EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0066

Cás C-66/23: Iarraidh ar réamhrialú ón Simvoulio tis Epikratias (an Ghréig) arna taisceadh an 7 Feabhra 2023 — Elliniki Ornithologiki Etaireia, Syllogos Diktyo Oikologikon Organoseon Aigaiou, Perivallontikos Syllogos Rethymnou, Politistikos Syllogos Thronos Kleisidiou, KX agus páirtithe eile v Ypourgos Esoterikon, Ypourgos Oikonomikon, Ypourgos Anaptyxis kai Ependyseon, Ypourgos Perivallontos kai Energeias, Ypourgos Agrotikis Anaptyxis kai Trofimon

IO C 173, 15.5.2023, p. 18–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

15.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 173/18


Iarraidh ar réamhrialú ón Simvoulio tis Epikratias (an Ghréig) arna taisceadh an 7 Feabhra 2023 — Elliniki Ornithologiki Etaireia, Syllogos Diktyo Oikologikon Organoseon Aigaiou, Perivallontikos Syllogos Rethymnou, Politistikos Syllogos Thronos Kleisidiou, KX agus páirtithe eile v Ypourgos Esoterikon, Ypourgos Oikonomikon, Ypourgos Anaptyxis kai Ependyseon, Ypourgos Perivallontos kai Energeias, Ypourgos Agrotikis Anaptyxis kai Trofimon

(Cás C-66/23)

(2023/C 173/26)

Teanga an cháis: an Ghréigis

An chúirt a rinne an tarchur

Symvoulio tis Epikrateias

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Elliniki Ornithologiki Etaireia (Cumann Éaneolaíoch Heilléanach)

Syllogos Diktyo Oikologikon Organoseon Aigaiou (Comhlachas na nEagraíochtaí Éiceolaíochta sa Mhuir Aeigéach)

Perivallontikos Syllogos Rethymnou (Cumann Timpeallachta Rethymno)

Politistikos Syllogos Thronos Kleisidiou (Cumann Cultúrtha Thronos Klisidiou)

KX agus páirtithe eile

Cosantóirí: Ypourgos Esoterikon (An tAire Gnóthaí Baile)

Ypourgos Oikonomikon (An tAire Airgeadais)

Ypourgos Anaptyxis kai Ependyseon (An tAire Forbartha agus Infheistíochta)

Ypourgos Perivallontos kai Energeias (An tAire Comhshaoil agus Fuinnimh)

Ypourgos Agrotikis Anaptyxis kai Trofimon (An tAire Forbartha Tuaithe agus Bia)

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcaithfear Airteagal 4(1) agus (2) de Threoir 2009/147/CE (1), arna léamh i gcomhar le forálacha Airteagal 6(2), (3) agus (4) de Threoir 92/43/CEE, (2) a léiriú mar chosc ar fhorálacha náisiúnta, amhail iad siúd a leagtar amach [sa chuid oibríochtúil] lena bhforáiltear nach mbeidh feidhm ag bearta speisialta lena ndéantar speicis éan fiáin agus gnáthóga a chosaint, a chaomhnú agus a athchóiriú i limistéir faoi chosaint speisialta (SPAanna) ach amháin maidir le “speicis ainmnithe”, is é sin le rá, maidir leis na speicis d'éin fhiáine a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/147/CE agus maidir le héin imirceacha a fhaightear go rialta laistigh de gach SPA, ar speicis iad a úsáidtear, in éineacht leis na critéir chun SPAnna a aicmiú, chun tacú le limistéar a ainmniú mar SPAnna?

2)

An bhfuil sé ábhartha don fhreagra sin gurb iad na bearta speisialta cosanta, caomhnaithe agus athchóirithe thuasluaite do speicis éan fiáin agus do ghnáthóga i Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPAnna), go beacht, bearta cosanta coisctheacha bunúsacha (“bearta réamhchúraim”) SPAnna, atá á gcur i bhfeidhm go cothrománach, is é sin le rá, i gcás gach SPA, agus, go dtí seo, nár glacadh aon phleananna bainistíochta i ndlíchóras na Gréige do gach SPA, lena leagtar síos na cuspóirí agus na bearta is gá chun gach SPA agus na speicis laistigh de a bhaint amach nó a áirithiú?

3)

An bhfuil sé ábhartha don fhreagra ar an dá cheist roimhe sin, faoin oibleagáid measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh ar thionscadail (3) agus ar ghníomhaíochtaí faoi Threoir 2011/92/AE agus “measúnú iomchuí” faoi Airteagal 6(2) go (4) de Threoir 92/43/CEE, go liostaítear na speicis uile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/147/CE nó na héin imirceacha a bhíonn laistigh de gach SPA go rialta sa mheasúnú ar éifeachtaí gach tionscadail phoiblí nó phríobháidigh ar leith ar an gcomhshaol?

(1)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (Leagan códaithe) (IO 2010 L 20, lch. 7).

(2)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú, (IO 1992 L 206, lch. 7).

(3)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal áirithe poiblí agus príobháideach ar an gcomhshaol (códú) (IO 2012 L 26, lch. 1).


Top