EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CJ0156

Breithiúnas na Cúirte (Dlísheomra Iomlánach) 2022 Feabhra 16.
An Ungáir v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.
Caingean le haghaidh neamhniú – Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 – Córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint – Buiséad an Aontais Eorpaigh a chosaint i gcás sárú ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát – Bunús dlí – Airteagal 322(1)(a) CFAE – Imchéimniú líomhnaithe ar Airteagal 7 CAE agus ar Airteagal 269 CFAE – Sáruithe líomhnaithe ar Airteagal 4(1), Airteagal 5(2) agus Airteagal 13(2) CAE agus ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla, na comhréireachta agus na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí.
Cás C-156/21.

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:97

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chúirt iomlán)

16 Feabhra 2022 ( *1 )

Clár

 

I. An dlí lena mbaineann

 

A. Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001;

 

B. Rialacha Nós Imeachta na Comhairle

 

C. Treoracha maidir le doiciméid inmheánacha na Comhairle a phróiseáil

 

D. Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013

 

E. An Rialachán Airgeadais

 

II. An Rialachán a chonspóidtear

 

III. Éilimh na bpáirtithe agus an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

 

IV. An iarraidh gan sleachta áirithe d’iarratas na hUngáire agus d’Iarscríbhinn A.3 a ghabhann leis a chur san áireamh

 

A. Argóintí na bpáirtithe

 

B. Breithniú na Cúirte

 

V. An chaingean

 

A. An príomhéileamh go ndéanfar an Rialachán a chonspóidtear a neamhniú ina iomláine

 

1. An chéad agus an dara pléadáil, lena líomhnaítear nach raibh an inniúlacht ag an Aontas Eorpach an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh

 

(a) Argóintí na bpáirtithe

 

(b) Breithniú na Cúirte

 

(1) Bunús dlí an Rialacháin a chonspóidtear

 

(2) Imchéimniú ar Airteagal 7 CAE agus Airteagal 269 CFAE

 

2. An tríú pléadáil, lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla

 

(a) Argóintí na bpáirtithe

 

(b) Breithniú na Cúirte

 

B. Éilimh mhalartacha go ndéanfar an Rialachán a chonspóidtear a neamhniú go páirteach

 

1. An t-éileamh go ndéanfar Airteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú

 

(a) Argóintí na bpáirtithe

 

(b) Breithniú na Cúirte

 

2. An t-éileamh go ndéanfar Airteagal 4(2)(h) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú

 

(a) Argóintí na bpáirtithe

 

(b) Breithniú na Cúirte

 

3. An t-éileamh go ndéanfar Airteagal 5(2) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú

 

(a) Argóintí na bpáirtithe

 

(b) Breithniú na Cúirte

 

4. An t-éileamh go ndéanfar an tríú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú

 

(a) Argóintí na bpáirtithe

 

(b) Breithniú na Cúirte

 

5. An t-éileamh go ndéanfar an ceathrú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú

 

(a) Argóintí na bpáirtithe

 

(b) Breithniú na Cúirte

 

6. An t-éileamh go ndéanfar Airteagal 6(3) agus (8) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú

 

(a) Argóintí na bpáirtithe

 

(b) Breithniú na Cúirte

 

VI. Costais

“Caingean le haghaidh neamhniú – Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 – Córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint – Buiséad an Aontais Eorpaigh a chosaint i gcás sárú ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát – Bunús dlí – Airteagal 322(1)(a) CFAE – Imchéimniú líomhnaithe ar Airteagal 7 CAE agus ar Airteagal 269 CFAE – Sáruithe líomhnaithe ar Airteagal 4(1), Airteagal 5(2) agus Airteagal 13(2) CAE agus ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla, na comhréireachta agus na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí”

I gCás C‑156/21,

CAINGEAN le haghaidh neamhniú faoi Airteagal 263 CFAE, arna tabhairt an 11 Márta 2021,

An Ungáir, arna hionadú ag M. Z. Fehér agus M. M. Tátrai, i gcáil Gníomhairí,

Iarratasóir,

arna thacú ag:

Poblacht na Polainne, arna hionadú ag B. Majczyna agus S. Żyrek, i gcáil Gníomhairí,

Idiragraí,

agus

Parlaimint na hEorpa, arna hionadú ag F. Drexler, R. Crowe, U. Rösslein, T. Lukácsi agus A. Pospíšilová Padowska, i gcáil Gníomhairí,

Comhairle an Aontais Eorpaigh, arna hionadú ag A. de Gregorio Merino, E. Rebasti, A. Tamás agus A. Sikora-Kalėda, i gcáil Gníomhairí,

Cosantóirí,

arna dtacú ag:

Ríocht na Beilge, arna hionadú ag C. Pochet, M. Jacobs agus L. Van den Broeck, i gcáil Gníomhairí,

Ríocht na Danmhairge, arna hionadú ar dtús ag M. Søndahl Wolff agus J. Nymann-Lindegren, agus ag M. Søndahl Wolff agus V. Pasternak Jørgensen ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí,

Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, arna hionadú ag J. Möller agus R. Kanitz, i gcáil Gníomhairí,

Éire, arna hionadú ag M. Browne, J. Quaney agus A. Joyce, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó D. Fennelly, Abhcóide,

Ríocht na Spáinne, arna hionadú ar dtús ag J. Rodríguez de la Rúa Puig agus S. Centeno Huerta, agus ag J. Rodríguez de la Rúa Puig agus A. Gavela Llopis ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí,

Poblacht na Fraince, arna hionadú ag A.‑L. Desjonquères, A.‑C. Drouant agus E. Leclerc, i gcáil Gníomhairí,

Ard-Diúcacht Lucsamburg, arna hionadú ar dtús ag A. Germeaux agus T. Uri, agus ag A. Germeaux ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí,

Ríocht na hÍsiltíre, arna hionadú ag M. K. Bulterman agus J. Langer, i gcáil Gníomhairí,

Poblacht na Fionlainne, arna hionadú ag H. Leppo agus S. Hartikainen, i gcáil Gníomhairí,

Ríocht na Sualainne, arna hionadú ag O. Simonsson, J. Lundberg, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, H. Shev, M. Salborn Hodgson, H. Eklinder agus R. Shahsavan Eriksson, i gcáil Gníomhairí,

An Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag D. Calleja Crespo, J.‑P. Keppenne, J. Baquero Cruz agus A. Tokár, i gcáil Gníomhairí,

Idiragraithe,

tugann AN CHÚIRT (an Chúirt iomlán)

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev (Rapóirtéir), A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, S. Rodin, I. Jarukaitis, N. Jääskinen, I. Ziemele agus J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.–C. Bonichot, M. Safjan, F. Biltgen, P. G. Xuereb, N. Piçarra, L. S. Rossi, A. Kumin, N. Wahl, D. Gratsias, M. L. Arastey Sahún, M. Gavalec agus Z. Csehi, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoirí: M. Aleksejev, Ceann Aonaid, agus I. Illéssy, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 11 agus an 12 Deireadh Fómhair 2021,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 2 Nollaig 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Trína hiarratas, iarrann an Ungáir ar an gCúirt, go príomha, Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO 2020 L 433I, lch. 1, agus ceartúchán IO 2021 L 373, lch. 94; “an Rialachán a chonspóidtear”) a neamhniú agus, mar mhalairt air sin, Airteagal 4(1) agus (2)(h), Airteagal 5(2), na habairtí leathdheireanacha agus deireanacha d’Airteagal 5(3) agus Airteagal 6(3) agus (8) den Rialachán sin a neamhniú.

I. An dlí lena mbaineann

A. Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001;

2

Foráiltear le hAirteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43) mar a leanas:

“Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát ceart rochtana ar dhoiciméid na n‑institiúidí, ach sin faoi réir na bprionsabal, na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a shainítear leis an Rialachán seo.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

3

De réir Airteagal 4 den Rialachán sin:

“[...]

2.   Diúltóidh na hinstitiúidí rochtain a thabhairt ar dhoiciméad i gcás ina ndéanfadh nochtadh dochar do chosaint:

[...]

imeachtaí cúirte agus tuairimí dlí,

[...]

mura bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh an doiciméid lena mbaineann.

3.   Diúltófar rochtain a thabhairt ar dhoiciméad arna tharraingt suas ag institiúid dá húsáid inmheánach nó arna fháil ag institiúid, ar doiciméad é a bhaineann le hábhar nach bhfuil cinneadh déanta aici ina leith fós, dá ndéanfaí lena nochtadh dochar tromchúiseach do phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide sin, mura bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh an doiciméid lena mbaineann.

Diúltófar rochtain a thabhairt ar dhoiciméad ina bhfuil tuairimí atá beartaithe le haghaidh úsáid inmheánach mar chuid de phléití agus réamhchomhairliúcháin laistigh den institiúid lena mbaineann, fiú tar éis an cinneadh a ghlacadh, i gcás ina ndéanfaí dochar tromchúiseach do phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide dá nochtfaí an doiciméad, mura bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh an doiciméid lena mbaineann.

[...]

5.   Féadfaidh Ballstát a iarraidh ar institiúid gan doiciméad arna thionscnamh sa Bhallstát sin a nochtadh gan comhaontú an Bhallstáit sin a fháil roimh ré.

6.   Mura mbaineann ach cuid amháin den doiciméad arna iarraidh le ceann amháin nó níos mó de na heisceachtaí, déanfar na codanna eile den doiciméad a nochtadh.

7.   Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 ach amháin le linn na tréimhse a bheidh bonn cirt leis an gcosaint ar bhonn ábhar an doiciméid. [...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Foráiltear in Airteagal 5 den Rialachán sin:

“I gcás ina bhfaigheann Ballstát iarratas ar dhoiciméad atá ina sheilbh, ar doiciméid é de thionscnamh institiúide, murar léir go nochtfar nó nach nochtfar an doiciméad, rachaidh an Ballstát i gcomhairle leis an institiúid lena mbaineann chun cinneadh a dhéanamh nach gcuirfidh baint amach chuspóirí an Rialacháin seo i gcontúirt.

Ina ionad sin, féadfaidh an Ballstát an t‑iarratas a chur chuig an institiúid.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

B. Rialacha Nós Imeachta na Comhairle

5

An 1 Nollaig 2009, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Cinneadh 2009/937/AE lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO 2009 L 325, lch. 35). Foráiltear le hAirteagal 6(2) de na Rialacha Nós Imeachta sin (“Rialacha Nós Imeachta na Comhairle”), dar teideal “Rúndacht ghairmiúil agus doiciméid a thabhairt ar aird in imeachtaí dlí”):

“Féadfaidh an Chomhairle nó [Coiste na mBuanionadaithe de Rialtais na mBallstát (Coreper)] cóip nó sliocht de dhoiciméid ón gComhairle, nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu cheana féin i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, a thabhairt ar aird in imeachtaí dlí a údarú.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Faoi Airteagal 10 den Rialachán sin, dar teideal “Rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Comhairle”:

“Tá na forálacha sonracha maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Comhairle leagtha amach in Iarscríbhinn II.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

7

In Iarscríbhinn II de na Rialacha Nós Imeachta sin, dar teideal “Forálacha sonracha maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Comhairle”, sonraítear in Airteagal 5, a bhaineann le “[h]iarrataí arna gcur isteach ag Ballstáit”, mar a leanas:

“Nuair a chuireann Ballstát iarratas chuig an gComhairle, déileálfar leis i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de [Rialachán Uimh. 1049/2001] agus le forálacha ábhartha na hIarscríbhinne seo. I gcás ina ndiúltaítear do rochtain go hiomlán nó go páirteach, cuirfear in iúl don iarratasóir nach mór aon iarratas dearbhúcháin a sheoladh go díreach chuig an gComhairle.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

C. Treoracha maidir le doiciméid inmheánacha na Comhairle a phróiseáil

8

Le Nóta 7695/18 an 10 Aibreán 2018, ghlac an Chomhairle treoracha a bhaineann le doiciméid inmheánacha na Comhairle a láimhseáil. Is mar a leanas an fhoclaíocht i bpointí 1, 2, 20 agus 21 de na treoracha sin:

“1.

Tá treoracha sa doiciméad seo maidir le láimhseáil doiciméad neamh-rúnaicmithe na Comhairle a dháiltear go hinmheánach don Chomhairle, dá comhaltaí, don Choimisiún, don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus, ag brath ar an ábhar, d’institiúidí áirithe eile (mar shampla Parlaimint na hEorpa, an Chúirt Bhreithiúnais agus an Banc Ceannais Eorpach) agus comhlachtaí (mar shampla Coiste na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa) de chuid an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfadh drochthionchar a bheith ag nochtadh poiblí míthráthúil na ndoiciméad sin ar na próisis chinnteoireachta laistigh den Chomhairle.

2.

Tá baint dhíreach ag na treoracha le feidhmiú na Comhairle agus, dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit mar chomhaltaí den Chomhairle iad a urramú, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis lena rialaítear an caidreamh idir institiúidí an Aontais Eorpaigh agus na Ballstáit.

[...]

20.

Níor cheart doiciméid ‘LIMITE’ a phoibliú mura bhfuil cinneadh chuige sin déanta ag oifigigh chuí-údaraithe den Chomhairle, ag an riarachán náisiúnta de Bhallstát (féach mír 21) nó, i gcás inarb iomchuí, ag an gComhairle, i gcomhréir le [Rialachán Uimh. 1049/2001] agus Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.

21.

Ní fhéadfaidh baill foirne institiúidí nó chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh seachas an Chomhairle a chinneadh doiciméid ‘LIMITE’ a phoibliú gan dul i gcomhairle ar dtús le hArdrúnaíocht na Comhairle (ARC). Rachaidh comhaltaí foirne den riarachán náisiúnta de Bhallstát i gcomhairle le ARC sula ndéanfaidh siad cinneadh den sórt sin, ach amháin má tá sé soiléir go bhféadfar an doiciméad a phoibliú, i gcomhréir le hAirteagal 5 de [Rialachán Uimh. 1049/2001].”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

D. Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013

9

Sainmhínítear le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO 2013 L 248, lch. 1), chun críocha an Rialacháin sin, “leasanna airgeadais an Aontais” mar “ioncam, caiteachas agus sócmhainní a chumhdaítear le buiséad an Aontais Eorpaigh agus iad siúd a chumhdaítear le buiséad na n‑institiúidí, na gcomhlachtaí, na n‑oifigí agus na ngníomhaireachtaí agus na buiséid a ndéanann siad bainistiú agus faireachán orthu”.

E. An Rialachán Airgeadais

10

De réir Airteagal 2 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1, “an Rialachán Airgeadais”), dar teideal “Sainmhínithe”:

“Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(7)

ciallaíonn ‘cur chun feidhme an bhuiséid’ gníomhaíochtaí a chur i gcrích a bhaineann le bainistiú, faireachán, rialú agus iniúchadh na leithreasuithe buiséid i gcomhréir leis na modhanna dá bhforáiltear in Airteagal 62;

[...]

(42)

ciallaíonn ‘eagraíocht de chuid na mBallstát’ eintiteas arna bhunú i mBallstát mar chomhlacht dlí poiblí, nó mar chomhlacht atá faoi rialú ag an dlí príobháideach, ar comhlacht é ar cuireadh misean seirbhíse poiblí ar a iontaoibh aige agus ar chuir an Ballstát sin ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil dó;

[...]

(59)

ciallaíonn ‘bainistíocht fhónta airgeadais’ cur chun feidhme an bhuiséid de réir phrionsabal [na barainneachta] […], phrionsabal na héifeachtúlachta agus phrionsabal na héifeachtachta;

[...]”

11

Foráiltear le hAirteagal 61 den Rialachán sin, dar teideal “Coinbhleachtaí leasa”, mar a leanas:

“1.   Gníomhaithe airgeadais de réir bhrí Chaibidil 4 den Teideal seo agus daoine eile, lena n‑áirítear údaráis náisiúnta ar aon leibhéal, a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an bhuiséid faoi bhainistíocht dhíreach, indíreach nó roinnte, lena n‑áirítear gníomhartha ullmhúcháin chuige sin, iniúchóireacht nó rialú an bhuiséid, cuirfear toirmeasc orthu aon ghníomhaíocht a dhéanamh a chothódh coinbhleacht idir a leasa féin agus leasa an Aontais. Déanfaidh siad bearta iomchuí chomh maith chun coinbhleacht leasa a thoirmeasc sna feidhmeanna a bhfuil siad freagrach astu agus chun aghaidh a thabhairt ar chásanna as a bhféadfaí coinbhleacht leasa a thuiscint.

2.   I gcás ina mbeidh riosca coinbhleachta leasa ann a bhaineann le comhalta foirne údaráis náisiúnta, cuirfidh an duine lena mbaineann an cúrsa faoi bhráid a oifigigh uachtaraigh. I gcás gurb ann do riosca den sórt sin do chomhalta foirne a chumhdaítear faoi na Rialacháin Foirne, cuirfidh an duine lena mbaineann an t‑ábhar faoi bhráid an oifigigh údarúcháin trí tharmligean ábhartha. Dearbhóidh an t‑oifigeach uachtarach ábhartha nó an t‑oifigeach údarúcháin trí tharmligean ábhartha, i scríbhinn, an bhfuil coinbhleacht leasa ann. Sa chás go bhfuil coinbhleacht leasa ann, áiritheoidh an t‑údarás ceapacháin nó an t‑údarás náisiúnta ábhartha go n‑éireoidh an duine lena mbaineann as aon ghníomhaíocht a bhaineann leis an gcúrsa sin. Áiritheoidh an t‑oifigeach údarúcháin trí tharmligean ábhartha nó an t‑údarás náisiúnta ábhartha go ndéanfar aon ghníomhaíocht chuí sa bhreis i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

3.   Chun críocha mhír 1, beidh coinbhleacht leasa ann i gcás ina gcuirfear as d’fheidhmiú oibiachtúil neamhchlaonta fheidhmeanna an ghníomhaí airgeadais nó duine eile, amhail dá dtagraítear i mír 1, ar chúiseanna a bhaineann le cúrsaí teaghlaigh, le cúrsaí mothúcháin, le coibhneas polaitiúil nó náisiúnta, le leas eacnamaíoch nó le haon leas pearsanta eile, díreach nó indíreach.”

12

Foráiltear le hAirteagal 62(1) den Rialachán sin, dar teideal “Modhanna cur chun feidhme an bhuiséid”, mar a leanas:

“1.   Cuirfidh an Coimisiún an buiséad chun feidhme ar aon cheann de na bealaí a leanas:

(a)

go díreach (‘bainistíocht dhíreach’), mar a leagtar amach in Airteagal 125 go hAirteagal 153, a dhéanfaidh a ranna, lena n‑áirítear a fhoireann i dtoscaireachtaí an Aontais faoi údarás a gCinn toscaireachta féin, i gcomhréir le hAirteagal 60(2), nó trí ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 69;

(b)

faoi bhainistíocht roinnte leis na Ballstáit (‘bainistíocht roinnte’) mar a leagtar amach in Airteagal 63 agus Airteagail 125 go 129;

(c)

go neamhdhíreach (‘bainistíocht neamhdhíreach’) mar a leagtar amach in Airteagail 125 go 149 agus Airteagail 154 go 159, i gcás ina bhforáiltear dó sa bhunghníomh nó sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 58(2), trí chúraimí cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar iontaoibh […]

[...]”

Foráiltear le hAirteagal 63(2) agus (8) den Rialachán sin, dar teideal “Bainistíocht roinnte leis na Ballstáit”, mar a leanas:

“2.   Le linn dóibh cúraimí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a fheidhmiú, glacfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá, lena n‑áirítear bearta reachtacha, rialála agus riaracháin chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, eadhon:

(a)

trína áirithiú go ndéantar gníomhaíochtaí a mhaoinítear as an mbuiséad a chur chun feidhme i gceart agus go héifeachtach agus i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha is infheidhme;

(b)

trí comhlachtaí ainmniúcháin a bheidh freagrach as bainistiú agus rialú a dhéanamh ar chistí an Aontais a ainmniú i gcomhréir le mír 3 agus as maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí sin;

(c)

trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(d)

trí chomhar a dhéanamh, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na rialacha earnáilsonracha, leis an gCoimisiún, [leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa] agus, i gcás na mBallstát sin atá rannpháirteach i gcomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle [an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme ar bhunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO 2017 L 283, lch. 1)], le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) freisin, tar éis a bunaithe.

D’fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú acu agus i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus na rialacha ábhartha earnáilsonracha, déanfaidh na Ballstáit rialuithe ex ante agus ex post lena gcuimsítear, i gcás inarb iomchuí, seiceálacha ar an láthair ar idirbhearta ionadaíocha agus/nó ar shamplaí idirbheart atá riosca-bhunaithe. Déanfaidh siad freisin cistí a íocadh go míchuí a ghnóthú agus imeachtaí dlí a thionscnamh de réir mar is gá i dtaca leis sin.

Déanfaidh na Ballstáit pionóis éifeachtacha athchomhairleacha chomhréireacha a fhorchur ar fhaighteoirí i gcás ina bhforáiltear don mhéid sin i rialacha earnáilsonracha nó i bhforálacha sonracha sa dlí náisiúnta.

Mar chuid dá mheasúnú riosca agus i gcomhréir le rialacha a bhaineann le hearnálacha ar leith, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chórais bhainistíochta agus rialaithe arna mbunú sna Ballstáit. Déanfaidh an Coimisiún, ina obair iniúchóireachta, prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh leibhéal an riosca a bheidh á mheasúnú i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha.

[...]

8.   Chun a áirithiú go n‑úsáidtear cistí an Aontais i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

nósanna imeachta a chur i bhfeidhm maidir le cuntais comhlachtaí ainmnithe a iniúchadh agus a ghlacadh, agus a áirithiú go bhfuil na cuntais iomlán, cruinn agus fíor;

(b)

eisíocaíochtaí a ndearnadh íocaíochtaí ina leith a sháraigh an dlí is infheidhme a eisiamh ó chaiteachas maoiniúcháin an Aontais;

(c)

sprioc-amanna íocaíochtaí a bhriseadh nó íocaíochtaí a chur ar fionraí i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i rialacha earnáilsonracha.

Cuirfidh an Coimisiún deireadh le hidirbhriseadh, nó le cuid de, na sprioc-amanna íocaíochta nó leis na híocaíochtaí a chur ar fionraí tar éis do Bhallstát a bharúlacha a thíolacadh agus chomh luath agus a bheidh aon bhearta riachtanacha glactha aige. Déanfaidh an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9) na hoibleagáidí uile faoin mír seo a chumhdach.”

13

Foráiltear le hAirteagal 129 den Rialachán Airgeadais, dar teideal “Comhar a dhéanfar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint”, mar a leanas:

“1.   Aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais, comhoibreoidh sé go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus deonóidh sé, mar choinníoll leis na cistí a fháil, na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údaráis atá freagrach, do OIPE i dtaca leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe [...], do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb iomchuí, do na húdaráis náisiúnta ábhartha, chun gur féidir leo a gcúraimí féin a dhéanamh go hiomlán. I gcás OLAF, beidh an ceart iniúchtaí a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, ar na cearta sin, i gcomhréir [leis an Rialachán maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF].

2.   Aon duine nó eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais faoin mbainistíocht dhíreach nó indíreach, toileoidh sé i scríbhinn na cearta is gá amhail dá dtagraítear i mír 1 a dheonú, agus áiritheoidh sé go ndeonóidh tríú páirtithe ar bith a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.”

14

Foráiltear le hAirteagal 131 den Rialachán Airgeadais, dar teideal “Cur ar fionraí, foirceannadh agus laghdú”, mar a leanas:

“1.   I gcás ina raibh neamhrialtachtaí nó calaois i nós imeachta um dhámhachtain, déanfaidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach an nós imeachta a chur ar fionraí agus féadfaidh sé cibé bearta is gá a ghlacadh, lena n‑áirítear an nós imeachta a chur ar ceal. Cuirfidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach OLAF ar an eolas láithreach faoi aon chásanna amhrasta calaoise.

[...]

3.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach íocaíochtaí nó cur chun feidhme an ghealltanais dhlíthiúil a chur ar fionraí sna cásanna seo a leanas:

[...]

(b)

is gá a fhíorú an raibh na neamhrialtachtaí, an chalaois nó sárú na n‑oibleagáidí a thoimhdítear a bhí ann, an raibh siad ann iarbhír;

(c)

de dheasca neamhrialtachtaí, calaoise nó shárú na n‑oibleagáidí, tá amhras ann nach féidir brath ar chórais rialaithe inmheánaigh duine nó eintitis atá ag cur chun feidhme cistí de chuid an Aontais de bhun phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) nó nach raibh siad éifeachtach nó nach raibh na bun-idirbhearta dlíthiúil agus rialta.

[...]”

15

Foráiltear le hAirteagal 135 den Rialachán sin, dar teideal “Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin rioscaí a bhrath, eisiamh agus pionóis airgeadais a fhorchur”, mar a leanas:

“1.   Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, bunóidh agus oibreoidh an Coimisiún córas luathbhratha agus eisiaimh.

Is é a bheidh mar chuspóir le córas den sórt sin gur fusa a bheidh sé:

(a)

daoine nó eintitis, dá dtagraítear i mír 2, a mbaineann baol leo ó thaobh leasanna airgeadais an Aontais, a bhrath go luath;

[...]

3.   Is é an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach a dhéanfaidh an cinneadh faisnéis a bhaineann le luathbhrath faoi na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a chlárú, daoine nó eintitis dá dtagraítear i mír 2 a eisiamh agus/nó pionós airgeadais a fhorchur ar fhaighteoir. Clárófar faisnéis a bhaineann leis na cinntí sin sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 142(1). I gcás ina ndéanfar na cinntí sin ar bhonn Airteagal 136(4), beidh an fhaisnéis a bhaineann leis na daoine dá dtagraítear sa mhír sin ina cuid den fhaisnéis a chlárófar sa bhunachar sonraí.

4.   Bunófar an cinneadh daoine nó eintitis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a eisiamh nó pionós airgeadais a fhorchur ar fhaighteoir ar bhreithiúnas deiridh nó, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 136(1), ar chinneadh riaracháin críochnaitheach, nó ar réamhaicmiú sa dlí a rinne an painéal dá dtagraítear in Airteagal 143 sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 136(2) chun a áirithiú go ndéanfar measúnú láraithe ar na cásanna sin. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 141(1), déanfaidh an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach rannpháirtí a dhiúltú i gcás nós imeachta um dhámhachtain ar leith.

Gan dochar d'Airteagal 136(5), féadfaidh an t‑oifigeach údarúcháin cinneadh a dhéanamh rannpháirtí nó faighteoir a eisiamh agus/nó pionós airgeadais a fhorchur ar fhaighteoir agus féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh an fhaisnéis lena mbaineann a fhoilsiú, ar bhonn réamhaicmiú amhail dá dtagraítear in Airteagal 136(2), ach moladh a fháil roimh ré ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 143.”

II. An Rialachán a chonspóidtear

16

Is léir ó bhrollach an Rialacháin a chonspóidtear gur glacadh an Rialachán sin ar bhonn “[CFAE], agus go háirithe pointe (a) d’Airteagal 322(1)” agus “[CEFA], agus go háirithe Airteagal 106a de”.

17

Luaitear in aithrisí 2, 3, 5 go 10, 12 go 16, 18 go 20 agus 26 den Rialachán a chonspóidtear:

“(2)

Sna conclúidí uaithi an 21 Iúil 2020, dúirt an Chomhairle Eorpach go bhfuiltear chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta atá leabaithe sna Conarthaí, go háirithe na luachanna a leagtar amach in Airteagal 2 CAE. Ina theannta sin, chuir sí i dtreis go láidir a thábhachtaí atá sé leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus a thábhachtaí atá sé an smacht reachta a urramú.

(3)

Leis an smacht reachta, ceanglaítear go gníomhaíonn na cumhachtaí poiblí uile laistigh de na srianta atá leagtha amach le dlí, i gcomhréir le luachanna an daonlathais agus le hurraim na gceart bunúsach, mar a shonraítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’) agus in ionstraimí eile is infheidhme, agus faoi rialú ag cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta. Ceanglaítear leis, go háirithe, go ndéanfar prionsabail na dlíthiúlachta [(breithiúnas an 29 Aibreán 2004, an Coimisiún v CAS Succhi di Frutta, C‑496/99 P, EU:C:2004:236, mír 63)], arb é a thugtar le tuiscint léi gurb ann do phróiseas déanta dlí trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolraíoch; prionsabal na deimhneachta dlíthiúla [(breithiúnas an 12 Samhain 1981, Meridionale Industria Salumi agus páirtithe eile, 212/80 go 217/80, EU:C:1981:270, mír 10)], prionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin [(breithiúnas an 21 Meán Fómhair 1989, Hoechst v an Coimisiún, 46/87 agus 227/88, EU:C:1989:337, mír 19)], prionsabal na cosanta éifeachtaí breithiúnaí, lena n‑áirítear an rochtain ar cheartas, ag cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta ([breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, míreanna 31, 40 agus 41, agus an 25 Iúil 2018, Minister for Justice and Equality (Easnaimh sa chóras breithiúnach), C‑216/18 PPU, EU:C:2018:586, míreanna 63 go 67)], agus prionsabal scaradh na gcumhachtaí [(breithiúnais an 22 Nollaig 2010, DEB, C‑279/09, EU:C:2010:811, mír 58; an 10 Samhain 2016, Poltorak,C‑452/16 PPU, EU:C:2016:858, mír 35; agus an 10 Samhain 2016, Kovalkovas, C‑477/16 PPU, EU:C:2016:861, mír 36) a urramú [(Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Creat AE nua chun an Smacht Reachta a neartú”, COM(2014) 158 final, Iarscríbhinn I)].

[...]

(5)

A luaithe a thagann tír is iarrthóir chun bheith ina Ballstát, bíonn an tír sin rannpháirteach i struchtúr dlí atá bunaithe ar an réamhleagan bunúsach gur comhluachanna ag na Ballstát uile eile na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, agus aithníonn sé go gcomhroinneann siad iad leis, mar a luaitear in Airteagal 2 CAE. Leis an réamhleagan sin, tugtar le tuiscint go bhfuil iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit go ndéanfar na comhluachanna sin a aithint agus, dá bhrí sin, go n-urramófar dlí an Aontais lena ndéantar iad a chur chun feidhme, agus tugann an réamhleagan sin an bonn cirt leis an méid sin [(Tuairim 2/13 (Aontachas an Aontais Eorpaigh le ECHR) an 18 Nollaig 2014, EU:C:2014:2454, mír 168)]. Ba cheart go leanfadh dlíthe agus cleachtais Ballstát de na comhluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chomhlíonadh.

(6)

Cé nach bhfuil aon ordlathas i gceist le luachanna an Aontais, tá urraim don smacht reachta bunriachtanach chun na luachanna bunúsacha eile ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chosaint, luachanna amhail an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus an urraim do chearta an duine. Tá dlúthbhaint idir an urraim don smacht reachta agus an urraim don daonlathas agus do na cearta bunúsacha. Ní féidir daonlathas agus urraim do chearta bunúsacha a bheith ann gan urraim don smacht reachta, agus vice versa.

(7)

Aon uair a chuireann Ballstáit buiséad an Aontais chun feidhme, lena n‑áirítear acmhainní a leithdháiltear trí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh arna bunú de bhun Rialachán (AE) 2020/2094 ([ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO 2020 L 433I, lch. 23)], agus trí iasachtaí agus ionstraimí eile arna ráthú ag buiséad an Aontais, agus gan beann ar an modh cur chun feidhme a úsáideann siad, is réamhchoinníoll bunriachtanach é an urraim don smacht reachta chun prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais atá cumhdaithe in Airteagal 317 [CFAE] a chomhlíonadh.

(8)

Ní féidir le Ballstáit bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú ach amháin má ghníomhaíonn údaráis phoiblí i gcomhréir leis an dlí, má dhéanann seirbhísí imscrúdaitheacha agus seirbhísí ionchúisimh cásanna calaoise, lena n‑áirítear calaois chánach, imghabháil chánach, éilliú, agus coinbhleacht leasa nó sáruithe eile ar an dlí a leanúint go héifeachtach, agus más féidir cinntí treallacha nó neamhdhleathacha údarás poiblí, lena n‑áirítear údaráis forfheidhmithe dlí, a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha agus ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(9)

Ba cheart go ráthófaí neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na breithiúnachta i gcónaí, agus ba cheart do sheirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh a bheith in ann a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go cuí. Ba cheart acmhainní agus nósanna imeachta leordhóthanacha airgeadais agus daonna a bhronnadh ar an mbreithiúnacht, agus ar sheirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh le gníomhú go héifeachtach agus ar shlí ina dtugtar lánurraim don cheart chun triail chóir, lena n‑áirítear an urraim ar na cearta chun cosanta. Ba cheart breithiúnais chríochnaitheacha a chur chun feidhme go héifeachtach. Tá na coinníollacha sin de dhíth mar ráthaíocht íosta i gcoinne cinntí neamhdhleathacha treallacha de chuid údaráis phoiblí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais.

(10)

Glactar leis go háirithe, má tá an bhreithiúnacht neamhspleách, go bhfuil an comhlacht breithiúnach lena mbaineann in ann a fheidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú faoi na rialacha ábhartha agus sa chleachtas araon, ar bhealach iomlán neamhspleách, gan a bheith faoi réir ag aon srian ordlathais ná a bheith ina thánaiste ag aon chomhlacht eile, agus gan orduithe ná treoracha a ghlacadh ó aon fhoinse ar chor ar bith, go bhfuil cosaint aige dá bharr ar idirghabhálacha seachtracha nó brú seachtrach a d’fhéadfadh bac a chur ar bhreithiúnas neamhspleách a chomhaltaí agus tionchar a imirt ar a gcinntí. Le ráthaíochtaí maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht, tá rialacha de dhíth, go háirithe maidir le comhdhéanamh an chomhlachta agus maidir le ceapachán, fad seirbhíse agus forais lena chomhaltaí a dhiúltú agus a chur as oifig, chun deireadh a chur le haon dabht réasúnach in intinn daoine aonair maidir leis an gcomhlacht sin a bheith beag beann ar thosca seachtracha agus maidir lena neodracht i ndáil leis na leasanna a thugtar os a chomhair.

[...]

(12)

Le hAirteagal 19 CAE, ina léirítear go nithiúil an luach atá leis an smacht reachta a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, ceanglaítear ar Bhallstáit cosaint dlí éifeachtach a sholáthar sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais, lena n‑áirítear na réimsí sin a bhfuil baint acu le buiséad an Aontais a chur chun feidhme. Is é croí an smachta reachta an t‑athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, atá ceaptha chun comhréireacht le dlí an Aontais a áirithiú, a bheith ann, agus tá cúirteanna neamhspleácha de dhíth chuige sin [(breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, míreanna 32 go 36)]. Tá sé bunriachtanach neamhspleáchas na gcúirteanna a choinneáil, mar atá dearbhaithe sa dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt ([breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, míreanna 40 agus 41]). Is fíor an méid sin, go háirithe, don athbhreithniú breithiúnach ar bhailíocht beart, conarthaí nó ionstraimí eile a n‑eascraíonn caiteachas poiblí nó fiachas poiblí astu, inter alia i gcomhthéacs nósanna imeachta um sholáthar poiblí a fhéadfar a thabhairt os comhair na gcúirteanna freisin.

(13)

Dá bhrí sin, tá gaol soiléir idir an urraim don smacht reachta agus cur chun feidhme éifeachtúil bhuiséad an Aontais i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.

(14)

D’fhorbair an tAontas ionstraimí agus próisis éagsúla lena gcuirtear chun cinn an smacht reachta agus a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear tacaíocht airgeadais le haghaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, Sásra Eorpach an Smachta Reachta agus Scórchlár Ceartais AE, agus is leo sin a thugtar freagairt éifeachtach ó institiúidí de chuid an Aontais ar sháruithe ar an smacht reachta trí imeachtaí um shárú agus an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE. Comhlánaítear na hionstraimí sin leis an sásra dá bhforáiltear sa Rialachán seo trí bhuiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta lena ndéantar difear dá bhainistíocht f[h]ónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

(15)

Sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, go háirithe sáruithe lena ndéantar difear d’fheidhmiú cuí údarás poiblí agus d’athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, is féidir leo dochar tromchúiseach a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais. Is amhlaidh atá i gcás sáruithe aonair ar phrionsabail an smachta reachta agus is fíor sin murab ionann agus riamh i gcás sáruithe forleathana nó a tharlaíonn mar gheall ar chleachtais nó neamhghníomhartha a dhéanann údaráis phoiblí, nó mar gheall ar bhearta ginearálta arna nglacadh ag údaráis den sórt sin.

(16)

Tá measúnú cáilíochtúil críochnúil ón gCoimisiún de dhíth chun na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a shainaithint. Ba cheart an measúnú sin a bheith oibiachtúil, neamhchlaonta agus cothrom agus ba cheart go gcuirfí san áireamh leis faisnéis ábhartha ó na foinsí atá ar fáil agus ó institiúidí aitheanta, lena n‑áirítear breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tuarascálacha ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, an Tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta agus Scórchlár Ceartais AE, tuarascálacha na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise (OLAF), tuarascálacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) de réir mar is ábhartha, agus conclúidí agus moltaí ó eagraíochtaí agus líonraí idirnáisiúnta ábhartha, lena n‑áirítear comhlachtaí de chuid Chomhairle na hEorpa amhail Grúpa Stát na hEorpa i gcoinne Éillithe (GRECO) agus Coimisiún na Veinéise, go háirithe seicliosta an smachta reachta dá chuid, agus líonraí Eorpacha na gcúirteanna uachtaracha agus na gcomhairlí a bhíonn ag an mbreithiúnacht. Bheadh an Coimisiún in ann dul i gcomhairle le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus le Coimisiún na Veinéise dá mba ghá chun críocha measúnú cáilíochtúil críochnúil a dhéanamh.

[...]

(18)

Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal na comhréireachta agus na bearta atá le glacadh á gcinneadh, agus aird chuí á tabhairt go háirithe ar thromchúis na staide, an méid ama atá imithe thart ó thosaigh an t‑iompar ábhartha, an fad a mhair an t‑iompar agus a mhinice a tharla sé arís, an méid a bhí ar intinn, leibhéal an chomhoibrithe ón mBallstát lena mbaineann chun deireadh a chur le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, agus na héifeachtaí ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais.

(19)

Tá sé bunriachtanach leasanna dlisteanacha faighteoirí agus tairbhithe deiridh a choimirciú go cuí nuair a dhéantar bearta a ghlacadh i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta. Agus breithniú á dhéanamh ar ghlacadh beart, ba cheart don Choimisiún an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar fhaighteoirí agus tairbhithe deiridh a chur san áireamh. Agus é á chur san áireamh go bhfuil íocaíochtaí bainistíochta roinnte ón gCoimisiún chuig na Ballstáit neamhspleách ó thaobh dlí de ar íocaíochtaí a dhéanann údaráis náisiúnta le tairbhithe, níor cheart a mheas go ndéanann bearta iomchuí arna nglacadh faoin Rialachán seo difear d’infhaighteacht an chistithe le haghaidh íocaíochtaí le tairbhithe de réir na [sprioc-amanna] íocaíochta a leagtar amach faoi na rialacha earnáilsonracha agus airgeadais is infheidhme. Na cinntí a ghlactar faoin Rialachán seo agus na hoibleagáidí i leith faighteoirí nó tairbhithe deiridh a leagtar amach sa Rialachán seo is cuid iad de dhlí infheidhme an Aontais i ndáil le cistiú a chur chun feidhme i mbainistíocht roinnte. Ba cheart do na Ballstáit a mbaineann na bearta leo tuairisciú go rialta don Choimisiún maidir lena n‑oibleagáidí i leith faighteoirí nó tairbhithe deiridh a bheith á gcomhlíonadh acu. Trí thuairisciú ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí íocaíochta i leith tairbhithe a leagtar amach sna rialacha earnáilsonracha agus airgeadais is infheidhme, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a fhíorú nach mbeidh tionchar ag cinntí a dhéanfar faoin Rialachán seo, ar aon bhealach, go díreach nó go hindíreach, ar na híocaíochtaí a bheidh le déanamh faoi na rialacha [earnáilsonracha] agus airgeadais is infheidhme.

Chun an chosaint a thugtar d’fhaighteoirí nó tairbhithe deiridh a threisiú, ba cheart don Choimisiún faisnéis agus treoir a sholáthar trí shuíomh gréasáin nó tairseach idirlín, chomh maith le huirlisí leormhaithe chun an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon sárú ar an oibleagáid dhlíthiúil atá ar eintitis rialtais agus ar na Ballstáit leanúint d’íocaíochtaí a dhéanamh tar éis glacadh bearta de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún obair leantach a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis sin chun a fhíorú ar urramaíodh na rialacha is infheidhme, go háirithe [Airteagal 69, pointe (b) d’Airteagal 74(1) agus Airteagal 104 de Rialachán (AE) 2021/1060] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an 24 Meitheamh 2021] lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí ([IO 2021 L 231, lch. 159]). I gcás inar gá, chun a áirithiú go n‑íocfar aon mhéid atá dlite ag eintitis rialtais nó ag Ballstáit go héifeachtach le faighteoirí nó tairbhithe deiridh, ba cheart don Choimisiún íocaíochtaí a rinneadh a aisghabháil, nó de réir mar is iomchuí, ceartú airgeadais a dhéanamh trí thacaíocht ón Aontais do chlár a laghdú i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha agus airgeadais is infheidhme.

(20)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo agus i bhfianaise a thábhachtaí agus atá éifeachtaí airgeadais na mbeart arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle, ar cheart di gníomhú ar bhonn togra ón gCoimisiún.

[...]

(26)

Maidir leis an nós imeachta lena nglacfar agus lena mbainfear na bearta, [ba] cheart prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh‑idirdhealaithe agus na córa comhionainne i leith na mBallstát a urramú, agus ba cheart an nós imeachta a dhéanamh de réir cur chuige neamhpháirteach fianaisebhunaithe. Má mheasann an Ballstát lena mbaineann, go heisceachtúil, gurb ann do sháruithe tromchúiseacha ar na prionsabail sin, féadfaidh sé a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí an t‑ábhar a chur faoi bhráid na chéad Chomhairle Eorpaí eile. In imthosca eisceachtúla den sórt sin, níor cheart aon chinneadh a dhéanamh a bhaineann leis na bearta go dtí go mbeidh an t‑ábhar pléite ag an gComhairle Eorpach. De ghnáth, ní thógfaidh an próiseas sin níos faide ná trí mhí ón tráth a mbeidh an Coimisiún tar éis a thogra a chur faoi bhráid na Comhairle.”

18

Foráiltear le hAirteagal 1 den Rialachán a chonspóidtear:

“Bunaítear leis an Rialachán seo na rialacha atá riachtanach chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sna Ballstáit.”

19

Foráiltear le hAirteagal 2 den Rialachán sin:

“Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

tagraíonn ‘an smacht reachta’ do luach an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE. Áirítear leis prionsabail na dlíthiúlachta, lena dtugtar le tuiscint gurb ann do phróiseas reachtóireachta trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolraíoch; prionsabal na deimhneachta dlíthiúla; prionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin; cosaint éifeachtach bhreithiúnach, lena n‑áirítear rochtain ar an gceartas, ag cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta, maidir le cearta bunúsacha freisin; prionsabal scaradh na gcumhachtaí; agus prionsabal an neamh‑idirdhealaithe agus an chomhionannais faoin dlí. Tuigfear an smacht reachta ag féachaint do luachanna agus prionsabail eile an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE.

(b)

ciallaíonn ‘eintiteas rialtais’ aon údarás poiblí ar aon leibhéal rialtais, lena n‑áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le heagraíochtaí de chuid na mBallstát de réir bhrí phointe 42 d’Airteagal 2 [den Rialachán Airgeadais].”

20

Foráiltear le hAirteagal 3 den Rialachán a chonspóidtear, dar teideal “Sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta”, mar a leanas:

“Chun críocha an Rialacháin seo, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ina léirithe táscacha ar sháruithe ar phrionsabail an smacht reachta:

(a)

neamhspleáchas na breithiúnachta a chur i mbaol;

(b)

mainneachtain cinntí treallacha nó neamhdhleathacha ag údaráis phoiblí, lena n‑áirítear cinntí údarás forfheidhmithe dlí, a chosc, a cheartú nó a smachtbhannú, acmhainní airgeadais agus daonna a choinneáil siar a dhéanann difear dá bhfeidhmiú cuí nó mainneachtain a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann;

(c)

teorainn a chur le hinfhaighteacht agus éifeachtacht leigheasanna dlí, lena n‑áirítear trí rialacha nós imeachta sriantacha, agus easpa cur chun feidhme breithiúnas, nó teorainn a chur le himscrúdú, ionchúiseamh nó smachtbhannú éifeachtach ar sháruithe ar an dlí.”

21

Foráiltear le hAirteagal 4 den Rialachán a chonspóidtear, dar teideal “Coinníollacha maidir le bearta a ghlacadh”, mar a leanas:

“1.   Déanfar bearta iomchuí i gcás ina suitear i gcomhréir le hAirteagal 6 go ndéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát difear – ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear – do phrionsabail [bainistíochta fónta airgeadais] bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, bainfidh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta le ceann nó níos mó acu seo a leanas:

(a)

feidhmiú cuí na n‑údarás a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme, lena n‑áirítear iasachtaí agus ionstraimí eile arna ráthú ag buiséad an Aontais, go háirithe i gcomhthéacs an tsoláthair phoiblí nó nósanna imeachta deontais;

(b)

feidhmiú cuí na n‑údarás a dhéanann rialú airgeadais, faireachán agus iniúchtaí, agus feidhmiú cuí córas éifeachtach trédhearcach bainistithe airgeadais agus cuntasachta;

(c)

feidhmiú cuí seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí i ndáil le calaois, lena n‑áirítear calaois chánach, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais nó le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, a imscrúdú agus a ionchúiseamh;

(d)

athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha ar ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhartha na n‑údarás dá dtagraítear i bpointe (a), (b) agus i bpointe (c);

(e)

cosc ar chalaois, lena n‑áirítear calaois chánach, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais nó le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chosc agus a smachtbhannú, agus forchur pionós éifeachtach athchomhairleach ar fhaighteoirí ag cúirteanna náisiúnta nó ag údaráis riaracháin;

(f)

gnóthú cistí a íocadh go mícheart;

(g)

an comhar éifeachtach tráthúil le OLAF agus, faoi réir rannpháirtíocht an Bhallstáit lena mbaineann, le OIPE sna himscrúduithe nó ionchúisimh a dhéanann siad de bhun na [ngníomhartha] ábhartha de chuid an Aontais, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis;

(h)

staideanna nó iompar eile ag údaráis is ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais ar bhuiséad an Aontais, nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.”

22

Foráiltear in Airteagal 5(1) go (4) den Rialachán sin, dar teideal “Bearta chun buiséad an Aontais a chosaint”, mar a leanas:

“1.   Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Rialachán seo, agus de réir, féadfar ceann amháin nó níos mó de na bearta iomchuí seo a leanas a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo:

(a)

i gcás ina gcuireann an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme faoin mbainistíocht dhíreach nó indíreach de bhun phointe (a) agus phointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, agus i gcás inarb eintiteas rialtais an faighteoir:

(i)

íocaíochtaí nó cur chun feidhme an ghealltanais dhlíthiúil a chur ar fionraí nó an gealltanas dlíthiúil a fhoirceannadh de bhun Airteagal 131(3) den Rialachán Airgeadais;

(ii)

toirmeasc ar ghealltanais dhlíthiúla nua a dhéanamh;

(iii)

eisíocaíochtaí tráthchodanna, nó aisíoc luath iasachtaí a ráthaítear le buiséad an Aontais a chur ar fionraí ina n‑iomláine nó i bpáirt;

(iv)

an buntáiste eacnamaíoch faoi ionstraim arna ráthú le buiséad an Aontais a chur ar fionraí nó a laghdú;

(v)

toirmeasc ar chomhaontuithe nua a dhéanamh maidir le hiasachtaí nó ionstraimí eile a ráthaítear le buiséad an Aontais;

(b)

i gcás ina gcuireann an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme faoin mbainistíocht roinnte leis na Ballstáit de bhun phointe (b) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais:

(i)

formheas ceann amháin nó níos mó de na cláir a chur ar fionraí nó leasú a dheanamh ar an bhfionraí sin;

(ii)

gealltanais a chur ar fionraí;

(iii)

gealltanais a laghdú, lena n‑áirítear trí cheartuithe airgeadais nó aistrithe chuig cláir chaiteachais eile;

(iv)

réamh-mhaoiniú a laghdú;

(v)

sprioc-amanna íocaíochtaí a bhriseadh;

(vi)

íocaíochtaí a chur ar fionraí.

2.   Mura bhforáiltear dá mhalairt sa chinneadh lena nglactar na bearta, ní dhéanfaidh forchur beart iomchuí difear d’oibleagáidí na n‑eintiteas rialtais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 ná d’oibleagáidí Ballstát dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 an clár nó an ciste dá ndéanann an beart difear a chur chun feidhme, agus go háirithe a n‑oibleagáidí i leith na bhfaighteoirí nó na dtairbhithe deiridh, lena n‑áirítear an oibleagáid atá orthu íocaíochtaí a dhéanamh faoin Rialachán seo agus faoi na rialacha earnáilsonracha nó airgeadais is infheidhme. Agus cistí de chuid an Aontais faoi bhainistíocht roinnte á gcur chun feidhme acu, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún ar a mhéid a chomhlíonann siad na hoibleagáidí sin gach trí mhí ó ghlacadh na mbeart sin.

Fíoróidh an Coimisiún ar comhlíonadh an dlí is infheidhme agus, i gcás inar gá, déanfaidh sé na bearta iomchuí uile chun buiséad an Aontais a chosaint, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha agus airgeadais.

3.   Beidh na bearta a dhéanfar comhréireach. Cinnfear iad i bhfianaise thionchair iarbhír nó fhéideartha na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais. Tabharfar aird chuí ar chineál, fad, tromchúis agus raon feidhme na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta. Díreofar na bearta, a mhéid is féidir, ar na gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a ndearna na sáruithe difear dóibh.

4.   Déanfaidh an Coimisiún faisnéis agus treoir a chur ar fáil chun leas faighteoirí nó tairbhithe deiridh maidir leis na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit dá dtagraítear i mír 2 trí shuíomh gréasáin nó tairseach idirlín. Cuirfidh an Coimisiún uirlisí leormhaithe ar fáil freisin, ar an suíomh gréasáin nó an tairseach idirlín céanna, d’fhaighteoirí agus tairbhithe deiridh chun an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon sárú ar na hoibleagáidí sin a dhéanfaidh difear do na faighteoirí nó tairbhithe deiridh sin, dar leo. Cuirfear an mhír seo i bhfeidhm ar bhealach lena n‑áirithítear cosaint na ndaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO 2019 L 305, lch. 17)]). Ag gabhail leis an bhfaisnéis a sholáthróidh na faighteoirí nó tairbhithe deiridh i gcomhréir leis an mír seo beidh cruthúnas go ndearna an faighteoir nó tairbhí deiridh lena mbaineann gearán foirmiúil a thaisceadh le húdarás ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann.”

23

Foráiltear le hAirteagal 6 den Rialachán sin, dar teideal “An nós imeachta”, mar a leanas:

“1.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil forais réasúnacha aige lena mheas gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4 agus mura mbreithneoidh sé go gceadófaí leis na nósanna imeachta eile a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais buiséad an Aontais a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí, seolfaidh sé fógra i scríbhinn chuig an mBallstát lena mbaineann, ina leagfar amach na heilimintí fíorasacha agus na forais shonracha ar ar bhunaigh sé a thorthaí. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi aon fhógra den sórt sin agus faoina bhfuil ann.

2.   I bhfianaise na faisnéise a gheofar de bhun mhír 1, féadfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt don Choimisiún chuig dialóg struchtúrtha maidir lena thorthaí.

3.   Agus measúnú á dhéanamh aige cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil ó na foinsí a chur san áireamh, lena n‑áirítear cinntí, conclúidí agus moltaí ó institiúidí an Aontais agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ó institiúidí aitheanta eile.

4.   Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise a iarraidh atá de dhíth air chun an measúnú dá dtagraítear i mír 3 a dhéanamh, [sula] ndéanfaidh sé an fógra i scríbhinn a sheoladh de bhun mhír 1 agus dá éis.

5.   Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis atá de dhíth agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí a leagtar amach san fhógra dá dtagraítear i mír 1 laistigh de theorainn ama a bheidh le sonrú ag an gCoimisiún, teorainn arb í a bheidh inti mí amháin ar a laghad agus nach faide í ná 3 mhí ón dáta a dtabharfar fógra faoi na torthaí. Sna barúlacha a thabharfaidh sé uaidh, féadfaidh an Ballstát a mholadh go nglacfaí bearta feabhais chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí a leagtar amach san fhógra ón gCoimisiún.

6.   Agus cinneadh á dhéanamh aige cibé acu a thíolacfaidh nó nach dtíolacfaidh sé togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme maidir leis na bearta iomchuí, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis a gheobhaidh sé agus aon bharúlacha a dhéanfaidh an Ballstát lena mbaineann, chomh maith le leordhóthanacht aon bheart feabhais a mholtar. Déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú laistigh de theorainn ama tháscach aon mhí amháin ón tráth a bhfaighfear aon fhaisnéis nó a bharúlacha ón mBallstát lena mbaineann, nó, nuair nach bhfaightear aon fhaisnéis nó aon bharúlacha, ón tráth a rachaidh an teorainn ama arna socrú i gcomhréir le mír 5 in éag, agus in aon chás laistigh de theorainn réasúnach ama.

7.   I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún togra a dhéanamh de bhun mhír 9, [sula] ndéanfaidh sé amhlaidh, tabharfaidh sé deis don Bhallstát a bharúlacha a thíolacadh, go háirithe ar chomhréireacht na mbeart atá á mbeartú, laistigh de mhí amháin.

8.   Agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhréireacht na mbeart a bheidh le forchur, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar an bhfaisnéis agus an treoir dá dtagraítear i mír 3.

9.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha atá in Airteagal 4 á gcomhlíonadh agus nach dtabharfaidh na bearta feabhais atá molta ag an mBallstát faoi mhír 5, más ann dóibh, aghaidh go leordhóthanach ar na torthaí atá san fhógra ón gCoimisiún, cuirfidh sé togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme maidir leis na bearta iomchuí faoi bhráid na Comhairle laistigh de mhí amháin tar éis barúlacha an Bhallstáit a fháil nó, i gcás nach gcuirtear aon bharúlacha in iúl, gan aon mhoill mhíchuí, i gcás nach bhfaighfear aon bharúlacha, agus in aon chás laistigh de mhí amháin ón teorainn ama arna leagan síos i mír 7. Leagfar amach sa togra na forais shonracha agus an fhianaise shonrach ar ar bhunaigh an Coimisiún a thorthaí.

10.   Glacfaidh an Chomhairle an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo laistigh de mhí amháin tar éis di an togra ón gCoimisiún a fháil. I gcás ina n‑eascróidh imthosca eisceachtúla, féadfar síneadh nach mó ná dhá mhí a chur leis an tréimhse faoi nach mór an cinneadh cur chun feidhme sin a ghlacadh. D’fhonn cinneadh tráthúil a áirithiú, bainfidh an Coimisiún úsáid as na cearta atá aige faoi Airteagal 237 CFAE, i gcás ina measfaidh sé gurb iomchuí sin.

11.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, togra an [Choimisiúin] a leasú agus an téacs leasaithe a ghlacadh tri bhíthin [cinneadh] cur chun feidhme ón gComhairle.”

24

Foráiltear le hAirteagal 7(1) agus (2) den Rialachán a chonspóidtear, dar teideal “Bearta a bhaint”, mar a leanas:

“1.   Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, tráth ar bith, bearta nua feabhais a ghlacadh agus fógra i scríbhinn a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina gcuimseofar fianaise lena thaispeáint nach bhfuil na coinníollacha atá in Airteagal 4 á gcomhlíonadh níos mó.

2.   Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, nó ar a thionscnamh féin agus ar a dhéanaí bliain amháin tar éis don Chomhairle bearta a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú ar an staid sa Bhallstát lena mbaineann agus aird aige ar an bhfianaise a thíolaic an Ballstát lena mbaineann agus, ina theannta sin, ar leordhóthanacht aon bheart nua feabhais arna [ghlacadh] ag an mBallstát lena mbaineann.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha atá in Airteagal 4 á gcomhlíonadh a thuilleadh, cuirfidh sé togra maidir le cinneadh cur chun feidhme lena ndéantar na bearta a glacadh a bhaint faoi bhráid na Comhairle.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an staid ba shiocair le glacadh na mbeart leigheasta i bpáirt, cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle togra maidir le cinneadh cur chun feidhme lena ndéantar na bearta a glacadh a oiriúnú.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún nár leigheasadh an staid ba shiocair le glacadh na mbeart, cuirfidh sé faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann cinneadh réasúnaithe agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas ina leith.

Nuair a thíolacfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra i scríbhinn de bhun mhír 1, tíolacfaidh an Coimisiún a thogra nó glacfaidh sé a chinneadh laistigh de mhí amháin ón tráth a bhfaighidh sé an fógra sin. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin in imthosca lena bhfuil údar cuí, agus sa chás sin cuirfidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an síneadh in iúl don Bhallstát lena mbaineann gan mhoill.

Beidh feidhm de réir analaí ag an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 3, 4, 5, 6, 9, 10 agus 11 d’Airteagal 6, de réir mar is iomchuí.”

III. Éilimh na bpáirtithe agus an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

25

Iarrann an Ungáir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

go príomha, an Rialachán a chonspóidtear a neamhniú;

mar mhalairt air sin, Airteagal 4(1) agus (2)(h), Airteagal 5(2), na habairtí leathdheireanacha agus deireanacha d’Airteagal 5(3) agus Airteagal 6(3) agus (8) den Rialachán sin a neamhniú; agus

a ordú don Pharlaimint agus don Chomhairle na costais a íoc.

26

Ina theannta sin, d’iarr an Ungáir ar an gCúirt, de bhun an tríú mír d’Airteagal 16 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, breithiúnas a thabhairt mar Mhór-Dhlísheomra sa chás seo.

27

Iarrann an Pharlaimint agus an Chomhairle ar an gCúirt an chaingean a dhiúltú agus a ordú don Ungáir na costais a íoc.

28

Le hiarratas an 12 Bealtaine 2021, d’iarr an Pharlaimint go ndéileálfaí leis an gcás seo faoin nós imeachta brostaithe dá bhforáiltear in Airteagal 133 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte. Mar thaca leis an iarratas sin, d’áitigh an Pharlaimint go raibh glacadh an Rialacháin a chonspóidtear ina choinníoll polaitiúil bunriachtanach chun Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO 2020 L 433I, lch. 11) a fhormheas, agus, i bhfianaise na héigeandála eacnamaíche, ní mór na cistí ar fáil faoi phlean téarnaimh COVID-19 dar teideal “Next Generation EU” a chur ar fáil do na Ballstáit laistigh de thréimhsí ama an-ghearr. Shoiléirigh sí ina leith sin, inter alia, i gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Rialachán 2020/2094, nach mór 60 % ar a laghad de na gealltanais dhlíthiúla a dhéanamh roimh an 31 Nollaig 2022 ar a dhéanaí agus nach mór na gealltanais dhlíthiúla ar fad a dhéanamh roimh an 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí. Thairis sin, chuir an Pharlaimint in iúl, tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE Euratom (IO 2020 L 424, lch. 1), go gcuirfeadh an Coimisiún, ó shamhradh na bliana 2022, tús le cistí a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil chun an plean téarnaimh thuasluaite a mhaoiniú. De réir na Parlaiminte, agus cistí an-mhór á bhfáil ar iasacht agus á gcur ar fáil laistigh de thréimhse ama an-ghearr, is cinnte go mbeidh rioscaí ann do bhuiséad an Aontais, dá bhfuil sé beartaithe leis an Rialachán a chonspóidtear a chosaint. Bheadh cosaint den sórt sin tábhachtach, toisc go mbeadh baol ann go mbeadh iarmhairtí diúltacha ann, go háirithe maidir le dlúthpháirtíocht laistigh den Aontas san fhadtéarma, mura ndéanfaí an buiséad sin a chosaint go héifeachtach.

29

Foráiltear le hAirteagal 133(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ar iarratas ón iarratasóir nó ón gcosantóir, go bhféadfadh Uachtarán na Cúirte, tar éis éisteacht leis an bpáirtí eile, leis an mBreitheamh is Rapóirtéir agus leis an Abhcóide Ginearálta, cinneadh a dhéanamh go ndéanfar cás a chinneadh de bhun an nós imeachta brostaithe nuair a éilíonn nádúr an cháis go ndéileálfar leis laistigh d’achar gearr ama.

30

Sa chás seo, ar an 9 Meitheamh 2021, chinn Uachtarán na Cúirte, tar éis éisteacht leis na páirtithe eile, leis an mBreitheamh is Rapóirtéir agus leis an Abhcóide Ginearálta, an t‑iarratas sin a dheonú. Ba é buntábhacht an cháis seo do dhlíchóras an Aontais ba chúis leis an gcinneadh sin, go háirithe a mhéid a bhaineann sé le hinniúlachtaí an Aontais chun a bhuiséad agus a leasanna airgeadais a chosaint i gcoinne éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar sháruithe ar na luachanna in Airteagal 2 CAE.

31

Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 25 Meitheamh 2021, ceadaíodh do Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Éire, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus don Choimisiún idirghabháil a dhéanamh chun tacú le héilimh na Parlaiminte agus na Comhairle.

32

Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an lá céanna, ceadaíodh do Phoblacht na Polainne idirghabháil a dhéanamh chun tacú le héilimh na hUngáire.

33

Le hiarratas an 11 Bealtaine 2021, d’iarr an Chomhairle ar an gCúirt Bhreithiúnais gan a chur san áireamh na sleachta in iarratas na hUngáire agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis, go háirithe Iarscríbhinn A.3, ina dtagraítear do Thuairim Uimh. 13593/18 ó Sheirbhís Dlí na Comhairle an 25 Deireadh Fómhair 2018 faoin togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh a chosaint i gcás easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit [(COM/2018) 324 final), as ar tháinig an Rialachán a chonspóidtear (“Tuairim Dlí Uimh. 13593/18”), nó ina ndéantar ábhar nó réasúnaíocht na tuairime dlí sin a atáirgeadh. An 29 Meitheamh 2021, chinn an Chúirt go bhforchoimeádfaidh sí a breith don bhreithiúnas críochnaitheach.

34

An 7 Meán Fómhair 2021, ag glacadh leis go raibh mórthábhacht ag baint leis an gcás seo, chinn an Chúirt, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, an cás a tharchur chuig an gCúirt iomlán, i gcomhréir leis an mír dheiridh d’Airteagal 16 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

IV. An iarraidh gan sleachta áirithe d’iarratas na hUngáire agus d’Iarscríbhinn A.3 a ghabhann leis a chur san áireamh

A. Argóintí na bpáirtithe

35

Mar thaca lena hiarraidh go ndéanfaí neamhaird de mhíreanna 21, 22, 164 agus 166 d’iarratas na hUngáire agus d’Iarscríbhinn A.3 a ghabhann leis, a mhéid a dtagraítear iontu do Thuairim Dlí Uimh. 13593/18, agus an t‑ábhar á atáirgeadh nó an anailís á léiriú ansin, áitíonn an Chomhairle gur doiciméad inmheánach neamh-rúnaicmithe an tuairim sin atá marcáilte “LIMITE”. Dá réir sin, tá sé cumhdaithe le rúndacht ghairmiúil agus tá a thabhairt ar aird in imeachtaí dlí faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos, go háirithe, in Airteagal 6(2) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle agus i míreanna 20 agus 21 de na treoracha a bhaineann le próiseáil dhoiciméid inmheánacha na Comhairle.

36

De réir Airteagal 6(2) de na Rialacha Nós Imeachta sin, ní fhéadfaidh ach an Chomhairle nó Coreper cóip nó sliocht de dhoiciméid na Comhairle, nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu cheana i gcomhréir le forálacha dhlí an Aontais Eorpaigh a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, a thabhairt ar aird in imeachtaí dlí a údarú. Ina theannta sin, i gcomhréir le míreanna 20 agus 21 de na treoracha sin, níor cheart doiciméad “LIMITE” a phoibliú mura bhfuil cinneadh chuige sin déanta ag oifigeach cuí-údaraithe den Chomhairle, ag riarachán náisiúnta de Bhallstát, tar éis dó dul i gcomhairle le ARC, nó, i gcás inarb iomchuí, ag an gComhairle, i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1049/2001 agus le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.

37

Sa chás seo, áfach, go dtí seo, ní dhearna an Chomhairle, faoi Rialachán Uimh. 1049/2001, ach na chéad ocht mír de Thuairim Dlí Uimh. 13593/18 a phoibliú agus níor thug sí cead don Ungáir é a thabhairt ar aird sna himeachtaí dlí seo.

38

De réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, bheadh sé contrártha le leas an phobail, lena gceanglaítear nach mór do na hinstitiúidí a bheith in ann leas a bhaint as tuairimí a seirbhíse dlí, arna dtabhairt go hiomlán neamhspleách, dá ligfí doiciméid inmheánacha den sórt sin a thabhairt ar aird in imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais gan cead ón institiúid lena mbaineann nó ordú ón gCúirt Breithiúnais maidir leis an tabhairt ar aird sin.

39

Tugann an Chomhairle chun suntais nár thug sí ach rochtain pháirteach ar Thuairim Dlí Uimh. 13593/18 tar éis iarratais arna ndéanamh faoi Rialachán Uimh. 1049/2001 mar gheall ar an riosca go bhféadfadh iarratasóir, in imeachtaí a bhaineann le bailíocht an Rialacháin a chonspóidtear, cur ina coinne na hargóintí a chuir a seirbhís dlí féin in iúl sa Tuairim sin, de shárú ar na ceanglais a bhaineann le triail chóir agus comhionannas arm idir páirtithe in imeachtaí dlí. Mar a tharlaíonn, tháinig na rioscaí sin chun cinn nuair a tionscnaíodh an chaingean seo.

40

Thairis sin, de réir na Comhairle, vótáil an Ungáir i gcónaí, ar bhonn na n-argóintí sin, i bhfabhar na gcinntí lena ndiúltaítear rochtain phoiblí ar Thuairim Dlí Uimh. 13593/18. Má theastaigh ón mBallstát sin go ndéanfaí an Tuairim sin a phoibliú, ba cheart dó iarraidh chuige sin a dhéanamh faoi Rialachán Uimh. 1049/2001 nó údarú a iarraidh i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle agus na treoracha a bhaineann le doiciméid inmheánacha na Comhairle a phróiseáil.

41

Áitíonn an Chomhairle, dá n-údarófaí don Ungáir Tuairim Dlí Uimh. 13593/18 a úsáid sa chás seo, cé nár lean sí an nós imeachta dá bhforáiltear chun na críche sin agus nár cuireadh an cheist faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, go rachfaí timpeall ar na nósanna imeachta dá bhforáiltear le Rialachán Uimh. 1049/2001 agus le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle. Déanann sí tagairt, i ndáil leis sin, do chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais lena gceadaítear iarratais na n‑institiúidí a ndoiciméid inmheánacha a tharraingt as comhad na Cúirte nuair nach bhfuil údarú tugtha acu dá dtabhairt ar aird in imeachtaí, agus measann sí nach féidir, mar thoradh air sin, Tuairim Dlí Uimh. 13593/18 a úsáid sa chás seo.

42

Ina theannta sin, áitíonn an Chomhairle, dá nglacfaí le tabhairt ar aird Thuairim Dlí Uimh. 13593/18 sna himeachtaí seo, go gcuirfí iallach uirthi measúnuithe a dhéanamh, os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ar thuairim a bhí beartaithe le haghaidh úsáid inmheánach agus a thug a seirbhís dlí féin agus an Rialachán a chonspóidtear á dhréachtú, agus go ndéanfaí neamhaird ar na ceanglais maidir le triail chóir agus go gcuirfí isteach ar an bhféidearthacht atá ag an gComhairle tuairimí atá neamhbhalbh, oibiachtúil agus iomlán a fháil.

43

Ar deireadh, de réir chásdlí na Cúirte, cé gur nochtadh Tuairim Dlí Uimh. 13593/18 gan údarú ón gComhairle ar shuíomh gréasáin eagraíocht meán agus, mar sin, gur nochtadh a ábhar don phobal, níl aon tionchar aige sin ar na cúinsí sin. Thairis sin, bheadh an damáiste a dhéanfaí don Chomhairle agus d'institiúidí an Aontais Eorpaigh de bharr úsáid neamhúdaraithe na tuairime dlí sin sna himeachtaí seo i bhfad níos mó ná an damáiste a tharla de thoradh fhoilsiú na tuairime sin sna meáin. Dá gceadófaí don Ungáir dul i muinín na tuairime dlí sin, chuirfí i mbaol an leas poiblí gur cheart na hinstitiúidí a bheith in ann leas a bhaint as tuairimí a seirbhíse dlí go hiomlán neamhspleách agus bhainfí an bonn d’éifeachtacht na nósanna imeachta atá dírithe ar an leas sin a chosaint.

44

Cuireann an Ungáir in aghaidh argóintí na Comhairle.

B. Breithniú na Cúirte

45

Lena hargóintí, áitíonn an Chomhairle, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, gur sháraigh an Ungáir Airteagal 6(2) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, trí thagairt a dhéanamh, i míreanna 21, 22, 164 agus 166 den iarratas agus in Iarscríbhinn A.3 a ghabhann leis, do Thuairim Dlí Uimh. 13593/18 agus trí anailís a dhéanamh ar ábhar na Tuairime sin; ar an dara dul síos, gur sháraigh sí míreanna 20 agus 21 de na treoracha maidir le doiciméid inmheánacha na Comhairle a phróiseáil; ar an tríú dul síos, go ndearna sí neamhaird ar Rialachán Uimh. 1049/2001; ar an gceathrú dul síos, go ndearna sí neamhaird ar an leas poiblí gur cheart an Chomhairle a bheith in ann leas a bhaint as tuairimí a seirbhíse dlí, arna dtabhairt go hiomlán neamhspleách, agus; ar an gcúigiú dul síos, gur chuir sí ar an gComhairle seasamh a thógáil, b’fhéidir, sna príomhimeachtaí maidir le hanailísí a seirbhíse dlí féin, rud a sháródh prionsabal an chomhionannais arm.

46

Maidir leis an líomhain go ndearnadh sárú ar Airteagal 6(2) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, ba cheart a mheabhrú, faoin bhforáil sin, “[go bhféadfadh] an Chomhairle nó Coreper cóip nó sliocht de dhoiciméid ón gComhairle, nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu cheana féin […] a thabhairt ar aird in imeachtaí dlí a údarú” [aistriúchán neamhoifigiúil].

47

I ndáil leis sin, ar dtús, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtagraítear san iarratas agus in Iarscríbhinn A.3 a ghabhann leis do mhíreanna i dTuairim Dlí Uimh. 13593/18 nach iad na hocht mír a rinne an Chomhairle a phoibliú de bhun Rialachán Uimh. 1049/2001, agus, ina dhiaidh sin, nár iarr an Ungáir ar an gComhairle údarú a thabhairt chun cóip nó sleachta den Tuairim sin a thabhairt ar aird in imeachtaí dlí agus, ar deireadh, nár chuir an Ballstát sin cóip den Tuairim sin i gceangal lena hiarratas.

48

Dá réir sin, ní mór a chinneadh cibé ar thug nó nár thug an Ungáir sleachta den Tuairim sin ar aird in imeachtaí, de réir bhrí Airteagal 6(2) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, trí thagairt a dhéanamh ina hiarratas agus in Iarscríbhinn A.3 a ghabhann leis do shleachta de Thuairim Dlí Uimh. 13593/18.

49

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gurb é atá i míreanna 22 agus 164 den iarratas agus sa dara go dtí an seachtú agus an naoú mír d’Iarscríbhinn A.3 ná argóintí de chuid na hUngáire í féin, agus, dar leis an Ungáir, gur léiriú ar an anailís sa tuairim sin atá iontu, agus nach bhfuil, i míreanna 21 agus 166 den iarratas, i gcomhthéacs argóintí na hUngáire í féin chomh maith, ach tagairtí don tuairim sin. Dá bhrí sin, i leith argóintí den sórt sin, i dteannta dearbhuithe maidir le comhchoibhneas le Tuairim Dlí Uimh. 13593/18 agus tagairtí don tuairim sin — nach féidir, dar leis an gComhairle, a gcruinneas a mheas — ní féidir a mheas gur sleachta as an tuairim dlí sin iad.

50

Ar an taobh eile, ní mór a mheas go bhfuil “sliocht” as tuairim dlí, de réir bhrí Airteagal 6(2) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, in Iarscríbhinn A.3 a ghabhann leis an iarratas, a mhéid atá athfhriotal ó Thuairim Dlí Uimh. 13593/18 sa cheathrú mír den Iarscríbhinn sin. Ina theannta sin, is “tabhairt ar aird in imeachtaí dlí” de réir na forála sin sliocht den sórt sin a chur ar fáil in iarscríbhinn i ndoiciméad pléadála.

51

Dá bhrí sin, ceanglaíodh i bprionsabal ar an Ungáir údarú a fháil ón gComhairle, faoi Airteagal 6(2) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, chun an sliocht ó Thuairim Dlí Uimh. 13593/18 atá leagtha amach in Iarscríbhinn A.3 a ghabhann leis an iarratas a thabhairt ar aird os comhair na Cúirte.

52

Chuige sin, cinnte is léir, mar a thugann an Chomhairle le fios, ó chásdlí socair na Cúirte go mbeadh sé contrártha le leas an phobail, lena n‑éilítear go mbeadh na hinstitiúidí in ann leas a bhaint as tuairimí a seirbhíse dlí, arna dtabhairt go hiomlán neamhspleách, dá ligfí go bhféadfaí doiciméid inmheánacha den sórt sin a thabhairt ar aird in imeachtaí os comhair na Cúirte gan cead ón institiúid lena mbaineann nó ordú ón gCúirt maidir leis an tabhairt ar aird sin (ordú an 14 Bealtaine 2019, an Ungáir v an Pharlaimint, C‑650/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:438, mír 8 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus breithiúnas an 31 Eanáir 2020, an tSlóivéin v an Chróit, C‑457/18, EU:C:2020:65, mír 66).

53

Trí thuairim dlí den sórt sin a thabhairt ar aird gan údarú, mar a áitíonn an Chomhairle, cuireann an t‑iarratasóir i gcoinne na hinstitiúide lena mbaineann, in imeachtaí a bhaineann le bailíocht gnímh a chonspóidtear, tuairim a thug a seirbhís dlí féin agus an gníomh sin á dhréachtú. I bprionsabal, dá gceadófaí don iarratasóir seo tuairim dlí ó institiúid a chur os comhair na Cúirte, i gcás nach bhfuil a nochtadh údaraithe ag an institiúid sin, bheadh sé sin contrártha le ceanglais maidir le triail chóir agus b’ionann sin agus dul timpeall ar an nós imeachta atá ann maidir le rochtain a iarraidh ar dhoiciméad den sórt sin, arna bhunú le Rialachán Uimh. 1049/2001 (féach, chuige sin, ordú an 14 Bealtaine 2019, an Ungáir v an Pharlaimint, C‑650/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:438, mír 14 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus breithiúnas an 31 Eanáir 2020, an tSlóivéin v an Chróit, C‑457/18, EU:C:2020:65, mír 68).

54

Ba cheart a chur san áireamh, áfach, prionsabal na trédhearcachta, a chumhdaítear in Airteagal 1 agus Airteagal 10(3) CAE agus in Airteagal 15(1) agus Airteagal 298(1) CFAE, lena ráthaítear, inter alia, go bhfuil an riarachán níos dlisteanaí, níos éifeachtaí agus níos freagraí don saoránach i gcóras daonlathach (féach, chuige sin, ordú an 14 Bealtaine 2019, an Ungáir v an Pharlaimint, C‑650/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:438, mír 13 agus an cásdlí dá dtagraítear). Trí chead a thabhairt d’éagsúlachtaí idir roinnt tuairimí a phlé go hoscailte, cuidíonn an trédhearcacht sin freisin le muinín na saoránach sin a mhéadú (breithiúnas an 4 Meán Fómhair 2018, ClientEarth v an Coimisiún, C‑57/16 P, EU:C:2018:660, mír 75 agus an cásdlí dá dtagraítear).

55

Is fíor nach bhfuil prionsabal na trédhearcachta in ann, ach go heisceachtúil, údar a thabhairt in imeachtaí dlí do nochtadh de dhoiciméad institiúide nach bhfuil rochtain ag an bpobal air agus ina bhfuil tuairim dlí. Sin an fáth ar rialaigh an Chúirt nach bhfuil údar maith ann, mar gheall ar leas sáraitheach poiblí, chun doiciméad ina bhfuil tuairim dlí de chuid institiúide a choimeád i gcás comhaid nuair, ar thaobh amháin, nach mbaineann an tuairim sin le nós imeachta reachtach lena bhfuil gá le trédhearcacht mhéadaithe agus, ar an taobh eile, nach bhfuil de bhuntáiste leis an gcoimeád sin ach go bhfuil an Ballstát lena mbaineann in ann brath ar an gcomhairle dlí sin i gcomhthéacs imeachtaí. Dar leis an gCúirt, is cosúil go bhfuil an tabhairt ar aird de thuairim dlí den sórt sin á treorú ag leasanna an iarratasóra féin chun tacú lena argóint, agus ní ag leas sáraitheach poiblí, amhail an nós imeachta as ar tháinig an gníomh a chonspóidtear a phoibliú (féach, chuige sin, ordú an 14 Bealtaine 2019, an Ungáir v an Pharlaimint, C‑650/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:438, mír 18, agus breithiúnas an 31 Eanáir 2020, an tSlóivéin v an Chróit, C‑457/18, EU:C:2020:65, mír 71).

56

Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara, murab ionann agus na cásanna ba chúis leis an gcásdlí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, go mbaineann Tuairim Dlí Uimh. 13593/18 le nós imeachta reachtach.

57

I ndáil leis sin, mheas an Chúirt, maidir le nochtadh doiciméad ina bhfuil tuairim de sheirbhís dlí de chuid institiúide ar shaincheisteanna dlí a thagann chun cinn le linn na díospóireachta ar thionscnaimh reachtacha, go ndéanfadh sé sin trédhearcacht agus oscailteacht an phróisis reachtaigh a mhéadú agus ceart na saoránach Eorpach chun scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhí mar bhunús le gníomh reachtach a neartú. Bhain an Chúirt as sin nach bhfuil aon ghá ginearálta le rúndacht maidir leis na tuairimí ó sheirbhís dlí na Comhairle a bhaineann le próiseas reachtach agus go bhforchuirtear, i bprionsabal, le Rialachán 1049/2001 oibleagáid iad a nochtadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Iúil 2008, an tSualainn agus Turco v an Chomhairle, C‑39/05 P agus C‑52/05 P, EU:C:2008:374, míreanna 67 agus 68).

58

Is í go díreach trédhearcacht ina leith sin a chuidíonn, trí chead a thabhairt d’éagsúlachtaí idir roinnt tuairimí a phlé go hoscailte, le hamhras a laghdú in aigne na saoránach, ní hamháin maidir le dlíthiúlacht gnímh reachtaigh ar leith ach maidir le dlisteanacht an phróisis reachtaigh ina iomláine freisin (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Iúil 2008, an tSualainn agus Turco v an Chomhairle, C‑39/05 P agus C‑52/05 P, EU:C:2008:374, mír 59), agus a chuidíonn le neartú phrionsabail an daonlathais agus na hurraime do chearta bunúsacha mar atá leagtha síos in Airteagal 6 CAE agus sa Chairt, mar a shonraítear in aithris 2 de Rialachán Uimh. 1049/2001.

59

Ní chuireann an trédhearcacht sin cosc, áfach, ar dhiúltú do thuairim dlí shonrach a nochtadh, ar tuairim dlí í a tugadh i gcomhthéacs próiseas reachtach ar leith ach ag a bhfuil nádúr an-íogair nó raon feidhme an‑leathan a théann thar chomhthéacs an phróisis reachtaigh sin, ar bhonn comhairle dlí a chosaint, agus sa chás sin ní mór don institiúid lena mbaineann cúiseanna mionsonraithe a thabhairt maidir leis an diúltú (breithiúnas an 1 Iúil 2008, an tSualainn agus Turco v an Chomhairle, C‑39/05 P agus C‑52/05 P, EU:C:2008:374, mír 69).

60

Sa chás seo, áfach, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, i míreanna 70 go 72 dá Thuairim, níor léirigh an Chomhairle go bhfuil Tuairim Dlí Uimh. 13593/18 de chineál atá an-íogair nó ag a bhfuil raon feidhme an-leathan a théann thar chomhthéacs an phróisis reachtaigh ábhartha.

61

Dá réir sin, ní chuirtear, le hAirteagal 6(2) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle ná leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 53 den bhreithiúnas seo, cosc ar an Ungáir an Tuairim Dlí sin a nochtadh go hiomlán nó go páirteach ina hiarratas.

62

Cé go bhfuil leas ar leith ag an Ungáir go gcuirfeadh an Chúirt Bhreithiúnais na sleachta faoi dhíospóid ina hiarratas agus in Iarscríbhinn A.3 a ghabhann leis san áireamh, níl an cinneadh sin neamhbhailí. Toisc gur dócha go gcuideodh sé le hamhras a laghdú in aigne na saoránach, ní hamháin maidir le dlíthiúlacht an Rialacháin a chonspóidtear ach maidir le dlisteanacht an phróisis reachtaigh ina iomláine freisin, dá gcuirfeadh san áireamh na sleachta, is ar mhaithe leis an leas sáraitheach poiblí dá dtagraítear i míreanna 58 agus 59 den bhreithiúnas seo é in aon chás.

63

Dá bhrí sin, agus gan aon ghá le rialú a dhéanamh go leithleach ar na pléadálacha maidir le sárú ar mhíreanna 20 agus 21 de na treoracha a bhaineann le doiciméid inmheánacha na Comhairle a phróiseáil, ar Rialachán Uimh. 1049/2001 agus ar phrionsabal an chomhionannais arm, mar ní éireodh leis na pléadálacha sin ar aon nós, ag féachaint do na breithnithe a rinneadh i míreanna 55 go 63 den bhreithiúnas seo, ní mór diúltú, toisc é a bheith gan bhunús, d’iarratas na Comhairle go ndéanfaí neamhaird ar na sleachta in iarratas na hUngáire agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis sin, go háirithe iadsan in Iarscríbhinn A.3, a mhéid a thagraítear iontu do Thuairim Dlí Uimh. 13593/18 agus a hábhar á atáirgeadh nó an anailís atá inti á léiriú.

V. An chaingean

64

Lena caingean, iarrann an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go príomha, go ndéanfar an Rialachán a chonspóidtear a neamhniú agus, mar mhalairt air sin, go ndéanfar Airteagal 4(1), Airteagal 4(2)(h), Airteagal 5(2), an tríú habairt d’Airteagal 5(3), an ceathrú habairt d’Airteagal 5(3) agus Airteagal 6(3) agus (8) den Rialachán sin a neamhniú.

A. An príomhéileamh go ndéanfar an Rialachán a chonspóidtear a neamhniú ina iomláine

65

Mar thaca lena príomhéileamh go ndéanfar an Rialachán a chonspóidtear a neamhniú ina iomláine, braitheann an Ungáir ar thrí phléadáil. Ba cheart an chéad agus an dara pléadáil, lena líomhnaítear, go bunúsach, nach raibh an inniúlacht ag an Aontas Eorpach an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh, a scrúdú ar dtús agus le chéile.

1.   An chéad agus an dara pléadáil, lena líomhnaítear nach raibh an inniúlacht ag an Aontas Eorpach an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh

(a)   Argóintí na bpáirtithe

66

Leis an gcéad phléadáil, maíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, nach bhfuil bunús dlí leis an Rialachán a chonspóidtear. Maidir leis sin, maíonn an Ungáir go n‑údaraítear, le hAirteagal 322(1)(a) agus (b) CFAE, do reachtas an Aontais Eorpaigh “na rialacha airgeadais lena sonrófar go háirithe an gnáthnós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus chun cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh” agus “na rialacha ina bhforálfar do sheiceálacha ar an bhfreagracht atá ar oibreoirí airgeadais, agus go háirithe ar oifigigh um údarú agus ar oifigigh cuntais” a ghlacadh. Chomh maith leis sin, maíonn an Ungáir go bhfuil ar an gComhairle leagan síos, faoi Airteagal 322(2) CFAE, na modhanna agus an nós imeachta atá le húsáid chun ioncam an bhuiséid dá bhforáiltear sna socruithe maidir le hacmhainní dílse an Aontais a chur ar fáil don Choimisiún agus na bearta atá le cur i bhfeidhm chun riachtanais airgid a chomhlíonadh.

67

Bhí na forálacha sin cheana féin, ina n-iomláine nó i bpáirt, mar bhunús dlí do go leor gníomhartha dlíthiúla a bhaineann le buiséad bliantúil an Aontais nó dá chreat airgeadais ilbhliantúil, amhail an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 agus (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (IO 2020 L 130, lch. 1), lena gceadaítear ráta cómhaoinithe eisceachtúil a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs na gcistí struchtúracha agus infheistíochta, nó Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagair (IO 2020 L 437, lch. 30), lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme d’fhonn leigheas dhíobháil na paindéime a chothú agus lena soláthraítear, ar bhonn eisceachtúil, acmhainní breise chun cabhrú leis an gcomhtháthú sóisialta agus leis an téarnamh eacnamaíoch.

68

Dá bhrí sin, maidir leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos sa chéad chuid den Rialachán sin, ar bhealach ginearálta agus cuimsitheach, na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le buiséad an Aontais a bhunú agus a chur chun feidhme agus maidir lena chistí a rialú. Is “rialacha airgeadais” iad na prionsabail agus na nósanna imeachta sin lena leagtar síos na socruithe maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme, de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE. Is amhlaidh atá i gcás Rialachán 2020/558 agus i Rialachán 2020/2221, agus baint iarbhír agus dhíreach ag na rialacha iontu le buiséad an Aontais, leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil agus leis an gcúnamh a chuirtear ar fáil ó chistí éagsúla de chuid an Aontais.

69

Ar an taobh eile, ní féidir a mheas go hoibiachtúil gurb ionann eilimintí bunriachtanacha na bhforálacha sa Rialachán a chonspóidtear, amhail an sainmhíniú ar choincheap an “smachta reachta” nó na slite ina bhféadfaí prionsabail an smachta reachta a shárú, agus rialacha airgeadais lena leagtar síos na socruithe maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme, de réir bhrí na forála sin. Tá mí-oiriúnacht Airteagal 322(1) CFAE mar bhunús dlí leis an Rialachán sin le feiceáil, go háirithe, agus comparáid á déanamh idir na rialacha maidir le coinbhleacht leasa atá sa Rialachán sin agus sa Rialachán Airgeadais faoi seach.

70

I ndáil leis sin, leanann as Airteagal 61 den Rialachán Airgeadais go bhfuil feidhm ag an oibleagáid coinbhleachtaí leasa a sheachaint maidir le gach modh chun cistí an Aontais a chur chun feidhme, lena n‑áirítear maidir le húdaráis na mBallstát atá ag gníomhú i gcur chun feidhme na gcistí sin, agus mar thoradh air sin go gceanglaítear ar na Ballstáit sin rialacha iomchuí chuige sin a ghlacadh. Chun na críche sin, tá rialacha nós imeachta iomchuí sa Rialachán Airgeadais chun deireadh a chur le coinbhleachtaí leasa.

71

Is léir ó Airteagal 3(b) den Rialachán a chonspóidtear go bhféadfadh mainneachtain a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann a bheith ina léiriú ar shárú ar phrionsabail an smachta reachta, cé nach leagtar síos leis an Rialachán sin aon rialacha nós imeachta a bhaineann leis na bearta a d’fhéadfadh na Ballstáit a ghlacadh chun coinbhleachtaí den sórt sin a chosc nó a leigheas. Ceadaítear leis an bhforáil sin, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh i gcoinne na mBallstát maidir le hionchais neamhshonraithe, rud a théann níos faide ná na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán Airgeadais.

72

Go ginearálta, measann an Ungáir nach féidir forálacha an Rialacháin a chonspóidtear a mheas mar rialacha airgeadais lena leagtar síos nós imeachta chun buiséad an Aontais a chur chun feidhme. De réir Airteagal 1, is é cuspóir an Rialacháin sin na rialacha is gá a leagan síos chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát. Chuige sin, sainítear in Airteagal 2 den Rialachán sin coincheap an “smachta reachta” agus leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán sin, mar léiriú, cásanna ina ndéantar sárú ar phrionsabail an smachta reachta. Dá bhrí sin, is iad eilimintí bunriachtanacha an Rialacháin a chonspóidtear ná an sainmhíniú ar choincheap an “smachta reachta” agus na slite ina bhféadfaí an smacht reachta a shárú.

73

Mar sin féin, ní údaraítear, le hAirteagal 322(1)(a) CFAE, don Aontas na cásanna ina sáraítear an smacht reachta a shainiú nó fiú amháin na heilimintí a chomhdhéanann coincheap an “smachta reachta” a leagan síos. Dá bhrí sin, ní hionann an fhoráil sin agus bunús dlí chun sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a scrúdú nó a bhunú nó chun iarmhairtí dlíthiúla a ghabhann le sáruithe den sórt sin a leagan síos, ós rud é nach féidir rialacha den sórt sin a mheas go hoibiachtúil mar rialacha airgeadais lena leagtar síos na socruithe maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme.

74

Ní leor é go bhfuil baint ag na rialacha substainteacha agus na rialacha nós imeachta atá leagtha síos sa Rialachán a chonspóidtear le buiséad an Aontais chun iad a aicmiú mar “rialacha airgeadais”, de réir bhrí Airteagal 322(1) CFAE. Le léirmhíniú ar an gcoincheap “rialacha airgeadais” chomh leathan sin agus go gcumhdaítear leis forálacha an Rialacháin a chonspóidtear, bheadh sé d’éifeacht aige an coincheap sin a fhorleathnú go dtí nach mór dlí an Aontais ina iomláine agus go dtí codanna an-mhór de chórais dlí na mBallstát, ós rud é go mbeadh sé deacair teacht ar fhoráil nach féidir ar a laghad éifeacht indíreach a bheith aici ar acmhainn bhuiséadach de chuid an Aontais.

75

Tá mí-oiriúnacht bhunús dlí an Rialacháin a chonspóidtear mar thoradh freisin ar an bhfíoras nach bhfuil rialacha airgeadais lena gcinntear an nós imeachta chun buiséad an Aontais a chur chun feidhme in Airteagal 5(2) den Rialachán sin. Ní thagann an oibleagáid chun leanúint de chlár ar leith a chur chun feidhme tar éis neamhrialtachtaí, sáruithe nó easnaimh a dhéanann difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais a shainaithint faoi raon feidhme na n-oibleagáidí rialaithe nó iniúchóireachta atá ar na Ballstáit maidir le cur chun feidhme an bhuiséid de bhun Airteagal 317 CFAE, agus níl sí mar thoradh ach an oiread ar na rialacha airgeadais lena leagtar síos na socruithe maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus maidir le cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh, a leagtar síos in Airteagal 322 CFAE, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na prionsabail bhuiséadacha agus, go háirithe, prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe.

76

Ní chuirfí oibleagáid den sórt sin ar na Ballstáit leis na rialacha airgeadais sin leanúint de chlár ar leith a chur chun feidhme tar éis neamhrialtachtaí, sáruithe nó easnaimh a shainaithint. Os a choinne sin, ceadaítear le hAirteagal 322(1)(a) CFAE rialacha airgeadais a ghlacadh, amhail íocaíochtaí le haghaidh clár ar leith a chur ar fionraí, ar rialacha airgeadais iad lena mbeartaítear, go sonrach, go n‑áiritheofar go gcomhlíonfaidh an Ballstát na coinníollacha a leagtar síos leis na rialacha airgeadais ábhartha d’fhonn a áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus go mbainfear amach go héifeachtach cuspóirí an chláir faoi cheist.

77

Bheadh sé contrártha leis an loighic is bun leis na rialacha airgeadais sin dá bhféadfaí, le rialacha airgeadais an Aontais, ceangal a chur ar Bhallstát leanúint de chlár a chur chun feidhme fiú má tá sé tugtha faoi deara ag an gCoimisiún go raibh neamhrialtachtaí ann maidir le cur chun feidhme an chláir sin a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais agus do phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais nó a chuireann baint amach na gcuspóirí arna saothrú i mbaol.

78

Dá bhrí sin, dar leis an Ungáir, ní hé atá i gceist leis an gcuspóir atá á shaothrú, agus oibleagáid den sórt sin á forchur, cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú, ach pionós a ghearradh ar Bhallstát i gcás ina sáraítear prionsabail an smachta reachta, rud nach bhfuil ag luí leis an mbunús dlí a roghnaíodh. Ina theannta sin, bheadh an oibleagáid ar Bhallstát cláir a mhaoiniú go hiomlán óna bhuiséad féin, ar cláir iad nach bhfuil ach solúbthacht theoranta acu maidir lena ndearadh, ina srian ar a cheart a bhuiséad féin a úsáid agus bhunófaí ceanglas ní do bhuiséad an Aontais ach do bhuiséad an Bhallstáit lena mbaineann.

79

Leis an dara pléadáil, maíonn an Ungáir go sáraítear leis an Rialachán a chonspóidtear, ar an gcéad dul síos, Airteagal 7 CAE, ar an dara dul síos, Airteagal 4(1) agus Airteagal 5(2) CAE agus, ar an tríú dul síos, Airteagal 13(2) CAE agus Airteagal 269 CFAE.

80

Maíonn an Ungáir, sa chéad áit, gurb é Airteagal 7 CAE an t‑aon airteagal faoinar féidir a bhunú go bhfuil baol ann go ndéanfadh Ballstát sárú tromchúiseach ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE. Leis an Rialachán a chonspóidtear, bunaítear, i réimse sonrach, nós imeachta comhthreomhar lena bhfuil an cuspóir mar an gcéanna leis an gcuspóir le hAirteagal 7, agus é sin ina shárú ar an bhforáil sin.

81

Maíonn an Ungáir, ar an gcéad dul síos, nach bhforáiltear sna Conarthaí go bhféadfaí Airteagal 7 CAE a chur chun feidhme le gníomhartha reachtacha a bhaineann le breithniú go raibh sárú ann ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE agus leis na hiarmhairtí dlíthiúla a bhí ag an sárú den sórt sin a chinneadh.

82

Ar an dara dul síos, tugtar le tuiscint leis an nós imeachta a leagtar síos leis an Rialachán a chonspóidtear go bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí arna nglacadh ag an gComhairle ar bhonn an Rialacháin sin agus, dá bhrí sin, a mheas ar sháraigh Ballstát prionsabail an smachta reachta, fiú mura dtagann an reachtaíocht náisiúnta nó an cleachtas náisiúnta is cúis leis an sárú sin faoi raon feidhme dhlí an Aontais agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais iad a scrúdú. Agus na Conarthaí á sárú agus, go háirithe, na teorainneacha a leagtar síos in Airteagal 269 CFAE á n‑imchéimniú, déantar leis an Rialachán a chonspóidtear ní hamháin cumhachtaí na Comhairle agus an Choimisiúin a leathnú ach cumhachtaí na Cúirte chomh maith.

83

Ar an tríú dul síos, faoi chóras na gConarthaí, is le hAirteagal 7 CAE amháin a thugtar an chumhacht d’institiúidí an Aontais sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát a scrúdú, a dhearbhú agus, i gcás inarb iomchuí, a phionósú.

84

Ar aon dul leis an bhforáil sin, foráiltear leis an Rialachán a chonspóidtear nach mór don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le trí eilimint sula gcuirfeadh sé a thogra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme faoi bhráid na Comhairle agus go gcaithfidh an Chomhairle trí chinneadh a dhéanamh i ndiaidh a chéile ansin maidir le gach ceann de na heilimintí sin. Ar dtús, ní mór don Choimisiún a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagail 3 agus 4 den Rialachán sin, gur sáraíodh prionsabail an smachta reachta. Ina dhiaidh sin, is gá a scrúdú, i bhfianaise Airteagal 4(1) den Rialachán sin, an bhfuil nasc leordhóthanach ag an sárú sin le buiséad an Aontais nó le cosaint leasanna airgeadais an Aontais. Ar deireadh, ní mór a scrúdú an bhfuil gá ann cinneadh a ghlacadh, faoi Airteagal 5 den Rialachán sin, lena gcinnfear na bearta a mheasfar a bheith riachtanach chun buiséad an Aontais a chosaint.

85

Maidir leis na trí chinneadh sin, tagann an chéad chinneadh agus an tríú cinneadh faoi raon feidhme Airteagal 7 CAE. Tá an cinneadh go ndearnadh sárú ar phrionsabail an smachta reachta, dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3, go substaintiúil díreach mar an gcéanna leis an gcinneadh atá le déanamh ag an gComhairle agus ag an gComhairle Eorpach faoi Airteagal 7(1) agus (2) CAE, cé gurb é atá i gceist le bearta a ghlacadh faoi Airteagal 5 den Rialachán sin ná rogha atá comhthreomhar leis an rogha cearta áirithe an Bhallstáit lena mbaineann a chur ar fionraí, dá bhforáiltear in Airteagal 7(3) CAE, ós rud é go bhféadfadh baint a bheith ag fionraí den sórt sin leis na hacmhainní buiséadacha is iníoctha leis an mBallstát lena mbaineann.

86

Maidir leis an argóint go bhfuil nasc idir na bearta a fhéadfar a ghlacadh faoin Rialachán a chonspóidtear agus an sárú mar cheann de na luachanna atá in Airteagal 2 CAE, tá tacaíocht leis sin in Airteagal 5(3) agus Airteagal 6(8) den Rialachán, óna leanann nach mór cineál, fad, tromchúis agus raon feidhme an tsáraithe ar phrionsabail an smachta reachta agus na foinsí ábhartha a chur san áireamh go cuí agus comhréireacht na mbeart á measúnú. Dá bhrí sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle araon measúnú domhain a dhéanamh an ann do shárú den sórt sin agus cad é méid an tsáraithe sin, cé nach gceadaítear an measúnú sin a dhéanamh ach amháin ar bhonn Airteagal 7 CAE.

87

Maíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go bhforáiltear in Airteagal 7 CAE do nós imeachta pionóis de chineál bunreachtúil atá dírithe ar Bhallstát áirithe. Thairis sin, tá an nós imeachta sin leagtha síos go cuimsitheach ag na Ballstáit, mar chomh-chumhacht den Aontas, sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, mar gheall ar ghné pholaitiúil na réimsí a chumhdaítear leis an nós imeachta sin, réimsí nach gá teacht faoi raon feidhme dhlí an Aontais, amhail na réimsí sin a bhaineann le feidhmiú údaráis agus institiúidí na mBallstát.

88

Deimhnítear carachtar eisiach an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE maidir le sárú ar phrionsabail an smachta reachta i míreanna 18 agus 24 de Thuairim Uimh. 10296/14 ó Sheirbhís Dlí na Comhairle an 27 Bealtaine 2014 maidir le comhoiriúnacht na Teachtaireachta ón gCoimisiún dar teideal “Creat AE nua chun an smacht reachta a neartú” leis na Conarthaí. Cé go bhféachtar leis an Rialachán a chonspóidtear an scrúdú ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta a d’fhéadfadh a bheith ann a nascadh le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, is é an fíorchuspóir atá leis, mar is léir ón meabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún, ar glacadh an Rialachán sin mar thoradh air, scrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail an smachta reachta agus pionóis a ghearradh i gcás ina gcinntear nach gcomhlíonann Ballstát na prionsabail sin.

89

Sa dara háit, maíonn an Ungáir go sáraítear leis an Rialachán a chonspóidtear na prionsabail maidir le hinniúlachtaí a roinnt agus a thabhairt, mar a ráthaítear in Airteagal 4(1) agus in Airteagal 5(2) CAE, ós rud é go gceadaítear leis d’institiúidí an Aontais nithe agus institiúidí náisiúnta nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais a scrúdú. Ní léirítear go soiléir leis an Rialachán sin go bhfuil an scrúdú ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta teoranta do réimsí a thagann faoi inniúlacht an Aontais agus, thairis sin, d’fhéadfadh baint a bheith ag roinnt de na nithe a leagtar amach in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 le sáruithe nach bhfuil teoranta do na réimsí sin.

90

I bhfianaise na bprionsabal maidir le cumhachtaí a roinnt agus a thabhairt, ní féidir a leithéid de scrúdú lasmuigh d’inniúlachtaí an Aontais a dhéanamh ach amháin chun críoch forála dlí príomha, agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos leis sin, amhail Airteagal 7 CAE. Ar an taobh eile, níl foráil den dlí príomha mar bhunús ag an Rialachán a chonspóidtear agus, dá bhrí sin, ní mór a mheas go bhfuil maolú á bhunú leis an Rialachán sin ar an gcóras ginearálta maidir leis na hinniúlachtaí a roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit mar a chumhdaítear sna Conarthaí. Thairis sin, cé nach gcumhdaítear leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7(1) agus (2) CAE ach cásanna ina léirítear go bhfuil baol soiléir ann go ndéanfar sárú tromchúiseach ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE agus gur sárú tromchúiseach leanúnach atá á dhéanamh ar na luachanna sin, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag an nós imeachta dá bhforáiltear leis an Rialachán a chonspóidtear fiú nuair nach sáruithe tromchúiseacha ná leanúnacha iad na sáruithe arna líomhain.

91

Ar deireadh, maíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, cé go bhféadfadh nasc a bheith ag an scrúdú a dhéantar de bhun an Rialacháin a chonspóidtear, ar bhealaí áirithe, le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, ní chiallaíonn sé sin, áfach, gur gá a mheas go dtagann na cásanna arna scrúdú faoi raon feidhme dhlí an Aontais mar gheall ar an nasc sin amháin. Maíonn an Ungáir go ndéantar an anailís ar shárú ar an smacht reachta ag an gcéad chéim den scrúdú, cé nach féidir an nasc le buiséad an Aontais a chruthú ach tar éis dheireadh an dara céim. Dá bhrí sin, leis an Rialachán a chonspóidtear, d’fhéadfaí cinneadh a dhéanamh gur sháraigh Ballstát an smacht reachta i gcásanna nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais.

92

Sa tríú háit, maíonn an Ungáir go sáraítear leis an Rialachán a chonspóidtear an chothromaíocht institiúideach a bhunaítear in Airteagal 7 agus Airteagal 13(2) CAE agus in Airteagal 269 CFAE, chomh maith le cearta an Bhallstáit lena mbaineann a eascraíonn as an gcéad cheann de na forálacha sin.

93

I ndáil leis sin, contrártha le hAirteagal 7 CAE, tugtar leis an Rialachán a chonspóidtear don Choimisiún amháin an ceart tionscnaimh chun a bhreithniú go raibh sárú ar phrionsabail an smachta reachta ann. Maidir le vóta na Comhairle, tá gá le tromlach nach ionann é agus an tromlach dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE. Thairis sin, ní fhoráiltear sa Rialachán sin ach d’oibleagáid an Pharlaimint a chur ar an eolas, cé go ndeonaítear ceart toilithe don Pharlaimint faoi Airteagal 7(1) agus (2) CAE, agus ní thugtar aon chumhacht don Chomhairle Eorpach. Ós rud é go nglactar cinneadh ón gComhairle lena bhforáiltear do bhearta faoin Rialachán a chonspóidtear trí thromlach cáilithe, baintear an bonn de sheasamh an Bhallstáit lena mbaineann sa nós imeachta, go háirithe ós rud é, i gcomhthéacs Airteagal 7(2) agus (3) CAE, go bhfuil cinneadh d’aon toil ón gComhairle Eorpach ag teastáil chun bearta a ghlacadh de bhun na forála sin.

94

Dá bhrí sin, is freagairt é an Rialachán a chonspóidtear ar a bhí ar intinn ag reachtas an Aontais, mar a léirítear sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún, a raibh glacadh an Rialacháin sin mar thoradh air, chun modh “níos éasca”, “níos tapúla” agus “níos éifeachtaí” a chur ar fáil chun sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a shainaithint agus a phionósú. Agus an méid sin á dhéanamh, de mhaolú ar Airteagal 7 CAE, leis an Rialachán sin tugtar cumhachtaí nua don Chomhairle, don Choimisiún agus don Chúirt agus, go háirithe, cuirtear ar chumas na Cúirte, inter alia, de shárú ar Airteagal 269 CFAE, scrúdú a dhéanamh ar thuillteanas cinntí lena gcinntear go raibh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ann. Dá bhrí sin, tá an Rialachán sin contrártha le toil sainráite na mBallstát, mar údair na gConarthaí, dlínse na Cúirte a theorannú do chúrsaí nós imeachta i gcás caingean in aghaidh gníomh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle faoi Airteagal 7 CAE.

95

Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Ríocht na Danmhairge, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na Fraince, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Ríocht na hÍsiltíre, ó Phoblacht na Fionlainne, ó Ríocht na Sualainne agus ón gCoimisiún, na hargóintí sin a dhíospóid.

(b)   Breithniú na Cúirte

96

Lena céad agus dara pléadáil, áitíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go bunúsach, nach féidir, ar thaobh amháin, Airteagal 322(1)(a) CFAE ná aon fhoráil eile de CFAE a bheith ina bhunús dlí iomchuí chun an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh, go háirithe Airteagail 2 go 4 agus 5(2) den Rialachán. Leis sin, ar an taobh eile, áitíonn an Ungáir go ndéantar leis an nós imeachta a thionscnaítear leis an Rialachán sin imchéimniú ar an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE, cé go bhfuil carachtar eisiach aige sin chun na luachanna atá in Airteagal 2 CAE a chosaint, agus go sáraítear leis an teorainn atá le hinniúlachtaí na Cúirte dá bhforáiltear in Airteagal 269 CFAE.

(1) Bunús dlí an Rialacháin a chonspóidtear

97

Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, faoi théarmaí Airteagal 322(1)(a) CFAE, go ndéanfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí, trí bhíthin rialachán, “na rialacha airgeadais lena sonrófar go háirithe an gnáthnós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus chun cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh”.

98

Tá na rialacha sin beartaithe chun rialú a dhéanamh ar gach gné a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais arna chumhdach le Teideal II, dar teideal “Forálacha airgeadais”, de Chuid a Sé de CFAE, a bhaineann le “Forálacha institiúideacha agus airgeadais” agus, dá bhrí sin, ar an gcur chun feidhme sin sa chiall is leithne.

99

Cé go bhfuil Airteagal 322 CFAE i gCaibidil 5, dar teideal “Forálacha coitianta”, de Theideal II, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil tagairt don fhoráil sin in Airteagal 310(2) agus (3) CFAE, atá ag tús Theideal II, sa chéad agus dara mír d’Airteagal 315 agus sa chéad agus dara mír d’Airteagal 316 CFAE, atá i gCaibidil 3 den Teideal sin, dar teideal “Buiséad bliantúil an Aontais”, agus in Airteagal 317 CFAE, atá i gCaibidil 4 den Teideal sin, dar teideal “An buiséad a chur chun feidhme agus a urscaoileadh”.

100

Tá baint ag Airteagail 310 agus 315 go 317 CFAE le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais.

101

Sonraítear in Airteagal 310 CFAE, i mír 1, nach mór gach ioncam agus caiteachas de chuid an Aontais a áireamh i meastacháin a tharraingeofar suas do gach bliain airgeadais agus a thaispeáint sa bhuiséad, agus foráiltear, i mír 3, go bhfuil gá, chun an caiteachas arna thaispeáint sa bhuiséad a chur chun feidhme, le gníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh roimh ré chun bunús dlí a sholáthar dá ghníomhaíocht agus do chur chun feidhme an chaiteachais chomhfhreagraigh i gcomhréir leis an Rialachán dá dtagraítear in Airteagal 322 CFAE, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sa dlí sin. Ar deireadh, ceanglaítear le hAirteagal 310, i mír 5, go ndéanfaí an buiséad sin a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus go gcomhoibreoidh na Ballstáit agus an tAontas chun a áirithiú go n-úsáidfear na leithreasuithe sa bhuiséad i gcomhréir leis an bprionsabal sin.

102

Foráiltear le hAirteagal 315 CFAE, i mír 1, más rud é, i dtosach bliana airgeadais, nach bhfuil an buiséad glactha go cinntitheach fós, go bhféadfar suim nach mó ná an dóú cuid déag de na leithreasaí buiséid don bhliain airgeadais roimhe sin a chaitheamh gach mí i leith aon chaibidil den bhuiséad, de réir fhorálacha na rialachán a bheidh déanta de bhun Airteagal 322 CFAE, ach nach mbeidh an tsuim sin de bhreis ar an dóú cuid déag de na leithreasaí dá bhforáiltear sa chaibidil sin sa dréachtbhuiséad. Baineann Airteagal 316 CFAE le leithreasaí nár úsáideadh ag deireadh na bliana airgeadais a thabhairt ar aghaidh chuig an mbliain airgeadais ina dhiaidh sin.

103

Sonraítear in Airteagal 317 CFAE, go háirithe, go gcuirfidh an Coimisiún an buiséad i ngníomh i gcomhar leis na Ballstáit, i gcomhréir le forálacha na rialachán arna ndéanamh de bhun Airteagal 322 CFAE, ar a fhreagracht féin agus laistigh de theorainneacha na leithreasaí, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Ceanglaítear ar na Ballstáit leis freisin go gcomhoibreoidh siad leis an gCoimisiún chun a áirithiú go n-úsáidfear na leithreasaí i gcomhréir leis an bprionsabal sin agus sonraítear go leagfar síos sna rialachán arna nglacadh de bhun Airteagal 322 CFAE na hoibleagáidí maidir le rialú agus iniúchóireacht a bheidh ar na Ballstáit i gcur chun feidhme an bhuiséid agus na freagrachtaí a bheidh mar thoradh air sin.

104

Leanann as sin go gcumhdaítear leis na rialacha airgeadais lena leagtar síos “go háirithe an gnáthnós imeachta” chun an buiséad a chur chun feidhme agus cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh, de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE arna léamh i bhfianaise na bhforálacha dá dtagraítear i mír 101 den bhreithiúnas, ní hamháin na rialacha lena sainítear an tslí a gcuirtear an caiteachas atá sa bhuiséad sin chun feidhme, ach freisin, go háirithe, na rialacha lena leagtar síos na hoibleagáidí maidir le rialú agus iniúchóireacht atá ar na Ballstáit nuair a chuireann an Coimisiún an buiséad chun feidhme i gcomhar leo, chomh maith leis na freagrachtaí atá ann mar thoradh air sin. Go háirithe, is léir go bhfuil na rialacha airgeadais sin beartaithe, inter alia, lena áirithiú go gcomhlíonfar prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena n‑áirítear ag na Ballstáit, agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme.

105

I bhfianaise na mbreithnithe sin thuasluaite, is gá a scrúdú, sa chás seo, an bhféadfadh Airteagal 322(1)(a) CFAE a bheith ina bhunús dlí iomchuí chun an Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh.

106

I ndáil leis sin, is cásdlí socair é nach mór an rogha maidir le bunús dlí gnímh de chuid an Aontais a bheith bunaithe ar fhachtóirí oibiachtúla a d’fhéadfadh a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach, lena n‑áirítear cuspóir agus ábhar an ghnímh sin (breithiúnais an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑482/17, EU:C:2019:1035, mír 31; an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, mír 38; agus an 8 Nollaig 2020, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑626/18, EU:C:2020:1000, mír 43).

107

Ina theannta sin, chun an bunús dlí iomchuí a chinneadh, féadfar an comhthéacs dlí a bhaineann le rialacha nua a chur san áireamh, go háirithe a mhéid is go bhféadfadh an comhthéacs sin solas a chaitheamh ar an gcuspóir atá á shaothrú leis na rialacha sin (breithiúnais an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑482/17, EU:C:2019:1035, mír 32; an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑620/18, EU:C:2020:1001, mír 39, agus an 8 Nollaig 2020, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑626/18, EU:C:2020:1000, mír 44).

108

Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, maidir leis an gceist an bhfuil an Rialachán a chonspóidtear, ag féachaint dá chuspóir, in ann teacht faoi réim feidhme an bhunúis dlí d’Airteagal 322(1)(a) CFAE, áitíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, gurb é cuspóir deiridh an Rialacháin cead a thabhairt don Choimisiún agus don Chomhairle scrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail an smachta reachta ag na Ballstáit agus, i gcás sáruithe ar na prionsabail sin, pionóis a ghearradh trí bhuiséad an Aontais, ar cuspóir é sin a léirítear freisin sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún ba shiocair le glacadh an Rialacháin sin.

109

I ndáil leis sin, ar dtús, sonraítear in Airteagal 1 den Rialachán a chonspóidtear go mbunaítear leis “na rialacha atá riachtanach chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sna Ballstáit”. Is léir, mar sin, ó théarmaí na forála sin gurb é aidhm an Rialacháin sin buiséad an Aontais Eorpaigh a chosaint ar éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát.

110

Ar an dara dul síos, leanann as léamh ar Airteagal 4(1) agus Airteagal 6(1) den Rialachán a chonspóidtear le chéile nach féidir leis an gCoimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear chun “bearta iomchuí” a ghlacadh chun buiséad an Aontais a chosaint a thionscnamh ach amháin nuair a chinneann sé go bhfuil forais réasúnacha ann chun a mheas ní hamháin go raibh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát ach, thar aon rud eile, go ndéanann na sáruithe sin difear — ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear — do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais.

111

Thairis sin, is léir ó Airteagal 5(1) agus (3) den Rialachán sin gurb éard atá sna bearta iomchuí sin, go bunúsach, ná íocaíochtaí a chur ar fionraí; cur chun feidhme gealltanas dlíthiúil a chur ar fionraí; eisíocaíochtaí tráthchodanna a chur ar fionraí; buntáiste eacnamaíoch faoi ionstraim arna ráthú a chur ar fionraí; formheas clár nó gealltanas a chur ar fionraí; gealltanais dlí a fhoirceannadh; toirmisc ar ghealltanais dhlíthiúla agus comhaontuithe nua a dhéanamh; aisíocaíochtaí luatha d’iasachtaí ráthaithe; buntáiste eacnamaíoch faoi ionstraim ráthaithe, gealltanais nó réamh-mhaoiniú a laghdú; agus sprioc-amanna íocaíochta a bhriseadh; ar bearta iad nach mór a bheith comhréireach, i.e. teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis i bhfianaise thionchair iarbhír nó fhéideartha na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais.

112

Ina theannta sin, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 7(2) den Rialachán a chonspóidtear, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle togra go ndéanfar na bearta a glacadh a chúlghairm i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 4 den Rialachán sin a thuilleadh agus, dá bhrí sin, go háirithe i gcás nach bhfuil baol mór ann a thuilleadh go ndéanfar difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, rud a fhágfaidh, mar sin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 185 dá Thuairim, nach mór na bearta sin a chúlghairm nuair a thagann deireadh leis an tionchar ar chur chun feidhme an bhuiséid, cé go bhféadfadh go bhfuil na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a breithníodh fós ann.

113

Na cineálacha beart a d’fhéadfaí a ghlacadh, na critéir a bhaineann le rogha agus raon feidhme na mbeart sin agus na coinníollacha maidir le glacadh agus cúlghairm na mbeart, sa mhéid is go mbaineann siad go léir le difear nó le baol mór go ndéanfar difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, tacaítear leo leis an gcinneadh go bhfuil an Rialachán a chonspóidtear beartaithe chun buiséad an Aontais a chosaint le linn a chur chun feidhme.

114

Ina theannta sin, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 5(2) den Rialachán a chonspóidtear, arna léamh i bhfianaise Airteagal 5(4) agus aithris 19 den Rialachán sin, nach bhfuil sé beartaithe leis an bhforáil sin, mar a áitíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, pionós a ghearradh ar Bhallstát mar gheall ar shárú ar phrionsabal de chuid an smachta reachta, ach leasanna dlisteanacha na bhfaighteoirí deiridh agus na dtairbhithe a chosaint nuair a ghlactar bearta iomchuí faoin Rialachán sin i leith Ballstáit. Dá bhrí sin, leagtar amach leis an bhforáil sin iarmhairtí beart den sórt sin maidir le tríú páirtithe. Dá réir sin, níl tacaíocht le fáil san fhoráil sin don éileamh go mbeartaítear leis an Rialachán a chonspóidtear ní buiséad an Aontais a chosaint ach pionós a ghearradh mar gheall ar sháruithe ar an smacht reachta i mBallstát.

115

Ar an tríú dul síos, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 130 dá Thuairim, tá tacaíocht ar fáil in aithrisí an Rialacháin a chonspóidtear maidir leis an gcuspóir atá á shaothrú ag an Rialachán sin, agus é sin, mar is léir ó Airteagal 1, buiséad an Aontais a chosaint. Sonraítear in aithris 2 agus 7 go 9, go háirithe, gur dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach nach mór leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcomhréir leis na luachanna atá in Airteagal 2 CAE; gur coinníoll bunriachtanach é, aon uair a chuireann na Ballstáit buiséad an Aontais chun feidhme, an smacht reachta a urramú chun prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais a chumhdaítear in Airteagal 317 CFAE a chomhlíonadh; nach bhféadfaidh na Ballstáit bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú ach amháin má ghníomhaíonn na húdaráis phoiblí i gcomhréir leis an dlí, má dhéantar sáruithe ar an dlí a leanúint go héifeachtach agus más féidir cinntí treallacha nó mídhleathacha údarás poiblí a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach; agus go bhfuil gá le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na breithiúnachta agus na seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh mar ráthaíocht íosta i gcoinne cinntí treallacha agus mídhleathacha údarás poiblí ar dóigh dóibh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais. Sonraítear in aithris 13 den Rialachán sin go bhfuil, dá bhrí sin, sa chomhthéacs seo “gaol soiléir idir an urraim don smacht reachta agus cur chun feidhme éifeachtúil bhuiséad an Aontais i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais”, agus sonraítear in aithris 15 den Rialachán sin maidir le “[s]áruithe ar phrionsabail an smachta reachta, go háirithe sáruithe lena ndéantar difear d’fheidhmiú cuí údarás poiblí agus d’athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, [gur] féidir leo dochar tromchúiseach a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais”.

116

Maidir le haithris 14 den Rialachán a chonspóidtear, cé go sonraítear ann go “[gc]omhlánaítear” na hionstraimí lena gcuirtear chun cinn an smacht reachta agus a chur i bhfeidhm, sonraítear ann freisin go gcuireann an sásra sin leis an gcur chun cinn sin “trí bhuiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta lena ndéantar difear dá bhainistíocht f[h]ónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais”.

117

Ar an gceathrú dul síos, sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann lena thogra ba shiocair le glacadh an Rialacháin a chonspóidtear, maíonn an Coimisiún gur cuireadh in iúl go raibh an mhian ann go ndéanfadh an tAontas idirghabháil chun an smacht reachta a chosaint agus, dá bhrí sin, go nglacfadh an tAontas bearta chun a áirithiú go n‑urramófar é. Mar sin féin, sa mheabhrán míniúcháin sin, thug an Coimisiún údar maith lena thogra faoin ngá atá ann “leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint ar an riosca go mbeadh caillteanas airgeadais ann arb iad easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát”.

118

I bhfianaise na mbreithnithe sin thuasluaite, ní mór a chinneadh, contrártha lena maíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, gurb é cuspóir an Rialacháin a chonspóidtear ná buiséad an Aontais a chosaint ar thionchair a eascraíonn as sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát ar bhealach sách díreach, agus ní pionós a ghearradh ar na sáruithe sin.

119

Tá an cuspóir sin comhsheasmhach leis an gceanglas nach mór buiséad an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, a leagtar síos, go háirithe, in Airteagal 310(5) CFAE, agus an ceanglas sin infheidhme maidir leis na forálacha uile i dTeideal II de Chuid a Sé de CFAE a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus, mar sin, go háirithe, le hAirteagal 322(1)(a) CFAE.

120

Sa dara háit, maidir leis an gceist an féidir leis an Rialachán a chonspóidtear, ag féachaint dá ábhar, teacht faoi raon feidhme an bhunúis dlí d’Airteagal 322(1)(a) CFAE, áitíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go bunúsach, nach féidir é sin a bheith fíor, go háirithe maidir le hAirteagail 2 go 4 agus Airteagal 5(2) den Rialachán sin. Ar an gcéad dul síos, ní féidir le hAirteagal 322(1)(a) CFAE coincheap an “smachta reachta” ná coincheap na “sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta” a shainiú. Ar an dara dul síos, bheadh an nasc idir sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta agus buiséad an Aontais róleathan agus d’fhéadfaí, dá nglacfaí leis sin, aon réimse de dhlí an Aontais agus gnéithe tábhachtacha de chórais dlí na mBallstát a nascadh leis. Ar an tríú dul síos, ní bhaineann Airteagal 5(2) le buiséad an Aontais ná lena chur chun feidhme, ach tagraítear ann do bhuiséid na mBallstát. Ar an gceathrú dul síos, le hAirteagail 2 go 4, ceadaítear d’institiúidí an Aontais scrúdú a dhéanamh ar chásanna agus institiúidí náisiúnta nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais.

121

Maidir leis sin, ar an gcéad dul síos, comhaontaíonn na páirtithe sna himeachtaí go bhféadfadh “sásra coinníollachta”, a chuireann maoiniú a fháil ó bhuiséad an Aontais faoi réir comhlíonadh coinníollacha áirithe, teacht faoi chuimsiú an choincheapa de “rialacha airgeadais” de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE.

122

Cé go measann an Ungáir, áfach, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, nach mór dlúthnasc a bheith idir coinníoll den sórt sin agus ceann de na cuspóirí de chlár nó de ghníomhaíocht shonrach de chuid an Aontais nó le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais, measann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Ríocht na Danmhairge, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na Fraince, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Ríocht na hÍsiltíre, ó Phoblacht na Fionlainne, ó Ríocht na Sualainne agus ón gCoimisiún, go bhféadfadh “coinníollacht chothrománach” a bheith i gceist le sásra den sórt sin, sa chiall is go bhféadfadh an coinníoll i dtrácht a bheith nasctha le luach an smachta reachta a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, nach mór a urramú i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

123

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, faoi Airteagal 2 CAE, ar luachanna, lena n‑áirítear an smacht reachta, ar luachanna is coiteann do na Ballstáit na luachanna sin, agus, i gcomhréir le hAirteagal 49 CAE, go bhfuil urramú na luachanna sin ina réamhchoinníoll maidir le haontachas leis an Aontas d’aon Stát Eorpach ag cur isteach ar bhallraíocht den Aontas. (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus páirtithe eile, C‑357/19, C‑379/19, C‑547/19, C‑811/19 agus C‑840/19, EU:C:2021:1034, míreanna 160 agus 161 agus an cásdlí dá dtagraítear).

124

Mar a leagtar amach in aithris 5 den Rialachán a chonspóidtear, a luaithe is a thagann Stát is iarrthóir chun bheith ina Bhallstát, bíonn an tír sin rannpháirteach i struchtúr dlí atá bunaithe ar an réamhleagan bunúsach gur comhluachanna ag na Ballstát uile eile na luachanna in Airteagal 2 CAE ar a bhfuil an tAontas fothaithe, agus aithníonn sé go gcomhroinneann siad iad leis. Baineann an réamhleagan sin le saintréithe sonracha agus bunriachtanacha dhlí an Aontais, a bhaineann lena nádúr féin agus a eascraíonn as an neamhspleáchas atá ag an dlí sin i ndáil le dlíthe na mBallstát agus leis an dlí idirnáisiúnta. Leis an réamhleagan sin, tugtar le tuiscint go bhfuil iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit go ndéanfar na comhluachanna sin a aithint agus, dá bhrí sin, go n-urramófar dlí an Aontais lena ndéantar iad a chur chun feidhme, agus tugann an réamhleagan sin bonn cirt leis an méid sin (féach, chuige sin, Tuairim 2/13 (Aontachas an Aontais Eorpaigh le ECHR) an 18 Nollaig 2014EU:C:2014:2454, míreanna 166 go 168, agus breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, mír 30, agus an 20 Aibreán 2021, Repubblika, C‑896/19, EU:C:2021:311, mír 62). Soiléirítear san aithris sin freisin gur cheart leanúint de chomhlíonadh na gcomhluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe le dlíthe agus cleachtais na mBallstát.

125

Dá bhrí sin, is coinníoll é go n-urramódh Ballstát na luachanna a leagtar amach in Airteagal 2 CAE d’fhonn leas a bhaint as na cearta go léir a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gConarthaí ar an mBallstát sin (breithiúnais an 20 Aibreán 2021, Repubblika, C‑896/19, EU:C:2021:311, mír 63; an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia Forumul Judecătorilor din România agus páirtithe eile, C‑83/19, C‑127/19, C‑195/19, C‑291/19, C‑355/19 agus C‑397/19, EU:C:2021:393, mír 162; agus an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus páirtithe eile, C‑357/19, C‑379/19, C‑547/19, C‑811/19 agus C‑840/19, EU:C:2021:1034, mír 162). Ní féidir oibleagáid a dhéanamh den urraim do na luachanna sin, arbh oibleagáid é nach mór Stát is iarrthóir a chomhlíonadh chun aontú don Aontas Eorpach, ach a bhfhéadfadh sé neamhaird a dhéanamh air tar éis a aontachais.

126

Tá na luachanna atá in Airteagal 2 CAE sainaitheanta ag na Ballstáit agus comhroinneann siad iad. Sainmhínítear iontu féiniúlacht an Aontais mar dhlíchóras coiteann. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas Eorpach a bheith in ann na luachanna sin a chosaint, laistigh de na teorainneacha dá chumhachtaí a leagtar síos sna Conarthaí.

127

Dá bhrí sin, i gcomhréir le prionsabal na tabhartha cumhachtaí a chumhdaítear in Airteagal 5(2) CAE agus le prionsabal an chomhchuibhis i leith bheartais an Aontais a leagtar síos in Airteagal 7 CFAE, féadfaidh an smacht reachta, comhluach de chuid an Aontais agus na mBallstát atá mar chuid de bhunchlocha an Aontais agus a dhlíchórais, a bheith ina bhunús do shásra coinníollachta a chumhdaítear le coincheap na “rialacha airgeadais” de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE.

128

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go bhfuil buiséad an Aontais ar cheann de na príomhionstraimí lena bhféadfar éifeacht phraiticiúil a thabhairt, i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí an Aontais, do phrionsabal na dlúthpháirtíochta, atá in Airteagal 2 CAE, ar cheann de phrionsabail bhunúsacha dhlí an Aontais é féin é (féach, de réir analaí, breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Ghearmáin v an Pholainn, C‑848/19 P, EU:C:2021:598, mír 38), agus, ar an dara dul síos, go bhfuil cur chun feidhme an phrionsabail sin, trí bhuiséad an Aontais, bunaithe ar iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit as úsáid fhreagrach na n‑acmhainní coiteanna sa bhuiséad. Tá an iontaoibh fhrithpháirteach féin bunaithe, mar a luaitear i mír 125 den bhreithiúnas seo, ar ghealltanas gach Ballstáit a hoibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh agus, mar a luaitear in aithris 5 den Rialachán a chonspóidtear, na luachanna atá in Airteagal 2 CAE, lena n‑áirítear luach an smachta reachta, a urramú go leanúnach.

129

Ina theannta sin, mar a luaitear in aithris 13 den Rialachán a chonspóidtear, tá gaol soiléir idir an urraim do luach an smachta reachta, ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, cur chun feidhme éifeachtúil bhuiséad an Aontais i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais.

130

Go deimhin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí isteach go mór ar an mbainistíocht fhónta airgeadais sin agus na leasanna airgeadais sin mar gheall ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát, ós rud é go bhféadfadh é a bheith de thoradh ar na sáruithe sin, inter alia, nach bhféadfaí a ráthú go gcomhlíonfadh caiteachas atá cumhdaithe ag buiséad an Aontais na coinníollacha maoinithe go léir a leagtar síos le dlí an Aontais agus, dá bhrí sin, go gcomhlíonfadh sé na cuspóirí atá á saothrú ag an Aontas agus an caiteachas sin á mhaoiniú aige.

131

Go háirithe, ní féidir comhlíonadh na gcoinníollacha agus na gcuspóirí sin, mar eilimintí de dhlí an Aontais, a ráthú go hiomlán in éagmais athbhreithniú breithiúnach éifeachtach atá beartaithe chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú, ach tugtar ar aird go bhfuil athbhreithniú den sórt sin, sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais araon, ag cúirteanna agus binsí neamhspleácha, ina ghné dhílis de Stát atá faoi rialú ag an smacht reachta (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus páirtithe eile, C‑357/19, C‑379/19, C‑547/19, C‑811/19 agus C‑840/19, EU:C:2021:1034, míreanna 219 agus 222).

132

Leanann ón méid sin thuasluaite, murab ionann agus a éilíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go bhféadfadh sásra coinníollachta teacht faoi raon feidhme choincheap na “rialacha airgeadais” dá dtagraítear in Airteagal 322(1)(a) CFAE i gcás ina mbunaíonn sí, d’fhonn maoiniú a fháil ó bhuiséad an Aontais, coinníollacht chothrománach, a bhfuil nasc aici le hurraim Bhallstáit do luach an smachta reachta, atá in Airteagal 2 CAE, agus a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais.

133

Le hAirteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear, bunaítear sásra coinníollachta cothrománaí, ós rud é go bhforáiltear leis go ndéanfar bearta iomchuí i gcás ina suitear go ndéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát difear — ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear — do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

134

Leagtar síos go huileghabhálach in Airteagal 5(1) den Rialachán sin na “bearta iomchuí” a d’fhéadfar a ghlacadh; tá achoimre déanta orthu i mír 112 den bhreithiúnas seo, agus baineann siad go léir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais.

135

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar síos in Airteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear, a bhaineann le “sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta”, sonraítear in Airteagal 2(a) den Rialachán sin go bhfuil an coincheap “an smacht reachta” le tuiscint, de réir bhrí an Rialacháin sin, mar “luach an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE” agus go gcumhdaíonn an coincheap prionsabal na dlíthiúlachta, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, prionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin, cosaint éifeachtach bhreithiúnach, prionsabal scaradh na gcumhachtaí agus prionsabal an neamh‑idirdhealaithe agus an chomhionannais faoin dlí. Luaitear san fhoráil chéanna, áfach, go dtuigfear coincheap an “smachta reachta”, mar a shainítear é ar mhaithe le cur i bhfeidhm an Rialacháin a chonspóidtear “ag féachaint do luachanna agus prionsabail eile an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE”. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh urraim do na luachanna agus na prionsabail sin — a mhéid is gur cuid den sainmhíniú ar luach an “smachta reachta” atá in Airteagal 2 CAE iad nó, mar is léir ón dara habairt den Airteagal sin, go bhfuil nasc láidir acu le sochaí a urramaíonn an smacht reachta — ina ceangal i gcomhthéacs sásra coinníollachta cothrománaí, amhail an sásra a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear.

136

Ina theannta sin, is é aidhm Airteagal 3 den Rialachán a chonspóidtear, ina luaitear nithe a d’fhéadfadh a bheith ina léirithe táscacha ar sháruithe ar na prionsabail sin, lena n‑áirítear mainneachtain a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann, cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a éascú, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i míreanna 152 agus 280 dá Thuairim.

137

Leanann ó Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, chun teacht faoin sásra coinníollachta cothrománaí a bhunaítear in Airteagal 4(1), nach mór baint a bheith ag sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta le staideanna nó iompar na n‑údarás a liostaítear i bpointí (a) go (h) d’Airteagal 4(2), a mhéid agus a bhaineann siad le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó le cosaint leasanna airgeadais an Aontais.

138

Dá bhrí sin, is comhghnéithe iad Airteagal 2(a), Airteagal 3, Airteagal 4(2) agus Airteagal 5(1) den Rialachán a chonspóidtear den sásra coinníollachta cothrománaí a bhunaítear in Airteagal 4(1) den Rialachán sin, ina leagtar amach na sainmhínithe is gá dá chur chun feidhme, ina sonraítear a raon feidhme agus ina leagtar síos na bearta is féidir a bheith ann dá réir. Mar sin, is dlúthchuid den sásra na forálacha sin agus, dá bhrí sin, tagann siad faoi choincheap na “rialacha airgeadais”, de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE.

139

Ar an dara dul síos, ní chuirtear an breithniú sin ó bhail mar gheall ar argóint na hUngáire, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go gceadaítear d’institiúidí an Aontais le hAirteagail 2 go 4 den Rialachán a chonspóidtear staideanna sna Ballstáit nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais a scrúdú.

140

Go deimhin, mar a shonraítear i mír 111 den bhreithiúnas seo, is léir, agus Airteagal 4(1) agus Airteagal 6(1) den Rialachán a chonspóidtear á léamh le chéile, nach féidir leis an gCoimisiún tús a chur leis an nós imeachta a leagtar síos chun “bearta iomchuí” a ghlacadh chun buiséad an Aontais a chosaint ach amháin i gcás ina measann sé go bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas ní hamháin go raibh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ann i mBallstát, ach go ndéanann na sáruithe sin difear — ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear — do phrionsabail bainistíochta fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

141

Ina theannta sin, mar a luaitear i mír 138 den bhreithiúnas seo, leanann as Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear nach mór, d’fhonn teacht faoin sásra coinníollachta cothrománaí a leagtar amach in Airteagal 4(1), go mbainfeadh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta leis na staideanna nó iompar ag údaráis i bpointe (a) go (h) d’Airteagal 4(2), a mhéid agus a bhaineann siad le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó le cosaint leasanna airgeadais an Aontais.

142

Féadfar an ábharthacht sin a thoimhdiú maidir le gníomhaíochtaí na n‑údarás a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme agus a dhéanann rialú airgeadais, faireachán agus iniúchtaí, dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 4(2). Maidir le seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí, ní thagraítear, i bpointe (c) den fhoráil sin, dá bhfeidhmiú cuí, ach amháin a mhéid agus a bhaineann sé le sáruithe ar dhlí an Aontais maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais nó le cosaint leasanna airgeadais an Aontais. Is amhlaidh atá i gcás sáruithe ar dhlí an Aontais dá dtagraítear i bpointe (e) a chosc agus a smachtbhannú ag cúirteanna náisiúnta nó údaráis riaracháin. Maidir leis an athbhreithniú breithiúnach dá dtagraítear i bpointe (d), ní chumhdaítear é ach a mhéid a bhaineann sé le hiompar na n‑údarás dá dtagraítear i bpointí (a) go (c). Ní bhaineann an gnóthú cistí a íocadh go mícheart, dá bhforáiltear i bpointe (f), ach le cistí a thagann ó bhuiséad an Aontais, rud atá fíor freisin maidir leis an gcomhar le OLAF agus le OIPE, a luaitear i bpointe (g). Ar deireadh, baineann pointe (h) le haon staid nó iompar eile ag údaráis is ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

143

Dá bhrí sin, murab ionann agus a éilíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, ar an gcéad dul síos, leis an Rialachán a chonspóidtear, ní cheadaítear d’institiúidí an Aontais staideanna sna Ballstáit a scrúdú ach amháin a mhéid is atá siad ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais agus, ar an dara dul síos, ní fhéadfar bearta iomchuí a ghlacadh faoin Rialachán sin ach amháin má tá sárú ann ar cheann de phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear do bhainistíocht fhónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais sin ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé difear.

144

Ní hamháin go dtagann na staideanna sin, atá ábhartha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, faoi raon feidhme dhlí an Aontais, ach d’fhéadfaí freisin, mar a luaitear i mír 133 den bhreithiúnas seo, iad a chumhdach le riail airgeadais, de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE, i bhfoirm sásra coinníollachta cothrománaí atá nasctha le hurraim Bhallstáit do luach an smachta reachta.

145

Ar an tríú dul síos, murab ionann agus a éilíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, cé go bhféadfadh sásra coinníollachta cothrománaí a chomhlíonann na critéir a shainaithnítear i mír 133 den bhreithiúnas seo, a bhaineann leis an urraim atá ag Ballstát do luach an smachta reachta atá in Airteagal 2 CAE agus le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, teacht faoi chuimsiú an choincheapa maidir le “rialacha airgeadais lena sonrófar go háirithe an gnáthnós imeachta chun an buiséad [...] a chur chun feidhme”, de réir bhrí Airteagal 322(1) CFAE, ní leathnaítear raon feidhme an choincheapa sin thar a bhfuil riachtanach chun buiséad an Aontais a chur chun feidhme i gceart.

146

Le hAirteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, teorannaítear raon feidhme an tsásra coinníollachta arna bhunú leis an Rialachán sin do staideanna agus iompar ag údaráis a bhfuil baint acu le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus ceanglaítear, le hAirteagal 4(1), go mbeidh glacadh beart iomchuí faoi réir sáruithe a bheith ann ar phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear — ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear —do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais. Ceanglaítear leis an gcoinníoll sin, dá bhrí sin, go gcruthófaí fíornasc idir na sáruithe sin agus an difear nó baol mór go ndéanfaí difear den sórt sin.

147

Ní mór a chur in iúl, i ndáil leis sin, go bhfuil cur i bhfeidhm Airteagal 4(1) agus (2) den Rialachán a chonspóidtear faoi réir na gceanglas nós imeachta a shonraítear in Airteagal 6(1) go (9) den Rialachán sin, a bhfuil sé i gceist leo, mar a luaitear in aithris 26 den Rialachán sin, go bhfuil oibleagáid ar an gCoimisiún, agus scrúdú á dhéanamh aige an bhfuil údar maith le bearta iomchuí a ghlacadh, cur chuige fianaisebhunaithe a úsáid agus prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí a urramú.

148

Maidir le, go sonrach, sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a shainaithint agus a mheas, luaitear in aithris 16 den Rialachán a chonspóidtear nach mór don mheasúnú sin a bheith oibiachtúil, neamhchlaonta agus cothrom. Ina theannta sin, tá comhlíonadh na n‑oibleagáidí sin go léir faoi réir athbhreithniú breithiúnach iomlán ag an gCúirt.

149

Ar an gceathrú dul síos, maidir leis an gceist an féidir le hAirteagal 5(2) den Rialachán a chonspóidtear teacht faoi bhunús dlí Airteagal 322(1)(a) CFAE, tugadh faoi deara i mír 115 den bhreithiúnas seo gurb é cuspóir na chéad fhorála leasanna dlisteanacha na bhfaighteoirí agus na dtairbhithe deiridh a chosaint nuair a ghlactar bearta iomchuí faoin Rialachán sin i leith Ballstáit. Dá bhrí sin, baineann an fhoráil sin leis na héifeachtaí dlíthiúla agus airgeadais atá ag bearta chun buiséad an Aontais a chosaint, de réir bhrí Airteagal 5 den Rialachán a chonspóidtear, a bhaineann iad féin le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, mar atá luaite i míreanna 112 agus 135 den bhreithiúnas seo.

150

Thairis sin, tugadh le fios i mír 99 den bhreithiúnas seo go bhfuil sé i gceist leis na rialacha airgeadais lena sonrófar “go háirithe an gnáthnós imeachta chun” an buiséad a chur chun feidhme, de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE, rialú a dhéanamh ar na gnéithe uile a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais atá cumhdaithe ag Teideal II de Chuid a Sé de CFAE agus, dá bhrí sin, leis an gcur chun feidhme sin sa chiall is leithne.

151

Ní mór foráil, amhail Airteagal 5(2) den Rialachán a chonspóidtear, a bhaineann leis na héifeachtaí dlíthiúla agus airgeadais atá ag bearta chun buiséad an Aontais a chosaint, de réir bhrí Airteagal 5, ar bearta iad a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, a mheas mar fhoráil a bhaineann leis an gcur chun feidhme sin í féin agus is féidir a mheas, dá bhrí sin, gur foráil í lena leagtar síos nós imeachta maidir le cur chun feidhme an bhuiséid.

152

I bhfianaise na mbreithnithe uile thuasluaite, ní mór éilimh na hUngáire, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, ina líomhnaítear nach bhfuil bunús dlí leis an Rialachán a chonspóidtear, toisc nach mbunaítear rialacha airgeadais leis an Rialachán sin de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE, a dhiúltú.

153

Mar sin féin, is gá fós éilimh na hUngáire, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, nach féidir rialacha airgeadais amhail na rialacha a leagtar síos sa Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh toisc go ndéanann siad imchéimniú ar Airteagal 7 CAE agus Airteagal 269 CFAE a mheas.

(2) Imchéimniú ar Airteagal 7 CAE agus Airteagal 269 CFAE

154

Sa chéad áit, éilíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go bunúsach, nach dtugtar ach leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE amháin an inniúlacht d’institiúidí an Aontais sáruithe i mBallstát ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE a scrúdú, a shuíomh agus, i gcás inarb iomchuí, a phionósú, ós rud é, go háirithe, go gcumhdaíonn inniúlacht den sórt sin réimsí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, lena n‑áirítear feidhmiú údaráis agus institiúidí na mBallstát, agus gur rialaigh na Ballstáit, mar údair ar na Conarthaí, gach gné den nós imeachta sin faoi CAE. Ós rud é nach bhforáiltear d’aon tarmligean de chumhacht reachtach faoi Airteagal 7 CAE sna Conarthaí, níl an t‑údarás, faoin bhforáil sin ná faoi aon fhoráil eile de na Conarthaí, ag reachtas an Aontais nós imeachta a thionscnamh go comhthreomhar leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE, a bhaineann le sárú ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE a shuíomh agus na hiarmhairtí dlíthiúla a eascraíonn as sin a shainiú.

155

Ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú i ndáil leis sin go n‑áirítear i luachanna bunaidh an Aontais, ar luachanna is coiteann do na Ballstáit na luachanna sin, atá in Airteagal 2 CAE, na luachanna a bhaineann le meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, i sochaí arb iad is sainairíonna inti, inter alia, an neamh-idirdhealú, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.

156

Luaitear i mbrollach na Cairte, inter alia, go bhfuil an tAontas bunaithe ar phrionsabail an daonlathais agus an smachta reachta agus aithnítear na cearta, saoirsí agus prionsabail a leagtar amach sa Chairt. Sonraítear in Airteagail 6, 10 go 13, 15, 16, 20, 21 agus 23 den Chairt raon feidhme na luachanna maidir le dínit an duine, saoirse, comhionannas, meas ar chearta an duine, neamh-idirdhealú agus comhionannas idir mná agus fir, atá in Airteagal 2 CAE. Le hAirteagal 47 den Chairt agus le hAirteagal 19 CAE, ráthaítear, inter alia, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus an ceart chun trialach córa arna bhunú roimh ré le dlí, i ndáil le cosaint na gceart agus saoirsí a ráthaítear le dlí an Aontais.

157

Thairis sin, sonraítear in Airteagail 8, 10, 19(1), 153(1)(i) agus 157(1) CFAE raon feidhme luachanna an chomhionannais, an neamh‑idirdhealaithe agus an chomhionannais idir mná agus fir agus ceadaítear leo do reachtas an Aontais reachtaíocht thánaisteach a ghlacadh a bhfuil sé d’aidhm aici na luachanna sin a chur chun feidhme.

158

Leanann ón dá mhír roimhe seo, murab ionann agus a éilíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, i dteannta an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 7 CAE, go dtugtar, i roinnt forálacha de na Conarthaí, arna gcur chun feidhme ag gníomhartha éagsúla de reachtaíocht thánaisteach, an inniúlacht d’institiúidí an Aontais sáruithe ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE a rinneadh i mBallstát a scrúdú, a shuíomh agus, i gcás inarb iomchuí, a phionósú.

159

Maidir le luach an smachta reachta, go háirithe, cosnaítear gnéithe áirithe den luach sin faoi Airteagal 19 CAE, mar a aithníonn an Ungáir. Is amhlaidh atá i gcás Airteagail 47 go 50 den Chairt, atá i dTeideal VI, dar teideal “Ceartas”, agus lena ráthaítear, faoi seach, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus an ceart chun trialach córa, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosaint a fháil, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis agus an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó i ngeall ar an gcion coiriúil céanna.

160

Go sonrach, chinn an Chúirt go gceanglaítear ar na Ballstáit, le hAirteagal 19 CAE, lena gcuirtear luach an smachta reachta atá in Airteagal 2 CAE in iúl go nithiúil, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, foráil a dhéanamh maidir le córas leigheasanna agus nósanna imeachta dlí lena n‑áirithítear an ceart chun cosanta dlí éifeachtaí sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, A. B. agus páirtithe eile (Breithiúna a ceapadh chun na Cúirte Uachtaraí – Caingne), C‑824/18, EU:C:2021:153, míreanna 108 agus 109 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féadfaidh an Chúirt athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh an cheanglais sin, go háirithe i gcaingean maidir le mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh arna tabhairt ag an gCoimisiún faoi Airteagal 258 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Meitheamh 2019, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas na Cúirte Uachtaraí), C‑619/18, EU:C:2019:531, míreanna 58 agus 59, agus an 5 Samhain 2019, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas na nGnáthchúirteanna), C‑192/18, EU:C:2019:924, míreanna 106 agus 107).

161

Chinn an Chúirt freisin go bhforchuirtear leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léiriú i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, ar na Ballstáit oibleagáid shoiléir agus bheacht maidir leis an toradh atá le baint amach, toradh nach bhfuil faoi réir aon choinníoll maidir leis an neamhspleáchas nach mór a bheith ina shaintréith de na cúirteanna a n‑iarrtar orthu dlí an Aontais a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm, ionas gur faoi chúirt náisiúnta a bheidh sé gan aon fhoráil den dlí náisiúnta a sháraíonn an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a chur i bhfeidhm, tar éis di, más gá, léirmhíniú a fháil ar an bhforáil ón gCúirt mar chuid d’iarraidh ar réamhrialú. (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, A. B. agus páirtithe eile (Breithiúna a cheapadh chun na Cúirte Uachtaraí – Caingne), C‑824/18, EU:C:2021:153, míreanna 142 go 146).

162

Leanann mar sin ó na breithnithe a leagtar amach i míreanna 159 go 162 den bhreithiúnas seo nach mór argóint na hUngáire nach féidir leis an Aontas luach an smachta reachta a chosaint ach amháin i gcomhthéacs an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE a dhiúltú.

163

Ar an dara dul síos, maidir le héilimh na hUngáire, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, nach gceadaítear d’institiúidí an Aontais ach le hAirteagal 7 CAE athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh an smacht reachta ag na Ballstáit i réimsí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, lena n‑áirítear feidhmiú údaráis agus institiúidí na mBallstát, is leor a mheabhrú nach dtugann an Rialachán a chonspóidtear an t‑údarás don Choimisiún ná don Chomhairle athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh ach amháin i ndáil le hiompar údaráis Ballstáit nó staid is inchurtha i leith údarás den sórt sin, ar iompar nó staid a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais atá i gceist agus a thagann, dá bhrí sin, faoi raon feidhme dhlí an Aontais.

164

Mar a luadh i míreanna 141 go 145 den bhreithiúnas seo, leis an Rialachán a chonspóidtear, ar an gcéad dul síos, ní cheadaítear d’institiúidí an Aontais staideanna a scrúdú sna Ballstáit ach amháin a mhéid a bhaineann siad le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó le cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus, ar an dara dul síos, ní féidir bearta iomchuí a ghlacadh faoin Rialachán sin ach amháin i gcás ina suitear gurb é atá i gceist leis an staid sin ná sárú ar cheann de phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear — ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear —don bhainistíocht fhónta airgeadais sin nó do chosaint na leasanna airgeadais.

165

Sa dara háit, maidir leis an líomhain go bhfuil d’éifeacht ag an Rialachán a chonspóidtear imchéimniú ar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE agus leathnú ar chumhachtaí na Cúirte atá leagtha síos in Airteagal 269 CFAE, tíolacann an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go bunúsach, go ndéantar, leis an Rialachán, nós imeachta nithiúil, i gcásanna sonracha, den nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE agus, ar an gcaoi sin, go mbunaítear nós imeachta comhthreomhar chun, tar éis mionanailís a dhéanamh, sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ag na Ballstáit a shuíomh. Leis an Rialachán sin, is féidir iarmhairtí dlíthiúla atá comhionann leosan a leagtar síos in Airteagal 7 CAE a cheangal leis na sáruithe sin, cé nach dtugtar leis an bhforáil sin ná le haon fhoráil eile de na Conarthaí an inniúlacht do reachtas an Aontais é sin a dhéanamh. Leis sin, líomhnaítear go sáraítear leis an Rialachán sin an chothromaíocht institiúideach a bunaíodh in Airteagal 7 CAE, Airteagal 13(2) CAE agus Airteagal 269 CFAE, trí chumhachtaí nua a thabhairt don Chomhairle, don Choimisiún agus don Chúirt.

166

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir le reachtas an Aontais, gan Airteagal 7 CAE a shárú, nós imeachta a bhunú atá comhthreomhar leis an nós imeachta a leagtar síos leis an bhforáil sin, lena saothraítear an cuspóir céanna agus lena gceadaítear bearta comhionanna a ghlacadh, agus foráil á déanamh d’idirghabháil ó institiúidí eile nó do choinníollacha substainteacha agus nós imeachta atá éagsúil ó na coinníollacha a leagtar síos leis an bhforáil sin.

167

Mar sin féin, is féidir le reachtas an Aontais, i gcás ina bhfuil bunús dlí aige chun na críche sin, nósanna imeachta eile a bhunú, i reachtaíocht thánaisteach, a bhaineann leis na luachanna atá in Airteagal 2 CAE, lena n‑áirítear an smacht reachta, ar an gcoinníoll go bhfuil difríocht idir na nósanna imeachta sin, ó thaobh cuspóir agus ábhair de, agus an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE. (féach, de réir analaí, breithiúnas an 7 Feabhra 1979, an Fhrainc v an Coimisiún, 15/76 agus 16/76, EU:C:1979:29, mír 26; ordú an 11 Iúil 1996, An Taisce agus WWF UK v an Coimisiún, C‑325/94 P, EU:C:1996:293, mír 25; agus breithiúnas an 11 Eanáir 2001, an Ghréig v an Coimisiún, C‑247/98, EU:C:2001:4, mír 13).

168

Sa chás seo, maidir le cuspóirí an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7 CAE agus an nós imeachta sa Rialachán a chonspóidtear, faoi seach, leanann ó Airteagal 7(2) go (4) CAE go gceadaítear leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal sin don Chomhairle, inter alia, i gcás ina bhfuil an Chomhairle Eorpach tar éis sáruithe tromchúiseacha leanúnacha de chuid Ballstáit ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE a shuíomh, cearta áirithe a chinneann ó na Conarthaí a chur i bhfeidhm ar an mBallstát sin a fhionraí, lena n‑áirítear cearta vótála ionadaí rialtas an Bhallstáit sin sa Chomhairle, agus gur féidir leis an gComhairle cinneadh a dhéanamh ina dhiaidh sin na bearta a ghlac sí a athrú nó a chúlghairm mar fhreagra ar athruithe sa staid ba bhun leis na bearta sin a fhorchur.

169

Is é cuspóir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE ná a chur ar chumas na Comhairle pionós a ghearradh ar sháruithe tromchúiseacha leanúnacha ar na luachanna in Airteagal 2 CAE, d’fhonn, inter alia, iallach a chur ar an mBallstát lena mbaineann deireadh a chur leis na sáruithe sin.

170

Os a choinne sin, mar is léir ó mhíreanna 110 go 120 den bhreithiúnas seo, leanann ó chineál na mbeart a d’fhéadfaí a ghlacadh faoin Rialachán a chonspóidtear agus ó na coinníollacha maidir leis na bearta sin a ghlacadh agus a chúlghairm gurb é cuspóir an nós imeachta arna bhunú leis an Rialachán sin ná a áirithiú, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a leagtar síos in Airteagal 310(5) agus sa chéad mhír d’Airteagal 317 CFAE, go ndéanfar buiséad an Aontais a chosaint má sáraítear prionsabail an smachta reachta i mBallstát, agus ní, trí bhuiséad an Aontais, sáruithe ar phrionsabail an smacht reachta a phionósú.

171

Dá bhrí sin, tá an cuspóir a bhaineann leis an nós imeachta dá bhforáiltear leis an Rialachán a chonspóidtear éagsúil ón gcuspóir a bhaineann le hAirteagal 7 CAE.

172

Maidir le hábhar an dá nós imeachta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann raon feidhme an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE leis na luachanna uile in Airteagal 2 CAE, cé nach mbaineann raon feidhme an nós imeachta arna bhunú leis an Rialachán a chonspóidtear ach le ceann amháin de na luachanna sin, eadhon an smacht reachta.

173

Thairis sin, cumhdaítear le hAirteagal 7 CAE measúnú ar gach sárú tromchúiseach agus leanúnach ar luach atá in Airteagal 2 CAE, cé go n‑údaraítear leis an Rialachán a chonspóidtear scrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta dá dtagraítear in Airteagal 2(a) den Rialachán sin, sa mhéid is go bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go bhfuil impleachtaí buiséadacha acu.

174

Maidir leis na coinníollacha chun an dá nós imeachta a thionscnamh, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfar an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE a thionscnamh, de réir Airteagal 7(1), i gcás ina bhfuil baol soiléir ann go ndéanfaidh Ballstát sárú tromchúiseach ar na luachanna in Airteagal 2 CAE, agus go bhfuil an ceart tionscnaimh sin ag aon trian de na Ballstáit, ag an bParlaimint nó ag an gCoimisiún, agus gurb é an tairseach ar dtús ná go bhfuil baol soiléir ann de shárú tromchúiseach ar na luachanna sin agus, ansin, maidir le cearta áirithe a chinneann ó na Conarthaí a chur i bhfeidhm ar an mBallstát i gceist a fhionraí faoi Airteagal 7(2) agus (3) CAE, de shárú tromchúiseach agus leanúnach ar na cearta sin ag an mBallstát sin. Ar an taobh eile, is é an Coimisiún amháin a fhéadfaidh tús a chur leis an nós imeachta a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas ní hamháin gur tharla sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát, ach freisin, agus thar aon rud eile, go ndéanann na sáruithe sin difear — ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear — do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

175

Thairis sin, is é an t‑aon choinníoll substainteach atá ag teastáil chun bearta a ghlacadh faoi Airteagal 7 CAE ná go suífeadh an Chomhairle Eorpach gurb ann do shárú tromchúiseach leanúnach ag Ballstát ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE. Os a choinne sin, mar a thugtar faoi deara i mír 147 den bhreithiúnas seo, de réir Airteagal 4(1) agus (2) den Rialachán a chonspóidtear, ní fhéadfar bearta a ghlacadh faoin Rialachán sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar dhá choinníoll. Ar an gcéad dul síos, ní mór a shuíomh go mbaineann sárú ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát le ceann amháin ar a laghad de na staideanna nó na cineálacha iompair ag údaráis dá dtagraítear i mír 2, a mhéid is atá siad ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais. Ar an dara dul síos, ní mór a léiriú freisin go ndéanann na sáruithe sin difear —ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear —don bhainistíocht fhónta airgeadais sin nó do chosaint na leasanna airgeadais sin, ar coinníoll é sin a fhágann nach mór fíornasc a chruthú idir na sáruithe sin agus difear nó baol mór de dhifear den sórt sin.

176

Maidir le cineál na mbeart a fhéadfar a ghlacadh ar bhonn Airteagal 7(3) CAE, is éard atá iontu ná “cearta áirithe a [chinneann] ó na Conarthaí a chur i bhfeidhm ar an mBallstát i gceist a fhionraí, lena n‑áirítear cearta vótála ionadaí rialtas an Bhallstáit sin sa Chomhairle”, agus féadfaidh, dá bhrí sin, baint a bheith acu le haon cheart a chinneann ó na Conarthaí a chur i bhfeidhm ar an mBallstát sin. Os a choinne sin, maidir leis na bearta a fhéadfar a ghlacadh faoin Rialachán a chonspóidtear, tá siad teoranta dóibh siúd atá liostaithe in Airteagal 5(1) den Rialachán sin agus déantar achoimre orthu i mír 112 den bhreithiúnas seo, agus is de chineál buiséadach iad go léir.

177

Ar deireadh, beartaítear le hAirteagal 7 CAE na bearta arna nglacadh a athrú agus a chúlghairm mar fhreagra ar athruithe sa staid ba bhun lena nglacadh amháin. Os a choinne sin, leis an dara agus an tríú fomhír d’Airteagal 7(2) den Rialachán a chonspóidtear, cuirtear cúlghairm agus athrú na mbeart arna nglacadh faoi réir na gcoinníollacha chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán sin a ghlacadh. Dá réir sin, féadfar na bearta sin a chúlghairm nó a athrú ní hamháin i gcás ina gcuirtear deireadh le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sa Bhallstát lena mbaineann, ar a laghad i bpáirt, ach freisin i gcás nach bhfuil tionchar ag na sáruithe sin, cé go bhfuil na sáruithe sin fós ann, ar bhuiséad an Aontais a thuilleadh. D’fhéadfadh gurb amhlaidh a bheadh sé, inter alia: nuair nach mbaineann siad le ceann de na staideanna nó na cineálacha iompair ag údaráis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin a thuilleadh; i gcás nach bhfuil na staideanna nó an t‑iompar sin ábhartha a thuilleadh do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais; i gcás nach ndéanann an sárú difear don bhainistíocht fhónta airgeadais sin nó do chosaint na leasanna airgeadais sin, nó i gcás nach bhfuil an nasc idir an sárú ar phrionsabal an smachta reachta agus an difear nó an baol mór go ndéanfaí difear díreach go leor a thuilleadh.

178

I bhfianaise na mbreithnithe sin thuasluaite, ní mór a mheas go bhfuil aidhmeanna éagsúla á saothrú leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE agus an nós imeachta a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear agus gur léir go bhfuil ábhar ar leith acu.

179

Dá bhrí sin, murab ionann agus a éilíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, ní féidir a mheas gur bunaíodh leis an Rialachán a chonspóidtear nós imeachta comhthreomhar lena ndéantar imchéimniú ar Airteagal 7 CAE.

180

Ar an dara dul síos, maidir le hargóint na hUngáire, arna déanamh le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go mbaineann an Rialachán a chonspóidtear an bonn den chothromaíocht institiúideach a bunaíodh in Airteagal 7 CAE agus Airteagal 13(2) CAE, ar dtús, fuarthas sa dá mhír roimhe seo go bhfuil cuspóirí éagsúla ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE agus ag an nós imeachta a leagtar síos leis an Rialachán a chonspóidtear agus gur léir go bhfuil ábhar ar leith acu agus, mar thoradh air sin, nach féidir a mheas go mbunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear nós imeachta comhthreomhar lena ndéantar imchéimniú ar an bhforáil sin.

181

Sna himthosca sin, nuair a mhaíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go sáraíonn an Rialachán a chonspóidtear an chothromaíocht institiúideach a bunaíodh in Airteagal 7 CAE, níl an ceart aici.

182

Ar an taobh eile, maidir le ceanglais Airteagal 13(2) CAE, lena bhforáiltear go “[ng]níomhóidh gach institiúid acu faoi theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sna Conarthaí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha agus chun na gcríoch atá leagtha amach iontu”, is léir ó Airteagal 6 den Rialachán a chonspóidtear go stiúrfaidh an Coimisiún an nós imeachta sin agus go nglacfaidh an Chomhairle, i gcás inarb iomchuí, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh cur chun feidhme lena nglactar na bearta iomchuí, agus, in ainneoin na tagartha in aithris 26 den Rialachán sin, ní thugtar le hAirteagal 6 aon ról don Chomhairle Eorpach sa nós imeachta arna bhunú leis an Rialachán sin.

183

Ina theannta sin, ar an gcéad dul síos, i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 317 CFAE, is faoin gCoimisiún atá sé buiséad an Aontais a chur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit ar a fhreagracht féin, ag féachaint do phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, agus, mar thoradh air sin, tá a ról sa nós imeachta a bunaíodh leis an Rialachán a chonspóidtear i gcomhréir leis na cumhachtaí a dtugtar dó faoin bhforáil sin.

184

Ina dhiaidh sin, mar a d’áitigh an Chomhairle, i gceart, féadfaidh idirghabháil na Comhairle a bheith bunaithe ar Airteagal 322(1)(a) agus ar Airteagal 291(2) CFAE, agus, mar thoradh air sin, ní sháraítear leis sin an chumhacht a thugtar don Choimisiún leis an gcéad mhír d’Airteagal 317 CFAE.

185

Ar thaobh amháin, mar a luaitear i mír 99 den bhreithiúnas seo, tá sé i gceist leis na rialacha airgeadais lena sonrófar “go háirithe an gnáthnós imeachta chun an buiséad […] a chur chun feidhme”, de réir bhrí Airteagal 322(1)(a) CFAE, rialú a dhéanamh ar na gnéithe uile a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais a chumhdaítear le Teideal II de Chuid a Sé de CFAE agus, dá bhrí sin, leis an gcur chun feidhme sin sa chiall is leithne.

186

Dá bhrí sin, tá sásra na coinníollachta cothrománaí arna bhunú leis an Rialachán a chonspóidtear bunaithe ar choincheap de chur chun feidhme an bhuiséid a théann níos faide ná an coincheap — a shainmhínítear in Airteagal 2(7) den Rialachán Airgeadais mar ghníomhaíochtaí a chur i gcrích a bhaineann le bainistiú, faireachán, rialú agus iniúchadh na leithreasuithe buiséid — a thagann, i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 317 CFAE, faoi chuimsiú chumhachtaí an Choimisiúin i gcomhar leis na Ballstáit.

187

Ar an taobh eile, ceadaítear le hAirteagal 291(2) CFAE, i gcásanna sonracha cuí-réasúnaithe, cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle i gcás ina bhfuil gá le coinníollacha aonfhoirmeacha chun gníomhartha an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme. I ndáil leis sin, is léir ó Airteagal 6(9) go (11) den Rialachán a chonspóidtear gur cinntí cur chun feidhme iad na bearta a fhéadfaidh an Chomhairle a ghlacadh faoin Rialachán sin, agus sonraítear in aithris 20 den Rialachán sin go dtugtar na cumhachtaí cur chun feidhme sin don Chomhairle chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin sin, i bhfianaise a thábhachtaí agus atá éifeachtaí airgeadais na mbeart sin.

188

Is leor na fachtóirí sin chun a mheas go bhfuil údar cuí le cumhacht a thabhairt don Chomhairle chun na bearta iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán a chonspóidtear a ghlacadh.

189

Ar deireadh, tá an easpa inniúlachta a thugtar don Chomhairle Eorpach faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6 den Rialachán a chonspóidtear comhsheasmhach leis na cumhachtaí a thugtar di le hAirteagal 15(1) CAE, lena bhforáiltear go dtabharfaidh an Chomhairle Eorpach don Aontas an spreagadh is gá dá fhorbairt agus go saineoidh sí na treoirlínte agus na tosaíochtaí polaitiúla ginearálta, gan feidhmeanna reachtacha a fheidhmiú.

190

Cé go maítear le haithrisí 26 den Rialachán a chonspóidtear go bhféadfadh an Chomhairle Eorpach a phlé, arna iarraidh sin don Bhallstát is ábhar don nós imeachta arna sheoladh de bhun Airteagal 6 den Rialachán sin, an ndéantar, le linn an nós imeachta sin, prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí a urramú, is leor a thabhairt faoi deara nach ndéantar foráil maidir le hidirghabháil den sórt sin, ar bhonn eisceachtúil, ón gComhairle Eorpach in Airteagal 6 ná in aon fhoráil eile den Rialachán sin. Sna himthosca sin, ós rud é nach bhfuil an brollach do ghníomh de chuid an Aontais ceangailteach (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Nollaig 2019, Puppinck agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑418/18 P, EU:C:2019:1113, mír 76 agus an cásdlí dá dtagraítear), ní féidir brath ar aithris 26 chun maolú ar fhorálacha an Rialacháin a chonspóidtear ná chun na forálacha sin a léirmhíniú ar bhealach atá contrártha lena bhfoclaíocht.

191

Ar an tríú dul síos, a mhéid a mhaíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go n‑iarrfar ar an gCúirt a mheas, i gcomhthéacs athbhreithniú breithiúnach ar chinneadh arna ghlacadh ag an gComhairle faoi Airteagal 6(10) den Rialachán a chonspóidtear, an ann do sháruithe ag Ballstát ar phrionsabail an smachta reachta agus an ionann an inniúlacht sin a thabhairt di agus sárú ar Airteagal 13(2) CAE agus Airteagal 269 CFAE, ní mór a thabhairt faoi deara nach gcumhdaítear leis an bhfoclaíocht in Airteagal 269 CFAE ach athbhreithniú ar dhlíthiúlacht gnímh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle de bhun Airteagal 7 CAE.

192

Sna himthosca sin, agus i bhfianaise na mbreithnithe i míreanna 179 agus 180 den bhreithiúnas seo, maidir leis an athbhreithniú ar dhlíthiúlacht a fhéadfar a iarraidh ar an gCúirt a dhéanamh, go háirithe i gcaingean le haghaidh neamhniú a thionscnaítear ar bhonn Airteagal 263 CFAE, ar chinntí na Comhairle arna ndéanamh faoi Airteagal 6(10) den Rialachán a chonspóidtear, ní thagann sé faoi raon feidhme Airteagal 269 CFAE agus, dá bhrí sin, níl sé faoi réir na rialacha sonracha atá leagtha síos san Airteagal sin.

193

Dá bhrí sin, ní thugtar aon inniúlacht nua don Chúirt Bhreithiúnais leis an Rialachán a chonspóidtear.

194

Ar deireadh, luadh i mír 165 den bhreithiúnas seo nach gceadaítear, ar thaobh amháin, leis an Rialachán a chonspóidtear, d’institiúidí an Aontais staideanna a scrúdú sna Ballstáit ach amháin a mhéid atá siad ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais agus, ar an taobh eile, nach bhféadfar bearta iomchuí a ghlacadh faoin Rialachán sin ach amháin i gcás ina suitear gurb ionann na staideanna sin agus sárú ar cheann de phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear —ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé difear —don bhainistíocht fhónta airgeadais sin nó do chosaint na leasanna airgeadais sin.

195

Ós rud é go mbaineann cásanna den sórt sin le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus, dá bhrí sin, go dtagann siad faoi raon feidhme dhlí an Aontais, ní féidir leis an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, a mhaíomh nach bhfuil an dlínse ag an gCúirt scrúdú a dhéanamh ar mheasúnuithe na Comhairle i gcinntí arna nglacadh faoi Airteagal 6(10) den Rialachán a chonspóidtear.

196

Dá bhrí sin, maidir le héilimh na hUngáire, arna ndéanamh le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, lena líomhnaítear go ndéantar imchéimniú ar Airteagal 7 CAE agus Airteagal 269 CFAE, ní mór diúltú dóibh toisc iad a bheith gan bhunús.

197

Leanann as na breithnithe thuasluaite nach mór an chéad agus an dara pléadáil a dhiúltú toisc iad a bheith gan bhunús.

2.   An tríú pléadáil, lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla

(a)   Argóintí na bpáirtithe

198

Leis an tríú pléadáil, tíolacann an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go sáraítear leis an Rialachán a chonspóidtear prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na soiléireachta reachtaí, a aithnítear mar phrionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais, ar an bhforas nach bhfuil aon sainmhíniú aonfhoirmeach sna Ballstáit ar na coincheapa atá sa Rialachán sin, ar a mbonn a bhféadfar a shuíomh go bhfuil prionsabail an smachta reachta sáraithe ag Ballstát. Measann an Ungáir, go háirithe, go gcruthaítear neamhchinnteachtaí coincheapúla tromchúiseacha agus neamhréireachtaí tromchúiseacha le coincheap an “smachta reachta”, mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear, a d’fhéadfadh léirmhíniú luachanna an Aontais a chur i mbaol agus a bhféadfadh cur i bhfeidhm an Rialacháin sin atá contrártha do na luachanna sin teacht astu.

199

Sa chéad áit, áitíonn an Ungáir gur idéal é an smacht reachta nó, ar a mhéad, pointe treoraithe, nach mbaintear amach go hiomlán riamh, agus ba cheart é a mheas, dá bhrí sin, i dtéarmaí coibhneasta, ós rud é nach féidir le haon Stát a mhaíomh go gcloíonn sé leis go foirfe. D’fhorbair an t-idéal sin, atá ina shaintréith den daonlathas nua-aimseartha, ar bhealach casta thar na céadta, agus, mar thoradh air sin, mar is léir ó Staidéar Uimh. 512/2009 ó Choimisiún na Veinéise an 28 Márta 2011, dar teideal “Tuarascáil ar an Smacht Reachta”, is coincheap casta é nach bhféadfaí a shainmhíniú go beacht agus a bhfuil a shubstaint ag athrú i gcónaí.

200

Is é an tuiscint sin ar an smacht reachta an toradh freisin ar Staidéar Uimh. 711/2013 ó Choimisiún na Veinéise an 18 Márta 2016 lena mbunaítear “seicliosta an smachta reachta”, staidéar dá dtagraítear in aithris 16 den Rialachán a chonspóidtear. De réir mhíreanna 12 agus 18 den Staidéar sin, ní shainmhínítear coincheap an “smachta reachta” lena eilimintí bunriachtanacha agus is catagóirí agus prionsabail theoiriciúla iad ar féidir iad a fhoroinnt faoi roinnt prionsabal eile. Ina theannta sin, is léir ó mhíreanna 29 agus 30 den Staidéar sin nach critéir uileghabhálacha iad na critéir sa seicliosta sin agus nach féidir rialacha a dhéanamh dóibh.

201

Maidir leis sin, meabhraíonn an Ungáir go n‑urramóidh an tAontas Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE, féiniúlacht náisiúnta na mBallstát, atá ina gné dhílis dá struchtúir bhunúsacha, idir pholaitiúil agus bhunreachtúil. Níl an sásra a bunaíodh leis an Rialachán a chonspóidtear comhsheasmhach leis an ráthaíocht bhunúsach sin, áfach, ós rud é go gceadaítear leis an nós imeachta arna bhunú leis an Rialachán sin go bhféadfaí reachtaíocht nó cleachtas Ballstáit a scrúdú fiú mura dtagann an reachtaíocht sin faoi raon feidhme dhlí an Aontais.

202

Tá na neamhchinnteachtaí coincheapúla a bhaineann le coincheap an “smachta reachta” níos measa fós toisc gur luaigh ionadaithe an Choimisiúin roinnt uaireanta go n‑úsáidfí na torthaí i dtuarascáil bhliantúil an Choimisiúin ar an smacht reachta agus an Rialachán a chonspóidtear á chur i bhfeidhm, cé nach ndéantar tagairt ar bith sa Rialachán sin don tuarascáil sin. Thairis sin, rinne an Coimisiún scrúdú sa tuarascáil sin ar chur i bhfeidhm cheanglais an smachta reachta i réimsí nach mbaineann leis na coincheapa a úsáidtear sa Rialachán a chonspóidtear i ndáil le prionsabail an smachta reachta ná le seicliosta an smacht reachta a leag Coimisiún na Veinéise síos sa staidéar dá dtagraítear i mír 201 den bhreithiúnas seo.

203

Measann an Ungáir go bhfuil difríocht idir an tuiscint atá ag an gCoimisiún ar na heilimintí a chomhdhéanann an smacht reachta, an tuiscint atá ag Coimisiún na Veinéise, agus an tuiscint ar a mbunaítear na coincheapa sa Rialachán a chonspóidtear, agus, mar thoradh air sin, go bhféadfadh cur i bhfeidhm an Rialacháin sin ag an gCoimisiún a bheith chomh neamh-intuartha sin go mbeadh sé ar neamhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ar gné den smacht reachta é féin é.

204

Sa dara háit, tá an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, den tuairim gur theip ar reachtas an Aontais agus é, in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear, ag iarraidh na heilimintí de choincheap an “smachta reachta” a léiriú. Ní chuimsíonn an fhoráil sin ach na heilimintí comhthreomhara atá in Airteagal 2 CAE, atá chomh teibí céanna, amhail urraim do chearta bunúsacha, toirmeasc ar idirdhealú agus prionsabal na cosanta éifeachtaí breithiúnaí, a ráthaítear ar leithligh sna Conarthaí freisin. Deimhnítear, dá bhrí sin, go spreagtar leis na luachanna in Airteagal 2 CAE comhar polaitiúil laistigh den Aontas Eorpach, ach nach bhfuil aon inneachar dlíthiúil féin acu. Trí shainmhíniú a dhéanamh ar choincheap an “smachta reachta” i reachtaíocht earnáilsonrach agus, ar an gcaoi sin, ligean do thuiscint dhifriúil den choincheap sin i ngníomhartha eile sa reachtaíocht thánaisteach, bhain reachtas an Aontais an bonn den léiriú ar an gcoincheap mar chomhluach de chuid an Aontais, mar a shainmhíníonn comhphobal na mBallstát é faoi Airteagal 2 CAE.

205

Ina theannta sin, tar éis sainmhíniú a thabhairt, in Airteagal 2(a), ar choincheap an “smachta reachta”, leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán a chonspóidtear nithe a d’fhéadfadh a bheith ina “sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta”, cé nach bhfuil, i bhfírinne, ach nasc imeallach acu leis an sainmhíniú ar an gcoincheap sin. Ar an gcaoi chéanna, ní féidir an gaol idir, ar thaobh amháin, Airteagal 4(2) den Rialachán sin, lena sonraítear na staideanna agus an t‑iompar nach mór do sháruithe ar na prionsabail sin baint a bheith acu leo, agus, ar an taobh eile, coincheap an “smachta reachta” agus “prionsabail an smachta reachta” a chinneadh go soiléir. Dá bhrí sin, agus comhscrúdú á dhéanamh ar na nithe a d’fhéadfadh a bheith ina sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, a leagtar amach mar threoir in Airteagal 3 den Rialachán a chonspóidtear, agus ar an sainmhíniú ar choincheap an “smachta reachta”, a leagtar amach in Airteagal 2(a) den Rialachán sin, ní féidir a eisiamh go bhféadfaí pionós a ghearradh maidir le nithe nach bhfuil baint acu le bainistíocht fhónta acmhainní bhuiséad an Aontais.

206

Tíolacann an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go gcomhlíontar comhghnéithe an smachta reachta nuair atá iompar na n‑údarás poiblí bunaithe ar an dlí agus saor ó threallachas agus nuair is féidir leis a bheith ina ábhar caingne os comhair cúirte. Ar an lámh eile, measann sí nach bhfuil ach nasc fánach agus indíreach le coincheap an “smachta reachta” ag “mainneachtain […] acmhainní airgeadais agus daonna a choinneáil siar a dhéanann difear [d'fheidhmiú cuí na n‑údarás poiblí a chosc]”, “mainneachtain a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann” nó “mainneachtain cinntí [...] neamhdhleathacha [a chosc]”, dá dtagraítear in Airteagal 3(b) den Rialachán a chonspóidtear, rud a fhágann go bhfuil an nasc idir aidhm agus inneachar na rialach sin briste. Dá mbeadh sé beartaithe ag reachtas an Aontais pionós a ghearradh maidir le mainneachtain den sórt sin, ar, go bunúsach, mainneachtain de chineál riaracháin í, ar an bhforas go ndéanann sí difear do bhuiséad an Aontais, d’fhéadfadh sé pionós a ghearradh maidir léi gan dul i dtuilleamaí an choincheapa sin.

207

Sa tríú háit, maíonn an Ungáir gur léir ó staidéar a rinne an Pharlaimint in 2015, dar teideal “The General Principles of EU Administrative Procedural Law” (Prionsabail Ghinearálta de Dhlí Nós Imeachta Riaracháin AE), go bhfuil coincheap an “smachta reachta” chomh ginearálta sin nach féidir é a sainmhíniú go beacht ach amháin le tagairt dá chomheilimintí, lena n‑áirítear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, lena gceanglaítear go mbeadh rialacha dlí soiléir, beacht agus intuartha maidir lena n‑éifeachtaí, ionas go bhféadfadh leis na daoine lena mbaineann a sheasamh i staideanna agus caidreamh dlí a bhaineann le dlíchóras an Aontais a thuiscint. Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais sin a chomhlíonadh freisin i gcás ina mbunófar sásra pionóis maidir le mainneachtain ar an smacht reachta.

208

Chomh maith leis an éagsúlacht idir coincheap an “smachta reachta” agus “prionsabail an smachta reachta”, déantar tagairt sa Rialachán a chonspóidtear, in Airteagal 3 agus in Airteagal 4(2), do fhrásaí nach bhfuil sainmhíniú beacht go leor orthu chun go bhféadfaí na himthosca faoina mbeadh sárú ar phrionsabail an smachta reachta ann a réamh‑mheas. Is fíor sin maidir le “feidhmiú cuí na n‑údarás”, “athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha ar [na húdaráis]”, “comhar éifeachtach tráthúil le OLAF” agus “staideanna nó iompar eile ag údaráis is ábhartha [...]”. Dá bhrí sin, tá discréid chomh leathan sin tugtha don Choimisiún agus don Chomhairle go bhfuil sé ar neamhréir le nós imeachta a bhféadfadh pionóis a bheith mar thoradh air.

209

I gcomhréir le cásdlí socair bhreithiúnacht an Aontais, ní mór reachtaíocht an Aontais a bheith cinnte agus ní mór a cur i bhfeidhm a bheith intuartha acu siúd atá faoina réir, go háirithe i gcás rialacha a bhféadfadh iarmhairtí airgeadais a bheith acu, chun go mbeadh na daoine lena mbaineann in ann a bheith ar an eolas, go beacht, faoi na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu. Cuimsíonn an ceanglas sin intuarthacht na modhanna cruthúnais agus intuarthacht na modhanna a úsáidtear in imeachtaí pionóis.

210

Maíonn an Ungáir nach gcuireann prionsabal na deimhneachta dlíthiúla bac ar an dlí ábhar a rialú ar bhealach ginearálta agus teibí agus go bhfuil sé de dhualgas ar na cúirteanna ansin, agus an dlí sin á chur i bhfeidhm acu, é a léirmhíniú. Mar sin féin, measann sí, ag féachaint don oibleagáid chun féiniúlacht náisiúnta na mBallstát “a chosaint”, nach mór a bheith in ann an smacht reachta agus prionsabail an smachta reachta a mheas go héagsúil i ngach Ballstát, go háirithe ós rud é nach ndéanann institiúidí an Aontais measúnú ar staideanna dlíthiúla éagsúla ar bhealach aonfhoirmeach i gcónaí. Mar sin féin, is gné bhunúsach den smacht reachta agus den deimhneacht dhlíthiúil é nach mór an dlí a fhoirmiú sa chaoi is go gcaitear le cásanna comhchosúla ar bhealach comhchosúil. Mar gheall ar na heasnaimh choincheapúla sa Rialachán a chonspóidtear agus toisc nach féidir coincheap an “smachta reachta” a shainmhíniú go beacht, ní chomhlíonann an Rialachán sin an bunchoinníoll sin maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an dlí.

211

Maíonn an Ungáir, mar léiriú air sin, nár mheas an Coimisiún ina thuarascálacha bliantúla ar an smacht reachta gur mí-úsáid é an fhíric go bhféadfadh an t‑ionchúisitheoir, i mBallstáit áirithe, treoracha a fháil ón bhfeidhmeannas, cé gur chuir an Chúirt imní mhór in iúl ina leith sin i gcásanna a bhaineann le forghníomhú barántas gabhála Eorpach. Dá bhrí sin, tá sé deacair a chinneadh, i gcás den sórt sin, an bhfuil an ceanglas maidir le feidhmiú cuí na n-údarás ionchúisimh comhlíonta. Maidir leis an méid comhair is gá le OLAF, ceistíonn an Ballstát sin, ar an gcéad dul síos, an bhféadfaí é a thomhas i ndáil leis na hionchúisimh arna dtionscnamh ar bhonn mholtaí OLAF, agus ansin, chun an Rialachán a chonspóidtear a chomhlíonadh, an mbeadh gá le céatadán de na hionchúisimh ar bhonn na moltaí sin a shocrú agus, ar deireadh, an mbeadh sé iomchuí, chun an tairseach sin a bhaint amach, a bheith in ann treoracha a thabhairt don ionchúisitheoir i gcásanna aonair, cé go n‑ardódh treoracha den sórt sin ceisteanna faoi neamhchlaontacht agus dlíthiúlacht na n‑ionchúiseamh agus neamhspleáchas an ionchúisitheora. Tugann an Ungáir dá haire freisin go gcaithfeadh tairseach de chiontuithe ar bhonn na moltaí sin amhras ar neamhspleáchas na breithiúnachta. I bhfianaise na gceisteanna sin, tá imní ar an Ungáir go bhféadfadh contrárthacht a bheith ann idir na coinníollacha arna scrúdú ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an tsásra arna bhunú leis an Rialachán a chonspóidtear, ar thaobh amháin, agus na ceanglais bhunúsacha arna leagan síos ag an gCúirt agus i bhforálacha bunreachtúla náisiúnta, ar an taobh eile.

212

Sa cheathrú háit, maíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go sáraítear le roinnt forálacha den Rialachán a chonspóidtear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus, mar thoradh air sin, nach mór an Rialachán a neamhniú ina iomláine.

213

Ar an gcéad dul síos, faoi Airteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear, sa mhéid is go n‑údaraítear bearta a ghlacadh a luaithe a bhíonn “baol” ann go ndéanfaí difear do bhuiséad an Aontais, is féidir pionóis a ghearradh in imthosca neamhchinnte nó neamhchruthaithe. In éagmais difear sonrach do bhuiséad an Aontais, bheadh cur i bhfeidhm na bpionós treallach agus sháródh sé prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ós rud é nach bhféadfadh an Coimisiún na coinníollacha chun bearta a ghlacadh a chinneadh go hoibiachtúil, go teicniúil agus go fíorasach. I gcás den sórt sin, is iad na critéir oibiachtúla amháin a bheadh ann ná tromchúis agus cineál an tsáraithe ar an smacht reachta, chun údar a thabhairt le glacadh beart, rud nach luíonn, áfach, le bunús dlí an Rialacháin a chonspóidtear.

214

Ar an dara dul síos, bheadh sé contrártha le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ar dá réir nach mór do riail lena gceadaítear pionóis a ghlacadh an t‑iompar a d’fhéadfadh pionós a bheith mar thoradh air a liostú go cruinn agus go cuimsitheach, go gceadaítear le hAirteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, i bpointe (h), seachas na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (g), bearta a ghlacadh i gcás “staideanna nó iompar eile ag údaráis”, nach bhfuil sainmhínithe. Is é an t-aon sainiúlacht i bpointe (h), maidir le hábhar Airteagal 4(1) den Rialachán sin, nach mór an staid nó an t‑iompar a ndéantar gearán ina leith a bheith inchurtha i leith “údarás”, ach, murab ionann agus forálacha eile de chuid an Rialacháin sin, ní thugtar aon soiléiriú ann maidir le cineál na “n-údarás” sin. D’fhéadfaí a chumhdach leis an gcoincheap sin, dá bhrí sin, aon ghrúpa de dhaoine a bhfuil freagrachtaí oifigiúla orthu i leith réimse gníomhaíochta ar leith toisc, de réir an chásdlí shocair, go bhfuil tuiscint leathan ar an gcoincheap “údarás” i ngníomhartha éagsúla de dhlí an Aontais.

215

Ina theannta sin, ní léir ón gcomparáid idir na leaganacha Béarla, Fraincise agus Gearmáinise den Rialachán a chonspóidtear, maidir leis an frása “staideanna nó iompar eile ag údaráis” (“other situations or conduct of authorities”, “autres situations ou comportements des autorités” agus “andere Umstände oder Verhaltensweisen von Behörden”) go bhfuil nasc idir an focal “staideanna” agus an focal “údaráis”. Ar an gcéad amharc, dealraíonn sé nach bhfuil ciall ar bith leis an bhfrása “staideanna ag údaráis” (“situations of authorities”, “situations des autorités” ná “Umstände von Behörden”), ach sa leagan Ungáirise den fhoráil sin tá nasc idir an focal “staideanna” agus “údaráis” agus, mar thoradh air sin, ní chomhlíonann an fhoráil sin an ceanglas maidir le soiléireacht reachtach.

216

Is é an tátal a bhaineann an Ungáir as sin ná go mbaintear, le pointe (h) d’Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, aon chiall ón liosta i bpointí (a) go (g) den fhoráil sin, toisc gur liosta neamh‑uileghabhálach é, agus nach bhfuil sé sin i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

217

Ar an tríú dul síos, sáraítear leis an tríú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla freisin, sa chaoi is go bhforáiltear léi go gcaithfear, leis na bearta atá le glacadh, cineál, fad, tromchúis agus raon feidhme na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a chur san áireamh, gan cineál agus raon feidhme na mbeart sin a shainiú go cruinn. Ní leagtar síos aon chritéar sonrach san fhoráil sin chun a mheas an bhfuil bonn cirt le beart, an bhfuil sé riachtanach nó an bhfuil sé comhréireach, agus ní shonraítear inti an cineál sáraithe ar phrionsabail an smachta reachta a d’fhéadfadh a bheith mar bhunús chun cineál agus raon pionóis a chinneadh.

218

Ar an gceathrú dul síos, measann an Ungáir nach n-áirithítear, leis an abairt dheireanach d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear, ina luaitear nach mór go ndíreofar na bearta atá le glacadh “a mhéid is féidir” ar ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a ndearna na sáruithe difear dóibh, go bhfuil nasc díreach idir an sárú ar phrionsabail an smachta reachta a suíodh agus glacadh beart chun buiséad an Aontais a chosaint. Leis an bhforáil sin, féadfar bearta a ghlacadh a bhaineann le clár de chuid an Aontais nach bhfuil aon fhíornasc ag an sárú ar phrionsabail an smachta reachta leis, rud a sháraíonn, anuas ar phrionsabal na comhréireachta, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Ina theannta sin, deimhnítear leis an sárú sin nach ionstraim a dhéanann buiséad an Aontais a chosaint an Rialachán a chonspóidtear, ach gur ionstraim é lena ndéantar pionóis a ghearradh maidir leis an smacht reachta, rud nach gcumhdaítear faoin bhunús dlí d’Airteagal 322(1)(a) CFAE.

219

Ar an gcúigiú dul síos, in Airteagal 6(3) agus (8) den Rialachán a chonspóidtear, sa mhéid is go gceadaítear leis sin don Choimisiún, le linn na gcéimeanna éagsúla dá mheasúnú, “an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil ó na foinsí a chur san áireamh, lena n‑áirítear cinntí, conclúidí agus moltaí ó institiúidí an Aontais agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ó institiúidí aitheanta eile”, ní shainítear ar bhealach beacht go leor na foinsí faisnéise atá inghlactha sa chomhthéacs sin, toisc nach léirítear ann an bonn ar nach mór don Choimisiún scrúdú agus measúnú a dhéanamh an ann do shárú ar phrionsabail an smachta reachta nó do bhaol de sin.

220

Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Ríocht na Danmhairge, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na Fraince, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Ríocht na hÍsiltíre, ó Phoblacht na Fionlainne, ó Ríocht na Sualainne agus ón gCoimisiún, na hargóintí sin a dhíospóid.

(b)   Breithniú na Cúirte

221

Leis an tríú pléadáil, áitíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, ar an gcéad dul síos, go bunúsach, nach n‑oireann coincheap an “smachta reachta” do shainmhíniú beacht agus nach féidir é a léirmhíniú go haonfhoirmeach, mar gheall ar an oibleagáid féiniúlacht náisiúnta gach ceann de na Ballstáit a urramú. In Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear, tá luachanna comhthreomhara leis na luachanna in Airteagal 2 CAE, atá chomh teibí céanna, agus a ráthaítear ar leithligh sna Conarthaí, agus ar an gcaoi sin dearbhaítear gur luachanna polaitiúla agus nach luachanna dlíthiúla iad. Thairis sin, agus coincheap an “smachta reachta” á shainiú i reachtaíocht earnáilsonrach, baineann reachtas an Aontais an bonn den léirmhíniú ar an gcoincheap sin mar chomhluach de chuid an Aontais Eorpaigh. Ar an dara dul síos, ní féidir an gaol idir Airteagal 2(a), Airteagal 3 agus Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear a chinneadh go soiléir agus ní fhéadfaí a chur as an áireamh, agus iad á gcomhfheidhmiú, go ngearrfaí pionóis i leith staideanna nach bhfuil baint acu le bainistíocht fhónta airgeadais d’acmhainní bhuiséad an Aontais nó le cosaint a leasanna airgeadais. Ar an gcaoi chéanna, níl ach nasc fánach ag na téarmaí a úsáidtear in Airteagal 3(b) den Rialachán le coincheap an “smachta reachta”, rud a bhriseann an nasc idir aidhm agus ábhar na reachtaíochta sin. Ar an tríú dul síos, déantar tagairt in Airteagal 3 agus in Airteagal 4(2) den Rialachán d’fhoclaíocht atá ró-neamhbheacht chun go mbeifí in ann na coinníollacha lena bhféadfaí sárú ar phrionsabail an smachta reachta a shuíomh a réamh-mheas. Mar thoradh air sin, tá discréid iomarcach ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle in imeachtaí ina bhféadfadh pionóis a bheith mar thoradh orthu. Ar an gceathrú dul síos, tugtar le tuiscint leis an gcoincheap “baol” a úsáidtear in Airteagal 4(1) den Rialachán sin go bhfuil toimhde ann a fhágann nach féidir aon nasc a shuíomh, ó thaobh an dlí de, idir an smacht reachta agus difear arna dhéanamh do bhuiséad an Aontais Eorpaigh nó dá leasanna airgeadais, agus a fhágann gur féidir, dá bhrí sin, pionóis a ghearradh i leith staideanna nár léiríodh sárú den sórt sin iontu. Thairis sin, dréachtaíodh Airteagal 4(2)(h) den Rialachán a chonspóidtear i dtéarmaí atá doiléir agus ní liosta uileghabhálach an liosta a leagtar amach i mír 2, cé gurb é sin an bonn faoinar nglactar pionóis. Ar an gcúigiú dul síos, ní dhéantar sainiú leordhóthanach sa tríú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán ar chineál ná ar raon feidhme na mbeart a d’fhéadfaí a ghlacadh. Ar an séú dul síos, briseann na focail “a mhéid is féidir” sa cheathrú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán sin an nasc idir an sárú a suíodh agus glacadh na mbeart cosantach. Ar an seachtú dul síos, ní shainítear ar bhealach beacht go leor in Airteagal 6(3) agus (8) den Rialachán na foinsí faisnéise ar a bhféadfadh an Coimisiún brath.

222

I gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, éilítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ar thaobh amháin, go mbeadh rialacha dlí soiléir agus beacht agus, ar an taobh eile, go mbeadh a gcur i bhfeidhm intuartha ag iadsan atá faoina réir, go háirithe nuair a d’fhéadfadh iarmhairtí díobhálacha a bheith leo. Ceanglaítear leis an bprionsabal sin, go háirithe, nach mór a chur ar chumas na daoine lena mbaineann, leis an reachtaíocht sin, eolas beacht a bheith acu faoi mhéid na n‑oibleagáidí a fhorchuirtear orthu agus nach mór do na daoine sin a bheith in ann eolas soiléir a fháil maidir lena gcearta agus lena n‑oibleagáidí agus socruithe a dhéanamh dá réir (breithiúnas an 29 Aibreán 2021, Banco de Portugal agus páirtithe eile, C‑504/19, EU:C:2021:335, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear).

223

Ní féidir a thuiscint as sin, áfach, go gcuireann na ceanglais sin bac ar reachtas an Aontais, i ndáil le riail a ghlacann sé, úsáid a bhaint as coincheap dlíthiúil teibí, ná go gceanglaítear leo go ndéanfar tagairt i riail theibí den sórt sin do na cásanna sonracha éagsúla ina bhféadfadh feidhm a bheith aici, toisc nach féidir leis an reachtas na cásanna sin go léir a chinneadh roimh ré (féach, de réir analaí, breithiúnas an 20 Iúil 2017, Marco Tronchetti Provera agus páirtithe eile, C‑206/16, EU:C:2017:572, míreanna 39 agus 40).

224

Dá bhrí sin, ní gá go bhfuil sé contrártha leis an gceanglas maidir le hintuarthacht má thugtar, i ngníomh dlí, discréid do na húdaráis atá freagrach as an ngníomh sin a chur chun feidhme, ar choinníoll go sainítear go sách soiléir an raon feidhme agus na rialacha mionsonraithe maidir leis an discréid sin a fheidhmiú, agus aird ar an aidhm dhlisteanach faoi cheist, amhail cosaint leordhóthanach a thabhairt ar threallachas (féach, chuige sin, breithiúnais an 17 Meitheamh 2010, Lafarge v an Coimisiún, C‑413/08 P, EU:C:2010:346, mír 94, agus an 18 Iúil 2013, Schindler Holding agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑501/11 P, EU:C:2013:522, mír 57).

225

Is i bhfianaise na mbreithnithe sin is iomchuí scrúdú a dhéanamh ar na hargóintí a bhí ag an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, mar thaca leis an bpléadáil lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, trí scrúdú a dhéanamh, sa chéad áit, ar na hargóintí nach féidir sainmhíniú beacht a chur ar choincheap an “smachta reachta” agus nach féidir é a léirmhíniú go haonfhoirmeach mar gheall ar an oibleagáid atá ann féiniúlacht náisiúnta gach ceann de na Ballstáit “a chosaint”; na hargóintí go n-áirítear, i gcoincheap an smachta reachta in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear, luachanna eile atá in Airteagal 2 CAE, ar de chineál polaitiúil agus ní de chineál dlíthiúil iad; agus na hargóintí go bhfuil sé d’éifeacht ag Airteagal 2(a) an bonn a bhaint den léiriú ar choincheap an “smachta reachta” mar chomhluach de chuid an Aontais.

226

Maidir leis sin, ar an gcéad dul síos, níl sé beartaithe le hAirteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear an coincheap sin a shainmhíniú go huileghabhálach; ní dhéantar ach, chun críoch an Rialacháin sin amháin, roinnt de na prionsabail a chumhdaítear leis a shonrú, arb iad, de réir reachtas an Aontais, na prionsabail is ábhartha do chuspóir an Rialacháin sin, eadhon cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú.

227

Ar an dara dul síos, mar atá luaite i mír 136 den bhreithiúnas seo, tuigtear le coincheap an “smachta reachta” dá dtagraítear in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear “luach an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE”, lena gcumhdaítear na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 2(a). Dá bhrí sin, níl sé d’éifeacht ag an bhforáil sin an bonn a bhaint den léirmhíniú ar choincheap an “smachta reachta” mar chomhluach de chuid an Aontais atá ina thoradh ar Airteagal 2 CAE.

228

Ar an tríú dul síos, murab ionann agus a éilíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, ní théann na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear thar theorainneacha choincheap an “smachta reachta”. Go háirithe, ní dhéantar an tagairt do chosaint na gceart bunúsach ach amháin mar léiriú ar riachtanais phrionsabal na cosanta éifeachtaí breithiúnaí, ar prionsabal é a ráthaítear in Airteagal 19 CAE freisin agus a aithníonn an Ungáir féin mar chuid den choincheap sin. Is amhlaidh atá sé i gcás na tagartha do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe. Cé go ndéantar tagairt go leithleach don smacht reachta in Airteagal 2 CAE mar chomhluach de chuid na mBallstát agus do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe, ní mór a chinneadh nach féidir a mheas go n‑áirithíonn Ballstát ag a bhfuil an t‑idirdhealú ina shaintréith dá shochaí urraim don smacht reachta, de réir bhrí an chomhluacha sin.

229

Tá sé ina thacaíocht don bhreithniú sin gur luaigh Coimisiún na Veinéise, sa Staidéar dá dtagraítear i mír 201 den bhreithiúnas seo agus dá dtagraítear in aithris 16 den Rialachán a chonspóidtear, inter alia, go bhfuil coincheap an “smachta reachta” bunaithe ar dhlí atá cinnte agus intuartha, ina bhfuil sé de cheart ag gach duine go gcaithfeadh cinnteoirí leo le dínit, go comhionann agus go réasúnach agus i gcomhréir leis an dlí, agus go mbeadh leigheasanna dlí acu chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí os comhair cúirteanna neamhspleácha agus neamhchlaonta, i gcomhréir le nós imeachta cothrom. Léirítear na saintréithe sin go beacht in Airteagal 2(a) den Rialachán sin.

230

Ar an gceathrú dul síos, maidir leis an oibleagáid a bhaineann le hurraim don smacht reachta, a d’fhéadfadh a sárú teacht faoi chuimsiú an tsásra coinníollachta cothrománaí arna bhunú in Airteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear, arna léamh i bhfianaise na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 2(a) den Rialachán sin, is léiriú sonrach é ar na ceanglais a eascraíonn, i gcás na mBallstát, as a mballraíocht san Aontas Eorpach, faoi Airteagal 2 CAE. Is oibleagáid maidir leis an toradh atá le baint amach an oibleagáid sin, mar a cuireadh in iúl i míreanna 124 go 127 den bhreithiúnas seo, a eascraíonn go díreach as na gealltanais a rinne na Ballstáit i leith a chéile agus i leith an Aontais.

231

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú nach ráiteas de threoirlínte nó rúin de chineál polaitiúil amháin atá in Airteagal 2 CAE, ach go bhfuil luachanna ann a bhaineann, mar a luadh i mír 127 den bhreithiúnas seo, le féiniúlacht an Aontais mar dhlíchóras, luachanna a léirítear go nithiúil i bprionsabail ina bhfuil oibleagáidí atá ceangailteach ó thaobh an dlí de ar na Ballstáit.

232

Cé, mar is léir ó Airteagal 4(2) CAE, go n‑urramaíonn an tAontas Eorpach féiniúlachtaí náisiúnta na mBallstát, ar gné dhílis dá struchtúir bhunúsacha iad, idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, sa chaoi is go bhfuil discréid áirithe ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme phrionsabail an smachta reachta a áirithiú, ní chiallaíonn sé sin, ar chaoi ar bith, go bhféadfadh an oibleagáid sin maidir leis an toradh atá le baint amach a bheith éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

233

Cé go bhfuil féiniúlachtaí náisiúnta ar leith acu, ar gné dhílis dá struchtúir bhunúsacha iad, idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, a urramaíonn an tAontas Eorpach, cloíonn na Ballstáit leis an gcoincheap den “smacht reachta” atá acu, ar comhluach é dá dtraidisiúin bhunreachtúla féin, agus tá gealltanas tugtha acu é a urramú ar bhonn leanúnach.

234

Dá réir sin, agus d’ainneoin nach mór don Choimisiún agus don Chomhairle a measúnuithe a dhéanamh agus aird chuí á tabhairt ar na himthosca agus comhthéacsanna sonracha a bhaineann le gach nós imeachta arna stiúradh faoin Rialachán a chonspóidtear agus, go háirithe, saintréithe chóras dlí an Bhallstáit atá i gceist á gcur san áireamh mar aon leis an discréid atá ag an mBallstát sin chun cur chun feidhme phrionsabail an smachta reachta a áirithiú, níl an ceanglas sin ar neamhréir, ar chaoi ar bith, leis an gcur i bhfeidhm de chritéir mheasúnaithe aonfhoirmeacha.

235

Thairis sin, cé gur fíor nach sonraítear in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear prionsabail an smachta reachta dá dtagraítear ann, luaitear in aithris 3 den Rialachán sin go bhfuil prionsabail na dlíthiúlachta, na deimhneachta dlíthiúla, an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin, na cosanta éifeachtaí breithiúnaí agus scaradh na gcumhachtaí, dá dtagraítear san fhoráil sin, ina n‑ábhar do chorpas substaintiúil de chásdlí na Cúirte. Is amhlaidh atá sé i gcás phrionsabail an chomhionannais os comhair an dlí agus an neamh‑idirdhealaithe, a luaitear sa Rialachán freisin, mar is léir, go háirithe, ó mhíreanna 94 agus 98 de bhreithiúnas an 3 Meitheamh 2021, an Ungáir v an Pharlaimint (C‑650/18, EU:C:2021:426) agus ó mhíreanna 57 agus 58 de bhreithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, Stát na Beilge (Ceart cónaithe i gcás foréigean teaghlaigh) (C‑930/19, EU:C:2021:657).

236

Aithnítear agus soiléirítear, dá bhrí sin, na prionsabail sin maidir leis an smacht reachta, mar a forbraíodh iad ar bhonn Chonarthaí an Aontais i gcásdlí na Cúirte, i ndlíchóras an Aontais agus is as comhluachanna arna n‑aithint agus arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit ina ndlíchórais féin a thagann siad.

237

Ina theannta sin, luaitear na príomhcheanglais a eascraíonn as na prionsabail sin in aithrisí 8 go 10 agus 12 den Rialachán a chonspóidtear. Go háirithe, soiléirítear na nithe a d’fhéadfadh a bheith ina léiriú ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta, a leagadh síos in Airteagal 3 den Rialachán sin, chomh maith leis na staideanna agus leis an iompar nach mór dóibh baint a bheith acu le sáruithe ar na prionsabail sin, arna sainmhíniú in Airteagal 4(2) den Rialachán sin, chun bheith ina n‑údar le bearta iomchuí a ghlacadh, de réir bhrí Airteagal 4(1) den Rialachán sin.

238

Ar deireadh, tá measúnuithe an Choimisiúin agus na Comhairle faoi réir na gceanglas nós imeachta a shonraítear in Airteagal 6(1) go (9) den Rialachán a chonspóidtear. Tugtar le tuiscint leis na ceanglais sin, go háirithe, mar a luaitear in aithris 26, nach mór don Choimisiún cur chuige fianaisebhunaithe a úsáid agus urraim a thabhairt do phrionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí agus imeachtaí faoin bhforáil sin á stiúradh aige. Maidir le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a shainaithint agus a mheas, ní mór na ceanglais sin a thuiscint i bhfianaise aithris 16 den Rialachán sin, ina luaitear nach mór an measúnú sin a bheith oibiachtúil, neamhchlaonta agus cothrom.

239

Sna himthosca sin, ní féidir leis an Ungáir a mhaíomh nach bhfuil na Ballstáit in ann cinneadh atá beacht go leor a dhéanamh maidir leis an mbuninneachar agus na ceanglais a eascraíonn as gach ceann de na prionsabail a liostaítear in Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear nó nach bhfuil sna prionsabail sin ach prionsabail de chineál polaitiúil amháin agus nach bhfuil an scrúdú ar chomhlíonadh na bprionsabal sin faoi réir measúnú dlíthiúil.

240

Sa dara háit, tíolacann an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, nach féidir an gaol idir Airteagal 2(a), Airteagal 3 agus Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear a shuíomh go soiléir, nach féidir a eisiamh, mar thoradh ar chur i bhfeidhm comhpháirteach na bhforálacha sin, go bhféadfaí pionós a ghearradh maidir le staideanna nach bhfuil baint acu le bainistíocht fhónta acmhainní bhuiséad an Aontais agus nach bhfuil ach nasc fánach ag na coincheapa dá dtagraítear in Airteagal 3(b) den Rialachán sin leis an gcoincheap “smacht reachta”.

241

Maidir leis sin, ar an gcéad dul síos, tá sé tugtha faoi deara i míreanna 136 go 138 agus 147 den bhreithiúnas seo go sainítear le hAirteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear, chun críoch an Rialacháin sin amháin, go gcumhdaítear leis an gcoincheap sin prionsabail na dlíthiúlachta, na deimhneachta dlíthiúla, an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin, na cosanta éifeachtaí breithiúnaí, scaradh na gcumhachtaí, an neamh-idirdhealaithe agus an chomhionannais os comhair an dlí, go bhfuil sé d’aidhm ag Airteagal 3 den Rialachán sin, trí thagairt a dhéanamh do chásanna a d’fhéadfadh a bheith ina léiriú ar sháruithe ar na prionsabail sin, cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a éascú, trí na ceanglais is gné dhílis iad de na prionsabail sin a mhíniú, agus go bhforáiltear in Airteagal 4 den Rialachán, i mír 2, raon feidhme an tsásra coinníollachta cothrománaí arna bhunú i mír 1, lena gceanglaítear go mbainfeadh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta leis na staideanna nó iompar ag údaráis atá liostaithe i bpointí (a) go (h), a mhéid is ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

242

Leanann ón méid thuasluaite go bhfuil naisc atá beacht go leor idir Airteagal 2(a), Airteagal 3 agus Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear i bhfianaise phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

243

Ina dhiaidh sin, murab ionann agus a éilíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, níl aon bhaol ann, le cur i bhfeidhm comhpháirteach na bhforálacha sin, go bhféadfadh staideanna nach bhfuil baint acu le bainistíocht fhónta acmhainní bhuiséad an Aontais a bheith ina n‑ábhar do bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán a chonspóidtear. Mar a thugtar faoi deara i mír 147 den bhreithiúnas seo, le hAirteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, teorannaítear raon feidhme an tsásra coinníollachta cothrománaí do staideanna agus iompar ag údaráis na mBallstát atá ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais. agus ceanglaítear leis, in Airteagal 4(1), go gcruthófar fíornasc, i ngach cás, idir sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, ar thaobh amháin, agus difear don bhainistíocht fhónta airgeadais sin nó do chosaint na leasanna airgeadais sin, nó baol mór de sin, ar an taobh eile.

244

Ar deireadh, ní féidir glacadh le héilimh na hUngáire, arna ndéanamh le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, nach bhfuil ach nasc fánach agus indíreach le coincheap an “smachta reachta” ag na frásaí “mainneachtain [...] acmhainní airgeadais agus daonna a choinneáil siar a dhéanann difear [d’fheidhmiú cuí na n-údarás poiblí a chosc]”, “mainneachtain a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann” agus “mainneachtain cinntí [...] neamhdhleathacha [a chosc]”, a leagtar amach in Airteagal 3(b) den Rialachán a chonspóidtear. Mar is léir ó aithrisí 9 agus 10 den Rialachán sin, d’fhéadfadh sárú ar phrionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin nó ar phrionsabal na cosanta éifeachtaí breithiúnaí a bheith mar thoradh ar na nithe sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia Forumul Judecătorilor din România agus páirtithe eile, C‑83/19, C‑127/19, C‑195/19, C‑291/19, C‑355/19 agus C‑397/19, EU:C:2021:393, míreanna 210 go 214, agus an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus páirtithe eile, C‑357/19, C‑379/19, C‑547/19, C‑811/19 agus C‑840/19, EU:C:2021:1034, míreanna 195 go 213).

245

Sa tríú háit, maíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, nach gcomhlíonann an Rialachán a chonspóidtear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla sa mhéid is go dtagraítear ann, in Airteagal 3 agus in Airteagal 4(2), do fhrásaí atá ró-neamhbheacht — amhail “feidhmiú cuí na n-údarás”, “athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha ar [na húdaráis]”, “comhar éifeachtach tráthúil le OLAF” agus “staideanna nó iompar eile ag údaráis is ábhartha” — chun bheith in ann na himthosca a réamh-mheas ina bhféadfar sárú ar phrionsabail an smachta reachta a shuíomh agus sa mhéid is go dtugann sé discréid iomarcach don Choimisiún agus don Chomhairle ina leith sin.

246

Tíolacann an Ungáir freisin, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go bhfuil Airteagal 4(2)(h) den Rialachán a chonspóidtear contrártha le ceanglais phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Go deimhin, de bhrí nach mór, i riail lena ngearrtar pionós, an t‑iompar ar a ndírítear a shainiú go beacht agus go cuimsitheach, sáraíonn an fhoráil sin an ceanglas sin toisc go bhforáiltear léi go bhféadfadh “staideanna nó iompar eile ag údaráis”, gan iad a shainmhíniú, bonn cirt a thabhairt do ghlacadh beart. Thairis sin, le foclaíocht na forála sin ní féidir a fháil amach an bhfuil nasc ann idir an téarma “staideanna” agus an téarma “údaráis” nó nach bhfuil. Ar deireadh, tá éiginnteacht dhlíthiúil ann mar thoradh ar easpa beachtais an choincheapa “údaráis”.

247

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, maidir le “feidhmiú cuí” na n‑údarás poiblí, lena n‑áirítear údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme agus údaráis a dhéanann rialú airgeadais, faireachán agus iniúchtaí, chomh maith le seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí, dá dtagraítear in Airteagal 3(b) agus in Airteagal 4(2)(a) go (c) den Rialachán a chonspóidtear, is léir ó aithrisí 8 agus 9 den Rialachán sin go dtagraíonn an frása sin do chumas na n‑údarás sin a bhfeidhmeanna maidir le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó leasanna airgeadais an Aontais a fheidhmiú go cuí, go héifeachtach agus go héifeachtúil.

248

Ar an dara dul síos, ní hamháin go sonraítear an coincheap “athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha” ar ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhartha na n‑údarás a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme nó na n-údarás a dhéanann rialú airgeadais, faireachán agus iniúchtaí nó na seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí, dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(d) den Rialachán a chonspóidtear, in aithrisí 8 go 10 agus 12 den Rialachán sin, ach, mar a luadh i míreanna 132, 161 agus 162 den bhreithiúnas seo, tá sé ina ábhar i gcásdlí substaintiúil de chuid na Cúirte maidir le hAirteagal 19 CAE agus Airteagal 47 den Chairt.

249

Ar an tríú dul síos, maidir le “comhar éifeachtach tráthúil le OLAF”, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an ceanglas maidir le comhar den sórt sin soiléir i rialacha airgeadais an Aontais. Le hAirteagal 63(2)(d) den Rialachán Airgeadais, ceanglaítear ar na Ballstáit, agus iad ag tabhairt faoi chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid, gach beart reachtach, rialála agus riaracháin is gá a ghlacadh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus, go háirithe, comhoibriú a dhéanamh, i gcomhréir leis an Rialachán sin agus na rialacha earnáilsonracha, le OLAF.

250

Sonraítear an ceanglas sin maidir le comhar, inter alia, in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais agus áirítear leis an oibleagáid na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt do OLAF chun a chumhachtaí a fheidhmiú go hiomlán, amhail an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir le Rialachán Uimh. 883/2013. Ina theannta sin, leanann as Airteagal 131(1) den Rialachán Airgeadais, nuair is cosúil go raibh calaois i nós imeachta maidir um dhámhachtain, nach mór don duine inniúil OLAF a chur ar an eolas láithreach. Ar deireadh, féadfar sonraí breise maidir leis an gcomhar is gá a thuiscint ó Airteagal 57, Airteagal 91(2), Airteagal 132(2), Airteagal 187(3)(b)(ii) agus Airteagal 220(5)(c) den Rialachán sin agus ó Rialachán Uimh. 883/2013.

251

Ar an gceathrú dul síos, ní mór an frása “staideanna nó iompar eile ag údaráis” in Airteagal 4(2)(h) den Rialachán a chonspóidtear a léirmhíniú i bhfianaise Airteagal 4(2)(a) go (g) agus Airteagal 4(1) den Rialachán sin.

252

I ndáil leis sin, is léir ó léamh ar Airteagal 4(1) i gcomhar le hAirteagal 4(2)(h) den Rialachán a chonspóidtear go ndéanfar bearta iomchuí i gcás ina suitear go ndearnadh sárú ar cheann de na prionsabail a shainaithnítear in Airteagal 2(a) den Rialachán sin agus go mbaineann sé le staid atá inchurtha i leith údarás Ballstáit nó le hiompar údaráis Ballstáit, sa mhéid is go bhfuil an staid nó an t‑iompar sin ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus go ndéanann an sárú sin difear don bhainistíocht fhónta airgeadais sin nó do na leasanna airgeadais sin ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé difear.

253

Ní hamháin go bhfuil cur i bhfeidhm Airteagal 4(2)(h) den Rialachán a chonspóidtear, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(1) den Rialachán sin, teoranta de réir na gcritéar go léir dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, ach tá sé faoi réir na gceanglas nós imeachta a leagtar amach i mír 239 den bhreithiúnas seo freisin.

254

Dá bhrí sin, ní féidir a mheas go gciallaíonn “staideanna nó iompar eile ag údaráis”, dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(h) den Rialachán a chonspóidtear, nach liosta uileghabhálach é an liosta de sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta a leagtar amach i mír 2, toisc go sainítear i dtéarmaí teibí agus ginearálta iad.

255

Ina theannta sin, in Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, a mhéid a dtagraítear ann, i bpointí (a) go (g), d’údaráis áirithe, lena n‑áirítear “[na húdaráis] a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme”, “[na húdaráis] a dhéanann rialú airgeadais, faireachán agus iniúchtaí” nó “[na húdaráis] riaracháin”, tugtar treoir maidir leis na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (h).

256

Thairis sin, is féidir a thuiscint ón sainmhíniú ar an gcoincheap “eintiteas rialtais” in Airteagal 2(b) den Rialachán a chonspóidtear go dtagraítear d’údaráis phoiblí ar aon leibhéal rialtais, lena n‑áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus do chomhlachtaí arna rialú ag an dlí poiblí, nó fiú comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu chomh maith le ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ón mBallstát. Tacaítear leis an gcinneadh sin le haithrisí 3, 8, 9, 15 agus 19 den Rialachán sin chomh maith le hAirteagal 3(b), ina dtagraítear go heisiach do “údaráis phoibl픓údaráis forfheidhmithe dlí” agus “údaráis náisiúnta”.

257

Ar deireadh, mar atá luaite i mír 164 den bhreithiúnas seo, tagraíonn an téarma “staideanna” do staideanna atá inchurtha i leith údarás den sórt sin.

258

Dá bhrí sin, i bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite, ní féidir leis an Ungáir a áitiú nach gcuireann na frásaí, a lochtaítear, in Airteagal 3 agus Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear ar chumas an Bhallstáit a raon feidhme nó a gciall a chinneadh le cinnteacht leordhóthanach, chun a chur ar a chumas na himthosca a réamh-mheas ina bhféadfar sárú ar phrionsabail an smachta reachta de réir bhrí an Rialacháin sin a shuí.

259

Ar an gcúigiú dul síos, i bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite, lena gcinntear go gcomhlíonann na frásaí dá dtagraítear i mír 246 den bhreithiúnas seo ceanglais phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, agus i bhfianaise na bhforas atá leagtha amach i míreanna 171 agus 239 den bhreithiúnas seo, ní mór agóidí na hUngáire, arna ndéanamh le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, a bhaineann leis an líomhain go dtugtar discréid iomarcach don Choimisiún agus don Chomhairle leis na frásaí sin, a dhiúltú toisc iad a bheith gan bhunús.

260

Ar an gceathrú dul síos, maíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go sáraíonn an coincheap “baol” in Airteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla sa mhéid is go gceadófar leis pionóis threallacha a ghearradh i gcásanna éiginnte nó neamhchruthaithe. Tugann an coincheap sin le tuiscint go bhfuil toimhde ann, ós rud é nach féidir aon nasc a chruthú, ó thaobh an dlí de, idir an smacht reachta agus difear a dhéanamh do bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus toisc nach féidir cinneadh oibiachtúil, teicniúil agus fíorasach a dhéanamh maidir leis na coinníollacha a bhaineann le cur i bhfeidhm na forála sin.

261

Maidir leis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i bpointe 311 dá Thuairim, bheadh sé ar neamhréir le ceanglais bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais agus le cosaint leasanna airgeadais an Aontais glacadh beart iomchuí a theorannú do chásanna ina ndearnadh damáiste atá cruthaithe don bhainistíocht fhónta airgeadais sin nó do na leasanna airgeadais sin. Go bunúsach, leis an teorannú sin, dhéanfaí glacadh beart iomchuí a chosc i gcás ina mbeadh sé réasúnach bheith ag súil go ndéanfaí difear ann, ós rud é go bhfuil dóchúlacht ard ann de sin, cé nach bhfuil sé cruthaithe go fóill. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbainfeadh an teorannú sin an bonn de chuspóir an Rialacháin a chonspóidtear, lena mbeartaítear, mar atá leagtha amach i mír 119 den bhreithiúnas seo, buiséad an Aontais a chosaint ar éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát.

262

Maidir leis na coincheapa “bainistíocht fhónta airgeadais” agus “cosaint leasanna airgeadais an Aontais”, tagraítear don chéad cheann acu sa chéad mhír d’Airteagal 317 CFAE agus sainmhínítear é in Airteagal 2(59) den Rialachán Airgeadais mar chur chun feidhme an bhuiséid de réir phrionsabail [na barainneachta] […], phrionsabal na héifeachtúlachta agus phrionsabal na héifeachtachta, cé go mbaineann an dara ceann acu freisin le hAirteagal 325 CFAE agus go gcumhdaítear leis, de réir Airteagal 63(2) den Rialachán Airgeadais, gach beart reachtach, rialála agus riaracháin atá ceaptha, inter alia, chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú agus an buiséad á chur chun feidhme.

263

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go sainmhínítear “leasanna airgeadais an Aontais” in Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 883/2013 mar “ioncam, caiteachas agus sócmhainní a chumhdaítear le buiséad an Aontais Eorpaigh agus iad siúd a chumhdaítear le buiséid na n‑institiúidí, na gcomhlachtaí, na n‑oifigí agus na ngníomhaireachtaí agus na buiséid a ndéanann siad bainistiú agus faireachán orthu”. Maidir leis an gCoimisiún, foráiltear le hAirteagal 135(1), (3) agus (4) den Rialachán Airgeadais go mbunóidh agus go n‑oibreoidh an Coimisiún, chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, córas luathbhratha agus eisiaimh.

264

Chinn an Chúirt freisin go gcumhdaítear leis an gcoincheap “leasanna airgeadais an Aontais”, de réir bhrí Airteagal 325(1) CFAE, ní hamháin ioncam a chuirtear ar fáil do bhuiséad an Aontais ach caiteachas atá cumhdaithe ag an mbuiséad sin freisin (breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus páirtithe eile, C‑357/19, C‑379/19, C‑547/19, C‑811/19 agus C‑840/19, EU:C:2021:1034, mír 183). Tá an coincheap sin ábhartha, dá bhrí sin, ní hamháin i gcomhthéacs na mbeart chun neamhrialtachtaí agus calaois dá dtagraítear san fhoráil sin a chomhrac, ach freisin i gcomhthéacs bhainistíocht fhónta airgeadais an bhuiséid sin, ós rud é go rannchuidíonn cosaint na leasanna airgeadais sin leis an mbainistíocht fhónta sin freisin.

265

Dá bhrí sin, tá an cosc ar éifeachtaí amhail iadsan dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear ina chomhlánú ar cheartú na n-éifeachtaí sin, rud atá ina chuid dhílis den choincheap “bainistíocht fhónta airgeadais” agus den choincheap “cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh” agus ní mór, dá bhrí sin, a mheas gur ceanglas buan agus cothrománach de rialacha airgeadais an Aontais é.

266

Ar deireadh, de réir na forála sin, ní mór baol “mór” a bheith ann ann go ndéanfadh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do leasanna airgeadais an Aontais agus ceanglaítear leis, dá bhrí sin, nach mór a léiriú go bhfuil dóchúlacht ard den bhaol sin ann, i ndáil leis na staideanna nó iompar ag údaráis dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán a chonspóidtear, agus nach féidir, ina theannta sin, bearta iomchuí a ghlacadh ach ar choinníoll go bhfuil nasc sách díreach, eadhon fíornasc, idir sárú ar cheann de phrionsabail an smachta reachta agus an baol mór sin. Thairis sin, agus na bearta sin á nglacadh, ní mór na ceanglais nós imeachta a leagtar amach i mír 239 den bhreithiúnas seo a chomhlíonadh freisin.

267

Dá bhrí sin, ní mór argóint na hUngáire, arna déanamh le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go gceadaítear leis an gcoincheap “baol” in Airteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear pionóis threallacha a ghearradh i gcásanna éiginnte nó neamhchruthaithe, a dhiúltú toisc í a bheith gan bhunús.

268

Sa chúigiú háit, maidir leis an argóint nach sonraítear go leordhóthanach leis an tríú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear cineál agus raon feidhme na mbeart chun buiséad an Aontais a chosaint a d’fhéadfaí a ghlacadh faoi Airteagal 4(1) den Rialachán sin, ní mór a mheabhrú, ar dtús, go liostaítear ar bhealach uileghabhálach in Airteagal 5(1) den Rialachán sin na bearta cosanta éagsúla a d’fhéadfaí a ghlacadh, mar a luaitear i mír 135 den bhreithiúnas seo.

269

Ar an dara dul síos, is toradh é ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán a chonspóidtear go bhfuil údar cuí agus riachtanas ann maidir le glacadh ceann amháin de na bearta cosanta sin.

270

Ar an tríú dul síos, maidir leis na critéir atá le cur i bhfeidhm d’fhonn cinneadh a dhéanamh faoin mbeart nó faoi na bearta nach mór a ghlacadh i gcás ar leith, chomh maith lena raon feidhme, luaitear sa chéad go dtí an tríú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán nach mór na bearta a dhéanfar a bheith comhréireach, nach mór iad a chinneadh i bhfianaise thionchar iarbhír nó féideartha na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais agus nach mór aird chuí a thabhairt ar chineál, fad, tromchúis agus raon feidhme na sáruithe ar an smacht reachta. Dá réir sin, ní mór do na bearta a dhéantar a bheith go hiomlán comhréireach leis an tionchar a bheadh ag na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta arna suí ar bhuiséad an Aontais nó ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

271

Mar thoradh ar an méid sin roimhe seo, maidir leis an argóint nach sonraítear go leordhóthanach sa tríú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear cineál agus raon feidhme na mbeart iomchuí a d’fhéadfaí a ghlacadh, ní mór í a dhiúltú toisc í a bheith gan bhunús.

272

Ar an séú dul síos, maidir le hargóintí na hUngáire, arna ndéanamh le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go sáraítear leis an téarma “a mhéid is féidir” sa cheathrú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla sa mhéid is go mbriseann sé an nasc idir an sárú a suíodh agus na bearta cosanta arna nglacadh, agus, mar sin, go mbíonn éifeacht ar chomhréireacht na mbeart sin agus carachtar pionósach orthu, ba cheart a mheabhrú, ar dtús, nach n‑údaraítear leis an bhfrása sin na bearta a glacadh faoi Airteagal 5(1) den Rialachán sin a athrú ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir le tionchar an tsáraithe i gceist ar bhuiséad an Aontais nó ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

273

Mar a thugtar faoi deara i mír 271 den bhreithiúnas seo, leanann as an gcéad go dtí an tríú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán sin nach mór do na bearta arna ndéanamh a bheith go hiomlán comhréireach le tionchar na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhuiséad an Aontais nó ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais, beag beann ar cé acu an féidir nó nach féidir, leis na bearta sin, díriú go héifeachtach ar na gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a ndéanann na sáruithe sin difear dóibh.

274

Ina dhiaidh sin, leis an bhfrása “a mhéid is féidir”, ní cheadaítear bearta a ghlacadh a bhaineann le gníomhaíochtaí an Aontais seachas iadsan a ndéanann sárú den sórt sin difear dóibh, ach amháin sa chás nach féidir díriú ar na gníomhaíochtaí sin nó nach féidir díriú orthu a thuilleadh nó go leordhóthanach chun cuspóir an Rialacháin a chonspóidtear a bhaint amach, arb é, mar a leagtar amach in Airteagal 1, buiséad an Aontais ina iomláine a chosaint, agus, mar thoradh air sin, tá gá leis na bearta sin chun an cuspóir sin a bhaint amach.

275

Dá bhrí sin, is mar mhalairt amháin air sin agus, dá bhrí sin, de mhaolú air sin, i gcúinsí nach mór don Choimisiún a shuí go cuí, go bhféadfaí, leis na bearta a dhéantar, díriú ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh nach ndearna na sáruithe sin difear dóibh.

276

Dá bhrí sin, leis an gceathrú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear, ní thugtar discréid don Choimisiún agus don Chomhairle maidir le rogha na gníomhaíochta a chumhdaítear leis an mbeart atá le glacadh ach amháin i gcás ina mbeadh sé sin sár-riachtanach chun cosaint bhuiséad an Aontais ina iomláine a áirithiú. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(7) agus (8) den Rialachán sin, tá sé de cheangal ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh, inter alia, ar chomhréireacht na mbeart atá beartaithe agus deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a bharúlacha a thíolacadh maidir leis na bearta sin agus, go háirithe, maidir lena gcomhréireacht, ós rud é nach mór na ceanglais sin a thuiscint i bhfianaise aithris 26 den Rialachán céanna, mar a meabhraíodh i mír 239 den bhreithiúnas seo.

277

Dá bhrí sin, ní bhristear leis an téarma “a mhéid is féidir”, de réir bhrí an cheathrú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear, an nasc idir sárú ar phrionsabal an smachta reachta a suíodh agus an difear, nó an baol mór go ndéanfaí difear, do bhuiséad an Aontais Eorpaigh nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais dá bharr, ós rud é nach féidir, leis an bhfrása sin, díriú ar ghníomhaíocht de chuid an Aontais nach í an ghníomhaíocht a ndéanann an sárú sin difear di ach amháin i gcás nach féidir cuspóir an Rialacháin sin, agus é sin buiséad an Aontais a chosaint ina iomláine, a bhaint amach ar shlí eile. Chomh maith leis sin, leagtar síos ina leith sin, leis an Rialachán sin, ceanglais dhiana nós imeachta agus ní scaoiltear, leis an bhfoclaíocht sin, an Coimisiún ná an Chomhairle óna n-oibleagáid comhréireacht na mbeart arna nglacadh a urramú go hiomlán, i bhfianaise thionchar an tsáraithe a suíodh ar bhuiséad an Aontais.

278

Faoi na coinníollacha seo, níl d’éifeacht ag an bhforáil sin carachtar pionósach maidir le sáruithe ar an smacht reachta iontu féin a thabhairt do na bearta chun buiséad an Aontais a chosaint, rud a chiallaíonn nach mór diúltú don argóint go sáraítear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla leis an bhfrása “a mhéid is féidir” sa cheathrú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear, de bharr go mbriseann sé an nasc idir sárú a suíodh agus na bearta a glacadh, toisc gur argóint gan bhunús í.

279

Ar an seachtú dul síos, maidir leis an argóint nach sainmhínítear ar bhealach beacht go leor in Airteagal 6(3) agus (8) den Rialachán a chonspóidtear na foinsí faisnéise ar féidir leis an gCoimisiún brath orthu, ós rud é nach leagtar amach ann an bonn ar a gcaithfidh an Coimisiún scrúdú agus measúnú a dhéanamh arbh ann do shárú ar phrionsabail an smachta reachta, ba cheart a mheabhrú, mar a leagtar amach san Airteagal sin, agus scrúdú á dhéanamh aige an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán sin agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhréireacht na mbeart ábhartha de chuid an Aontais, go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh aon fhaisnéis ábhartha ó na foinsí atá ar fáil, lena n‑áirítear cinntí, conclúidí agus moltaí ó institiúidí an Aontais, eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile agus institiúidí aitheanta eile.

280

I ndáil leis sin, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear, is faoin gCoimisiún atá sé a shuíomh go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 den Rialachán sin.

281

Ina theannta sin, faoi Airteagal 6(1) den Rialachán sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún na heilimintí fíorais agus forais shonracha, ar a bhfuil a chonclúidí go bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go gcomhlíontar na coinníollacha sin bunaithe, a leagan amach i bhfógra i scríbhinn chuig an mBallstát lena mbaineann,.

282

Dá bhrí sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú dícheallach a dhéanamh ar na fíorais i bhfianaise na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 den Rialachán a chonspóidtear. Is fíor é sin freisin, i gcomhréir le hAirteagal 6(7) go (9) den Rialachán sin, maidir leis an gceanglas faoi chomhréireacht na mbeart, a leagtar síos in Airteagal 5(3) den Rialachán.

283

Ina theannta sin, luaitear in aithrisí 16 agus 26 i mbrollach an Rialacháin sin nach mór don Choimisiún measúnú cáilíochtúil críochnúil a dhéanamh, nach mór dó a bheith oibiachtúil, neamhchlaonta agus cothrom, nach mór dó prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh‑idirdhealaithe agus na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí a urramú agus nach mór é a dhéanamh de réir cur chuige neamhpháirteach fianaisebhunaithe.

284

Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún é féin a shásamh, faoi réir athbhreithniú bhreithiúnacht an Aontais Eorpaigh, maidir le hábharthacht na faisnéise a úsáideann sé agus iontaofacht a fhoinsí. Go háirithe, ní leagtar amach leis na forálacha sin aon luach cruthúnais sonrach nó absalóideach agus níl aon éifeachtaí dlíthiúla sonracha a ghabhann leis na foinsí faisnéise dá dtagraítear leo, nó leis na foinsí faisnéise dá dtagraítear in aithris 16 den Rialachán sin, agus dá bharr sin ní chomhlíontar leo an oibleagáid atá ar an gCoimisiún measúnú dícheallach a dhéanamh ar na fíorais, ar measúnú é a chomhlíonann go hiomlán na ceanglais a leagtar amach sa mhír roimhe seo.

285

Maidir leis sin, mínítear in aithris 16 den Rialachán a chonspóidtear go n‑áirítear san fhaisnéis ábhartha ó na foinsí atá ar fáil agus ó institiúidí aitheanta, inter alia, breithiúnais na Cúirte Breithiúnais, tuarascálacha na Cúirte Iniúchóirí, tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta agus Scórchlár Ceartais AE, tuarascálacha ó OLAF, ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, mar aon le conclúidí agus moltaí ó eagraíochtaí agus líonraí idirnáisiúnta ábhartha, lena n‑áirítear comhlachtaí de chuid Chomhairle na hEorpa amhail Grúpa Stát na hEorpa i gcoinne Éillithe (GRECO) agus Coimisiún na Veinéise, go háirithe seicliosta an smachta reachta dá chuid, agus líonraí Eorpacha na gcúirteanna uachtaracha agus na gcomhairlí breithiúna.

286

Dá bhrí sin, is é an Coimisiún atá freagrach i gcónaí as an bhfaisnéis a úsáideann sé agus as iontaofacht a fhoinsí. Ina theannta sin, le linn an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) go (9) den Rialachán a chonspóidtear, tá sé de rogha ag an mBallstát lena mbaineann barúlacha a thíolacadh maidir leis an bhfaisnéis a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún a úsáid d’fhonn a mholadh go nglacfaí bearta iomchuí. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé cur in aghaidh luach cruthúnais gach ceann de na heilimintí fianaise a bhfuiltear ag brath orthu agus, ar aon chaoi, tá tuillteanas mheasúnuithe an Choimisiúin faoi réir athbhreithniú ag breithiúnacht an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs caingean arna tionscnamh i gcoinne cinneadh ón gComhairle a rinneadh faoin Rialachán sin.

287

Go háirithe, ní mór don Choimisiún an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas go sonrach, a luaithe is a thionscnófar an nós imeachta in Airteagal 6(1) den Rialachán a chonspóidtear, agus go tréimhsiúil le linn an nós imeachta sin, faoin bhfaisnéis ábhartha ó na foinsí atá ar fáil ar a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún an togra a chuirfidh sí faoi bhráid na Comhairle a bhunú maidir le cinneadh cur chun feidhme i ndáil le bearta iomchuí.

288

Leanann as an méid sin nach mór an tríú pléadáil a dhiúltú toisc í a bheith gan bhunús.

289

I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, ní mór diúltú don phríomhéileamh go ndéanfar an Rialachán a chonspóidtear a neamhniú ina iomláine.

B. Éilimh mhalartacha go ndéanfar an Rialachán a chonspóidtear a neamhniú go páirteach

1.   An t-éileamh go ndéanfar Airteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú

(a)   Argóintí na bpáirtithe

290

Leis an gceathrú pléadáil, a ardaíodh mar thaca lena héileamh malartach go ndéanfaí Airteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú, éilíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go bhfuil an fhoráil sin díréireach agus go sáraítear léi prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na soiléireachta reachtacha, mar a leagtar amach i gcomhthéacs an tríú pléadáil iad, ós rud é go gceadaítear léi bearta a ghlacadh chun buiséad an Aontais a chosaint ní hamháin i gcás ina ndéantar difear don bhuiséad sin nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach sách díreach, ach i gcás freisin nach bhfuil ach baol mór go ndéanfaí difear den sórt sin.

291

Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Ríocht na Danmhairge, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na Fraince, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Ríocht na hÍsiltíre, ó Phoblacht na Fionlainne, ó Ríocht na Sualainne agus ón gCoimisiún, go príomha, go bhfuil an ceathrú pléadáil neamh-inghlactha agus, mar mhalairt air sin, díospóideann siad tuillteanas na hargóinte sin.

(b)   Breithniú na Cúirte

292

De réir cásdlí socair, ní féidir gníomh de dhlí an Aontais a neamhniú go páirteach ach amháin más féidir na gnéithe a bhfuil a neamhniú á lorg a bhaint ón gcuid eile den ghníomh. Ní chomhlíontar an ceanglas sin i gcás ina mbeadh sé d’éifeacht ag neamhniú páirteach de ghníomh substaint an ghnímh sin a athrú, rud nach mór a mheasúnú ar bhonn critéar oibiachtúil agus ní ar bhonn critéar suibiachtúil a bhaineann le toil pholaitiúil an údaráis a ghlac an beart i gceist (breithiúnas an 6 Nollaig 2012, an Coimisiún v Verhuizingen Coppens, C‑441/11 P, EU:C:2012:778, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

293

I ndáil leis sin, maíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle, mar is ceart, go n‑athrófaí substaint an Rialacháin a chonspóidtear dá ndéanfaí Airteagal 4(1) a neamhniú, ós rud é go sonraítear san fhoráil sin na coinníollacha is gá chun na bearta a leagtar amach in Airteagal 5(1) den Rialachán sin a ghlacadh agus gurb ionann é, sa chiall sin, agus croí an tsásra coinníollachta cothrománaí arna bhunú leis an Rialachán sin. Gan an fhoráil sin a bhfuil a neamhniú á iarraidh, ní chomhlíonfaí leis an Rialachán sin an cuspóir atá leagtha amach in Airteagal 1, agus é sin “na rialacha atá riachtanach chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sna Ballstáit” a bhunú.

294

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don éileamh go ndéanfaí Airteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú toisc é a bheith neamh‑inghlactha, agus mar thoradh air sin níl gá tuillteanas an cheathrú pléadáil, a ardaíodh mar thaca leis an éileamh sin, a scrúdú.

2.   An t-éileamh go ndéanfar Airteagal 4(2)(h) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú

(a)   Argóintí na bpáirtithe

295

Leis an gcúigiú pléadáil, a ardaíodh mar thaca lena héilimh mhalartacha go ndéanfaí Airteagal 4(2)(h) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú, tíolacann an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go sáraítear leis an bhforáil sin an ceanglas lena gceanglaítear nach mór an t‑iompar agus na cásanna atá le cosc a shainiú go beacht. Dá bhrí sin, toisc nach bhfuil liosta beacht uileghabhálach de na cásanna lena mbaineann an sásra coinníollachta cothrománach arna bhunú ag an Rialachán sin, sáraítear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus Airteagal 7 CAE.

296

Ar an gcéad dul síos, tugann an Ungáir faoi deara gur chuir Seirbhís Dlí na Comhairle in iúl, ina Tuairim Dlí Uimh. 13593/18, nach mór a léiriú go beacht, i bhforáil lena bhforáiltear do shásra coinníollachta, na coinníollacha atá le comhlíonadh d’fhonn cistiú a fháil, ar coinníollacha iad a bhfuil baint leordhóthanach acu le cuspóir an chistithe, ionas nach mbeadh an cistiú ar neamhréir le bainistíocht fhónta airgeadais mura gcomhlíonfar iad. Dá réir sin, leis an Rialachán a chonspóidtear, agus liosta neamh-uileghabhálach ann de na cásanna ina bhféadfaí an sásra coinníollachta arna bhunú leis an Rialachán a úsáid, ní féidir a ráthú go bhfuil baint sách díreach ann le cosaint bhuiséad an Aontais agus leasanna airgeadais an Aontais.

297

Ar an dara dul síos, is é an tuiscint atá ag an Ungáir ón bhfoclaíocht “fhíorghinearálta” in Airteagal 4(2)(h) den Rialachán a chonspóidtear ná go sáraítear ceanglais na soiléireachta, an bheachtais agus na hintuarthachta agus, dá bhrí sin, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ós rud é nach liostaítear go beacht agus go huileghabhálach san fhoráil sin na staideanna ina bhféadfaí bearta iomchuí a ghlacadh faoin Rialachán sin. Tá an fhoráil sin, go háirithe i bhfianaise a leaganacha teanga éagsúla, éiginnte, doiléir agus neamhtheoranta agus ní féidir í a léirmhíniú ná a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Tá baol mór ann, dá bharr sin, go sárófaí prionsabal na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí.

298

Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Ríocht na Danmhairge, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na Fraince, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Ríocht na hÍsiltíre, ó Phoblacht na Fionlainne, ó Ríocht na Sualainne agus ón gCoimisiún, na hargóintí sin a dhíospóid.

(b)   Breithniú na Cúirte

299

Ar an gcéad dul síos, leanann as míreanna 244 agus 253 den bhreithiúnas seo, contrártha le haighneachtaí na hUngáire, nach ndéantar, le hAirteagal 4(2)(h) den Rialachán a chonspóidtear, maolú ar bith ar an gceanglas nach mór nasc sách díreach a bheith ann i gcónaí idir sárú ar phrionsabal an smachta reachta agus difear nó baol mór go ndéanfaí difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint a leasanna airgeadais.

300

Ina theannta sin, is léir ó mhíreanna 255 agus 259 den bhreithiúnas seo nach bhfuil sé d’éifeacht ag an bhforáil sin, ar an gcéad dul síos, liosta uileghabhálach a dhéanamh de na staideanna agus iompar ag údaráis lena mbaineann na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta in Airteagal 4(2) den Rialachán sin agus, ar an dara dul síos, go bhfuil sí sách beacht chun prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a chomhlíonadh.

301

Sa dara háit, maidir leis na hargóintí a bhaineann le cuspóir an Rialacháin a chonspóidtear agus maidir leis an imchéimniú a líomhnaítear i leith an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE, is leor tagairt a dhéanamh don anailís a rinneadh i míreanna 98 go 196 den bhreithiúnas seo.

302

Sa tríú háit, maidir leis na líomhaintí go bhfuil easpa beachtais agus neamhréireachtaí inmheánacha in Airteagal 4(2)(h) den Rialachán a chonspóidtear, is leor tagairt a dhéanamh don anailís a rinneadh i míreanna 252 go 258 den bhreithiúnas seo.

303

Dá bhrí sin, ní mór an cúigiú pléadáil a dhiúltú toisc í a bheith gan bhunús agus ní mór, mar sin, diúltú don éileamh go ndéanfaí Airteagal 4(2)(h) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú.

3.   An t-éileamh go ndéanfar Airteagal 5(2) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú

(a)   Argóintí na bpáirtithe

304

Sa séú pléadáil, a ardaíodh mar thaca lena héileamh malartach go ndéanfaí Airteagal 5(2) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú, maíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go bhforchuirtear leis an bhforáil sin, gan aird a thabhairt ar bhunús dlí an Rialacháin sin ná ar fhorálacha dhlí an Aontais maidir le heasnaimh phoiblí, srianta ar bhuiséid na mBallstát lena mbaineann, ós rud é go bhforáiltear leis, más rud é go ndéantar bearta iomchuí i leith Ballstáit, nach scaoilfear an Ballstát sin óna oibleagáid leanúint de thairbhithe deiridh na gclár lena mbaineann a mhaoiniú.

305

I ndáil leis sin, cuireann an Ungáir in iúl go n‑íoctar an cúnamh de chuid an Aontais dá bhforáiltear i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, a leagtar síos i Rialachán 2020/2093 agus i Rialachán 2020/2094, faoi chláir bhainistíochta a ceapadh, mura go heisiach, go príomha de réir thosaíochtaí an Aontais. Dá ndéanfaí, le bearta a glacadh faoin Rialachán a chonspóidtear, an cúnamh sin a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, bheadh ceanglas ar an mBallstát lena mbaineann, faoin bhforáil sin, na cláir sin a mhaoiniú ina n-iomláine.

306

Leis sin, cuirtear, le hAirteagal 5(2) den Rialachán a chonspóidtear, srian ar cheart an Bhallstáit sin a bhuiséad féin a úsáid, ní féidir leis a bheartas eacnamaíoch a phleanáil agus tá an baol ann go mbeadh air forálacha dhlí an Aontais a bhaineann le heasnaimh phoiblí a shárú. D’fhéadfadh forchur pionós breise agus fiachas struchtúrach an Bhallstáit lena mbaineann a bheith mar thoradh ar na himthosca sin, go háirithe i gcás nach bhfuil ach buiséad beag aige, rud a sháródh prionsabal na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí.

307

Ina theannta sin, le hAirteagal 5(2) den Rialachán a chonspóidtear, tá amhras ann faoi oiriúnacht an bhunúis dlí a roghnaíodh don Rialachán sin, ós rud é go leagtar síos leis an bhforáil sin ceanglais nach bhfuil beartaithe do bhuiséad an Aontais ach do bhuiséad na mBallstát lena mbaineann, agus dearbhaítear leis sin go mbeartaítear, leis na bearta chun buiséad an Aontais a chosaint a fhéadfar a ghlacadh faoin Rialachán sin, pionós a ghearradh ar na Ballstáit sin as an smacht reachta a shárú.

308

Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Ríocht na Danmhairge, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na Fraince, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Ríocht na hÍsiltíre, ó Phoblacht na Fionlainne, ó Ríocht na Sualainne agus ón gCoimisiún, na hargóintí sin a dhíospóid.

(b)   Breithniú na Cúirte

309

Leis an séú pléadáil, éilíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go bunúsach, go gcuirtear, le hAirteagal 5(2) den Rialachán a chonspóidtear, srianta ar bhuiséid na mBallstát lena mbaineann, rud atá, ar an gcéad dul síos, ar neamhréir le bunús dlí an Rialacháin sin, ar an dara dul síos, ina shárú ar fhorálacha dhlí an Aontais maidir le heasnaimh phoiblí agus, ar deireadh, ina shárú ar phrionsabal na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí.

310

I dtaca leis sin, ar an gcéad dul síos, maidir leis an ngearán go bhfuil Airteagal 5(2) den Rialachán a chonspóidtear ar neamhréir le bunús dlí an Rialacháin sin, ní mór diultú dó sin i gcomhréir leis an méid a luaitear i míreanna 150 go 152 den bhreithiúnas seo.

311

Ar an dara dul síos, maidir leis an ngearán ina líomhnaítear sárú ar fhorálacha dhlí an Aontais maidir le heasnaimh phoiblí, ba cheart a thabhairt faoi deara nach luaitear in Airteagal 5(2) den Rialachán a chonspóidtear ach amháin nach n‑athraíonn glacadh beart faoin Rialachán sin na hoibleagáidí atá ann cheana, a eascraíonn go háirithe as “na rialacha earnáilsonracha nó airgeadais is infheidhme”, i leith na n‑eintiteas poiblí sin agus na mBallstát sin, ós rud é nach féidir foras a dhéanamh as na bearta sin, go háirithe, a chuirfeadh ar chumas na n‑eintiteas poiblí agus na mBallstát sin iad féin a scaoileadh ó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ní fhorchuirtear aon oibleagáid nua ar na Ballstáit leis an bhforáil sin.

312

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i bpointí 324 agus 325 dá Thuairim, cé gurb é toradh Airteagal 5(2) den Rialachán a chonspóidtear nach mór do na Ballstáit na costais a thagann as na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán sin a iompar, tá an toradh sin gan dochar don fhéidearthacht atá acu, laistigh de theorainneacha a n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais, na modhanna a shainiú ina mbainfidh siad na cuspóirí maidir le heasnaimh phoiblí atá leagtha síos sna Conarthaí amach.

313

Dá bhrí sin, níl an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bhforáil sin ar bhuiséad na mBallstát lena mbaineann éagsúil ón tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar oibleagáidí eile a eascraíonn as dlí an Aontais.

314

Ina theannta sin, cé gur féidir leis na Ballstáit, agus a mbuiséid á dtarraingt suas acu, an maoiniú ó bhuiséad an Aontais atá siad in ann a éileamh a chur san áireamh, ar choinníoll go bhfuil an chuma air go bhfuil na coinníollacha chun an maoiniú sin a fháil comhlíonta, fós, má chinntear ina dhiaidh sin nár comhlíonadh na coinníollacha sin nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh, agus é de thoradh air sin nach n‑íoctar an maoiniú lena mbaineann nó go bhfuil coigeartú airgeadais ann dá bharr, ní féidir le Ballstát brath ar a oibleagáidí maidir le heasnaimh phoiblí chun cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin a imchéimniú. Dá bharr sin, ní féidir le Ballstát a éileamh nach féidir leis a bheartas eacnamaíoch a phleanáil de bharr an chur i bhfeidhm sin.

315

Ar an tríú dul síos, maidir leis an sárú líomhnaithe ar phrionsabal na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí, leanann as Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear nach mór do na bearta iomchuí arna ndéanamh faoin Rialachán sin a bheith go hiomlán comhréireach leis an tionchar atá ag na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a suitear ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais, ceanglas a bhfuil feidhm chomhionann aige maidir leis na Ballstáit uile. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(7) agus (8) den Rialachán sin, tá sé de cheangal ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh, inter alia, ar chomhréireacht na mbeart atá le forchur agus deis a thabhairt d’aon Bhallstát lena mbaineann a bharúlacha a chur isteach maidir leis na bearta atá beartaithe agus, go háirithe, maidir lena gcomhréireacht. Ós rud é nach mór an fhoráil sin a thuiscint i bhfianaise aithris 26 den Rialachán sin, leanann as sin go gcaithfidh an Coimisiún a mheasúnú a bhunú de réir cur chuige fianaisebhunaithe agus cloí le prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí.

316

Dá bhrí sin, tá anailís ar bhonn aonair, atá oibiachtúil agus dícheallach, ar gach cás is ábhar d’imeachtaí faoin Rialachán a chonspóidtear i gceist leis na ceanglais éagsúla sin agus leis na bearta iomchuí a bhfuil gá leo, de bharr an cháis, agus é sin go hiomlán i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, d’fhonn buiséad an Aontais agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach ar thionchar sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, agus comhlíonadh phrionsabal na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí á áirithiú ag an am céanna. Sna himthosca sin, tá éileamh na hUngáire, gurb é atá i gceist le cur i bhfeidhm Airteagal 5(2) den Rialachán a chonspóidtear ná sárú ar an bprionsabal sin, gan bhunús.

317

I bhfianaise na mbreithnithe sin thuasluaite, ní mór an séú pléadáil a dhiúltú toisc í a bheith gan bhunús agus, dá bharr sin, ní mór diúltú don éileamh go ndéanfaí Airteagal 5(2) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú.

4.   An t-éileamh go ndéanfar an tríú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú

(a)   Argóintí na bpáirtithe

318

Leis an seachtú pléadáil, a ardaíodh mar thaca lena héilimh mhalartacha go ndéanfaí an tríú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú, tíolacann an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, nach bhfuil aon nasc idir na critéir chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart a fhéadfar a ghlacadh i leith Ballstáit, atá leagtha síos san fhoráil sin, agus buiséad an Aontais nó leasanna airgeadais an Aontais, agus go bhfuil sé beartaithe leo sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a phionósú.

319

I gcomhréir le foclaíocht na forála sin, ní mór aird chuí a thabhairt ar chineál, fad, tromchúis agus raon feidhme na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta chun na bearta atá le glacadh a chinneadh. Luaitear in aithris 18 den Rialachán a chonspóidtear nach mór, sa scrúdú ar chomhréireacht chun na críche sin, aird chuí a thabhairt ar thromchúis na staide, an méid ama atá imithe thart ó thosaigh an t‑iompar ábhartha, an fad a mhair an t‑iompar agus a mhinice a tharla sé arís, an méid a bhí ar intinn, leibhéal an chomhoibrithe ón mBallstát lena mbaineann chun deireadh a chur le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta agus na héifeachtaí ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais.

320

Measann an Ungáir go gcruthaítear, de bharr na gcritéar sin, amhras, agus easpa airde á tabhairt ar bhunús dlí an Rialacháin a chonspóidtear ná ar Airteagal 7 CAE, maidir leis an nasc idir an sárú a suíodh ar phrionsabail an smachta reachta agus tionchar iarbhír an tsáraithe sin ar bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

321

Ar an gcéad dul síos, is léir ó léamh ar Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear i dteannta le haithris 18 go n‑iarrtar ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle intinn “údar an tsáraithe” a chur san áireamh. I ndáil leis sin, ní shainítear sa Rialachán sin údar an tsáraithe ar phrionsabail an smachta reachta, ós rud é go dtagraítear leis na cásanna a shonraítear in Airteagail 3 agus 4 den Rialachán sin do staideanna agus iompar a d’fhéadfadh a bheith inchurtha i leith an Bhallstáit lena mbaineann ina iomláine nó i leith comhlachtaí áirithe den Bhallstáit sin. Measann an Ungáir nach bhfuil sé de chumas ag comhlachtaí den sórt sin gníomh de thoil a fheidhmiú agus, de thoradh air sin, nach sonrófar an bealach ina ndéanfar, agus na bearta iomchuí á gcinneadh, intinn “tabhairt faoi” gníomh a chur san áireamh.

322

Thairis sin, is gá go mbeadh tionchar ag an intinn sin ar chineál an bhirt. Más rud é go gcinntear comhréireacht birt, fiú go páirteach amháin, leis an intinn a bhaineann leis an sárú ar a bhfuil sé bunaithe, bheadh an beart sin ina bheart pionósach, agus ní bheadh sé beartaithe leis, dá bhrí sin, difear a rinneadh do buiséad an Aontais a leigheas nó leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Dá bhrí sin, toisc go gcuirfí an intinn atá ann san áireamh, is léiriú soiléir é sin nach bhfuil príomhchuspóir agus sprioc an Rialacháin a chonspóidtear i gcomhréir lena bhunús dlí.

323

Ar an dara dul síos, tá sé ina thacú leis an measúnú sin go gcuirfí fad agus tromchúis an tsáraithe ar phrionsabail an smachta reachta agus méid an chomhoibrithe ón mBallstát lena mbaineann chun deireadh a chur leis san áireamh, ós rud é nach mbaineann na critéir sin ach oiread leis an tionchar ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais ná ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

324

Ar an tríú dul síos, leanann ó léirmhíniú córasach ar an Rialachán a chonspóidtear, ós rud é go bhfuil an oibleagáid atá ar na hinstitiúidí an tionchar iarbhír nó féideartha ag sárú ar phrionsabail an smachta reachta ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais a chur san áireamh leagtha síos cheana sa dara habairt d’Airteagal 5(3), go bhfuil sé beartaithe leis an tríú habairt den fhoráil sin tionchar de chineálacha eile a chur san áireamh.

325

Measann an Ungáir, ar an gcéad dul síos, nach gcomhlíonann an tríú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear an ceanglas go mbeadh nasc díreach idir na bearta arna ndéanamh agus cosaint bhuiséad an Aontais Eorpaigh nó leasanna airgeadais an Aontais. Ina dhiaidh sin, agus na critéir a leagtar amach san fhoráil sin á gcur san áireamh, ní mór don Choimisiún agus don Chomhairle measúnú domhain a dhéanamh ar shárú an smachta reachta, nach gceadaítear a chur i gcrích ach amháin i gcomhthéacs an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE. Ar deireadh, is é an toradh a bheadh ar chur i bhfeidhm na forála sin ná go mbeadh na bearta sin ina mbearta de chineál pionósach, cé nach féidir pionóis a ghearradh ar Bhallstát ach amháin ar bhonn Airteagal 7(3) CAE.

326

Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Ríocht na Danmhairge, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na Fraince, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Ríocht na hÍsiltíre, ó Phoblacht na Fionlainne, ó Ríocht na Sualainne agus ón gCoimisiún, na hargóintí sin a dhíospóid.

(b)   Breithniú na Cúirte

327

Leis an seachtú pléadáil, maíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, nach bhfuil Airteagal 5(3), an tríú habairt, den Rialachán a chonspóidtear, arna léamh i bhfianaise aithris 18, ag luí le bunús dlí an Rialacháin sin agus go sáraítear léi Airteagal 7 CAE agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ós rud é nach bhfuil baint ar bith ag na critéir dá dtagraítear ann chun bearta iomchuí a ghlacadh, a bhaineann le sárú ar phrionsabail an smachta reachta, le buiséad an Aontais nó le cosaint leasanna airgeadais an Aontais.

328

I ndáil leis sin, mar a cuireadh in iúl i mír 271 den bhreithiúnas seo, leanann as an gcéad go dtí an tríú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear nach mór na bearta arna ndéanamh a bheith go hiomlán comhréireach le tionchar na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a suíodh ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh nó ar leasanna airgeadais an Aontais.

329

Luaitear sa chéad abairt den fhoráil sin nach mór do na bearta a dhéantar a bheith “comhréireach”, agus sa dara habairt, go “[g]cinnfear iad i bhfianaise [thionchar] iarbhír nó [féideartha]” na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais, agus, sa tríú habairt, go “[d]tabharfar aird chuí” ar chineál, fad, tromchúis agus raon feidhme na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta.

330

Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i bpointí 177 agus 178 dá Thuairim, leanann ó ord na n‑abairtí sin agus ó na téarmaí a úsáidtear iontu go n‑áirithítear comhréireacht na mbeart atá le glacadh, go cinntitheach, de réir an chritéir maidir leis an “tionchar” a bhíonn ag sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais. Maidir leis na critéir faoi chineál, fad, tromchúis agus raon feidhme na sáruithe sin, ní féidir “aird chuí” a thabhairt dóibh ach amháin chun méid an tionchair sin a chinneadh, agus d’fhéadfadh siadsan a bheith éagsúil de réir shaintréithe na sáruithe a chinntear, agus solas á chaitheamh orthu agus na critéir sin á gcur i bhfeidhm.

331

Cé go ndéantar tagairt in aithris 18 sa bhrollach a ghabhann leis an Rialachán sin do na critéir chéanna a leagtar amach sa dara agus sa tríú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear, is fíor go luaitear in ord difriúil iad. Ní féidir, mar thoradh ar an aithris sin, léirmhíniú ar an bhforáil sin a bheith ann atá ar neamhréir le foclaíocht agus struchtúr na forála, toisc nach bhfuil, de réir chásdlí socair na Cúirte dá dtagraítear i mír 191 den bhreithiúnais seo, feidhm dhlíthiúil cheangailteach ag an mbrollach a ghabhann le gníomh de chuid an Aontais agus nach féidir brath uirthi, dá bhrí sin, chun maolú ar na forálacha atá ann sa ghníomh lena mbaineann nó chun léiriú a dhéanamh ar na forálacha sin ar bhealach atá contrártha go follasach lena bhfoclaíocht. Thairis sin, a mhéid a thagraítear san aithris sin freisin don “m[h]éid a bhí ar intinn” ag an mBallstát lena mbaineann, ní tagairt í sin don mhéid a bhí ar intinn maidir le prionsabail an smachta reachta a shárú, ach don mhéid a bhí ar intinn chun “deireadh a chur le sáruithe” arna suí. D’fhéadfadh an intinn sin, mar aon le “leibhéal an chomhoibrithe” ón mBallstát sin ina leith sin, dá dtagraítear san aithris sin freisin, a bheith ábhartha, inter alia, chun críocha fhad agus raon feidhme an tsáraithe a chinneadh, de réir bhrí na gcritéar dá dtagraítear sa tríú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán agus, dá bhrí sin, i gcomhréir leis an méid atá luaite sa mhír roimhe seo, d’fhonn tionchar an tsáraithe sin ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a thomhas.

332

Dá bhrí sin, murab ionann agus a mhaíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, cé go nglactar leis na critéir dá dtagraítear sa tríú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear go ndéanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle measúnú domhain ar shaintréithe an tsáraithe ar prionsabail an smacht reachta i dtrácht, tá nasc acu mar sin féin le bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais agus le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus, dá bhrí sin, ní féidir a mheas gur bearta iad na bearta iomchuí arna nglacadh faoin Rialachán sin ag a bhfuil tréithe pionósacha mar gheall ar sháruithe ar an smacht reachta.

333

Dá bhrí sin, ní mór an seachtú pléadáil a dhiúltú toisc í a bheith gan bhunús agus, mar thoradh air sin, ní mór diúltú don éileamh go ndéanfaí an tríú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú.

5.   An t-éileamh go ndéanfar an ceathrú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú

(a)   Argóintí na bpáirtithe

334

Leis an ochtú pléadáil, a ardaíodh mar thaca lena héileamh malartach go ndéanfaí an ceathrú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú, maíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go sáraítear leis an bhforáil sin prionsabail na comhréireachta agus na deimhneachta dlíthiúla sa mhéid is go bhforáiltear léi nach ndíreofar leis na bearta a fhéadfar a ghlacadh ach “a mhéid is féidir” ar ghníomhaíochtaí an Aontais a ndéanann na sáruithe difear dóibh.

335

Leanann ó fhoclaíocht na forála sin go bhféadfaí, leis na bearta sin, díriú ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontas nach ndéanann sárú ar phrionsabail an smachta reachta difear dóibh, agus, mar thoradh air sin, go bhféadfaí bearta den sórt sin a ghlacadh gan nasc díreach a chruthú idir sárú den sórt sin agus gníomhaíocht shonrach, lena mbaineann na bearta sin, de chuid an Aontais. Ceanglaítear go hiomlán le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, áfach, go mbeadh cur i bhfeidhm rialacha a bhfuil iarmhairtí airgeadais acu cinnte agus intuartha, rud nach mbeadh ann i gcás nach bhfuil fíornasc idir sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta agus bearta arna ndéanamh faoin Rialachán a chonspóidtear.

336

Tá sárú ar phrionsabal na comhréireachta i gceist freisin le héagmais fíornaisc. Fiú dá mbeadh sé mar chuspóir leis an Rialachán a chonspóidtear na rialacha is gá a shainiú chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás sárú ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát, bheadh níos mó i gceist le hAirteagal 5(3), an ceathrú habairt, den Rialachán sin ná mar atá riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, ós rud é go n‑údarófaí leis sin bearta a ghlacadh i ndáil le cláir de chuid an Aontais nach ndéanann sárú den chineál sin difear dóibh.

337

Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Ríocht na Danmhairge, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na Fraince, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Ríocht na hÍsiltíre, ó Phoblacht na Fionlainne, ó Ríocht na Sualainne agus ón gCoimisiún, na hargóintí sin a dhíospóid.

(b)   Breithniú na Cúirte

338

Leis an ochtú pléadáil, maíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go sáraítear le h’Airteagal 5(3), an ceathrú habairt, den Rialachán a chonspóidtear prionsabail na comhréireachta agus na deimhneachta dlíthiúla sa mhéid is go bhféadfaí leis sin, agus an nath “a mhéid is féidir” ann, díriú ar ghníomhaíochtaí agus ar chláir nach bhfuil aon bhaint acu le sárú a cinneadh ar phrionsabal an smachta reachta.

339

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, maidir leis an sárú líomhnaithe ar phrionsabal na comhréireachta, ba cheart a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte, go gceanglaítear leis an bprionsabal sin, atá ar cheann de phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go mbeadh na gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais iomchuí chun na cuspóirí dlisteanacha atá á saothrú leis an reachtaíocht i gceist a bhaint amach agus nach rachfar níos faide leo ná mar is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus, i gcás ina bhfuil rogha idir roinnt bearta iomchuí, nach mór dul i muinín na gceann is lú srianta agus nár cheart aon mhíchaoithiúlacht a chruthaítear a bheith díréireach leis na haidhmeanna a shaothraítear (breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, an tSlóvaic agus an Ungáir v an Chomhairle, C‑643/15 agus C‑647/15, EU:C:2017:631, mír 206 agus an cásdlí dá dtagraítear).

340

Sa chás seo, is leor a thabhairt faoi deara, mar a luaitear i míreanna 273 go 279 den bhreithiúnas seo, nach gceadaítear, ar an gcéad dul síos, leis an bhfoclaíocht “a mhéid is féidir” sa cheathrú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear, na bearta a fhéadfar a ghlacadh faoi Airteagal 5(1) den Rialachán a athrú i slí nach bhfuil i gcomhréir le tionchar an tsáraithe a suíodh ar bhuiséad an Aontais; agus, ina dhiaidh sin, go bhfuil sé beartaithe leis an Rialachán sin buiséad an Aontais a chosaint ina iomláine; agus, ar deireadh, nach bhféadfar leis an abairt sin díriú ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais seachas na cinn a ndéanann sárú den sórt sin difear dóibh ach mar mhaolú ar an ngnáthriail, i gcás nach féidir, nó nach féidir a thuilleadh nó a dhóthain, díriú ar na gníomhaíochtaí sin chun cuspóir an Rialacháin a bhaint amach, is é sin cosaint an bhuiséid ina iomláine a áirithiú, rud a bheadh riachtanach dá réir chun an cuspóir sin a bhaint amach.

341

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don argóint, maidir leis an nath “a mhéid is féidir”, go bhfuil níos mó i gceist leis an gceathrú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear ná mar atá riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, toisc í a bheith gan bhunús.

342

Ar an dara dul síos, maidir leis an sárú líomhnaithe ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ar dtús, leanann as na cinntí a rinneadh i míreanna 269 go 272 den bhreithiúnas seo go bhfuil na cineálacha beart a fhéadfar a ghlacadh faoin Rialachán a chonspóidtear leagtha síos in Airteagal 5(1) agus go ndéanfar raon feidhme na mbeart a chinneadh go hiomlán, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Rialachán sin, de réir thionchar an tsáraithe a suíodh ar bhuiséad an Aontais.

343

Ina dhiaidh sin, tá sé soiléirithe i míreanna 273 go 279 den bhreithiúnas seo nach mbristear, leis an bhfrása “a mhéid is féidir”, atá sa cheathrú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear, an nasc idir sárú ar phrionsabal an smacht reachta agus an difear nó an baol mór atá ann go ndéanfar difear do bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais. Ina theannta sin, ceadaítear leis an bhfrása sin go gcuirfí bearta chun buiséad an Aontais a chosaint i bhfeidhm, de mhaolú ar an ngnáthriail agus don mhéid sin amháin a bhfuil fíorghá leis, ar gníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí iad a ndéanann sárú ar phrionsabal an smachta reachta difear dóibh, i gcás nach féidir cuspóir an Rialacháin a chonspóidtear, is é sin cosaint an bhuiséid sin ina iomláine nó na leasanna sin a áirithiú, a bhaint amach ar shlí eile. Le hAirteagal 6 den Rialachán a chonspóidtear, tá diancheanglais nós imeachta ag baint leis an bhféidearthacht sin agus ní scaoiltear an Coimisiún ná an Chomhairle ón oibleagáid atá orthu an ceanglas go mbeadh na bearta arna nglacadh go hiomlán i gcomhréir le tionchar an tsáraithe ar bhuiséad an Aontais nó ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais a chomhlíonadh go hiomlán.

344

Ar deireadh, ós rud é go sonraítear sa Rialachán a chonspóidtear cineál agus raon feidhme na mbeart a fhéadfar a ghlacadh agus nach dtugtar an chumhacht leis don Choimisiún agus don Chomhairle díriú ar ghníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí iad a ndéanann sárú ar phrionsabal an smachta reachta difear dóibh ach amháin a mhéid is gá dó sin chun cosaint bhuiséad an Aontais ina iomláine agus leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú, agus go bhfuil diancheanglais i gceist leis an gcumhacht sin, go háirithe prionsabal na comhréireachta, ní féidir a mheas go sáraítear leis an gceathrú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear prionsabail na comhréireachta agus na deimhneachta dlíthiúla.

345

Dá réir sin, ní mór an t‑ochtú pléadáil a dhiúltú toisc í a bheith gan bhunús agus, mar thoradh air sin, ní mór diúltú don éileamh go ndéanfaí an ceathrú habairt d’Airteagal 5(3) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú.

6.   An t-éileamh go ndéanfar Airteagal 6(3) agus (8) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú

(a)   Argóintí na bpáirtithe

346

Leis an naoú pléadáil, a ardaíodh mar thaca lena héileamh malartach go ndéanfaí Airteagal 6(3) agus (8) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú, maíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, go sáraítear le hAirteagal 6(3) den Rialachán a chonspóidtear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla sa chaoi is go gceadaítear don Choimisiún, agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán sin á meas, “an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil ó na foinsí a chur san áireamh, lena n‑áirítear cinntí, conclúidí agus moltaí ó institiúidí an Aontais agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ó institiúidí aitheanta eile”. Is amhlaidh atá i gcás Airteagal 6(8) den Rialachán sin, ina dtagraítear d’Airteagal 6(3) maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart atá le forchur.

347

In Airteagal 6(3) agus (8) den Rialachán a chonspóidtear, ní shainítear na foinsí ábhartha faisnéise dá dtagraítear ar bhealach atá beacht go leor, ós rud é nach léirítear ann an bonn ar dá réir nach mór don Choimisiún a mheas an ann do shárú ar phrionsabail an smachta reachta.

348

Go háirithe, ní féidir a chur as an áireamh, i bhfianaise an fhrása “an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil ó na foinsí” in Airteagal 6(3) den Rialachán a chonspóidtear, go mbunódh an Coimisiún a mheasúnú ar an tuairim amháin atá ag daoine nó eagraíochtaí áirithe, ar daoine nó eagraíochtaí iad nach bhfuil a n‑oibiachtúlacht cruthaithe, nó ar mhainneachtain moltaí nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá eisithe ag eagraíochtaí idirnáisiúnta lasmuigh de chreat an Aontais a chur chun feidhme. Ní féidir a mheas go bhfuil moltaí den sórt sin, de chineálacha éagsúla, ina dtáscairí iontaofa ar easnamh ginearálta maidir leis an smacht reachta.

349

Ní thugtar le fios in Airteagal 6(3) agus (8) den Rialachán a chonspóidtear ach oiread conas a dhéanfaidh an Coimisiún sintéis ar na foinsí sin. I bhfianaise na discréide leithne a thugtar don Choimisiún leis na forálacha sin, d’fhéadfadh aon doiciméad neamhcheangailteach a úsáideann an Coimisiún a bheith ina mhodh chun sárú a chruthú, fiú i gcás inar roghnaíodh go treallach é.

350

Déanann an Pharlaimint agus an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na Beilge, ó Ríocht na Danmhairge, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ó Éirinn, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na Fraince, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Ríocht na hÍsiltíre, ó Phoblacht na Fionlainne, ó Ríocht na Sualainne agus ón gCoimisiún, na hargóintí sin a dhíospóid.

(b)   Breithniú na Cúirte

351

Leis an naoú pléadáil, maíonn an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, ar dtús, nach gcomhlíontar, le hAirteagal 6(3) agus (8) den Rialachán a chonspóidtear, i bhfianaise na foclaíochta neamhbheaichte ann, an ceanglas a eascraíonn as prionsabal na deimhneachta dlíthiúla; ina dhiaidh sin, go gceadaítear leis an bhforáil sin don Choimisiún a mheasúnú a bhunú ar thuairimí nach bhfuil a n‑oibiachtúlacht ráthaithe agus ar mholtaí neamhcheangailteacha arna n‑eisiúint lasmuigh de chreat an Aontais; agus, ar deireadh, nach sonraítear leis an bhforáil sin an bealach nach mór don Choimisiún sintéis a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna húsáid ná measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na faisnéise sin maidir le cuspóir an Rialacháin a chonspóidtear.

352

Maidir leis sin, ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú, murab ionann agus a éilíonn an Ungáir, nach bhfuil sé beartaithe leis an Rialachán a chonspóidtear sáruithe ar an smacht reachta a phionósú, ach, mar atá luaite i míreanna 98 go 152 den bhreithiúnas seo, chun cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú, agus, mar thoradh air sin, ní éireoidh leis an argóint nach mór don Rialachán sin na ceanglais a líomhnaítear a bheith infheidhme maidir le bearta pionóis a chomhlíonadh.

353

Ar an dara dul síos, i dtaobh an gceadaítear le hAirteagal 6(3) agus (8) den Rialachán a chonspóidtear don Choimisiún a mheasúnú a bhunú ar thuairimí a bhféadfaí a mheas go bhfuil amhras ann faoina n‑oibiachtúlacht agus ar mholtaí neamhcheangailteacha arna n‑eisiúint lasmuigh de chreat an Aontais, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar dtús, nach ndéanann an fhoráil sin tagairt do “tuairimí”, ach do “cinntí, conclúidí agus moltaí” agus do “treoir”.

354

In aon chás, níor chuir an Ungáir aon fhianaise chuí ar fáil a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar oibiachtúlacht na gcomhlachtaí agus na n-institiúidí dá dtagraítear in aithris 16 den Rialachán sin, agus, dá bhrí sin, níl aon chúis amhrais ann go dtabharfadh siad tuairimí ina mbeadh amhras faoina n‑oibiachtúlacht.

355

Ina dhiaidh sin, le hAirteagal 6(3) agus (8) den Rialachán a chonspóidtear, ceanglaítear ar an gCoimisiún, agus measúnú á dhéanamh aige ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán sin agus ar chomhréireacht na mbeart iomchuí atá le glacadh, faisnéis “ábhartha” chun na gcríoch sin a chur san áireamh, rud a thoimhdíonn gur faisnéis í a bhaineann leis na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 2(a) den Rialachán sin, lena gcumhdaítear an luach maidir leis an smachta reachta, ar comhluach de chuid na mBallstát é, mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE.

356

Ar deireadh, maidir le nádúr neamhcheangailteach na moltaí a d’fhéadfadh an Coimisiún a chur san áireamh, cuireadh in iúl i mír 285 den bhreithiúnas seo nach dtugtar le hAirteagal 6(3) agus (8) den Rialachán a chonspóidtear aon luach cruthúnais sonrach nó absalóideach nó aon éifeachtaí dlí sonracha do na foinsí faisnéise dá dtagraítear ansin, ná leo siúd dá dtagraítear in aithris 16 den Rialachán, agus, mar thoradh air sin, ní scaoiltear, leis an bhforáil sin, an Coimisiún óna oibleagáid measúnú dícheallach a dhéanamh ar na fíorais lena gcomhlíontar go hiomlán na ceanglais a leagtar amach i mír 284 den bhreithiúnas seo.

357

Ina theannta sin, ós rud é, mar atá léirithe i mír 287 den bhreithiúnas seo, nach mór don Choimisiún é féin a shásamh maidir le hábharthacht na faisnéise a úsáideann sé agus maidir le hiontaofacht a fhoinsí, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, le linn an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) go (9) den Rialachán a chonspóidtear, a bharúlacha ar an bhfaisnéis sin a chur isteach agus, dá bhrí sin, agóid a dhéanamh maidir le luach cruthúnais aon fhianaise ar a bhfuil an Coimisiún ag brath, ós rud é go bhféadfadh breithiúnacht an Aontais, i gcás inarb iomchuí, tuillteanas a mheasúnuithe a athbhreithniú.

358

Ar an tríú dul síos, maidir leis na hargóintí ina líomhnaítear nach sonraítear in Airteagal 6(3) agus (8) den Rialachán a chonspóidtear an bealach nach mór don Choimisiún sintéis a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna húsáid nó ar an mbealach nach mór dó measúnú a dhéanamh, ar bhonn na faisnéise sin, ar thromchúis sáraithe arna dhéanamh ar phrionsabal den smacht reachta agus ar an mbaint atá aige sin le cosaint bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó leasanna airgeadais an Aontais, cuireadh in iúl i míreanna 357 agus 358 den bhreithiúnas seo go gceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú dícheallach a dhéanamh ar na fíorais agus comhréireacht na mbeart a glacadh faoin Rialachán sin, arna ráthú in Airteagal 5(3) de, a urramú, agus go bhféadfadh breithiúnacht an Aontais bailíocht cinnidh a ghlac an Chomhairle faoin Rialachán sin a athbhreithniú.

359

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don naoú pléadáil toisc í a bheith gan bhunús agus, mar thoradh air sin, ní mór diúltú don éileamh go ndéanfaí Airteagal 6(3) agus (8) den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú.

360

I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, ní mór diúltú don chaingean ina hiomláine.

VI. VI. Costais

361

Faoi Airteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc má tá iarraidh ina leith sin sna pléadálacha.

362

Ós rud é go bhfuil iarraidh déanta ag an bParlaimint agus ag an gComhairle go n‑íocfadh an Ungáir na costais agus nár éirigh leis an Ungáir, ní mór a ordú don Ungáir na costais a thabhaigh na páirtithe sin a íoc.

363

I gcomhréir le hAirteagal 140(1) de na Rialacha Nós Imeachta, iompróidh Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Éire, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Polainne, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus an Coimisiún a gcostais féin mar idiragraithe sna himeachtaí.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chúirt iomlán) mar seo a leanas:

 

1.

Déantar an chaingean a dhíbhe.

 

2.

Ordaítear don Ungáir, chomh maith lena costais féin, na costais arna dtabhú ag Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, a iompar.

 

3.

Is ar Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Éire, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Polainne, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus an Coimisiún a gcostais féin a iompar.

 

Sínithe:


( *1 ) Teanga an cháis: an Ungáiris.

Top