EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1496

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1496 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

IO L 183I, 20.7.2023, p. 15–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1496/oj

20.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 183/15


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1496 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (1) nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 23 Márta 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go gcáineann sí go géar cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe. D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach freisin go bhfuil an tAontas tiomanta i gcónaí an brú comhchoiteann a choinneáil ar an Rúis agus é a mhéadú, lena n-áirítear, b’fhéidir, trí bhearta sriantacha breise a thabhairt isteach.

(4)

Tá tacaíocht mhíleata á tabhairt ag an Iaráin do chogadh foghach na Rúise i gcoinne Úcráin, ar cogadh gan chúis, gan údar é. I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart cúigear daoine aonair a raibh atá bainteach le forbairt agus seachadadh Aerárthaí Gan Foireann chuig an Rúis a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

‘Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar Chúiseanna

Dáta an liostaithe

1573.

Hamid Reza SHARIFI TEHRANI

حمید رضا شریفی تهرانی

ar a dtugtar freisin Hamidreza SHARIFI TEHRANI

Feidhm: Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Qods Aviation Industries

Dáta breithe: 6.7.1974

Áit bhreithe: an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Tá Hamidreza Sharifi-Tehrani ar dhuine de phríomhchomhaltaí Bhord Stiúrthóirí Qods Aviation Industries (QAI), eintiteas atá ag díol dróin Mohajer-6 leis an Rúis chun go n-úsáidfí iad i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Agus an ról sin aige, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

20.7.2023

1574.

Ali Reza TANGSIRI

علیرضا تنگسیری

Feidhm: Ceannasaí Chabhlach IRGC agus cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Paravar Pars Company agus comhalta dá Bhord

Dáta breithe: 27.8.1963

Áit bhreithe: Arvandkenar, An Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Is é Ali Reza Tangsiri ceannasaí Chabhlach IRGC agus cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Paravar Pars Company agus is comhalta é dá Bhord; tháirg Paravar Pars Company Aerárthaí Gan Foireann do IRGC Aerospace Force (IRGC AF) agus tá tástálacha déanta aige ar Aerárthaí Gan Foireann do Chabhlach IRGC. Go háirithe, bhí baint ag Paravar Pars Company le taighde, forbairt agus táirgeadh Aerárthach Gan Foireann Shahed-171 na hIaráine, arna fhorbairt ag IRGC AF. Tá Aerárthaí Gan Foireann Shahed-171 arna dtáirgeadh san Iaráin á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Agus an ról sin aige, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

20.7.2023

1575.

Mohsen ASADI

محسن اسدی

Feidhm: Comhalta de Bhord Paravar Pars Company

Dáta breithe: 16.9.1971

Áit bhreithe: Kerman, an Iaráin

Inscne: fireann

Is comhalta é Mohsen Asadi de Bhord Paravar Pars Company, a tháirg Aerárthaí Gan Foireann do IRGC Aerospace Force (IRGC AF) agus tá tástálacha déanta aige ar Aerárthaí Gan Foireann do Chabhlach IRGC. Go háirithe, bhí baint ag Paravar Pars Company le taighde, forbairt agus táirgeadh Aerárthach Gan Foireann Shahed-171 na hIaráine, arna fhorbairt ag IRGC AF. Tá Aerárthaí Gan Foireann Shahed-171 arna dtáirgeadh san Iaráin á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Agus an ról sin aige, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

20.7.2023

1576.

Mohammad Reza MOHAMMADI

محمد رضا محمدی

Feidhm: Comhalta de Bhord Paravar Pars Company

Dáta breithe: 16.4.1971

Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Is comhalta é Mohammad Reza Mohammadi de Bhord Paravar Pars Company, a thairg Aerárthaí Gan Foireann do IRGC Aerospace Force (IRGC AF) agus tá tástálacha déanta aige ar Aerárthaí Gan Foireann do Chabhlach IRGC. Go háirithe, bhí baint ag Paravar Pars Company le taighde, forbairt agus táirgeadh Aerárthach Gan Foireann Shahed-171 na hIaráine, arna fhorbairt ag IRGC AF. Tá Aerárthaí Gan Foireann Shahed-171 arna dtáirgeadh san Iaráin á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Agus an ról sin aige, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

20.7.2023

1577.

Mohammad Sadegh Heidari MOUSA

محمد صادق حیدری موسی

Feidhm: Comhalta de bhord Paravar Pars Company

Dáta breithe: 24.9.1977

Áit bhreithe: Shahrebabak, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Is comhalta é Mohammad Sadegh Heidari Mousa de Bhord Paravar Pars Company, a tháirg Aerárthaí Gan Foireann do IRGC Aerospace Force (IRGC AF) agus tá tástálacha déanta aige ar Aerárthaí Gan Foireann do IRGC. Go háirithe, bhí baint ag Paravar Pars Company le taighde, forbairt agus táirgeadh Aerárthach Gan Foireann Shahed-171 na hIaráine, arna fhorbairt ag IRGC AF. Tá Aerárthaí Gan Foireann Shahed-171 arna dtáirgeadh san Iaráin á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Agus an ról sin aige, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.

20.7.2023’


Top