Acest document este un extras de pe site-ul EUR-Lex
Document 1516634f-2daf-11ef-a61b-01aa75ed71a1
Council Decision (CFSP) 2023/1532 of 20 July 2023 concerning restrictive measures in view of Iran’s military support to Russia’s war of aggression against Ukraine and to armed groups and entities in the Middle East and the Red Sea region
Text consolidat: Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua
Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua
02023D1532 — GA — 16.05.2024 — 003.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
CINNEADH (CBES) 2023/1532 ÓN GCOMHAIRLE an 20 Iúil 2023 (IO L 186 25.7.2023, lch. 20) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
L 2686 |
1 |
28.11.2023 |
||
|
L 2792 |
1 |
11.12.2023 |
||
|
CINNEADH (CBES) 2024/1336 ón gCOMHAIRLE an 14 Bealtaine 2024 |
L 1336 |
1 |
15.5.2024 |
|
CINNEADH (CBES) 2023/1532 ÓN GCOMHAIRLE
an 20 Iúil 2023
bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua
Airteagal 1
Toirmeascfar an méid seo a leanas a dhéanamh:
cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus le soláthar, monaraíocht agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht san Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin;
maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht san Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin.
cearta maoine intleachtúla nó rúin trádála a dhíol, a cheadúnú nó a aistriú ar bhealach ar bith eile agus cearta rochtana nó athúsáide a thabhairt d’aon ábhar nó faisnéis a chosnaítear trí bhíthin cearta maoine intleachtúla nó ar rúin trádála iad a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht san Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin.
Airteagal 2
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine nádúrtha seo a leanas:
atá freagrach as clár aerárthaí gan foireann nó diúracán na hIaráine, a thugann tacaíocht dó nó atá bainteach leis;
a sholáthraíonn nó a dhíolann aerárthaí gan foireann nó diúracáin na hIaráine nó teicneolaíochtaí gaolmhara, nó atá bainteach ar shlí eile lena n-aistriú:
chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine;
chuig grúpaí armtha agus eintitis armtha a bhfuil dochar á dhéanamh acu don tsíocháin agus don tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua;
chuig daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag gníomhú de shárú ar Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; nó,
a bhfuil baint acu le daoine nádúrtha dá dtagraítear i bpointí (a) nó pointe (b), nó le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear de bhun Airteagal 3(1);
mar a liostaítear san Iarscríbhinn.
I gcás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, beidh mír 1 gan dochar don chás sin, eadhon:
mar thír óstála d’eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;
mar thír óstála do chomhdháil idirnáisiúnta arna tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce;
faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó
faoi Chonradh Idir-Réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.
Airteagal 3
Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí iad, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin:
atá freagrach as clár aerárthaí gan foireann nó diúracán na hIaráine, a thugann tacaíocht dó nó atá bainteach leis;
a sholáthraíonn nó a dhíolann aerárthaí gan foireann nó diúracáin na hIaráine nó teicneolaíochtaí gaolmhara, nó atá bainteach ar shlí eile lena n-aistriú:
chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine;
chuig grúpaí armtha agus eintitis armtha a bhfuil dochar á dhéanamh acu don tsíocháin agus don tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua;
chuig daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag gníomhú de shárú ar Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; nó,
a bhfuil baint acu le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) nó pointe (b);
mar a liostaítear san Iarscríbhinn iad, déanfar iad a reo.
De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údarás inniúil Bhallstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dó cinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:
go bhfuil gá leo chun bunriachtanais na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as earraí bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais agus muirir fóntais phoiblí;
gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;
gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;
go bhfuil gá leo le haghaidh costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, dhá sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó
go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas nó as cuntas misin taidhleoireachta, post consalach nó eagraíochta idirnáisiúnta ag a bhfuil díolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó an phoist chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin.
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstáit údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a liostú san Iarscríbhinn, nó go bhfuil sé faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;
ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;
ní chun sochair duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn é an cinneadh; agus
níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin.
Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:
ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;
íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta ar tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbearta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2; nó
íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann;
ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1 fós atá aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile.
Airteagal 4
Airteagal 5
Airteagal 6
Próiseálfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí sonraí pearsanta chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a chur i gcrích, go háirithe:
a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh;
a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú.
Airteagal 7
Ní chomhlíonfar aon éileamh i ndáil le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú, a liostaítear san Iarscríbhinn;
aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).
Airteagal 8
Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na toirmisc a leagtar amach sa Chinneadh seo.
Airteagal 9
Chun tionchar na mbeart a leagtar amach sa Chinneadh seo a uasmhéadú, spreagfaidh an tAontas tríú Stáit chun bearta sriantacha a ghlacadh cosúil leis na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.
Airteagal 10
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 27 Iúil 2024 agus coinneofar faoi athbhreithniú leanúnach é. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.
Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(7) agusl (8) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 3(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.
Airteagal 11
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
IARSCRÍBHINN
Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3
Daoine nádúrtha
|
|
Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine) |
Ainmneacha |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostú |
Dáta an liostaithe |
|
1. |
Hadi ZAHOURIAN |
هادی ظهوریان (Litriú Fairsise) |
Post/poist: Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Pasuimhir: 0055312047 (Aitheantas Náisiúnta) Eintitis chomhlachaithe: Shakad Sanat Asmari |
Is é Hadi Zahourian príomhoifigeach Feidhmiúcháin Shakad Sanat Asmari. Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari (ar a dtugtar freisin Chekad Sanat Faraz Asia) a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed. Ina cháil mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari, tá Hadi Zahourian, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
2. |
Mohammad Shahab Khanian |
محمد شهاب خانیان (Litriú Fairsise) |
Post/poist: Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari Áit bhreithe: Mashhad, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Pasuimhir: 0930588411 (Aitheantas Náisiúnta) Eintitis chomhlachaithe: Shakad Sanat Asmari |
Is é Mohammad Shahab Khanian Leas-Phríomhoifigeach feidhmiúcháin Shakad Sanat Asmari. Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari (ar a dtugtar freisin Chekad Sanat Faraz Asia) a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed. Ina cháil mar Leas-phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari, tá Mohammad Shahab Khanian, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
3. |
Ehsan Rahat VARNOSFADRANI |
احسان راحت وارنوسفدرانی (Litriú Fairsise) |
Post/poist: Príomheolaí Shakad Sanat Asmari Dáta breithe: 1983 Áit bhreithe: Bahman, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Eintitis chomhlachaithe: Shakad Sanat Asmari |
Is é Ehsan Rahat Varnosfadrani Príomheolaí agus iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari. Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari (ar a dtugtar freisin Chekad Sanat Faraz Asia) a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed. Ina cháil mar Phríomheolaí agus iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Shakad Sanat Asmari, tá Ehsan Rahat Varnosfadrani, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
4. |
Rahmatollah HEIDARI ar a dtugtar freisin Rehmatollah HEIDARI |
رحمت الله حیدری (Litriú Fairsise) |
Post/poist: Stiúrthóir Bainistíochta agus comhalta de bhord stiúrthóirí Baharestan Kish Company atá lonnaithe san Iaráin Dáta breithe: 22.9.1985 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Eintitis chomhlachaithe: Baharestan Kish Company; Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) |
Is é Rahmatollah Heidari an Stiúrthóir Bainistíochta ar Baharestan Kish Company agus is comhalta de bhord stiúrthóirí an chuideachta sin é freisin. Monaraíonn Baharestan Kish Company comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) do Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC). Ina cháil mar Stiúrthóir Bainistíochta agus mar chomhalta de bhord stiúrthóirí Baharestan Kish Company, tá Rahmatollah Heidari, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
5. |
Nader Khoon SIAVASH |
نادر خون سیاوش (Litriú Fairsise) |
Post/poist: Stiúrthóir ar Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO) Dáta breithe: 30.4.1963 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Pasuimhir: 0028892753 (Aitheantas Náisiúnta) Eintitis chomhlachaithe: Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO); Eagraíocht na dTionscal Cosanta (DIO); Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC) |
Is é Nader Khoon Siavash an Stiúrthóir ar Eagraíocht na dTionscal Aeraspáis (AIO). Is eagraíocht í AIO a thuairiscíonn d’Aireacht Cosanta na hIaráine agus do Lóistíocht na bhFórsaí Armtha agus atá gníomhach i gclár aerárthach gan foireann (UAVanna) na hIaráine. Ina cháil mar stiúrthóir ar AIO, tá Nader Khoon Siavash, ag tacú dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
6. |
Ehsan IMANINEJAD Ar a dtugtar freisin Ehsan IMANIJAD |
احسان ایمانی نژاد احسان ایمانی نژاد (Litriú Fairsise) |
Post/poist: Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Saad Sazeh Faraz Sharif Dáta breithe: 1982 Áit bhreithe: Shahrivar, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: Fireann Eintitis chomhlachaithe: Saad Sazeh Faraz Sharif |
Is é Ehsan Imaninejad Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Saad Sazeh Faraz Sharif. Is cuideachta de chuid na hIaráine é Saad Sazeh Faraz Sharif (ar a dtugtar freisin Daria Fanavar Borhan Sharif) a thairgeann seirbhísí innealtóireachta aeraspáis agus a mhonaraíonn codanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed. Ina cháil mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Saad Sazeh Faraz Sharif, tá Ehsan Imaninejad, ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí
|
|
Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine) |
Ainmneacha |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostú |
Dáta an liostaithe |
|
1. |
Shakad Sanat Asmari ar a dtugtar freisin Chekad Sanat Faraz Asia |
شکاد صنعت آسماری/چکاد صنعت فراز آسیا (Litriú Fairsise) |
Seoladh: Tehran Province - District 18, Tehran City, Central Sector, Tehran City, Tehran Station Quarter, Afshar Nou Alley, Fadaiyan Islam St., No. 841, 1st floor, postal code 1851617167 An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta Áit chlárúcháin: Tehran, an Iaráin Dáta clárúcháin: 2013 Príomhionad gnó: An Iaráin Daoine aonair comhlachaithe: Hadi Zahourian (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin); Mohammad Shabab Khanian (Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin); Ehsan Rahat Varnosfadrani (Príomheolaí agus Iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin) |
Is cuideachta de chuid na hIaráine é Shakad Sanat Asmari (ar a dtugtar freisin Chekad Sanat Faraz Asia) a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed. Tá sí ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
2. |
Baharestan Kish Company |
شرکت بهارستان کیش (Litriú Fairsise) |
Seoladh uimh. 1: Unit 17, Fifth Floor, Yas Building, Number 116, Sheikh Fazlollah Highway, Teimuri Blvd, before Sharif University Metro Station, Tehran, an Iaráin; Seoladh uimh. 2: Unit 18, Fifth Floor, Yas Building, Number 116, Sheikh Fazlollah Highway, Teimuri Blvd, before Sharif University Metro Station, Tehran, an Iaráin; Seoladh uimh. 3: Unit 19, Fifth Floor, Yas Building, Number 116, Sheikh Fazlollah Highway, Teimuri Blvd, before Sharif University Metro Station, Tehran 1459994450, an Iaráin; Seoladh uimh. 4: No. 47, East 18th Street, Farhang Boulevard, Sa’adat Abad, Tehran 1997857976, an Iaráin; Seoladh uimh. 5: Unit 2, First Floor, EX35, Number 2, Exhibition Industrial Town, Kish Island 7941659854, an Iaráin; Áit chlárúcháin: An Iaráin Dáta clárúcháin: 2002 Daoine aonair comhlachaithe: Rahmatollah Heidari (Stiúrthóir Bainistíochta agus comhalta den bhord stiúrthóirí) |
Monaraíonn Baharestan Kish Company comhpháirteanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) do Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC). D’oibrigh an chuideachta freisin ar chomhpháirteanna d’UAV Shahed; onnmhairíodh na comhpháirteanna sin go dtí an Rúis. Tá Baharestan Kish Company tar éis maoirseacht a dhéanamh ar thionscadail éagsúla a bhaineann le cosaint, lena n-áirítear monarú UAVanna. Tá sí, dá bhrí sin, ag tacú le clár UAV na hIaráine agus tá sí rannpháirteach ann. |
11.12.2023 |
|
3. |
Saad Sazeh Faraz Sharif ar a dtugtar freisin Daria Fanavar Borhan Sharif; Sadid Sazeh Parvaz Sharif |
سدید سازه پرواز شریف/داریا فن آور برهان شریف/شرکت سعد سازه فراز شریف (Litriú Fairsise) |
Seoladh: Tehran Province - Tehran City - Central Sector - Tehran City - Shahrak Ansar Neighbourhood - Tehran Karaj Highway - Chogan Street 9 - Plate 0 - Ground Floor An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta Áit chláraithe: Tehran, an Iaráin Dáta clárúcháin: 2017 Uimhir chlárúcháin: 534295 Príomhionad gnó: An Iaráin Daoine aonair comhlachaithe: Ehsan Imaninejad (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin) |
Is cuideachta de chuid na hIaráine é Saad Sazeh Faraz Sharif, a thairgeann seirbhísí innealtóireachta aeraspáis agus a mhonaraíonn codanna d’aerárthaigh gan foireann (UAVanna) Shahed. Tá sí ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
4. |
Sarmad Electronic Sepahan Company ar a dtugtar freisin Sarmad Electronics; Sarmad Electronic Sepahan; Sarmad Electronics Co. |
سدید سازه پرواز شریف/داریا فن آور برهان شریف/شرکت سعد سازه فراز شریف (Litriú Fairsise) |
Seoladh: Second Floor, No. 309, Alley 28, South Abou Na’im Street, Jaber Ansari Street, Isfahan, an Iarái Áit chlárúcháin: An Iaráin Dáta clárúcháin: 2014 Príomhionad gnó: An Iaráin |
Is cuideachta de chuid na hIaráine é Sarmad Electronic Sepahan Company, a tháirgeann na comhpháirteanna sonracha a úsáidtear in aerárthaigh gan foireann (UAVanna) na hIaráine. Tá na UAVanna sin á n-imscaradh ag an Rúis ina cogadh foghach ar an Úcráin. Fuarthas seirbheamhótair agus flowmotors i UAV scoite de chuid na hIaráine ar láthair an chatha san Úcráin; bhíothas in ann iad a rianú siar díreach go dtí Sarmad Electronic Sepahan Company. Tugann an chuideachta féin le fios ina cuid poiblíochta go bhfuil sí gníomhach i dtionscail mhóra íogaire san Iaráin, lena n-áirítear i dtionscail na UAVanna. Tá sí ag tacú, dá bhrí sin, le clár UAV na hIaráine agus ag glacadh páirte ann. |
11.12.2023 |
|
5. |
Kimia Part Sivan Company (KIPAS) ar a dtugtar freisin Kimiar Parts Sibon |
شرکت کیمیا پارت سیوان (کیپس) (Litriú Fairsise) |
Seoladh: 1st Street, 6th Side Street, No. 81, Jey Industrial Park, Isfahan 8376100000, Iran; Áit chlárúcháin: An Iaráin Uimhir chlárúcháin: 10320661315 nó 414950 nó 47779, |
Is cuideachta atá lonnaithe san Iaráin é Kimia Part Sivan Company (KIPAS) a d’oibrigh le Islamic Revolutionary Guard Corps Quds Force (IRGC-QF) chun feabhas a chur ar chlár an fhórsa maidir le haerárthaigh gan foireann (UAVanna). Rinne oifigigh KIPAS tástálacha eitilte UAVanna do IRGC-QF agus thug siad cúnamh teicniúil d’UAVanna IRGC-QF a aistríodh chuig an Iaráic lena n-úsáid in oibríochtaí IRGC-QF. Chuir KIPAS comhpháirteanna luachmhara UAV ar fáil freisin lena n-úsáid ag IRGC. Tá sí, dá bhrí sin, ag tacú le clár UAV na hIaráine agus tá sí rannpháirteach ann. |
11.12.2023 |
( 1 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)