EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0900

Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla

PE/90/2023/REV/1

IO L, 2024/900, 20.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/900

20.3.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/900 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Márta 2024

maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 16 agus 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá soláthar na fógraíochta polaitiúla agus an t-éileamh uirthi ag dul i méid agus tá gné thrasteorann na fógraíochta sin ag méadú i rith an ama. Tá baint ag líon mór seirbhísí éagsúlaithe leis an ngníomhaíocht sin agus tá an líon sin ag méadú de réir a chéile, seirbhísí amhail comhairleachtaí polaitiúla, gníomhaireachtaí fógraíochta, ardáin teicneolaíochta fógraíochta, gnólachtaí caidrimh phoiblí, lucht tionchair agus oibreoirí éagsúla anailísíochta sonraí agus bróicéireachta. Is iomaí cineál fógraíochta polaitiúla a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear inneachar ar íocaíocht, torthaí cuardaigh urraithe, teachtaireachtaí spriocdhírithe ar íocaíocht, ardú i ranguithe, rud éigin nó duine éigin a chur chun cinn mar chuid den inneachar, amhail suíomh táirgí, lucht tionchair agus formhuinithe eile. Ar na gníomhaíochtaí a bhaineann leis sin, mar shampla, d’fhéadfaí scaipeadh fógraíochta polaitiúla arna iarraidh sin d’urraitheoir nó foilsiú inneachair ar íocaíocht nó cineálacha eile luacha saothair, lena n-áirítear sochair chomhchineáil, a bheith i gceist.

(2)

Is féidir fógraíocht pholaitiúil a scaipeadh nó a fhoilsiú thar theorainneacha ar bhealaí éagsúla agus ar mheáin éagsúla, ar líne agus as líne araon. Tá méadú ag teacht go tapa ar úsáid na fógraíochta polaitiúla agus is féidir í a scaipeadh nó a fhoilsiú trí na meáin thraidisiúnta as líne, amhail nuachtáin, teilifís agus raidió, ach ina theannta sin, agus níos mó ná riamh, trí ardáin ar líne, trí shuíomhanna gréasáin, feidhmchláir mhóibíleacha, cluichí ríomhaireachta agus comhéadain dhigiteacha eile. Ní hamháin gur an-dócha go dtairgfí na hardáin ar bhonn trasteorann, ach cruthaíonn siad dúshláin chasta nua ó thaobh rialála agus forfheidhmiú de freisin. Tá méadú mór ag teacht ar úsáid na fógraíochta polaitiúla ar líne agus déantar cineálacha áirithe fógraíochta polaitiúla líneacha as líne, amhail an raidió agus an teilifís, a thairiscint ar líne freisin mar sheirbhísí ar éileamh. Is iondúil go n-eagraítear feachtais fógraíochta polaitiúla ar bhealach chun leas a bhaint as réimse meán agus foirmeacha.

(3)

Ós rud é gur ar íocaíocht a sholáthraítear an fhógraíocht de ghnáth, a bhféadfadh sochair chomhchineáil a bheith ar áireamh inti, is gníomhaíocht seirbhíse atá san fhógraíocht, lena n-áirítear an fhógraíocht pholaitiúil, faoi Airteagal 57 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). I nDearbhú Uimh. 22 maidir le daoine faoi mhíchumas, a ghabhann le Conradh Amstardam, tháinig Comhdháil Ionadaithe Rialtais na mBallstát ar chomhaontú go dtabharfadh institiúidí an Aontais aird ar riachtanais daoine faoi mhíchumas nuair a bheadh bearta á n-ullmhú acu faoi Airteagal 114 CFAE.

(4)

Is sprioc phoiblí dhlisteanach é an gá atá le trédhearcacht a áirithiú, i gcomhréir leis na luachanna atá ag an Aontas agus ag na Ballstáit araon de bhun Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Ní éasca i gcónaí do na saoránaigh fógráin pholaitiúila a aithint ná a gcearta daonlathacha a fheidhmiú ar bhealach feasach. Dúshláin thábhachtacha don Aontas agus do na Ballstáit is ea méadú ar shofaisticiúlacht na bréagaisnéise, éagsúlú na ngníomhaithe, éabhlóid thapa na dteicneolaíochtaí nua agus scaipeadh treisithe na cúblála faisnéise agus cur isteach ar ár bpróisis dhaonlathacha toghcháin agus rialála. Is féidir le fógraíocht pholaitiúil a bheith ina héascaitheoir don bhréagaisnéis, go háirithe i gcás nach nochtar cineál polaitiúil na fógraíochta, ina dtagann sí ó urraitheoirí lasmuigh den Aontas nó ina bhfuil teicnící spriocdhírithe nó teicnící seachadta fógráin i gceist léi. Tá gá le hardleibhéal trédhearcachta, inter alia, chun tacú le díospóireacht pholaitiúil agus feachtais pholaitiúla atá oscailte agus cothrom, agus le toghcháin nó reifrinn atá saor agus cothrom, agus chun cur i gcoinne ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis, chomh maith le cur isteach neamhdhleathach, lena n-áirítear cur isteach ó thríú tíortha. Má bhaineann trédhearcacht le fógraíocht pholaitiúil, tacófar leis na vótálaithe agus le daoine aonair i gcoitinne tuiscint níos fearr a bheith acu ar chásanna ina mbíonn fógrán polaitiúil á chur os a gcomhair agus ar cén duine a bhfuil fógrán á dhéanamh thar a cheann, chomh maith le cén chaoi agus cén fáth a bhfuil soláthraí seirbhísí fógraíochta ag spriocdhíriú orthu, ionas gur fearr is féidir le vótálaithe roghanna feasacha a dhéanamh. Ba cheart tacú le litearthacht meán chun cabhrú le daoine aonair an leas is fearr is féidir a bhaint as trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla.

(5)

Leis an Rialachán seo, tá sé mar aidhm a áirithiú go dtabharfar lánurraim do chearta bunúsacha agus fógraíocht pholaitiúil á soláthar.

(6)

I gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla, is minic a bhaintear úsáid as teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin ar bhonn próiseáil sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí pearsanta a fheictear agus sonraí pearsanta atá bunaithe ar thátal, amhail sonraí lena nochtar tuairimí polaitiúla agus catagóirí speisialta eile sonraí. Ba cheart teicnící spriocdhírithe a thuiscint mar theicnící a úsáidtear chun fógrán polaitiúil a dhíriú ar dhuine sonrach amháin nó ar ghrúpa daoine sonrach amháin nó chun iad a eisiamh, le hinneachar saincheaptha de ghnáth, ar bhonn sonraí pearsanta a phróiseáil. Ba cheart teicnící seachadta fógráin a thuiscint mar raon leathan teicnící optamaithe a bhraitheann ar uathphróiseáil sonraí pearsanta chun cúrsaíocht, lucht féachana nó infheictheacht fógráin pholaitiúil a mhéadú. Is féidir le foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla agus, go háirithe, ardáin an-mhór ar líne de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), teicnící den sórt sin a úsáid chun fógráin pholaitiúla a sheachadadh chuig spriocphobal meáin bunaithe ar shonraí pearsanta agus ar inneachar fógrán. Tá sé i gceist le húsáid algartam fógráin a sheachadadh trí úsáid a bhaint as teicnící den sórt sin, algartaim atá doiléir faoi láthair do dhaoine aonair agus ar féidir a n-éifeacht a bheith éagsúil leis an éifeacht sin a bhí beartaithe ag na hurraitheoirí, nó ag soláthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí. I bhfianaise na mí-úsáide a d’fhéadfaí a bhaint as sonraí pearsanta trí spriocdhíriú, lena n-áirítear trí mhicrea-spriocdhíriú agus teicnící ardfhorbartha eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh bagairt ar leith ag baint leis na teicnící sin ar leasanna dlisteanacha an phobail, amhail cothroime, comhdheiseanna agus trédhearcacht sa phróiseas toghcháin agus na cearta bunúsacha chun tuairimí a nochtadh, chun príobháideachais agus chun cosaint sonraí pearsanta agus chun comhionannais agus neamh-idirdhealaithe, agus an ceart chun bheith curtha ar an eolas ar bhealach oibiachtúil, trédhearcach agus iolraíoch.

(7)

Déantar an fhógraíocht pholaitiúil a rialáil go hilchineálach faoi láthair sna Ballstáit, agus dírítear go minic ar fhoirmeacha traidisiúnta na meán. Tá srianta sonracha ann lena n-áirítear srianta ar sholáthar trasteorann seirbhísí fógraíochta polaitiúla, a dhéanann difear don dóigh a seoltar feachtais pholaitiúla trasteorann agus uile-Eorpacha. Cuireann roinnt Ballstát toirmeasc ar sholáthraithe seirbhíse an Aontais atá bunaithe i mBallstáit eile seirbhísí de chineál polaitiúil a sholáthar nó seirbhísí a bhfuil cuspóir polaitiúil acu a sholáthar le linn tréimhsí toghcháin. Bíodh sin mar atá, is dócha go bhfuil bearnaí agus lúba ar lár i ndlí náisiúnta roinnt Ballstát, rud a fhágann go scaiptear fógraíocht pholaitiúil uaireanta gan aird a thabhairt ar na rialacha náisiúnta ábhartha agus, dá bhrí sin, go bhfuil an baol ann go mbainfí an bonn ó chuspóir na rialála trédhearcachta maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil.

(8)

Chun trédhearcacht fheabhsaithe san fhógraíocht pholaitiúil a sholáthar, lena n-áirítear chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na saoránach, tá bearta breise fiosraithe cheana ag roinnt Ballstát, nó tá siad á mbreithniú acu faoi láthair, chun aghaidh a thabhairt ar thrédhearcacht na fógraíochta polaitiúla agus chun tacú le dioscúrsa polaitiúil cothrom agus le toghcháin nó reifrinn atá saor agus cóir. Déantar na bearta náisiúnta sin a bhreithniú go háirithe i gcás fógraíocht pholaitiúil a fhoilsítear agus a scaiptear ar líne agus d’fhéadfadh srianta breise a bheith i gceist leo. Bíonn idir bhearta boga agus bhearta ceangailteacha i gceist leis na bearta sin agus bíonn gnéithe éagsúla trédhearcachta ag baint leo.

(9)

Fágann an staid sin go bhfuil an margadh inmheánach ilroinnte, gur lú an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a dhéanann fógráin pholaitiúla a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh, go gcruthaítear bacainní ar shaorghluaiseacht seirbhísí gaolmhara, go ndéantar saobhadh ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach, lena n-áirítear idir soláthraithe seirbhísí as líne agus ar líne, agus go n-éilítear iarrachtaí casta comhlíontachta agus costais bhreise ar sholáthraithe seirbhíse ábhartha.

(10)

Sa chomhthéacs sin, is dócha go ndíspreagfar soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla óna seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar i gcásanna trasteorann. Tá sé sin fíor go háirithe i gcás micreaghnóthas, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide, ar minic nach mbíonn na hacmhainní acu chun na costais chomhlíontachta arda a iompar nó a chur ar aghaidh a bhaineann le fógraíocht pholaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh i níos mó ná Ballstát amháin. Cuireann sé sin srian ar infhaighteacht seirbhísí agus bíonn tionchar diúltach aige ar na deiseanna do sholáthraithe seirbhíse feachtais ilmheánacha agus ilnáisiúnta a chur ar fáil laistigh den mhargadh inmheánach.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, ardleibhéal comhsheasmhach trédhearcachta a áirithiú maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil ar fud an Aontais nuair a sholáthraítear seirbhísí fógraíochta polaitiúla, agus ba cheart na héagsúlachtaí a chuireann bac ar shaorchúrsaíocht seirbhísí gaolmhara laistigh den mhargadh inmheánach a chosc, trí rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar, lena n-áirítear maidir leis an trédhearcacht agus maidir leis na hoibleagáidí díchill chuí gaolmhara d’urraitheoirí agus do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena ráthaítear cosaint aonfhoirmeach chearta na ndaoine agus maoirseacht ar fud an mhargaidh inmheánaigh ar bhonn Airteagal 114 CFAE.

(12)

Níor cheart do na Ballstáit forálacha maidir le trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla a choimeád ná a thabhairt isteach ina ndlíthe náisiúnta nach bhfuil i gcomhréir leo sin a leagtar síos sa Rialachán seo, go háirithe forálacha atá níos déine nó ar lú a ndéine, rud lena n-áireofaí leibhéal trédhearcachta éagsúil don fhógraíocht pholaitiúil. Le comhchuibhiú iomlán na n-oibleagáidí trédhearcachta agus díchill chuí gaolmhara a bhaineann le fógraíocht pholaitiúil, méadaítear an deimhneacht dhlíthiúil agus laghdaítear ilroinnt na n-oibleagáidí a chomhlíonann soláthraithe seirbhíse i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla.

(13)

Ba cheart comhchuibhiú iomlán na n-oibleagáidí trédhearcachta agus na n-oibleagáidí díchill chuí gaolmhara a bheith gan dochar do shaoirse soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla tuilleadh faisnéise maidir le fógraíocht pholaitiúil a sholáthar ar bhonn deonach, agus é sin mar chuid den tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus den fhaisnéis atá cosanta faoi Airteagal 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

(14)

Tá an Rialachán seo teoranta do chomhchuibhiú na rialacha maidir le trédhearcacht agus oibleagáidí díchill chuí gaolmhara maidir le seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar agus maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin, chomh maith le rialacha maidir lena mhaoirseacht agus a fhorfheidhmiú. Ní cheart go ndéanfadh sé difear d’inneachar fógrán polaitiúil, ná do rialacha an Aontais nó na mBallstát lena rialaítear gnéithe a bhaineann le fógraíocht pholaitiúil seachas na cinn a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo, ní athraítear na rialacha lena rialaítear stiúradh agus maoiniú feachtasaíochta polaitiúla, lena n-áirítear toirmisc ghinearálta nó teorainneacha ginearálta ar fhógraíocht pholaitiúil le linn tréimhsí sonraithe, na tréimhsí tosta mar a thugtar orthu, deonacháin ó dheontóirí feachtais aonair nó toirmisc maidir le fógraíocht tráchtála a úsáid chun críoch feachtais toghcháin. Thairis sin, níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear, go háirithe, don cheart bunúsach chun saoirse tuairimíochta agus chun saoirse cainte.

(15)

Ba cheart riachtanais shonracha micreaghnóthas, gnóthas beag agus gnóthas meánmhéide a chur san áireamh agus an Rialacháin seo á chur i bhfeidhm agus á chur chun feidhme, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Ba cheart coincheap na micreaghnóthas, na ngnóthas beag agus na ngnóthas meánmhéide a thuiscint mar ghnóthais atá cáilithe faoi Airteagal 3(1), (2) agus (3) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(16)

Leis an Rialachán, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáidí trédhearcachta comhchuibhithe agus díchill chuí gaolmhara a bheidh infheidhme maidir le gníomhaithe eacnamaíocha a sholáthraíonn fógraíocht pholaitiúil agus seirbhísí gaolmhara, is iad sin, gníomhaíochtaí a dhéantar ar íocaíocht de ghnáth, a bhféadfadh sochair chomhchineáil a bheith ar áireamh iontu. Is éard a bhíonn i gceist leis na seirbhísí sin go háirithe, fógráin pholaitiúla a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh agus a scaipeadh. Is ar bhonn Airteagal 114 CFAE a bhunaítear rialacha an Rialacháin seo lena ndéantar foráil maidir le hardleibhéal trédhearcachta i dtaca le seirbhísí fógraíochta polaitiúla. Ba cheart leis an Rialachán go dtabharfaí aghaidh freisin ar úsáid teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúil atá bunaithe ar phróiseáil sonraí pearsanta a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh. Is ar bhonn Airteagal 16 CFAE a bhunaítear rialacha an Rialacháin seo lena dtugtar aghaidh ar úsáid teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin. Maidir le fógraíocht pholaitiúil a dhírítear ar dhaoine i mBallstát, ba cheart a áireamh inti fógraíocht a dhéanann soláthraithe seirbhíse a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh ina hiomláine, ar soláthraithe iad atá bunaithe lasmuigh den Aontas ach ar fógraíocht í a scaiptear ar dhaoine laistigh den Aontas. Chun a chinneadh an bhfuil fógrán polaitiúil dírithe ar dhaoine aonair i mBallstát, ba cheart aird a thabhairt ar thosca a chruthaíonn nasc idir é agus an Ballstát sin, lena n-áirítear teanga, comhthéacs, cuspóir an fhógráin agus modhanna a scaipthe.

(17)

Ba cheart sainiúlachtaí mheán fhoilsithe nó scaipthe an fhógráin pholaitiúil a chur san áireamh le linn an Rialacháin seo a chur chun feidhme, go háirithe chun a mhódúlachtaí a oiriúnú don teilifís, don raidió agus do nuachtáin, de réir mar a bheidh, i gcomhréir le dlí an Aontais.

(18)

Ba cheart a mheabhrú go bhfuil soláthar trasteorann seirbhísí fógraíochta sa mhargadh inmheánach faoi réir phrionsabal an neamh-idirdhealaithe. Is é atá i gceist leis an bprionsabal sin, inter alia, nach bhfuil rochtain faighteora ar sheirbhís arna tairiscint don phobal le srianadh ar bhonn náisiúntacht nó áit chónaithe ná ar bhonn bhunaíocht an fhaighteora, agus ar na forais sin amháin. Dá bhrí sin, níor cheart cead a bheith ag soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla idirdhealú a dhéanamh i gcoinne urraitheoirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas nó atá bunaithe go dlíthiúil ann ar fhorais a n-áite cónaithe nó a mbunaíochta, ach amháin i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an déileáil dhifriúil agus go bhfuil sé comhréireach i gcomhréir le dlí an Aontais. Tá rochtain neamh-idirdhealaitheach ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla trasteorann bunriachtanach d’fhaighteoirí na seirbhísí sin chun leas a bhaint as tairbhí uile an mhargaidh inmheánaigh san earnáil sin. Tá tábhacht ar leith ag baint le rochtain neamh-idirdhealaitheach ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla trasteorann do pháirtithe polaitiúla Eorpacha, i bhfianaise an róil atá acu maidir le rannchuidiú le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus toil shaoránaigh an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 10(4) CAE agus in Airteagal 12(2) den Chairt agus a stádas dlíthiúil Eorpach de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chur in iúl.

Níor cheart a cheadú do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla srianta gan údar a chur ar shaoirse páirtithe polaitiúla Eorpacha maidir le seirbhísí fógraíochta polaitiúla trasteorann a fháil toisc go gcuireann siad bac ar fheachtais pholaitiúla éifeachtacha a dheanamh ar fud an Aontais, rud a chuireann bac orthu an ról a chomhlíonadh a shanntar dóibh leis na Conarthaí. Dá bhrí sin, níor cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a seirbhísí a dhiúltú do pháirtí polaitiúil Eorpach, bac a chur orthu ná baint dá dtarraingteacht do pháirtí polaitiúil Eorpach ar fhorais a áite bunaíochta, lena n-áirítear clárú, agus ar an mbonn sin amháin, gan a fhágáil nach bhféadfadh difríochtaí déileála a bheith bunaithe ar chúiseanna oibiachtúla a bhfuil bonn cirt leo. Tá feidhm ag tosca comhchosúla maidir le grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa a bhunaítear i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa agus a chomhlíonann a ndualgais mar chuid de ghníomhaíochtaí an Aontais. Ní chinntear leis an gclásal maidir le neamh-idirdhealú a leagtar síos sa Rialachán seo stádas dlíthiúil páirtithe polaitiúla Eorpacha ná grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa ná ní dhéanann sé difear dó ar bhealach ar bith dó toisc go bhfuil sé teoranta ann féin do dhul i ngleic lena seasamh mar urraitheoirí.

(19)

Is eol go bhfuil cur isteach ar thoghcháin ag eintitis tríú tír áirithe nó ag náisiúnaigh tríú tír, a d’fhéadfadh urraíocht a thabhairt d’fhógraíocht pholaitiúil san Aontas, ina bhagairt thromchúiseach ar an daonlathas, ar luach coiteann de chuid an Aontais é agus a bhfuil tábhacht bhunúsach don Aontas agus dá Bhallstáit ag baint lena chinntiú. Dá bhrí sin, tá srianta éagsúla curtha i bhfeidhm cheana, nó á mbreithniú, ag roinnt Ballstát ar eintitis tríú tír nó ar náisiúnaigh tríú tír ó mhaoiniú a sholáthar i gcomhthéacs toghchán. Leis an staid rialála ilchineálach sin, ar dócha go rachaidh sé in olcas mar gheall ar an timpeallacht idirnáisiúnta atá i réim faoi láthair, cruthaítear bacainní ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a oibriú ar mhargaí na mBallstát éagsúil. Ba cheart, dá bhrí sin, an staid rialála ilchineálach sin a chomhfhogasú d’íoschaighdeán coiteann. Ba cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, sna trí mhí roimh thoghchán nó reifreann a eagraítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil i mBallstát, gan ach seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar do shaoránaigh an Aontais, do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil buanchónaí orthu san Aontas agus a bhfuil ceart vótála acu sa toghchán nó sa reifreann sin nó do dhaoine dlítheanacha atá bunaithe san Aontas agus nach bhfuil á rialú ag eintitis tríú tír. Bíonn éagsúlachtaí ag baint leis an riosca go gcuirfí isteach ar thoghcháin nó ar reifrinn i mBallstáit éagsúla agus leis measúnuithe na mBallstát ar an riosca sin agus is é sin an fáth a bhféadfadh sé a bheith iomchuí i mBallstáit éagsúla rialacha náisiúnta níos déine a bheith ann lena ndéanfaí foráil go háirithe do thréimhsí ama níos faide chun srian a chur ar urraíocht ó eintitis tríú tír nó ó náisiúnaigh tríú tír. Dá bhrí sin, níor cheart go bhfágfadh an t-íoschaighdeán trí mhí nach féidir leis na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha náisiúnta níos déine i gcomhréir le dlí an Aontais. I gcás ina bhfógraítear toghchán nó reifreann níos lú ná trí mhí roimh dháta an toghcháin nó an reifrinn sin, níor cheart a thuiscint as sin go n-eascraíonn oibleagáidí as sin sa tréimhse sular fógraíodh na toghcháin nó na reifrinn.

(20)

Chun cúbláil faisnéise agus cur isteach ar fhógraíocht pholaitiúil a chomhrac, moltar do ‘ardáin ar líne’ mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/2065, lena n-áirítear tríd an gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis, beartais shaincheaptha agus bearta ábhartha eile a bhunú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí bhíthin a rannpháirtíochta i dtionscnaimh níos leithne maidir le luach airgid a bhaint den bréagaisnéis chun cosc a chur ar shuíomh fógraíochta polaitiúla a bhfuil bréagaisnéis inti.

(21)

Ní ann do shainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil ná ar fhógrán polaitiúil ar leibhéal an Aontais. Tá gá le sainmhíniú ar leibhéal an Aontais chun raon feidhme chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí comhchuibhithe thrédhearcachta agus díchill chuí gaolmhara agus na rialacha maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin a bhunú. Ba cheart don sainmhíniú sin an líon mór cineálacha fógraíochta polaitiúla a d’fhéadfadh a bheith ann a chumhdach, mar aon le haon mheán agus aon mhodhanna foilsithe nó scaipthe laistigh den Aontas, gan beann ar an bhfuil an fhoinse lonnaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír.

(22)

Ba cheart a áireamh sa sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil fógraíocht a dhéanann gníomhaí polaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh, go díreach nó go hindíreach, nó fógraíocht a ullmhaítear, a shuitear, a chuirtear chun cinn, a fhoilsítear, a sheachadtar nó a scaiptear trí aon mhodh, go díreach nó go hindíreach, ar son gníomhaí polaitiúil nó thar a cheann. Is iondúil go mbíonn an fhógraíocht pholaitiúil faoi rialú urraitheora, go díreach nó go hindíreach, a d’fhéadfadh a bheith ina ghníomhaí polaitiúil, agus a bheadh in ann, go háirithe, cineál polaitiúil, inneachar nó foilsiú na fógraíochta polaitiúla atá á hullmhú, á suíomh, á cur chun cinn, á seachadadh nó á scaipeadh a chinneadh. Uaireanta is féidir, ar deireadh, le heintiteas eile smacht a fheidhmiú ar urraitheoir. Nuair a bhítear á shuí an bhfuil urraitheoir á rialú ar deireadh ag eintiteas, ba cheart é a dhéanamh bunaithe ar chearta, ar chonarthaí nó ar aon mhodh eile a fhágann, ar leithligh nó i dteannta a chéile, agus ag féachaint do thosca an fhíorais nó an dlí lena mbaineann, go bhféadfaí tionchar cinntitheach a imirt ar eintiteas, go háirithe trí úinéireacht, an ceart sócmhainní uile eintitis nó cuid díobh a úsáid, nó cearta nó conarthaí a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí orgán de chuid eintitis. Chun a chinneadh gur de chineál príobháideach amháin nó de chineál tráchtála amháin í teachtaireacht, ba cheart aird a thabhairt ar na tosca ábhartha uile, amhail a hinneachar, urraitheoir na teachtaireachta, an teanga a úsáidtear chun an teachtaireacht a chur in iúl, an comhthéacs ina gcuirtear an teachtaireacht in iúl, lena n-áirítear tréimhse an scaipthe, cuspóir na teachtaireachta agus an modh lena ndéantar an teachtaireacht a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh agus an spriocphobal. Teachtaireachtaí a bhaineann le stádas teaghlaigh nó le gníomhaíochtaí gnó gníomhaí polaitiúil, is dócha gur teachtaireachtaí de chineál príobháideach amháin nó de chineál tráchtála amháin atá iontu.

(23)

Ba bheart a mheas gur fógraíocht pholaitiúil freisin é teachtaireacht a bheith á cur chun cinn, á foilsiú, á seachadadh nó á scaipeadh ag gníomhaithe eile, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála, ar phróiseas reachtach nó rialála ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, agus atá ceaptha chun an méid sin a dhéanamh. Ba cheart a áireamh i bpróiseas reachtach nó rialála cinnteoireacht ag a bhfuil éifeachtaí ceangailteacha agus feidhm ghinearálta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Ba cheart nasc soiléir substaintiúil a bheith ann idir an teachtaireacht an tionchar a d’fhéadfadh sí a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála. Chun a chinneadh an ann don nasc sin, ba cheart aird a thabhairt ar na tosca go léir a bhí ábhartha an tráth a rinneadh an teachtaireacht a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh, amhail céannacht urraitheoir na teachtaireachta, foirm agus inneachar na teachtaireachta, an teanga labhartha nó scríofa a úsáideadh chun an teachtaireacht a chur in iúl, an comhthéacs inar cuireadh an teachtaireacht in iúl, lena n-áirítear tréimhse an scaipthe amhail tréimhse thoghcháin, cuspóir na teachtaireachta agus na modhanna trína ndearnadh an teachtaireacht a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh agus an spriocphobal meáin. Ba cheart a thuiscint go n-áirítear i dteanga aon teanga a úsáidtear san Aontas, lena n-áirítear canúintí réigiúnacha agus teanga chomharthaíochta, agus úsáid aon mhodha cumarsáide nó códúcháin, amhail braille agus modhanna eile. Ba cheart an dearadh a bheith follasach sna gnéithe sin, agus níor cheart nasc a dhíorthú ar bhonn aisghníomhach amháin ó thionchar teachtaireachta.

(24)

Is éard atá i gceist le fógraíocht pholaitiúil an cás ina ndéanann eintiteas atá ag gníomhú ar a shon féin (gníomhaíochtaí inmheánacha) teachtaireacht a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh atá faoi dhliteanas agus atá ceaptha chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála. Ba cheart gníomhaíochtaí inmheánacha, ar cheart iad a mheas mar ghníomhaíochtaí atá ábhartha do Chaibidil III den Rialachán seo amháin, a thuiscint mar ghníomhaíochtaí a dhéantar laistigh d’eintiteas arb é atá i gceist leo, teachtaireacht a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh, nó rannchuidiú go substaintiúil leis sin a dhéanamh, trí aon mhodh, ar teachtaireacht í a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála, agus a ceapadh chun tionchar a imirt orthu.

(25)

Is féidir le cleachtais fógraíochta agus margaíochta tráchtála difear a dhéanamh go dlisteanach do bhraistintí tomhaltóirí maidir le táirgí agus seirbhísí nó dá n-iompraíocht cheannaigh, lena n-áirítear trí dhifreáil brandaí bunaithe ar ghníomhaíochtaí cuideachta i réimse na freagrachta sóisialta corparáidí, lena ndéantar tionchar sóisialta, nó aon chineál eile rannpháirtíochta cuspóirbhunaithe a bhaint amach. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le fógraíocht tráchtála atá faoi dhliteanas agus a ceapadh chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála.

(26)

Ba cheart don Choimisiún treoir choiteann a tharraingt suas chun an Rialacháin seo a chur chun feidhme go héifeachtach agus, go háirithe, chun tacú leis na hurraitheoirí, nó leis na soláthraithe seirbhísí fógraíochta atá ag gníomhú thar ceann na n-urraitheoirí agus fógráin pholaitiúla á ndearbhú agus á sainaithint acu, agus chun tacú le soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla dearbhuithe den sórt sin a éascú agus a riar go hiomchuí.

(27)

Ar mhaithe le cumarsáid éifeachtach leis an bpobal i gcoitinne, níor cheart gur fógraíocht pholaitiúil a bheadh i gcumarsáid phoiblí ó aon údarás poiblí de chuid Ballstáit nó an Aontais, don údarás sin, nó thar a cheann, lena n-áirítear comhaltaí Rialtais, amhail preaseisiúintí nó comhdhálacha lena bhfógraítear tionscnaimh reachtacha nó rialála agus lena mínítear an rogha beartais atá mar bhonn taca leis na tionscnaimh sin, ar choinníoll nach bhfuil siad faoi dhliteanas agus deartha chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart faisnéis phraiticiúil ó fhoinsí oifigiúla de chuid na mBallstát nó an Aontais atá teoranta go docht d’eagrú agus do mhódúlachtaí le haghaidh rannpháirtíocht i dtoghcháin nó i reifrinn, lena n-áirítear iarrthóireachtaí a fhógairt nó an cheist a reáchtáiltear an reifreann ina leith, a mheas mar fhógraíocht pholaitiúil ach oiread.

(28)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo i gcásanna ina ndéantar foráil go sainráite sa dlí do spás poiblí sonraithe chun iarrthóirí a chur i láthair agus ina leithdháiltear é saor in aisce, mar shampla trí spás a leithdháileadh don chur i láthair sin i mbardais agus i limistéir phoiblí eile nó trí am craolacháin ar leith ar an teilifís, i gcás ina ndéanfar sin ar bhealach cóir agus neamh-idirdhealaitheach, agus ar bhonn critéar trédhearcach oibiachtúil.

(29)

Rannchuidíonn na meáin le dea-fheidhmiú na bpróiseas daonlathach agus tá ról buntábhachtach acu maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, go háirithe le linn na tréimhse díreach roimh thoghchán. Cuireann siad spás ar fáil do dhíospóireacht phoiblí agus rannchuidíonn siad le tuairimí an phobail a fhoirmiú. Níor cheart, dá bhrí sin, go ndéanfadh an Rialachán seo difear do shaoirse eagarthóireachta na meán. Níor cheart tuairimí polaitiúla a chuirtear in iúl in aon mheán faoi fhreagracht eagarthóireachta a chumhdach, mura rud é go ndéanann tríú páirtithe íocaíocht shonrach nó luach saothair eile a sholáthar as iad a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh, nó i ndáil leis an méid sin. Mar sin féin, nuair a dhéanann soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla tuairimí polaitiúla den sórt sin a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh ina dhiaidh sin, d’fhéadfaí a mheas gur fógraíocht pholaitiúil iad.

(30)

Is ionann tuairimí polaitiúla a nochtar i gcáil phearsanta agus léiriú ar leith ar an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Ní fógraíocht pholaitiúil é, agus is gá an t-idirdhealú sin a dhéanamh go soiléir. Chun é sin a dhéanamh, níor cheart tuairimí polaitiúla a nochtar i gcáil phearsanta a chumhdach leis an Rialachán seo. Ba cheart sainaithint tuairimí polaitiúla a nochtar i gcáil phearsanta a bheith mar thoradh ar fhéinchinntiúchán aonair de ghnáth, ach is féidir gnéithe comhthéacsúla a chur san áireamh. D’fhéadfaí a áireamh ar na tosca ábhartha an amhlaidh a eisítear an tuairim thar ceann eintiteas eile, an amhlaidh atá sé i gceist leis an teachtaireacht féinmhargadh a dhéanamh ar son iarrthóireachta nó feachtas i bpróiseas toghcháin, reifrinn nó reachtach nó rialála, an amhlaidh atá sí á cur in iúl ag duine aonair atá gníomhach go ginearálta i bhfeachtasaíocht nó i ngníomhaíocht chun athrú a dhéanamh ar shaincheisteanna polaitiúla nó sóisialta, agus an amhlaidh atá an teachtaireacht á scaipeadh chuig líon éiginnte daoine. Níor cheart a mheas gur cuireadh tuairim pholaitiúil in iúl i gcáil phearsanta má dhéantar foráil do luach saothair sonrach ó thríú páirtithe, lena n-áirítear sochair chomhchineáil, nó i ndáil leis an tuairim sin a chur in iúl.

(31)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart toghcháin a thuiscint mar thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, na toghcháin nó na reifrinn uile a eagraítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil sna Ballstáit, agus toghcháin a eagraítear chun ceannaireacht páirtí pholaitiúil a bhunú. Níor cheart cineálacha eile toghcháin a áireamh ann, amhail ballóidí gairmiúla nó ballóidí a eagraítear ar bhonn príobháideach.

(32)

Is gá fógrán polaitiúil a shainiú mar chás ina bhfuil fógraíocht pholaitiúil i gceist. Áirítear ar na fógráin na modhanna trína ndéantar an teachtaireacht fógraíochta a chur in iúl, lena n-áirítear trí ábhar clóite, trí na meáin chraolta, ar shuíomhanna gréasáin, ar innill chuardaigh agus ar mheáin shruthaithe, nó trí sheirbhís ardáin ar líne.

(33)

Ba cheart tagairt a dhéanamh sa sainmhíniú ar ghníomhaithe polaitiúla do choincheapa a shainmhínítear faoi dhlí an Aontais, agus faoin dlí náisiúnta chomh maith, i gcomhréir le hionstraimí dlí idirnáisiúnta amhail ionstraimí dlí de chuid Chomhairle na hEorpa. Leis an sainmhíniú ar ghníomhaithe polaitiúla, ba cheart eintitis chleamhnaithe agus fo-eintitis de chuid páirtí pholaitiúil a áireamh, arna mbunú, le pearsantacht dhlítheanach nó gan pearsantacht dhlítheanach, chun tacú leis nó chun a chuspóirí a shaothrú, mar shampla trí dhul i rannpháirtíocht le grúpa sonrach vótálaithe nó le haghaidh cuspóir toghchánach sonrach.

(34)

Ba cheart a áireamh ar shainmhíniú na ngníomhaithe polaitiúla iarrthóirí ar aon oifig thofa nó sealbhóirí aon oifige tofa, agus comhaltaí de Rialtais Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil nó comhaltaí d’institiúidí de chuid an Aontais, cé is moite de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, den Bhanc Ceannais Eorpach agus den Chúirt Iniúchóirí.

(35)

Ba cheart tagairt a dhéanamh sa sainmhíniú ar fheachtas fógraíochta polaitiúla d’ullmhú, suíomh, cur chun cinn, foilsiú, seachadadh nó scaipeadh sraithe fógrán polaitiúla nasctha le linn tréimhse conartha le haghaidh fógraíocht pholaitiúil, ar bhonn ullmhú, urraíocht nó cistiú coiteann.

(36)

Níor cheart don sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil difear dhéanamh do shainmhínithe náisiúnta ar pháirtí polaitiúil, ar aidhmeanna polaitiúla, nó ar fheachtais pholaitiúla, ná níor cheart dóibh rialacha maidir le feachtais pholaitiúla ar an leibhéal náisiúnta a athrú, ná cur isteach orthu.

(37)

Ní cheart don sainmhíniú ar ghníomhaí polaitiúil difear a dhéanamh do rialacha náisiúnta maidir le cé atá in ann feachtas polaitiúil a sheoladh agus níor cheart dó a chur d’oibleagáid ar na Ballstáit na rialacha sin a ghlacadh.

(38)

Chun réimse leathan na soláthraithe seirbhíse ábhartha atá nasctha le seirbhísí fógraíochta polaitiúla a chumhdach, ba cheart seirbhísí fógraíochta polaitiúla a thuiscint mar rud a chuimsíonn soláthraithe a bhfuil baint acu le hullmhú, suí, cur chun cinn, foilsiú, seachadadh nó scaipeadh fógrán polaitiúil. Mar shampla, is féidir le soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla gníomhú thar ceann na n-urraitheoirí trí sheirbhísí fógraíochta polaitiúla a thionscnamh thar a gceann.

(39)

Níor cheart go n-áireofaí, sa sainmhíniú ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, soláthraithe nach soláthraíonn ach seirbhísí coimhdeacha i ndáil le seirbhísí fógraíochta polaitiúla. Is éard is seirbhísí coimhdeacha ann seirbhísí a sholáthraítear sa bhreis ar fhógraíocht pholaitiúil agus a chomhlánaíonn í, ach nach bhfuil aon tionchar díreach acu ar a hinneachar ná ar a cur i láthair agus nach bhfuil aon smacht díreach acu ar a hullmhú, a suíomh, a cur chun cinn, a foilsiú, a seachadadh ná a scaipeadh. D’fhéadfadh sé nó áireofaí ar na seirbhísí sin iompar, maoiniú agus infheistíocht, ceannach, díolacháin, lónadóireacht, margaíocht, seirbhísí ríomhaireachta, glanadh, cothabháil, seirbhísí poist, seirbhísí priontála, dearadh grafach, fuaime nó grianghrafadóireachta.

(40)

Ba cheart urraitheoir a shainmhíniú mar dhuine a ndéantar fógrán polaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú nó a scaipeadh thar a cheann, mar shampla iarrthóir aonair i dtoghchán nó páirtí polaitiúil, agus arb é an duine nó an t-eintiteas é a sholáthraíonn an luach saothair mar mhalairt ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla.

(41)

Ba cheart foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a shainmhíniú mar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, a bhíonn ag deireadh shlabhra na soláthraithe seirbhíse de ghnáth, a dhéanann fógraíocht pholaitiúil a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh trína craoladh, a cur ar fáil trí chomhéadan nó trína cur ar fáil don phobal ar shlí eile.

(42)

Tá freagrachtaí ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a thacaíonn le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Déanann soláthraithe áirithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla fógraíocht pholaitiúil a chraoladh, a chur ar fáil trí chomhéadan nó a chur san fhearann poiblí ar shlí eile, agus de bhua an róil sin, atá in ann a áirithiú go ndéantar é sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go soláthraítear ardleibhéal trédhearcachta leis. Dá bhrí sin, ba cheart freagrachtaí sonracha a bheith ar na soláthraithe seirbhíse sin mar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla, agus is gá iad a shainaithint amhlaidh.

(43)

Ba cheart d’urraitheoir a dhearbhú go fírinneach an ionann an fhógraíocht lena mbaineann agus fógraíocht pholaitiúil mar a shainmhínítear sa Rialachán seo agus, le linn na dtrí mhí roimh thoghchán nó reifreann arna eagrú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil i mBallstát, an bhfuil sé in ann gníomhú mar urraitheoir i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart an t-urraitheoir a bheith freagrach as cruinneas na ndearbhuithe sin. Ina theannta sin, a luaithe a shainaithnítear fógraíocht mar fhógraíocht polaitiúil, ba cheart scaipeadh breise na fógraíochta sin a bheith i gcomhréir fós leis na ceanglais trédhearcachta agus díchill chuí lena mbaineann.

(44)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sé, go háirithe, éifeachtacht na rialacha maidir le trédhearcacht agus ceanglais díchill chuí lena mbaineann a ráthú, ba cheart a áirithiú leis na socruithe conarthacha a thugtar i gcrích chun seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar go ndéanfar an fhaisnéis a tharchur de mheon macánta agus ar bhealach iomlán agus cruinn, agus gan moill mhíchuí, is gá chun a chur ar chumas soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla an Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás dearbhú nó faisnéis atá neamhiomlán, as dáta nó earráideach, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir leis an dearbhú nó an fhaisnéis sin a chomhlánú, a nuashonrú nó a cheartú. Níor cheart gurb ionann sin agus oibleagáid ghinearálta ar sholáthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla faireachán a dhéanamh ar fhírinneacht na ndearbhuithe maidir le cineál polaitiúil na bhfógrán ná tabhairt faoi chleachtaí aimsithe fíoras a bheadh iomarcach nó costasach. Chun go gcuirfear chun feidhme go héifeachtúil an ceanglas chun an dearbhú nó an fhaisnéis sin a chomhlánú, a nuashonrú nó a cheartú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a gcomhéadain ar líne a oiriúnú chun comhlíonadh na n-oibleagáidí sin a éascú.

(45)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta a mheas gur follasach go bhfuil dearbhú nó faisnéis earráideach más léir sin ó inneachar an fhógráin, ó chéannacht an urraitheora, nó ón gcomhthéacs ina soláthraítear an tseirbhís ábhartha, gan tuilleadh fíoruithe nó gníomhaíochtaí aimsithe fíoras.

(46)

Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla arb ardáin an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne iad freisin de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065 aon rioscaí sistéamacha a bhaineann lena seirbhísí fógraíochta polaitiúla a shainaithint, a anailísiú agus a mheasúnú go dícheallach i gcomhthéacs a measúnuithe riosca i gcomhréir le hAirteagal 34 den Rialachán sin agus bearta maolaithe réasúnacha, comhréireacha agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 35 den Rialachán sin chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.

(47)

Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le trédhearcacht agus ceanglais díchill chuí ghaolmhara ach amháin maidir le seirbhísí fógraíochta polaitiúla, is iad sin fógraíocht pholaitiúil a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair, a bhféadfadh sochair chomhchineáil a bheith ar áireamh inti. Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin maidir le hinneachar arna uaslódáil ag úsáideoir seirbhíse idirghabhálaí ar líne, amhail ardán ar líne, agus arna scaipeadh ag an tseirbhís idirghabhálach ar líne gan aird a thabhairt ar shuíomh, foilsiú, seachadadh nó scaipeadh na teachtaireachta shonraí, murar thug tríú páirtí luach saothair don úsáideoir as an bhfógrán polaitiúil.

(48)

Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le trédhearcacht agus ceanglais díchill chuí ghaolmhara maidir le faisnéis a roinnt trí sheirbhísí cumarsáide leictreonaí amhail seirbhísí teachtaireachta leictreonaí nó glaonna teileafóin, fad agus nach bhfuil aon seirbhís fógraíochta polaitiúla i gceist.

(49)

Leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil mar a chosnaítear le hAirteagal 11 den Chairt, cumhdaítear ceart an duine aonair tuairimí polaitiúla a bheith aige, faisnéis pholaitiúil a fháil agus a thabhairt agus smaointe polaitiúla a roinnt. Ní mór d’aon teorannú ar an tsaoirse sin Airteagal 52 den Chairt a chomhlíonadh. Is féidir an tsaoirse sin a bheith faoi réir modhnuithe agus srianta i gcás ina bhfuil gá agus bonn cirt leo i ngeall ar leas poiblí dlisteanach atá á shaothrú, agus i gcás ina gcomhlíonann siad prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, amhail comhréireacht agus deimhneacht dhlíthiúil. Is amhlaidh atá, inter alia, i gcás ina gcuirtear smaointe polaitiúla in iúl trí sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla. Tá an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil ar cheann de bhunchlocha de dhíospóireacht bhríomhar dhaonlathach.

(50)

Níor cheart é a bheith d’éifeacht ag an Rialachán seo a cheangal ar na Ballstáit bearta a dhéanamh de shárú ar phrionsabail bhunúsacha a bhaineann leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, go háirithe saoirse an phreasa agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile mar a eascraíonn siad as traidisiúin bhunreachtúla nó as rialacha bunreachtúla lena rialaítear cearta agus freagrachtaí an phreasa nó na meán eile, agus na ráthaíochtaí nós imeachta lena n-aghaidh, i gcás ina mbaineann na rialacha sin le dliteanas a chinneadh nó a theorannú.

(51)

Maidir le hidirghabhálaithe ar líne, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2022/2065 i leith fógráin pholaitiúla a fhoilsíonn nó a scaipeann idirghabhálaithe ar líne, trí na rialacha cothrománacha is infheidhme i leith gach cineáil fógraíochta ar líne, lena n-áirítear fógráin tráchtála agus polaitiúla. Ar bhonn an tsainmhínithe ar fhógraíocht pholaitiúil sa Rialachán seo, is iomchuí gráinneacht bhreise a sholáthar maidir leis na ceanglais trédhearcachta a leagtar síos d’fhoilsitheoirí fógraíochta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2022/2065, go háirithe na hardáin an-mhór ar líne. Baineann sé sin, go háirithe, le faisnéis a bhaineann le fógráin pholaitiúla a mhaoiniú. Ba cheart na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith gan dochar do Rialachán (AE) 2022/2065.

(52)

Is féidir slabhra casta de sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a bheith i gceist le fógráin pholaitiúla a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh agus a scaipeadh. Is amhlaidh a bhíonn go háirithe i gcás ina bhféadfaidh roghnú an inneachair fógraíochta, roghnú na gcritéar spriocdhírithe agus seachadta fógráin, soláthar na sonraí a úsáidtear chun an fógrán a spriocdhíriú agus a sheachadadh, forálacha na dteicnící spriocdhírithe agus na dteicnící seachadta fógráin, agus seachadadh agus scaipeadh an fhógra a bheith á rialú ag soláthraithe seirbhíse éagsúla.

Ina theannta sin, is féidir le hurraitheoirí a bheith rannpháirteach ag céimeanna éagsúla d’ullmhú, suíomh, cur chun cinn, foilsiú, seachadadh agus scaipeadh na fógraíochta polaitiúla. Ar an gcaoi chéanna, chun críche teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin, d’fhéadfadh rialaitheoir críocha agus modhanna na próiseála i gcomhpháirt le rialaitheoirí eile a chinneadh nó d’fhéadfadh eintiteas eile an oibríocht phróiseála a dhéanamh thar ceann an rialaitheora. I bhfianaise chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is féidir rialú comhpháirteach a bhunú freisin nuair nach bhfuil rochtain ach ag eintiteas amháin ar na sonraí pearsanta lena mbaineann. De bharr na rannchuidithe éagsúla a dhéanann siad, eadhon sainmhíniú ar pharaiméadair spriocdhírithe, ainmniú catagóirí sonraí agus próiseáil agus fógráin á dtaispeáint acu, dhéanfadh soláthraithe seirbhíse agus urraitheoirí cinneadh go rialta maidir leis na bealaí agus na críocha chun sonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh fógraíocht pholaitiúil, agus dá bhrí sin, d’fhéadfaí a mheas gur rialaitheoirí comhpháirteacha iad de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa (7) agus ón gComhairle agus Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le leithdháileadh soiléir fhreagrachtaí na n-eintiteas éagsúil faoin Rialachán seo.

(53)

I gcás ina bhfuil baol ann go rachaidh construáil shaorga thráchtála nó chonarthacha timpeall ar éifeachtacht na n-oibleagáidí trédhearcachta a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí sin maidir leis an eintiteas nó leis na heintitis a sholáthraíonn an tseirbhís fógraíochta go príomha.

(54)

Agus foráil á déanamh maidir le ceanglais shonracha, níor cheart a thuiscint leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo go bhforchuirtear oibleagáid faireacháin ghinearálta leo ar sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha maidir le hinneachar polaitiúil atá á roinnt ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha ná go bhforchuirtear oibleagáid ghinearálta ar sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha bearta réamhghníomhacha a dhéanamh i ndáil le hinneachar neamhdhleathach a dhéanann na soláthraithe sin a tharchur nó a stóráil.

(55)

Chun tacú le comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo, go háirithe na ceanglais sin maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla ar líne, moltar do sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha sainaithint fógraíochta polaitiúla arna huaslódáil nó arna scaipeadh go díreach ag úsáideoirí trína seirbhís idirghabhálach ar líne a éascú. Mar shampla, d’fhéadfadh soláthraithe seirbhíse idirghabhálacha sásraí éifeachtúla a chur ar fáil d’úsáideoirí chun a léiriú gur fógrán polaitiúil atá i bhfógrán.

(56)

Le trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla, ba cheart a chur ar chumas daoine aonair a thuiscint go bhfuil fógrán polaitiúil os a gcomhair. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógrán polaitiúil a áirithiú go bhfoilseofar, in éineacht le gach fógrán polaitiúil, ráiteas soiléir ina luaitear gur fógrán polaitiúil é agus go bhfoilseofar faisnéis eile, amhail céannacht a urraitheora, an feachtas polaitiúil ar cuid de é agus ar úsáideadh teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin ina leith. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh lógó polaitiúil a bheith ag gabháil le hainm an urraitheora. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a áirithiú go ndéanfar fógráin pholaitiúla a lipéadú mar is ceart agus ba cheart dóibh úsáid a bhaint as lipéadú atá éifeachtach agus a bhfuil an fhaisnéis shonraithe ann, lena n-áirítear léiriú soiléir ar an áit ar féidir an fógra trédhearcachta a aisghabháil. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun formáid agus teimpléad na lipéad a bhunú agus chun a áirithiú go gcuirfear in oiriúint iad don mheán a úsáidtear, agus na forbairtí teicneolaíochta agus margaidh is déanaí, taighde eolaíoch ábhartha agus dea-chleachtais á gcur san áireamh.

(57)

Chun tacú le cuntasacht sa phróiseas polaitiúil, ba cheart a áireamh freisin san fhaisnéis atá le soláthar i bhfógra trédhearcachta céannacht an urraitheora agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht an eintitis a rialaíonn an t-urraitheoir ar deireadh. Ba cheart áit bhunaithe an urraitheora agus cibé acu an duine nádúrtha nó duine dlítheanach an t-urraitheoir a léiriú go soiléir. Sonraí pearsanta a bhaineann le daoine aonair atá páirteach san fhógraíocht pholaitiúil ach nach bhfuil gaolmhar leis an urraitheoir ná le gníomhaithe polaitiúla eile atá páirteach, níor cheart na sonraí pearsanta sin a sholáthar san fhógra trédhearcachta. Ba cheart faisnéis a bheith san fhógra trédhearcachta freisin maidir leis an tréimhse scaipthe, aon toghchán nasctha, an méid airgid a caitheadh agus luach na sochar eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar an bhfógrán sonrach, chomh maith leis an bhfeachtas fógraíochta polaitiúla ar fad, foinse na gcistí a úsáideadh agus faisnéis eile chun cothroime maidir le scaipeadh an fhógráin pholaitiúil a áirithiú. Faisnéis maidir le foinse na gcistí, baineann an fhaisnéis sin lena tionscnamh poiblí nó príobháideach mar shampla, agus más ó laistigh nó lasmuigh den Aontas Eorpach a thagann sé. San fhaisnéis a bhaineann le toghcháin nó reifrinn nasctha, nuair is féidir, ba cheart nasc a chur inti chuig faisnéis ó fhoinsí oifigiúla maidir leis an eagrúchán agus leis na módúlachtaí le haghaidh rannpháirtíocht sna toghcháin nó sna reifrinn sin nó maidir le rannpháirtíocht sna toghcháin nó sna reifrinn sin a chur chun cinn. I gcás ina ndéantar fógrán polaitiúil a athfhoilsiú tar éis dó a bheith curtha ar fionraí nó tar éis deireadh a chur leis mar gheall ar shárú ar an Rialachán seo, ba cheart é sin a lua i bhfógraí trédhearcachta chun a áirithiú go gcuirfear daoine aonair ar an eolas go hiomchuí. Ba cheart an fógra trédhearcachta a bheith ar fáil nuair a fhoilseofar nó a scaipfear an fógrán, agus ba cheart an fhaisnéis atá ann a choimeád cothrom le dáta. Thairis sin, ba cheart faisnéis a bheith san fhógra trédhearcachta maidir le conas fógráin pholaitiúla a fhógairt i gcomhréir leis na sásraí a bhunaítear sa Rialachán seo. Ba cheart an ceanglas sin a bheith gan dochar do na forálacha maidir le fógra a thabhairt a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2065.

(58)

Chun trédhearcacht mhéadaithe na fógraíochta polaitiúla a áirithiú, is gá faisnéis a bhailiú agus a chur i láthair san fhógra trédhearcachta ábhartha maidir le clúdach na fógraíochta polaitiúla, agus maidir le hidirghníomhaíocht daoine aonair léi. Baineann clúdach na teachtaireachta le sonraí lena gcumasaítear cainníochtú a dhéanamh ar dháileadh geografach agus líon na ndaoine aonair a chonaic an fhógraíocht pholaitiúil, a fuair í nó a d’idirghníomhaigh ar bhealach eile léi, lena n-áirítear líon na n-amharc, na n-imprisean agus na gcliceanna. Baineann idirghníomhaíocht leis an teachtaireacht le sonraí lena gcumasaítear cainníochtú a dhéanamh ar idirghníomhaíocht daoine aonair le fógraíocht pholaitiúil ar líne, arna thomhas ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear an tréimhse idirghníomhaíochta leis an bhfógrán polaitiúil. Leis na caighdeáin ábhartha chun lipéadú agus fógraí trédhearcachta maidir le fógráin pholaitiúla a ullmhú, ba cheart aghaidh a thabhairt ar chainníochtú an chlúdaigh agus na hidirghníomhaíochta.

(59)

D’fhéadfadh cur i láthair na faisnéise san fhógra trédhearcachta a bheith éagsúil ag brath ar na modhanna a úsáidtear. Chun an fhaisnéis san fhógra trédhearcachta i bhfógrán as líne a aisghabháil go héasca, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as nasc tiomnaithe gréasáin, cód Mearfhreagartha (nó ‘cód QR’), nó a chomhionann de bhearta teicniúla soláimhsithe, cuir i gcás. Maidir leis an gceanglas go mbeidh an fhaisnéis faoin bhfógra trédhearcachta le feiceáil go soiléir, inter alia, ba cheart é a bheith sí breá feiceálach san fhógrán nó leis an bhfógrán. An ceanglas go mbeidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis a fhoilsítear san fhógra trédhearcachta, go mbeidh sí meaisín-inléite nuair is féidir sin go teicniúil, agus go mbeidh sé éasca í a úsáid, ba cheart a chuimsiú ann go dtugann sí aghaidh ar riachtanais daoine atá faoi mhíchumas trí na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme a chomhlíonadh, lena n-áirítear, nuair is indéanta go teicniúil, tríd an bhfaisnéis a chur ar fáil trí níos mó ná cainéal céadfach amháin. Chun a bheith in ann na forbairtí teicneolaíochta agus margaidh is déanaí, taighde eolaíoch ábhartha agus dea-chleachtais a chur san áireamh agus chun a áirithiú go gcuirfear na fógraí trédhearcachta in oiriúint don mheán a úsáidtear, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar a bhformáid agus lena soláthrófar sonraíochtaí teicniúla.

(60)

I gcás ina gcuirtear fógraíocht pholaitiúil ar fáil go leictreonach, lena n-áirítear trí mheán ar líne, is gá an fógra trédhearcachta a ghabhann leis a bheith ar fáil go leictreonach agus i bhformáid mheaisín-inléite freisin. Maidir le fógraíocht pholaitiúil nach gcuirtear ar fáil ach amháin trí mheán as líne, amhail bileoga clóite nó nuachtáin chlóite, is féidir fógraí trédhearcachta a bheith ag gabháil léi, ar fógraí iad a chuirtear ar fáil freisin trí mheán as líne, atá san áireamh sa bhileog chlóite chéanna nó sa nuachtán clóite céanna. Mar sin féin, i gcás ina gcuirtear fógraíocht pholaitiúil ar fáil trí mheán as líne agus ina gcuirtear an fógra trédhearcachta ar fáil go leictreonach, ba cheart an fógra trédhearcachta a bheith i bhformáid mheaisín-inléite freisin.

(61)

Ba cheart a mheas go bhfuil faisnéis meaisín-inléite má chuirtear ar fáil í i bhformáid inar féidir le feidhmchláir bogearraí próiseáil uathoibríoch a dhéanamh uirthi, gan idirghabháil ón duine, go háirithe chun sonraí sonracha a shainaithint, a aithint agus a bhaint aisti.

(62)

Ba cheart fógraí trédhearcachta a dhearadh chun feasacht na n-úsáideoirí a ardú agus chun cuidiú le sainaithint shoiléir an fhógráin pholaitiúil féin. Ba cheart iad a dhearadh sa chaoi go bhfanfaidh siad i bhfeidhm nó go mbeidh rochtain orthu i gcónaí i gcás ina ndéantar fógrán polaitiúil a scaipeadh a thuilleadh, trína bpostáil ar ardán eile mar shampla, sin nó iad a chur ar aghaidh idir daoine aonair. Ba cheart an fhaisnéis atá san fhógra trédhearcachta a fhoilsiú nuair a chuirtear tús le foilsiú na bhfógrán polaitiúil agus go bhfanfaidh siad amhlaidh go dtí go dtiocfaidh deireadh lena bhfoilsiú. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a bhfógraí trédhearcachta maille le haon mhodhnú orthu a choimeád agus a chur ar fáil ar iarratas go ceann tréimhse seacht mbliana tar éis a bhfoilsithe dheireanaigh.

(63)

Ós rud é go gcuireann foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla fógráin pholaitiúla ar fáil don phobal, ba cheart dóibh an fhaisnéis a áirítear san fhógra trédhearcachta a fhoilsiú nó a scaipeadh ar an bpobal mar aon leis an bhfógrán polaitiúil a fhoilsiú nó a scaipeadh. I gcás ina bhfaighidh foilsitheoir fógraíochta polaitiúla amach nach bhfuil na ceanglais trédhearcachta faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh le fógrán polaitiúil, mar shampla tar éis fógra aonair, ba cheart dó iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh na ceanglais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás nach féidir an fhaisnéis a chomhlánú nó a cheartú gan moill mhíchuí, níor cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla an fógrán polaitiúil nach gcomhlíonann na ceanglais trédhearcachta faoin Rialachán seo a chur ar fáil, nó ba cheart dóibh scor den fhógrán polaitiúil a fhoilsiú nó a scaipeadh ar an bpobal. Sna cásanna sin, ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla soláthraithe na seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, an t-urraitheoir, a chur ar an eolas faoi na bearta réasúnacha a rinneadh chun na ceanglais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart don fhoilsitheoir an t-urraitheoir nó an soláthraí seirbhísí a ghníomhaíonn thar ceann an urraitheora a chur ar an eolas faoi aon chinneadh a dhéantar ina leith sin.

(64)

Chun a áirithiú go bhfoilseofar an fhaisnéis faoi fhógraíocht pholaitiúil ar líne mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo, agus go mbeidh rochtain éifeachtach ag gach duine leasmhar uirthi, is gá don Choimisiún an stór poiblí le haghaidh gach fógrán polaitiúil ar líne, an stór Eorpach le haghaidh fógrán polaitiúil ar líne, a bhunú agus a áirithiú, go díreach nó tríd an bhfreagracht sin a chur de chúram ar údarás bainistíochta. Ba cheart aon tarmligean chuig údarás bainistíochta a bheith faoi réir na n-oiriúnuithe rialála is gá. Chun tacú le rochtain ar fhaisnéis ag daoine aonair, lena n-áirítear chun obair na ngníomhaithe leasmhara a éascú, amhail taighdeoirí ina ról sonrach, agus chun tacú le toghcháin nó reifrinn atá saor agus cothrom agus le feachtais toghcháin chothroma, lena n-áirítear trí ghrinnscrúdú a dhéanamh ar urraitheoirí fógrán polaitiúil agus anailís a dhéanamh ar thírdhreach na bhfógrán polaitiúil, ba cheart feidhmiúlacht a bheith sa stór sin lena gcumasófar rochtain ar fhógraíocht pholaitiúil ar líne, mar aon leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo, ar feadh tréimhse shainithe trí thairseach aonair. Chun tacú le foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla nach ardáin an-mhór ar líne iad nó nach innill chuardaigh an-mhór ar líne iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart seirbhís óstála a bheith sa stór sin lena n-áirithítear infhaighteacht na fógraíochta polaitiúla ar líne agus na faisnéise a fhoilsítear leis saor in aisce. Ba cheart do na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla sin an fhaisnéis is gá a chur ar fáil laistigh de thréimhse shonraithe. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla agus d’urraitheoirí a bheith freagrach i gcónaí maidir le fógráin pholaitiúla agus faisnéis eile a chuirtear ar fáil tríd an stór Eorpach le haghaidh fógráin pholaitiúla ar líne, lena n-áirítear as a n-iomláine agus a gcruinneas agus as a áirithiú go bhfanfaidh siad cothrom le dáta.

Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an stór Eorpach d’fhógráin pholaitiúla ar líne go héifeachtach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun socruithe mionsonraithe a leagan amach maidir le hoibriú an stóir lárnaigh sin. Ba cheart baint a bheith ag na gníomhartha cur chun feidhme sin, inter alia, le struchtúr coiteann sonraí agus le comhéadan coiteann feidhmchláir chun go bhféadfar an fhaisnéis is gá a tharchur chomh maith lena haisghabháil ón stór, meiteashonraí chun innéacsú fógrán polaitiúil ag innill chuardaigh ar líne a éascú agus iad a áireamh sa stór agus i réitigh chaighdeánaithe fíordheimhniúcháin chun go bhféadfar faisnéis trédhearcachta a nascadh leis na fógráin pholaitiúla agus chun leaganacha den fhaisnéis a fhíordheimhniú.

(65)

Agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla aird chuí a thabhairt ar chearta bunúsacha, ar chearta eile agus ar leasanna dlisteanacha eile. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla go háirithe an aird chuí a thabhairt ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoráil faisnéise, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán.

(66)

Ina theannta sin, ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ar ardáin an-mhór ar líne iad nó ar innill chuardaigh an-mhór ar líne iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065 a áirithiú, maidir le gach fógrán polaitiúil, go gcuirfear an fhaisnéis atá san fhógra trédhearcachta ar fáil i stórtha na bhfógrán dá dtagraítear in Airteagal 39 den Rialachán sin, agus go mbeidh rochtain uirthi tríd an stór Eorpach le haghaidh fógráin pholaitiúla ar líne. Ba cheart faisnéis den sórt sin a chur ar fáil amhail ó thráth a foilsithe agus a choinneáil cothrom le dáta agus a sholáthar de réir caighdeán comhaontaithe tionscail maidir le hinrochtaineacht, struchtúr sonraí agus rochtain trí ghnáth-chomhéadan feidhmchláir ríomhchláraithe atá ar fáil go poiblí.

(67)

Soláthraí na seirbhíse fógraíochta polaitiúla a dhéanann inneachar fógráin pholaitiúil a óstáil, sin nó a dhéanann é a stóráil nó a sholáthar, i gcás nach ionann é agus soláthraí na seirbhíse fógraíochta polaitiúla a rialaíonn an suíomh gréasáin nó comhéadan eile a chuireann an fógrán polaitiúil i láthair ar deireadh, ba cheart na soláthraithe seirbhíse sin a mheas mar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla le chéile, le freagracht i ndáil leis an tseirbhís shonrach a sholáthraíonn siad, chun a áirithiú go gcuirfear lipéad ar fáil agus go gcuirfear an fógra trédhearcachta agus an fhaisnéis ábhartha ar fáil. Ba cheart dá socruithe conarthacha é a chur ar a gcumas an Rialachán seo a chomhlíonadh.

(68)

Faisnéis maidir leis na suimeanna agus luach na sochar eile a fhaightear mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla, féadfaidh an fhaisnéis sin cur leis an dioscúrsa polaitiúil ar bhealach úsáideach. Is gá a áirithiú gur féidir forbhreathnú iomchuí ar ghníomhaíocht fógraíochta polaitiúla a fháil ó na tuarascálacha bliantúla a ullmhaíonn na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ábhartha. Chun tacú le maoirseacht agus cuntasacht, ba cheart a áireamh sa tuairisciú sin faisnéis maidir le caiteachas ar fhógraíocht pholaitiúil a spriocdhíriú nó a sheachadadh sa tréimhse ábhartha, arna chomhiomlánú le feachtas, agus lena n-áirítear mar fhaisnéis ábhartha arna tarchur chuig foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ag eintitis eile. Chun ualaí díréireacha a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta sin maidir le micreaghnóthas, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide atá cáilithe faoi Airteagal 3(1), (2) agus (3) de Threoir 2013/34/AE.

(69)

Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a sholáthraíonn seirbhísí fógraíochta polaitiúla sásraí a chur ar bun a chuirfidh ar chumas daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chur in iúl dóibh mura gcomhlíonann fógrán polaitiúil ar leith atá foilsithe acu an Rialachán seo. Tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí um chearta an duine agus eagraíochtaí faire, iriseoirí agus eintitis leasmhara eile i ndáil leis sin. Na sásraí chun fógrán den sórt sin a thuairisciú, ba cheart é a bheith éasca rochtain a fháil orthu agus iad a úsáid, agus ba cheart iad a chur in oiriúint don chineál fógraíochta a dháileann an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla. A mhéid is féidir, ba cheart na sásraí sin a bheith inrochtana ón bhfógrán féin, ar shuíomh gréasáin an fhoilsitheora fógraíochta polaitiúla mar shampla. I gcás inar gá, ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla bearta teicniúla a chur i bhfeidhm chun íoschaighdeáin slándála teicneolaíochta faisnéise a áirithiú, lena n-áirítear bearta chun cosc a chur ar fhógraí uathoibrithe. Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a bheith in ann brath ar shásraí atá ann cheana i gcás inarb iomchuí. Mar shampla, i gcás inar soláthraithe seirbhísí óstála ar líne iad foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065, maidir leis na fógráin pholaitiúla a óstáiltear arna iarraidh sin d’fhaighteoirí a seirbhísí, ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a bheith in ann brath ar na sásraí fógra agus gníomhaíochta de bhun an Rialacháin sin le haghaidh fógraí a bhaineann le neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo ag fógrán den sórt sin. I gcás nach bhfuil na sásraí sin ar fáil, ba cheart daoine aonair a bheith in ann fógrán polaitiúil den sórt sin a thuairisciú go díreach do na húdaráis inniúla.

(70)

Ar mhaithe le sásraí a chur chun feidhme go comhsheasmhach chun fógra a thabhairt faoi fhógraíocht pholaitiúil a d’fhéadfadh a bheith neamhchomhlíontach, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a ullmhú, go háirithe chun tacú le sonraíochtaí teicniúla oiriúnacha a ullmhú le haghaidh na sásraí, arna gcur in oiriúint don earnáil do na meáin chlosamhairc agus chlóite, agus don fhógraíocht ar líne agus as líne.

(71)

Ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla na fógraí a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a scrúdú agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach dícheallach, neamhthreallach agus oibiachtúil, mar a shonraítear ann. Ba cheart don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla a dheimhniú go bhfuarthas an fógra agus, de réir mar is iomchuí, an duine nádúrtha nó dlítheanach a thug an fógra faoin obair leantach a rinneadh air a chur ar an eolas agus faisnéis a sholáthar maidir leis na féidearthachtaí sásaimh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, iad siúd faoi Threoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), i ndáil leis an bhfógrán lena mbaineann an fógra. Chun a áirithiú go bhfuil urraitheoirí agus soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla ar an eolas faoi thionchar na bhfógraí, ba cheart don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla na hurraitheoirí nó na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena mbaineann a chur ar an eolas freisin faoi aon bhearta ábhartha a dhéanann siad tar éis fógraí a fháil. Chun oibriú éifeachtach na sásraí sin a áirithiú sa mhí dheireanach roimh thoghchán nó reifreann, atá thar a bheith íogair, ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla nach gcáilíonn mar mhicreaghnóthais, mar ghnóthais bheaga nó mar ghnóthais mheánmhéide faoi Airteagal 3(1), (2) agus (3) de Threoir 2013/34/AE fógraí a phróiseáil go bhfaigheann siad faoi fhógrán a bhaineann leis an toghchán nó leis an reifreann sin laistigh de 48 uair an chloig, ar choinníoll gur féidir an fógra a phróiseáil go hiomlán ar bhonn na faisnéise atá san fhógra.

(72)

Ba cheart spriocdhíriú go docht ar aon ghníomhaíocht a dhéanann foilsitheoir fógraíochta polaitiúla, sa mhéid is gur cheart dó, thar aon ní eile, an fhaisnéis is gá a cheartú nó a chomhlánú agus mar rogha dheireanach amháin, deireadh a chur leis na míreanna sonracha faisnéise nach gcomhlíonann an Rialachán seo. Agus an méid sin á dhéanamh aici, ba cheart don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla aird chuí a thabhairt ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoráil faisnéise, agus ar chearta bunúsacha eile.

(73)

Chun go mbeidh eintitis áirithe in ann a ról a imirt i ndaonlathais, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le tarchur na faisnéise a fhoilsítear leis an bhfógrán polaitiúil nó atá le fáil san fhógra trédhearcachta chuig gníomhaithe leasmhara amhail lucht léinn grinnfhiosraithe, iriseoirí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus breathnóirí toghcháin aitheanta, chun tacú leo agus iad ag feidhmiú a gcuid ról sa phróiseas daonlathach. Níor cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla freagairt ar iarrataí atá doiléir, iomarcach nó ag baint le faisnéis nach bhfuil ina seilbh acu. Thairis sin, ba cheart cead a bheith ag an soláthraí ábhartha seirbhísí fógraíochta polaitiúla táille réasúnta a ghearradh i gcás costais shuntasacha, agus na costais riaracháin a bhaineann leis an bhfaisnéis a sholáthar á gcur san áireamh.

(74)

Maidir le sonraí pearsanta a bhailítear go díreach ó dhaoine aonair, nó go hindíreach amhail sonraí breathnaithe nó sonraí bunaithe ar thátal, nuair a dhéantar daoine aonair a ghrúpáil de réir a spéiseanna toimhdithe nó de réir faisnéis a fhaightear óna ngníomhaíocht ar líne, úsáidtear próifíliú iompraíochta agus teicnící anailíse eile níos minice ná riamh chun teachtaireachtaí polaitiúla a dhíriú ar ghrúpaí nó ar vótálaithe aonair nó ar dhaoine aonair, agus chun a dtionchar a mhéadú. Ar bhonn phróiseáil na sonraí pearsanta, go háirithe catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725, is féidir grúpaí éagsúla vótálaithe nó daoine aonair a dheighilt agus a saintréithe nó a leochaileachtaí a dhúshaothrú agus é sin a dhéanamh cuir i gcás, trí fhógráin a scaipeadh ag amanna sonracha agus in áiteanna sonracha, amanna agus áiteanna atá ceaptha chun leas a bhaint as na cásanna ina mbeadh na grúpaí agus na daoine sin íogair ó thaobh cineál áirithe faisnéise nó teachtaireachta de. Bíonn éifeachtaí díobhálacha sonracha ag próiseáil sonraí pearsanta den sórt sin ar chearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair, cearta agus saoirsí amhail go gcaithfear go cothrom agus go comhionann leo, nach rachfar i gcion orthu, go bhfaighidh siad faisnéis oibiachtúil agus go mbeidh siad in ann teacht ar a dtuairim, cinntí polaitiúla a dhéanamh agus a gcearta vótála a fheidhmiú. Thairis sin, bíonn tionchar diúltach aige ar an bpróiseas daonlathach toisc go dtarlaíonn ilroinnt na díospóireachta poiblí faoi shaincheisteanna tábhachtacha sochaíocha, for-rochtain roghnaíoch agus, i ndeireadh thiar thall, ionramháil na dtoghthóirí mar thoradh air. Méadaíonn sé freisin an baol go scaipfear ionramháil faisnéise agus cur isteach eachtrach. Tá baol ag baint le fógraíocht pholaitiúil atá míthreorach nó rúnda toisc go bhfuil tionchar aici ar na príomhshásraí lena gcumasaítear feidhmiú ár sochaí daonlathaí. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le srianta agus coinníollacha breise i gcomparáid leo siúd a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725. Na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le húsáid na dteicnící spriocdhírithe agus na dteicnící seachadta fógráin a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla, ba cheart iad a bheith bunaithe ar Airteagal 16 CFAE.

(75)

I gcomhréir le dlí an Aontais, ba cheart do rialaitheoirí, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe 7, de Rialachán (AE) 2016/679, a áirithiú nach ndéantar difear do chinnteoireacht aonair le patrúin dhorcha a shaobhann nó a dhochraíonn go hábhartha, bíodh sin d'aon ghnó nó go hiarbhír, cinnteoireacht uathrialaitheach fheasach na ndaoine aonair, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as boscaí ar cuireadh tic leo roimh ré agus as teicnící claonta agus neamh-thrédhearcacha eile a spreagann nó a ghríosann daoine aonair chun cinntí ar leith a dhéanamh nach mbeadh déanta acu murach sin. Is cleachtais choiteanna iad úsáid chórasach a bhaint as patrúin dhorcha, comhaontuithe doiléire toilithe, faisnéis mhíthreorach, agus easpa ama chun téarmaí agus coinníollacha a léamh chun go mbeidh sé deacair do dhaoine aonair faisnéis agus rialú soiléir a bheith acu i gcomhthéacs an tionscail fógraíochta ar líne. Níor cheart go dtuigfí le rialacha lena gcoisctear patrúin dhorcha go gcuirtear cosc ar rialaitheoirí idirghníomhú go díreach le daoine aonair. Mar sin féin, ba cheart do rialaitheoirí staonadh ó iarraidh arís agus arís eile ar dhuine aonair rogha a dhéanamh i gcás ina bhfuil rogha den sórt sin déanta cheana féin, ó tharraingt siar an toilithe a dhéanamh i bhfad níos deacra ná é a thabhairt, ó roghanna áirithe a dhéanamh níos deacra nó níos fadálaí ná roghanna eile nó ó réamhshocruithe a úsáid atá an-deacair a athrú agus a bhíonn claonta go míréasúnta i gcinnteoireacht na ndaoine aonair ar bhealach a shaobhann agus a chuireann bac ar a neamhspleáchas, a gcinnteoireacht agus a rogha. Ba cheart don sásra chun cinntí a fháil ó dhaoine aonair a bheith soiléir agus furasta le húsáid, agus níor cheart go bhféachfaí, le suntasacht choibhneasta na roghanna malartacha, tionchar a imirt ar chinneadh an duine aonair. Ba cheart don fhaisnéis a sholáthraítear do dhaoine aonair ina leith sin a bheith gonta agus dréachtaithe i bhfriotal simplí intuigthe agus ba cheart í a bheith ar fáil go héasca, go feiceálach agus go díreach.

(76)

Ba cheart foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ar soláthraithe nó úsáideoirí teicnící seachadta fógráin iad a spreagadh chun réitigh a sholáthar lena n-íoslaghdaítear an fhéidearthacht go ndéanfaí idirdhealú agus fógrán polaitiúil á sheachadadh bunaithe ar phróiseáil sonraí pearsanta.

(77)

I gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla ar líne, ba cheart toirmeasc a chur ar theicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin a bhaineann le próifíliú agus úsáid á baint as catagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear i Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725. Níor cheart a bheith in ann brath ar na heisceachtaí a leagtar síos in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir leis na teicnící sin a úsáid i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla ar líne. Níor cheart úsáid teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin lena mbaineann próiseáil sonraí pearsanta, seachas catagóirí speisialta sonraí pearsanta, i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla ar líne a cheadú ach amháin nuair atá sé bunaithe ar shonraí pearsanta arna mbailiú ó na hábhair sonraí agus le toiliú sainráite uathu, arna soláthar ar leithligh chun críocha fógraíochta polaitiúla. Agus ról na bpáirtithe polaitiúla, na bhfondúireachtaí, na gcomhlachas nó aon chomhlachtaí neamhbhrabúis eile inár ndaonlathas á aithint acu, níor cheart go ndéanfadh srianta den sórt sin difear dá gcumas cumarsáid a dhéanamh lena gcomhaltaí agus lena n-iarchomhaltaí agus faisnéis a scaipeadh, amhail nuachtlitreacha, atá nasctha lena ngníomhaíochtaí polaitiúla, nuair atá siad bunaithe ar shonraí síntiúis amháin agus bunaithe ar shonraí pearsanta a chuireann siad ar fáil. Tá feidhm ag Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus ba cheart toiliú sainráite a thuiscint mar thoiliú de réir bhrí na Rialachán sin. D’fhéadfadh teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin, nuair a úsáidtear iad faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, a bheith úsáideach chun fógraíocht pholaitiúil agus faisnéis pholaitiúil a scaipeadh agus chun teagmháil a dhéanamh le saoránaigh agus iad a chur ar an eolas.

(78)

Níor cheart do rialaitheoirí sonraí sonraí pearsanta a fhaightear ó thríú páirtithe a úsáid chun críocha fógraíocht pholaitiúil a spriocdhíriú nó a sheachadadh. Chun cuidiú le micrea-spriocdhíriú ionramhálach a chosc, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla bearta sonracha chun a áirithiú go mbeidh na sonraí pearsanta a bhailítear agus a phróiseáiltear chun críche fógraíocht pholaitiúil a spriocdhíriú agus a sheachadadh teoranta don mhéid is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach, mar shampla trí shrian a chur le hinfhaighteacht na roghanna chun fógraíocht pholaitiúil a spriocdhíriú agus a sheachadadh a thairgtear d’fhaighteoirí seirbhíse dóibh siúd nach n-éilíonn ach suas le cúig chatagóir.

(79)

Leis an gceanglas nach bhfuil spriocdhíriú nó seachadadh fógraíochta polaitiúla le bheith bunaithe ar phróifíliú trí úsáid a bhaint as catagóirí speisialta sonraí pearsanta, cuimsítear próifíliú ag úsáid catagóirí speisialta sonraí pearsanta a ndéantar meastóireacht orthu ó shonraí pearsanta nach catagóirí speisialta sonraí pearsanta iad féin. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, má bhaineann rialaitheoir sonraí úsáid as sonraí pearsanta nach catagóirí speisialta sonraí pearsanta iad chun ábhair sonraí a aicmiú mar ábhair sonraí a bhfuil creidimh áirithe reiligiúnacha, fhealsúnacha nó pholaitiúla acu, agus gan beann ar cibé an bhfuil an catagóiriú sin fíor. Is cuma cén chaoi a ndéantar an chatagóir a lipéadú má nochtann próiseáil sonraí pearsanta catagóir speisialta de shonraí pearsanta. I gcás ina dtugann úsáideoir líonra shóisialta ar líne cuairt ar leathanach ar leith nó ina n-úsáideann sé aip nó feidhm nó seirbhís eile ar líne lena mbaineann ceann amháin nó níos mó de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus, de réir mar a bheidh, sonraí pearsanta a sholáthar nuair atá sé ag clárú, ag cur ordú ar líne nó ag idirghníomhú ar bhealach eile leis an líonra sóisialta, ba cheart a mheas gurb ionann próiseáil sonraí pearsanta ag oibreoir an líonra shóisialta ar líne sin agus ‘próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta’ de réir bhrí an Airteagail sin, a bhfuil toirmeasc air i bprionsabal, i gcás ina gceadaítear leis an bpróiseáil sonraí sin faisnéis a thagann faoi cheann amháin de na catagóirí sin a nochtadh, gan beann ar cibé acu a bhaineann an fhaisnéis sin le húsáideoir an líonra shóisialta sin nó le haon duine nádúrtha eile. Is amhlaidh atá, is cuma ar cuireadh an t-ábhar sonraí ar an eolas go raibh sé beartaithe na sonraí sin a úsáid chun fógráin pholaitiúla a spriocdhíriú nó a sheachadadh ag an am a bailíodh iad.

(80)

Tugtar toiliú maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus tarraingítear siar é i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725. Ba cheart toiliú den sórt sin a thabhairt trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach nó trí ráiteas lena mbunaítear léiriú a thugtar faoi shaoirse, atá sonrach, feasach agus gan athbhrí, ar chomhaontú an ábhair sonraí le sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche fógraíochta polaitiúla. Ina theannta sin, chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart toiliú sainráite a bheith ann agus é a thabhairt ar leithligh chun críocha fógraíochta polaitiúla. Chun críocha an Rialacháin seo, lena n-áirítear go háirithe i gcás ina bhfaightear toiliú le sonraí pearsanta a phróiseáil chun fógráin pholaitiúla a spriocdhíriú nó a sheachadadh le linn seirbhís ar líne a sholáthar, ba cheart do rialaitheoirí toiliú a fháil trí réiteach soláimhsithe a chur i láthair an ábhair sonraí chun toiliú a sholáthar, a mhodhnú nó a tharraingt siar ar bhealach sainráite, soiléir agus simplí. Níor cheart do rialaitheoirí comhéadain a dhearadh, a eagrú ná a oibriú ar bhealach a chuireann dallamullóg nó a dhéanann ionramháil nó saobhadh ábhartha eile ar chumas an ábhair sonraí toiliú a thabhairt gan bhac chun na críche sonraí sin. Chun críocha an Rialacháin seo, ní féidir an ceanglas maidir le toiliú a fháil le próiseáil sonraí pearsanta a sheachaint trína shuíomh go ndearna an t-ábhar sonraí na sonraí pearsanta atá i gceist a chur ar fáil don phobal i gcoitinne. Ba cheart é a bheith chomh héasca céanna toiliú a tharraingt siar maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun fógraíocht pholaitiúil a spriocdhíriú nó a sheachadadh agus atá sé é a thabhairt. Níor cheart diúltú toiliú a thabhairt nó toiliú a tharraingt siar a bheith níos deacra ná níos fadálaí don ábhar sonraí ná toiliú a thabhairt. Ba cheart urraim a thabhairt do chomharthaí leictreonacha a léiríonn mian an duine gan fógraíocht pholaitiúil a fháil.

(81)

I bhfianaise bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 4 Iúil 2023 i gcás C-252/21 (10), Meta Platforms and Others (Conditions générales d’utilisation d’un réseau social), ba cheart an tsaoirse a bheith ag ábhair sonraí diúltú, i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla, a dtoiliú a thabhairt d’oibríochtaí próiseála sonraí ar leith, gan oibleagáid a bheith orthu staonadh go hiomlán ó rochtain a fháil ar sheirbhís ar líne. Faoi mar chinn an Chúirt Bhreithiúnais, ba cheart rogha mhalartach choibhéiseach a thairiscint do na húsáideoirí sin nach mbeadh oibríochtaí próiseála sonraí den sórt sin ag gabháil leis.

(82)

Is grúpa an-leochaileach iad daoine an-óg ar féidir teacht i dtír orthu trí mhí-úsáid a bhaint as teicnící spriocdhírithe agus as teicnící seachadta fógráin. Cé nach bhfuil cead vótála acu go fóill, is féidir díriú go sonrach ar dhaoine mar sin chun ionramháil a dhéanamh ar an díospóireacht. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla, ba cheart toirmeasc a chur ar theicnící spriocdhírithe nó theicnicí seachadta fógráin lena mbaineann próiseáil sonraí pearsanta ábhair, arb eol, le cinnteacht réasúnach, go bhfuil an t-ábhar sin aon bhliain amháin ar a laghad faoin aois vótála arna bunú leis na rialacha náisiúnta.

(83)

Chun trédhearcacht agus cuntasacht fheabhsaithe a áirithiú nuair atá úsáid á baint as teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla ar líne a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart do na rialaitheoirí ceanglais trédhearcachta bhreise a chur chun feidhme. Ba cheart a áireamh ar na ceanglais sin, inter alia, beartas a ghlacadh lena ndéantar cur síos ar úsáid na dteicnící agus na bpríomhpharaiméadar sin, taifid a choinneáil ar a n-úsáid, measúnú riosca bliantúil a dhéanamh ar úsáid na dteicnící sin maidir leis na cearta agus na saoirsí bunúsacha agus faisnéis bhreise is gá a sholáthar, mar aon le léiriú gur fógrán polaitiúil é fógrán, chun go mbeidh an duine lena mbaineann in ann an loighic lena mbaineann a thuiscint.

(84)

Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais trédhearcachta agus chuntasachta maidir leis na rialaitheoirí uile gan beann ar cé acu a ghníomhaíonn an rialaitheoir ina cháil nó ina cáil féin, a ghníomhaíonn i gcomhpháirt le soláthraí na seirbhísí fógraíochta polaitiúla nó an bhfuil sé ar an eintiteas céanna leis an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla. I gcásanna nach ionann an rialaitheoir agus an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla, ba cheart don rialaitheoir an beartas inmheánach a tharchur chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla agus a áirithiú go gcuirtear an fhaisnéis eile is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh ar aghaidh chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla ar bhealach tráthúil cruinn.

(85)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis is gá chun go gcomhlíonfaí a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a tharchur chuig na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla. D’fhéadfaí tarchur na faisnéise sin a uathoibriú agus a chomhtháthú sna gnáthphróisis ghnó ar bhonn na gcaighdeán.

(86)

Chun tuilleadh cumhachta a thabhairt do dhaoine aonair a gcearta cosanta sonraí a fheidhmiú, ba cheart d’fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla faisnéis bhreise agus uirlisí éifeachtacha a sholáthar do na hábhair sonraí lena mbaineann chun tacú le feidhmiú a gceart faoi chreat dlíthiúil an Aontais maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear an ceart a sonraí pearsanta a leasú nó a dtoiliú a tharraingt siar nuair a spriocdhírítear fógrán polaitiúil orthu. Ba cheart é a bheith éasca rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin go díreach ón bhfógra trédhearcachta. Na huirlisí a chuirtear ar fáil do na daoine aonair chun tacú le feidhmiú a gceart, ba cheart iad a bheith éifeachtach chun nach ndéanfaí fógráin pholaitiúla a dhíriú ar dhuine aonair, agus chun cosc a chur ar spriocdhíriú ar bhonn critéir shonracha agus ar spriocdhíriú a bheith á dhéanamh ag rialaitheoir sonrach amháin nó níos mó.

(87)

Ba cheart an fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir leis na ceanglais uile is infheidhme maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin faoin Rialachán seo a chur i láthair i bhformáid atá inrochtana go héasca, infheicthe go soiléir, soláimhsithe, lena n-áirítear trí theanga shimplí a úsáid, agus inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

(88)

Is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le tarchur na faisnéise ar spriocdhíriú agus seachadadh fógráin chuig eintitis leasmhara eile. Ba cheart an córas is infheidhme a bheith comhsheasmhach leis an gcóras um tharchur na faisnéise a bhaineann leis na ceanglais trédhearcachta.

(89)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla atá bunaithe i dtríú tír agus a thairgeann seirbhísí san Aontas ionadaí dlíthiúil sainordaithe a ainmniú san Aontas atá cláraithe leis an údarás inniúil arna ainmniú ag gach Ballstát, chun go bhféadfar formhaoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar an Rialachán seo i ndáil leis na soláthraithe sin. D’fhéadfadh sé gurbh é an t-ionadaí dlíthiúil an t-ionadaí a ainmnítear ar bhonn Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2016/679 nó an t-ionadaí a ainmnítear ar bhonn Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2022/2065. Ba cheart do na Ballstáit clár de na hionadaithe dlíthiúla go léir atá cláraithe ar a gcríoch de bhun an Rialacháin seo a choimeád ar fáil go poiblí, agus ba cheart don Choimisiún tairseach atá ar fáil go poiblí agus a bheadh nasctha leis na suíomhanna gréasáin a sholáthraíonn na Ballstáit a chur ar bun agus a choinneáil ar bun. I bhfianaise a thábhachtaí atá an ceanglas sin maidir le forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo i ndáil le soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla atá bunaithe i dtríú tír, agus chun cothrom iomaíochta a choinneáil do gach soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla sa mhargadh inmheánach, in éagmais ionadaí dlíthiúil ainmnithe, ba cheart do na Ballstáit aon bhearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le foilsiú nó scaipeadh na bhfógrán polaitiúil ábhartha nuair nach féidir comhlíonadh a áirithiú ar shlí eile.

(90)

Chun go ndéanfaí maoirseacht éifeachtach ar an Rialachán seo, is gá an inniúlacht a chur de chúram ar na húdaráis mhaoirseachta chun faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na rialacha ábhartha agus a áirithiú go bhfuil na hacmhainní is gá acu chun a gcúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo. Ag brath ar chóras dlí gach Ballstáit agus i gcomhréir le dlí an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2022/2065, féadfar údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin náisiúnta éagsúla a ainmniú chun na críche sin.

(91)

A mhéid a bhaineann le maoirseacht ar sheirbhísí idirghabhálacha ar líne faoin Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú agus a áirithiú go bhfuil an mhaoirseacht sin comhleanúnach leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2022/2065. Ba cheart do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, arna n-ainmniú de bhun an Rialacháin sin, i ngach Ballstát a bheith freagrach in aon chás as comhordú a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta i leith na n-ábhar sin agus as dul i mbun, i gcás inar gá, comhar trasteorann le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile de réir na sásraí a leagtar síos sa Rialachán sin. Agus an Rialacháin seo á chur i bhfeidhm, ba cheart an sásra sin a theorannú don chomhar náisiúnta idir Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus níor cheart a áireamh ann go n-ardófar chuig leibhéal an Aontais é mar a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2022/2065. A mhéid atá inniúlacht eisiach ag an gCoimisiún maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chomhlíontacht ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065 leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na ngníomhaithe sin lena n-oibleagáidí maidir leis an stór Eorpach d’fhógráin pholaitiúla ar líne.

(92)

Maidir le formhaoirseacht ar na gnéithe sin den Rialachán seo nach dtagann faoi inniúlacht na n-údarás maoirseachta faoi Rialacháin (AE) 2016/679, agus (AE) 2018/1725, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na rialacha ábhartha. Chun tacú le cearta agus saoirsí bunúsacha, leis an smacht reachta, le prionsabail dhaonlathacha agus le muinín an phobail i maoirseacht a dhéanamh ar fhógraíocht pholaitiúil, is gá do na húdaráis sin a bheith neamhchlaonta, neamhspleách ó thaobh struchtúir de ar idirghabháil sheachtrach nó ar bhrú polaitiúil agus tá sé cumhachtaithe go hiomchuí faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus na bearta is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, go háirithe maidir lena cheanglais lipéadaithe agus trédhearcachta. Cé go bhféadfaidh na Ballstáit na húdaráis nó na comhlachtaí rialála náisiúnta a ainmniú go háirithe faoi Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) d’fhéadfadh siad údaráis eile a ainmniú freisin, amhail údaráis toghcháin nó bhreithiúnacha.

(93)

Chun tacú leis na húdaráis mhaoirseachta lena gcúraimí, ba cheart don Choimisiún iarraidh ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí treoirlínte a eisiúint a bheidh dírithe ar na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil chun fógráin pholaitiúla a spriocdhíriú nó a sheachadadh, lena n-áirítear na coinníollacha chun toiliú a fháil chun críche fógráin pholaitiúla a spriocdhíriú nó a sheachadadh agus maidir leis an gcomhar idir na húdaráis sin agus údaráis eile atá freagrach as na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

(94)

Ba cheart tacú le húdaráis mhaoirseachta neamhspleácha faoi Rialachán (AE) 2016/679 chun lánúsáid a bhaint as a gcumhachtaí faoin Rialachán sin chun maoirseacht a dhéanamh ar chosaint sonraí pearsanta dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear faoin nós imeachta comhair, faoin sásra comhsheasmhachta agus, go háirithe, faoin nós imeachta práinne. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an tréimhse roimh thoghcháin nó reifrinn san fheachtasaíocht pholaitiúil, chun tionchar a imirt ar shaoránaigh chun tuairimí polaitiúla a chur le chéile agus a gcearta vótála a fheidhmiú. Tá sé thar a bheith íogair freisin maidir le sáruithe ar na rialacha is infheidhme, toisc go mbeidh gá de ghnáth le gníomhaíocht feabhais éifeachtach a chur i bhfeidhm roimh an imeacht toghcháin. Sin an fáth a bhféadfadh tionchar diúltach thar a bheith suntasach a bheith ag sáruithe ar na rialacha is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun fógraíocht pholaitiúil a spriocdhíriú sa tréimhse sin ar chearta na saoránach, lena n-áirítear an tsaoirse atá acu tuairimí a chur i dtoll a chéile gan tátal mhíchuí agus saoráil faisnéise. Ar mhaithe lena áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht phras chun cearta agus saoirsí daoine aonair a chosaint le linn na tréimhse criticiúla sula ndéantar an vótáil le linn toghcháin, ba cheart d’údaráis cosanta sonraí a áirithiú go bhfuil siad in ann gníomhú go pras chun cearta na n-ábhar sonraí lena mbaineann a fhorfheidhmiú. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis cosanta sonraí úsáid a bhaint as an raon uirlisí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679 chun comhoibriú agus cúnamh a thabhairt dá chéile, lena n-áirítear, de réir mar a bheidh, an nós imeachta práinne a leagtar síos in Airteagal 66 den Rialachán sin.

(95)

Cé nach bhfuil na húdaráis inniúla atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo le himeacht ó na cinntí arna ndéanamh ag na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as Rialachán (AE) 2016/679 a chur i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 51 den Rialachán sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na húdaráis inniúla sin a mheas an gcomhlíonann fógraíocht pholaitiúil an Rialachán sin chun críocha an Rialacháin seo. De bhun Airteagal 4(3) CAE, ní mór do na húdaráis inniúla sin agus do na húdaráis mhaoirseachta sin comhoibriú go dílis le chéile agus a gcumhachtaí agus a n-inniúlachtaí faoi seach a urramú, chun comhsheasmhacht chur i bhfeidhm an dá Rialachán a áirithiú.

(96)

I gcás inarb ann do rialacha cheana féin faoi dhlí an Aontais maidir le faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla agus comhar leis na húdaráis sin agus eatarthu, amhail Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2022/2065 nó na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart feidhm mutatis mutandis a bheith ag na rialacha sin maidir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.

(97)

Chun tacú le cur i bhfeidhm, maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach fhorálacha an Rialacháin seo, agus gan dochar do Rialacháin (AE) 2016/679, (AE) 2018/1725 agus (AE) 2022/2065, is gá a bhunú cén t-údarás inniúil ba cheart a bheith freagrach i gcás ina soláthraítear seirbhísí fógraíochta polaitiúla i níos mó ná Ballstát amháin, nó i gcás ina ndéanann soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla a phríomhghníomhaíochtaí lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil a phríomhbhunaíocht nó a ionadaí dlíthiúil ainmnithe lonnaithe. I gcás ina bhfuil seirbhísí fógraíochta polaitiúla á soláthar ag soláthraí seirbhíse i níos mó ná Ballstát amháin, ba cheart d’údarás inniúil nó d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla lonnaithe a bheith freagrach as forálacha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm, a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an áit a bhfuil a phríomhbhunaíocht ag soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla, ba cheart do na húdaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar an áit a bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an soláthraí sin ina bhfeidhmítear na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil.

(98)

Agus a gcumhachtaí imscrúdaithe agus maoirseachta á gcur i gcrích acu, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát uile comhoibriú le chéile agus cúnamh a thabhairt dá chéile de réir mar is gá. Mura bhfuil baint ach ag an údarás inniúil nó ag na húdaráis inniúla le sárú amhrasta ar an Rialachán seo ina áit nach bhfuil a phríomhbhunaíocht ag soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla, ba cheart don údarás inniúil ábhartha nó do na húdaráis inniúla ábhartha fógra a thabhairt d’údarás inniúil na príomhbhunaíochta, ar cheart dó an t-ábhar a mheas dá réir agus, de réir mar is infheidhme, na bearta imscrúdaithe agus forfheidhmiúcháin is gá a dhéanamh.

(99)

Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a éascú tuilleadh i gcás soláthar seirbhísí trasteorann, i gcás ina mbaineann an t-imscrúdú ar shárú líomhnaithe ar an Rialachán seo le soláthar seirbhísí fógraíochta polaitiúla i mBallstát amháin nó níos mó nach bhfuil a phríomhbhunaíocht ag an soláthraí iontu, ba cheart d’údarás inniúil na príomhbhunaíochta a bheith in ann imscrúdú comhpháirteach a sheoladh agus a stiúradh le rannpháirtíocht an údaráis inniúil nó na n-údarás inniúil lena mbaineann.

(100)

Ba cheart do na húdaráis atá inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar an Rialachán seo comhoibriú le chéile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon agus an úsáid is fearr á baint as na struchtúir atá ann cheana, lena n-áirítear líonraí náisiúnta comhair, an Líonra Eorpach um Chomhar maidir le Toghcháin dá dtagraítear i moladh ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2018 maidir le líonraí comhair toghcháin, trédhearcacht ar líne, cosaint ar theagmhais chibearshlándála agus feachtais bhréagaisnéise a chomhrac i gcomhthéacs na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, an Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2022/2065 agus Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí na Meán Closamhairc arna bhunú faoi Threoir 2010/13/AE, de réir mar is iomchuí. Le comhar den sórt sin, ba cheart malartú faisnéise tapa agus slán a éascú maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú a gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear trí sháruithe a shainaithint go comhpháirteach, torthaí agus saineolas a roinnt, agus teagmháil a dhéanamh lena chéile maidir le rialacha ábhartha a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

(101)

Chun comhar éifeachtach agus struchtúrtha a áirithiú i measc na n-údarás inniúil uile maidir le gach gné den Rialachán seo, ba cheart do na pointí teagmhála náisiúnta arna n-ainmniú ag na Ballstáit teacht le chéile go tréimhsiúil ar leibhéal an Aontais i Líonra na bpointí teagmhála náisiúnta. Chun an comhar agus an malartú faisnéise agus cleachtas ar leibhéal an Aontais a neartú, ba cheart don Líonra sin oibriú i ndlúthchomhar leis an Líonra Eorpach um Chomhar maidir le Toghcháin, le Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc, agus le líonraí nó comhlachtaí ábhartha eile.

(102)

D’fhonn éascaíocht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán, is gá cumhacht a thabhairt do na húdaráis náisiúnta chun go mbeidh siad ábalta an fhaisnéis ábhartha maidir le trédhearcacht na bhfógrán polaitiúil a iarraidh ar na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla. D’fhéadfadh feachtas fógraíochta a bheith mar ábhar don fhaisnéis atá le tarchur chuig na húdaráis inniúla, agus í comhiomlánaithe de réir blianta nó fógráin shonracha a bheith i gceist léi. Chun a áirithiú gur féidir na hiarrataí ar an bhfaisnéis sin a chomhlíonadh ar shlí éifeachtach éifeachtúil agus an tráth céanna nach gcuirfear soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla faoi réir aon ualach díréireach, is gá coinníollacha áirithe a leagan síos do na hiarrataí sin. Ar mhaithe le maoirseacht thráthúil a dhéanamh ar phróiseas toghcháin go háirithe, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla freagairt go tapa d’iarrataí ó údaráis inniúla agus laistigh de thréimhse shonraithe. I rith na míosa deiridh roimh thoghchán nó reifreann, ba cheart a mheas go ndéanfadh sárú ar na hoibleagáidí sin difear diúltach agus mór do chearta daoine aonair agus, mar sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis iarrtha a sholáthar laistigh de thréimhse shonraithe níos giorra. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla atá cáilithe mar mhicrifhiontair agus mar ghnóthais bheaga faoi Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir 2013/34/AE an fhaisnéis iarrtha a sholáthar gan moill mhíchuí agus, i gcás gur féidir, roimh dháta an toghcháin nó an reifrinn. Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil agus i gcomhréir le cearta na cosanta, ba cheart ráiteas leormhaith ar chúiseanna agus faisnéis ar an sásamh atá ar fáil a bheith sna hiarrataí a dhéanann an t-údarás inniúil ar fhaisnéis a sholáthar.

D’fhéadfadh sé nár ghá ráiteas ar chúiseanna den sórt sin i gcás go gcuirfeadh nochtadh na gcúiseanna le faisnéis a iarraidh i mbaol go soiléir cosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta coiriúla nó cionta tromaí riaracháin. Ba cheart tromchúis an chiona riaracháin ar ghá go ndéanfaí eisceacht den sórt sin a chinneadh, ní hamháin trí mhéid na fíneála nó an phionóis a fhorchuirfear faoin Rialachán seo a chur i gcuntas, ach freisin na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith aige ar thoghchán nó ar reifreann, ar phróiseas reachtach nó rialála. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla pointe teagmhála a ainmniú le haghaidh idirghníomhaíocht leis na húdaráis inniúla. D’fhéadfadh na pointí teagmhála sin a bheith leictreonach. Leanann sé ó chásdlí socraithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é cosaint daoine, idir dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, ar idirghabháil threallach nó dhíréireach ó na húdaráis phoiblí i réimse ghníomhaíochtaí príobháideacha na ndaoine sin. Féadfaidh duine brath ar an gcosaint sin mar cheart a ráthaítear le dlí an Aontais, chun críocha na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt, chun agóid a dhéanamh os comhair cúirte i gcoinne gníomh a dhéanann dochar don duine sin, amhail ordú chun faisnéis a sholáthar nó pionós arna fhorchur ar fhoras neamhchomhlíonadh an ordaithe sin.

(103)

Ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil mar phointe teagmhála náisiúnta ar leibhéal an Aontais a ainmniú chun críche an Rialacháin seo. Ba cheart gur comhalta den Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin a bheidh sa phointe teagmhála, más féidir. Ba cheart don phointe teagmhála náisiúnta comhar a éascú i measc údaráis inniúla idir na Ballstáit ó thaobh a gcúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de, go háirithe trí idirghabháil a dhéanamh idir na pointí teagmhála náisiúnta i mBallstáit eile agus na húdaráis inniúla ina Bhallstát féin.

(104)

Ba cheart d’údaráis na mBallstát a áirithiú go ngearrfar pionós ar sháruithe le hurraitheoirí nó soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo le fíneálacha nó le pionóis airgeadais nó, de réir mar is iomchuí, le bearta eile, lena n-áirítear íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart dóibh aird a thabhairt ar chineál, tromchúis, atarlú agus fad tréimhse an tsáraithe, i bhfianaise leas an phobail atá i gceist, raon feidhme agus cineál na ngníomhaíochtaí a rinneadh, mar aon, i gcás inarb infheidhme, le méid an tsáraithe agus acmhainneacht eacnamaíoch an té a rinne an sárú. Thairis sin, ba cheart d’údaráis na mBallstát a chur i gcuntas mura gcomhlíonann an t-urraitheoir nó an soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena mbaineann na hoibleagáidí sin ar bhonn córasach nó ar bhonn tráthrialta, lena n-áirítear trí mhoill a chur ar sholáthar na faisnéise d’eintitis leasmhara, agus i gcás inarb ábhartha, más rud é go bhfuil an soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla gníomhach i roinnt Ballstát. Ba cheart na smachtbhannaí a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus aird chuí á tabhairt ar sholáthar na gcoimircí nós imeachta atá leordhóthanach agus inrochtana, agus go háirithe ar an ngá lena áirithiú go leanfaidh an dioscúrsa polaitiúil de bheith oscailte agus inrochtana. Tá ról ríthábhachtach ag oibleagáidí áirithe chun cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú go héifeachtach agus ba cheart sáruithe ar na hoibleagáidí sin a mheas mar sháruithe an-tromaí.

(105)

Ba cheart do dhaoine aonair nó d’eintitis a bheith ábalta gearáin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil chun fógra a thabhairt dóibh faoi imthosca a d’fhéadfadh a bheith ina sárú ar an Rialachán seo. Ba cheart a mheabhrú go bhféadfadh nósanna imeachta riaracháin eile dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais a bheith infheidhme freisin sa chomhthéacs sin. Mar shampla, tá sé de cheart ag ábhair sonraí gearáin a thaisceadh le húdaráis mhaoirseachta arna n-ainmniú faoi Rialachán (AE) 2016/679 i gcás sáruithe ar phróiseáil a sonraí pearsanta. Thairis sin, is féidir le daoine aonair nó eintitis gearán a dhéanamh freisin leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha arna n-ainmniú faoi Rialachán (AE) 2022/2065 in aghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faoi sháruithe líomhnaithe ar an Rialachán sin. Gan dochar do na nósanna imeachta sin ná d’aon nós imeachta riaracháin nó leigheas breithiúnach eile atá ar fáil, ba cheart do na húdaráis inniúla aghaidh a thabhairt ar na gearáin sin, lena n-áirítear tríd an ngearánach a chur ar an eolas faoin obair leantach a tugadh dó. Nuair a thugtar fógra d’údarás inniúil faoi ghearán a thagann faoi inniúlacht údaráis inniúil i mBallstát eile, ba cheart dó an comhlíonadh a tharchur chun an údaráis inniúil sin gan moill mhíchuí.

(106)

Beidh feidhmiú a gcumhachtaí ag na húdaráis inniúla faoin Airteagal seo faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear leighis bhreithiúnacha éifeachtacha agus próis chuí.

(107)

Chun tacú leo an Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart faisnéis thráthúil ar féidir teacht uirthi go héasca a sholáthar do sholáthraithe seirbhíse agus d’eintitis leasmhara eile faoi dhátaí na dtoghchán agus na reifreann. Mar sin, ba cheart do na Ballstáit dátaí a dtoghchán agus a reifreann a fhoilsiú, agus, i gcás inarb infheidhme, dátaí a dtréimhsí toghcháin. Ba cheart a bheith in ann teacht ar an bhfaisnéis sin go héasca agus go tráthúil. Ba cheart dóibh an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal trí thairseach arna cur ar fáil ag an gCoimisiún, díreach tar éis fógra a thabhairt i dtaobh na ndátaí sin.

(108)

Chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo ag údaráis inniúla náisiúnta, moltar don Choimisiún treoirlínte a dhréachtú, de réir mar is gá, maidir le fógraíocht pholaitiúil a shainaithint agus maidir le smachtbhannaí a chur i bhfeidhm.

(109)

Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chun an Choimisiúin i leith na faisnéise atá le háireamh san fhógra trédhearcachta agus i leith na faisnéise faoi úsáid teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 (12) maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(110)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, mar a shonraítear anseo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(111)

Laistigh de 2 bhliain de gach toghchán do Pharlaimint na hEorpa, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur isteach ar mheastóireacht agus ar athbhreithniú an Rialacháin seo. Agus an tuarascáil sin á déanamh aige, ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme an Rialacháin seo i gcomhthéacs toghcháin agus reifrinn eile atá ar siúl san Aontas a chur i gcuntas.

(112)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh na fógraíochta polaitiúla agus seirbhísí gaolmhara, agus rialacha a bhunú maidir le húsáid teicnící dírithe agus teicnící seachadta fógráin i gcomhthéacs fhoilsiú agus scaipeadh na fógraíochta polaitiúla, a ghnóthú go leordhóthanach ach is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(113)

Ní dochar an Rialachán seo do na rialacha a leagtar síos le Treoracha 2000/31/CE (14), 2002/58/CE (15), 2005/29/CE (16), 2006/114/CE (17), 2006/123/CE (18), 2010/13/AE agus 2011/83/AE (19) agus Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) chomh maith le Rialachán (AE) 2022/2065, lena n-áirítear na rialacha dliteanais do sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha a leagtar síos in Airteagail 4, 5, 6 agus 8 den Rialachán sin. Ba cheart don Rialachán seo acquis an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlánú, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 agus Treoir 2002/58/CE.

(114)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 20 Eanáir 2022 (21),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

1.   Sa Rialachán seo leagtar síos na nithe seo a leanas:

(a)

rialacha comhchuibhithe, lena n-áirítear oibleagáidí trédhearcachta agus gaolmhara díchill chuí, chun fógraíocht pholaitiúil agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar, agus, i gcás inarb infheidhme, d’urraitheoirí, maidir le bailiú, coinneáil, nochtadh agus foilsiú faisnéise a bhaineann leis na seirbhísí sin a sholáthar sa mhargadh inmheánach;

(b)

rialacha comhchuibhithe maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúil ar líne a sholáthar;

(c)

rialacha maidir le maoirseacht agus forghníomhú an Rialacháin seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le comhar agus comhordú idir na húdaráis inniúla.

2.   Ní mheasfar tuairimí polaitiúla agus ábhar eagarthóireachta eile, gan beann ar an meán trína gcuirtear in iúl iad, atá faoi réir freagracht eagarthóireachta, mar fhógraíocht pholaitiúil ach amháin má dhéantar foráil d’íocaíocht shonrach nó do luach saothair eile nó i dtaca lena n-ullmhú, lena suíomh, lena gcur chun cinn, lena bhfoilsiú, lena seachadadh nó lena scaipeadh ag tríú páirtithe.

3.   Ní mheasfar gur fógraíocht pholaitiúil iad tuairimí polaitiúla a chuirtear in iúl i gcáil phearsanta.

4.   Is iad na cuspóirí atá leis an Rialachán seo:

(a)

cur le feidhmiú cuí mhargadh inmheánach na fógraíochta polaitiúla agus a seirbhísí gaolmhara;

(b)

na cearta agus na saoirsí bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chosaint, go háirithe an ceart chun príobháideachais agus sonraí pearsanta a chosaint.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le fógraíocht pholaitiúil i gcás ina scaiptear an fógrán polaitiúil san Aontas, i gcás ina dtugtar é isteach san fhearann poiblí i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát nó i gcás ina ndírítear é ar shaoránaigh an Aontais, gan beann ar áit bhunaíochta sholáthraí na seirbhísí fógraíochta polaitiúla nó ar áit chónaithe nó bhunaíochta an urraitheora, gan beann ar na modhanna a úsáidtear.

2.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’inneachar fógrán polaitiúil ná do rialacha an Aontais ná do rialacha náisiúnta lena rialaítear gnéithe a bhaineann le fógraíocht pholaitiúil seachas na cinn sin a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear na rialacha maidir le feachtais pholaitiúla a eagrú, a mhaoiniú agus a riaradh, na rialacha maidir le toirmisc ghinearálta nó teorainneacha ginearálta ar fhógraíocht pholaitiúil le linn tréimhsí sonraithe, agus, i gcás inarb infheidhme, na rialacha maidir le tréimhsí toghcháin.

3.   Ní dochar an Rialachán seo do na rialacha a leagtar síos sa mhéid seo a leanas:

(a)

Treoir 2000/31/CE;

(b)

Treoir 2002/58/CE;

(c)

Treoir 2005/29/CE;

(d)

Treoir 2006/114/CE;

(e)

Treoir 2006/123/CE;

(f)

Treoir 2010/13/AE;

(g)

Treoir 2011/83/AE;

(h)

Rialachán (AE) 2019/1150;

(i)

Rialachán (AE) 2022/2065.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘seirbhís’ aon ghníomhaíocht eacnamaíoch ar bhonn féinfhostaithe, a thugtar de ghnáth ar luach saothair, dá dtagraítear in Airteagal 57 CFAE;

(2)

ciallaíonn 'fógraíocht pholaitiúil' ullmhú, suíomh, cur chun cinn, foilsiú, seachadadh nó scaipeadh teachtaireachta, ar shlí ar bith, a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair nó trí ghníomhaíochtaí inmheánacha nó mar chuid d’fheachtas fógraíochta polaitiúla:

(a)

ag gníomhaí polaitiúil, sin nó thar a cheann nó ar a shon, ach amháin más teachtaireacht de chineál príobháideach nó tráchtála í; nó

(b)

a dhlitear agus a cheaptar chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompraíocht vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil;

agus níl an méid seo a leanas san áireamh léi:

(i)

teachtaireachtaí ó fhoinsí oifigiúla na mBallstát nó an Aontais atá teoranta go docht d’eagrú agus do mhódúlachtaí chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin nó i reifrinn, lena n-áirítear na hiarrthóirí nó an cheist atá le cur sa reifreann, nó chun rannpháirtíocht i dtoghcháin nó i reifrinn a chur chun cinn;

(ii)

cumarsáid phoiblí arb é is aidhm di faisnéis oifigiúil a chur ar fáil don phobal, ó aon údarás poiblí Ballstáit, ar son an údaráis phoiblí sin nó thar a cheann nó ón Aontas ar a shon nó thar a cheann, lena n-áirítear faisnéis ag comhaltaí de rialtas Ballstáit, ar a son nó thar a gceann, ar choinníoll nach ndlitear agus nach gceaptar iad chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, ar iompar vótála nó ar phróiseas reachtach nó rialála; agus

(iii)

cur i láthair iarrthóirí i spásanna poiblí sonraithe nó sna meáin mar a fhoráiltear go sainráite leis an dlí agus a leithdháiltear saor in aisce agus cóir chomhionann iarrthóirí á háirithiú;

(3)

ciallaíonn ‘fógrán polaitiúil’ cás ina ndéantar fógraíocht pholaitiúil arna foilsiú, arna seachadadh nó arna scaipeadh ar shlí ar bith;

(4)

ciallaíonn ‘gníomhaí polaitiúil’ aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

‘páirtí polaitiúil’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 1, de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, nó eintiteas a bhaineann go díreach nó go hindíreach le réimse gníomhaíochta páirtí polaitiúil den sórt sin;

(b)

‘comhaontas polaitiúil’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2, de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014;

(c)

‘páirtí polaitiúil Eorpach’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 3, de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014;

(d)

iarrthóir ar aon oifig thofa nó sealbhóir aon oifige tofa ar leibhéal an Aontais, nó ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, nó ar aon phost ceannaireachta i bpáirtí polaitiúil;

(e)

comhalta d’institiúidí an Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach agus an Chúirt Iniúchóirí, nó rialtas Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil;

(f)

eagraíocht feachtais pholaitiúil, bíodh pearsantacht dhlítheanach aici nó ná bíodh, arna bunú chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn, agus chuige sin amháin;

(g)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann ionadaíocht ar aon duine de na daoine nó ar aon cheann de na heagraíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (f), nó a ghníomhaíonn thar a gceann, agus a chuireann cuspóirí polaitiúla aon cheann de na daoine nó eagraíochtaí sin chun cinn;

(5)

ciallaíonn ‘seirbhís fógraíochta polaitiúla’ seirbhís ina bhfuil fógraíocht pholaitiúil seachas ‘seirbhís idirghabhálach’ ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (g), de Rialachán (AE) 2022/2065, a sholáthraítear gan aird a thabhairt ar an teachtaireacht shonrach a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh;

(6)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar, seachas seirbhísí coimhdeacha amháin;

(7)

ciallaíonn ‘feachtas fógraíochta polaitiúla’ sraith d’fhógráin pholaitiúla nasctha a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh i rith conradh le haghaidh fógraíocht pholaitiúil, ar bhonn ullmhú, urraíocht nó maoiniú coiteann;

(8)

ciallaíonn ‘ardán an-mhór ar líne’ ardán ar líne a ainmnítear mar ardán an-mhór ar líne de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065;

(9)

ciallaíonn ‘inneall cuardaigh an-mhór ar líne’ inneall cuardaigh ar líne atá ainmnithe mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065;

(10)

ciallaíonn ‘urraitheoir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach, ar thar a cheann nó arna iarraidh sin dó nó di, a dhéantar fógrán polaitiúil a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh;

(11)

ciallaíonn ‘teicnící spriocdhírithe’ teicnící a úsáidtear chun fógrán polaitiúil a dhíriú ar dhuine sonrach nó ar ghrúpa daoine sonrach amháin nó chun iad a eisiamh, ar bhonn sonraí pearsanta a phróiseáil;

(12)

ciallaíonn ‘teicnící seachadta fógráin’ teicnící barrfheabhsaithe a úsáidtear chun cúrsaíocht, rochtain nó infheictheacht fógráin pholaitiúil a mhéadú ar bhonn sonraí pearsanta a uathphróiseáil agus ar féidir leo an fógrán polaitiúil a sheachadadh ar dhuine sonrach nó ar ghrúpa daoine ar leith amháin;

(13)

ciallaíonn ‘foilsitheoir fógraíochta polaitiúla’ soláthraí seirbhíse fógraíochta polaitiúla a dhéanann fógraíocht pholaitiúil a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh trí aon mhodh;

(14)

ciallaíonn ‘rialaitheoir’‘rialaitheoir’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe 7, de Rialacháin (AE) 2016/679 nó, i gcás inarb infheidhme, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 4

Prionsabal an Mhargaidh Inmheánaigh

1.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit forálacha ná bearta, nach bhfuil i gcomhréir leo siúd a leagtar síos sa Rialachán seo, a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach, ar fhorais a bhaineann le trédhearcacht fógraíochta polaitiúla.

2.   Ní chuirfear cosc ná srian le soláthar seirbhísí fógraíochta polaitiúla, lena n-áirítear go geografach, ar fhorais a bhaineann le trédhearcacht i gcás ina gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo.

Airteagal 5

Seirbhísí fógraíochta polaitiúla a sholáthar san Aontas

1.   Ní chuirfidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla soláthar a seirbhísí faoi réir srianta idirdhealaitheacha bunaithe ar áit chónaithe nó ar áit bhunaithe an urraitheora amháin.

Ní chuirfidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla srian lena seirbhísí a sholáthar do ‘pháirtí polaitiúil Eorpach’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 3, de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, nó do ghrúpa polaitiúil i bParlaimint na hEorpa, ar bhonn a áite bunaithe amháin.

2.   Gan dochar do rialacha náisiúnta níos déine, sna trí mhí dheireanacha roimh thoghchán nó reifreann arna eagrú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil i mBallstát, ní dhéanfar seirbhísí fógraíochta polaitiúla a bhaineann leis an toghchán nó leis an reifreann sin a sholáthar ach amháin d’urraitheoir, nó do sholáthraí seirbhíse atá ag gníomhú thar ceann urraitheora, a dhearbhaíonn an méid seo a leanas:

(a)

gur saoránach den Aontas é nó í féin; nó

(b)

gur náisiúnach tríú tír é nó í féin a bhfuil buanchónaí air nó uirthi san Aontas agus a bhfuil ceart vótála aige nó aici sa toghchán nó sa reifreann sin i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit chónaithe; nó

(c)

gur duine dlítheanach é féin atá bunaithe san Aontas agus nach bhfuil faoi úinéireacht nó faoi rialú deiridh náisiúnaigh tríú tír, seachas náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear i bpointe (b), nó duine dlítheanach atá bunaithe i dtríú tír.

CAIBIDIL II

Oibleagáidí trédhearcachta agus díchill chuí le haghaidh seirbhísí fógraíochta polaitiúla

Airteagal 6

Oibleagáidí trédhearcachta agus díchill chuí le haghaidh seirbhísí fógraíochta polaitiúla

1.   Soláthrófar seirbhísí fógraíochta polaitiúla ar shlí thrédhearcach i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo, in Airteagail 7 go 17 agus in Airteagal 21.

2.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla go gcumasófar forálacha ábhartha an Rialacháin seo a chomhlíonadh leis na socruithe conarthacha a thugtar i gcrích chun seirbhís fógraíochta polaitiúla a sholáthar, lena n-áirítear na cinn sin a bhaineann le leithdháileadh freagrachta agus leo siúd a bhaineann le hiomláine agus cruinneas na faisnéise.

Airteagal 7

Seirbhísí fógraíochta polaitiúla a shainaithint

1.   Iarrfaidh soláthraí seirbhísí fógraíochta ar urraitheoirí, agus ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí, a dhearbhú an ionann an tseirbhís fógraíochta a d’iarr siad ar sholáthraí seirbhísí fógraíochta a dhéanamh agus seirbhís fógraíochta polaitiúla de réir bhrí Airteagal 3, pointe 5, agus an gcomhlíonann siad aon cheann de na ceanglais faoi Airteagal 5(2). Déanfaidh urraitheoirí, agus soláthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí, dearbhuithe den sórt sin go fírinneach agus beidh siad freagrach as a gcruinneas.

2.   Leis na socruithe conarthacha a thabharfar i gcrích chun seirbhís fógraíochta polaitiúla a sholáthar, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla go gceanglófar ar an urraitheoir nó ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí, an dearbhú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil is gá chun Airteagail 9(1), 11(1) agus 12(1) a chomhlíonadh. Déanfar an fhaisnéis sin a tharchur ar bhealach críochnúil cruinn agus gan moill mhíchuí.

3.   Soláthróidh urraitheoirí cruinneas na faisnéise is gá do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla chun Airteagal 9(1)(a), (d), (e) agus (f), Airteagal 11(1)(a) go (d), agus Airteagal 12(1)(a), (b), (c), (e), (h) agus (k), a chomhlíonadh, agus áiritheoidh siad cruinneas na faisnéise sin, roimh thréimhse foilsithe, seachadta nó scaipthe an fhógráin pholaitiúil nó lena linn.

I gcás ina dtiocfaidh urraitheoir, nó soláthraí seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheora, ar an eolas go bhfuil athrú tagtha ar fhaisnéis a tharchuir sé, áiritheoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis nuashonraithe sin a tharchur chun an tsoláthraí ábhartha seirbhísí fógraíochta polaitiúla ar shlí thráthúil, iomlán agus chruinn.

I gcás ina dtiocfaidh urraitheoir, nó soláthraí seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheora, ar an eolas go bhfuil aon fhaisnéis arna tarchur chun an fhoilsitheora fógraíochta polaitiúla nó arna foilsiú aige nó aici neamhiomlán nó míchruinn, rachaidh sé nó sí i dteagmháil, gan moill mhíchuí, leis an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla lena mbaineann agus tarchuirfidh sé nó sí faisnéis chomhlánaithe nó cheartaithe chun an fhoilsitheora fógraíochta polaitiúla sin.

4.   Ceanglóidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla ar urraitheoirí, nó ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí, a chuireann isteach dearbhú nó faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo atá earráideach go follasach an dearbhú nó an fhaisnéis sin a cheartú. Déanfaidh urraitheoirí nó soláthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí na ceartuithe sin a bheidh iomlán agus cruinn, gan moill mhíchuí.

5.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a úsáideann comhéadan ar líne go ndéanfar an comhéadan ar líne sin a dhearadh agus a eagrú ar shlí a éascóidh d’urraitheoirí, agus do sholáthraithe seirbhísí fógraíochta a ghníomhaíonn thar ceann urraitheoirí, a n-oibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 9(1) a chomhlíonadh.

Airteagal 8

Fógrán polaitiúil a shainaithint

1.   Chun a chinneadh an ionann teachtaireacht agus fógraíocht pholaitiúil de réir bhrí Airteagal 3, pointe 2, pointe (b), cuirfear a gnéithe go léir i gcuntas, lena n-áirítear:

(a)

a bhfuil sa teachtaireacht;

(b)

urraitheoir na teachtaireachta;

(c)

an teanga a úsáidtear chun an teachtaireacht a chur in iúl;

(d)

an comhthéacs ina gcuirtear an teachtaireacht in iúl, lena n-áirítear an tréimhse scaipthe;

(e)

na modhanna trína ndéantar an teachtaireacht a ullmhú, a shuíomh, a chur chun cinn, a fhoilsiú, a sheachadadh nó a scaipeadh;

(f)

an spriocphobal meáin;

(g)

cuspóir na teachtaireachta.

2.   Déanfaidh an Coimisiún treoir choiteann a tharraingt suas lena mbeartófar rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Airteagail seo.

Airteagal 9

Coimeád taifead

1.   Coinneoidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, a mhéid is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, faisnéis a bhailíonn siad agus a seirbhísí á soláthar acu maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an fógrán polaitiúil nó an feachtas fógraíochta polaitiúla a bhfuil baint ag an tseirbhís nó ag na seirbhísí leis;

(b)

an tseirbhís shonrach nó na seirbhísí sonracha a chuir siad ar fáil i dtaca leis an bhfógraíocht pholaitiúil;

(c)

méideanna na sonrasc a sheol siad i leith na seirbhíse nó na seirbhísí a chuir siad ar fáil, agus luach na sochar eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar an tseirbhís nó na seirbhísí a cuireadh ar fáil;

(d)

faisnéis faoi thionscnamh poiblí nó príobháideach na méideanna agus na sochar eile dá dtagraítear i bpointe (c), chomh maith le cibé acu ar thosaigh siad laistigh nó lasmuigh den Aontas;

(e)

céannacht agus sonraí teagmhála urraitheoir an fhógráin pholaitiúil agus, i gcás inarb infheidhme, an eintitis a rialaíonn an t-urraitheoir sa deireadh agus, i gcás daoine dlítheanacha, áit a mbunaithe; agus

(f)

i gcás inarb infheidhme, léiriú ar an toghchán, ar an reifreann, ar an bpróiseas reachtach nó rialála lena mbaineann an fógrán polaitiúil.

2.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a ndícheall chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a choinnítear de bhun mhír 1 iomlán agus cruinn.

3.   Is i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach a bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1. Coinneofar an fhaisnéis sin i bhformáid mheaisín-inléite ar feadh tréimhse seacht mbliana ó dháta an ullmhaithe, an tsuímh, an chur chun cinn, an fhoilsithe, an tseachadta nó an scaipthe deiridh, de réir mar a bheidh.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le micreaghnóthais a cháilíonn faoi Airteagal 3(1) de Threoir 2013/34/AE, mura bhfuil sa soláthar seirbhísí fógraíochta ach soláthar imeallach coimhdeach lena bpríomhghníomhaíochtaí.

Airteagal 10

Faisnéis a tharchur chuig an bhfhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla go dtarchuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(1) ar shlí thráthúil, iomlán agus chruinn chuig foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ionas go mbeidh siad ábalta a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

Déanfaidh gach soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharchur le linn sholáthar na seirbhíse ábhartha agus i gcomhréir le dea-chleachtas agus le caighdeáin an tionscail agus, i gcás gur féidir go teicniúil, trí phróiseas uathoibrithe caighdeánaithe.

Nuair is é an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla an t-aon soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla, tarchuirfidh an t-urraitheoir an fhaisnéis ábhartha chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla.

2.   I gcás ina mbeidh a fhios ag soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla gur athraíodh an fhaisnéis a tharchuir sé, áiritheoidh sé go dtarchuirfear an fhaisnéis nuashonraithe sin chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla ábhartha.

Airteagal 11

Ceanglais lipéadaithe agus trédhearcachta do gach fógrán polaitiúil

1.   Áiritheoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla go gcuirfear gach fógrán polaitiúil ar fáil in éineacht leis an bhfaisnéis seo a leanas ar shlí shoiléir shuntasach gan débhrí:

(a)

ráiteas gur fógrán polaitiúil atá ann;

(b)

céannacht urraitheoir an fhógráin pholaitiúil agus, i gcás inarb infheidhme, an t-eintiteas a rialaíonn an t-urraitheoir sa deireadh;

(c)

i gcás inarb infheidhme, an toghchán, an reifreann, an próiseas reachtach nó rialála lena mbaineann an fógrán polaitiúil;

(d)

i gcás inarb infheidhme, ráiteas gur díríodh an fógrán polaitiúil sin nó go raibh sé faoi réir spriocdhíriú nó teicnící seachadta fógráin;

(e)

fógra trédhearcachta ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(1), nó léiriú soiléir ar cár féidir í a aisghabháil go héasca agus go díreach.

2.   Áiritheoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla iomláine na faisnéise dá dtagraítear i mír 1. Áiritheoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla cruinneas na faisnéise ar cár féidir an fógra trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), a aisghabháil.

3.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i bhfoirm lipéad a oiriúnaítear don mheán a úsáidtear.

Beidh na lipéid sin feiceálach, cuirfidh siad ar chumas daoine fógrán polaitiúil a aithint go héasca mar sin, agus fanfaidh siad i bhfeidhm i gcás go scaipfear an fógrán polaitiúil tuilleadh.

4.   Faoin 10 Iúil 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar formáid agus teimpléad na lipéad dá dtagraítear i mír 3. Leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, áiritheofar go n-oiriúnófar lipéid don mheán a úsáidtear, lena n-áirítear do na meáin chlosamhairc agus chlóite, agus don fhógraíocht ar líne agus as líne, agus saintréithe ar leith an mheáin sin á gcur i gcuntas, chomh maith leis na forbairtí teicneolaíochta agus margaidh is déanaí, taighde eolaíoch ábhartha agus dea-chleachtais.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

5.   Spreagfaidh na Ballstáit, lena n-áirítear na húdaráis inniúla, agus an Coimisiún chun cóid iompair dheonacha a tharraingt suas lena mbeartófar rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Airteagail seo, agus saintréithe sonracha na soláthraithe ábhartha seirbhíse lena mbaineann á gcur i gcuntas mar aon le riachtanais shonracha na micreaghnóthas, gnóthas beag agus gnóthas meánmhéide lena gcáilítear faoi Airteagal 3(1), (2) agus (3) de Threoir 2013/34/AE.

Airteagal 12

Fógraí trédhearcachta

1.   Áiritheoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh san fhógra trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (e):

(a)

céannacht an urraitheora agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht an eintitis a rialaíonn an t-urraitheoir sa deireadh, lena n-áirítear a ainm nó a ainm, a sheoladh nó a seoladh ríomhphoist, agus, i gcás go bpoiblítear é, a sheoladh nó a seoladh poist, agus, i gcás nach duine nádúrtha é an t-urraitheoir, an seoladh ina bhfuil sé bunaithe;

(b)

an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (a) ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn luach saothair mar mhalairt ar an bhfógrán polaitiúil murab ionann an duine sin agus an t-urraitheoir nó an t-eintiteas a rialaíonn an t-urraitheoir sa deireadh.

(c)

an tréimhse ar lena linn atá sé beartaithe an fógrán polaitiúil a fhoilsiú, a sheachadadh agus a scaipeadh;

(d)

méideanna comhiomlánaithe agus luach comhiomlánaithe na sochar eile a fhaigheann soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena n-áirítear iad sin a fhaigheann an foilsitheoir mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar na seirbhísí fógraíochta polaitiúla, agus i gcás inarb ábhartha, ar an bhfeachtas fógraíochta polaitiúla;

(e)

faisnéis faoi thionscnamh poiblí nó príobháideach na méideanna agus na sochar eile dá dtagraítear i bpointe (d), chomh maith le cibé acu an laistigh nó lasmuigh den Aontas a thosaíonn siad;

(f)

an mhodheolaíocht a úsáidtear chun na méideanna agus an luach dá dtagraítear i bpointe (d) a ríomh;

(g)

i gcás inarb infheidhme, léiriú ar thoghcháin, reifrinn, agus próisis reachtacha nó rialála a bhfuil baint ag an bhfógrán polaitiúil leo;

(h)

i gcás go bhfuil an fógrán polaitiúil nasctha le toghcháin nó reifrinn shonracha, naisc chuig faisnéis oifigiúil i dtaobh na módúlachtaí chun rannpháirtíochta sa toghchán nó sa reifreann lena mbaineann.

(i)

i gcás inarb infheidhme, naisc chun stór Eorpach na bhfógrán polaitiúil ar líne dá dtagraítear in Airteagal 13;

(j)

faisnéis faoi na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 15(1);

(k)

i gcás inarb infheidhme, cibé acu ar cuireadh foilsiú an fhógráin pholaitiúil nó leagan níos luaithe de ar fionraí nó ar scoireadh de mar gheall ar shárú ar an Rialachán seo;

(l)

i gcás gurb infheidhme, ráiteas ina luaitear go raibh an fógrán polaitiúil faoi réir teicnící spriocdhírithe nó teicnící seachadta fógráin ar bhonn úsáid sonraí pearsanta, lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 19(1), pointí (c) agus (e);

(m)

i gcás inarb infheidhme agus ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, raon feidhme an fhógráin pholaitiúil i dtéarmaí líon na dtuairimí agus rannpháirtíochtaí leis an bhfógrán polaitiúil.

2.   Áiritheoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 iomlán.

Áiritheoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla cruinneas na faisnéise i mír 1(d), (f), (i), (j) agus (m), roimh thréimhse fhoilsithe, sheachadta nó scaipthe an fhógráin pholaitiúil agus lena linn.

I gcás ina bhfaighidh an soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla amach gur neamhiomlán nó gur míchruinn aon fhaisnéis arna tarchur chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla nó arna foilsiú aige nó aici, rachaidh sé nó sí i dteagmháil leis an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla lena mbaineann, gan moill mhíchuí, agus déanfaidh sé nó sí faisnéis chríochnaithe nó cheartaithe a tharchur chuig an bhfoilsitheoir fógraíochta polaitiúla sin.

I gcás ina bhfaighidh an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla amach ar aon mhodh go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus i mír 1 den Airteagal seo neamhiomlán nó míchruinn, déanfaidh sé nó sí a dhícheall nó a dícheall chun an fhaisnéis a chomhlánú nó a cheartú, gan moill mhíchuí, lena n-áirítear trí theagmháil a dhéanamh leis an urraitheoir nó leis na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla.

I gcás nach féidir an fhaisnéis a chomhlánú ná a cheartú, gan moill mhíchuí, ní chuirfidh an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla an fógrán polaitiúil ar fáil nó scoirfidh sé nó sí gan moill mhíchuí den fhógrán polaitiúil a fhoilsiú, a sholáthar nó a scaipeadh.

Cuirfidh an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla na hurraitheoirí nó na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena mbaineann ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon chinntí faoin gcúigiú fomhír den mhír seo.

3.   Déanfar fógraí trédhearcachta a áireamh i ngach fógrán polaitiúil nó beidh siad in-aisghafa i gcónaí le linn thréimhse foilsithe an fhógráin pholaitiúil.

Coinneofar fógraí trédhearcachta cothrom le dáta le linn thréimhse iomlán foilsithe an fhógráin pholaitiúil, a thíolacfar i bhformáid atá inrochtana go héasca agus, ar a laghad nuair a chuirfear an fógrán polaitiúil ar fáil go leictreonach, ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite. Scríobhfar iad i dteanga an fhógráin pholaitiúil. Áiritheoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a thairgeann seirbhísí san Aontas go gcomhlíonfar, leis na fógraí trédhearcachta, na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, lena n-áirítear, nuair is indéanta go teicniúil, tríd an bhfaisnéis a chur ar fáil trí níos mó ná cainéal céadfach amháin.

Beidh fógraí trédhearcachta, infheicthe go soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir, lena n-áirítear trí theanga shimplí a úsáid.

4.   Coinneoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a bhfógraí trédhearcachta le chéile le haon mhodhnuithe orthu go ceann tréimhse seacht mbliana tar éis an fhoilsithe dheireanaigh den fhógrán polaitiúil lena mbaineann.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 4 den Airteagal seo maidir le micreaghnóthais lena gcáilítear faoi Airteagal 3(1) de Threoir 2013/34/AE, ar choinníoll nach bhfuil sa soláthar seirbhísí fógraíochta ach soláthar imeallach coimhdeach lena bpríomhghníomhaíochtaí.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an Rialachán seo a leasú trí phointí a chur leis an liosta pointí i mír 1 den Airteagal seo agus mhír 1, pointe (f), den Airteagal seo a mhodhnú i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha, cleachtais mhargaidh, taighde eolaíoch ábhartha, forbairtí sa mhaoirseacht a dhéanann údaráis inniúla agus treoir ábhartha arna heisiúint ag comhlachtaí inniúla, ar choinníoll go bhfuil gá le leasú den sórt sin chun comhthéacs níos leithne an fhógráin pholaitiúil agus a aidhmeanna a thuiscint.

7.   Faoin 10 Iúil 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun formáid an fhógra trédhearcachta a bhunú agus chun sonraíochtaí teicniúla a sholáthar le haghaidh an fhógra trédhearcachta chun a áirithiú go gcuirfear in oiriúint é don mheán a úsáidtear, lena n-áirítear le haghaidh na meán closamhairc agus clóite chomh maith leis an bhfógraíochta ar líne agus as líne, agus na forbairtí teicneolaíochta agus margaidh is déanaí, taighde eolaíoch ábhartha agus dea-chleachtais agus riachtanais shonracha micreaghnóthas, gnóthas beag agus meánmhéide lena gcáilítear faoi Airteagal 3, (1), (2) agus (3) de Threoir 2013/34/AE á gcur san áireamh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Airteagal 13

Stór Eorpach d’fhógrán polaitiúil ar líne

1.   Bunóidh an Coimisiún agus áiritheoidh sé, go díreach nó tríd an bhfreagracht sin a chur de chúram ar údarás bainistíochta, go ndéanfar stór Eorpach d’fhógrán polaitiúil ar líne (‘an stór Eorpach’) a bhainistiú ar stór poiblí é i gcás gach fógrán polaitiúil ar líne a fhoilsítear san Aontas nó atá dírithe ar shaoránaigh nó cónaitheoirí an Aontais san Aontas. Áireofar an méid seo a leanas sa stór sin:

(a)

feidhmiúlacht chun rochtain phoiblí a chumasú ar fhógráin pholaitiúla ar líne, mar aon leis an bhfaisnéis arna soláthar ag foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla dá dtagraítear in Airteagal 12(1) i leith gach fógrán polaitiúil ar líne ó thráth a chéadfhoilsithe; beidh an fhaisnéis ar fáil i bhformáid atá inléite ag meaisín, beifear ábalta cuardaigh ilchritéar a dhéanamh léi agus beidh rochtain ag an bpobal uirthi trí thairseach aonair.

(b)

seirbhís óstála lena n-áirithítear infhaighteacht na fógraíochta polaitiúla ar líne agus na faisnéise a fhoilsítear léi dá dtagraítear in Airteagal 12(1), don tréimhse iomlán ina gcuirtear an fógrán polaitiúil i láthair agus ar feadh seacht mbliana tar éis don fhógrán polaitiúil a thíolacadh den uair dheireanach; urramóidh an tseirbhís óstála sin, agus rochtain ar an bhfaisnéis a óstáiltear, aon cheanglas dlíthiúil chun an fógrán polaitiúil agus an fhaisnéis a foilsíodh leis a bhaint, agus beidh sí gan dochar do na ceanglais sin; beidh an tseirbhís óstála sin saor in aisce do na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla a chuireann fógrán polaitiúil ar líne faoi bhráid an stóir Eorpaigh.

2.   Áiritheoidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla is ardáin an-mhór ar líne iad agus innill chuardaigh an-mhór ar líne iad go gcuirfear gach fógrán polaitiúil, mar aon leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(1) den Rialachán seo, ar fáil i stór, dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2022/2065. Ina theannta sin, cumasóidh na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla sin rochtain ar an bhfaisnéis sin tríd an stór Eorpach ó thráth an fhoilsithe agus ar feadh na tréimhse iomláine ar lena linn a chuireann siad an fógrán polaitiúil i láthair agus ar feadh seacht mbliana tar éis an fógrán polaitiúil a chur i láthair den uair dheireanach ar a gcomhéadain ar líne.

3.   I gcás ina ndéanfaidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla fógrán polaitiúil ar leith a bhaint nó rochtain air a dhíchumasú ar bhonn neamhdhleathacht líomhnaithe nó neamhréiteachta lena dtéarmaí agus coinníollacha, leanfaidh siad de rochtain a sholáthar ar an bhfaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 12(1) den Rialachán seo don tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo. Ní dochar an ceanglas sin do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 9(2)(a)(i), Airteagal 17(3), pointí (a) go (e), agus Airteagal 39(3) de Rialachán (AE) 2022/2065.

4.   Déanfaidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla seachas na foilsitheoirí sin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fhoilsíonn fógráin pholaitiúla trí sheirbhís ar líne gach fógrán polaitiúil den sórt sin agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 12(1) a chur ar fáil sa stór Eorpach tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis fhoilsiú an fhógráin pholaitiúil den chéad uair.

5.   Ní bheidh aon dliteanas ar an gCoimisiún, ná, de réir mar a bheidh, ar an údarás bainistíochta dá dtagraítear i mír 1, i leith iomláine agus chruinneas na fógraíochta polaitiúla agus na faisnéise a fhoilsítear léi ná i leith chomhlíonadh dhlí ábhartha an Aontais nó an dlí náisiúnta ábhartha, agus rialacha ceangailteacha eile is infheidhme.

6.   Faoin 10 Aibreán 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29 chun socruithe mionsonraithe a leagan amach chun struchtúr coiteann sonraí, meiteashonraí caighdeánaithe a sholáthar chun go n-éascófar fógráin pholaitiúla a áireamh sa stór Eorpach agus innéacsú na fógraíochta polaitiúla ag innill chuardaigh ar líne, fíordheimhniú caighdeánaithe agus comhéadan coiteann feidhmchláir, d’fhonn rochtain a chumasú ar chomhiomlánú na faisnéise a fhoilsítear ar líne de bhun an Rialacháin seo trí thairseach aonair.

Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún forbairtí teicneolaíocha, margaidh agus eolaíocha san áireamh, agus beidh sé d’aidhm aige na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

(a)

chun rochtain phoiblí a chumasú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 tríd an stór Eorpach aonair;

(b)

rochtain phoiblí éasca ar fhógraí trédhearcachta ar líne a cheadú, trí chomhéadan coiteann ríomhchláraithe feidhmchlár a úsáid a chumasódh rochtain ar na fógraí agus na bunachair sonraí ábhartha a chuardach;

(c)

tacú le tríú páirtí agus rochtain phoiblí ar fhógraí trédhearcachta, lena n-áirítear trí anailís ar fhógraí trédhearcachta ar líne agus trína gcur i láthair a chumasú trí thairseach aonair agus seirbhísí cuardaigh soláimhsithe.

Airteagal 14

Tuairisciú tréimhsiúil ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla

1.   Áireoidh na foilsitheoirí fógraíochtapolaitiúla, faisnéis maidir leis na méideanna nó le luach na sochar eile a fuarthas mar pháirtmhalairt nó mar mhalairt iomlán ar na seirbhísí a soláthraíodh, lena n-áirítear maidir le húsáid teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin, arna gcomhiomlánú de réir an fheachtais, atá i gceangal lena dtuarascáil bhainistíochta de réir bhrí Airteagal 19 de Threoir 2013/34/AE.

Cuirfidh na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil do na húdaráis inniúla atá freagrach as iniúchadh nó maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaithe polaitiúla, i gcás ina bhfuil na húdaráis sin bunaithe faoin dlí náisiúnta.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le micreaghnóthais, gnóthais bheaga nó gnóthais mheánmhéide atá cáilithe faoi Airteagal 3(1), (2) agus (3) de Threoir 2013/34/AE.

Airteagal 15

Fógráin pholaitiúla a d’fhéadfadh a bheith neamhchomhlíontach a shonrú

1.   Beidh na sásraí is gá i bhfeidhm ag seirbhísí fógraíochta polaitiúla chun a chur ar chumas daoine nádúrtha nó dlítheanacha fógra a thabhairt dóibh mura gcomhlíontar, le fógrán polaitiúil ar leith atá foilsithe acu, an Rialachán seo.

2.   Beidh na sásraí dá dtagraítear i mír 1 saor in aisce, so-úsáidte agus beidh rochtain éasca orthu, lena n-áirítear ón bhfógra trédhearcachta. I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ceadóidh na sásraí sin fógraí a chur isteach i bhfoirm leictreonach.

3.   Leis na sásraí sin, éascófar tíolacadh fógraí beachta agus réasúnaithe chuig foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla ionas go mbeidh siad in ann neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo ag na fógráin pholaitiúila atá i gceist a shainaithint. Chuige sin, glacfaidh na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla na bearta is gá chun cumasú agus éascú a dhéanamh ar chur isteach na bhfógraí ina bhfuil na gnéithe seo uile a leanas:

(a)

míniú cuí-réasúnaithe ar na cúiseanna a líomhnaíonn an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil an fógra á chur isteach acu nach bhfuil an fógrán polaitiúil i gceist ag comhlíonadh an Rialacháin seo;

(b)

faisnéis lena gcumasaítear an fógrán polaitiúil a shainaithint;

(c)

ainm agus seoladh ríomhphoist an duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag tíolacadh an fhógra.

4.   Seolfaidh na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla, gan moill mhíchuí, dearbhú go bhfuarthas an fógra a fuarthas de bhun mhír 1 chuig an duine nádúrtha nó dlítheanach a chuir isteach é.

5.   Déanfaidh na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla arb ardáin an-mhór ar líne iad agus arb innill chuardaigh an-mhór ar líne iad an méid seo a leanas gan moill mhíchuí:

(a)

na fógraí a fhaightear de bhun mhír 1 a scrúdú agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach dícheallach, neamhthreallach agus oibiachtúil;

(b)

an duine nádúrtha nó dlítheanach a thug an fógra dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an eolas faoin obair leantach a rinneadh ina leith.

6.   Déanfaidh na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla nach ardáin an-mhór ar líne iad agus nach innill chuardaigh an-mhór ar líne iad an méid seo a leanas gan moill mhíchuí:

(a)

a ndícheall a dhéanamh na fógraí a fhaightear de bhun mhír 1 a scrúdú agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach dícheallach, neamhthreallach agus oibiachtúil;

(b)

an duine nádúrtha nó dlítheanach a thug an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar an eolas, arna iarraidh sin ar a laghad, faoin obair leantach a rinneadh ina leith; déanfaidh na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla lena gcáilítear mar mhicreaghnóthais faoi Airteagal 3(1) de Threoir 2013/34/AE gach iarracht chun a áirithiú go gcomhlíonfar an pointe seo.

7.   Sa mhí dheireanach roimh thoghchán nó reifreann, próiseálfaidh na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla aon fhógra a fhaigheann siad faoi fhógrán polaitiúil atá nasctha leis an toghchán nó leis an reifreann sin laistigh de 48 uair an chloig curtha ar fáil ar choinníoll gur féidir an fógra a phróiseáil go hiomlán ar bhonn na faisnéise atá san fhógra. Maidir leis na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla lena gcáilítear mar mhicreaghnóthais, mar ghnóthais bheaga nó mar ghnóthais mheánmhéide faoi Airteagal 3(1), (2) agus (3) de Threoir 2013/34/AE déanfaidh siad a ndícheall aon fhógra a fhaigheann siad faoi fhógrán polaitiúil atá nasctha leis an toghchán nó leis an reifreann sin a phróiseáil gan moill mhíchuí.

8.   Cuirfidh na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla faisnéis shoiléir sho-úsáidte ar fáil maidir leis na féidearthachtaí le haghaidh sásaimh i ndáil leis an bhfógrán polaitiúil lena mbaineann an fógra agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le modhanna uathoibrithe a úsáid chun fógraí a phróiseáil.

9.   Déanfaidh na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla, gan moill mhíchuí, urraitheoirí nó soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena mbaineann a chur ar an eolas faoi aon bhearta a dhéanfaidh siad tar éis fógraí a thabhairt faoin Airteagal seo, ar bearta iad a dhéanann difear d’infhaighteacht nó do chur i láthair an fhógráin pholaitiúil lena mbaineann.

10.   Féadfaidh foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla freagairt d’ilfhógraí faoi mhír 1 maidir leis an bhfógrán céanna nó leis an bhfeachtas fógraíochta céanna i dteannta a chéile, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as uirlisí uathoibrithe nó trí fhógra a dhéanamh ar a suíomh gréasáin lena dtagraítear do na fógraí lena mbaineann.

11.   Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le líonra na bpointí teagmhála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(8), treoirlínte a eisiúint chun cabhrú leis na foilsitheoirí fógraíochta polaitiúla agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm.

Airteagal 16

Faisnéis a tharchur chuig na húdaráis inniúla náisiúnta

1.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagail 9, 11, 12 agus 14, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla náisiúnta a iarraidh go ndéanfaidh na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla aon fhaisnéis riachtanach a tharchur. Beidh an fhaisnéis a tharchuirfear iomlán, cruinn agus iontaofa, agus soláthrófar í i bhformáid atá soiléir, comhleanúnach, comhdhlúite agus intuigthe. Tarchuirfear an fhaisnéis i bhformáid chaighdeánaithe agus mheaisín-inléite, i gcás inar féidir sin a dhéanamh go teicniúil.

2.   Beidh na gnéithe seo a leanas san iarraidh dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ráiteas ar chúiseanna ina mínítear an cuspóir atá leis an bhfaisnéis a iarraidh, mura saothraíonn an iarraidh an cuspóir maidir le cionta coiriúla nó cionta tromchúiseacha riaracháin a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus mura rud é go ndéanfaí an cuspóir sin a chur i mbaol trí na cúiseanna leis an iarraidh a nochtadh;

(b)

faisnéis maidir leis an gcúiteamh atá ar fáil don soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla ábhartha agus d’urraitheoir na seirbhíse fógraíochta polaitiúla.

3.   Ar iarraidh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a fháil, cuirfidh na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla in iúl, laistigh de 2 lá, go bhfuarthas an iarraidh sin agus cuirfidh siad an t-údarás inniúla náisiúnta ar an eolas maidir leis na bearta a rinneadh chun í a chomhlíonadh. Soláthróidh an soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla ábhartha an fhaisnéis a iarradh laistigh d’ocht lá oibre. Mar sin féin, déanfaidh na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena gcáilítear mar mhicreaghnóthais, mar ghnóthais bheaga nó mar ghnóthais mheánmhéide faoi Airteagal 3(1), (2) agus (3) de Threoir 2013/34/AE iarrachtaí réasúnta chun an fhaisnéis a iarradh a sholáthar laistigh de 12 lá oibre agus ina dhiaidh sin, gan moill mhíchuí.

4.   De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, sa mhí dheireanach roimh thoghchán nó reifreann, soláthróidh na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis iarrtha atá ina seilbh acu gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 48 uair an chloig. Mar sin féin, déanfaidh na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena gcáilítear mar mhicreaghnóthais agus mar ghnóthais bheaga faoi Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir 2013/34/AE an fhaisnéis iarrtha atá ina seilbh acu a sholáthar gan moill mhíchuí agus, i gcás gur féidir, roimh dháta an toghcháin nó an reifrinn.

5.   Ainmneoidh na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla pointe teagmhála don idirghníomhaíocht leis na húdaráis inniúla náisiúnta. Féadfaidh na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena gcáilítear mar mhicreaghnóthais, mar ghnóthais bheaga nó mar ghnóthais mheánmhéide faoi Airteagal 3(1), (2) agus (3) de Threoir 2013/34/AE duine nádúrtha seachtrach a cheapadh mar phointe teagmhála.

Airteagal 17

Faisnéis a tharchur chuig eintitis leasmhara eile

1.   Arna iarraidh sin d’eintitis leasmhara, déanfaidh na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis a cheanglaítear ar na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla sin a bheith acu de bhun Airteagail 9, 11 agus 12 a tharchur go pras agus saor in aisce, agus i gcás inar féidir go teicniúil é, i bhformáid mheaisín-inléite, chuig na heintitis sin.

2.   Maidir le heintitis leasmhara a iarrann tarchur na faisnéise de bhun mhír 1, beidh siad neamhspleách ar leasanna tráchtála agus rangófar faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas iad:

(a)

taighdeoirí grinnfhiosraithe i gcomhréir le hAirteagal 40(8) de Rialachán (AE) 2022/2065;

(b)

comhaltaí d’eagraíocht sochaí shibhialta a bhfuil sé de chuspóir reachtúil acu leas an phobail a chosaint agus a chur chun cinn, arb eagraíocht í atá údaraithe faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais;

(c)

gníomhaithe polaitiúla;

(d)

breathnóirí toghcháin náisiúnta nó idirnáisiúnta atá aitheanta i mBallstát; nó

(e)

iriseoirí.

3.   Tar éis iarraidh a fháil ó eintiteas leasmhar, déanfaidh an soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla a dhícheall an fhaisnéis a iarradh nó freagra réasúnaithe faoi mhír 5 a sholáthar a luaithe is féidir agus, ar a dhéanaí, laistigh de mhí amháin.

4.   Agus an fhaisnéis atá le soláthar de bhun mhír 1 á hullmhú, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla na méideanna ábhartha a chomhiomlánú nó iad a chur laistigh de raon, a mhéid is gá chun a leasanna tráchtála dlisteanacha a chosaint.

5.   I gcás inar follasach go bhfuil iarrataí de bhun mhír 1 doiléir, iomarcach nó go mbaineann siad le faisnéis nach bhfuil i seilbh sholáthraí na seirbhísí fógraíochta polaitiúla, féadfaidh an soláthraí sin diúltú an fhaisnéis a iarradh a sholáthar. I gcásanna den sórt sin, seolfaidh an soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla freagra réasúnaithe chuig an eintiteas leasmhar a bhfuil an iarraidh á déanamh aige mar aon le faisnéis faoi na féidearthachtaí maidir le sásamh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, iad siúd atá ann faoi Threoir (AE) 2020/1828.

6.   I gcás ina mbaineann costais shuntasacha le próiseáil na n-iarrataí de bhun mhír 1, d’fhéadfadh an soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla táille réasúnach agus chomhréireach a ghearradh, nach mó í, i gcás ar bith, ná na costais riaracháin a bhaineann le soláthar na faisnéise a iarradh.

7.   Is ar na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla a bheidh an dualgas a léiriú gur follasach go bhfuil iarraidh doiléir, iomarcach nó go mbaineann sí le faisnéis nach bhfuil ina seilbh acu, nó go mbaineann costais shuntasacha phróiseála le hiarrataí.

CAIBIDIL III

Spriocdhíriú agus seachadadh fógráin fógraíochta polaitiúla ar líne

Airteagal 18

Ceanglais shonracha maidir le teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúil ar líne

1.   Ní cheadófar teicnící spriocdhírithe ná teicnící seachadta fógráin a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúil ar líne ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

bhailigh an rialaitheoir na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí;

(b)

thug an t-ábhar sonraí toiliú sainráite de réir bhrí Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 do phróiseáil sonraí pearsanta ar leithligh chun críche fógraíochta polaitiúla; agus

(c)

ní bhaineann na teicnící sin le ‘próifíliú’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe 4, de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 3, pointe 5, de Rialachán (AE) 2018/1725 agus úsáid á baint as catagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725.

2.   I gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla, tá toirmeasc ar theicnící spriocdhírithe nó ar theicnící seachadta fógráin a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ábhair sonraí arb eol don rialaitheoir é nó í, le cinnteacht réasúnta, a bheith bliain amháin ar a laghad faoin aois vótála arna bunú leis na rialacha náisiúnta. Le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa mhír seo, ní chuirfear d’oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí pearsanta breise a phróiseáil chun a mheas an bhfuil an t-ábhar sonraí bliain amháin faoi bhun na haoise vótála.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cumarsáid aon pháirtí pholaitiúil, fondúireachta, comhlachais nó aon chomhlachta neamhbhrabúis eile, lena gcomhaltaí agus lena n-iarchomhaltaí ná le cumarsáidí, amhail nuachtlitreacha, atá nasctha lena ngníomhaíochtaí polaitiúla, fad is nach bhfuil na cumarsáidí sin bunaithe ach ar shonraí síntiúis amháin agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad teoranta go docht dá gcomhaltaí, dá n-iarchomhaltaí nó dá síntiúsóirí agus go bhfuil siad bunaithe ar shonraí pearsanta a chuireann siad ar fáil agus nach bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leo chun díriú ar na faighteoirí agus ar na teachtaireachtaí a fhaigheann siad nó chun iad a roghnú tuilleadh ar shlí eile.

4.   Chun críocha chur chun feidhme cheanglais Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 maidir le toiliú sainráite a thabhairt, agus é a tharraingt siar a luaithe a thabharfar é, áiritheoidh na rialaitheoirí an méid seo a leanas:

(a)

ní iarrtar ar an ábhar sonraí toiliú a thabhairt más rud é gur chuir sé nó sí in iúl cheana féin trí mhodhanna uathoibrithe nach dtoilíonn sé nó sí le próiseáil sonraí chun críocha fógraíochta polaitiúla, ach amháin má tá bonn cirt leis an iarraidh mar gheall ar athrú substaintiúil ar na himthosca;

(b)

ní mór rogha choibhéiseach a thairiscint don ábhar sonraí nach dtugann a thoiliú nó a toiliú maidir leis an tseirbhís ar líne a úsáid gan fógraíocht pholaitiúil a fháil.

Airteagal 19

Ceanglais bhreise trédhearcachta maidir le teicnící spriocdhírithe agus teicnící seachadta fógráin i gcomhthéacs na fógraíochta polaitiúla ar líne

1.   Agus teicnící spriocdhírithe nó teicnící seachadta fógráin in úsáid i gcomhthéacs fógraíocht pholaitiúil ar líne a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, comhlíonfaidh na rialaitheoirí na ceanglais seo a leanas, sa bhreis ar na ceanglais eile a leagtar síos sa Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725:

(a)

beartas inmheánach a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a chur ar fáil go poiblí ina dtugtar tuairisc shoiléir i dteanga shoiléir maidir le conas a úsáidtear na teicnící sin, agus coinneofar an beartas sin ar feadh tréimhse seacht mbliana ón uair dheiridh a úsáideadh na teicnící sin;

(b)

coinneofar taifid maidir le húsáid teicnící den sórt sin, na sásraí ábhartha agus na bparaiméadar a úsáideadh;

(c)

soláthrófar, in éineacht leis an léiriú gur fógrán polaitiúil é, an fhaisnéis bhreise is gá chun a chur ar chumas an duine aonair lena mbaineann tuiscint a fháil ar an loighic atá i gceist agus ar phríomhpharaiméadair na dteicnící a úsáideadh, lena n-áirítear ar úsáideadh córas intleachta saorga chun an fógrán polaitiúil a spriocdhíriú nó a sheachadadh agus aon teicnící anailíseacha breise, agus lena n-áirítear na gnéithe seo a leanas:

(i)

na grúpaí sonracha faighteoirí ar spriocdhíríodh orthu, lena n-áirítear na paraiméadair a úsáideadh chun na faighteoirí ar a scaiptear an fhógraíocht a chinneadh;

(ii)

catagóirí na sonraí pearsanta a úsáidtear le haghaidh na dteicnící spriocdhírithe nó na dteicnící seachadta fógráin;

(iii)

na spriocanna, na sásraí agus an loighic a bhaineann leis an spriocdhíriú, lena n-áirítear na paraiméadair iniaimh agus eisiaimh, agus na cúiseanna leis na paraiméadair sin a roghnú;

(iv)

faisnéis fhiúntach maidir le húsáid córas intleachta saorga i ndáil le spriocdhíriú nó seachadadh fógráin na fógraíochta polaitiúla;

(v)

tréimhse scaipthe an fhógráin pholaitiúil agus líon na ndaoine aonair a scaiptear an fógrán polaitiúil orthu;

(vi)

nasc leis an mbeartas dá dtagraítear i bpointe (a) nó léiriú soiléir ar an áit ar féidir é a fháil go héasca.

(d)

measúnú riosca bliantúil inmheánach a ullmhú ar úsáid teicnící spriocdhírithe nó teicnící seachadta fógráin maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha, a bhfuil torthaí an mheasúnaithe sin le cur ar fáil go poiblí;

(e)

tagairt a sholáthar, in éineacht leis an bhfógrán polaitiúil mura n-áirítear é san fhógra trédhearcachta a cheanglaítear faoi Airteagal 12(1) den Rialachán seo, do mhodhanna éifeachtacha chun tacú le daoine aonair a gcearta a fheidhmiú faoi Rialacháin (AE) 2016/679 nó (AE) 2018/1725, de réir mar is infheidhme, go háirithe, tagairt do chearta daoine aonair sonraí pearsanta a leasú nó toiliú a tharraingt siar de réir mar is infheidhme, lena n-áirítear nasc chuig comhéadan lena gceadaítear na cearta sin a fheidhmiú.

2.   I gcás nach ionann an rialaitheoir agus an foilsitheoir fógraíochta polaitiúla, áiritheoidh an rialaitheoir go gcuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (c) agus (e), in iúl don fhoilsitheoir fógraíochta polaitiúla, chun a chur ar chumas an fhoilsitheora fógraíochta polaitiúla a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo. Tarchuirfear an fhaisnéis ar bhealach tráthúil agus cruinn i gcomhréir leis an dea-chleachtas agus le caighdeáin an tionscadail, trí bhíthin próiseas uathoibrithe caighdeánaithe i gcás inar féidir é sin a dhéanamh go teicniúil.

3.   De réir mar is gá, déanfaidh soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla an fhaisnéis is gá chun míreanna 1 agus 2 a chomhlíonadh a tharchur chuig na rialaitheoirí.

4.   Faisnéis atá le soláthar i gcomhréir le mír 1, pointí (c) agus (e), agus míreanna 2 agus 3, cuirfear i láthair í i bhformáid sho-inrochtana, agus i gcás inarb indéanta go teicniúil, i bhformáid mheaisín-inléite, shofheicthe agus sho-úsáidte, lena n-áirítear trí theanga soiléir a úsáid.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an Rialachán seo a leasú trí phointí a chur leis an liosta pointí i mír 1 den Airteagal seo i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíocha, na gcleachtas sa mhargadh, an taighde eolaíoch ábhartha, agus i bhfianaise forbairtí ar an maoirseacht a dhéanann údaráis inniúla agus treoraíocht ábhartha arna heisiúint ag na comhlachtaí inniúla.

Airteagal 20

Faisnéis a bhaineann le spriocdhíriú nó seachadadh fógráin maidir le fógráin pholaitiúla ar líne a tharchur chuig eintitis leasmhara eile

Déanfaidh na rialaitheoirí bearta iomchuí chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19 a tharchur chuig na heintitis leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 17(2), arna iarraidh sin dóibh agus saor in aisce.

CAIBIDIL IV

Maoirseacht agus forfheidhmiú

Airteagal 21

Ionadaí dlíthiúil

1.   Maidir le soláthraí seirbhíse a sholáthraíonn seirbhísí fógraíochta polaitiúla san Aontas ach nach bhfuil bunaíocht aige san Aontas, déanfaidh sé duine nádúrtha nó duine dlítheanach a ainmniú, i scríbhinn, le bheith ina ionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit ina dtáirgeann an soláthraí sin a sheirbhísí.

Cláróidh an t-ionadaí dlíthiúil ainmnithe leis an údarás inniúil dá dtagraítear i mír 4 sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air nó uirthi nó ina bhfuil sé nó sí bunaithe. Chun na críche sin, cuirfidh na soláthraithe seirbhíse ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a n-ionadaí dhlíthiúil faoi bhráid an údaráis inniúil sin. Beidh an fhaisnéis a chuirfear isteach cruinn agus i bhformáid atá meaisín-inléite agus coimeádfar cothrom le dáta í.

2.   Beidh an t-ionadaí dlíthiúil freagrach as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a áirithiú agus, gan dochar do dhliteanas an tsoláthraí seirbhíse agus d’aon imeachtaí dlíthiúla a d’fhéadfaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne, féadfar é nó í a chur faoi dhliteanas i leith aon neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo. Is é nó í an t-ionadaí dlíthiúil an seolaí ar chuige nó chuici a sheolfar gach cumarsáid leis an soláthraí seirbhíse ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Measfar gur cumarsáid leis an soláthraí seirbhíse a ndéantar ionadaíocht air í aon chumarsáid leis an ionadaí dlíthiúil sin.

3.   Soláthróidh na soláthraithe seirbhísí na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha dá n-ionadaí dlí chun a ráthú go mbeidh comhar éifeachtúil tráthúil leis na húdaráis inniúla náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar a gcinntí.

4.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil náisiúnta amháin a bheidh freagrach as cláir ar líne a bheidh ar fáil go poiblí agus meaisín-inléite de na hionadaithe dlíthiúla uile atá cláraithe ar a gcríoch a choinneáil ar fáil go poiblí faoin Rialachán seo. Áiritheoidh an t-údarás inniúil náisiúnta go mbeidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin agus go mbeidh sí iomlán agus go ndéanfar í a nuashonrú go rialta. Cuirfidh na Ballstáit na naisc chuig na suíomhanna gréasáin ábhartha ar fáil don Choimisiún.

5.   Déanfaidh an Coimisiún tairseach a bheidh ar fáil go poiblí a bhunú agus a chothabháil, ar tairseach í lena nascfar leis na suíomhanna gréasáin a chuirfidh na Ballstáit ar fáil de bhun mhír 4.

Airteagal 22

Na húdaráis inniúla agus pointí teagmhála

1.   Na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 nó an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2018/1725, beidh siad inniúil chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Airteagail 18 agus 19 den Rialachán seo ina réimse inniúlachta féin faoi seach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2018/1725. Beidh feidhm ag Caibidil VII de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le gníomhaíochtaí a chumhdaítear faoi Airteagail 18 agus 19 den Rialachán seo.

2.   Ullmhóidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2016/679, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Choimisiún, treoirlínte chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/679 agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.

3.   Ainmneoidh na Ballstáit údaráis inniúla chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 7 go 17 agus 21 den Rialachán seo, i gcás inarb infheidhme. Féadfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear faoi Rialachán (AE) 2022/2065 a bheith ar cheann de na húdaráis inniúla a ainmnítear chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 7 go 17 agus 21 den Rialachán seo ag idirghabhálaithe ar líne freisin. An Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha i ngach Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2022/2065, is é a bheidh freagrach as an gcomhordú a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta i leith soláthraithe ‘seirbhísí idirghabhálacha’ mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/2065. Beidh feidhm ag Airteagal 49, 58(1) go (4) agus Airteagal 60(1) de Rialachán (AE) 2022/2065 i dtaca le cúrsaí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2022/2065 a mhéid a bhaineann le cumhachtaí na n-údarás inniúil arna n-ainmniú faoin mír seo.

4.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as na gnéithe den Rialachán seo nach dtagraítear dóibh i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Féadfaidh na húdaráis inniúla sin a bheith éagsúil ó na húdaráis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo agus féadfaidh siad a bheith mar an gcéanna leo siúd dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2010/13/AE. Ó thaobh struchtúir de, beidh gach údarás inniúil a ainmnítear faoin mír seo iomlán neamhspleách ar an earnáil agus ar aon idirghabháil sheachtrach nó brú polaitiúil araon. Ag gníomhú dó go hiomlán neamhspleách, déanfaidh sé faireachán éifeachtach agus déanfaidh sé na bearta is gá agus atá comhréireach chun maoirseacht, comhlíonadh agus forfheidmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú.

5.   Maidir leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 4, agus a gcúraimí á bhfeidhmiú acu i ndáil leis an Rialachán seo, beidh sé de chumhacht acu an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

rochtain a iarraidh ar shonraí, ar dhoiciméid nó ar aon fhaisnéis is gá, go háirithe ón urraitheoir nó ó sholáthraithe na seirbhísí fógraíochta polaitiúla lena mbaineann, nach n-úsáidfidh na húdaráis inniúla ach amháin chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus cosaint faisnéise rúnda;

(b)

fógraí rabhaidh a thabhairt a dhíreofar chuig soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla maidir le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo;

(c)

a ordú go scoirfear de na sáruithe agus a cheangal ar urraitheoirí nó ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla na bearta is gá a dhéanamh chun an Rialachán seo a chomhlíonadh;

(d)

fíneálacha nó pionóis airgeadais nó bearta eile airgeadais a fhorchur nó a iarraidh ar údarás breithiúnach fíneálacha nó pionóis airgeadais nó bearta eile airgeadais a fhorchur de réir mar is iomchuí;

(e)

i gcás inarb iomchuí, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur, nó a iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát déanamh amhlaidh;

(f)

i gcás inarb iomchuí, leigheasanna a fhorchur atá comhréireach leis an sárú agus atá riachtanach chun deireadh éifeachtach a chur leis an sárú nó chun a iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát déanamh amhlaidh;

(g)

ráiteas a fhoilsiú lena sainaithnítear an duine dlítheanach agus nádúrtha nó na daoine dlítheanacha agus nádúrtha atá freagrach as an sárú ar oibleagáid a leagtar síos sa Rialachán seo agus cineál an tsáraithe sin;

(h)

iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh, nó iarraidh ar údarás breithiúnach iniúchtaí ar an láthair a ordú nó a údarú, ar aon áitreabh a úsáideann soláthraithe seirbhisí fógraíochta polaitiúla chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, lena ngnó, lena gceird nó lena ngairm, nó a iarraidh ar údaráis phoiblí eile é sin a dhéanamh, chun cóipeanna nó sleachta d’fhaisnéis i bhfoirm ar bith a scrúdú, a urghabháil, a thógáil nó a fháil, gan beann ar an meán stórála.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní uile is gá ag na húdaráis náisiúnta inniúla chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo, lena n-áirítear acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leordhóthanacha chun maoirseacht leormhaith a dhéanamh ar chomhlíonadh urraitheoirí agus soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla, laistigh dá n-inniúlacht faoin Rialachán seo.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhar agus comhordú éifeachtach agus struchtúrtha ann ar an leibhéal náisiúnta i measc na n-údarás ábhartha uile dá dtagraítear i míreanna 1 go 4, chun malartú faisnéise tapa slán a éascú maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú a gcúraimí agus a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear trí fhógra a thabhairt faoi sháruithe a bhraitear atá ábhartha d’údaráis eile, torthaí agus saineolas a chomhroinnt, agus teagmháil a dhéanamh lena chéile maidir le rialacha ábhartha a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

8.   Tiocfaidh na pointí teagmhála náisiúnta arna n-ainmniú ag na Ballstáit de bhun an dara fomhír de mhír 9 le chéile go tréimhsiúil ar leibhéal an Aontais i líonra na bpointí teagmhála náisiúnta. Feidhmeoidh an líonra de phointí teagmhála náisiúnta mar ardán le haghaidh malartú rialta faisnéise, dea-chleachtas agus comhar struchtúrtha idir pointí teagmhála náisiúnta agus an Coimisiún maidir le gach gné den Rialachán seo. Go háirithe, éascóidh líonra na bpointí teagmhála náisiúnta an comhar ar leibhéal an Aontais maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo agus éascóidh sé, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, treoirlínte a ullmhú chun tacú leis na hurraitheoirí agus leis na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Tiocfaidh an líonra de phointí teagmhála náisiúnta le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad agus, i gcás inar gá, ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó Bhallstát. Oibreoidh sé i ndlúthchomhar leis an Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin, le Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc agus le líonraí nó comhlachtaí ábhartha eile, chun malartú tapa slán faisnéise a éascú maidir le saincheisteanna a bhaineann le maoirseacht agus forfheidhmiú an Rialacháin seo. Glacfaidh an Coimisiún páirt i gcruinnithe an líonra de phointí teagmhála náisiúnta agus tabharfaidh sé tacaíocht riaracháin.

9.   I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, áiritheoidh sé go saineofar go soiléir cúraimí faoi seach na n-údarás sin agus go gcomhoibreoidh siad go dlúth agus go héifeachtach agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu.

Ainmneoidh gach Ballstát aon údarás inniúil amháin mar phointe teagmhála náisiúnta ar leibhéal an Aontais chun críocha ghnéithe uile an Rialacháin seo.

Tacóidh na pointí teagmhála náisiúnta le comhar éifeachtach idir údaráis inniúla náisiúnta agus le pointí teagmhála náisiúnta na mBallstát eile agus éascóidh siad an comhar sin. Cuirfidh na Ballstáit sonraí teagmhála a bpointí teagmhála náisiúnta ar fáil go poiblí. I gcás inarb ábhartha, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann ainm na n-údarás inniúil eile agus a gcúraimí faoi seach in iúl don líonra de phointí teagmhála náisiúnta.

Airteagal 23

Comhar trasteorann

1.   Maidir leis an Rialachán seo a bheith á chomhlíonadh ag na soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla agus ag na hurraitheoirí, beidh sé sin faoi réir inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil a bhunaíocht ag an soláthraí. I gcás ina bhfuil an soláthraí bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, measfar é a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige.

2.   Gan dochar d’Airteagal 22(1) agus (2) agus do mhír 1 den Airteagal seo, rachaidh údarás inniúil nó údaráis inniúla na mBallstát uile i gcomhar le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh dá chéile de réir mar is gá.

3.   Ar iarraidh a bhfuil údar léi a fháil ó údarás inniúil eile, déanfaidh údarás inniúil cúnamh a sholáthar don údarás inniúil eile sin, gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dó an iarraidh a fháil, ionas gur féidir na bearta maoirseachta nó forfheidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(5) a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus comhsheasmhach. Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ar fhaisnéis ó údarás inniúil Ballstáit eile, soláthróidh údarás inniúil, trí na pointí teagmhála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(9), an fhaisnéis a theastaíonn don údarás inniúil eile sin gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis dó an iarraidh a fháil. Féadfar síneadh aon mhí amháin a chur leis an sprioc-am sin i gcásanna ina dteastaíonn imscrúdú breise nó faisnéis a fháil ó níos mó ná údarás inniúil amháin.

4.   I gcás ina bhfuil cúis amhrais ag údarás inniúil náisiúnta de chuid Ballstáit gur sáraíodh an Rialachán seo ina chríoch, tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil phríomhbhunaíocht an tsoláthraí agus iarrfaidh sé air, i gcás inarb iomchuí, measúnú a dhéanamh ar an ábhar agus na bearta imscrúdaithe agus forfheidhmithe is gá dá dtagraítear i mír 7 seo a dhéanamh.

5.   Tabharfar bunús le fógra de bhun mhír 4, beidh réasúnú cuí leis agus beidh sé comhréireach agus léireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:

(a)

an fhaisnéis lenar féidir an t-urraitheoir nó an soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla a shainaithint;

(b)

tuairisc ar na fíorais ábhartha, ar fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo agus ar na cúiseanna a bhfuil drochamhras ar an údarás inniúil a thugann fógra go bhfuil sárú á dhéanamh ar an Rialachán seo, lena n-áirítear, de réir mar is ábhartha, tuairisc ar na himthosca lenar féidir measúnú a dhéanamh ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 25(4);

(c)

faisnéis maidir leis an áit ar féidir an fógrán polaitiúil ábhartha nó cóip de a aisghabháil;

(d)

aon fhaisnéis eile a mheasann an t-údarás inniúil a thugann fógra a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a bailíodh ar a thionscnamh féin.

6.   I gcás nach bhfuil dóthain faisnéise ag údarás inniúil na príomhbhunaíochta chun gníomhú ar fhógra arna fháil de bhun mhír 4, féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh ar an údarás inniúil a thug an fógra. Nuair a gheobhaidh sé iarraidh den sórt sin, cuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis a iarradh ar fáil gan moill mhíchuí.

Cuirfear an tréimhse ama a leagtar síos i mír 7 ar fionraí go dtí go gcuirfear an fhaisnéis bhreise sin ar fáil.

7.   Déanfaidh údarás inniúil na príomhbhunaíochta, gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dó an fógra dá dtagraítear i mír 4 a fháil nó, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 a fháil, a chur in iúl don údarás inniúil a thug an fógra agus do líonra na bpointí teagmhála náisiúnta a mheasúnú maidir leis an sárú amhrasta agus faisnéis faoi na bearta imscrúdúcháin nó forfheidhmiúcháin a glacadh, nó a bheartaítear a ghlacadh, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

8.   I gcás ina mbaineann an t-imscrúdú ar an sárú líomhnaithe le soláthar seirbhísí fógraíochta polaitiúla i mBallstát amháin nó níos mó nach bhfuil a phríomhbhunaíocht ag an soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla ann, féadfaidh údarás inniúil na príomhbhunaíochta imscrúdú comhpháirteach a sheoladh agus a stiúradh le rannpháirtíocht údarás inniúil nó údaráis inniúla na mBallstát sin:

(a)

ar a thionscnamh féin agus tar éis comhaontú a fháil ón údarás inniúil nó ó na húdaráis inniúla a ndearnadh iarraidh orthu; nó

(b)

tar éis iarraidh a fháil ó údarás inniúil eile, nó ó údaráis inniúla eile, bunaithe ar a amhras réasúnach gur sháraigh na seirbhísí fógraíochta polaitiúla arna ndéanamh ag soláthraí seirbhísí fógraíochta polaitiúla atá bunaithe i mBallstát na príomhbhunaíochta an Rialachán seo nó go ndearna siad difear substaintiúil do dhaoine aonair i gcríoch an údaráis inniúil nó na n-údarás inniúil a dhéanann an iarraidh.

9.   Chun críocha mhír 8, an t-údarás inniúil a bhfuil iarraidh á déanamh aige go seolfar imscrúdú comhpháirteach, soláthróidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 don údarás inniúil eile nó do na húdaráis inniúla eile. Má chinneann údarás inniúil gan a bheith rannpháirteach in imscrúdú comhpháirteach, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe ina thaobh sin don údarás inniúil eile nó do na húdaráis inniúla eile.

10.   Agus imscrúdú comhpháirteach á dhéanamh acu, comhoibreoidh na húdaráis inniúla de mheon macánta, agus feidhmeoidh siad a gcumhachtaí imscrúdaitheacha, de réir mar is gá chun an sárú líomhnaithe a imscrúdú. Na húdaráis inniúla a mbeidh imscrúdú comhpháirteach á dhéanamh acu, cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoi aon bheart forfheidhmiúcháin ábhartha a thionscnaíonn siad nó a bheartaíonn siad a thionscnamh.

Airteagal 24

Ceart chun gearán a dhéanamh

Gan dochar do nósanna imeachta eile riaracháin nó do leigheasanna breithiúnacha eile, tabharfaidh na húdaráis inniúla aghaidh go cuí ar gach fógra faoi sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar an Rialachán seo agus, arna iarraidh sin, cuirfidh siad an duine nó an t-eintiteas a thug an fógra faoin mbeart leantach ar an eolas. Le linn na míosa deiridh roimh thoghcháin nó reifrinn, tabharfar aghaidh gan moill mhíchuí ar aon fhógra a gheofar a bhaineann leis na toghcháin nó leis na reifrinn sin.

Déanfaidh na húdaráis inniúla gearáin a thagann faoi inniúlacht údaráis inniúil eile i mBallstát eile a tharchur gan moill mhíchuí chuig an údarás inniúil sin.

Airteagal 25

Smachtbhannaí

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le smachtbhannaí nó bearta eile de réir mar is gá atá infheidhme maidir le hurraitheoirí nó soláthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla i gcás sáruithe ar Airteagail 5 go 17, 20 agus 21 agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad go tráthúil.

Beidh na smachtbhannaí dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Agus na rialacha maidir le smachtbhannaí á leagan amach acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na rialacha lena rialaítear saoirse an phreasa agus saoirse cainte i meáin eile agus na rialacha nó na cóid lena rialaítear gairm na hiriseoireachta.

2.   Beidh uasmhéid na bpionós airgeadais a fhéadfar a fhorchur bunaithe ar acmhainneacht eacnamaíoch an eintitis atá faoi réir smachtbhannaí, arb é a bheidh ann:

(a)

6 % d’ioncam bliantúil nó de bhuiséad bliantúil an urraitheora nó sholáthraí na seirbhísí fógraíochta polaitiúla de réir mar is infheidhme agus cibé acu is airde; nó

(b)

6 % de láimhdeachas domhanda bliantúil an urraitheora nó sholáthraí na seirbhísí fógraíochta polaitiúla sa bhliain airgeadais roimhe sin.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 10 Eanáir 2026, fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasuithe ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

4.   Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le cineál agus leibhéal an smachtbhanna i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí ar na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:

(a)

cineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe;

(b)

cineál an tsáraithe a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí;

(c)

aon ghníomhaíocht a rinneadh chun aon damáiste a mhaolú;

(d)

aon sárú ábhartha roimhe seo agus aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis;

(e)

an méid comhair leis an údarás inniúil; agus

(f)

méid agus acmhainneacht eacnamaíoch an eintitis atá faoi réir smachtbhannaí, i gcás inarb infheidhme.

5.   Measfar gur an-tromchúiseach iad go háirithe sáruithe ar Airteagail 5, 7, 11, 12, 13, 15, 16 agus 18 i gcás ina mbaineann siad le fógraíocht pholaitiúil a foilsíodh nó a scaipeadh le linn na míosa deiridh roimh thoghchán nó reifreann agus í dírithe ar shaoránaigh sa Bhallstát ina bhfuil an toghchán nó an reifreann ábhartha á eagrú. Féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur freisin chun iallach a chur ar urraitheoirí, ar sholáthraithe seirbhísí fógraíochta polaitiúla agus ar fhoilsitheoirí fógraíochta polaitiúla deireadh a chur le sárú tromchúiseach agus athshárú ar an Rialachán seo.

6.   Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 18 agus 19 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679, laistigh dá n-inniúlacht, fíneálacha a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) 2016/679 agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.

7.   Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 18 agus 19 den Rialachán seo, féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2018/1725, laistigh dá inniúlacht, fíneálacha a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 66(3) den Rialachán sin.

8.   Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na smachtbhannaí arna bhforchur chun forálacha an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú, go háirithe maidir leis an gcineál smachtbhannaí a chuirfear i bhfeidhm agus méid na bhfíneálacha agus na bpionós airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin san áireamh agus an tuarascáil a cheanglaítear faoi Airteagal 27 á tarraingt suas aige.

Airteagal 26

Foilsiú dátaí toghchán agus reifreann

1.   Foilseoidh na Ballstáit dátaí a dtoghchán agus a reifreann agus, i gcás inarb infheidhme, dátaí a dtréimhsí toghcháin, in áit a bhfuil rochtain éasca uirthi, agus le tagairt iomchuí don Rialachán seo.

2.   Cuirfidh an Coimisiún tairseach ar fáil trína soláthróidh na Ballstáit, díreach tar éis fógra a thabhairt, dátaí a dtoghchán, a reifreann agus, i gcás inarb infheidhme, a dtréimhsí toghcháin. Cuirfear an tairseach sin ar fáil go poiblí.

CAIBIDIL V

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 27

Meastóireacht agus athbhreithniú

Laistigh de 2 bhliain tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil don phobal agus déanfar measúnú inti ar an ngá le leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

raon feidhme an Rialacháin seo agus an sainmhíniú ar fhógraíocht pholaitiúil in Airteagal 3, pointe 2;

(b)

a éifeachtaí atá an Rialachán seo maidir le modhanna sonracha fógraíochta polaitiúla;

(c)

éifeachtacht na mbeart trédhearcachta, go háirithe an dearbhú agus na sásraí chun cineál polaitiúil seirbhíse fógraíochta nó fógráin dá bhforáiltear in Airteagail 7 agus 8 a shainaithint;

(d)

éifeachtacht na rialacha lena gcuirtear srian ar phróiseáil sonraí pearsanta chun críocha na dteicnící spriocdhírithe agus na dteicnící seachadta fógráin;

(e)

éifeachtacht an struchtúir maoirseachta agus forfheidhmithe, chomh maith le cineál agus méid na smachtbhannaí arna bhforchur ag na Ballstáit;

(f)

tionchar an Rialacháin seo ar ghníomhaithe meán atá cáilithe faoi Airteagal 3, (1), (2) agus (3) de Threoir 2013/34/AE mar mhicreaghnóthais, mar ghnóthais bheaga agus mar ghnóthais mheánmhéide;

(g)

éifeachtacht an Rialacháin seo i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta, eolaíocha agus eile;

(h)

an chaoi a n-idirghníomhaíonn an Rialachán seo le gníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(3);

(i)

an dul chun cinn atá déanta maidir leis an stór Eorpach a bhunú agus maidir lena fheidhmiú ina dhiaidh sin.

Airteagal 28

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12(6) agus Airteagal 19(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 4 bliana amhail ón 9 Aibreán 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(6) agus in Airteagal 19(5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12(6) nó Airteagal 19(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 29

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 30

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 10 Deireadh Fómhair 2025. Mar sin féin, laistigh de raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 5(1) amhail ón dáta theacht i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Márta 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 275, 18.7.2022, lch. 66.

(2)   IO C 301, 5.8.2022, lch. 102.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2024.

(4)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(5)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO L 317, 4.11.2014, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(9)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(10)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 4 Iúil 2023, Meta Platforms and Others (Conditions générales d’utilisation d’un réseau social), C-252/21, ECLI:EU:C:2023:537.

(11)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin sna Ballstáit maidir le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (an Treoir um Sheirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(12)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(14)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(15)  Treoir 2002/58/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(16)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoracha 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(17)  Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 a bhaineann le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 21).

(18)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(19)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(20)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(21)   IO C 145, 1.4.2022, lch. 12.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top