith páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, tacú leo nó iad a eascú ar shlí eile; nó

(iii)

mí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil;

(b)

daoine nádúrtha a bhfuil baint acu le daoine a ainmnítear faoi phointe (a);

mar a liostaítear san Iarscríbhinn.

2.   Ní chuirfear de cheangal le mír 1 ar aon Bhallstát teacht isteach chuig a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.

3.   I gcás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, beidh mír 1 gan dochar don chás sin, eadhon:

(a)

mar thír óstach d’eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;

(b)

mar thír óstach ar chomhdháil idirnáisiúnta a bheidh á tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce;

(c)

faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

(d)

faoi Chonradh Idir-Réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.

4.   Beidh feidhm ag mír 3 freisin i gcásanna ina bhfuil an Ballstát ina thír óstach de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).

5.   Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi gach cás ina dtugann an Ballstát díolúine de bhun mhíreanna 3 nó 4.

6.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a dheonú ó na bearta a forchuireadh faoi mhír 1 i gcás ina bhfuil údar leis ar fhorais riachtanais dhaonnachtúil phráinnigh nó ar fhorais go bhfuiltear ag freastal ar chruinnithe idir-rialtasacha nó ar chruinnithe atá á gcur chun cinn ag an Aontas nó á n-óstáil aige, nó atá á n-óstáil ag Ballstát a bhfuil Cathaoirleacht aige ar oifig ESCE, i gcás ina reáchtáiltear idirphlé polaitiúil a chuireann cuspóirí beartais na mbeart sriantach chun cinn go díreach, lena n-áirítear tacaíocht do smacht reachta, daonlathas, cobhsaíocht agus slándáil Phoblacht na Moldóive.

7.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a dheonú ó na bearta a forchuireadh faoi mhír 1 más amhlaidh go bhfuil gá le teacht isteach nó le hidirthuras chun próiseas breithiúnach a chomhlíonadh.

8.   Tabharfaidh aon Bhallstát ar mian leis díolúintí a dheonú dá dtagraítear i mír 6 nó 7 fógra i scríbhinn don Chomhairle ina leith. Measfar an díolúine sin a bheith deonaithe mura ndéanfaidh Ballstát amháin nó níos mó agóid i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre tar éis fógra a fháil faoin díolúine atá beartaithe. Má dhéanann Ballstát amháin nó níos mó agóid, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an díolúine atá beartaithe a dheonú.

9.   I gcás, de bhun mhíreanna 3, 4, 6, 7 agus 8, ina n-údaraíonn Ballstát teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha do dhaoine a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh an t-údarú teoranta don chuspóir ar chuige sin a thugtar é don duine lena mbaineann.

Airteagal 2

1.   Maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha ar le, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó ar faoi rialú iad seo a leanas iad:

(a)

daoine nádúrtha, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais, nó a bhíonn ag tacú leo nó á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, nó den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, trí aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i)

bac a chur ar an bpróiseas daonlathach polaitiúil nó an bonn a bhaint de, lena n-áirítear trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil nó tríd an mbonn a bhaint go mór de thoghcháin a reáchtáil nó iarrachtaí a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a dhíchobhsú nó a threascairt;

(ii)

agóidí foréigneacha nó gníomhaíochtaí eile foréigin a phleanáil, a stiúradh nó a bheith páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, tacú leo nó iad a éascú ar shlí eile; nó

(iii)

mí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil,

(b)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu le daoine arna n-ainmniú faoi phointe (a);

mar a liostaítear san Iarscríbhinn iad, déanfar iad a reo.

2.   Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis ná do chomhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, ná ní chuirfear chun sochair dóibh iad.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a)

go bhfuil gá leo chun freastal ar bhunriachtanais na ndaoine a liostaítear san Iarscríbhinn agus a mball teaghlaigh chleithiúnacha, lena n-áirítear íocaíochtaí as earraí bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d)

go bhfuil siad riachtanach i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

(e)

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó poist chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó an phoist chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo.

4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a liostú san Iarscríbhinn, nó go bhfuil siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun leas duine nádúrtha ná dlítheanach, eintitis ná comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn é an cinneadh; agus

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna ndeonú faoin mír seo laistigh de dhá sheachtain ón údarú sin.

5.   Ní chuirfear cosc le mír 1 ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar eintiteas nó ar chomhlacht a liostaítear íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh a rinneadh roimh an dáta a liostaíodh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin san Iarscríbhinn, ar choinníoll gur chinn an Ballstát lena mbaineann nach bhfaighidh duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht, go díreach nó go hindíreach.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le breiseanna mar a leanas arna gcur le cuntais reoite:

(a)

ús nó tuilleamh eile ar na cuntais sin;

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2; nó

(c)

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána arna ndéanamh san Aontas nó is infhorghníomhaithe sa Bhallstát lena mbaineann,

ar choinníoll go bhfanfaidh aon ús den sórt sin, tuilleamh agus íocaíochtaí eile faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1.

7.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 2 maidir le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a ndéanann an tAontas measúnú colúin orthu agus lenar shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais ar chomhaontú é, ar ar a bhonn a ghníomhaíonn na heagraíochtaí agus na gníomhaireachtaí mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil gá le soláthar na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 2 go heisiach chun críoch daonnúil i bPoblacht na Moldóive.

(8)   I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 7, agus de mhaolú ar mhír 1 agus mír 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstát, faoi cibé coinníollacha ginearálta agus sonracha a mheasann siad a bheith iomchuí, údaruithe sonracha nó ginearálta a dheonú chun go scaoilfear cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe nó chun go gcuirfear cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar fáil, ar choinníoll go mbeidh gá le soláthar cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin chun críoch daonnúil i bPoblacht na Moldóive, agus chun na gcríoch sin amháin.

Airteagal 3

1.   Is í an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ó Bhallstát nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) a chinnfidh an liosta atá san Iarscríbhinn a bhunú agus a leasú.

2.   Cuirfidh an Chomhairle an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú sin, in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann, más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, rud a thabharfaidh deis don duine, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a chur i láthair.

3.   I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach, nó ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil i láthair, athbhreithneoidh an Chomhairle an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sí an duine, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 4

1.   Áireofar san Iarscríbhinn na forais leis na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 a liostú.

2.   Beidh san Iarscríbhinn, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh an méid a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh an méid a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; uimhir chlárúcháin; agus áit ghnó.

Airteagal 5

1.   Féadfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a thabhairt i gcrích, go háirithe:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú.

2.   Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla nó le bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní fhéadfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun an Iarscríbhinn a ullmhú.

3.   Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar ‘rialaitheoirí’ de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 6

Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh difear dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, mar shampla éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú, a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nó ceann de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 7

Chun tionchar na mbeart a leagtar amach sa Chinneadh seo a uasmhéadú, spreagfaidh an tAontas tríú Stáit chun bearta sriantacha a ghlacadh cosúil leis na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.

Airteagal 8

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 29 Aibreán 2024.

Déanfar athbhreithniú leanúnach ar an gCinneadh seo. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.

Agus athbhreithniú á dhéanamh aici ar bhearta sriantacha arna ndéanamh de bhun Airteagail 1(1)(a)(iii) agus 2(1)(a)(iii), cuirfidh an Chomhairle san áireamh, de réir mar is iomchuí, cibé an bhfuil nó nach bhfuil na daoine i dtrácht faoi réir imeachtaí breithiúnacha i ndáil leis an iompar ar ina leith a liostaíodh iad.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 28 Aibreán 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintitis agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2

[…]


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 114/22


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2023/892 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Aibreán 2023

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES.

(2)

Tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Ginearálta i gCás T-426/21, ba cheart iontráil amháin a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)   IO L 147, 1.6.2013, lch. 14.


IARSCRÍBHINN

Scriostar an iontráil seo a leanas ón liosta a leagtar amach i Roinn A (“Daoine”) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES:

“36.

Nizar AL-ASSAD”.

Top