Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0763

Cás T-763/21: Breithiúnais na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – SE v an Coimisiún (Seirbhís shibhialta – Foireann shealadach – Earcaíocht – Clár píolótach an Choimisiúin chun riarthóirí sóisearacha a earcú – Iarratas a dhiúltú – Coinníollacha incháilitheachta – Critéir d’uastréimhse trí bliana de thaithí ghairmiúil – Cóir chomhionann – Idirdhealú bunaithe ar aois)

IO C 155, 2.5.2023, p. 51–52 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/51


Breithiúnais na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – SE v an Coimisiún

(Cás T-763/21) (1)

(Seirbhís shibhialta - Foireann shealadach - Earcaíocht - Clár píolótach an Choimisiúin chun riarthóirí sóisearacha a earcú - Iarratas a dhiúltú - Coinníollacha incháilitheachta - Critéir d’uastréimhse trí bliana de thaithí ghairmiúil - Cóir chomhionann - Idirdhealú bunaithe ar aois)

(2023/C 155/65)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: SE (ionadaithe: L. Levi agus A. Blot, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Schima, L. Vernier agus I. Melo Sampaio, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go ndéanfar cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh an 23 Aibreán 2021, trínar dhiúltaigh an Coimisiún dá iarratas ar an gclár píolótach “Gairmithe sóisearacha” a chur ar neamhní agus, ar an dara dul síos, cúiteamh as an damáiste a líomhnaítear a bhain dó mar thoradh ar an gcinneadh sin.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do SE na costais a íoc.


(1)  IO C 73, 14.2.2022.


Top